Uimhir 10 de 1932.
ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1932.
[4adh Iúl, 1932.]
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal agus buaine.
1.—(1) Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932, do ghairm den Acht so.
(2) Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1935, agus ragha sé in éag ansan.
Mínithe.
2.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “An tAire” an tAire Talmhaíochta;
cialluíonn na focail “iomportálta” agus “easportálta” fé seach iomportálta isteach i Saorstát Éireann agus easportálta amach as, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dóibh;
cialluíonn an abairt “an diúité ime” an diúité custum a cuirtear de thurus na huaire do réir dlí ar im iomportálta;
cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh atá cláruithe in aon chlár atá á choimeád do réir an Achta Tora Déiríochta. 1924 (Uimh 58 de 1924);
cialluíonn an abairt “áitreabh uachtarlainne” áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann agus áitreabh gur deonadh agus go bhfuil i bhfeidhm ina thaobh ceadúnas fé alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924;
cialluíonn an abairt “im uachtarlainne” im do rinneadh in áitreabh uachtarlainne;
cialluíonn an abairt “monarcha ime” áitreabh ina mbíonn ar siúl mar chéird im do mheascadh, d'ath-oibriú no aon déanamh eile do thabhairt do, ach ní hi slí go ndéanfadh éinní eile den im;
cialluíonn an abairt “im monarchan” im do rinneadh i monarchain ime no a tugadh go dtí monarcha ime;
cialluíonn an abairt “trádálaí ime” duine bhíonn ag díol ime chun trádála no sochair, pe'ca bhíonn aon ghnó eile ar siúl aige i dteanta an ghnótha san no ná bíonn;
cialluíonn an abairt “im feirme” im do rinneadh i Saorstát Éireann agus nách im uachtarlainne ná im monarchan;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;
cialluíonn na habairtí “an cuntas ime uachtarlainne,” “an cuntas ime mhonarchan” agus “an cuntas ime ilghnéithigh” fé seach na cuntaisí uile agus fé seach is gá do réir an Achta so don Aire a choimeád fé sna hainmneacha san fé seach;
cialluíonn an abairt “an roimh-thréimhse” an tréimhse dar thosach an 21adh lá d'Abrán, 1932, agus dar chríoch an 31adh lá de Bhealtaine, 1932.
(2) Beidh gach mí acu so leanas ina dhleacht-mhí chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá, mí an Mheithimh, mí an Iúil, mí Lúnasa, mí Meán Fhómhair, mí Deire Fómhair, agus mí na Samhna sa bhliain 1932, agus mí an Abráin, mí na Bealtaine, mí an Mheithimh, mí an Iúil, mí Lúnasa, mí Meán Fhómhair, mí Deire Fómhair agus mí na Samhna sa bhliain 1933 agus sa bhliain 1934.
(3) Ní tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur im a rinneadh im a meascfar no a hath-oibreofar i monarchain ime ach ná cuirfear fé aon déanamh eile.
Rialacháin ghenerálta.
3.—Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.
Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.
4.—Gach ordú agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú no an rialachán san (pe'ca aca é) curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú no fén rialachán san.
CUID II.
Dleachtanna do Ghearradh ar Im a Cuirfear i Stor, ar Im a Deanfar agus ar Im a Ceannofar.
Cumainn sceidealta agus áitreibh sceidealta.
5.—(1) Beidh gach cólucht díobh san a luaidhtear sa Chéad Chuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht so ina chumann fé réir na sceidealta chun crícheanna an Achta so, ach beidh san bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú fén mír seo, a dhearbhú go scuirfidh aon chólucht den tsaghas san de bheith ina chumann sceidealta chun crícheanna an Achta so, agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm ní bheidh an cólucht san ina chumann sceidealta chun crícheanna an Achta so;
(b) féadfaidh an tAire, le hordú fén mír seo, ordú do rinneadh fén mír dheiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.
(2) Beidh gach áitreabh díobh san uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Cuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht so ina áitreabh sceidealta chun crícheanna an Achta so, ach beidh san fé réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an tAire o am go ham, tré ordú do dhéanamh fén mír seo, a dhearbhú go scuirfidh aon áitreabh den tsaghas san de bheith ina áitreabh sceidealta chun crícheanna an Achta so, agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm ní bheidh an t-áitreabh san ina áitreabh sceidealta chun crícheanna an Achta so;
(b) féadfaidh an tAire, le hordú fén mír seo, ordú do rinneadh fén mír dheiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.
Ráta generálta an dleachta.
6.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú an ráta ghenerálta chun crícheanna dleachta ar im fén Acht so, ach an ráta generálta a hordófar amhlaidh le haon rialacháin den tsaghas san ní ragha sé thar leath ráta an diúité ime.
(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an ráta generálta” an ráta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire de bhuadh rialachán fén alt so no dhá phingin an púnt i gcás gan aon ráta den tsaghas san do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire.
Ráta speisialta an dleachta.
7.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú an ráta speisialta chun crícheanna dleachta ar im fén Acht so, ach ní bheidh an ráta speisialta a hordófar le haon rialacháin den tsaghas san níos mó ná an ráta generálta, ná ní bheidh sé níos lugha ná cúig fichead per cent. den ráta ghenerálta in aghaidh na tréimhse dar tosach dáta an Achta so do rith agus dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1933, ná níos lugha ná caoga per cent. den ráta ghenerálta in aghaidh na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1934, ná níos lugha ná cúig seachtód per cent den ráta ghenerálta in aghaidh na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1935.
(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an ráta speisialta” an ráta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire de bhuadh rialachán fén alt so no leath-phingin an púnt i gcás gan aon ráta den tsaghas san do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire.
Dleacht ar im do bhí ar láimh an 21adh Abrán, 1932.
8.—(1) Íocfaidh gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe leis an Aire, do réir an ailt seo, ar an im go léir do rinne an dílseánach cláruithe sin agus do bhí ar láimh ag an dílseánach cláruithe sin no do bhí ar láimh thar a cheann ar a sé a chlog a.m. an 21adh lá d'Abrán, 1932, dleacht do réir ráta dhá phingin an púnt.
(2) Gach duine dhligheann dleacht d'íoc fén alt so cuirfe sé go dtí an tAire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh dáta an Achta so do rith, cuntas á thaisbeáint cadé an méid ime do bhí ar láimh aige agus is ionchurtha fén dleacht san agus cadiad na háiteanna ina raibh sé ar láimh aige.
(3) Má theipeann ar éinne dhligheann dleacht d'íoc fén alt so an cuntas san do chur uaidh do réir an ailt deiridh sin roimhe seo no má thugann sé faillí sa ní sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
(4) Chó luath agus is féidir é tar éis an seachtú lá i ndiaidh dáta an Achta so do rith déanfaidh an tAire alos gach duine (pe'ca bheidh an cuntas san curtha isteach ag an duine sin no ná beidh) a dhlighfidh dleacht d'íoc fén alt so deimhniú á dheimhniú cadé méid an dleachta is iníoctha fén alt so ag an duine sin, agus seirbheálfaidh cóip den deimhniú san ar an duine sin.
(5) Beidh gach deimhniú déanfar fén alt so ina fhianaise prima facie ar gach ní dheallróidh a bheith deimhnithe sa deimhniú san.
(6) Gach suim a bheidh iníoctha leis an Aire ag éinne fén alt so, beidh sí, i gcionn seacht lá tar éis cóipe den deimhniú déanfar fén alt so alos na suime sin do sheirbheáil ar an duine sin, ina fiacha bheidh dlite ar an duine sin ag an Aire agus a bheidh iníoctha aige leis an Aire agus féadfar í do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.
(7) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire fén alt so alos ime uachtarlainne do chur i gcreidiúint don chuntas ime uachtarlainne, agus gach airgead a gheobhaidh an tAire fén alt so alos ime mhonarchan do chur i gcreidiúint don chuntas ime mhonarchan, agus gach airgead a gheobhaidh an tAire fén alt so alos ime feirme do chur i gcreidiúint don chuntas ime ilghnéithigh.
Dleacht ar im uachtarlainne.
9.—(1) Íocfaidh dílseánach cláruithe gach áitreibh uachtarlainne leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá déag i ndiaidh dáta an Achta so do rith, ar an im go léir do rinneadh san áitreabh uachtarlainne sin i rith na roimh-thréimhse, na dleachtanna so leanas, sé sin le rá:—
(a) ar an méid sin (más ann do) den im sin do rinneadh as uachtar do deighleadh in áitreabh sceidealta, dleacht do réir ráta leath-phingne an púnt;
(b) más cumann sceidealta an dílseánach cláruithe sin, ar an méid sin (más ann do) den im sin do rinneadh as uachtar do deighleadh in áitreabh is leis an gcumann san agus atá fé n-a stiúradh, dleacht do réir ráta leathphingne an púnt;
(c) ar an méid sin (más ann do) den im sin ná tagann laistigh de sna míreanna san roimhe seo, dleacht do réir ráta dhá phingin an púnt.
(2) Fé réir forálacha an Achta so, íocfaidh dílseánach cláruithe gach áitreibh uachtarlainne leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh gach dleacht-mhí, ar an im go léir do rinneadh san áitreabh uachtarlainne sin i rith an dleacht-mhí sin, na dleachtanna so leanas, sé sin le rá:—
(a) ar an méid sin (más ann do) den im sin do rinneadh as uachtar do deighleadh in áitreabh sceidealta, dleacht do réir an ráta speisialta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin do dhéanamh;
(b) más cumann sceidealta an dílseánach cláruithe sin, ar an méid sin (más ann do) den im sin do rinneadh as uachtar do deighleadh in áitreabh is leis an gcumann san agus atá fé n-a stiúradh, dleacht do réir an ráta speisialta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin do dhéanamh;
(c) ar an méid sin (más ann do) den im sin ná tagann laistigh d'fhorálacha na míreanna san roimhe seo, dleacht do réir an ráta ghenerálta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin do dhéanamh.
(3) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire fén alt so do chur i gcreidiúint don chuntas ime uachtarlainne.
Dleacht ar im a rinneadh in áitreabh atá cláruithe i gclár na monarchan ime.
10.—(1) Íocfaidh dílseánach cláruithe gach áitreibh atá cláruithe i gclár na monarchan ime, leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá déag i ndiaidh dáta an Achta so do rith, ar an im go léir do rinneadh san áitreabh san i rith na roimh-thréimhse, dleacht do réir ráta dhá phingin an púnt.
(2) Fé réir forálacha an Achta so íocfaidh dílseánach cláruithe gach áitreibh atá cláruithe i gclár na monarchan ime, leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh gach dleacht-mhí, ar an im go léir do rinneadh san áitreabh san i rith an dleacht-mhí sin, dleacht do réir an ráta ghenerálta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin do dhéanamh.
(3) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire fén alt so do chur i gcreidiúint don chuntas ime mhonarchan.
Dleacht ar im dhéanta áirithe nách im uachtarlainne.
11.—(1) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhílseánach aon áitreibh (nách áitreabh uachtarlainne) ina ndeintear chun a dhíolta im as aon bhainne no uachtar gur daoine eile sholáthruíonn é go léir no cuid de, fógra á cheangal ar an dílseánach san dleacht d'íoc leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh an dleacht-mhí luadhfar sa bhfógra san agus i ndiaidh deireadh gach dleacht-mhí ina dhiaidh sin, ar an im go léir do rinneadh i rith an dleacht-mhí sin san áitreabh san, dleacht do réir an ráta ghenerálta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin do dhéanamh.
(2) Pé uair a seirbheálfar fógra fén alt so ar dhílseánach aon áitreibh (nách áitreabh uachtarlainne) ina ndeintear chun a dhíolta im as aon bhainne no uachtar gur daoine eile sholáthruíonn é go léir no cuid de, íocfaidh an dílseánach san, go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh an dleacht-mhí luadhfar sa bhfógra san agus i ndiaidh deireadh gach dleacht-mhí eile ina dhiaidh sin, ar an im go léir do rinneadh i rith an dleacht-mhí sin san áitreabh san, dleacht do réir an ráta ghenerálta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin do dhéanamh.
(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é sealbhaire rátuithe aon áitreibh dílseánach an áitreibh sin.
(4) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire fén alt so do chur i gcreidiúint don chuntas ime ilghnéithigh.
Dleacht ar im dhéanta eile nách im uachtarlainne.
12.—(1) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar éinne dheineann im chun a dhíolta á cheangal ar an duine sin dleacht d'íoc leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh an dleacht-mhí luadhfar sa bhfógra san agus i ndiaidh deireadh gach dleacht-mhí ina dhiaidh sin, ar an im go léir (seachas im go gceangailtear le haon fhoráil eile den Acht so no fúithe dleacht d'íoc as é do dhéanamh) do rinne sé i rith an dleacht-mhí sin, dleacht do réir an ráta ghenerálta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin do dhéanamh.
(2) Pé uair a seirbheálfar fógra fén alt so ar dhuine dheineann im chun a dhíolta, íocfaidh an duine sin, go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh an dleacht-mhí luadhfar sa bhfógra san agus i ndiaidh deireadh gach dleacht-mhí ina dhiaidh sin, ar an im go léir (seachas im go gceangailtear le haon fhoráil eile den Acht so no fúithe dleacht d'íoc as é do dhéanamh) do rinne sé i rith an mhí sin, dleacht do réir an ráta ghenerálta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin do dhéanamh.
(3) Einne (dá ngairmtear díoltóir ime san Acht so) go mbíonn ar siúl mar ghnó aige im, gur daoine eile do rinne é, do dhíol ar coimisiún agus, i gcúrsa an ghnótha san, a dhíolann aon im feirme do rinne daoine eile no a dheineann socrú chun an ime sin do dhíol no do chur de láimh tuigfear, chun críche an ailt seo agus chun críche na bhforálacha den Acht so a bhaineann leis na cuntaisí thabharfaidh daoine uatha dhlighfidh dleacht d'íoc, go ndearna an duine sin an t-im feirme sin chun a dhíolta, agus tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur sa mhí inar díoladh no inar cuireadh de láimh é a rinneadh an t-im feirme sin.
(4) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire fén alt so, alos an ime go léir do rinneadh i monarchain ime (nách áitreabh cláruithe), do chur i gcreidiúint don chuntas ime mhonarchan agus gach airgead eile a gheobhaidh an tAire fén alt so do chur i gcreidiúint don chuntas ime ilghnéithigh.
Dleacht ar im feirme do cheannuigh dílseánaigh chláruithe.
13.—(1) Íocfaidh dílseánach cláruithe gach áitreibh atá cláruithe i gclár na monarchan ime no i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí, leis an Aire, lá nách déanaí ná seachtú lá déag i ndiaidh dáta an Achta so do rith, ar an im feirme go léir do fuair an dílseánach san tré cheannach, tré shóinseáil no tré mhalairtiú i rith na roimh-thréimhse chun é d'úsáid san áitreabh san no chun é d'ath-dhíol, dleacht do réir ráta dhá phingin an púnt.
(2) Fé réir forálacha an Achta so íocfaidh dílseánach cláruithe gach áitreibh atá cláruithe i gclár na monarchan ime no i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí, leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh gach dleacht-mhí, ar an im feirme go léir a fuair an dílseánach san tré cheannach, tré shóinseáil no tré mhalairtiú i rith an dleacht-mhí sin chun é d'úsáid san áitreabh san no chun é d'ath-dhíol, dleacht do réir an ráta ghenerálta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin d'fháil.
(3) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh foluíonn an abairt “im feirme” aon im iomportálta atá saor o dhiúité custum fé fho-alt (3) d'alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1931 (Uimh. 14 de 1931).
(4) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire fén alt so, alos ime gheobhfar chun é d'úsáid i monarchain ime, do chur i gcreidiúint don chuntas ime mhonarchan agus gach airgead eile a gheobhaidh an tAire fén alt so do chur i gcreidiúint don chuntas ime ilghnéithigh.
Dleacht ar im feirme cheannóidh trádálaithe ime agus únaerí monarchana ime.
14.—(1) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon trádálaí ime no únaer mhonarchan ime á cheangal ar an trádálaí no ar an únaer sin dleacht d'íoc leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh an dleacht-mhí luadhfar sa bhfógra san agus i ndiaidh deireadh gach dleacht-mhí ina dhiaidh sin, ar an im feirme go léir do fuair an trádálaí no an t-únaer sin tré cheannach, tré shóinseáil no tré mhalairtiú i rith an dleacht-mhí sin chun é d'úsáid i monarchain ime no chun é d'ath-dhíol, dleacht do réir an ráta ghenerálta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin d'fháil.
(2) Pé uair a seirbheálfar fógra fén alt so ar thrádálaí ime no ar únaer mhonarchan ime íocfaidh an trádálaí no an t-únaer sin, go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, leis an Aire, lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh an dleacht-mhí luadhfar sa bhfógra san agus i ndiaidh deireadh gach dleacht-mhí ina dhiaidh sin, ar an im feirme go léir a fuair an trádálaí no an t-únaer sin tré cheannach, tré shóinseáil, no tré mhalairtiú i rith an mhí sin chun é d'úsáid i monarchain ime no chun é d'ath-dhíol, dleacht do réir an ráta ghenerálta bhí i bhfeidhm le linn an ime sin d'fháil.
(3) San alt so ní fholuíonn an abairt “monarcha ime” áitreabh atá cláruithe i gclár na monarchan ime.
(4) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire fén alt so, alos ime gheobhfar chun é d'úsáid i monarchain ime, do chur i gcreidiúint don chuntas ime mhonarchan agus gach airgead eile a gheobhaidh an tAire fén alt so do chur i gcreidiúint don chuntas ime ilghnéithigh.
Dleachtanna ar im feirme d'aisíoc.
15.—(1) Má dheineann duine go mbeidh dleacht íoctha aige fé cheachtar den dá alt deiridh sin roimhe seo den Acht so alos aon ime feirme do fuair sé, má dheineann sé, laistigh de dhá mhí i ndiaidh an dáta is déanaí luaidhtear san Acht so chun é d'íoc an dleachta san, a chruthú chun sástachta an Aire dleacht do bheith íoctha cheana féin alos an ime sin do dhéanamh no do cheannach roimhe sin aisíocfaidh an tAire leis an duine sin suim is có-ionann leis an dleacht d'íoc an duine sin alos an ime sin d'fháil.
(2) Má dheineann díoltóir ime go mbeidh dleacht fé alt 12 (alt a bhaineann le dleacht ar im dhéanta eile nách im uachtarlainne) den Acht so íoctha aige alos aon ime feirme, má dheineann sé, laistigh de dhá mhí i ndiaidh an dáta is déanaí luaidhtear san alt san chun é d'íoc an dleachta san, a chruthú chun sástachta an Aire, dleacht do bheith íoctha cheana féin alos an ime sin do dhéanamh, aisíocfaidh an tAire leis an díoltóir ime sin suim is có-ionann leis an dleacht d'íoc sé alos an ime sin fén alt san.
(3) Déanfar gach airgead ais-íocfaidh an tAire fén alt so do chur i gcoinnibh an chuntais ime ilghnéithigh.
Dleachtgheallúnacha.
16.—(1) Má dheineann trádálaí ime (le n-a n-áirmhítear trádálaí ime is dílseánach áitreibh chláruithe), a dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so dleacht d'íoc ar aon im feirme gheobha sé i rith dleacht-mhí áirithe, an t-im sin do dhíol le duine údaruithe lá nách déanaí ná an ceathrú lá i ndiaidh deireadh an dleacht-mhí sin agus má dheineann an duine údaruithe sin geallúint (dá ngairmtear dleacht-gheallúint san alt so) sa bhfuirm orduithe do thabhairt amach don trádálaí ime sin á gheallúint ar son an trádálaí sin, an dleacht san d'íoc leis an Aire lá nách déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh deireadh an dleacht-mhí sin, agus má chuireann an trádálaí ime sin an gheallúint sin chun an Aire lá nách déanaí ná an seachtú lá san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ní dhlighfidh an trádálaí ime sin an dleacht san d'íoc mara dtárlann go dteipfidh ar an duine údaruithe sin déanamh do réir na geallúna san no go dtabharfa sé faillí sa ní sin, agus má thárlann san beidh an dleacht in-íoctha leis an Aire ag an trádálaí ime sin ar é d'éileamh;
(b) má thárlann go dteipfidh ar an duine údaruithe sin déanamh do réir na geallúna san no go dtabharfa sé faillí sa ní sin, agus go n-íocfaidh an trádálaí ime sin an dleacht san, agus ná déanfar aon ais-íoc leis fén alt deiridh sin roimhe seo, beidh méid an dleachta san ina fhiacha bheidh dlite ar an duine údaruithe sin ag an trádálaí ime sin agus a bheidh iníoctha aige leis an trádálaí ime sin agus féadfaidh an trádálaí ime sin é do bhaint den duine údaruithe sin mar fhiacha ghnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla;
(c) in aon imeachta fén mír dheiridh sin roimhe seo beidh deimhniú fé shéala an Aire, á dheimhniú go bhfuil teipthe ar dhuine údaruithe déanamh do réir dleachtgheallúna do thug sé amach chun trádálaí ime alos dleachta, agus go bhfuil an dleacht san íoctha ag an trádálaí ime sin agus ná fuil aon ais-íoc déanta leis an trádálaí ime sin fén alt deiridh sin roimhe seo, beidh an deimhniú san ina fhianaise prima facie ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh.
(2) San alt so cialluíonn an abairt “duine údaruithe” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire de thurus na huaire chun dleachtgheallúnacha do thabhairt amach.
Dleacht d'íoc ar im áirithe cuirfear i bhfuar-stór.
17.—Má dheincann dílseánach cláruithe áitreibh uachtarlainne no áitreibh atá cláruithe i gclár na monarchan ime aon im a dhéanfa sé i rith dleacht-mhí do chur i bhfuar-stór i Saorstát Éireann, no má dheineann dílseánach cláruithe aon áitreibh chláruithe aon im feirme gheobha sé i rith dleacht-mhí do chur i bhfuar-stór i Saorstát Eircann, roimh an dáta ar a mbeadh an dleacht ar an im sin iníoctha fén gCuid seo den Acht so mara mbeadh an t-alt so, ní bheidh an dleacht san iníoctha go dtí an 1adh lá den chéad Mhárta i ndiaidh an dáta san, mara ndeintear, roimh an 1adh lá san den Mhárta san, an t-im sin d'aistriú as an bhfuar-stór no é do dhíol faid a bheidh sé sa bhfuar-stór agus, sa chás san, beidh an dleacht san iníoctha ar an aistriú no ar an díol san do thárlachtaint, pe'ca aca is túisce thárlóidh.
Dleachtanna do bhaint amach.
18.—(1) Gach dleacht go gceangailtear ar éinne leis an Acht so é d'íoc leis an Aire beidh sé ina fhiacha bheidh dlite ar an duine sin ag an Aire agus a bheidh iníoctha aige leis an Aire, agus i gcás an dleachta san no aon choda dhe d'fhanúint gan íoc i ndiaidh an dáta is déanaí luaidhtear san Acht so chun an dleachta san d'íoc, féadfaidh an tAire an dleacht no an chuid sin do bhaint den duine sin mar fhiacha ghnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.
(2) In aon imeachta fén alt so, chun méid dleachta no coda de dhleacht do bhaint d'éinne, beidh deimhniú fé shéala an Aire, á dheimhniú go bhfuil an méid sin dlite ar an duine sin, ina fhianaise prima facie ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh.
(3) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le dleacht is iníoctha fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le dleacht ar im do bhí ar láimh an 21adh lá d'Abrán, 1932.
Cuntaisí chuirfidh duine isteach a dhligheann dleacht d'íoc.
19.—(1) Gach duine go gceangailtear air leis an Acht so no fé dleacht d'íoc alos aon ime do rinne sé no do fuair sé i rith na roimh-thréimhse no i rith dleacht-mhí, déanfa sé, lá nách déanaí ná an dáta is déanaí luaidhtear san Acht so chun an dleachta san d'íoc, mion-innste ar an im do rinne sé no do fuair sé i rith na roimh-thréimhse no i rith an dleacht-mhí sin do chur chun an Aire, agus beidh ag gabháil leis na mion-innste sin, i gcás ime fuarthas i rith na roimh-thréimhse no i rith an dleacht-mhí sin, ainmneacha agus seolta aon trádálaí ime no únaera mhonarchan ime le n-ar hath-dhíoladh aon chuid den im sin agus na dátaí ar a udearnadh an t-ath-dhíol san agus ráiteas ar an méid den im sin a hath-dhíoladh, maraon le pé mion-innste eile a hordófar i gcás ime ar bith.
(2) Má theipeann ar éinne den tsórt san déanamh do réir forálacha an ailt seo no má thugann sé faillí sa ní sin. beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.
CUID III.
Dleacht ar Im Iomportalta, agus Srian le hIm d'Iomportail.
Dleacht ar im iomportálta.
20.—(1) Íocfar leis an Aire, ag an am a luaidhtear san Acht so, ar an im go léir atá saor o dhiúité custum de bhuadh fo-ailt (2) d'alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1931 (Uimh. 14 de 1931) agus a tabharfar go dtí aon mhonarcha ime i Saorstát Éireann agus a hiomportálfar ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, dleacht do réir ráta is có-ionann le ráta na deolchaire ime is iníoctha fén Acht so ar im monarchan le linn na hiomportála.
(2) Íocfar leis an Aire, ag an am a luaidhtear san Acht so, ar an im go léir a hath-iomportálfar ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin gan diúité custum d'íoc air de bhuadh fo-ailt (5) d'alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1931, dleacht mar leanas, sé sin le rá:—
(a) má híocadh deolchaire fén Acht so alos an ime sin d'easportáil, beidh an dleacht do réir pé ráta acu so leanas is mó:—
(i) an ráta gur dá réir do híocadh an deolchaire sin;
(ii) ráta na deolchaire bheidh le linn na hath-iomportála, iníoctha fén Acht so ar im den tsaghas chéanna d'easportáil;
(b) marar híocadh aon deolchaire fén Acht so alos an ime sin le linn na heasportála, beidh an dleacht do réir ráta na deolchaire bheidh, le linn na hath-iomportála, iníoctha fén Acht so ar im den tsaghas chéanna d'easportáil.
(3) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire fé fho-alt (1) den alt so agus gach airgead a gheobhaidh an tAire alos ime mhonarchan ath-iomportálta fé fho-alt (2) den alt so do chur i gcreidiúint don chuntas ime mhonarchan.
(4) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire alos ime uachtarlainne ath-iomportálta fé fho-alt (2) den alt so do chur i gcreidiúint don chuntas ime uachtarlainne.
(5) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire alos ime feirme ath-iomportálta fé fho-alt (2) den alt so do chur i gcreidiúint don chuntas ime ilghnéithigh.
Toirmeasc le him d'iomportáil.
21.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne im ar bith d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ach amháin fé cheadúnas agus do réir ceadúnais do dheon an tAire fén alt so.
(2) Ar n-a iarraidh sin d'éinne sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar an duine sin d'íoc an dleachta chuibhe (más ann do) is iníoctha uirthe fén Acht so, féadfaidh an tAire ceadúnas do dheonadh don duine sin chun na consighneachta ime luadhfar sa cheadúnas d'iomportáil an bealach (más ann do), agus fé réir na gcoinníoll, a bheidh curtha síos sa cheadúnas.
(3) Oibreoidh ceadúnas a deonfar fén alt so chun a údarú don duine dá ndeonfar é an chonsighneacht ime luadhfar ann d'iomportáil do réir téarmaí an cheadúnais.
(4) Féadfaidh an tAire, aon am sara ndeintear consighneacht ime luadhfar i gceadúnas d'iomportáil, an ceadúnas a bhaineann leis an gconsighneacht san do cheiliúradh.
(5) Má hiomportálann éinne im gan ceadúnas a deonadh fén alt so, no má sháruíonn éinne dar deonadh ceadúnas fén alt so aon cheann de sna téarmaí no de sna coinníollacha bheidh sa cheadúnas san, no ma dheineann éinne a thabhairt le tuiscint go bréagach, tré mharc ar an gconsighneacht no ar aon tslí eile, gur do réir aon cheadúnais den tsaghas san atá aon chonsighneacht ime á hiomportáil, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.
(6) Mara n-orduíonn an tAire a mhalairt, go generálta no in aon chás áirithe, ní bhainfidh an t-alt so le haon im d'iomportáil a bheidh do réir na gcoinníoll uile luaidhtear i míreanna (a), (b), (c) agus (d) d'fho-alt (3) d'alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1931 (Uimh. 14 de 1931).
(7) Léireofar alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an earra so leanas le Clár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá san alt san, sé sin le rá, im go dtoirmeasctar leis an alt so é d'iomportáil.
CUID IV.
Srian le Bainne agus le Torthai Airithe Bainne d'Iomportail.
Tora déiríochta.
22.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “tora déiríochta” bainne go n-a chuid uachtair, agus uachtar agus torthaí cile bainne, ach ní fholuíonn sí im.
Orduithe á thoirmeasc tora áirithe déiríochta d'iomportáil.
23.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham le hordú (dá ngairmtear ordú toirmisc (iomportáil) sa Chuid seo den Acht so) toirmeasc do chur le aon tsaghas no saghasanna áirithe tora déiríochta d'iomportáil.
(2) Féadfaidh an tAire am ar bith, le hordú, ordú toirmisc (iomportáil) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do cheiliúradh.
(3) Pé uair a déanfar ordú toirmisc (iomportáil) maidir le haon tsaghas tora déiríochta, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, déanfar iomportáil an tsaghais sin tora déiríochta (nách iomportáil a déanfar fé cheadúnas speisialta agus do réir ceadúnais speisialta do deonadh fén gCuid seo den Acht so no fé ordú saoirse agus do réir ordú saoirse do rinneadh fén gCuid seo den Acht so) do chur le Clár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh an iomportáil sin ina cuid den Chlár san, agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.
Srian le tora áirithe déiríochta d'iomportáil.
24.—(1) Pé uair a déanfar ordú toirmisc (iomportáil) agus a bheidh sé i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach, fé réir forálacha an ailt seo, d'éinne an saghas tora déiríochta le n-a mbaineann an t-ordú san d'iomportáil.
(2) Má hiomportálann éinne aon tora déiríochta contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon tora déiríochta a hiomportálfar fé cheadúnas speisialta iomportála agus dá réir ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so.
(4) Ní bhainfidh an t-alt so le cás aon bhainne no uachtair a bheidh saor o oibriú ordú toirmisc (iomportáil) de bhuadh ordú saoirse ar n-a dhéanamh fén gCuid seo den Acht so.
Ceadúnaisí speisialta iomportála.
25.—(1) Ar n-a iarraidh sin d'éinne sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas speisialta iomportála sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh don duine sin chun na consighneachta tora déiríochta luadhfar sa cheadúnas d'iomportáil an bealach (más ann do), agus fé réir na gcoinníoll, a bheidh curtha síos sa cheadúnas.
(2) Oibreoidh ceadúnas speisialta iomportála chun a údarú don duine dá ndeonfar é an chonsighneacht tora déiríochta luadhfar ann d'iomportáil do réir téarmaí an cheadúnais.
(3) Féadfaidh an tAire, aon am sara ndeintear consighneacht tora déiríochta d'iomportáil, an ceadúnas a bhaineann leis an gconsighneacht san do cheiliúradh.
(4) Má sháruíonn éinne dar deonadh ceadúnas speisialta iomportála aon cheann de sna téarmaí no de sna coinníollacha bheidh sa cheadúnas san, no má dheineann éinne a thabhairt le tuiscint go bréagach, tré mharc ar an gconsighneacht no ar aon tslí eile, gur do réir aon cheadúnais den tsaghas san atá aon chonsighneacht tora déiríochta á hiomportáil, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
Orduithe saoirse.
26.—Féadfaidh an tAire o am go ham le hordú fén alt so—
(a) uachtar ar bith gur i stáisiún deighilte uachtair i dTuaisceart Éireann is le dílseánach cláruithe áitreibh uachtarlainne i Saorstát Éireann agus atá fé n-a stiúradh san a deighilfear é agus a tabharfar díreach on stáisiún deighilte uachtair sin go dtí an t-áitreabh uachtarlainne sin; agus
(b) bainne ar bith a thabharfaidh feirmeoir go mbeidh comhnaí air i dTuaisceart Éireann go dtí stáisiún deighilte uachtair no go dtí áitreabh uachtarlainne is le comhar-chumann i Saorstát Éireann;
do shaoradh o oibriú ordú toirmisc (iomportáil) ach an t-iomportálaí do chólíonadh na gcoinníoll (más ann dóibh) a luadhfar san ordú san.
CUID V.
Srian le hIm d'Easportail.
Orduithe toirmisc (easportáil).
27.—(1) Pé uair a bheidh agus chó minic agus a bheidh an tAire sásta ná fuil dóthain ime do mhuinntir Shaorstáit Éireann á choinneáil i Saorstát Éireann, féadfa sé, le hordú (dá ngairmtear ordú toirmisc (easportáil) sa Chuid seo den Acht so), toirmeasc do chur le him de gach saghas no le him de shaghas áirithe d'easportáil.
(2) Féadfaidh an tAire am ar bith, le hordú, ordú toirmisc (easportáil) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do cheiliúradh.
Toirmeasc le him d'easportáil.
28.—(1) Pé uair a déanfar ordú toirmisc (easportáil) agus a bheidh sé i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach, fé réir forálacha an ailt seo, d'éinne aon im le n-a mbaineann an t-ordú san d'easportáil.
(2) Má heasportálann éinne aon im contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.
(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon im a heasportálfar fé cheadúnas speisialta easportála agus dá réir ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so.
(4) Beidh éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den alt so fé is dá mbeadh siad sa Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Achta san agus ag forálacha aon Achta leasuíonn no leathnuíonn an tAcht san.
Ceadúnaisí speisialta easportála.
29.—(1) Ar n-a iarraidh sin d'éinne sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas speisialta easportála sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh don duine sin chun na consighneachta ime luadhfar sa cheadúnas d'easportáil an bealach (más ann do), agus fé réir na gcoinníoll, a bheidh curtha síos sa cheadúnas.
(2) Oibreoidh ceadúnas speisialta easportála chun a údarú don duine dá ndeonfar é an chonsighneacht ime luadhfar ann d'easportáil do réir téarmaí an cheadúnais.
(3) Féadfaidh an tAire, aon am sara ndeintear consighneacht ime d'easportáil, an ceadúnas a bhaineann leis an gconsighneacht san do cheiliúradh.
(4) Má sháruíonn éinne dar deonadh ceadúnas speisialta easportála aon cheann de sna téarmaí no de sna coinníollacha bheidh sa cheadúnas san, no má dheineann éinne a thabhairt le tuiscint go bréagach, tré mharc ar an gconsighneacht no ar aon tslí eile, gur do réir aon cheadúnais den tsaghas san atá aon chonsighneacht ime á heasportáil, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
CUID VI.
Deolchairi ar Im a hEasportalfar.
Ráta na deolchaire ar im a heasportálfar.
30.—(1) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, rialacháin do dhéanamh ag ordú ráta ghenerálta na deolchaire bheidh ar im uachtarlainne ach ní bheidh an ráta generálta a hordófar amhlaidh le haon rialacháin den tsaghas san níos mó ná ráta an diúité ime ná níos mó ná pé suim an púnt a dhéanfadh scilling agus trí pingne go leith, da gcuirtí í leis an bpraghas an púnt a bheidh deimhnithe sna rialacháin sin do bheith cóionann dar leis an Aire leis an meán-phraghas, agus an costas traenach íoctha, an púnt a bhí ar im uachtarlainne do heasportáladh i rith na tréimhse sin roimh na rialacháin sin do dhéanamh a thoghfaidh an tAire agus a luadhfa sé sna rialacháin sin.
San alt so cialluíonn an abairt “an ráta generálta” an ráta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire de bhuadh rialachán fén bhfo-alt so, no tuistiún an púnt i gcás gan aon ráta den tsaghas san do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire.
(2) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, rialacháin do dhéanamh ag ordú ráta speisialta na deolchaire bheidh ar im uachtarlainne ach ní bheidh an ráta speisialta a hordófar amhlaidh leis na rialacháin sin níos mó ná ráta an diúité ime ná níos mó ná pé suim an púnt a dhéanfadh scilling agus trí pingne go leith, dá gcuirtí í leis an bpraghas an púnt a bheidh deimhnithe sna rialacháin sin do bheith cón-phraghas, agus an costas traenach íoctha, an púnt a bhí ar im uachtarlainne do heasportáladh i rith na tréimhse sin roimh na rialacháin sin do dhéanamh a thoghfaidh an tAire agus a luadhfa sé sna rialacháin sin, ná ní bheidh an ráta speisialta san níos lugha ná an ráta generálta.
San alt so cialluíonn an abairt “an ráta speisialta” an ráta (más ann do) bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire de bhuadh rialachán fén bhfo-alt so.
(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an ráta cuibhe”—
(a) maidir le him uachtarlainne easportálfaidh có-ghléasadh mhór-mharguíochta bheidh ag obair fé rialacha le n-ar aontuigh an tAire, an ráta speisialta bheidh i bhfeidhm le linn an ime sin d'easportáil no an ráta generálta bheidh i bhfeidhm le linn an ama san mara mbíonn aon ráta speisialta i bhfeidhm an t-am san;
(b) maidir le haon im eile uachtarlainne, an ráta generálta bheidh i bhfeidhm le linn an ime sin d'easportáil.
(4) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, rialacháin do dhéanamh ag ordú ráta na deolchaire bheidh ar im monarchan, ach ní bheidh ráta na deolchaire a hordófar amhlaidh níos mó ná ráta an diúité ime.
Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an ráta cuibhe” maidir le him monarchan an ráta bheidh i bhfeidhm de bhuadh rialachán fén bhfo-alt so le linn an ime sin d'easportáil, no dhá phingin go leith an púnt i gcás gan aon ráta den tsaghas san do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire.
(5) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, rialacháin do dhéanamh ag ordú ráta na deolchaire bheidh ar im feirme, ach ní bheidh ráta na deolchaire a hordófar amhlaidh níos mó ná ráta na deolchaire ar im monarchan.
Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an ráta cuibhe” maidir le him feirme an ráta bheidh i bhfeidhm de bhuadh rialachán fén bhfo-alt so le linn an ime sin d'easportáil, no dhá phingin go leith an púnt i gcás gan aon ráta den tsaghas san do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire.
(6) Nuair a bheidh an tAire ag ordú rátaí na deolchaire bheidh ar im uachtarlainne, ar im monarchan agus ar im feirme, fé seach, féachfa sé do sna nithe seo leanas, eadhon—
(a) na suimeanna bheidh curtha i gcreidiúint agus na suimeanna is deallrathach a cuirfear i gcreidiúint don chuntas ime uachtarlainne, don chuntas ime monarchan agus don chuntas ime ilghnéithigh;
(b) na fiacha bheidh i leith na gcuntas san i láthair na huaire sin agus na suimeanna is deallrathach a híocfar amach as na cuntaisí sin;
(c) an méid ime bheidh i Saorstát Éireann agus an méid ime is deallrathach a déanfar agus a heasportálfar;
(d) meán-phraghsanna ime i láthair na huaire sin, agus na meán-phraghsanna is deallrathach a bheidh ar im, ar na margaí i mbaile agus i gcéin;
(e) pé nithe eile bhaineann leis an scéal dar leis an Aire.
Deolchaire ar im.
31.—(1) Fé réir forálacha an Achta so, íocfaidh an tAire, ar im uachtarlainne, ar im monarchan agus ar im feirme a heasportáladh no a heasportálfar go dleathach an 21adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin, deolchaire do réir an ráta chuibhe leis an té do rinne an easportáil sin.
(2) Ní bheidh aon deolchaire iníoctha ar im ar bith a heasportáladh no a heasportálfar fé cheadúnas ar n-a dheonadh fé alt 12 den Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924).
(3) Ní bheidh aon deolchaire iníoctha ar im ar bith mara mbíonn an tAire sásta gur híocadh dleacht fén Acht so ar an im sin do dhéanamh, d'fháil no d'iomportáil.
(4) Déanfar gach airgead íocfaidh an tAire fén alt so alos ime uachtarlainne do chur i gcoinnibh an chuntais ime uachtarlainne, agus gach airgead íocfaidh an tAire fén alt so alos ime mhonarchan do chur i gcoinnibh an chuntais ime mhonarchan, agus gach airgead íocfaidh an tAire fén alt so alos ime feirme do chur i gcoinnibh an chuntais ime ilghnéithigh.
Eilithe ar dheolchaire ar im.
32.—(1) Féadfaidh gach duine adeireann é bheith i dteideal deolchaire d'fháil fén gCuid seo den Acht so a iarraidh ar an Aire fén alt so an deolchaire sin d'íoc leis.
(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann.
(3) Má dheineann iarratasóir ar bith aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur in iarratas fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.
Deolchaire ar im d'íoc.
33.—Ar iarratas d'fháil do chun deolchaire fén gCuid seo den Acht so d'íoc déanfaidh an tAire an t-iarratas san do scrúdú agus i gcás é do bheith sásta deolchaire do bheith iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an ime le n-a mbaineann an t-iarratas san, agus sa chás san amháin, íocfa sé leis an iarratasóir an deolchaire bheidh iníoctha alos an ime sin.
CUID VII.
Deolchairi ar Thorthai Bainne a hEasportalfar.
Torthaí áirithe bainne le n-a mbaineann an Chuid seo.
34.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, baineann an Chuid seo den Acht so le gach ceann de sna torthaí bainne seo leanas (dá ngairmtear torthaí áirithe bainne san Acht so), sé sin le rá:—
(a) uachtar atá i soithigh atá séaluithe go hermeticiúil agus gan níos mó ná sé unsa déag d'uachtar ionta;
(b) uachtar ina mhór-choda;
(c) bainne tiughtha;
(d) bainne tiormuithe.
(2) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go scuirfidh aon tora áirithe bainne de bheith ina thora bhainne le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus leis sin, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, ní bheidh an tora áirithe bainne sin ina thora bhainne le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.
Torthaí eile bainne le n-a mbaineann an Chuid seo.
35.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go mbeidh tora bainne ar bith (nách im ná tora áirithe bainne) a luadhfar san ordú san ina thora bhainne le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus pé uair a déanfar ordú ar bith den tsaghas san agus a bheidh sé i bhfeidhm beidh an tora bainne luadhfar san ordú san, beidh san freisin ina thora bhainne le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so, ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.
Ráta na deolchaire ar thorthaí bainne.
36.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú an ráta gur dá réir a híocfar deolchairí fén gCuid seo den Acht so alos torthaí bainne agus féadfar rátaí deirfriúla d'ordú alos torthaí deifriúla bainne.
(2) Go dtí go ndéanfar rialacháin fén alt so ag ordú an ráta gur dá réir a híocfar deolchairí fén gCuid seo den Acht so alos uachtair ina mhór-choda is dhá phingin a bheidh mar ráta in aghaidh an phúint ar im-chothrom an uachtair ina mhór-choda.
(3) Go dtí go ndéanfar rialacháin fén alt so ag ordú an ráta gur dá réir a híocfar deolchairí fén gCuid seo den Acht so alos tortha bhainne ar bith (seachas uachtar ina mhór-choda) is dhá phingin a bheidh mar ráta in aghaidh an phúint ar im-chothrom an tortha bhainne sin.
Deolchairí ar thorthaí bainne a heasportálfar.
37.—(1) Fé réir forálacha an Achta so íocfaidh an tAire deolchaire le gach éinne do rinne no dhéanfaidh aon tora bainne le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil an 21adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) agus a chólíonfaidh na coinníollacha san (más ann dóibh) a bheidh orduithe, agus beidh an deolchaire sin do réir an ráta socruítear no a socrófar, alos an tortha bhainne sin, leis an gCuid seo den Acht so no fúithe agus a bheidh i bhfeidhm le linn na heasportála agus beidh sí iníoctha do réir an ráta san ar im-chothrom an tortha bhainne sin.
(2) Ní bheidh deolchaire fén alt so iníoctha alos aon tortha bhainne mara gcólíontar na coinníollacha uile seo leanas alos an tortha bhainne sin, sé sin le rá:—
(a) maran ar an 21adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) agus maran díreach as bainne go n-a chuid uachtair do rinneadh é; agus
(b) mara ndearnadh é—
(i) in áitreabh uachtarlainne, no
(ii) in áitreabh eile 'na bhfaightear a chuid bainne ar fad o áitreabh uachtarlainne, no o áitreabh atá cláruithe i gclár na stáisiún deighilte uachtair; agus
(c) marab é a dhéantóir no dílseánach cláruithe áitreibh uachtarlainne d'easportáil é; agus
(d) i gcás an tortha bhainne sin d'easportáil an 21adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin, agus laistigh den lá is fiche i ndiaidh dáta an Achta so do rith, maran é duine d'easportáil é ná duine dar dheon an tAire ceadúnas tortha bhainne (easportáil) alos an tortha bhainne sin fén gCuid seo den Acht so laistigh den lá is fiche sin; agus
(e) i gcás an tortha bhainne sin d'easportáil tar éis don lá is fiche i ndiaidh dáta an Achta so do rith do bheith caithte, maran é duine easportálfaidh é ná duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas tortha bhainne (easportáil) alos an tortha bhainne sin do dhcon an tAire fén gCuid seo den Acht so agus maran do réir téarmaí an cheadúnais sin a heasportálfar amhlaidh é.
(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é is im-chothrom d'aon tora bainne ná an méid ime le n-a mbeadh an tora bainne sin có-ionann, dá n-áirmhítí ceithre púnt ochtód de gheir ime sa tora bhainne sin do bheith có-ionann le céad púnt ime.
(4) Déanfar gach airgead íocfaidh an tAire fén alt so do chur i gcoinnibh an chuntais ime uachtarlainne.
Ceadúnaisí tortha bhainne (easportáil).
38.—(1) Ar n-a iarraidh sin d'éinne sa bhfuirm agus sa tslí orduithe féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas tortha bhainne (easportáil) sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh don duine sin chun an tortha bhainne luadhfar sa cheadúnas san d'easportáil fé réir na dtéarmaí bheidh luaidhte sa cheadúnas.
(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas tortha bhainne (easportáil) do cheiliúradh.
Eilithe ar dheolchaire.
39.—(1) Féadfaidh gach duine adeireann é bheith i dteideal deolchaire d'fháil fén gCuid seo den Acht so a iarraidh ar an Aire fén alt so an deolchaire sin d'íoc leis.
(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann.
(3 Má dheineann iarratasóir ar bith aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur in iarratas ar bith fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil de chéad púnt do chur air.
Deolchairí ar thorthaí bainne d'íoc.
40.—Ar iarratas d'fháil do chun deolchaire fén gCuid seo den Acht so d'íoc déanfaidh an tAire an t-iarratas san do scrúdú agus i gcás é do bheith sásta deolchaire do bheith iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an tortha bhainne le n-a mbaineann an t-iarratas san, agus sa chás san amháin, íocfa sé leis an iarratasóir an deolchaire bheidh iníoctha alos an tortha bhainne sin.
CHUID VIII.
Foralacha Airgeadais.
An ciste ime.
41.—(1) Déanfaidh an tAire ciste caipitail fé leith do choimeád dá ngairmfear an ciste ime agus an ciste sin do choinneáil suas agus do bhainistí do réir an Achta so.
(2) Déanfaidh an tAire gach airgead a gheobha sé fén Acht so i bhfuirm dleachta ar im d'íoc isteach sa chiste ime.
(3) Ní déanfar aon airgead d'íoc amach as an gciste ime ach amháin—
(a) airgead is gá chun deolchairí fén Acht so d'íoc;
(b) airgead is gá chun aisíoca d'íoc fé sna forálacha den Acht so bhaineann le dleachtanna ar im feirme d'aisíoc;
(c) aon airgead eile is gá do réir an Achta so d'íoc amach as an gciste ime.
(4) Pé uair i rith aon bhliana airgeadais nách leor an t-airgead a bheidh i gcreidiúint don chiste ime de thurus na huaire chun aon íocaíocht d'íoc is gá d'íoc amach as an gciste sin, íocfaidh an tAire isteach sa chiste ime, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. pé suimeanna is gá chun an easnaimh do shlánú.
(5) Aon airgead a híocfar isteach sa chiste ime fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo in aon bhliain airgeadais déanfar, tráth nách déanaí ná deireadh na bliana airgeadais sin, é d'íoc amach as an gciste ime agus isteach sa Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.
Cuntaisí choimeádfaidh an tAire.
42.—(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár na cuntaisí seo leanas do choimeád, eadhon—
(a) an cuntas ime uachtarlainne;
(b) an cuntas ime mhonarchan; agus
(c) an cuntas ime ilghnéithigh.
(2) Cuirfear i gcreidiúint don chuntas ime uachtarlainne, don chuntas ime mhonarchan agus don chuntas ime ilghnéithigh gach airgead is gá do réir an Achta so do chur i gcreidiúint do gach cuntas fé leith acu san.
(3) Cuirfear i gcoinnibh an chuntais ime uachtarlainne gach airgead is gá do réir an Achta so do chur i gcoinnibh an chuntais sin agus ní cuirfear aon airgead eile ina choinnibh.
(4) Cuirfear i gcoinnibh an chuntais ime mhonarchan gach airgead is gá do réir an Achta so do chur i gcoinnibh an chuntais sin agus ní cuirfear aon airgead eile ina choinnibh.
(5) Cuirfear i gcoinnibh an chuntais ime ilghnéithigh gach airgead is gá do réir an Achta so do chur i gcoinnibh an chuntais sin agus ní cuirfear aon airgead eile ina choinnibh.
Cad déanfar le farasbarr an chuntais ime ilghnéithigh.
43.—(1) Má bhíonn airgead i gcreidiúint don chuntas ime ilghnéithigh uair ar bith, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-airgead san no cuid den airgead san do chur, do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so, mar chabhair chun déiríochta do chur ar aghaidh, agus sa chás san cuirfear an t-airgead san no an chuid sin i gcoinnibh an chuntais ime ilghnéithigh, agus íocfar an t-airgead san no an chuid sin amach as an gciste ime.
(2) Gach rialachán a deánfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus ní thiocfaidh aon rialachán den tsaghas san i bhfeidhm mara n-aontuítear ná go dtí go n-aontófar leis tré rún o gach Tigh acu san.
(3) Na forálacha den Acht so bhaineann le horduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais ní bheidh feidhm acu maidir le haon rialachán a déanfar fén alt so.
Cuntaisí d'iniúchadh.
44.—Déanfaidh an tAire cuntaisí ar a fháltaisí agus ar a chaiteachaisí fén Acht so d'ullamhú i pé fuirm agus pé amanna ordóidh an tAire Airgid, agus déanfaidh, laistigh de shé mí tar éis deireadh na bliana airgeadais le n-a mbaineann na cuntaisí, na cuntaisí sin do chur go dtí an tArd-Scrúdóir chun iad d'iniúchadh agus do dheimhniú agus chun tuarasgabhála do dhéanamh ina dtaobh do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid agus déanfar na cuntaisí, maraon le tuarasgabhála an Ard-Scrúdóra ina dtaobh, do leagadh fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis na dtuarasgabhála do dhéanamh.
Costaisí an Aire.
45.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.
CUID IX.
Ilghneitheach.
Deolchaire ar im a bheidh in earraí áirithe bidh.
46.—(1) Má bhíonn an tAire sásta go ndearnadh aon im ar ar híocadh dleacht fén Acht so d'úsáid chun aon earra eile bidh a heasportáladh ina dhiaidh sin do dhéanamh i Saorstát Éireann, déanfaidh an tAire deolchaire ar an im sin d'íoc amach as an gciste ime leis an duine do rinne agus d'easportáil an earra san agus beidh an deolchaire sin do réir an ráta chéanna gur dá réir a bheidh an deolchaire bheidh iníoctha de thurus na huaire fén Acht so alos ime den tsaghas chéanna le linn na hearra san do dhéanamh.
(2) Déanfar gach airgead íocfaidh an tAire fén alt so alos ime uachtarlainne do chur i gcoinnibh an chuntais ime uachtarlainne, agus gach airgead íocfaidh an tAire fén alt so alos ime mhonarchan do chur i gcoinnibh an chuntais ime mhonarchan, agus gach airgead íocfaidh an tAire fén alt so alos ime feirme do chur i gcoinnibh an chuntais ime ilghnéithigh.
Fraghas ime ar n-a dhíol ina mhór-choda.
47.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a shocrú, maidir le haon tsaghas ime, cadé an praghas is aoirde ar a bhféadfaidh déantóir no soláthraí ime den tsaghas san an t-im sin do dhíol ina mhór-choda.
(2) Féadfaidh an tAire ordú bheidh déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.
(3) Pé uair a déanfar ordú maidir le haon tsaghas ime fé fho-alt (1) den alt so agus a bheidh sé i bhfeidhm, ní bheidh sé dleathach d'aon déantóir ná soláthraí ime aon im den tsaghas san do dhíol ina mhór-choda ar phraghas is aoirde ná an praghas a bheidh socair leis an ordú san.
(4) Má dheineann éinne gníomh is sárú ar an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.
Breacacháin a choimeádfaidh déantóirí, etc.
48.—(1) Beidh sé de dhualgas ar dhaoine ag a mbeidh dleachtanna iníoctha no le n-a mbeidh deolchairí iníoctha fén Acht so na breacacháin sin do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád ordóidh an tAire do sna daoine sin a choimeád agus féadfar a chur mar cheangal ar dhaoine deifriúla den tsaghas san breacacháin deifriúla do choimeád.
(2) Féadfaidh cigire gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo d'iniúchadh gach tráth réasúnta, agus an duine go mbeidh air fén alt so na breacacháin sin do choimeád beidh sé de dhualgas air na breacacháin sin do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin iad agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sna breacacháin sin no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach asta.
(3) Má thárlann d'éinne ag a mbeidh aon dleacht iníoctha no le n-a mbeidh aon deolchaire iníoctha fén Acht so—
(a) go dteipfidh air na breacacháin sin do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád gur gá dho do réir an ailt seo iad do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád; no
(b) go dteipfidh air na mion-innste orduithe do chur sna breacacháin sin no a chur fé ndeár iad do chur sna breacacháin sin laistigh den am orduithe; no
(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn, gur gá dho do réir an ailt seo é do thaisbeáint, do thaisbeáint no a chur fé ndeár é do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air chun go n-iniúchfaidh cigire é, no go gcuirfe sé cosc le cigire ar bith agus é ag déanamh an iniúchta san; no
(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san;
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no príosúntacht ar feadh aon tréimhse nách sia ná sé mí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(4) Chun crícheanna an ailt seo—
(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus
(b) cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú; agus
(c) tuigfear gur iarr cigire go cuibhe ar an duine ag a mbeidh dleacht iníoctha no le n-a mbeidh deolchaire iníoctha fén Acht so breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil ag seoladh an duine sin ar an duine sin no ar bhainisteoir, ar rúnaí, ar choimeádaí leabhar no ar bhall eile d'fhuirinn chléireachais an duine sin; agus
(d) más duine bheidh ar fostú in áitreabh is le duine no atá i seilbh duine ag a mbeidh dleacht iníoctha no le n-a mbeidh deolchaire iníoctha fén Acht so a dhiúltóidh no ar a dteipfidh breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é tuigfear gurb é únaer an áitreibh sin do dhiúltaigh no ar ar theip amhlaidh.
Cuntaisí o dhéantóirí, etc.
49.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) na cúntaisí thabharfaidh déantóirí, ceannuitheoirí, casportálaithe, agus iomportálaithe ime agus torthaí eile bainne uatha;
(b) na daoine dá dtabharfar na cuntaisí sin;
(c) na hamannta tabharfar na cuntaisí sin;
(d) an fhuirm ina dtabharfar na cuntaisí sin.
(2) Gach n-aon gur gá dho do réir rialachán a déanfar fén alt so cuntas ar bith do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no a dhiúltóidh an cuntas san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
Atharú ar chonnartha i dtaobh ime agus uachtair do dhíol.
50.—(1) Má rinne duine, an 21adh lá d'Abrán, 1932, no roimhe sin, connradh chun ime no uachtair do sheachadadh in aon áit i Saorstát Éireann, ansan, mara mbíonn aon chó-aontú contrárdha dho san ann. beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—
(a) más le him a bhaineann an connradh, beidh an duine sin i dteideal suime do chur leis an bpraghas chonnarthach, alos an ime go léir a seachadadh no a seachadfar fén gconnradh, suim is có-ionann leis an deolchaire bheadh iníoctha ar an im sin dá n-easportáltaí é an uair a seachadadh no a seachadfar é;
(b) más le huachtar a bhaineann an connradh, beidh an duine sin i dteideal suime do chur leis an bpraghas chonnarthach, alos an uachtair go léir a seachadadh no a seachadfar fén gconnradh, suim is có-ionann leis an deolchaire (más ann di) bheadh iníoctha ar an uachtar san dá n-easportáltaí é an uair a seachadadh no a seachadfar é.
(2) Einne go mbeidh duine eile chun ime no uachtair do sholáthar do fé chonnradh a rinneadh an 21adh lá d'Abrán, 1932, no roimhe sin, féadfa sé fógra ag cur deireadh leis an gconnradh san do sheirbheáil ar an duine eile sin, agus má seirbhheáltar an fógra san beidh deireadh leis an gconnradh san i gcionn seacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil.
Clárú áitreibh do chur ar ceal ar chiontú no ar theip i ndleacht d'íoc, etc.
51.—(1) Má deintear dílseánach cláruithe aon áitreibh atá cláruithe fén Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) do chiontú i gcionta fé alt ar bith den Acht so no má theipeann ar an dílseánach san aon dleacht d'íoc leis an Aire is gá dho d'íoc fén Acht so no má dheineann sé faillí san íoc san no má theipeann air aon bhreacachán do choimeád no aon chuntas do thabhairt uaidh is gá dho do réir an Achta so do choimeád no do thabhairt uaidh no má dheineann sé faillí sa choimeád no sa tabhairt sin, féadfaidh an tAire clarú an áitreibh sin do chur ar ceal.
(2) Sara ndéanfaidh an tAire clárú aon áitreibh do chur ar ceal fén alt so bhéarfa sé fógra coicíse ar a laighead i scríbhinn don dílseánach cláruithe i dtaobh é bheith ar intinn an clárú san do chur ar ceal amhlaidh, agus breithneoidh sé aon chúis a phléidhfidh an dílseánach san leis sara dtéighidh an fógra san in éag, agus féadfa sé más oiriúnach leis é a chur fé ndeár fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an scéil.
Eolas d'fhoillsiú.
52.—(1) Féadfaidh an tAire fógra i dtaobh aon chiontuithe i gcionta fé alt ar bith den Acht so d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis.
(2) Ní déanfar aon chuntas ná aon chuid de chuntas a seachadfar do réir an Achta so d'fhoillsiú ná ní nochtfar cad a bheidh ann ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so.
(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitisticiúil (le n-a n-áirmhítear staitistíocht a gheobhfar o chuntaisí seachadfar do réir an Achta so) is oiriúnach leis, maidir le staid trádála an ime, do bhailiú agus d'fhoillsiú.
Ciontaí do chúiseamh.
53.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.
Scríbinní do sheirbheáil.
54.—Aon deimhniú no aon fhógra a ceangailtear no a húdaruítear leis an Acht so do sheirbheáil ar dhuine ar bith, féadfar é do sheirbheáil tré n-a sheachadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint le duine os cionn sé mblian déag d'aois san áitreabh ina mbíonn gnó ar siúl ag an té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh an áitreibh ina mbíonn gnó ar siúl aige.
SCEIDEAL.
Cuid I.
Cumainn Sceidealta.
Comhar-Uachtarlann Dhomhnach Mór Muighe Dála, Tta., | Baile Uí Bhróithe, Laoghis. |
Comhar-Uachtarlanna Mhuigheo, Tta., | Ball Aluinn, Co. Mhuigheo. |
Comhar-Uachtarlanna Lár na hÉireann, Tta., | Tulach Mhór, Ua bhFáilghe. |
Comhar-Uachtarlann Ros Cré, Tta., | Ros Cré, Co. Thiobrad Arann. |
Comhar-Uachtarlann na Scairbhe, Tta., | Scairbh, Co. an Chláir. |
Comhar-Chumann Talmhaíochta Shíol | |
Broin, Tta., | Ceann Puill, Co. Loch gCarmain. |
Comhar-Uachtarlanna Ghleann na Sláinge, | |
Tta., | Tulach O bhFéidhlim, Co. Cheatharlaigh. |
Cuid II.
Aitreibh Sceidealta.
Aitreabh sa Chúl Bhán, Co. Loch | |
gCarmain, is | le—Comhar-Uachtarlainn Boro, Tta. |
Aitreabh i mBun Raite, Co. an Chláir, | |
is | le—Comhar-Uachtarlainn Bhun Raite, Tta. |
Aitreabh i nGráig Cuilinn, Co. | |
Cheatharlaigh, is | le—Comhar-Uachtarlainn Cheatharlaigh, Tta. |
Aitreabh i nDamhshrath, Co. an | |
Chabháin, is | le—Comhar-Uachtarlainn Damhshratha, Tta. |
Aitreabh in Eadan Doire, Ua bhFáilghe, | |
is | le—Comhar-Uachtarlainn Eadan Doire, Tta. |
Aitreabh in Ath I, Co. Chilldara, is | le—Comhar-Uachtarlanna Chilldara agus Laoighse, Tta. |
Aitreabh i dTigh Maodhóg, Laoighis, is | le—Comhar-Uachtarlanna Chilldara agus Laoighse, Tta. |