[EN]

Uimhir 10 de 1983


[EN]

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1925 GO 1979. [11 Bealtaine, 1983] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Údaráis áitiúla do chinneadh agus do ghearradh rátaí sna blianta airgeadais áitiúla lena mbaineann siad.

1.—(1) D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, d'ainneoin aon ní in alt 29 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946, go mbeidh an chumhacht atá ag údarás áitiúil ráta, nó ráta sa phunt, a chinneadh agus a ghearradh, infheidhme go bailí agus go héifeachtúil aon am sa bhliain airgeadais áitiúil lena mbaineann an ráta, nó an ráta sa phunt, a bheidh cinnte nó gearrtha amhlaidh.

[EN]

(2) I dteannta feidhm a bheith ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ráta, nó le ráta sa phunt, a chinnfear agus a ghearrfar tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh feidhm aige freisin, agus measfar feidhm a bheith aige ariamh, maidir le rátaí a bheidh cinnte agus gearrtha roimh dháta an Achta seo a rith amhlaidh agus ar an Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978, a rith nó dá éis sin.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1983, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1979, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946

1946, Uimh. 24

An tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978

1978, Uimh. 35