1 1970


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1970


AN tACHT UM CHOISTE REILIGÍ BHAILE ÁTHA CLIATH, 1970

[An tiontú oifigiúil.]


ACHT DO BHUNÚ COMHLACHT CORPRAITHE CHUN NA FEIDHMEANNA A GHABHÁIL DE LÁIMH AGUS A CHUR I gCRÍCH ATÁ GAFA DE LÁIMH AGUS A gCUR I gCRÍCH FAOI LÁTHAIR AG AN “DUBLIN CEMETERIES COMMITTEE” AGUS DO MHÉADÚ AGUS DO LEATHNÚ NA bhFEIDHMEANNA SIN. [2 Lúnasa, 1970.]

Réamhrá.

DE BHRÍ go ndearnadh le hAcht a ritheadh sa Seisiún Parlaiminte a tionóladh sa naoú agus sa deichiú bliain den Bhanríon Victoria Caib. ccclxi dar teideal “An Act for the maintenance of the Cemeteries at Golden Bridge and Prospect in the County of Dublin and to create a perpetual Succession in the governing Body or Committee for managing the same” (dá ngairtear “Acht 1846” anseo feasta) daoine áirithe atá ainmnithe ansin agus a gcomharbaí a chomhdéanamh ina gCoiste nó ina gComhlacht Rialúcháin faoin ainm agus faoin teideal “Dublin Cemeteries Committee” (dá ngairtear “Coiste 1846” anseo ina dhiaidh seo) chun Reiligí agus tailte Adhlactha poiblí áirithe a bunaíodh ag an Droichead Órga i bParóiste Shan Séam agus ag an Radharc Glas Naoidhean i bParóiste Ghlas Naoidhean agus i gContae (anois i gContae-Bhuirg) Bhaile Átha Cliath (dá ngairtear ‘Na Sean-Reiligí’ anseo ina dhiaidh seo) agus cumhacht acu chun na Tailte Adhlactha nó na Reiligí, na tailte, na foirgnimh agus na hoidhreachtáin sin ag an Droichead Órga agus an Radharc a dúradh a theachtadh chucu féin agus a gcomharbaí agus a sannaithe gan aon phionóis ná forghéilleadh a thabhú.

AGUS DE BHRÍ go bhfuair Coiste 1846 tailte breise ó am go ham i bParóiste Ghlas Naoidhean úd a dúradh lena n-úsáid mar Reilig nó mar Thalamh Adhlactha nó lena n-úsáid i dteannta na Sean-Reiligí ar tailte breise iad mar aon leis na Sean-Reiligí dá ngairtear anseo feasta “Na Reiligí Láithreacha”.

AGUS DE BHRÍ go bhfuil amhras tar éis tarlú maidir le cineál agus comhdhéanamh Choiste 1846 agus maidir lena chumhacht chun saoráidí adhlactha a fháil agus a sholáthar i gContae agus i gContae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath in áit seachas i bParóiste Ghlas Naoidhean a dúradh chun talamh a cheannach nó a dhiúscairt, agus chun airgead barrachais a infheistiú nó chun déileáil le hairgead den sórt sin.

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé foirstineach deireadh a chur leis an amhras sin.

AGUS DE BHRÍ nach féidir na críocha a dúradh a chur i gcrích gan údarás an Oireachtais.

ACHTAÍTEAR AR AN ÁBHAR SIN AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Teideal.

1. —Féadfar an tAcht um Choiste Reiligí Bhaile Átha Cliath, 1970 , a ghairm den Acht seo chun gach críche.

Míniú.

2. —San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéasc a mhalairt ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisineiri na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn.

Ainm an Choiste.

3. —(1) Déanfar de bhua an ailt seo Coiste ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairfear “Coiste Reiligí Bhaile Átha Cliath” a bhunú an lá bunaithe.

(2) Beidh Coiste Reiligí Bhaile Átha Cliath (dá ngairtear “an Coiste” anseo feasta) in a chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird bhreithiúnach) agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoin ainm sir a dúradh agus beidh cumhacht aige talamh agus maoin eile a cheannach, a thógáil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Comhdhéanamh an Choiste.

4. —(1) Fiche comhalta an líon comhaltaí a bheidh ar an gCoiste

(2) Beidh na daoine a bhí ina gcomhaltaí de Choiste 1846 díreac roimh an dáta bunaithe ina gcomhaltaí den Choiste.

Comhaltas.

5. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh gach comhalta den Choiste i seilbh oifige i gcaitheamh a shaoil.

(2) Scoirfidh comhalta den Choiste de bheith ina chomhalta den Choiste más rud é—

(a) go n-éireoidh sé as a oifig trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Choiste,

(b) go mbeidh sé ar feadh breis agus dhá mhí dhéag as láthair gan chead an Choiste ó chruinnithe den Choiste a thionólfar i rith na tréimhse sin,

(c) go ndéanfaidh an Coiste ag cruinniú den Choiste a ghairfear agus a thionólfar go cuí rún a rith a mbeidh d'fheidhm leis an comhalta sin a chur as oifig agus go gcuideoidh dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí an Choiste de thuras na huaire leis an rún sin.

Comhaltaí a cheapadh.

6. —Beidh cumhacht ag an gCoiste tráth ar bith agus ó am go ham duine ar bith a cheapadh ina chomhalta den Choiste chun folúntas a líonadh nó ina chomhalta breise ar líon comhaltaí an Choiste de thuras na huaire ach sin sa tslí nach rachaidh líon iomlán chomhaltaí an Choiste tráth ar bith thar an líon atá socair leis an Acht seo.

Cathaoirleach.

7. —(1) Is é a bheidh ina Chathaoirleach (más ann) ar Choiste 1846 díreach roimh an dáta bunaithe Cathaoirleach an Choiste.

(2) I gcás ina dtiocfaidh oifig Chathaoirleach an Choiste chun bheith folamh déanfaidh an Coiste ag a gcéad chruinniú eile duine dá gcomhaltaí a thoghadh ina Chathaoirleach ar an gCoiste.

(3) I gcás ina scoirfidh Cathaoirleach an Choiste de bheith ina chomhalta den Choiste scoirfidh sé láithreach de bheith ina Chathaoirleach ar an gCoiste.

(4) I gcás comhionannas vótaí ag toghadh Chathaoirleach an Choiste is trí chrannchur a chinnfear an comhalta a thoghfar.

Cruinnithe.

8. —(1) Beidh cruinniú amháin ar a laghad ag an gCoiste gach ráithe sa bhliain agus ina theannta sin beidh cibé cruinnithe eile acu is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Is é an Cathaoirleach a ghníomhóidh mar Chathaoirleach ag gach cruinniú den Choiste ag a mbeidh sé i láthair.

(3) Le linn don Chathaoirleach a bheith as láthair ó aon chruinniú den Choiste déanfaidh na comhaltaí den Choiste a bheidh i láthair duine díobh féin a thoghadh chun bheith ina Chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Choiste a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag Cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Is é is córam do chruinniú den Choiste cibé méid daoine (nach lú ná triúr) a chinnfidh an Coiste ó am go ham agus mura gcinnfidh, triúr a bheidh sa chóram sin.

(6) Féadfaidh na comhaltaí leanúnacha den Choiste gníomhú d'ainneoin aon fholúntais ina líon ach, má bhíonn agus fad a bheidh a líon laghdaithe go dtí líon is lú ná an líon atá socair leis an Acht seo nó dá bhun mar an córam is gá do chruinniú den Choiste, féadfaidh na comhaltaí leanúnacha den Choiste gníomhú chun líon comhaltasí an Choiste a mhéadú go dtí an líon sin ach ní fhéadfaidh chun aon chríche eile.

(7) Faoi réir an ailt seo déanfaidh an Coiste le rialacha nós imeachta an Choiste a rialú.

Rialacha.

9. —Féadfaidh an Coiste, le rialacha, foráil a dhéanamh i dtaobh bunú, feidhmeanna agus nós imeachta (lena n-áirítear córam) fochoistí den Choiste, agus féadfaidh na rialacha foráil a dhéanamh i dtaobh aon chumhachtaí, feidhmeanna nó dualgais de chuid an Choiste a tharmligean chun Fochoiste nó Fochoistí den Choiste nó faoin gCoiste.

Táillí.

10. —Beidh gach comhalta den Choiste agus d'aon Fhochoiste de thuras na huaire i dteideal go n-íocfar leis táille nach mó ná £3. 3. 0. i leith gach cruinniú den Choiste nó den Fhochoiste ag a mbeidh sé i láthair nó cibé suim is mó ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí ó am go ham.

Caiteachas an Choiste agus na gComhaltaí.

11. —Beidh cumhacht ag an gCoiste soláthar a dhéanamh chun an caiteachas réasúnach agus cuí go léir a íoc a thabhóidh an Coiste agus a chomhaltaí.

Conarthaí.

12. —Ní bheidh aon chomhalta den Choiste dícháilithe ag a oifig chun aon chonradh a dhéanamh leis an gCoiste ná chun baint a bheith aige le haon chonradh, nó leas a bheith in aon chonradh, faoin gCoiste ná ní neamhneofar aon chonradh nó comhshocraíocht faoina rachaidh an Coiste nó faoina rachfar thar a cheann is conradh nó comhshocraíocht lena mbeidh baint ar bith ag aon chomhalta de nó ina mbeidh leas ar bith ag aon chomhalta de ná ní bheidh aon duine a chonarthóidh amhlaidh nó ag a mbeidh baint nó leas den sórt sin dícháilithe chun a roghnaithe nó chun leanúint de bheith ina chomhalta nó gníomhú mar chomhalta den Choiste ná ní bheidh sé faoi dhliteanas cuntas a thabhairt don Choiste in aon bhrabús a gnóthaíodh trí aon chonradh nó comhshocraíocht den sórt sin de bhíthin na hoifige sin a shealbhú nó an choibhnis mhuinínigh a bunaíodh tríd sin ar choinníoll go ndéanfar cineál an leasa sin aige a nochtadh ag an gcruinniú den Choiste ag a socrófar ar an gconradh nó ar an gcomhshocraíocht, má bhíonn a leas ar marthain ansin nó, in aon chás eile, ag an gcéad chruinniú den Choiste a bheidh ann tar éis dó a leas a fháil, ach ní fhéadfaidh comhalta den Choiste vótáil mar chomhalta den sórt sin maidir le haon chonradh nó comhshocraíocht den sórt sin lena mbeidh baint aige nó ina mbeidh leas aige mar a dúradh. Beidh fógra ginearálta go bhfuil comhalta den Choiste ina chomhalta de ghnólacht sonraithe nó de Chuideachta shonraithe agus go mbeidh sé le meas gur duine é ag a mbeidh leas in aon idirbheart ina dhiaidh sin leis an ngnólacht nó leis an gcuideachta sin beidh sé, má thaifeadtar i Miontuairiscí an Choiste é, ina nochtadh dóthaineach faoin alt seo, agus tar éis an fhógra ghinearálta sin ní gá aon fhógra speisialta a thabhairt maidir le haon idirbheart áirithe leis an ngnólacht nó leis an gcuideachta sin.

Séala.

13. —(a) Cuirfidh an Coiste ar fáil agus beidh aige séala oifigiúil agus fíordheimhneofar an séala sin le síniú Chathaoirleach an Choiste nó comhalta éigin eile de a bheidh údaraithe ag an gCoiste chun gníomhú chuige sin agus le síniú fostaí leis an gCoiste a bheidh údaraithe go cuí ag an gCoiste chun gníomhú chuige sin.

(b) Gach doiciméad a airbhearthóidh gur Ordú nó ionstraim eile é a rinne an Coiste agus a bheith séalaithe le séala an Choiste arna fhíordheimhniú de réir an ailt seo glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an tOrdú sin é nó gurb í an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suítear a mhalairt.

Conarthaí nach mbeidh faoi shéala.

14. —Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nach comhlacht corpraithe a rinne nó a d'fhorghníomhaigh é nó í, féadfar é nó í a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Choiste ag aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an gCoiste chuige sin.

Feidhmeanna a chomhlíonadh.

15. —Féadfaidh an Coiste aon chuid dá fheidhmeanna a fheidhmiú agus a chomhlíonadh trí aon duine dá chomhaltaí nó dá fhostaithe a bheidh údaraithe ag an gCoiste chuige sin.

Cuspóirí.

16. —Is iad seo a leanas na cuspóirí ar lena n-aghaidh atá an Coiste bunaithe:—

(a) Na Reiligí láithreacha a chothabháil, a fheabhsú agus a leathnú agus na coirp atá adhlactha iontu a chomhnú ionas nach ndéanfar corraí ná aithisiú orthu.

(b) Reiligí, tailte adhlactha agus áiteanna agus deiseanna eile a fháil, a sholáthar, a chothabháil, a leagan amach, a dhéanamh agus a oibriú i gContae agus i gContae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath le haghaidh taisí daoine a adhlacadh, a chur, a chaomhnú nó a dhiúscairt de réir deasgnátha, seirbhísí agus creidimh aon aicme creidimh acu sin a shonraítear in Airteagal 44 de Bhunreacht na hÉireann nó aon aicme creidimh eile i bPoblacht na hÉireann ar an dáta bunaithe.

Cumhachtaí.

17. —Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh ag an gCoiste, i dteannta aon chumhachtaí eile a dhílsítear nó a thugtar dó le haon fhoráil eile den Acht seo cumhacht:—

(a) aon tailte, foirgnimh, feirmeacha, gairdíní nó maoin eile le haghaidh aon eastáit nó leasa ar bith agus aon chearta nó pribhléidí nó éasúintí ar aon mhaoin nó i leith aon mhaoine a cheannach, a ghlacadh ar léas nó a fháil ar shlí eile.

(b) an t-iomlán nó aon chuid de mhaoin adhlacóireachta agus de chearta an Choiste a dhíol, a fheabhsú, a bhainistí, a fhorbairt, a mhalartú, a léasadh, a fhruiliú, a mhorgáistiú, a dhiúscairt nó a chur chun tairbhe nó déileáil leis an gcéanna ar shlí eile.

(c) airgead a fháil ar iasacht nó a chruinniú nó íoc airgid a urrú i cibé slí is cuí leis an gCoiste.

(d) an t-airgead de chuid an Choiste nach mbeidh ag teastáil láithreach a infheistiú agus déileáil leis an airgead sin i cibé slí a chinnfear ó am go ham.

(e) cibé foireann fheidhmeannais, ghairmiúil, chléireachais, oilte nó oibreachais a fhostú a bheidh ag teastáil ón gCoiste ó am go ham agus socrú a dhéanamh le haghaidh luach saothair na ndaoine sin.

(f) deontais, sintiúis, tabhartais, réadtiomnachtaí, agus tiomnachtaí chun gach críche nó aon críche de chríocha an Choiste a ghlacadh, a lorg agus a bhailiú agus go ginearáita chun an t-airgead nó an mhaoin go léir is leis an gCoiste a bhainistí, a infheistiú agus a chaitheamh.

(g) Comhaontú a dhéanamh le haghaidh comhoibrithe nó deonaíocht chomharaíochta le haon Rialtas nó le haon Údaráis uachtaracha, bardasacha nó eile, comhlachtaí corpraithe, comhlachais neamhchorpraithe, nó daoine ar Comhaontú é ba dhóigh a chabhródh le cuspóirí an Choiste nó aon cheann acu a chur i gcrích agus aon chairteanna, conarthaí, foraitheanta, cearta, pribhléidí agus deonaíochtaí is inmhianaithe leis an gCoiste a fháil ó aon Rialtas, Údarás, Cuideachta, Gnólacht nó duine agus aon chairteanna, conarthaí, foraitheanta, cearta, pribhléidí agus deonaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích, a fheidhmiú agus a chomhlíonadh.

(h) aon chistí pinsean nó aoisliúntais ranníocach nó neamhranníocach a bhunú agus a chothabháil, nó a chur faoi deara cistí den sórt sin a bhunú agus a chothabháil, chun sochair d'aon daoine, nó tabhartais, aiscí, pinsin, liúntais nó díolaíochtaí a thabhairt d'aon daoine, nó a chur faoi deara a leithéidí a thabhairt d'aon daoine, atá nó a bhí tráth ar bith i bhfostaíocht nó i seirbhís an Choiste nó Choiste 1846 agus do bhanchéilí, baintreacha, teaghlaigh agus cleithiúnaithe aon daoine den sórt sin agus íocaíochtaí a dhéanamh le haghaidh nó faoi chomhair árachais aon duine den sórt a dúradh agus ní ar bith de na nithe a dúradh a dhéanamh é féin nó i dteannta duine ar bith eile.

(i) foirgnimh, séipéil, cuimhneacháin, clocha cinn agus déamhais a fhoirgniú, a dhéanamh, a thógáil, a fheabhsú agus a chothabháil le haghaidh úsáide nó mar mhaisiú i reiligí nó tailte adhlactha nó i ndáil leo.

(j) taisí daoine a adhlacadh, a chur, a chaomhnú nó a dhiúscairt cibé acu de réir deasgnátha, seirbhísí nó creidimh aon aicme áirithe creidimh nó ar shlí eile.

(k) gach uile rud eile a dhéanamh a mheasfaidh an Coiste a bhainfidh nó a chabhróidh le haon cheann de chuspóirí an Choiste a chur i gcrích nó a chur ar aghaidh.

Tailte a dhiúscair

18. —(1) D'ainneoin aon ní atá anseo roimhe seo ní dhiúscróidh an Coiste aon chuid d'aon cheann de na tailte a bheidh dílsithe do de thuras na huaire más rud é go mbeidh an chuid sin de na tailte sin á úsáid de thuras na huaire nó gur úsáideadh é tráth ar bith mar reilig nó mar thalamh adhlactha.

(2) Faoi réir a bhfuil ráite roimhe seo féadfaidh an Coiste aon mhaoin a mheasfaidh an Coiste nach mbeidh ag teastáil uaidh de thuras na huaire le húsaid mar thalamh adhlactha a dhiúscairt go hiomlán nó go ceann téarma blianta nó aon tréimhse is giorra ná sin.

(3) Beidh Deimhniú arna shéalú le séala an Choiste á dheimhniú nach bhfuil aon mhaoin den sórt sin ag teastáil de thuras na huaire ón gCoiste lena úsáid mar thalamh adhlactha ina fhianaise dhochloíte i bhfabhar aon cheannaitheora ón gCoiste nach bhfuil an mhaoin sin ag teastáil amhlaidh.

Ioncam a úsáid.

19. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo is chuige amháin a úsáidfear ioncam agus maoin an Choiste cibé áit óna bhfaighfear sin cuspóirí an Choiste a chur ar aghaidh agus ní íocfar le comhaltaí an Choiste, ná ní aistreofar chun comhaltaí an Choiste, díreach nó neamhdhíreach ar mhodh díbhinne, bónais ná ar mhodh brabúis i slí ar bith eile, aon chuid den ioncam ná den mhaoin sin.

(2) D'ainneoin forálacha fho-alt (1) den alt seo beidh sé de theideal ag an gCoiste táille agus caiteachais a íoc as an ioncam agus as an maoin a dúradh le comhaltaí an Choiste de thuras na huaire de réir ailt 10 agus 11 den Acht seo agus luach saothair réasúnach cuí le haon fhostaí de chuid an Choiste nó le haon chomhalta den Choiste as aon tseirbhís a rinneadh iarbhír don Choiste.

Foirceannadh.

20. —Más rud é, ar an gCoiste a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh, go mbeidh maoin ar bith fágtha tar éis a chuid fiacha agus dliteanas uile a bheith glanta, ní dhéanfar an céanna a íoc le comhaltaí an Choiste na a imdháil orthu ach, le ceadú na gCoimisinéirí, tabharfar í d'Fhoras nó d'Fhorais éigin eile, nó aistreofar í go dtí Foras nó Forais éigin eile, ag a mbeidh cuspóirí ar aon-dul le cuspóirí an Choiste agus a chuirfidh an oiread ar a laghad de thoirmeasc ar imdháil a chuid nó a gcuid ioncaim agus maoine ar a chomhaltaí nó a gcomhaltaí agus a fhorchuirtear ar an gCoiste faoin Acht seo nó dá bhua, agus cinnfidh comhaltaí an Choiste an Foras nó na Forais sin tráth an díscaoilte nó roimhe agus muran féidir agus sa mhéid nach féidir éifeacht a thabhairt don fhoráil sin a dúradh ansin tabharfar í le haghaidh nó aistreofar í chun cuspóra charthanúil éigin a cheadóidh na Coimisinéirí.

Seirbhísí Adhlactha.

21. —Is dleathach d'aon eaglaiseach a bheidh ceadúnaithe nó ceaptha go cuí de réir deasghnátha nó foirme an chreidimh lena mbaineann sé ar iarratas i scríbhinn a fháil ó Sheiceadóir aon duine éagtha nó aon duine eile a bheidh i bhfeighil adlacadh aon duine éagtha Seirbhís Adhlactha an chreidimh sin a fhriotháil in aon talamh adhlactha den sórt sin.

Séiplíneach Caitliceach.

22. —Féadfaidh Ardeaspag Caitliceach Bhaile Átha Cliath de thuras na huaire duine nó daoine de chléir na hEaglaise Caitlicí a cheapadh ó am go ham, ar iarratas ón gCoiste, chun feidhmiú mar Shéiplíneach in aon cheann de thailte adhlactha an Choiste agus beidh an Séiplíneach sin faoi réir dhlínse an Ardeaspaig sin agus féadfaidh seisean é a chur as oifig tráth ar bith.

Luach saothair an tSéiplínigh.

23. —Lamhálfaidh an Coiste, as airgead a gheobhaidh sé, do gach Séiplíneach a bheidh ceaptha de thuras na huaire de réir alt 22 de seo do gach talamh adhlactha den sórt sin cibé luach saothair ar a gcomhaontófar an tráth a dhéanfar gach ceapadh den sórt sin, agus féadfaidh an Coiste, más mian leis, an luach saothair sin a mhéadú ó am go ham: Ar choinníoll áfach nach dleathach do Shéiplíneach ar bith aon táille a éileamh ná a ghlacadh i leith adhlacadh in aon cheann de na tailte adhlactha sin.

Cothabháil.

24. —Déanfaidh an Coiste as airgead a gheobhaidh sé na tailte adhlachtha agus na reiligí sin gach ceann agus aon cheann acu mar aon leis na Séipéil agus na foirgnimh orthu agus ballaí seachtracha fáil sheachtracha an chéanna agus gach cuid eile díobh a choimeád i ndeisriocht agus i dtreo oiriúnach a mhéid is féidir.

Maoin a aistriú.

25. —(1) An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí díreach roimh an dáta bunaithe dílsithe do Choiste 1846 nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas do Choiste 1846 agus na cearta, na cumhachtaí, agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ar an dáta bunaithe agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe más gá sin i leabhair nó i gcláir aon bhainc, cuideachta, corporáide nó i leabhair nó i gcláir Chlárlann na Talún dílsithe don Choiste nó dá chuid nó ar teachtadh ar iontaobhas dó ar feadh an eastáit, an téarma, nó an leasa uile a raibh an céanna díreach roimh an dáta bunaithe dílisithe do Choiste 1846 nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó faoi réir na n-iontaobhas, na muirear, na n-uasleasanna agus na gcearta eile (más ann) go léir a dhéanann difear don chéanna ar an dáta bunaithe.

(2) Gach fiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tort nó sáraithe conartha) a bhí díreach roimh an dáta bunaithe dlite de Choiste 1846 agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan ghlanadh aige tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an dáta bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an gCoiste agus íocfaidh nó comhlíonfaidh an Coiste é agus féadfar é a ghnóthú uaidh nó a chur i bhfeidhm ina choinne de réir sin.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an Coiste agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don Choiste fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine ar a bhfuil an t-ábhar i gcaingean ina cheangal.

(4) An mhaoin uile a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an dáta bunaithe, cláraithe i leabhair nó i gcláir aon bhainc, cuideachta nó corparáide nó i leabhair nó i gcláir Chlárlann na Talún déanfaidh an banc, an chuideachta, an chorparáid nó Cláraitheoir na dTeideal, ar an gCoiste dá iarraidh sin ar an dáta bunaithe nó tráth ar bith dá éis, í a aistriú sna leabhair nó sna cláir sin chun ainm an Choiste.

Forálacha idirlinne.

26. —(1) Gach Banna, Ráthaíocht nó urrús eile le shaghas leanúnach a bheidh tugtha ag Coiste 1846 do dhuine ar bith nó ag duine ar bith do Choiste 1846 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunaithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir Coiste 1846 agus aon duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlíonta go hiomlán roimh an dáta sin leanfaidh sé, d'ainneoin díscaoileadh Choiste 1846, de bheith i bhfeidhm ar an dáta sin agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí ainm an Choiste ann in ionad ainm Choiste 1846 agus beidh an t-urrús an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an gCoiste agus ina choinne.

(2) Aon imeachtaí a bunaíodh ag Coiste 1846 nó ina choinne agus a bheidh ar feitheamh díreach roimh an dáta bunaithe féadfar leanúint díobh ag an gCoiste nó ina choinne agus in ainm an Choiste agus ní thitfidh siad ar lár de dhroim díscaoileadh Choiste 1846.

Fostaithe a aistriú.

27. —Déanfar aon fhostaí i seirbhís nó i bhfostaíocht Choiste 1846 a aistriú ar an dáta bunaithe ó sheirbhís agus fostaíocht Choiste 1846 chun an Choiste agus tiocfaidh sé chun bheith ina fhostaí don Choiste leis na cearta céanna agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna maidir leis an tseirbhís nó an fhostaíocht sin a bheadh aige nó a mbeadh sé faoina réir mar fhostaí do Choiste 1846.

Feidhm a bheith ag an Finance Act, 1895.

28. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin a dhílsiú don Choiste de bhua an Achta seo.

Rialacháin.

29. —(1) Féadfaidh an Coiste rialacha a dhéanamh le haghaidh gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) cruinnithe den Choiste agus d'aon Fhochoiste den Choiste de thuras na huaire a rialáil faoi réir forálacha an Achta seo,

(b) dualgais fhostaithe an Choiste a rialáil,

(c) am agus modh an adhlactha nó an churtha in aon reilig nó talamh adhlactha faoi chúram an Choiste a rialáil,

(d) aon reilig nó talamh adhlactha faoi rialú an Choiste nó aon áitreabh eile a bheidh á áitiú ag an gCoiste a choinneáil in ord agus úsáid an chéanna a rialáil,

(e) socrú a dhéanamh le haghaidh slánchoimeád na leabhar, na ndoiciméad, na dtaifead agus na léarscálacha a choinníonn an Coiste maidir leis na reiligí nó na tailte adhlactha sin agus an t-eolas agus na sonraí iomchuí uile a thaifeadadh iontu go cuí,

(f) go ginearálta, an tAcht seo a chur in éifeacht.

(2) Go dtí go ndéanfaidh an Coiste rialacha faoin Acht seo maidir le haon ní áirithe, beidh éifeacht, maidir leis an ábhar sin agus faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag na rialacha, na rialacháin nó na fodhlíthe a rinne nó a meastar a rinne Coiste 1846, ionann agus dá mba é an Coiste a rinne iad go cuí faoin Acht seo.

Cuntais.

30. —Déanfaidh dhá Chuntasóir cháilithe Cuntais an Choiste a iniúchadh go bliantiúl agus foilseofar i dhá nuachtán ar a laghad a léitear i gCathair Bhaile Átha Cliath achomaireacht ar na fáltais agus ar na heisíocaíochtaí as Cuntais na bliana roimhe sin.

Coiste 1846 a dhíscaoileadh.

31. —Beidh Coiste 1846 arna dhíscaoileadh, de bhua an ailt seo, ar an dáta bunaithe.

An dáta bunaithe.

32. —Ciallaíonn an abairt “an dáta bunaithe” an lú lá de Lúnasa, 1970.

Acht 1846 a aisghairm.

33. —Déantar leis seo Acht 1846 a aisghairm amhail ar an agus ón dáta bunaithe.

Caiteachas.

34. —Is é an Coiste a íocfaidh, agus is as cistí an Choiste a íocfaidh sé, an costas, na muirir agus an caiteachas a ghabh roimh ré agus a bhain leis an Acht seo a ullmhú, a fháil agus a rith.