[EN]

Uimhir 10 de 1937.


[EN]

ACHT PRÍMH-CHISTE, 1937.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A SEACHT TRIOCHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A hOCHT TRIOCHAD. [16adh Márta, 1937.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

£166,821 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1937.

1.—Féadfaidh an tAire Airgid suim Chéad agus Sé Mhíle Seascad, Ocht gCéad agus Aon Phunt Fhichead do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a seacht triochad.

[EN]

£10,490,000 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1938.

2.—Féadfaidh an tAire Airgid suim Deich Milleon agus Ceithre Chéad agus Nócha Míle Punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a hocht triochad.

[EN]

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil suas go dtí £10,656,821.

3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Deich Milleon Sé Chéad agus Sé Mhíle Caogad, Ocht gCéad agus Aon Phunt Fhichead d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coinníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

[EN]

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

[EN]

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chun as an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

[EN]

Gearr-theideal.

4.—Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1937, do ghairm den Acht so.