[EN]

Uimhir 10 de 1931.


[EN]

ACHT TÁSTÁLA PLÁTA (LEASÚ), 1931.


ACHT CHUN AN PLATE ASSAY (IRELAND) ACT, 1807, DO LEASÚ MAIDIR LEIS NA PIONÓISÍ GHABHANN LE CIONTAÍ ÁIRITHE FÉN ACHT SAN. [21adh Abrán, 1931.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Plate Assay (Ireland) Act, 1807.

[EN]

An pionós a ghabhann le ciontaí fé alt 16 den Phríomh-Acht.

2.—D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht no in aon achtachán eile, isé pionós a féadfar do ghearra ar dhuine go dtabharfar de bhreith air go bhfuil sé ciontach i bhfeleontacht fé alt 16 den Phríomh-Acht no in aon chionta (seachas feleontacht) fén alt san ná pian-tseirbhís ar feadh téarma ar bith nách sia ná cúig bliana no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná dhá bhliain.

[EN]

Dlighinse na Cúirte Dúithche.

3.—(1) Beidh dlighinse ag an gCúirt Dúithche agus féadfaidh dlighinse d'fheidhmiú i gcás feleontachta no aon chionta eile fé alt 16 den Phríomh-Acht fé is dá mbeadh an fheleontacht no an cionta eile sin imeasc na gcás a háirmhítear i bhfo-alt B d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924).

[EN]

(2) Má dheineann an Chúirt Dúithche, i bhfeidhmiú na dlighinse bronntar leis an alt so, cás do thriail ar an slí achmair, ansan, d'ainneoin éinní atá as bhfo-alt san B den alt san 77, isé picnós a féadfar do ghearra ná príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no, más rogha leis an gCúirt é, fíneáil nách mó ná caoga púnt.

[EN]

(3) Ní bhainfidh alt 17 den Phríomh-Acht le haon fhíneáil fhorchuirfidh an Chúirt Dúithche i bhfeidhmiú na dlighinse bronntar leis an alt so.

[EN]

Gearr-theideal.

4.—(1) Féadfar an tAcht Tástála Pláta (Leasú), 1931, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Tástála Pláta, 1807 agus 1931, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.