1 1954


Uimhir 1 (Priobháideach) de 1954.


ACHT OSPIDÉIL SIR PATRICK DUN, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO CHUR TÓRANN LE DLITEANAS PEARSANTA COMHALTAÍ BHORD RIALTÓIRÍ OSPIDÉIL SIR PATRICK DUN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [7ú Aibreán, 1954.]

Brolach

DE BHRÍ, faoi fhorála Achta a ritheadh i bParlaimint na hÉireann sa dachadú bliain de réimeas Rí Seoirse a Trí, Caibidil Ochtó a Ceathair, gur dílsíodh Rialtas Ospidéil Sir Patrick Dun i mBord arna chomhdhéanamh de Chuairteoirí an Choláiste ar a dtugtar anois Coláiste Ríoga Leá na hÉireann, d'Uachtarán, Leas-Uachtarán agus Cinsirí an Choláiste sin, de Phrofast Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath, agus de dhá dhuine dhéag eile a bhí le roghnú agus le toghadh ag na Rialtóirí sin as na daoine a bheadh ina síntiúsairí i leith tógála nó cothabhála an Ospidéil sin.

AGUS DE BHRÍ go dtuigtear comhaltaí an Bhoird Rialtóirí sin a bheith, i gcomhpháirt agus go leithleach, faoi dhliteanas pearsanta i leith na bhfiach agus na ndliteanas eile faoina ngabhfadh an tOspidéal sin nó faoina ngabhfaí thar a cheann i rith an ama a ghníomhóidís mar Rialtóirí.

AGUS DE BHRÍ le roinnt bhlianta anuas go raibh an t-airgead a fuair an Bord Rialtóirí sin thar ceann an Ospidéil sin neamhdhóthaineach faoi chomhair an chaiteachais faoina ndeachthas ag cothabháil an Ospidéil sin, agus dá chionn sin go ndeachthas ó am go ham faoi dhliteanas substainteach ag Bancaeirí an Ospidéil.

AGUS DE BHRÍ go bhfuil baol ann go méadóidh ar fhiachas an Ospidéil sin ó am go ham agus go mbeidh an mhaoin agus na sócmhainní de chuid an Ospidéil sin atá faoi rialú an Bhoird Rialtóirí sin neamhdhóthaineach faoi chomhair dliteanas an Ospidéil sin.

AGUS DE BHRÍ mar gheall ar na nithe réamhráite go bhfuil cuid de chomhaltaí an Bhoird Rialtóirí tar éis éirí, agus go bhfuil cuid eile tar éis a chur in iúl go bhfuil ar intinn acu éirí, as an oifig mar Rialtóirí agus nach féidir agus nach bhféadfar na folúntais dá dheasca sin ar an mBord Rialtóirí a líonadh, rud dá dtiocfaidh nach bhféadfar leanúint de bhainistí an Ospidéil sin.

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go saorfaí comhaltaí Bhord Rialtóirí an Ospidéil sin ó aon dliteanas pearsanta i leith na bhfiach agus na ndliteanas eile faoinar ghabh nó faoina ngabhfaidh an tOspidéal sin nó faoinar gabhadh nó faoina ngabhfar thar a cheann.

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go ndéanfaí socruithe eile mar atá san Acht seo.

AGUS DE BHRÍ nach féidir éifeacht a thabhairt do na críocha réamhráite gan údarás an Oireachtais.

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:

An tOspidéal.

Ciallaíonn an abairt “an tOspidéal” an foras ar a dtugtar Ospidéal Sir Patrick Dun agus na tailte, na hoidhreachtáin, na foirgintí agus na háitribh a ghabhas leis.

An Príomh-Acht.

Ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht a ritheadh i bParlaimint na hÉireann sa dachadú bliain de réimeas Rí Seoirse a Trí, Caibidil Ochtó a Ceathair.

An Bord Rialtóirí.

Ciallaíonn an abairt “an Bord Rialtóirí” Rialtóirí Ospidéal Sir Patrick Dun de thuras na huaire agus folaíonn sí na daoine go léir a ceapadh ina Rialtóirí ex officio leis an bPríomh-Acht.

Dliteanas i leith fiach an Bhoird Rialtóirí.

2. —O dháta an Achta seo a rith agus dá éis sin ní breithneofar aon chomhalta den Bhord Rialtóirí, pé acu iar-chomhalta nó comhalta láithreach é, a bheith faoi dhliteanas pearsanta i leith aon fhéich nó dliteanais eile faoinar ghabh nó faoina ngabhfaidh an Bord Rialtóirí nó faoinar gabhadh nó faoina ngabhfar thar ceann agus le ceadú an Bhoird Rialtóirí agus ar mhaithe leis an ospidéal nó i leith a rite, a choimeádta i dtreo, a chothabhála nó a riartha.

Méid dliteanais an Bhoird Rialtóirí.

3. —Ní bheidh réim ag dliteanas an Bhoird Rialtóirí i leith na bhfiach nó na ndliteanas eile a luaitear san alt deiridh roimhe seo ach amháin maidir leis na cistí ginearálta agus na sócmhainní eile de chuid an Ospidéil a bheas ar láimh nó faoina rialú ag an mBord Rialtóirí nó ag aon Iontaobhaí nó Iontaobhaithe a bheas ceaptha ag an mBord Rialtóirí.

Coláiste Ríoga Leá na hÉireann agus Eastát Sir Patrick Dun.

4. —Ní measfar go gcuireann aon ní anseo aon dliteanas ar Choláiste Ríoga Leá na hÉireann ná ar eastát Sir Patrick Dun, nach maireann, i leith aon fhéich nó dliteanais eile (pé acu leachtaithe dhó nó nach ea) a mbeidh an Bord Rialtóirí tar éis gabháil faoi.

Costais an Achta.

5. —Íocfaidh an Bord Rialtóirí as na cistí de chuid an Ospidéil atá ar láimh nó faoina rialú aige na costais na muirir agus na caiteachais faoinar gabhadh roimh ré chun an tAcht seo d'ullmhú, d'fháil agus a rith agus a bhain agus a ghabh lena ullmhú, lena fháil agus lena rith.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar Acht Ospidéil Sir Patrick Dun, 1954 , a ghairm den Acht seo.