[EN]

Uimhir 10 de 1957.


[EN]

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT TUILLEADH CUMHACHT DO BHORD NA MÓNA CHUN AIRGEAD D'FHÁIL AR IASACHT AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [12 Meitheamh, 1957.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Cumhachta an Bhoird chun airgead d'fháil ar iasacht lena fheidhmeanna a chomhlíonadh.

1.—(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, airgead d'fháil ar iasacht trí stoc nó urrúis de chineálacha eile a chruthú a heiseofar, a haistreofar, a riarfar agus a fuasclófar i pé slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an Bord leis an toiliú adúradh.

[EN]

(2) Is cead go mbeadh ar na téarmaí ar a bhféadfar airgead d'fháil ar iasacht faoin alt seo forála ag muirearú an airgid agus an úis air ar an maoin uile, pé cineál í, a bheas dílsithe sa Bhord de thuras na huaire nó ar aon mhaoin áirithe leis an mBord agus forála ag leagadh síos tosaíochta na muirear sin ar a chéile agus a dtosaíochta i leith muirear in aghaidh airleacan a rinneadh chun an Bhoird, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, as an bPríomh-Chiste, agus féadfaidh na téarmaí sin a fhoráil, d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon achtachán, go bhféadfaidh aon mhuirear i leith airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo tosach a bheith aige ar mhuirir i leith airleacan den tsórt sin nó a bheith ar aon-chéim leo.

[EN]

(3) Ní raghaidh an méid iomlán a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar dhá mhilliún punt.

[EN]

(4) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a hairleacfar chun an Bhoird faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 (Uimh. 10 de 1946), agus aon airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar cheithre mhilliún déag punt.

[EN]

An tAire Airgeadais do thabhairt frithgheallúna i leith eisiúna stoic.

2.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar pé coinníollacha is cuí leis, a chomhaontú leis an mBord, má bhíonn aon stoc leis an mBord, a beifear ar tí a thairiscint aon tráth áirithe lena shuibscríobh, gan glacadh ag an bpobal i gceann tréimhse sonraithe, go nglacfaidh sé an stoc sin nó cion sonraithe éigin de agus go n-íocfaidh as.

[EN]

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc an airgid go léir a theastós ó am go ham faoi chomhair íocaíochtaí is gá don Aire Airgeadais a dhéanamh leis an mBord i leith aon stoic a ghlacfas sé faoin Acht seo.

[EN]

Urrúis a ráthú.

3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ráthú, i pé slí agus foirm agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí aon airgead a gheobhas an Bord ar iasacht faoi alt 1 den Acht seo agus féadfaidh feidhm a bheith, freisin, ag an ráthaíocht sin le hús ar an airgead sin d'íoc.

[EN]

(2) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a hairleacfar an t-airgead go léir a theastós ón Aire Airgeadais ó am go ham chun suimeanna d'íoc a bheas iníoctha faoi aon ráthaíocht a thug sé faoin alt seo.

[EN]

(3) Aisíocfaidh an Bord leis an bPríomh-Chiste, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain, aon airleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críche an ailt seo (maraon le hús orthu do réir pé rátaí a cheapfas an tAire Airgeadais).

[EN]

(4) Má bhíonn iomlán na n-airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críche an ailt seo, nó aon chuid díobh, gan aisíoc ag an mBord leis an bPríomh-Chiste do réir fo-ailt (3) den alt seo, aisíocfar leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas an méid a bheas gan aisíoc amhlaidh.

[EN]

(5) Má sholáthraíonn an tOireachtas airgead faoi fho-alt (4) den alt seo, ní dhíolmhóidh sin an Bord ó bheith faoi dhliteanas méid iomlán aon airleacain a rinneadh faoi fho-alt (2) den alt seo, maraon le hús air do réir an ráta a cheap an tAire Airgeadais, d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, agus déanfaidh an Bord an t-aisíoc sin pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire Airgeadais.

[EN]

Ráiteas bliantúil i dtaobh ráthaíochtaí.

4.—Leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas ina luafar i gcás gach ráthaíochta a tugadh faoi alt 3 den Acht seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon uair roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm ina tosach—

[EN]

(a) sonraí na ráthaíochta,

[EN]

(b) má rinne an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid a haisíocadh (má haisíocadh) leis an Aire de bhun na híocaíochta,

[EN]

(c) an méid den phríomhshuim atá gan íoc ag deireadh na bliana sin agus atá faoi réim na ráthaíochta.

[EN]

Urrúis an Bhoird a bheith ina n-urrúis iontaobhais.

5.—Measfar aon urrús a cruthófar faoi alt 1 den Acht seo a bheith ar áireamh ar na hurrúis ina bhféadfaidh iontaobhaithe cistí iontaobhais d'infheistiú faoi chumhachta ailt 1 den Trustee Act, 1893.

[EN]

Ciste Fuascailte.

6.—(1) Tar éis dó soláthar a dhéanamh le haghaidh íoc úis ar urrúis a bheas cruthaithe faoi alt 1 den Acht seo agus le haghaidh muirear seasta agus oblagáidí eile, cuirfidh an Bord de leataobh ó am go ham pé suimeanna is cuí leis chun ciste a bhunú le haon urrús d'fhuascailt is infhuascailte in airgead, go páirteach nó go hiomlán, do réir coinníollacha a eisiúna.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord suimeanna ar bith a cuirfear de leataobh faoin alt seo agus an t-ioncam astu d'infheistiú—

[EN]

(a) i pé urrúis a mbeidh údaraithe le dlí de thuras na huaire cistí iontaobhais d'infheistiú iontu agus is cuí leis an mBord tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais;

[EN]

(b) i pé urrúis eile a bheas ceadaithe chuige sin de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais agus is cuí leis an mBord.

[EN]

(3) (a) Úsáidfear na suimeanna go léir a cuirfear de leataobh faoin alt seo, maraon leis an ioncam astu, chun nó i leith fuascailte aon urrúis, ar bheith aibidh dó, ar cuireadh de leataobh iad lena fhuascailt nó, más cuí leis an mBord, féadfar iad d'úsáid chun aon urrús den tsórt sin a cheannach agus díscríobhfar agus cealófar aon urrús a ceannófar amhlaidh.

[EN]

(b) Ach amháin le haontú an Aire Airgeadais, ní cheannóidh an Bord faoin bhfo-alt seo aon urrús ar phraghas is mó ná a gcomhshuim seo a leanas—

[EN]

(i) praghas fuascailte an urrúis, agus

[EN]

(ii) aon ús a bheas dlite ar an urrús ar dháta a cheannuithe agus is iníoctha leis an gceannaitheoir.

[EN]

Airgead barrachais d'infheistiú.

7.—Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, aon airgead a bheas faoina réir, agus nach mbeidh ag teastáil uaidh de thuras na huaire chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, d'infheistiú i pé urrúis is cuí leis an Aire Airgeadais.

[EN]

Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

8.—Íocfar isteach sa Stát-Chiste na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhas an tAire Airgeadais i leith stoic leis an mBord a bheas ina sheilbh.

[EN]

Cumhachta an Aire Airgeadais i leith stoic ina sheilbh.

9.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais an stoc a shuibscríobh sé faoin Acht seo a choinneáil ina sheilbh chomh fada agus is cuí leis agus féadfaidh, mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, an stoc sin go léir nó aon chuid de a dhíol.

[EN]

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na glan-fháltais as díol aon stoic ag an Aire Airgeadais.

[EN]

Airgead a sholáthar faoi chomhair íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

10.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun soláthar a dhéanamh le suimeanna d'íoc as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo nó leis na suimeanna go léir a híocadh amhlaidh, nó aon chuid díobh, d'aisíoc leis an gCiste sin, nó le haon urrúis a heisíodh faoin alt seo a ghlanadh, a mhéid nach bhfuil soláthar déanta ar shlí eile ina leith sin, airgead d'fháil ar iasacht trí pé urrúis is cuí leis d'eisiúint, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-úrrús uile a heiseofar faoin alt seo.

[EN]

Airgead d'fháil ar iasacht go sealadach.

11.—(1) Féadfaidh an Bord pé suimeanna d'fháil ar iasacht go sealadach a theastós uaidh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Ní fheidhmeoidh an Bord a chumhachta i slí go mbeidh a fhiachas iomlán, i leith airgead d'fháil ar iasacht go sealadach, níos mó, aon uair, ná pé suim a bheas údaraithe ag an Aire le ceadú an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) Athghairmtear leis seo alt 58 den Acht Forbartha Móna, 1946 (Uimh. 10 de 1946).

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

12.—(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1957, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchta Forbartha Móna, 1946 go 1953, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin, agus féadfar na hAchta Forbartha Móna, 1946 go 1957, a ghairm díobh le chéile.