[EN]

Uimhir 11 de 1930.


[EN]

ACHT CHUN GÉIM DO CHOSAINT, 1930.


ACHT CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN GÉIM DO CHOSAINT AGUS CHUIGE SIN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN DEIGHLEÁLAITHE I nGÉIM DO CHUR FÉ RIAIL AGUS CHUN NITHE EILE BHAINEANN NO CHABHRUÍONN LE GÉIM DO CHOSAINT. [27adh Bealtaine, 1930.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRAITEACH.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—(1) Féadfar an tAcht chun Géim do Chosaint, 1930, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá de Bhealtaine, 1930.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn agus foluíonn an abairt “éanacha géim” piasúin, paitriscí, cearca fraoigh, gearra guirt, traonaí, pilbíní, naoscaigh, agus creabhair agus fós malláird, pras-lachain, lachain rua, agus cineail eile lachan bhfiadhain, géanna dubha, géanna giughrainn no cineail eile géanna fiadhaine;

[EN]

foluíonn an focal “girrfhithe” pisíní girrfhé;

[EN]

foluíonn an focal “géim” éanacha géim agus girrfhithe;

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

[EN]

CUID I.

Geim do Chosaint agus do Chaomhna.

[EN]

Saosúr coiscthe do shaghsanna airithe géim.

3.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith géim ar bith de shaghas a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do mharbha ná do thógaint i rith na tréimhse luaidhtear maidir leis an saghas san géim sa dara colún den Chéad Sceideal san.

[EN]

(2) Ar a iarraidh sin air do mháistir paca gadhar fiadhaigh no do dhuine eile i bhfeighil phaca gadhar fiadhaigh féadfaidh an tAire cead do thabhairt amach don duine sin chun fiadhach do dhéanamh, in aon cheanntar a bheidh luaidhte sa chead san, leis an bpaca gadhar fiadhaigh sin i rith mí na Márta an bhliain do bhéarfar amach an cead san, agus pé uair do bhéarfar amach aon chead den tsórt san amhlaidh ní sárú ar an alt so girrfhithe do thógaint agus do mharbha tré fhiadhach leis an bpaca gadhar fiadhaigh sa cheanntar agus i rith na tréimhse le n-a mbaineann an cead san.

[EN]

(3) Ar a iarraidh sin air do chlub choimhlinte con údaruithe féadfaidh an tAire cead do thabhairt amach don chlub san chun coimhlintí con do chomóra ar an lá no ar na laethe bheidh luaidhte sa chead san idir an 1adh lá agus an 18adh lá (agus an dá lá san d'áireamh) de mhí na Márta an bhliain do bhéarfar amach an cead san, agus pé uair do bhéarfar amach aon chead den tsórt san ní sárú ar an alt so girrfhithe do thógaint agus do mharbha tré choimhlint idir dhá choin, ar a mhéid, ar n-a scaoile as iallacha i ndiaidh an ghirrfhé i gcoimhlintí con a comórfar lá bheidh luaidhte sa chead san ag an gclub coimhlinte con údaruithe dá dtabharfar amach an cead san.

[EN]

(4) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh géim ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

[EN]

(5) San Acht so agus i ngach Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith cialluíonn an abairt “saosúr coiscthe bliantúil,” sa mhéid go mbaineann sí le géim de shaghas ar bith dá luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an tréimhse bhliantúil ina bhfuil sé toirmiscthe leis an Acht so an géim sin do mharbha no do thógaint.

[EN]

Toirmeasc ar ghéim do mharbha istoíche.

4.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon uair den bhliain géim ar bith (seachas malláird, pras-lachain, lachain rua, agus cineáil eile lachan bhfiadhain, géanna dubha, géanna giughrainn, agus cineáil eile géanna fiadhaine) do mharbha ná do thógaint i rith na haimsire idir uair a' chluig tar éis dul fé don ghréin agus uair a' chluig roimh eirghe gréine.

[EN]

(2) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh géim ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

[EN]

Géim do dhíol sa tsaosúr choiscthe.

5.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon ghéim do cheannach ná do dhíol ná é do thairisgint, do thaisbeáint ná do chimeád chun a dhíolta le linn aon choda den tsaosúr choiscthe don ghéim sin ach amháin an chéad chúig lá dhe.

[EN]

(2) Gach n-aon a dhéanfaidh aon ghéim do cheannach no do dhíol no do thairisgint, do thaisbeáint no do chimeád chun a dhíolta contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air más géim do cheannach an cionta do rinne agus in aon chás eile fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Orduithe caomhanta maidir le héanacha géim.

6.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire go bhfuil gá speisialta ag aon chineál áirithe d'éanacha géim le n-a chaomhna ar fuaid Shaorstáit Éireann no in aon pháirt áirithe dhe, féadfa sé le hordú (dá ngairmtear ordú caomhanta éanacha géim san Acht se) a thoirmeasc, ar feadh aon tréimhse áirithe nách sia ná bliain o dháta an orduithe, an cineál áirithe sin d'éanacha géim do mharbha ná do thógaint i Saorstát Éireann no in aon pháirt áirithe de Shaorstát Éireann a bheidh luaidhte san ordú.

[EN]

(2) Ar bheith déanta d'ordú caomhanta éanacha géim fén alt so, féadfaidh an tAire o am go ham le hordú (dá ngairmtear ordú buanuithe san alt so), ar n-a dhéanamh roimh dhul in éag don ordú caomhanta éanacha géim sin no don bhuanú is déanaí do rinneadh air (pe'ca aca é), an t-ordú caomhanta éanacha géim sin do bhuanú go ceann tréimhse ar bith nách sia ná bliain ón dáta ar a raghadh sé in éag mara mbeadh an t-ordú buanuithe agus féadfa sé an t-ordú caomhanta éanacha géim sin do bhuanú amhlaidh maidir le hiomlán an líomatáiste le n-ar bhain an t-ordú san no maidir le haon pháirt áirithe den líomatáiste sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire uair ar bith, le hordú, aon ordú caomhanta éanacha géim no aon ordú buanuithe bheidh déanta aige fén alt so d'atharú i slí ar bith no é do cheiliúra.

[EN]

(4) Ar bheith déanta d'ordú caomhanta éanacha géim fén alt so ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, éan géim ar bith den chineál le n-a mbaineann an t-ordú san do mharbha ná do thógaint i bpáirt ar bith de Shaorstát Éireann le n-a mbaineann an t-ordú san gan cead, ná ar aon chaoi seachas do réir cheada, o cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina marbhófar no ina dtógfar an t-éan géim sin: Ach má dheineann ceannphort an Ghárda Síochána go mí-réasúnta cur i gcoinnibh no diúlta an cead san do thabhairt uaidh féadfaidh neach iarrtha na cheada san athchomharc chun an Aire i gcoinnibh na faillí no an diúlttha san Cheannphort an Ghárda Síochána maidir leis an gcead san do thabhairt uaidh agus féadfaidh an tAire cead do thabhairt an t-éan géim sin do mharbha no do thógaint.

[EN]

(5) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh géim ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

[EN]

(6) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfe sé tar éis an t-ordú san do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin i nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha i nea-mbrí dá réir sin gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

[EN]

Orduithe caomhanta maidir le girrfhithe.

7.—(1) Más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis an Aire é, féadfaidh le hordú (dá ngairmtear ordú caomhanta girrfhithe san Acht so) a thoirmeasc, go buan no ar feadh tréimhse ar bith a bheidh luaidhte san ordú san, girrfhithe do mharbha ná do thógaint in aon chontae áirithe no in aon pháirt áirithe de chontae bheidh luaidhte san ordú san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire uair ar bith, le hordú, ordú caomhanta girrfhithe bheidh déanta aige fén alt so d'atharú i slí ar bith no é do cheiliúra.

[EN]

(3) Más oiriúnach leis an Aire é féadfaidh, ar a iarraidh sin air do shealbhaire aon tailimh i gcontae no i bpáirt de chontae le n-a mbaineann ordú caomhanta girrfhithe, an talamh san no páirt ar bith dhe do shaora ón ordú san le scríbhinn fé n-a láimh ar feadh pé aimsire agus ar pé coiníollacha is oiriúnach leis, agus ar dheona na saoirse sin amhlaidh ní bheidh baint ar bith ag an ordú san leis an talamh do saoradh amhlaidh faid a bheidh an tsaoirse sin i bhfeidhm.

[EN]

(4) Ar bheith déanta d'ordú caomhanta girrfhithe fén alt so ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, girrfhithe do mharbha ná do thógaint, sa chontae ná sa pháirt de chontae le n-a mbaineann an t-ordú san, i slí ar bith ach—

[EN]

(a) tré choimhlint idir dhá choin, ar a mhéid, ar n-a scaoile as iallacha i ndiaidh an ghirrfhé, no

[EN]

(b) tré fhiadhach le paca gadhar fiadhaigh go mbeidh cead fiadhaigh tugtha amach ag an Aire ina dtaobh fén Acht so.

[EN]

(5) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh girrfhithe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

[EN]

Ceadanna chun girrfhithe d'fhiadhach.

8.—(1) Ar bheith déanta d'ordú caomhanta girrfhithe fén Acht so, ansan, ar a iarraidh sin air do mháistir paca gadhar fiadhaigh no do dhuine eile i bhfeighil phaca gadhar fiadhaigh, féadfaidh an tAire, uair ar bith le linn bheith i bhfeidhm don ordú san, cead (dá ngairmtear san Acht so cead fiadhaigh) do thabhairt amach don duine sin chun girrfhithe d'fhiadhach, sa líomatáiste no in aon pháirt áirithe den líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san, leis an bpaca san gadhar fiadhaigh agus chun girrfhithe do thógaint agus do mharbha tríd an bhfiadhach san.

[EN]

(2) Gach cead fiadhaigh do bhéarfar amach fén alt so beidh sé ionaistrithe i dteanta an phaca gadhar fiadhaigh le n-a mbaineann sé agus dá réir sin (mara ndeintear a cheiliúra no a thabhairt suas fén alt so) leanfa sé i bhfeidhm d'ainneoin atharú ar bith do theacht ar únaeracht no ar mháistreacht no ar chimeád an phaca san agus go sonnrách d'ainneoin an té dar tugadh amach an cead san do scur de bheith ina mháistir ar an bpaca san no de bheith i bhfeighil an phaca san.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire cead fiadhaigh do bhéarfar amach fén alt so do cheiliúra uair ar bith agus féadfaidh máistir an phaca gadhar fiadhaigh le n-a mbaineann an cead, no an té bheidh i bhfeighil an phaca san de thurus na huaire, an cead do thabhairt suas uair ar bith.

[EN]

Toirmeasc ar ghéim do thógaint le líonta, etc.

9.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht so agus fé réir na heisceachta luaidhtear san alt so, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) géim ar bith do mharbha no do thógaint le haon dol no gaiste no líon, no

[EN]

(b) aon dol no gaiste no líon do chur síos in áit ar bith chun géim do mharbha no do thógaint, no

[EN]

(c) aon dol no gaiste no líon ar bith do chur síos in áit ar bith ina mbíonn géim.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le sealbhaire tailimh do chur síos dolaí no gaistí no líonta chun coiníní ar an talamh a bheidh ar seilbh aige do thógaint ná ní bheidh san nea-dhleathach de dhruim an ailt seo.

[EN]

(3) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh géim ar bith contrárdha don alt so no a dhéanfaidh aon dol no gaiste no líon do chur síos contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

[EN]

Saoirse chun girrfhithe do thógaint le líon i gcóir coimhlinte con.

10.—(1) D'ainneoin ní ar bith atá in aon alt eile den Acht so, beidh sé dleathach d'aon bhall, gníomhaire, no seirbhíseach do chlub coimhlinte con údaruithe go mbeidh údarás cuibhe aige chuige seo i scríbhinn o oifigeach fhreagarthach don chlub san girrfhithe do thógaint ina mbeathaidh le líonta uair ar bith (ach amháin le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúla) chun crícheanna an chlub san agus chun na gcrícheanna san amháin no girrfhithe do thógaint ina mbeathaidh le líonta uair ar bith idir an 15adh lá de Lúnasa bliana ar bith agus an lá deiridh d'Fheabhra na bliana ina dhiaidh sin (agus an dá lá san d'áireamh) chun go n-úsáidfidh an club san iad i gcoimhlintí con agus chuige sin amháin.

[EN]

(2) D'ainneoin ní ar bith atá in aon alt eile den Acht so, beidh sé dleathach do dhuine ar bith, le cead i scríbhinn o cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina ndéanfa sé no ina mbeidh sé ar aigne girrfhithe do thógaint, girrfhithe do thógaint ina mbeathaidh le líonta idir an 15adh lá de Lúnasa bliana ar bith agus an lá deiridh d'Fheabhra na bliana ina dhiaidh sin (agus an dá lá san d'áireamh) chuige seo amháin, eadhon, chun a ndíolta le club coimhlinte con údaruithe chun crícheanna an chlub san agus beidh sé dleathach d'oifigeach freagarthach do chlub coimhlinte con údaruithe girrfhithe tógfar amhlaidh do cheannach chun na gcrícheanna san.

[EN]

(3) Duine ar bith do thóg no adéarfaidh gur thóg sé girrfhithe de bhua saoirse bronntar leis an alt so agus úsáidfidh na girrfhithe sin chun aon chríche seachas chun na críche chun a mbronntar an tsaoirse sin amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

[EN]

Saoirse chun éanacha géim agus girrfhithe do thógaint le líonta chun síolruithe.

11.—(1) Féadfaidh ceannphort den Ghárda Síochána cead i scríbhinn do dheona do dhuine ar bith is únaer no is sealbhaire ar thalamh sa cheanntar dar ceannphort amhlaidh é no do dhuine ar bith ag a mbeidh aon-cheart lámhaigh ar aon talamh den tsórt san piasúin, paitriscí, no girrfhithe do thógaint ina mbeathaidh ar an talamh san le líonta uair ar bith chun na piasúin, na paitriscí, no na girrfhithe (pe'ca aca é) ar an talamh san no ar aon talamh eile i Saorstát Éireann do chur i líonmhaire no i bhfeabhas agus chuige sin amháin.

[EN]

(2) Féadfaidh ceannphort den Ghárda Síochána do bhéarfaidh uaidh aon chead den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo pé coiníollacha is oiriúnach leis agus a luadhfa sé sa chead san do cheangal den chead san (maidir le téarma an cheada san, an talamh le n-a mbainfidh, an méid éan no girrfhithe a tógfar fé, no éinní eile).

[EN]

(3) Nuair a bheidh aon chead den tsórt a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so tugtha go cuibhe do dhuine ar bith, ní bheidh sé nea-dhleathach don duine sin de dhruim ní ar bith san Acht so piasúin, paitriscí, no girrfhithe (pe'ca aca é) do thógaint fé réim agus do réir an cheada san ná ní bheidh sé ina chionta fén gCuid seo den Acht so an duine sin do thógaint piasún, paitriscí, no girrfhithe (pe'ca aca é) amhlaidh,

[EN]

Uibhe éanacha géim do chaomhna.

12.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith uibhe aon éin ghéim do thógaint ná do lot ná do dhíobháiliú ná nead aon éin den tsórt san do lot ná d'aistriú ná do mhille agus gach duine dhéanfaidh ní ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

[EN]

(2) D'ainneoin ní ar bith atá sa bhfo-alt san roimhe seo ní sárú ar an alt so uibhe piasún no paitriscí do thógaint chun go ndéanfar gor ceart ortha agus chuige sin amháin.

[EN]

Pacáistí ina mbeidh géim do mharcáil.

13.—(1) Gach pacáiste ina mbeidh aon tsaghas géim agus a bheidh ar turus i Saorstát Éireann beidh an focal “géim” marcálta go so-fheicse ar an taobh amuich de agus fós beidh ainm agus seola a chonsighneora marcálta ar an bpacáiste féin no ar dhuillín a bheidh ceangailte dhe.

[EN]

(2) Gach n-aon a dhéanfaidh pacáiste ar bith ina mbeidh aon tsaghas géim agus ná beidh marcálta sa tslí is gá do réir an ailt seo do chur no do chonsighniú chun a bheirthe ar turus i Saorstát Éireann beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(3) Gach n-aon a dhéanfaidh pacáiste ar bith ina mbeidh aon tsaghas géim agus ná beidh marcálta sa tslí is gá do réir an ailt seo d'iompar ar luach saothair de thír i Saorstát Éireann no de mhuir o phort ar bith i Saorstát Éireann beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus nárbh bhféidir go réasúnta go mbeadh a fhios aige go raibh géim sa phacáiste sin.

[EN]

(4) Gach n-aon a bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus. má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(5) Chun críche an ailt seo tuigfear pacáiste do bheith ar turus i Saorstát Éireann agus é á iompar i slí ar bith o aon áitreabh no áit i Saorstát Éireann go haon áitreabh eile no áit eile laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann no nuair a bheidh sé in áit ar bith, puiblí no príobháideach, i gcúrsa no chun críche a iompartha amhlaidh.

[EN]

Clubanna coimhlinte con d'údarú.

14.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur club coimhlinte con údaruithe chun crícheanna na Coda so den Acht so aon chlub coimhlinte con a bheidh có-cheangailte den chólucht dá ngairmtear do ghnáth an Irish Coursing Club,

[EN]

(2) Más rogha leis féin é féadfaidh an tAire uair ar bith, le hordú, ordú ar bith do rinne sé roimhe sin fén bhfo-alt san roimhe seo do cheiliúra.

[EN]

(3) Faid a bheidh ordú déanfar fén gcéad fho-alt den alt so i bhfeidhm beidh an club coimhlinte con le n-a mbaineann an t-ordú san ina chlub coimhlinte con údaruithe do réir bhrí na Coda so den Acht so.

[EN]

Cumainn chosanta géim d'údarú.

15.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur comhlachas údaruithe chun crícheanna an ailt seo aon chumann, comhlachas no club do bunuíodh chun cosaint ghéim do chur ar aghaidh no chun síolrú no tréineáil mhadraí a húsáidtear i bhfiadhach géim do chur ar aghaidh no d'fheabhsú agus féadfaidh uair ar bith, más rogha leis féin é, aon ordú den tsórt san do rinne sé roimhe sin do cheiliúra.

[EN]

(2) I gcás ina ndearna comhlachas údaruithe tailte ar bith do chur in áirithe, le toil sealbhaire na dtailte sin (fé n-a láimh), chun géim do mharbha no do chosaint no do thógaint ortha agus ina ndearnadh fógra i dtaobh an chur-in-áirithe sin d'fhoillsiú ar dhá ócáid fé leith i bpáipeur nuachta léightear sa cheanntar ina bhfuil na tailte sin suidhte, ansan agus i ngach cás den tsórt san féadfar cúiseamh ar bith sa Chúirt Dúithche, mar gheall ar thairsce ar na tailte sin chun no le linn géim d'fhiadhach, do bhunú ar agra agus in ainm rúnaí an chomhlachais údaruithe sin, agus ní cosaint don chosantóir in aghaidh aon chúisimh den tsórt san (pe'ca in ainm an rúnaí sin no in ainm duine éigin eile do bunuíodh é) ná ina aghaidh cúisimh ar bith i gcionta fén gCuid seo den Acht so maidir le géim do mharbha no do thógaint ar na tailte sin a chruthú go raibh údarás aige o shealbhaire na dtailte sin géim do mharbha no do thógaint ortha.

[EN]

(3) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so cialluíonn an abairt “comhlachas údaruithe” cumann, comhlachas, no club go mbeidh ordú fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire ina thaobh á dhearbhú gur comhlachas údaruithe é chun crícheanna an ailt seo.

[EN]

Tairsce le linn géim d'fhiadhach.

16.—Deintear leis seo alt 10 den Acht do rith Páirlimint na hÉireann sa bhliain 1787 agus dar teideal “An Act for the preservation of the game” (27 Geo. III. ch. 35) do leasú tríd na focail “rabbits, plover” do chur isteach ann díreach roimh an bhfocal “woodcock” atá anois ann agus beidh éifeacht ag an alt san fé mar a leasuítear amhlaidh é.

[EN]

Pionóisí.

17.—(1) Gach n-aon a bheidh ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é no, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin pe'ca de shaghas an chionta no na gciontaí roimhe sin é no nách eadh, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(2) An Breitheamh den Chúirt Dúithche gur ina láthair a ciontófar duine ar bith i gcionta fén gCuid seo den Acht so féadfa sé, i dteanta fíneála ar bith a chuirfe sé ar an duine sin fén bhfo-alt san roimhe seo mar gheall ar an gcionta san, ordú do dhéanamh á ordú don duine sin aon arm teine, dol, gaiste, líon no úirlis, inneall no gléas eile d'úsáid an duine sin ag déanamh an chionta san do thabhairt suas.

[EN]

(3) Más sealbhóir ar dheimhniú airm teine do deonadh do fé Acht na nArm Teine, 1925 (Uimh. 17 de 1925) an té ciontófar i gcionta fén gCuid seo den Acht so, ansan an Breitheamh den Chúirt Dúithche gur ina láthair a ciontófar an duine sin amhlaidh, féadfa sé, i dteanta aon phionóis eile chuirfe sé ar an duine sin fén alt so, an deimhniú airm teine sin do cheiliúra agus féadfaidh fós a dhearbhú nách ceaduithe don duine sin, go ceann pé tréimhse (nách sia ná cúig bliana o dháta an chiontuithe sin) a luadhfaidh an Breitheamh, deimhniú airm teine do bheith ar seilbh aige agus nuair a déanfar an dearbhú san amhlaidh ní bheidh sé ceaduithe don duine sin, go ceann na tréimhse luadhfar amhlaidh, deimhniú airm teine do bheith ar seilbh aige.

[EN]

Cad déanfar le maoin do bhéarfar suas.

18.—Mara n-údaruighidh Coimisinéir an Ghárda Síochána iad do dhíthiú déanfar gach arm teine, dol, gaiste, líon no úirlis, inneall no gléas eile, do bhéarfar suas fén gCuid seo den Acht so, do dhíol agus isé ceannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina ndearnadh an cionta tré n-ar bh'éigean an tabhairt suas san do dhéanamh a dhíolfaidh iad agus déanfaidh an ceannphort san an tsuim do gheobhfar de bharr an díolta san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Cúiseamh do dhéanamh mar gheall ar chiontaí

19.—(1) Féadfar imeachta do bhunú ar agra agus in ainm duine ar bith, oifigiúil no neamh-oifigiúil, mar chúisitheoir, chun cúiseamh do dhéanamh mar gheall ar chionta ar bith fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(2) I gcás ina ndearna club coimhlinte con údaruithe tailte ar bith do chur in áirithe, le toil sealbhaire na dtailte sin (fé n-a láimh), chun girrfhithe do mharbha agus do thógaint ortha agus ina ndearnadh fógra i dtaobh an chur-in-áirithe sin d'fhoillsiú ar dhá ócáid fé leith i bpáipeur nuachta léightear sa cheanntar ina bhfuil na tailte sin suidhte, ansan agus i ngach cás den tsórt san féadfar cúiseamh ar bith sa Chúirt Dúithche, mar gheall ar thairsce ar na tailte sin chun no le linn girrfhithe d'fhiadhach, do bhunú ar agra agus in ainm an té is rúnaí de thurus na huaire don chólucht dá ngairmtear do ghnáth an Irish Coursing Club agus ní cosaint don chosantóir in aghaidh aon chúisimh den tsórt san (pe'ca in ainm an rúnaí sin no in ainm duine éigin eile do bunuíodh é) ná in aghaidh cúisimh ar bith i gcionta fén gCuid seo den Acht so maidir le girrfhithe do mharbha no do thógaint ar na tailte sin a chruthú go raibh údarás aige o shealbhaire na dtailte sin girrfhithe do mharbha no do thógaint ortha.

CUID II.

Srian le Geim do Dhiol agus do Cheannach.

[EN]

Toirmeasc ar ghéim do dhíol gan ceadúnas.

20.—(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon ghéim do dhíol ná do thaisbeáint chun a dhíolta ná do chimeád chun a dhíolta gan é bheith ceadúnuithe go cuibhe fén Acht so é do dhíol amhlaidh, ná in áit ar bith ná beidh sé údaruithe dho le n-a cheadúnas é do dhíol ann.

[EN]

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh, tar éis dhá mhí o thosach feidhme an Achta so, aon ghéim do dhíol no do thaisbeáint chun a dhíolta no do chimeád chun a dhíolta contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(3) Duine ar bith a dhéanfaidh, tar éis dhá mhí o thosach feidhme an Achta so, aon ghéim do cheannach o dhuine ar bith is eol do do bheith á dhíol contrárdha don alt so no go bhfuil réasún aige chun a chreidiúint go bhfuil sé á dhíol amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le duine is sealbhóir ar dheimhniú airm teine fé dhiuité mháil de dhá phúnt agus a bheidh ag díol géim do mhairbh sé féin go dleathach ar a chuid tailimh féin no ar thalamh go raibh ceart aige chun géim do lámhach air no do marbhadh go dleathach, le n-a chead, ar aon talamh den tsórt san ag duine eile is sealbhóir ar dheimhniú airm teine fé dhiuité mháil de dhá phúnt, ná ní thoirmeascfaidh an t-alt so girrfhithe do marbhadh i gcoimhlintí con do chur de láimh tré n-a ndíol no ar aon tslí eile.

[EN]

Ceadúnaisí díolta géim do thabhairt amach.

21.—(1) Ar a iarraidh sin air do dhuine ar bith agus ar íoc na táille is gá do reir dlí don duine sin, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, fé réir forálacha an ailt seo, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas díolta géim san Acht so) do thabhairt amach don duine sin chun géim do dhíol i pé áit nó áiteanna, laistigh de dhúthaigh an Bhreithimh sin, a luadhfaidh an t-iarratasóir agus féadfaidh, sa tslí chéanna agus fé réir na bhforálacha roimhráite, aon cheadúnas den tsórt san do thug sé amach d'athnuachaint o am go ham mara mbeidh deire curtha leis fén Acht so.

[EN]

(2) Is i scríbhinn a déanfar gach iarratas ar cheadúnas díolta géim do thabhairt amach no d'ath-nuachaint agus beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh an t-eolas orduithe ann agus, más iarratas ar cheadúnas d'athnuachaint é, déanfar é laistigh de cheithre lá déag roimh dhul in éag no laistigh de mhí tar éis dul in éag don cheadúnas no don athnuachaint is déanaí do rinneadh air, pe'ca aca é.

[EN]

(3) Roimh cheadúnas díolta géim do dheona fén alt so ní foláir don Bhreitheamh bheith sásta:—

[EN]

(a) gur duine ceart oiriúnach chun an ceadúnas san d'fháil agus do bheith aige iarratasóir an cheadúnais sin, agus

[EN]

(b) go bhfuil an t-áitreabh go bhfuil an t-iarratasóir sin chun géim do dhíol ann oiriúnach don ghnó san, agus

[EN]

(c) ag féachaint don chineál ghnótha do bhí ar siúl ag an iarratasóir sin go dtí san go luigheann sé le réasún gur gá dho an ceadúnas san.

[EN]

Fuirm, éifeacht agus téarma feidhme ceadúnaisí díolta géim.

22.—(1) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach ceadúnas díolta géim agus gach athnuachaint ar aon cheadúnas den tsórt san agus faid a bheidh sé i bhfeidhm oibreoidh sé chun a údarú don té bheidh ainmnithe sa cheadúnas géim do dhíol agus géim do thaisbeáint agus do chimeád chun a dhíolta san áit no sna háiteanna bheidh luaidhte sa cheadúnas san.

[EN]

(2) Beidh deire le gach ceadúnas díolta géim ar fháil bháis dá shealbhóir no ar a cheiliúra fén Acht so do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche agus féadfaidh a shealbhóir deire do chur leis tré é do thabhairt suas.

[EN]

(3) Fanfaidh gach ceadúnas díolta géim i bhfeidhm go ceann bliana (mara gcuirtear deire leis roimhe sin) o dháta a thabhartha amach agus ní níos sia ná san agus fanfaidh gach athnuachaint ar aon cheadúnas den tsórt san i bhfeidhm go ceann bliana (mara gcuirtear deire leis roimhe sin) ón dáta ar a ndeachaidh an ceadúnas san no an athnuachaint ba dhéanaí roimhe sin air (pe'ca aca é) in éag agus ní níos sia ná san.

[EN]

Ceadúnaisí díolta géim do cheiliúra.

23.—(1) Ar chiontú sealbhóra cheadúnais díolta géim i gcionta fén Acht so, féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche gur ina láthair a ciontófar an sealbhóir sin amhlaidh an ceadúnas san do cheiliúra agus beidh an ceiliúra san mar bhreis ar aon phionós eile chuirfidh an Breitheamh san ar an sealbhóir sin fén Acht so mar gheall ar an gcionta san.

[EN]

(2) Má deintear sealbhóir ceadúnais díolta géim do ciontuíodh i gcionta fén Acht so do chiontú arís, laistigh de thréimhse trí mblian ó dháta an chéad chiontuithe, i gcionta fén Acht so (pe'ca den tsaghas chéanna é no nách eadh), ansan an Breitheamh den Chúirt Dúithche gur ina láthair a ciontófar an sealbhóir sin arís amhlaidh, féadfa sé, má cheiliúrann sé an ceadúnas san fén alt so, a dhearbhú ina theanta san nách ceaduithe don tsealbhóir sin, go ceann pé tréimhse nách sia ná cúig bliana agus a luadhfaidh an Breitheamh, ceadúnas díolta géim do bheith ar seilbh aige agus nuair a déanfar an dearbhú san amhlaidh ní bheidh sé ceaduithe don tsealbhóir sin, go ceann na tréimhse luadhfar amhlaidh, ceadúnas díolta géim do bheith ar seilbh aige.

[EN]

Ceadúnaisí díolta géim d'fhoillsiú.

24.—(1) Déanfaidh gach sealbhóir ceadúnais díolta géim an ceadúnas san no an athnuachaint is déanaí do rinneadh air (pe'ca aca is gá sa chás) do chimeád ar taisbeáint go so-fheicse, san áit no i gceann de sna háiteanna le n-a mbaineann an ceadúnas san, le linn uaireanna gnótha agus, má bhaineann an ceadúnas san le níos mó ná aon áit amháin, cimeádfa sé cóip den cheadúnas no den athnuachaint sin ar taisbeáint amhlaidh i ngach áit acu san ach amháin san áit ina mbeidh an ceadúnas no an athnuachaint sin ar taisbeáint amhlaidh.

[EN]

(2) Gach sealbhóir ceadúnais díolta géim go dteipfidh air an ceadúnas san no an athnuachaint is déanaí do rinneadh air no cóip den cheadúnas no den athnuachaint sin (pe'ca aca is gá sa chás) do chimeád ar taisbeáint do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

(3) Déanfar liostaí de dhaoine ag a mbeidh ceadúnaisí díolta géim d'fhoillsiú pé uaire agus i pé áiteanna agus i pé slí agus fuirm ordóidh an tAire o am go ham.

[EN]

Beidh ar shealbhóir ceadúnais díolta géim clár do chimeád.

25.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach sealbhóir ceadúnais díolta géim clár do chimeád no a chur fé ndeár clár do chimeád sa bhfuirm orduithe, i ngach áitreabh dá mbeidh luaidhte sa cheadúnas san, den ghéim uile ceannófar agus do gheobhfar san áitreabh san no chun a dhíolta san áitreabh san agus den ghéim uile díolfar no cuirfear de láimh san áitreabh san no a haistreofar ón áitreabh san agus laistigh de shé uaire a' chluig tar éis aon ghéim do cheannach no d'fháil agus laistigh de thrí uaire a' chluig tar éis aon ghéim do dhíol, do chur de láimh, no d'aistriú na mion-innste orduithe do chur sa chlár san maidir leis an ngéim sin do cheannach, d'fháil, do dhíol, do chur le láimh, no d'aistriú (pe'ca aca é) agus maidir leis an té o n-ar ceannuíodh no o n-a bhfuarthas é no le n-ar díoladh no dar tugadh é no maidir leis an áit chun ar haistríodh é (pe'ca aca is gá sa chás).

[EN]

(2) Ní bheidh ar na mion-innste orduithe dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo an méid d'íoc sealbhóir an cheadúnais no na hathnuachainte as aon ghéim do cheannuigh, do fuair no do dhíol sé ach i gcás géim do ceannuíodh no do fuarthas o dhuine is sealbhóir ar dheimhniú airm teine fé dhiuité mháil de dhá phúnt agus nách sealbhóir ar cheadúnas díolta géim beidh uimhir an deimhnithe airm teine sin ar na mion-innste sin.

[EN]

(3) Féadfaidh duine ar bith go mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire no féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána gach clár a bheidh á chimeád do réir an ailt seo d'iniúcha am ar bith a bheidh an t-áitreabh le n-a mbaineann an clár ar oscailt chun gnó do dhéanamh, agus beidh sé de dhualgas ar shealbhóir an cheadúnais díolta géim a bhaineann leis an áitreabh san agus ar gach n-aon a bheidh ag cimeád an chláir sin an clár san do thaisbeáint, ar a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfadh an duine údaruithe no an ball san mar adubhradh é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil, no scríbhinn eile (ar a n-áirítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an duine no an ball san go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

[EN]

(4) Má thárlann d'aon tsealbhóir ceadúnais díolta géim—

[EN]

(a) go dteipfidh air clár den tsórt is gá do réir an ailt seo do chimeád no a chur fé ndeár é do chimeád, no

[EN]

(b) go dteipfidh air aon iontráil is gá do réir an ailt seo do chur sa chlár san do chur no a chur fé ndeár í do chur sa chlár san laistigh den aimsir a luaidhtear anso roimhe seo, no

[EN]

(c) go dteipfidh air éinní acu so leanas do thaisbeáint no a chur fé ndeár é do thaisbeáint ar a iarraidh sin do dhuine ar bith go mbeidh teideal aige fén alt so é d'iniúcha, eadhon, aon chlár, scríbhinn no cóip de scríbhinn is gá dho, do réir an ailt seo, do thaisbeáint amhlaidh no go gcuirfe sé cosc le duine ar bith go mbeidh teideal aige fén alt so aon chlár, scríbhinn no cóip de scríbhinn d'iniúcha agus é ag déanamh an iniúchta san, no

[EN]

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa chlár san.

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

[EN]

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

[EN]

(a) folóidh clár no scríbhinn d'iniúcha cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as, agus

[EN]

(b) tuigfear gur hiarradh go cuibhe ar shealbhóir cheadúnais díolta géim clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san ar dhuine ar fostú ag an sealbhóir ceadúnais sin, agus

[EN]

(c) más in áitreabh le n-a mbaineann ceadúnas díolta géim do rinneadh agus más duine ar fostú ag sealbhóir an cheadúnais sin do rinne diúlta no teip maidir le clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é, tuigfear gurb é an sealbhóir ceadúnais sin do rinne an diúlta no an teip sin.

[EN]

Géim do cheannach o dhaoine neacheadúnuithe.

26.—(1) Gach n-aon a dhéanfaidh, tar éis dhá mhí o thosach feidhme an Achta so, aon ghéim do cheannach o dhuine ar bith nách sealbhóir ar cheadúnas díolta géim ná sealbhóir ar dheimhniú airm teine fé dhiúité mháil de dhá phúnt, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le hoifigeach freagarthach do chlub coimhlinte con údaruithe agus é ag ceannach girrfhithe fé údarás a bronntar chuige sin leis an Acht so.

[EN]

Toirmeasc ar éanacha géim áirithe d'easportáil.

27.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, ach amháin le cead i scríbhinn o cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina mbeidh an duine sin ina chomhnaí agus do réir téarmaí an cheada san, aon phaitrisc, piasún, no cearc fraoigh d'easportáil go ceann tréimhse dhá bhlian o thosach feidhme agus tar éis tosach feidhme an Achta so ná go ceann aon aimsire chuirfidh an tAire leis an tréimhse sin fén alt so.

[EN]

(2) Más oiriúnach leis é féadfaidh an tAire uair ar bith agus o am go ham, le hordú, pé méid aimsire is dó leis is ceart do chur leis an tréimhse sin de dhá bhliain a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus féadfa sé uair ar bith, le hordú, aon ordú den tsort san d'atharú, do leasú no do cheiliúra.

[EN]

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so chun cur leis an tréimhse sin de dhá bhliain, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin i nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha i nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht ní ar bith do rinneadh fé roimhe sin.

[EN]

(4) Gach cead do bhéarfar fén alt so chun aon phaitrisc, piasún, no cearc fraoigh d'easportáil beidh sé i scríbhinn sa bhfuirm orduithe agus bhéarfar ar dúbláid é agus coinneoidh an t-easportálaí dúbláid acu san agus greamóidh an t-easportálaí an dúbláid eile acu ar an mbosca, ar an gcás no ar an bhfillteoig ina n-easportálfar an phaitrisc, an piasún, no an chearc fraoigh is abhar don chead san.

[EN]

(5) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil aon phaitrisc, cearc fraoigh no piasún a bheidh á easportáil no go mbeifear ag tabhairt fé n-a easportáil contrárdha don alt so do choinneail agus do thógaint agus chuige sin féadfa sé pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh no inar dó leis go bhfuil aon phaitrisc, cearc fraoigh no piasún den tsórt san, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, a bhaineann le hearraí tógtar fén Acht san do lochtú agus do chur de láimh, bainfid le gach paitrisc, cearc fraoigh agus piasún a tógfar fén Acht so díreach fé is dá mba fén Acht san do tógfaí iad.

[EN]

(6) Beidh éifeacht ag an alt so fé is dá mba chuid é den Customs Consolidation Act, 1876, agus bainfidh an tAcht san agus aon Acht le n-ar leasuíodh no le n-ar leathnuíodh an tAcht san leis an scéal dá réir sin, agus má heasportáltar contrárdha don alt so earraí ar bith go dtoirmeascthar leis an alt so iad d'easportáil no má bheirtear iad go dtí aon chéibh no áit eile chun a n-easportála amhlaidh no má bheirtear iad ar uisce chun a n-easportála amhlaidh, dlighfear an pionós céanna do chur ar an easportálaí no ar a ghníomhaire a dlightear do chur ar dhuine, fé Alt 186 den Acht san, mar gheall ar earraí toirmiscithe d'iomportáil go nea-dhleathach.

[EN]

(7) Féadfaidh oifigeach ar bith don Aire Puist agus Telegrafa aon phacáid phuist a bheidh dírithe go háit lasmuich de Shaorstát Éireann agus ina mbeidh no inar dó leis go bhfuil aon phaitrisc, cearc fraoigh no piasún agus iad á n-easportáil no iarracht á dhéanamh ar iad d'easportáil contrárdha don alt so do choinneail agus do scrúdú agus, más gá chuige sin, í d'oscailt, agus má bhíonn aon phaitrisc, cearc fraoigh no piasún den tsórt san i bpacáid phuist a coinneofar amhlaidh, deighleálfaidh oifigigh an Aire sin leis an bpacáid sin agus le n-a mbeidh inti do réir mar ordóidh an tAire Dlí agus Cirt no ceannphort den Ghárda Síochána.

CUID III.

Ilghneitheach agus Generalta.

[EN]

Toirmeasc ar aiteann, etc., do dhógha.

28.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith ach amháin le cead i scríbhinn o cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair aon tsaghas aitinn, fraoigh no raithnighe bheidh ag fás ar thailte ar bith ná beidh briste ná á mbrise an uair sin do dhógha ná do dhíthiú ar aon tslí eile idir an 1adh lá d'Abrán agus an 14adh lá d'Iúl (agus an dá lá san d'áireamh) bliain ar bith.

[EN]

(2) Ní léireofar ní ar bith san alt so mar ní a bhaineann le tuir aonair aitinn no tortóga aonair aitinn d'aon tsaghas do ghearra no do statha i ngnáth-chúrsa na dea-fheirmeoireachta no le raithnigh ar bith do bhaint i ngnáth-chúrsa na dea-fheirmeoireachta mar an gcéanna ná mar ní fhágfaidh gur rud neadhleathach na rudaí sin do dhéanamh.

[EN]

(3) Duine ar bith a dhóghfaidh no a dhítheoidh ar aon tslí eile aon tsaghas aitinn, fraoigh no raithnighe contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

Comhachta chun rudaí d'iniúcha, do scrúdú agus do choinneail.

29.—(1) Ball ar bith den Ghárda Síochána agus fós duine ar bith go mbeidh údarás aige ón Aire na comhachta bronntar leis an alt so d'fheidhmiú, údaruítear agus tugtar comhacht do leis seo gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) duine ar bith a bheidh no a creidtear do bheith ag iompar aon tsaghas géim do stop agus do chuardach agus géim ar bith do gheobhfar a bheith á iompar ag an duine sin d'iniúcha agus, chuige sin, feithicil no pacáiste ar bith ina mbeidh an géim sin á iompar no ina bhféadfadh sé bheith, no ina gcreidtear é bheith, á iompar d'oscailt agus do chuardach agus dul isteach ar thalamh ar bith chun gach ní no éinní dá luaidhtear sa mhír seo do dhéanamh;

[EN]

(b) dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh gach tráth réasúnta—

[EN]

(i) in aon áitreabh go ndeintear no go gcreidtear go ndeintear ann géim do dhíol, no do chimeád, do thaisbeáint no do stóráil chun a dhíolta, no

[EN]

(ii) in áitreabh éinne dheineann earraí d'iompar ar luach saothair, no

[EN]

(iii) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán no dug no in aon áitreabh duga, no

[EN]

(iv) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

[EN]

(c) scrúdú do dhéanamh ar gach saghas géim do gheobhfar in áit ar bith go n-údaruítear do leis an mír dheiridh sin roimhe seo den alt so dul isteach ann no air agus, chuige sin, pacáiste ar bith d'oscailt do gheobhfar san áit sin agus ina mbeidh géim no ina gcreidtear géim do bheith;

[EN]

(d) aon bhád, coite, curach, no árthach eile a húsáidtear no a creidtear a húsáidtear chun géim do mharbha no do thógaint no go mbeidh no go gcreidtear go bhfuil géim ar bith inti do marbhadh no do tógadh go neadhleathach do stop ar aon abhainn, loch no ribheur no ar chladaigh a leithéide no ar aon pháirt den fharaige no dá chladaigh, agus dul isteach inti agus í do chuardach agus gach saghas géim do gheobhfar inti do scrúdú agus, chuige sin, pacáiste ar bith d'oscailt ina mbeidh aon ghéim den tsórt san roimhráite no go meastar a leithéid do bheith ann;

[EN]

(e) géim ar bith do thógaint, d'aistriú agus do choinneail ina chimeád (i dteanta no d'éamais aon phacáiste ina mbeidh sé) do gheobhfar le linn comhacht ar bith dá mbronntar leis an alt so do bheith á fheidhmiú agus go mbeidh no go meastar go bhfuil cionta fén Acht sc á dhéanamh ina thaobh no do marbhadh no do tógadh go nea-dhleathach no a meastar a marbhadh no a tógadh amhlaidh;

[EN]

(f) aon dol, gaiste, líon no úirlis eile a húsáidtear chun géim do thógaint agus a dlightear no a meastar a dlightear do thabhairt suas fen Acht so do thógaint, d'aistriú agus do choinneáil ina chimeád;

[EN]

(g) ainm agus seola an té go mbeidh ina chimeád aon ghéim no earra eile go mbeidh údarás aige fén alt so scrúdú do dhéanamh air d'iarraidh agus do thógaint agus fós ainm agus seola únaera an ghéim no na hearra eile sin d'iarraidh ar an duine sin agus do thógaint uaidh.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith fé údarás an ailt seo aon ghéim no earra eile do choinneail ina chimeád déanfa sé, chó luath agus bheidh caoi aige air, pé nithe is ceart chun a chur fé ndeár go ndeighleálfar do réir dlí leis an té bheidh ciontach no a creidtear do bheith ciontach sa chionta do rinneadh no a creidtear do rinneadh maidir leis an ngéim no leis an earra eile sin.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith fé údarás an ailt seo aon ghéim marbh do choinneail ina chimeád agus gur deabhrathach go dtiocfaidh an géim sin chun bheith neamh-oiriúnach mar bhia don duine sara bhféadfaidh cúirt ar bith deighleáil go caothúil leis an scéal, taisbeánfaidh an duine sin an géim sin d'fheadhmannach shíochána agus, má údaruíonn an feadhmannach síochána san do é, dítheoidh sé an géim sin.

[EN]

(4) Más dó le feadhmannach síochána dá dtaisbeánfar aon ghéim marbh do réir an ailt seo gur cheart do réir chúrsaí an cháis an géim do dhíthiú, bhéarfa sé don té do thaisbeáin an géim do deimhniú i scríbhinn ag tabhairt cuntais ar an ngéim agus ar aon mharcanna, comharthaí fé leith, no nithe eile bhaineann leis an ngéim agus a thaisbeán an duine sin do, agus á údarú don duine sin an géim do dhíthiú, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite i ngach cúirt ar gach dátán den tsórt san roimhráite bheidh luaidhte ann.

[EN]

(5) Ní bheidh duine ar bith freagarthach in aon chailliúint ná damáiste thiocfaidh de dheascaibh no le linn aon chomhacht dá mbronntar air leis an alt so do bheith á fheidhmiú maran tré ní do rinne an duine sin agus a bhí gan chúis gan abhar no go mailíseach do tháinig an chailliúint no an damáiste sin.

[EN]

(6) Gach n-aon a chuirfidh bac no cosc le duine ar bith agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so no a dhiúltóidh dá ainm agus dá sheola féin no d'ainm agus do sheola aon duine eile (sa mhéid gurb eol do an céanna) do thabhairt uaidh nuair a hiarrfar san air go dleathach fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

Comhachta do dhaoine is sealbhóirí ar dheimhnithe áirithe airm teine.

30.—Féadfaidh éinne is sealbhóir ar dheimhniú airm teine fé dhiúité mháil de dhá phúnt a cheangal ar dhuine ar bith do gheobha sé ag iompar grán-ghunna ar thailte eile seachas na tailte is leis an duine sin féin an deimhniú airm teine údaruíonn don duine sin an grán-ghunna san d'iompar do thaisbeáint chun go n-iniúchfaidh an sealbhóir sin é agus a cheadú don tsealbhóir sin an deimhniú san d'iniúcha agus do léigheamh agus má dheineann an duine sin teip no diúlta maidir leis an deimhniú airm teine deiridh sin a luaidhtear do thaisbeáint no maidir le n-a cheadú don tsealbhóir sin an deimhniú airm teine sin d'iniúcha agus do léigheamh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so (mara gcuiridh ina luighe ar an gcúirt ná raibh sé nea-dhleathach do do réir chúrsaí an cháis an grán-ghunna san d'iompar gan deimhniú airm teine do bheith aige á údarú san do) agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Comhairle Chomhairlitheach.

31.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, Comhairle Chomhairlitheach do bhunú chun comhairle agus congnamh do thabhairt don Aire i dtaobh éinní bhaineann le rialacháin do dhéanamh fé fhorálacha an Achta so no, ar aon tslí eile, leis na forálacha san do chur i bhfeidhm no i dtaobh éinní eile bhaineann le géim do chosaint agus do shíolrú no i dtaobh éinní eile bhaineann le gnó an ghéim.

[EN]

(2) Má ceaptar agus nuair a ceapfar an Chomhairle Chomhairlitheach san beidh sí có-dhéanta de pé daoine (daoine go bhfuil taithí no eolas fé leith acu maidir leis na nithe go bhféadfaidh an Chomhairle comhairle no congnamh do thabhairt don Aire ina dtaobh) a ainmneoidh an tAire o am go ham chun bheith ina mbaill di, agus beidh uirthi ionadaithe o gach Tigh den Oireachtas agus o Chomhairle Ghenerálta na gComhairlí Contae.

[EN]

(3) Marab éag no eirghe as roimhe sin do beidh gach ball den Chomhairle Chomhairlitheach san ina bhall amhlaidh go ceann dhá bhlian o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san, ach beidh sé ion-athainmnithe.

[EN]

(4) Tiocfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach san le chéile pé uair a ghairmfidh an tAire í agus fós ar pé ócáidí a cheapfaidh an Chomhairle o am go ham.

[EN]

Rialacháin.

32.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

Costaisí.

33.—So mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.

[EN]

Athghairm.

34.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Cead Sceideal.

SAOSUIR CHOISCTHE BHLIANTULA.

Saghsanna Géim

Saosúr Coiscthe Bliantúil

Piasúin agus Paitriscí

...

...

On Iadh lá d'Fheabhra go dtí an 30adh lá de Mheán Fhomhair agus an dá lá san d'áireamh.

Pilbíní agus malláird, pras lachain, lachain rua agus cineail eile lachan bhfiadhain, agus géanna dubha, géanna giughrainn agus cineail eile géanna fiadhaine.

On Iadh lá de Mhárta go dtí an 11adh lá de Lúnasa agus an dá lá san d'áireamh.

Girrfhithe

...

...

...

On Iadh lá de Mhárta go dtí an 25adh lá de Mheán Fhomhair agus an dá lá san d'áireamh.

Cearca fraoigh

...

...

...

On Ioadh lá de Mhí na Nodlag go dtí an 11adh lá de Lúnasa agus an dá lá san d'áireamh.

Naoscaigh agu Creabhair

...

On Iadh lá de Mhárta go dtí an 31adh lá de Lúnasa agus an dá lá san d'áireamh.

Gearra guirt agus Traonaí

...

On Iadh lá de Mhárta go dtí an 11adh lá de Lúnasa agus an dá lá san d'áireamh.

Dara Sceideal.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Cuid I.

ACHTANNA DE PHAIRLIMINT NA hÉIREANN.

Siosón agus Caibideal

Teideal no Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

10 Will. III., c. 8

An Act for the preservation of the game, and the more easy conviction of such as shall destroy the same.

An tAcht iomlán (sa mhéid ná fuil sé athghairmthe) ach amháin alt 5.

6 Anne, c. 14

An Act to prevent the disorders which may happen by the marching of soldiers.

Alt 10.

27 Geo. III., c. 35

An Act for the preservation of the game.

An tAcht iomlán ach amháin ailt 10, 11, 12 & 13.

37 Geo. III., c. 2I

An Act to amend the Game Laws.

An tAcht iomlán.

CUID II.

ACHTANNA DE PHAIRLIMINT NA RIOCHTA AONTUITHE.

Siosón agus Caibideal

Teideal no Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

1 & 2 Will. IV., c 32

The Game Act, 1831.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

5 & 6 Vic., c. 81

The Game Certificates (Ireland) Act 1842.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

23 & 24 Vic., c. 113

The Excise Act, 1860.

Alt 43.

27 & 28 Vic., c. 67

Game Trespass Act, 1864.

An tAcht iomlán.

28 & 29 Vic., c. 2

Sale of Game (Dublin) Act, 1865.

An tAcht iomlán.

28 & 29 Vic., c. 54

The Pheasants (Ireland) Act, 1865.

Alt 2.

37 & 38 Vic., c. 11

Game Birds (Ireland) Act, 1874.

An tAcht iomlán.

42 & 43 Vic., c. 23

Hares Preservation (Ireland) Act, 1879.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

62 Vic., c. 1

Partridge Shooting (Ireland) Act, 1899.

An tAcht iomlán.