[EN]

Uimhir 11 de 1962.


[EN]

AN tACHT UM CHOINBHINSIÚIN NA GINÉIVE, 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT CHOMH FADA IS A BHAINEANN LE hÉIRINN D'FHORÁLACHA ÁIRITHE DE NA COINBHINSIÚIN A RINNEADH SA GHINÉIVE AN 12ú LÁ DE LÚNASA, 1949, MAIDIR LE FEABHSÚ STAID AN LUCHT CRÉACHTAITHE AGUS AN LUCHT BREOITE I bhFÓRSAÍ ARMTHA AR AN MACHAIRE, LE FEABHSÚ STAID NA gCOMHALTAÍ CRÉACHTAITHE, BREOITE AGUS LONGBHRISTE D'FHÓRSAÍ ARMTHA AR MUIR, LE CÓIREÁIL PRÍOSÚNACH COGAIDH, AGUS LE COSAINT DAOINE SIBHIALTA IN AIMSIR CHOGAIDH. [21 Aibreán, 1962.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Léiriú.

2.—San Acht seo—

[EN]

ní fholaíonn “cúirt” armchúirt;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnótha Eachtracha;

[EN]

ciallaíonn “imtheorannaí coimircithe” duine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a bheidh faoi imtheorannú sa Stát;

[EN]

ciallaíonn “príosúnach cogaidh coimircithe” duine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an chumhacht choimirceach” maidir le príosúnach cogaidh coimircithe nó le himtheorannaí coimircithe, an chumhacht nó an eagraíocht atá, ar mhaithe leis an gcumhacht dár náisiúnach é, nó ar comhalta dá fórsaí é, nó ar chomhalta díobh é aon tráth iomchuí, ag comhlíonadh na ndualgas a shanntar do chumhachtai coimirceacha faoin gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Tríú Sceideal nó, de réir mar a bheidh, sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “na Coinbhinsiúin Sceidealta” na Coinbhinsiúin atá leagtha amach sna Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

Sárú tromchúiseach ar na Coinbhinsiúin Sceidealta.

3.—(1) Aon duine, is cuma cad is náisiúntacht dó, a dhéanfaidh, laistigh nó lasmuigh den Stát, sárú tromchúis each ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta d'aon saghas dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas faoi seach de na Coinbhinsiúin sin, nó a chabhróidh nó a neartóidh lena dhéanamh nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfar é, is é sin le rá:

[EN]

(a) Airteagal 50 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

[EN]

(b) Airteagal 51 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

[EN]

(c) Airteagal 130 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo; nó

[EN]

(d) Airteagal 147 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

[EN]

beidh sé ciontach i gcion, agus ar a chiontú ann arna dhíotáil:

[EN]

(i) i gcás sárú tromchúiseach den saghas réamhráite ina ndéanfar duine a chimircítear leis an gCoinbhinsiún áirithe a mharú go toiliúil, cuirfear pianbhreith bháis air nó pianbhreith phianseirbhíse lena shaol nó go ceann aon téarma is giorra ná sin;

[EN]

(ii) i gcás aon sárú tromchúiseach eile den saghas réamhráite dlífear pianseirbhís go ceann ceithre bliana déag nó aon téarma is giorra ná sin a chur air nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain.

[EN]

(2) I gcás cion faoin alt seo a dhéanfar lasmuigh den Stát, féadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne duine agus é a dhíotáil, a thriail agus a phionósú ina leith in aon áit sa Stát ionann is dá mba san áit sin a rinneadh an cion, agus measfar, chun gach críche a bheidh teagmhálach leis an triail nó leis an bpionósú sa chion nó a leanfaidh as, gur san áit sin a rinneadh é.

[EN]

(3) Ní thionscnófar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo ach amháin ag an Ard-Aighne, nó thar a cheann, nó lena thoiliú.

[EN]

(4) Is í an Phríomh-Chúirt Choiriúil a thriailfidh duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo.

[EN]

Mionsárú ar na Coinbhinsiúin Sceidealta.

4.—(1) Aon duine, is cuma cad is náisiúntacht dó, a dhéanfaidh, sa Stát, aon mhionsárú ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta, nó a chabhróidh nó a neartóidh le haon duine eile chun a dhéanta nó a thabharfaidh chun criche go ndéanfaidh sé é, sa Stát, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(2) Aon saoránach d'Éirinn a dhéanfaidh, lasmuigh den Stát, aon mhionsárú ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta, nó a chabhróidh nó a neartóidh le haon duine eile chun a dhéanta nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfaidh sé é, lasmuigh den Stát, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear

[EN]

(a) ar é a chiontú ann go hachomair príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí a chur air, nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná caoga punt nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile; nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ann arna dhíotáil, príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain a chur air, nó fíneáil nach mó ná trí chéad punt nó, de rogha na cúirte, an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

[EN]

(4) San alt seo ciallaíonn “mionsárú” sárú ar fhoráil d'aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nach sárú tromchúiseach ar an gCoinbhinsiún sin é d'aon saghas dá luaitear san Airteagal iomchuí de dá dtagraítear in alt 3 den Acht seo.

[EN]

Cruthúnas go bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún.

5.—Más rud é, in imeachtaí faoin Acht seo i leith aon sárú ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta, go n-éireoidh ceist faoi Airteagal 2 den Choinbhinsiún sin (a bhaineann leis na himthosca ina bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún), is é an tAire a chinnfidh an cheist sin agus glacfar i bhfianaise deimhniú a airbheartóidh aon chinneadh den sórt sin a leagan amach agus a bheith sínithe ag an Aire nó thar a cheann, agus measfar é a bheith sínithe amhlaidh, gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.

[EN]

Fógra faoi thriail príosúnach cogaidh agus imtheorannaithe faoi choimirce a sheirbheáil ar an gcumhacht choimirceach.

6.—(1) An chúirt ar os a comhair a thabharfar—

[EN]

(a) príosúnach cogaidh coimircithe lena thriail i gcion; nó

[EN]

(b) imtheorannaí coimircithe lena thriail i gcion a mbeidh cumhacht ag an gcúirt sin pianbhreith bháis nó phianseirbhíse nó phríosúnachta a chur air,

[EN]

ní rachaidh sí ar aghaidh leis an triail go dtí go gcruthófar chun sá stachta na cúirte go ndearnadh fógra ina raibh na sonraí a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, sa mhéid gurb eol don ionchúisitheoir iad, a sheirbheáil, trí sheachtain ar a laghad roimhe sin, ar an gcumhacht choimirceach (má tá cumhacht choimirceach ann) agus, más príosúnach cogaidh coimircithe an cúisí, ar an gcúisí agus ar ionadaí na bpríosúnach.

[EN]

(2) Is iad na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) ainm agus sloinne iomlán agus tuairisc an chúisí, lena n-áirítear dáta a bhreithe agus a ghairm nó a cheird, má tá aige, agus, más príosúnach cogaidh coimircithe an cúisí, a chéim agus a uimhir airm nó reisiminte, nó a uimhir phearsanta nó a shraith-uimhir;

[EN]

(b) áit a choinneála, nó a imtheorannaithe, nó a áit chónaithe;

[EN]

(c) an cion ina bhfuiltear á chúiseamh; agus

[EN]

(d) an chúirt ar os a comhair a bheidh sé le triail agus an t-am agus an áit atá ceaptha don triail.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, aon doiciméad a airbheartóidh—

[EN]

(a) a bheith sínithe thar ceann na cumhachta coimircí nó ag ionadaí na bpríosúnach nó ag an duine cúisithe, de réir mar a bheidh; agus

[EN]

(b) a bheith ina admháil go bhfuair an chumhacht, an t-ionadaí nó an duine sin, lá sonraithe, fógra ar tugadh fógra faoin alt seo de thuairisc air sa doiciméad,

[EN]

beidh sé, mura suífear a mhalairt, ina leorfhianaise go ndearnadh an fógra is gá de réir fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil ar an gcumhacht, ar an ionadaí nó ar an duine sin an lá sin.

[EN]

(4) San alt seo, ciallaíonn “ionadaí na bpríosúnach”, maidir le haon phriosúnach cogaidh coimircithe áirithe aon tráth áirithe, an duine a raibh feidhmeanna ionadaí na bpríosúnach de réir bhrí Airteagal 79 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Triú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo infheidhmithe aige maidir leis an bpríosúnach sin sa champa nó san áit ina raibh an príosúnach sin á choinneáil, an tráth sin nó go deireanach roimh an tráth sin, ina phríosúnach cogaidh coimircithe.

[EN]

(5) Aon chúirt a chuirfidh triail ar atráth chun go bhféadfar ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, féadfaidh sí, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, an cúisí a athchur faoi choinneáil go ceann tréimhse an atrátha.

[EN]

Ionadaithe dlíthiúla daoine áirithe.

7.—(1) An Chúirt ar os a comhair a thabharfar—

[EN]

(a) aon duine lena thriail i gcion faoi alt 3 nó alt 4 den Acht seo; nó

[EN]

(b) príosúnach cogaidh coimircithe lena thriail in aon chion, ní rachaidh sí ar aghaidh leis an triail mura rud é:

[EN]

(i) go bhfuil abhcóide ag an gcúisí ag feidhmiú ar a shon; agus

[EN]

(i) go gcruthófar chun sástachta na Cúirte go bhfuil tréimhse cheithre lá dhéag ar a laghad caite ó rinneadh teagasc chun feidhmiú ar son an chúisí sa triail a thabhairt den chéad uair don aturnae a thug teagasc don abhcóide sin,

[EN]

agus má chuireann an chúirt an triail ar atráth chun go bhféadfar ceanglais an fho-ailt seo a chomhlíonadh, ansin, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh an chúirt an cúisí a athchur faoi choinneáil go ceann tréimhse an atrátha.

[EN]

(2) I gcás inar príosúnach cogaidh coimircithe an cúisí, mura bhfuil abhcóide ann a nglacann an cúisí leis mar dhuine atá ag feidhmiú ar a shon, measfar, gan dochar do cheanglais fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, abhcóide a theagascfar chuige sin thar ceann na cumhachta coimircí a bheith ag feidhmiú ar son an chúisí chun críocha an fho-ailt sin.

[EN]

(3) Má chuireann an chúirt an triail ar atráth de bhun fho-alt (1) den alt seo, toisc gan abhcóide a bheith ag feidhmiú ar son an chúisí, treoróidh an chúirt go sannfar aturnae agus abhcóide chun faire ar leasanna an chúisí in aon imeachtaí eile maidir leis an gcion, agus in aon imeachtaí eile den sórt sin, mura bhfuil abhcóide ann a nglacann an cúisí leis mar dhuine atá ag feidhmiú ar a shon nó dár tugadh teagasc mar a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, measfar, gan dochar do cheanglais fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, abhcóide a shannfar de bhun an fho-ailt seo a bheith ag feidhmiú ar son an chúisí chun críocha an fho-ailt sin.

[EN]

(4) Maidir le haon imeachtaí os comhair cúirte a bhféadfaidh an cúisí aturnae a bheith aige ag feidhmiú ar a shon os a comhair, forléireofar na forálacha sin roimhe seo den alt seo, le haon mhodhnuithe orthu is gá, ionann agus dá mba thagairtí d'abhcóide nó d'aturnae na tagairtí atá sna forálacha sin d'abhcóide; agus chun críocha aon imeachtaí den sórt sin, nuair a bheidh treorú faoi fho-alt (3) den alt seo á thabhairt ag an gcúirt, féadfaidh sí, más deimhin léi nach gá, mar gheall ar an saghas cúisimh atá ann ná ar mhaithe leis an gceartas, go mbeadh abhcóide ag faire ar leasanna an chúisí, a threorú nach ndéanfar ach aturnae a shannadh mar a luaitear san fho-alt sin.

[EN]

(5) Déanfar aturnae nó abhcóide a shannadh de bhun fho-alt (3) den alt seo i cibé slí a ordóidh an tAire Dlí agus Cirt le rialacháin, agus aon aturnae nó abhcóide a shannfar amhlaidh beidh teideal aige chun go n-íocfaidh an tAire Dlí agus Cirt leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé suimeanna i leith táillí agus eisíocaíochtaí a ordóidh an tAire Dli agus Cirt le rialacháin (arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais).

[EN]

Achomhairc ó phríosúnaigh chogaidh agus imtheorannaithe faoi choimirce a chiontófar i gcionta faoi alt 3.

8.—(1) I gcás ina mbeidh pianbhreith bháis nó phianseirbhíse curtha ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ar phríosúnach cogaidh coimircithe nó ar imtheorannaí coimircithe mar gheall ar chion faoi alt 3 den Acht seo, ansin, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile nó in aon rialacha cúirte a bhaineann le hachomhairc den sórt sin, is i tréimhse ina gcaithfidh sé fógra achomhairc a thabhairt, nó fógra í dtaobh a iarratais ar chead achomhairc chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil, ná an tréimhse ó dháta a chiontaithe nó, i gcás achomharc i gcoinne pianbhreithe, ó dháta a phianbhreithe go dtí go mbeidh deich lá caite tar éis an dáta ar a bhfaighidh sé fógra arna thabhairt—

[EN]

(a) i gcás príosúnaigh cogaidh choimircithe, ag oifigeach d'Óglaigh na hÉireann; nó

[EN]

(b) i gcás imtheorannaí choimircithe, ag rialtóir, nó ag an duine eile i gceannas an phríosúin nó an háite ina bhfuil sé faoi ghaibhniú, nó thar ceann an rialtóra nó an duine sin,

[EN]

gur cuireadh a chiontú agus a phianbhreith in iúl don chumhacht choimirceach.

[EN]

(2) I gcás ina dtarlóidh, tar éis achomharc chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil a chinneadh, go bhfanfaidh an phianbhreith ar phríosúnach cogaidh coimircithe nó ar imtheorannaí coimircithe ina pianbhreith bháis, nó go bhfanfaidh sí ina pianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta nó go ndearnadh sin di, féadfar iarratas chun an Ard-Aighne ar dheimhniú ag údarú achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí maidir leis an gciontú nó leis an bpianbhreith mar a daingníodh nó mar a athraíodh sin ar an achomharc roimhe sin a dhéanamh tráth ar bith laistigh den tréimhse ón dáta ar ar tugadh cinneadh na Cúirte Achomhairc Choiriúil go dtí seacht lá tar éis an dáta ar a bhfaighidh an duine a ciontaíodh fógra ó dhuine dá dtagraítear i mír (a) nó (b) (de réir mar is gá sa chás) d'fho-alt (1) den alt seo gur cuireadh cinneadh na Cúirte Achomhairc Choiriúil in iúl don chumhacht choimirceach.

[EN]

(3) Ní bheidh éifeacht ag ordú ón gcúirt a bhainfidh le maoin a thabhairt ar ais do dhuine éagóraithe nó le cúiteamh a íoc leis i gcás aon chiontaithe mar a dúradh agus beidh foráil d'aon achtachán a bhaineann le hathdhílsiú maoine i gcás ciontaithe gan feidhm maidir leis an gciontú fad a bheidh achomharc ón duine a ciontaíodh ar feitheamh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo.

[EN]

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le hachomharc i gcoinne ciontú nó pianbhreithe ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil, ná i gcoinne cinneadh na Cúirte Achomhairc Choiriúil ar achomharc, más rud é, tráth an chiontaithe nó na pianbhreithe sin, nó an chinnte sin, cibé acu é, nach mbeidh aon chumhacht choimirceach ann.

[EN]

AN CHEAD SCEIDEAL.

Coinbhinsiún na Ginéive le haghaidh feabhsú staid an lucht créachtaithe agus an lucht breoite i bhfórsaí armtha ar an machaire den 12 Lúnasa, 1949.

Tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, Lánchumhachtaigh ó na Rialtais a raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil Taidhleoireachta a tionóladh sa Ghinéive ón 21 Aibreán go dtí an 12 Lúnasa, 1949, chun athbhreithniú a dhéanamh ar Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Fóirithint ar an Lucht Créachtaithe agus an Lucht Breoite in Airm ar an Machaire den 27 Iúil, 1929, tar éis comhaontú mar a leanas:

CAIBIDIL I—FORALACHA GINEARALTA.

Airteagal 1.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin an Coinbhinsiún seo a urramú agus deimhin a dhéanamh de go n-urramófar é i ngach uile chás.

Airteagal 2.

I dteannta na bhforálacha a chuirfear i gcrích in aimsir shíochána, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo i gcás cogaidh fhógartha nó i gcás aon choinbhleachta armtha eile a éireoidh idir dhá cheann nó níos mó de na hArdpháirtithe Conarthacha, fiú má bhíonn ceann acu gan an staid chogaidh a aithint.

Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún freisin i ngach cás ina ndéanfar forghabháil ar an iomlán nó ar chuid de chríoch Ardpháirtí Chonarthaigh, fiú mura ndéantar aon chomhrac armtha i gcoinne na forghabhála sin.

D'ainneoin go mbeadh ceann de na Cumhachtaí sa choinbhleacht gan bheith ina páirtí sa Choinbhinsiún seo, fanfaidh na Cumhachtaí atá in bpáirtithe ann faoi cheangal aige ina gcaidreamh lena chéile. Beidh siad faoi cheangal thairis sin ag an gCoinbhinsiún i leith na Cumhachta sin, má ghlacann an Chumhacht sin lena fhorálacha agus go gcuirfidh sí i bhfeidhm iad.

Airteagal 3.

I gcás coinbhleacht armtha nach coinbhleacht de chineál idirnáisiúnta a tharlú i gcríoch cheann de na hArdpháirtithe Conarthacha, beidh de cheangal ar gach Páirtí sa choinbhleacht na forálacha seo a leanas, ar a laghad, a chur i bhfeidhm:

(1) Na daoine nach nglacann aon pháirt ghníomhach sa chogaíocht, lena n-áirítear na comhaltaí d'fhórsaí armtha a leag síos a n-airm agus na daoine a bheidh curtha hors de combat mar gheall ar bhreoiteacht, créachtaí, cur faoi choinneáil, nó cúis ar bith eile, déileálfar go daonnachtúil leo i ngach uile chás, gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar chine, dath, reiligiún nó creideamh, gnéas, fréamhshliocht nó rachmas, nó aon dálaí eile dá samhail sin.

Chuige sin, tá, agus beidh, na gníomhartha seo a leanas toirmiscthe, gach tráth agus gach áit, i leith na ndaoine thuasluaite:

(a) foréigean ar bheo agus ar phearsa duine, go háirithe dúnmharú de gach sórt, ciorrú, cruálacht agus céastóireacht;

(b) gialla a thógáil;

(c) anfhorlann ar dhínit duine, go háirithe uirísliú agus táirchéimniú;

(d) pianbhreith a ghearradh agus bású a dhéanamh gan breithiúnas a bheith fógartha roimh ré ag cúirt arna comhdhéanamh go cuí, maille le gach ráthaíocht bhreithiúnach a n-aithníonn pobail shibhialta gur den riachtanas í.

(2) Baileofar an lucht créachtaithe agus breoite agus tabharfar aireachas dóibh.

Féadfaidh comhlacht daonchairdiúil neamhchlaonta, ar nós Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, a sheirbhísí a thairiscint do na Páirtithe sa choinbhleacht.

Fairis sin, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall an t-iomlán nó cuid de na forálacha eile atá sa Choinbhinsiún seo a thabhairt i bhfeidhm trí chomhaontuithe speisialta.

Ní chuirfidh feidhmiú na bhforálacha sin roimhe seo isteach ar stádas dlíthiúil na bPáirtithe sa choinbhleacht.

Airteagal 4.

Cuirfidh Cumhachtaí Neodracha forálacha an Choinbhinsiúin seo i bhfeidhm, trí analach, i gcás an lucht créachtaithe agus breoite, agus i gcás comhaltaí den phearsanra liachta agus na séiplíneach, le fórsaí armtha na bPáirtithe sa choinbhleacht a ghlacfar nó a chuirfear faoi imtheorannú ina gcríoch, chomh maith le daoine marbha a dtiocfar orthu.

Airteagal 5.

I gcás na ndaoine coimircithe a thitfidh i láimh an namhad, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo go dtí go ndéanfar iad a athdhúichiú go críochnaitheach.

Airteagal 6.

Maraon leis na comhaontuithe dá bhforáiltear go sainráite in Airteagail 10, 15, 23, 28, 31, 36, 37 agus 52, féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha comhaontuithe speisialta eile a dhéanamh i dtaobh gach ní ar dóigh leo é a bheith oiriúnach foráil ar leith a dhéanamh ina thaobh. Ní dhéanfaidh aon chomhaontú speisialta dochar do staid an lucht créachtaithe agus breoite, do staid chomhaltaí den phearsanra liachta ná do staid séiplíneach, mar a mhínítear sin leis an gCoinbhinsiún seo, ná ní chuirfidh sé srian leis na cearta a thugann an Coinbhinsiún seo dóibh.

Beidh tairbhe na gcomhaontuithe sin ag an lucht créachtaithe agus breoite, chomh maith le pearsanra liachta agus séiplínigh, fad a bhainfidh an Coinbhinsiún leo, ach amháin i gcás forálacha sainráite dá malairt a bheith sa chomhaontú réamhráite nó i gcomhaontuithe ina dhiaidh sin, nó i gcás socruithe níos fabhraí a bheith déanta ina dtaobh ag ceann amháin nó níos mó de na Páirtithe sa choinbhleacht.

Airteagal 7.

Ní féidir leis an lucht créachtaithe agus breoite, ná le comhaltaí den phearsanra liachta ná le séiplínigh, séanadh a dhéanamh go hiomlán ná go páirteach, i gcás ar bith, ar na cearta a áirithítear dóibh leis an gCoinbhinsiún seo agus leis na comhaontuithe speisialta dá dtagraítear san Airteagal sin roimhe seo, má bhíonn a leithéid ann.

Airteagal 8.

Cuirfear an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm le comhoibriú agus faoi scrúdan na gCumhachtaí Coimirceacha, agus is é a ndualgas sin leasanna na bPáirtithe sa choinbhleacht a chaomhnú. Chuige sin, féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha toscairí, taobh amuigh dá bhfoireann taidhleoireachta nó consalachta, a cheapadh as measc a náisiúnach féin nó náisiúnach Cumhachtaí neodracha eile. Beidh na toscairí sin faoi réir a gceadaithe ag an gCumhacht a mbeidh siad lena ndualgais a chomhlíonadh maille léi.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall chun tasc ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha a éascú.

Ní rachaidh ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha in aon chás thar teorainn a misiúin féin faoin gCoinbhinsiún seo. Tabharfaidh siad aird, go háirithe, ar dhian-riachtanais slándála an Stáit ina mbeidh a ndualgais á gcomhlíonadh acu. Ní chuirfear srian lena ngníomhaíochtaí ach amháin mar chás eisceachtúil sealadach nuair a thabharfaidh dian-riachtanais mhíleata gur gá sin.

Airteagal 9.

Ní chuireann forálacha an Choinbhinsiúin seo aon bhac ar na gníomhaíochtaí daonchairdiúla a ghabhfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge nó aon eagraíocht daonchairdiúil neamhchlaonta eile de láimh, faoi réir thoiliú na bPáirtithe sa choinbhleacht áirithe, chun an lucht créachtaithe agus breoite, pearsanra liachta agus séiplínigh, a choimirciú, agus chun fóirithint orthu.

Airteagal 10.

Féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha tráth ar bith comhaontú ar na dualgais a bheidh de chúram ar na Cumhachtaí Coimirceacha de bhua an Choinbhinsiúin seo, a chur i muinín eagraíochta a thugann gach ráthaíocht ar a neamh-chlaontacht agus ar a héifeachtúlacht.

Mura bhfuil lucht créachtaithe agus breoite, nó pearsanra liachta agus séiplínigh, ag tairbhiú, nó má scoireann siad de bheith ag tairbhiú, ar chúis ar bith, de ghníomhaíochtaí Cumhachta Coimircí nó eagraíochta dá bhforáiltear sa chéad mhír thuas, iarrfaidh an Chumhacht Choinneála ar Stát neodrach, nó ar eagraíocht den sórt sin, na feidhmeanna a ghabháil de láimh a bheidh á gcomhlíonadh faoin gCoinbhinsiúin seo ag Cumhacht Choimirceach arna hainmniú ag na Páirtithe i gcoinbhleacht.

Mura féidir coimirce a shocrú dá réir sin, ansin, faoi réir forálacha an Airteagail seo, iarrfaidh an Chumhacht Choinneála ar eagraíocht daonchairdiúil, ar nós Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, na feidhmeanna daonchairdiúla a ghabháil de láimh a bheidh á gcomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún seo ag Cumhachtaí Coimirceacha, nó glacfaidh sí le tairiscint seirbhísí ó eagraíocht den sórt sin.

Aon Chumhacht neodrach, nó aon eagraíocht a gheobhaidh iarratas ón gCumhacht a bheidh i gceist, nó a dhéanfaidh tairiscint chuige sin, beidh uirthi gníomhú le tuiscint ar a freagracht i leith an Pháirtí sa choinbhleacht a bhfuil na daoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiúin seo ina cleithiúnas, agus beidh uirthi ráthaíochtaí sásúla thabhairt go bhfuil sí inniúil ar na feidhmeanna iomchuí a ghabháil de láimh agus iad a chomhlíonadh go neamhchlaonta.

Ní bhainfear de na forálacha sin roimhe seo le comhaontuithe speisialta idir Cumhachtaí a mbeidh ceann acu, fiú go sealadach, faoi shrian ar a saoirse chun margaíocht a dhéanamh leis an gCumhacht eile nó lena comhghuaillithe de bhíthin teagmhas míleata, go háirithe i gcás an t-iomlán, nó cuid mhaith, de chríoch na Cumhachta sin a bheith faoi fhorghabháil.

Aon uair a dhéantar tagairt do Chumhacht Choimirceach sa Choinbhinsiúin seo, baineann an tagairt sin freisin le heagraíochtaí ionaid de réir bhrí an Airteagail seo.

Airteagal 11.

I gcásanna inar dóigh leo é a bheith fóinteach ar mhaithe le daoine coimircithe go mór mór i gcás easaontais idir na Páirtithe sa choinbhleacht maidir le feidhmiú nó léiriú forálacha an Choinbhinsiúin seo, tabharfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha a gcuidiú chun an t-easaontas a réiteach.

Chuige sin, féadfaidh gach ceann de na Cumhachtaí Coimirceacha, ar iarratas a fháil ó Pháirtí amháin nó as a chonlán féin, a mholadh do na Páirtithe sa choinbhleacht go dtiocfaidh a n-ionadaithe i ndáil chruinnithe, go háirithe na húdaráis a bheidh freagrach sa lucht créachtaithe agus breoite, sna comhaltaí den phearsanra liachta agus sna séiplínigh, ar thalamh neodrach, b'fhéidir, a thoghfar go hoiriúnach. Beidh de cheangal ar na Páirtithe sa choinbhleacht éifeacht a thabhairt do na tograí a chuirfear faoina mbráid chuige sin. Féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha, más gá, a chur i gcead na bPáirtithe sa choinbhleacht go nglacfaí le duine a bhaineann le cumhacht neodrach, nó le duine a bheidh údaraithe ag Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, agus tabharfar cuireadh don duine sin páirt a ghlacadh sa chruinniú sin.

CAIBIDIL II—LUCHT CREACHTAITHE AGUS BREOITE.

Airteagal 12.

Tabharfar urraim agus coimirce i gcónaí do chomhaltaí de na fórsaí armtha agus do dhaoine eile, a luaitear san Airteagal ina dhiaidh seo, a bheidh créachtaithe nó breoite.

Cuirfidh an Páirtí sa choinbhleacht a dtarlóidh na daoine sin faoina urláimh cóir dhaonnachtúil orthu agus tabharfaidh sé aireachas dóibh, gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar ghnéas, cine, náisiúntacht, reiligiún, tuairimí polaitíochta, nó aon dálaí eile dá samhail sin. Toirmisctear go dian aon iarracht iad a mharú nó foréigean a dhéanamh ar a bpearsa; go háirithe, ní dhéanfar dúnmharú ná díothú ná céastóireacht ná turgnaimh bhitheolaíochta orthu; ní fhágfar go toiliúil iad gan chabhair liachta agus aireachas, ná ní chuirfear iad i gcaoi galar ná aicíd a thógáil.

Ní thabharfar tosaíocht san ord cóireála ach amháin ar chúiseanna práinneacha liachta.

Déileálfar le mná le gach uile ómós is dual don bhantracht.

An Páirtí sa choinbhleacht arb éigean dó lucht créachtaithe nó breoite a fhágáil faoin namhaid, déanfaidh sé, chomh fada agus a cheadóidh riachtanais mhíleata é, cuid dá phearsanra liachta agus dá ábhar liachta a fhágáil ina dteannta chun cuidiú lena n-aireachasú.

Airteagal 13.

Bainfidh an Coinbhinsiún seo leis an lucht créachtaithe agus breoite de na hearnálacha seo a leanas:

(1) Comhaltaí d'fhórsaí armtha Pháirtí sa choinbhleacht, maraon le comhaltaí de mhilístí nó de chóir óglach saorálach is cuid de na fórsaí armtha sin;

(2) Comhaltaí de mhilístí eile agus comhaltaí de chóir óglach saorálach eile, lena n-áirítear comhaltaí de fhrithghluaiseachtaí eagraithe, a bhaineann le Páirtí sa choinbhleacht agus atá ag gníomhú laistigh nó lasmuigh dá gcríoch féin, fiú má tá an chríoch sin faoi fhorghabháil, ar choinníoll go gcomhlíonann na milístí nó na cóir óglach saorálach sin, lena n-áirítear na frithghluaiseachtaí eagraithe sin, na coinníollacha seo a leanas:

(a) duine a bheith i gceannas orthu atá freagrach ina íochtaráin;

(b) sainchomhartha deimhneach a bheith acu is féidir a aithint tamall ó láthair;

(c) airm a bheith á n-iompar acu go hoscailte;

(d) a n-oibríochtaí a bheith á ndéanamh acu de réir dlíthe agus nósanna an chogaidh.

(3) Comhaltaí d'fhórsaí armtha rialta a dhearbhaíonn go bhfuil siad faoi ghéillsine ag Rialtas nó údarás nach dtugann an Chumhacht Choinneála aitheantas dó;

(4) Daoine atá ag gabháil leis na fórsaí armtha gan bheith ina gcomhaltaí díobh iarbhír, mar atá comhaltaí sibhialta d'fhoirne aerárthaí míleata, tuairisceoirí cogaidh, conraitheoirí soláthair, comhaltaí d'aonaid saothair nó de sheirbhísí atá freagrach i leas na bhfórsaí armtha, ar choinníoll go bhfuil údarás faighte acu ó na fórsaí armtha lena ngabhann siad;

(5) Comhaltaí, lena n-áirítear máistrí, píolótaí agus printísigh, d'fhoirne loingis trádála, agus foirne aerárthaí sibhialta leis na Páirtithe sa choinbhleacht, nach dtairbhíonn de chóireáil níos fearr faoi aon fhorálacha eile den dlí idirnáisiúnta;

(6) Áitreoirí críche gan forghabháil a ghlacann airm chucu as a gconlán féin, ar an namhaid a theacht, chun na fórsaí ionraithe a chomhrac, gan é a bheith d'uain acu aonaid armtha rialta a dhéanamh díobh féin, ar choinníoll go n-iompróidh siad airm go hoscailte agus go n-urramóidh siad dlíthe agus nósanna an chogaidh.

Airteagal 14.

Faoi réir forálacha Airteagal 12, beidh an lucht créachtaithe agus breoite de chuid cogaígh a thitfidh i láimh an namhad ina bpríosúnaigh chogaidh, agus beidh feidhm ina leith ag na forálacha den dlí idirnáisiúnta a bhaineann le príosúnaigh chogaidh.

Airteagal 15.

Gach aon tráth, agus go háirithe tar éis gleic comhraic, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht, gan mhoill, gach is féidir chun an lucht créachtaithe agus breoite a lorg agus a chruinniú, chun iad a chosaint ar shlad agus ar dhrochúsáid, chun a áirithiú go dtabharfar aireachas leormhaith dóibh, agus chun na mairbh a lorg agus a bhfadhbhadh a chosc.

Aon uair is féidir é, comhshocrófar sos cogaidh nó sos lámhaigh, nó déanfar comhshocraíochtaí áitiúla chun go bhféadfar an lucht créachtaithe a fágadh ar an machaire catha a aistriú, a mhalartú agus a thabhairt chun bealaigh. Mar an gcéanna, féadfar comhshocraíochtaí áitiúla a thabhairt i gcrích idir na Páirtithe sa choinbhleacht chun an lucht créachtaithe agus breoite a thabhairt amach as limistéar faoi léigear nó faoi thimpeallú, nó chun iad a mhalartú, agus chun pearsanra liachta agus eaglaise agus trealamh liachta a ligean isteach sa limistéar sin.

Airteagal 16.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht, a luaithe is féidir é, i gcás gach duine créachtaithe, breoite nó marbh den Pháirtí naimhdeach a thitfidh ina láimh, aon sonraí a chur ar taifead a chuideoidh lena aithint.

Más féidir é, is ceart an t-eolas seo a leanas a bheith sna taifid sin:

(a) ainm na Cumhachta a bhfuil sé ina cleithiúnas;

(b) a uimhir airm nó reisiminte, nó a uimhir phearsanta nó a shraithuimhir;

(c) a shloinne;

(d) a chéad-ainm nó a chéad-ainmneacha;

(e) dáta a bhreithe;

(f) aon sonraí eile a bheidh ar a chárta nó a theasc aitheantais;

(g) dáta agus ionad a ghabhála nó a bháis;

(h) sonraí i dtaobh créachtaí nó breoiteachta, nó cúis a bháis.

Déanfar, a luaithe is féidir, an t-eolas thuasluaite a chur go dtí an Oifig Eolais a thuairiscítear in Airteagal 122 de Choin bhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949, agus cuirfidh an oifig sin an t-eolas sin ar aghaidh chun na Cumhachta a bhfuil na daoine sin ina cleithiúnas tríd an gCumhacht Choimirceach agus trí Lár-Ghníomhaireacht na bPríosúnach Cogaidh.

Ullmhóidh na Páirtithe sa choinbhleacht, agus cuirfidh siad ar aghaidh chun a chéile tríd an oifig chéanna, deimhnithe báis nó liostaí cuí-dheimhnithe na marbh. Mar an gcéanna, baileoidh siad, agus cuirfidh siad ar aghaidh tríd an oifig chéanna, leath amháin de theasc aitheantais dúbailte, uachtanna deireanacha nó doiciméid eile a bheadh tábhachtach do na neasghaolta, airgead agus, i gcoitinne, gach earra a bhfuil fiúntas dá cuid féin nó fiúntas muirneach ann, agus a gheofar ar na mairbh. Cuirfear na hearraí sin, maraon le hearraí neamhaitheanta, ar aghaidh i bpacáistí séalaithe, agus ráitis ina dteannta ag tabhairt na sonraí go léir is gá chun gur féidir a aithint cérbh iad na daoine marbha ar leo iad, maille le liosta iomlán de na nithe sa bheartán.

Airteagal 17.

Féachfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht chuige go ndéanfar sula n-adhlacfar nó a chréamfar na mairbh, ina nduine is ina nduine chomh fada agus is féidir sin, scrúdú cúramach, ar scrúdú liachta a bheidh ann más féidir, ar na coirp, d'fhonn bás a chinntiú, agus chun a fháil amach cé hiad féin, agus chun go bhféadfar tuarascáil a thabhairt. Is ceart leath na teisce aitheantais dúbailte, nó an teasc aitheantais í féin, más teasc shingil í, a fhágáil ar an gcorp.

Ní ceart coirp a chréamadh ach amháin ar chúiseanna dianriachtanacha sláinteachais nó ar fháthanna a bhaineann le reiligiún an mhairbh. I gcás corp a chréamadh déanfar na himthosca agus na fáthanna a bhí leis a lua go mionchruinn sa deimhniú báis nó i liosta fíordheimhnithe na marbh.

Féachfaidh siad chuige, fairis sin, go n-adhlacfar na mairbh go measúil agus, más féidir é, de réir deasghnátha a reiligiúin, go dtabharfar urraim dá n-uaigheanna, go mbeidh siad más féidir sin ina ngrúpaí de réir náisiúntacht na marbh, go gcoimeádfar i dtreo agus go marcálfar iad mar is cuí ionas go bhféadfar teacht orthu i gcónaí. Chuige sin, eagróidh siad i dtosach na cogaíochta Seirbhís Oifigiúil chun Uaigheanna a Chlárú ionas go bhféadfar dí-adhlacadh a dhéanamh ina dhiaildh sin agus aithint na gcorp a chinntiú, cibé áit a mbeidh na huaigheanna, agus b'fhéidir, iad a thabhairt abhaile go dtí a dtír bhunaidh. Bainfidh na forálacha sin freisin le luaith na marbh, a choimeádfaidh an tSeirbhís chun Uaigheanna a Chlárú go dtí go gcuirfidh an tír bhunaidh in iúl cad atá le déanamh ina taobh.

A luaithe is féidir é sna himthosca, agus tráth nach déanaí ná críoch na cogaíochta, malartóidh na Seirbhísí sin lena chéile, tríd an Oifig Eolais a luaitear sa dara mír d'Airteagal 16, liostaí a thaispeánfaidh ionad beacht na n-uaigheanna agus na marcanna atá orthum, araon le sonraí na marbh atá adhlactha iontu.

Airteagal 18.

Féadfaidh na húdaráis mhíleata a iarraidh ar na háitreoirí, de ghrá na carthanachta, an lucht créachtaithe agus breoite a bhailiú agus a aireachasú dá ndeoin féin faoi stiúradh na n-údarás míleata, agus tabharfaidh an choimirce agus na saoráidí is gá do dhaoine a dhéanfaidh amhlaidh. Más rud é go nglacfaidh nó go n-athghlacfaidh an Páirtí naimhdeach ceannas ar an limistéar, déanfaidh an Páirtí sin freisin an choimirce agus na saoráidí céanna a thabhairt do na daoine sin.

Ceadóidh na húdaráis mhíleata do na háitreoirí agus do chumainn fóirithinte, fiú i limistéir faoi ionradh nó faoi fhorghabháil, lucht créachtaithe nó breoite, is cuma cad é a náisiúntacht, a bhailiú agus a aireachasú as a gconlán féin. Tabharfaidh an pobal sibhialta urraim don lucht créachtaithe agus breoite sin, agus go háirithe ní dhéanfaidh siad foréigean orthu.

Ní cead aon duine a chiapadh ná a chiontú mar gheall ar aireachas a thabhairt don lucht créachtaithe nó breoite.

Ní shaorann forálacha an Airteagail seo an Chumhacht Forghabhála óna hoibleagáid chun aireachas corpartha agus morálta a thabhairt don lucht créachtaithe agus breoite.

CAIBIDIL III—AONAID AGUS BUNACHAIS LIACHTA.

Airteagal 19.

Ní cead bunachais dhaingnithe ná aonaid liachta ghluaisteacha den tSeirbhís Liachta a ionsaí i gcás ar bith, ach déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht urraim agus coimirce a thabhairt dóibh i gcónaí. Má thiteann siad i láimh an Pháirtí naimhdigh, ligfear dá bpearsanra leanúint dá ndualgais fad a bheidh an Chumhacht a ghabh iad gan a áirithiú í féin go dtabharfar an t-aireachas is gá don lucht créachtaithe agus breoite a gheofar sna bunachais agus sna haonaid sin.

Féachfaidh na húdaráis fhreagracha chuige go ndéanfar na bunachais agus na haonaid liachta sin a shuíomh, chomh fada agus is féidir sin, ar chuma nach bhféadfaidh ionsaí ar chuspóirí míleata iad a chur i gcontúirt.

Airteagal 20.

Ní ionsófar ón tír otharlonga a mbeidh teideal acu chun coimirce Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid na gComhaltaí Créachtaithe, Breoite agus Longbhriste d'Fhórsaí Armtha ar Muir den 12 Lúnasa, 1949.

Airteagal 21.

Ní scoirfear den choimirce a dhlítear do bhunachais dhaingnithe agus d'aonaid liachta ghluaisteacha den tSeirbhís Mhíleata mura rud é go n-úsáidtear iad taobh amuigh da ndualgais dhaonchairdiúla, chun gníomhartha ba dhíobháil don namhaid a dhéanamh. Ní cead, in aon chás, scor den choimirce ach amháin, tar éis rabhadh cuí a thabhairt ina sonrófar, i ngach cás iomchuí, teorainn ama réasúnach agus tar éis neamhaird a bheith tugtha ar an rabhadh sin.

Airteagal 22.

Ní áireofar iad seo a leanas mar nithe a bhainfidh d'aonad ná de bhunachas liachta an choimirce a ráthaítear dóibh le hAirteagal 19:

(1) Pearsanra an aonaid nó an bhunachais a bheith armtha, agus iad a bheith ag úsáid na n-arm chun iad féin, nó an lucht créachtaithe agus breoite faoina gcúram, a chosaint.

(2) Cheal giollaí armtha, an t-aonad nó an bunachas a bheith á choimirciú ag picéad nó ag fairtheoirí nó ag lucht coimhdeachta.

(3) Airm éadroma agus armlón a tógadh ón lucht créachtaithe agus breoite, agus nár tugadh suas fós don tseirbhís chuí, a fháil san aonad nó sa bhunachas.

(4) Pearsanra agus ábhair de chuid na seirbhíse tréadliachta a fháil san aonad nó sa bhunachas, agus gan iad ina gcuid dhílis de.

(5) Gníomhaíochtaí daonchairdiúla aonad agus bunachas liachta nó a bpearsanra a bheith ag sroicheadh chomh fada le haireachasú sibhialtach créachtaithe nó breoite.

Airteagal 23.

In aimsir shíochána, féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus, tar éis cogaíocht a bhriseadh amach, féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht, ina gcríoch féin agus, más gá, i limistéir faoi fhorghabháil, réigiúin agus líomatáistí ospidéalaíochta a bhunú a bheidh eagraithe ar dhóigh go gcumhdófar ó iarsmaí cogaidh an lucht créachtaithe agus breoite, chomh maith leis an bpearsanra ar a bhfuil sé de chúram na réigiúin agus na líomatáistí sin a eagrú agus a riaradh agus na daoine ann a aireachasú.

Ó thosach na cogaíochta agus lena linn, féadfaidh na Páirtithe inti comhaontuithe a dhéanamh chun na réigiúin agus na líomatáistí ospidéalaíochta a bheidh bunaithe acu a aithint. Chuige sin féadfaidh siad forálacha an Dréacht-Chomhaontaithe atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún seo a chur i gcrích, arna leasú mar a mheasfaidh siad is gá.

Iarrtar ar na Cumhachtaí Coimirceacha agus ar Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge a gcuidiú a thabhairt chun tionscnamh agus aithint na réigiún agus na líomatáistí ospidéalaíochta sin a éascú.

CAIBIDIL IV—PEARSANRA.

Airteagal 24.

Tabharfar urraim agus coimirce i gcónaí do phearsanra liachta arb é a ngnó ar leithligh an lucht créachtaithe nó breoite a lorg, a bhailiú, a iompar nó a chóireáil, nó galar a chose, agus d'fhoireann arb é a ngnó ar leithligh aonaid agus bunachais liachta a riaradh, agus fós do shéiplínigh a bheidh ar ceangal leis na fórsaí armtha.

Airteagal 25.

Tabharfar urraim agus coimirce mar an gcéanna do chomhaltaí de na fórsaí armtha a bheidh traenáilte go speisialta chun a bhfostaithe, dá mba ghá sin, mar ghiollaí ospidéil, banaltraí nó sínteánaithe cúnta, ag lorg, ag iompar nó ag cóireáil an lucht créachtaithe agus breoite, má bhíonn na dualgais sin á ndéanamh acu nuair a thiocfaidh siad i dteagmháil leis an namhaid nó a thitfidh siad i láimh an namhad.

Airteagal 26.

Cuirtear ar aon bhonn leis an bpearsanra a ainmnítear in Airteagal 24 an fhoireann le cumainn náisiúnta den Chrois Dhearg agus an fhoireann le cumainn chabhrach saorálaí eile, má tá na cumainn sin aitheanta agus údaraithe go cuí ag a Rialtais, a bheidh ar fostú ar na dualgais chéanna leis an bpearsanra sin, ar choinníoll go mbeidh foireann na gcumann sin faoi réir dlíthe agus rialachán míleata.

Cuirfidh gach Ardpháirtí Conarthach in iúl dá chéile, in aimsir shíochána nó i dtosach cogaíochta nó lena linn, ach in aon chás sula bhfostóidh sé iad iarbhír, ainmneacha na gcumann a bheidh údaraithe aige chun cabhair a thabhairt, faoina fhreagracht, do sheirbhís liachta rialta a fhórsaí armtha.

Airteagal 27.

Ní fhéadfaidh cumann aitheanta ó thír neodrach cabhair a phearsanra agus a aonad liachta a thabhairt do Pháirtí sa choinbhleacht gan toiliú roimh ré óna Rialtas féin agus údarás ón bPáirtí sa choinbhleacht áirithe. Cuirfear an pearsanra agus na haonaid sin faoi cheannas an Pháirtí sin sa choinbhleacht.

Cuirfidh an Rialtas neodrach an toiliú sin in iúl do pháirtí naimhdeach an Stáit a ghlacfaidh an chabhair sin. Tá sé de cheangal ar an bPáirtí sa choinbhleacht a ghlacfaidh an chabhair sin é sin a chur in iúl don Pháirtí naimhdeach sula mbainfear aon leas as an gcabhair.

Ní mheasfar i gcás ar bith gurb idirghabháil sa choinbhleacht an chabhair sin.

Déanfar na cártaí aitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 40 a thabhairt go cuí do chomhaltaí an phearsanra a ainmnítear sa chéad mhír sula bhfágfaidh siad an tír neodrach lena mbaineann siad.

Airteagal 28.

Má thiteann pearsanra a luaitear in Airteagail 24 agus 26 i láimh an Pháirtí naimhdigh, ní choimeádfar iad ach sa mhéid is gá sin mar gheall ar staid sláinte, riachtanais spioradálta agus líon na bpríosúnach cogaigh.

Ní áireofar mar phríosúnaigh chogaidh pearsanra a choimeádfar amhlaidh. Mar sin féin tairbheoidh siad, ar an gcuid is lú de, d'fhorálacha uile Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949. Taobh istigh de chompás dlíthe agus rialachán míleata na Cumhachta Coinneála, agus faoi údarás a seirbhíse inniúla, leanfaidh siad dá ndualgais liachta agus spioradáltachta a chomhlíonadh, de réir eitic a ngairme ar mhaithe le príosúnaigh chogaidh, go mór mór príosúnaigh chogaidh ó na fórsaí armtha lena mbaineann siad féin. Fairis sin, beidh na saoráidí seo a leanas acu chun a ndualgais liachta nó spioradáltachta a dhéanamh:

(a) Beidh údarás acu cuairt a thabhairt go tréimhsiúil ar na príosúnaigh chogaidh in aonaid saothair nó in ospidéil lasmuigh den champa. Cuirfidh an Chumhacht Choinneála faoina réir na córacha iompair is gá.

(b) I ngach campa beidh an dochtúir oifigiúil sinsir is airde céim freagrach d'údaráis mhíleata an champa i ngníomhaíocht ghairmiúil an phearsanra liachta a choimeádfar. Chuige sin aontóidh na Páirtithe sa choinbhleacht, ó thosach na cogaíochta, ar shinsireacht chomhréire na gcéimeanna ina bpearsanra liachta, lena n-áirítear na céimeanna sna cumainn a shonraítear in Airteagal 26. I ngach ceist a éireoidh as a ndualgais, beidh teacht dhíreach ag an dochtúir oifigiúil sin, agus ag na séiplínigh, ar údaráis mhíleata agus liachta an champa, agus tabharfaidh na húdaráis sin dóibh na saoráidí a theastóidh uathu le haghaidh comhfhreagrais i dtaobh na gceisteanna sin.

(c) Cé go mbeidh an pearsanra a choimeádfar i gcampa faoi réir araíonacht inmheánach an champa, ní chuirfear orthu, áfach, aon obair a dhéanamh taobh amuigh dá ndualgais liachta nó reiligiúin.

Le linn cogaíochta, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht comhshocraíochtaí chun pearsanra a coimeádadh a fhuascailt nuair is féidir sin, agus socróidh siad an modh ina bhfuasclófar iad.

Ní shaorfaidh aon fhoráil dá bhfuil anseo roimhe seo an Chumhacht Choinneála ó na hoibleagáidí a chuirtear uirthi maidir le leas liachta agus spioradáltachta na bpríosúnach cogaidh.

Airteagal 29.

Aon chomhaltaí den phearsanra a shonraítear in Airteagal 25 a thitfidh i láimh an namhad, beidh siad ina bpríosúnaigh chogaidh, ach fostófar iad ar a ndualgais liachta sa mhéid gur gá sin.

Airteagal 30.

An pearsanra nach mbeidh fíor-riachtanas lena gcoimeád de bhua forálacha Airteagal 28, cuirfear ar ais iad chun an Pháirtí sa choinbhleacht lena mbaineann siad a luaithe a bheidh bealach ar fáil lena gcur ar ais agus a cheadóidh riachtanais mhíleata é.

Fad a bheifear ag feitheamh ar a gcur ar ais, ní áireofar mar phríosúnaigh chogaidh iad. Mar sin féin, tairbheoidh siad, ar an gcuid is lú de, d'fhorálacha uile Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949. Leanfaidh siad dá ndualgais a chomhlíonadh faoi orduithe an Pháirtí naimhdigh agus, de rogha ar a chéile, is i mbun aireachasú lucht créachtaithe agus breoite an Pháirtí sa choinbhleacht a mbaineann siad féin leis a chuirfear iad.

Nuair a bheidh siad ag imeacht tabharfaidh siad leo na héifeachtaí, na hearraí pearsanta agus na hearraí luachmhara, agus na huirlisí, is leo féin.

Airteagal 31.

Déanfar an pearsanra a bheidh le cur ar ais faoi Airteagal 30 a thoghadh gan aon aird a thabhairt ar chúrsaí a bhaineann le cine, reiligiún ná tuairim polaitíochta ach, de thús rogha, de réir an oird aimsire inar gabhadh iad agus de réir staid a sláinte.

Ó thosach na cogaíochta, féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a shocrú trí chomhaontú speisialta cad é an céatadán pearsanra a bheidh le coimeád i gcomhréir le líon na bpríosúnach, agus conas a roinnfear an pearsanra sin sna campaí.

Airteagal 32.

Daoine dá luaitear in Airteagal 27 a thitfidh i láimh an Pháirtí naimhdigh, ní fhéadfar iad a choinneáil.

Mura gcomhaontaítear ar a mhalairt, beidh cead acu filleadh ar a dtír nó, mura féidir sin, ar chríoch an Pháirtí sa choinbhleacht a bhfuil siad ina sheirbhís, chomh luath is a bheidh bealach ar fáil lena gcur ar ais agus a cheadóidh cúrsaí míleata é.

Fad a bheifear ag feitheamh ar a saoradh, leanfaidh siad dá n-obair faoi stiúradh an Pháirtí naimhdigh; de rogha ar a chéile, is i mbun aireachasú lucht créachtaithe agus breoite an Pháirtí sa choinbhleacht a raibh siad ina sheirbhís a chuirfear iad.

Nuair a bheidh siad ag imeacht, tabharfaidh siad leo na héifeachtaí, na hearraí pearsanta agus na hearraí luachmhara, agus na huirlisí, na hairm agus, más féidir, na córacha iompair, is leo féin.

Cuirfidh na Páirtithe sa choinbhleacht in áirithe don phearsanra sin, fad a bheidh siad faoina n-urlámhas, an bia, an lóistín, na liúntais agus an pá céanna a thugtar do phearsanra comhréire a bhfórsaí armtha. In aon chás, beidh an bia leordhóthanach ina mhéid, ina cháilíocht agus ina éagsúlacht chun an pearsanra sin a choimeád i ngnáthstaid sláinte.

CAIBIDIL V—FOIRGNIMH AGUS ABHAIR.

Airteagal 33.

Déanfar an t-ábhar le haonaid liachta ghluaisteacha na bhfórsaí armtha a thitfidh i láimh an namhad a choimeád ar leithligh le haghaidh aireachasú an lucht créachtaithe agus breoite.

Fanfaidh foirgnimh, ábhair agus stórais bhunachas liachta daingnithe na bhfórsaí armtha faoi réir dhlíthe an chogaidh, ach ní fhéadfar iad a úsáid chun malairt críche fad a bheidh siad ag teastáil le haghaidh aireachasú an lucht créachtaithe agus breoite. Mar sin féin, féadfaidh ceannasaithe fórsaí ar an machaire úsáid a bhaint astu, i gcás géar-riachtanais mhíleata, ar choinníoll go mbeidh socrú déanta acu roimh ré ar mhaithe leis an lucht créachtaithe agus breoite atá á n-aireachasú iontu.

Ní dhíothófar d'aonghnó na hábhair agus na stórais a shonraítear san Airteagal seo.

Airteagal 34.

Áireofar mar mhaoin phríobháideach an mhaoin, idir réadach agus pearsanta, de chuid cumann cabhrach a ghlacfar isteach faoi phríbhléidí an Choinbhinsiúin.

Ní dhéanfar an ceart foréilimh a aithnítear i gcás cogaíoch, de réir dlíthe agus nósanna an chogaidh, a fheidhmiú ach amháin i gcás géar-riachtanais agus tar éis leas an lucht créachtaithe agus breoite a bheith curtha in áirithe.

CAIBIDIL VI—IOMPROIRI OTHARSHEIRBHISE.

Airteagal 35.

Déanfar iompróirí lucht créachtaithe agus breoite no trealaimh liachta a urramú agus a choimirciú ar an gcuma chéanna le haonaid liachta ghluaisteacha.

Má thiteann iompróirí nó feithiclí den sórt sin i láimh an Pháirtí naimhdigh, beidh siad faoi réir dlíthe an chogaidh, ar choinníoll go gcuirfidh an Páirtí sa choinbhleacht a ghabhfaidh iad in áirithe, i ngach cás, go dtabharfar aireachas don lucht créachtaithe agus breoite a bheidh iontu.

An pearsanra sibhialta agus na córacha iompair go léir a gheofar trína bhforéileamh, beidh siad faoi réir rialacha ginearálta an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 36.

Ní dhéanfar ionsaí ar aerárthaí otharsheirbhíse is é sin le rá, aerárthaí a úsáidtear d'aontoisc chun lucht créachtaithe agus breoite a aistriú agus chun pearsanra agus trealamh liachta a iompar, ach tabharfaidh na cogaígh urraim dóibh le linn doibh bheith ag eitilt ar airde, in amanna agus ar chúrsaí, ar comhaontaíodh go sonrach ina dtaobh idir na cogaígh a bheidh i ceist.

Beidh siad marcáilte go soiléir leis an bhfeathal ar leith a ordaítear in Airteagal 38, maraon lena ndathanna náisiúnta ar an taobh thíos, ar an taobh thuas agus ar a gcliatháin. Beidh orthu aon mharcanna nó comharthaí aitheantais eile ar ar comhaontaíodh idir na cogaígh i dtosach na cogaíochta nó lena linn.

Mura gcomhaontófar ar a mhalairt, toirmisctear eitilt os cionn críoch an namhad nó os cionn críoch atá faoi fhórghabháil ag an namhaid.

Géillfidh aerárthaí otharsheirbhíse do gach gairm a chuirfear orthu tuirlingt. Más gá tuirlingt amhlaidh, féadfaidh an t-aerárthach agus na daoine inti leanúint dá gcúrsa tar éis a scrúdaithe, má dhéantar sin.

Má thuirlingíonn aerárthach go hainneonach i gcríoch an namhad nó i gcríoch atá faoi fhorghabháil ag an namhaid, beidh an lucht créachtaithe agus breoite, maraon le foireann an aerárthaigh, ina bpríosúnaigh chogaidh. Déileálfar leis an bpearsanra liachta de réir Airteagal 24 agus na nAirteagal ina dhiaidh.

Airteagal 37.

Faoi réir forálacha an dara mír, féadfaidh aerárthaí otharsheirbhíse le Páirtithe sa choinbhleacht eitilt os cionn críoch cumhachtaí neodracha, tuirlingt ann, más gá, nó an chríoch sin a úsáid mar phort staid. Tabharfaidh siad fógra roimh ré do na Cumhachtaí neodracha go mbeidh siad ag gabháil thar an gcríoch sin, agus géillfidh siad do gach gairm a chuirfear orthu tuirlingt, ar thalamh nó ar uisce. Ní bheidh díolúine acu ó ionsaí ach amháin le linn eitilt ar chúrsaí, ar airde agus in amanna, ar comhaontaíodh go sonrach ina dtaobh idir na Páirtithe sa choinbhleacht agus an Chumhacht neodrach a bheidh i gceist.

Féadfaidh na Cumhachtaí neodracha, áfach, coinníollacha nó srianta a chur le haerárthaí otharsheirbhíse a ghabháil thar a gcríoch nó a thuirlingt ann. Déanfar aon choinníollacha nó srianta den sórt sin a chur i bhfeidhm go cothrom ar gach Páirtí sa choinbhleacht.

Mura gcomhaontófar ar a mhalairt idir an Chumhacht neodrach agus na Páirtithe sa choinbhleacht, déanfaidh an Chumhacht neodrach an lucht créachtaithe agus breoite a chuirfear i dtír, le toiliú na n-údarás áitiúil, ar chríoch neodrach ó aerárthaí otharsheirbhíse, a choinneáil, nuair is gá sin de réir an dlí idirnáisiúnta ionas nach bhféadfaidh siad páirt a ghlacadh arís in oibríochtaí cogaidh. Is ar an gCumhacht a bhfuil siad ina cleithiúnas a bheidh costas a gcóiríochta agus a n-imtheorannaithe.

CAIBIDIL VII—AN FEATHAL AR LEITH.

Airteagal 38.

Le hómós don Eilvéis, tá feathal araltach na croise deirge ar chúlra bán, a chumtar trí dhathanna na Cónaidhme a aisiompú, á choimeád mar fheathal agus sainchomhartha Seirbhíse Liachta fórsaí armtha.

Mar sin féin, i gcás tíortha a úsáideann cheana féin mar fheathal, in ionad na croise deirge, an corrán dearg nó an leon dearg agus an ghrian dhearg ar chúlra bán, aithnítear na feathail sin freisin de réir téarmaí an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 39.

Faoi stiúradh an údaráis mhíleata inniúil, taispeánfar an feathal ar na bratacha, na criosanna muinchille agus an trealamh uile a úsáidtear sa tSeirbhís Liachta.

Airteagal 40.

An pearsanra a shonraítear in Airteagal 24 agus in Airteagail 26 agus 27, caithfidh siad, greamaithe timpeall na láimhe clé crios muinchille uiscedhíonach agus an feathal ar leith air, a bheidh eisithe agus stampáilte ag an údarás míleata. Maraon leis an teasc aitheantais a luaitear in Airteagal 16, iompróidh an pearsanra sin cárta aitheantais ar leith a mbeidh an feathal ar leith air. Beidh an cárta sin uiscedhíonach agus de shaghas is féidir le duine a chur ina phóca. Is sa teanga náisiúnta a bheidh na focail air agus inseoidh sé, ar an gcuid is lú de, sloinne agus céadainmneacha, dáta breithe, céim agus uimhir sheirbhíse a iompróra, agus luafar ann an cháil ina bhfuil teideal aige chun coimirce an Choinbhinsiúin seo. Beidh grianghraf an úinéara ar an gcárta agus, ina theannta sin, a shíniú nó a mhéarloirg, nó an dá ní sin. Beidh stampa an údaráis mhíleata múnlaithe air.

Is mar a chéile na cártaí aitheantais a bheidh ar úsáid ar fud na bhfórsaí armtha céanna agus, chomh fada agus is féidir é, is cártaí den chinéal céanna a bheidh ag fórsaí armtha na nArdpháirtithe Conarthacha. Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht treoir a ghlacadh ón múnla atá ag gabháil, mar shampla, leis an gCoinbhinsiún seo. Cuirfidh siad in iúl dá chéile, i dtosach na cogaíochta, cad é an múnla atá á úsáid acu. Más féidir é, ba cheart cartaí aitheantais a dhéanamh amach i bhfoirm dhúblach ar a laghad, agus cóip amháin a bheith ar coimeád ag an tír bhunaidh.

Ní cead, in aon chás, a suaitheantais ná a gcártaí aitheantais, ná a gceart chun an crios muinchille a chaitheamh, a bhaint den phearsanra sin. Beidh siad i dteideal dúblach den chárta a fháil, agus suaitheantas nua a fháil, má chailleann siad iad.

Airteagal 41.

Caithfidh an pearsanra a shonraítear in Airteagal 25, ach ní dhéanfaidh siad amhlaidh ach amháin le linn dualgais liachta a chomhlíonadh, crios muinchille bán agus mionsamhail den sainchomhartha ina lár, a bheidh eisithe agus stampáilte ag an údarás míleata.

Sonrófar i ndoiciméid aitheantais mhíleata a bheidh le hiompar ag pearsanra den chineál sin an traenáil speisialta a fuair siad, gné shealadach na ndualgas atá siad a dhéanamh, agus an t-údarás atá acu chun an crios muinchille a chaitheamh.

Airteagal 42.

Ní chrochfar sainbhratach an Choinbhinsiúin ach amháin os cionn na n-aonad agus na mbunachas liachta atá i dteideal urraime faoin gCoinbhinsiún, agus ní dhéanfar sin ach amháin le toiliú na n-údarás míleata.

In aonaid ghluaisteacha, chomh maith le bunachais dhaingnithe, féadfar bratach náisiúnta an Pháirtí sa choinbhleacht a mbaineann an t-aonad nó an bunachas leis a chrochadh ina theannta.

Mar sin féin, ní chrochfaidh aonaid liachta a thitfidh i láimh an namhad aon bhratach seachas bratach an Choinbhinsiúin.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht na bearta is gá, sa mhéid go gceadóidh cúrsaí míleata é, chun go mbeidh na feathail ar leith lena gcuirtear aonaid agus bunachais liachta in iúl sofheicthe ag fórsaí talún, aerfhórsaí nó muirfhórsaí an namhad, ionas nach mbeidh siad in aon bhaol ionsaithe.

Airteagal 43.

Na haonaid liachta le tíortha neodracha, a bheidh údaraithe chun a seirbhísí a thabhairt do chogaíoch, faoi na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 27, cuirfidh siad ar crochadh, in éineacht le bratach an Choinbhinsiúin, bratach náisiúnta an chogaígh sin, aon áit a mbainfidh an cogaíoch sin leas as an gcead a thugtar dó le hAirteagal 42.

Faoi réir orduithe contrártha dó sin ó na húdaráis mhíleata fhreagracha, féadfaidh siad, ar gach uile ócáid, a mbratach náisiúnta a bheith ar crochadh acu, fiú má thiteann siad i láimh an Pháirtí naimhdigh.

Airteagal 44.

Taobh amuigh de na cásanna a luaitear sna míreanna ina dhiaidh seo den Airteagal seo, ní fhéadfar feathal na Croise Deirge ar chúlra bán agus na focail “Crois Dhearg”, nó “Crois na Ginéive”, a úsáid, in aimsir shíochána ná in aimsir chogaidh, ach amháin chun na haonaid agus na bunachais liachta, an pearsanra agus na hábhair a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo agus le Coinbhinsiúin eile a bhaineann le cúrsaí dá samhail, a chur in iúl nó a choimirciú. Is mar sin a bheidh freisin maidir leis na feathail a luaitear in Airteagal 38, an dara mír, i gcás na dtíortha a úsáideann iad. Ní bheidh sé de cheart ag na cumainn náisiúnta den Chrois Dhearg, ná ag na cumainn eile a shonraítear in Airteagal 26, an feathal ar leith a thugann coimirce an Choinbhinsiúin seo a úsáid ach amháin laistigh de chompás na míre seo.

Thairis sin, féadfaidh na cumainn náisiúnta den Chrois Dhearg (den Chorrán Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg), in aimsir shíochána agus i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, úsáid a dhéanamh d'ainm agus d'fheathal na Croise Deirge le haghaidh na ngníomhaíochtaí eile acu a bheidh i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos ag Comhdhálacha Idirnáisiúnta na Croise Deirge. Más in aimsir chogaidh a bheidh na gníomhaíochtaí sin á ndéanamh, beidh na coinníollacha a bhainfidh le húsáid an fheathail de shaghas nach féidir é a áireamh mar ní a thugann coimirce an Choinbhinsiúin; beidh an feathal cuíosach beag de réir tomhais agus ní fhéadfar é a chur ar chriosanna muinchille ná ar dhíonta foirgneamh.

Beidh cead ag eagraíochtaí idirnáisiúnta na Croise Deirge agus ag a bpearsanra cuí-údaraithe úsáid a dhéanamh, i gcónaí, d'fheathal na Croise Deirge ar chúlra bán.

Mar eisceacht ar leith, féadfar, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, agus le cead sainráite ó cheann de chumainn náisiúnta na Croise Deirge (an Chorráin Dheirg, an Leoin Dheirg agus na Gréine Deirge), feathal an Choinbhinsiúin a úsáid in aimsir shíochána chun feithiclí a úsáidtear mar otharchairr a aithint agus chun suíomh stáisiún cabhrach a mharcáil a bheidh curtha in áirithe d'aontoisc chun cóireáil in aisce a thabhairt don lucht créachtaithe nó breoite.

CAIBIDIL VIII—COMHALLADH AN CHOINBHINSIUIN.

Airteagal 45.

Deimhneoidh gach Páirtí sa choinbhleacht, ag gníomhú dó trína ardcheannasaithe, go ndéanfar na hAirteagail sin roimhe seo a chomhalladh go beacht agus déanfaidh sé socrú le haghaidh cásanna nach raibh coinne leo, de réir phrionsabail ghinearálta an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 46.

Toirmisctear bearta díoltais a imirt ar an lucht créachtaithe, an lucht breoite, an pearsanra, na foirgnimh nó an trealamh a choimircítear leis an gCoinbhinsiún.

Airteagal 47.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin téacs an Choinbhinsiúin seo a chraobhscaoileadh chomh forleathan agus is féidir ina dtíortha faoi seach, in aimsir shíochána agus in aimsir chogaidh, agus, go háirithe, staidéar ar an gCoinbhinsiún a chur ar a gcláir teagaisc, idir mhíleata agus, más féidir, shibhialta, ionas go mbeidh a phrionsabhail ar eolas ag an bpobal ar fad agus go mór mór ag na fórsaí comhraic armtha, ag an bpearsanra liachta agus ag na séiplínigh.

Airteagal 48.

Cuirfidh na hArdpháirtithe Conarthacha chun a chéile, trí Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise agus, le linn cogaíochta, trí na Cumhachtaí Coimirceacha, na tiontuithe oifigiúla ar an gCoinbhinsiún seo, maraon leis na dlíthe agus na rialacháin a mbeidh glactha acu leo chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é.

CAIBIDIL IX—MI-USAID AGUS SARU AN CHOINBHINSIUIN A CHOSC.

Airteagal 49.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin aon reachtaíocht a achtú is gá chun smachtbhannaí pionósacha le héifeacht a fhoráil do dhaoine a dhéanfaidh, nó a ordóidh go ndéanfar, sárú tromchúiseach mar a mhínítear san Airteagal ina dhiaidh seo ar an gCoinbhinsiún seo.

Beidh d'oibleagáid ar gach Ardpháirtí Conarthach daoine a chuardach a mbeifear tar éis a líomhnú go ndearna siad sárú tromchúiseach den sórt sin, nó gur ordaigh siad é a dhéanamh, agus tabharfaidh sé na daoine sin, is cuma cad is náisiúntacht dóibh, os comhair a chúirteanna féin. Féadfaidh sé freisin, más é is fearr leis, agus de réir forálacha a reachtaíochta féin, na daoine sin a thabhairt suas le haghaidh trialach d'Ardpháirtí Conarthach eile lena mbainfidh an scéal, ar choinníoll go mbeidh cás prima facie déanta amach ag an Ardpháirtí Conarthach sin.

Déanfaidh gach Ardpháirtí Conarthach na bearta is gá chun go gcuirfear faoi chois gach gníomh a bheidh contrártha d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, seachas na sáruithe tromchúiseacha a mhínítear san Airteagal ina dhiaidh seo.

I ngach cás, tairbheoidh na daoine cúisithe de dhearbhais maidir lena dtriail agus a gcosaint go cuí a bheidh, ar a laghad, chomh fabhrach leis na dearbhais a fhoráiltear le hAirteagal 105 agus na hAirteagail ina dhiaidh sin de Choinbhinsiúin na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949.

Airteagal 50.

Is iad na sáruithe tromchúiseacha lena mbaineann an tAirteagal sin roimhe seo, sáruithe ina ndéanfar aon ghníomh acu seo a leanas, i gcás é a dhéanamh i gcoinne daoine nó maoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún: marú toiliúil, céastóireacht nó ainíde mhídhaonachtúil, lena n-áirítear turgnaimh bhitheolaíochta, duine a chur ag fulaingt go mór nó díobháil mhór a dhéanamh dó, go toiliúil, ina chorp nó ina shláinte, díothú a dhéanamh agus seilbh a ghlacadh go forleathan ar mhaoin nuair nach bhfuil riachtanas míleata leis agus nuair a dhéantar é go neamhdhleathach agus go hainrianta.

Airteagal 51.

Ní ligfear d'aon Ardpháirtí Conarthach é féin ná aon Ardpháirtí Conarthach eile a shaoradh ó aon dliteanas a thitfidh air féin nó ar aon Ardpháirtí Conarthach eile mar gheall ar sháruithe dá dtagraítear san Airteagal sin roimhe seo.

Airteagal 52.

Ar iarratas ó Pháirtí sa choinbhleacht, cuirfear fiosrúchán ar bun, ar dhóigh a shocrófar idir na Páirtithe leasmhara, faoi aon sárú a líomhnófar a rinneadh ar an gCoinbhinsiún.

Mura dtiocfar ar chomhaontú i dtaobh an nós imeachta san fhiosrúchán, is ceart do na Páirtithe aontú ar mholtóir a shocróidh an nós imeachta is inleanta.

Ón uair a shuífear an sárú, cuirfidh na Páirtithe sa choinbhleacht deireadh leis agus cuirfidh siad faoi chois é a luaithe is féidir.

Airteagal 53.

Toirmisctear i gcónaí ar dhaoine aonair, ar chumainn, ar ghnólachtaí nó cuideachtaí, poiblí nó príobháideach, seachas iad siúd a dtugtar an ceart sin dóibh faoin gCoinbhinsiún seo, úsáid a dhéanamh den fheathal nó den ainm “Crois Dhearg” nó “Crois na Ginéive”, nó d'aon chomhartha nó ainm is aithris ar aon cheann acu sin, is cuma cad é an cuspóir atá leis an úsáid sin agus cad é dáta a ghlactha ar úsáid.

Mar gheall ar an ómós a thugtar don Eilvéis trí dhathacha aisiompaithe na Cónaidhme a ghlacadh, agus an mearbhall ab fhéidir a theacht idir armas na hEilvéise agus feathal ar leith an Choinbhinsiúin, toirmisctear i gcónaí ar dhaoine aonair, ar chumainn nó gnólachtaí, úsáid a dhéanamh d'armas Chónaidhm na hEilvéise, nó de mharcanna is aithris ar an armas sin, cibé acu mar thrádmharcanna nó marcanna tráchtála é, nó mar chodanna de mharcanna dá leithéid, nó chun críche atá contrártha don ionracas i gcúrsaí trádála, nó in imthosca a d'fhéadfadh goilleadh ar mheanma náisiúnta na nEilvéiseach.

Mar sin féin, féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha nach raibh ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Ginéive den 27 Iúil, 1929, má bhíothas roimhe sin ag úsáid na bhfeathal, na n-ainmneacha, na gcomharthaí nó na marcanna a shonraítear sa chéad mhír, teorainn aimsire nach faide ná trí bliana ó theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún seo a thabhairt do na húsáidirí sin chun scor dá n-úsáid, ar choinníoll nach n-úsáidfear amhlaidh iad ar chuma gur chosúil, in aimsir chogaidh, coimirce an Choinbhinsiúin a bheith á thabhairt acu.

Beidh feidhm freisin ag an toirmeasc atá leagtha síos sa chéad mhír den Airteagal seo, gan éifeacht a bheith aige ar aon chearta a fuarthas de bharr úsáide roimh ré, i gcás na bhfeathal agus na marcanna a luaitear sa dara mír d'Airteagal 38.

Airteagal 54.

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha, mura leor a reachtaíocht cheana féin, na bearta is gá chun an mhí-úsáid dá dtagraítear faoi Airteagal 53 a chose agus a chur faoi chois i gcónaí.

FORALACHA DEIRIDH.

Airteagal 55.

Tá an Coinbhinsiún seo leagtha amach i mBéarla agus i bhFraincis. Tá an dá théacs chomh barántúil lena chéile.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise socrú chun tiontú oifigiúil ar an gCoinbhinsiún a dhéanamh sa Rúisis agus sa Spáinnis.

Airteagal 56.

Féadfar an Coinbhinsiún seo, atá faoi dháta an lae inniu, a shíniú go dtí an 12 Feabhra, 1950, in ainm na gCumhachtaí a raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil a thosaigh sa Ghinéive an 21 Aibreán, 1949; agus, fairis sin, ag Cumhachtaí nach raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil sin ach atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiúin na Ginéive de 1864, 1906 nó 1929 le haghaidh Fóirithint ar an Lucht Créachtaithe agus Breoite in Airm ar an Machaire.

Airteagal 57.

Daingneofar an Coinbhinsiún seo a luaithe is féidir agus taiscfear na daingniúcháin i mBeirn.

Déanfar amach taifead i dtaobh taisceadh gach ionstraime daingniúcháin agus déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cóipeanna deimhnithe den taifead sin a chur go dtí na Cumhachtaí uile ar síníodh an Coinbhinsiún ina n-ainm, nó a mbeifear tar éis a chur in iúl go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 58.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm sé mhí tar éis dhá ionstraim dhaingniúcháin ar a laghad a bheith taiscthe.

Ina dhiaidh sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Ardpháirtí Conarthach sé mhí tar éis an ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

Airteagal 59.

Gabhann an Coinbhinsiún seo ionad Choinbhinsiúin an 22 Lúnasa, 1864, an 6 Iúil, 1906, agus an 27 Iúil, 1929, i gcúrsaí caidrimh idir na hArdpháirtithe Conarthacha.

Airteagal 60.

Ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfaidh aon Chumhacht nach mbeidh an Coinbhinsiún seo sínithe ina hainm glacadh leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 61.

Déanfar fógraí go bhfuil glactha leis an gCoinbhinsiún a thabhairt i scríbhinn do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise, agus beidh éifeacht leis an nglacadh sé mhí tar éis an dáta a bhfaighfear na fógraí.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise na fógraí go bhfuil glactha leis an gCoinbhinsiún a chur in iúl do na Cumhachtaí uile a mbeidh an Coinbhinsiún sínithe ina n-ainm, nó a mbeidh fógra tugtha go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 62.

Tabharfaidh na dálaí dá bhforáiltear in Airteagail 2 agus 3 éifeacht láithreach do gach daingniúchán a bheidh taiscthe agus do gach glacadh a bheidh curtha in iúl ag na Páirtithe sa choinbhleacht roimh thosach na cogaíochta nó na forghabhála nó dá éis. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise in iúl a thapúla is féidir aon fhógra a gheofar ó Pháirtithe sa choinbhleacht go bhfuil an Coinbhinsiún daingnithe acu nó go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 63.

Beidh sé ar chumas gach ceann de na hArdpháirtithe Conarthacha an Coinbhinsiún seo a shéanadh.

Cuirfear an séanadh in iúl i scríbhinn do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise, agus cuirfidh an Chomhairle sin ar aghaidh é go dtí Rialtais na nArdpháirtithe Conarthacha uile.

Beidh éifeacht ag an séanadh bliain tar éis a churtha in iúl do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise. Ach, i gcás séanadh a chur in iúl le linn an Chumhacht shéantach a bheith gafa i gcoinbhleacht, ní bheidh éifeacht ag an séanadh go dtí go mbeidh síocháin tugtha i gcrích agus go mbeidh deireadh leis na hoibríochtaí a bhainfidh le saoradh agus athdhúichiú na ndaoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo.

Ní bheidh éifeacht ag an séanadh ach amháin maidir leis an gCumhacht shéantach. Ní bhainfidh sé ar chor ar bith de na hoibleagáidí a mbeidh na Páirtithe sa choinbhleacht faoi cheangal i gcónaí iad a chomhlíonadh de bhua phrionsabail dhlí na náisiún, mar a leanann siad as an ngnáthamh atá bunaithe i measc pobal sibhialta agus as dlíthe na daonnachta agus mar is dual de réir choinsias an phobail.

Airteagal 64.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise an Coinbhinsiún seo a chlárú le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise in iúl freisin do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe gach fógra a gheobhaidh sí gur daingníodh an Coinbhinsiún seo nó gur glacadh leis nó gur séanadh é.

Dá fhianú sin tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, ar a lánchumhachtaí faoi seach a thaisceadh dóibh, tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú.

Arna dhéanamh sa Ghinéive an dara lá déag seo de Lúnasa, 1949, i mBéarla agus i bhFraincis. Taiscfear an scríbhinn bhunaidh i gcartlanna Chónaidhm na hEilvéise. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cóipeanna deimhnithe di chun gach ceann de na Stáit a shínigh an Coinbhinsiún agus chun gach Stát a mbeidh glactha aige leis.

[Sínithe agus Iarscríbhinní anseo síos.]

AN DARA SCEIDEAL.

Coinbhinsiún na Ginéive le haghaidh feabhsú staid na gComhaltaí créachtaithe, breoite agus longbhriste d'Fhórsaí armtha ar muir den 12 Lúnasa, 1949.

Tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, Lánchumhachtaigh ó na Rialtais a raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil Taidhleoireachta a tionóladh sa Ghinéive ón 21 Aibreán go dtí an 12 Lúnasa, 1949, chun athbhreithniú a dhéanamh ar Xú Coinbhinsiún an Háig den 18 Deireadh Fómhair, 1907, chun Prionsabail Choinbhinsiún na Ginéive de 1906 a Oiriúnú don Chogaíocht ar Muir, tar éis comhaontú mar a leanas:

CAIBIDIL I—FORALACHA GINEARALTA.

Airteagal 1.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin an Coinbhinsiún seo a urramú agus deimhin a dhéanamh de go n-urramófar é i ngach uile chás.

Airteagal 2.

I dteannta na bhforálacha a chuirfear i gcrích in aimsir shíochána, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo i gcás cogaidh fhógartha nó i gcás aon choinbhleachta armtha eile a éireoidh idir dhá cheann nó níos mó de na hArdpháirtithe Conarthacha, fiú má bhíonn ceann acu gan an staid chogaidh a aithint.

Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún freisin i ngach cás ina ndéanfar forghabháil ar an iomlán nó ar chuid de chríoch Ardpháirtí Chonarthaigh, fiú mura ndéantar aon chomhrac armtha i gcoinne na forghabhála sin.

D'ainneoin go mbeadh ceann de na Cumhachtaí sa choinbhleacht gan bheith ina páirtí sa Choinbhinsiún seo, fanfaidh na Cumhachtaí atá ina bpáirtithe ann faoi cheangal aige ina gcaidreamh lena chéile. Beidh siad faoi cheangal freisin ag an gCoinbhinsiún i leith na Cumhachta sin, má ghlacann an chumhacht sin lena fhorálacha agus go gcuirfidh sí i bhfeidhm iad.

Airteagal 3.

I gcás coinbhleacht armtha nach coinbhleacht de chineál idirnáisiúnta a tharlú i gcríoch cheann de na hArdpháirtithe Conarthacha, beidh de cheangal ar gach Páirtí sa choinbhleacht na forálacha seo a leanas, ar a laghad, a chur i bhfeidhm:

(1) Na daoine nach nglacann aon pháirt ghníomhach sa chogaíocht, lena n-áirítear na comhaltaí d'fhórsaí armtha a leag síos a n-airm agus na daoine a bheidh curtha hors de combat mar gheall ar bhreoiteacht, créachtaí, cur faoi choinneáil nó cúis ar bith eile, déileálfar go daonnachtúil leo i ngach uile chás, gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar chine, dath, reiligiún, nó creideamh, gnéas, fréamhshliocht nó rachmas, nó aon dálaí eile dá samhail sin.

Chuige sin, tá, agus beidh, na gníomhartha seo a leanas toirmiscthe, gach tráth agus gach áit, i leith na ndaoine thuasluaite:

(a) foréigean ar bheo agus ar phearsa duine, go háirithe dúnmharú de gach sórt, ciorrú, cruálacht agus céastóireacht:

(b) gialla a thógáil:

(c) anfhorlann ar dhínit daoine, go háirithe uirísliú agus táirchéimniú:

(d) pianbhreith a ghearradh agus bású a dhéanamh gan breithiúnas a bheith fógartha roimh ré ag cúirt arna comhdhéanamh go cuí, maille le gach ráthaíocht bhreithiúnach ar fáil uaithi a n-aithníonn pobail shibhialta gur den riachtanas í.

(2) Baileofar an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste agus tabharfar aireachas dóibh.

Féadfaidh comhlacht daonchairdiúil neamhchlaonta, ar nós Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, a sheirbhísí a thairiscint do na Páirtithe sa choinbhleacht.

Fairis sin, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall an t-iomlán nó cuid de na forálacha eile atá sa Choinbhinsiún seo a thabhairt i bhfeidhm trí chomhaontaithe speisialta.

Ní chuirfidh feidhmiú na bhforálacha sin roimhe seo isteach ar stádas dlíthiúil na bPáiritithe sa choinbhleacht.

Airteagal 4.

I gcás cogaíochta idir fórsaí talún agus muirfhórsaí Páirtithe sa choinbhleacht, ní bheidh feidhm ag forálacha an Choinbhinsiúin seo ach amháin maidir le fórsaí ar bord loinge.

Fórsaí a chuirfear i dtír, tiocfaidh siad láithreach faoi réir forálacha Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh feabhsú staid an lucht Créachtaithe agus an lucht Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949.

Airteagal 5.

Cuirfidh Cumhachtaí Neodracha forálacha an Choinbhinsiún seo i bhfeidhm, trí analach, i gcás an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste, agus i gcás comhaltaí den phearsanra liachta agus na séiplíneach, le fórsaí armtha na bPáirtithe sa choinbhleacht, a ghlacfar nó a chuirfear faoi imtheorannú ina gcríoch, chomh maith le daoine marbha a dtiocfar orthu.

Airteagal 6.

Maraon leis na comhaontuithe dá bhforáiltear go sonrach in Airteagail 10, 18, 31, 38, 39, 40, 43 agus 53, féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha comhaontuithe speisialta eile a dhéanamh i dtaobh gach ní ar dóigh leo é a bheith oiriúnach foráil ar leith a dhéanamh ina thaobh. Ní dhéanfaidh aon chomhaontú speisialta dochar do staid an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste, do staid chomhaltaí den phearsanra liachta ná do staid séiplíneach, mar a mhínítear sin leis an gCoinbhinsiún seo, ná ní chuirfidh sé srian leis na cearta a thugann an Coinbhinsiún seo dóibh.

Beidh tairbhe na gcomhaontuithe sin ag an lucht créachtaithe, breoite, agus longbhriste, chomh maith le pearsanra liachta agus séiplínigh, fad a bhainfidh an Coinbhinsiún leo, ach amháin i gcás forálacha sainráite dá malairt a bheith sa chomhaontú réamhráite nó i gcomhaontuithe ina dhiaidh sin, nó i gcás socruithe níos fabhraí a bheith déanta ina dtaobh ag ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa choinbhleacht.

Airteagal 7.

Ní féidir leis an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste, ná le comhaltaí den phearsanra liachta ná le séiplínigh, séanadh a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach, i gcás ar bith, ar na cearta a áirithítear dóibh leis an gCoinbhinsiún seo agus leis na comhaontuithe speisialta dá dtagraítear san Airteagal sin roimhe seo, má bhíonn a leithéid ann.

Airteagal 8.

Cuirfear an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm le comhoibriú agus faoi scrúdan na gCumhachtaí Coimirceacha, agus is é a ndualgas sin leasanna na bPáirtithe sa choinbhleacht a chaomhnú. Chuige sin, féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha toscairí, taobh amuigh dá bhfoireann taidhleoireachta nó consalachta, a cheapadh as measc a náisiúnach féin nó náisiúnach Cumhachtaí neodracha eile. Beidh na toscairí sin faoi réir a gceadaithe ag an gCumhacht a mbeidh siad lena ndualgais a chomhlíonadh maille léi.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall chun tasc ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha a éascú.

Ní rachaidh ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha in aon chás thar teorainn a misiúin féin faoin gCoinbhinsiún seo. Tabharfaidh siad aird, go háirithe, ar dhian-riachtanais slándála an Stáit ina mbeidh a ndualgais á gcomhlíonadh acu. Ní chuirfear srian lena ngníomhaíochtaí ach amháin mar chás eisceachtúil sealadach nuair a thabharfaidh dian-riachtanais mhíleata gur gá sin.

Airteagal 9.

Ní chuireann forálacha an Choinbhinsiúin seo aon bhac ar na gníomhaíochtaí daonchairdiúla a ghabhfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge nó aon eagraíocht daonchairdiúil neamhchlaonta eile de láimh, faoi réir thoiliú na bPáirtithe sa choinbhleacht áirithe, chun an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste, pearsanra liachta agus séiplínigh, a choimirciú agus chun fóirithint orthu.

Airteagal 10.

Féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha tráth ar bith comhaontú ar na dualgais a bheidh de chúram ar na Cumhachtaí Coimirceacha, de bhua an Choinbhinsiúin seo, a chur i muinín eagraíochta a thugann gach ráthaíocht ar a neamhchlaontacht agus ar a héifeachtúlacht.

Mura bhfuil lucht créachtaithe, breoite nó longbhriste, nó pearsanra liachta agus séiplínigh, ag tairbhiú, nó má scoireann siad de bheith ag tairbhiú, ar chúis ar bith, de ghníomhaíochtaí Cumhachta Coimircí nó eagraíochta dá bhforáiltear sa chéad mhír thuas, iarrfaidh an Chumhacht Choinneála ar Stát neodrach, nó ar eagraíocht den sórt sin, na feidhmeanna a ghabháil de láimh a bheidh á gcomhlíonadh faoin gCoinbhinsiúin seo ag Cumhacht Choimirceach arna hainmniú ag na Páirtithe i gcoinbhleacht.

Mura féidir coimirce a shocrú dá réir sin, ansin, faoi réir forálacha an Airteagail seo, iarrfaidh an Chumhacht Choinneála ar eagraíocht daonchairdiúil, ar nós Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, na feidhmeanna daonchairdiúla a ghabháil de láimh a bheidh á gcomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún seo ag Cumhachtaí Coimirceacha nó glacfaidh sí le tairiscint seirbhísí ó eagraíocht den sórt sin.

Aon Chumhacht neodrach, nó aon eagraíocht a gheobhaidh iarratas ón gCumhacht a bheidh i gceist, nó a dhéanfaidh tairiscint chuige sin, beidh uirthi gníomhú le tuiscint ar a freagracht i leith an Pháirtí sa choinbhleacht a bhfuil na daoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo ina cleithiúnas, agus beidh uirthi ráthaíochtaí sásúla a thabhairt go bhfuil sí inniúil ar na feidhmeanna iomchuí a ghabháil de láimh agus iad a chomhlíonadh go neamhchlaonta.

Ní bhainfear de na forálacha sin roimhe seo le comhaontuithe speisialta idir Cumhachtaí a mbeidh ceann acu, fiú go sealadach, faoi shrian ar a saoirse chun margaíocht a dhéanamh leis an gCumhacht eile nó lena comhghuaillithe, de bhithin teagmhas míleata, go háirithe i gcás an t-iomlán, nó cuid mhaith, de chríoch na Cumhachta sin bheith faoi fhorghabháil.

Aon uair a dhéantar tagairt do Chumhacht Choimirceach sa Choinbhinsiún seo, baineann an tagairt sin freisin le heagraíochtaí ionaid de réir bhrí an Airteagail seo.

Airteagal 11.

I gcásanna inar dóigh leo é a bheith fóinteach ar mhaithe le daoine coimircithe, go mór mór i gcás easaontais idir na Páirtithe sa choinbhleacht maidir le feidhmiú nó léiriú forálacha an Choinbhinsiúin seo, tabharfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha a gcuidiú chun an t-easaontas a réiteach.

Chuige sin, féadfaidh gach ceann de na Cumhachtaí Coimirceacha, ar iarratas a fháil ó Pháirtí amháin nó as a chonlán féin, a mholadh do na Páirtithe sa choinbhleacht go dtiocfadh a n-ionadaithe i ndáil chruinnithe, go háirithe na húdaráis a bheidh freagrach sa lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste, sa phearsanra liachta agus sna séiplínigh, ar thalamh neodrach, b'fhéidir, a thoghfar go hoiriúnach. Beidh de cheangal ar na Páirtithe sa choinbhleacht éifeacht a thabhairt do na tograí a chuirfear faoina mbráid chuige sin.

Féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha, más gá, a chur i gcead na bPáirtithe sa choinbhleacht go nglacfaí le duine a bhaineann le cumhacht neodrach, nó le duine a bheidh údaraithe ag Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, agus tabharfar cuireadh don duine sin páirt a ghlacadh sa chruinniú sin.

CAIBIDIL II.—LUCHT CREACHTAITHE, BREOITE AGUS LONGBHRISTE.

Airteagal 12.

Tabharfar urraim agus coimirce i gcónaí do chomhaltaí de na fórsaí armtha, agus do dhaoine eile a luaitear san Airteagal ina dhiaidh seo, a bheidh ar muir agus créachtaithe, breoite nó longbhriste, agus is tuigthe go gciallaíonn an téarma “longbhriseadh” longbhriseadh ó chúis ar bith agus go bhfolaíonn sé tuirlingt aerárthaí go héigeantach ar muir nó titim astu sa mhuir.

Cuirfidh na Páirtithe sa choinbhleacht a dtarlóidh na daoine sin faoina n-urláimh cóir dhaonnachtúil orthu agus tabharfaidh siad aireachas dóibh, gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar ghnéas, cine, náisiúntacht, reiligiún, tuairimí polaitíochta, nó aon dálaí eile dá samhail sin. Toirmisctear go dian aon iarracht iad a mharú nó foréigean a dhéanamh ar a bpearsa; go háirithe ní dhéanfar dúnmharú ná díothú ná céastóireacht ná turgnaimh bhitheolaíochta orthu; ní fhágfar go toiliúil iad gan chabhair liachta agus aireachas, ná ní chuirfear iad i gcaoi galar ná aicíd a thógáil.

Ní thabharfar tosaíocht san ord cóireála ach amháin ar chúiseanna práinneacha liachta.

Déileálfar la mná le gachuile omós is dual don bhantracht.

Airteagal 13.

Bainfidh an Coinbhinsiún seo leis an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste ar muir de na hearnálacha seo a leanas:

(1) Comhaltaí d'fhórsaí armtha Pháirtí sa choinbhleacht, maraon le comhaltaí le comhaltaí de mhilístí nó de chóir óglach saorálach is cuid de na fórsaí armtha sin,

(2) Comhaltaí de mhilístí eile agus comhaltaí de chóir óglach saorálach eile, lena n-áirítear comhaltaí de fhrithghluaiseachtaí eagraithe, a bhaineann le Páirtí sa choinbhleacht agus atá ag gníomhú laistigh nó lasmuigh dá gcríoch féin, fiú má tá an chríoch sin faoi fhorghabháil, ar choinníoll go gcomhlíonann na milístí nó na cóir óglach saorálach sin, lena n-áirítear na frithghluaiseachtaí eagraithe sin, na coinníollacha seo a leanas:

(a) duine a bheith i gceannas orthu atá freagrach ina íochtaráin,

(b) sainchomhartha deimhneach a bheith acu is féidir a aithint tamall ó láthair;

(c) airm a bheith á n-iompar acu go hoscailte;

(d) a n-oibríochtaí a bheith á ndéanamh acu de réir dlíthe agus nósanna an chogaidh.

(3) Comhaltaí d'fhórsaí armtha rialta a dhearbhaíonn go bhfuil siad faoi ghéillsine ag Rialtas nó údarás nach dtugann an Chumhacht Choinneála aitheantas dó;

(4) Daoine atá ag gabháil leis na fórsaí armtha gan bheith ina gcomhaltaí díobh iarbhír, mar atá comhaltaí sibhialta d'fhoirne aerárthaí míleata, tuairisceoirí cogaidh, conraitheoirí soláthair, comhaltaí d'aonaid saothair nó de sheirbhísí atá freagrach i leas na bhfórsaí armtha, ar choinníoll go bhfuil údarás faighte acu ó na fórsaí armtha lena ngabhann siad;

(5) Comhaltaí, lena n-áirítear máistrí, píolótaí agus printísigh d'fhoirne loingis trádála, agus foirne aerárthaí sibhialta leis na Páirtithe sa choinbhleacht, nach dtairbhíonn de chóireáil níos fearr faoi aon fhorálacha eile den dlí idirnáisiúnta;

(6) Aitreoirí críche gan forghabháil a ghlacann airm chucu as a gconlán féin, ar an namhaid a theacht, chun na fórsaí ionsaithe a chomhrac, gan é a bheith d'uain acu aonaid armtha rialta a dhéanamh díobh féin, ar choinníoll go n-iompróidh siad airm go hoscailte agus go n-urramóidh siad dlíthe agus nósanna an chogaidh.

Airteagal 14.

Beidh de cheart ag gach long chogaidh le Páirtí cogaíoch a éileamh go ndéanfar an lucht créachtaithe, breoite nó longbhriste ar bord otharlong míleata, agus otharlong le cumainn fóirithinte nó le daoine príobháideacha, chomh maith le longa trádála, luamha agus árthaí eile, a thabhairt suas, is cuma cad is náisiúntacht dóibh, ar choinníoll go bhfuil an lucht créachtaithe agus breoite i riocht a n-aistrithe agus go bhfuil leorshaoráidí sa long chogaidh chun an chóireáil liachta is gá a sholáthar.

Airteagal 15.

Má thógtar lucht créachtaithe, breoite nó longbhriste ar bord loinge cogaidh neodraí nó aerárthaigh mhíleata neodraigh, déanfar deimhin de, i gcás ina bhforálann an dlí idirnáisiúnta é, nach bhféadfaidh siad páirt a ghlacadh a thuilleadh in oibríochtaí cogaidh.

Airteagal 16.

Faoi réir forálacha Airteagal 12, beidh an lucht créachtaithe breoite agus longbhriste de chuid cogaigh a thitfidh i láimh namhad ina bpríosúnaigh chogaidh, agus beidh feidhm ina leith ag na forálacha den dlí idirnáisiúnta a bhaineann le príosúnaigh chogaidh. Féadfaidh an gabhálaí a chinneadh, de réir chúrsaí an cháis, cé acu is fóirsteanaí iad a choinneáil nó iad a thabhairt go dtí port i dtír an ghabhálaí féin, nó go dtí port neodrach, nó fiú go dtí port i gcríoch an namhad. Sa chás deireanach, ní cead do phríosúnaigh chogaidh a chuirfear ar ais amhlaidh go dtí a dtír féin seirbhís a thabhairt fad a mhairfidh an cogadh.

Airteagal 17.

An lucht créachtaithe, breoite nó longbhriste a chuirfear dtír i bpoirt neodracha, le toiliú na n-údarás áitiúil, déanfaidh an Chumhacht neodrach, mura socraítear a mhalairt idir an Chumhacht neodrach agus na Cumhachtaí cogaíocha, iad a ghardáil, nuair a fhorálann an dlí é, i slí nach féidir leis na daoine sin páirt a ghlacadh arís in oibríochtaí cogaidh.

Is ar an gCumhacht a bhfuil an lucht créachtaithe, breoite nó longbhriste ina cleithiúnas a bheidh costas a gcóiríochta ospidéil agus a n-imtheorannaithe.

Airteagal 18.

Tar éis gach gleic comhraic, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht, gan mhoill, gach is féidir chun an lucht longbhriste, créachtaithe agus breoite a lorg agus a chruinniú, chun iad a chosaint ar shlad agus ar dhrochúsáid, chun a áirithiú go dtabharfar aireachas leormhaith dóibh, agus chun na mairbh a lorg a bhfadhbhadh a chosc.

Aon uair is féidir é, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht comhshocraíochtaí áitiúla chun an lucht créachtaithe agus breoite a thabhairt de mhuir amach as limistéar atá faoi léigear nó faoi thimpeallú agus chun pearsanra liachta agus eaglaise agus trealamh liachta a ligean isteach sa limistéar sin.

Airteagal 19.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht, a luaithe is féidir é, i gcás gach duine longbhriste, créachtaithe, breoite nó marbh den Pháirtí naimhdeach a thitfidh ina láimh, aon sonraí a chur ar taifead a chuideoidh lena aithint.

Más féidir é, is ceart an t-eolas seo a leanas a bheith sna taifid sin:

(a) ainm na Cumhachta a bhfuil sé ina cleithiúnas;

(b) a uimhir airm nó reisiminte, nó a uimhir phearsanta nó a shraithuimhir.

(c) a shloinne;

(d) a chéad-ainm nó a chéad-ainmneacha;

(e) dáta a bhreithe;

(f) aon sonraí eile a bheidh ar a chárta nó a theasc aitheantais.

(g) dáta agus ionad a ghabhála nó a bháis;

(h) sonraí i dtaobh créachtaí nó breoiteachta, nó cúis a bháis.

Déanfar, a luaithe is féidir, an t-eolas thuasluaite a chur go dtí an oifig eolais a thuairiscítear in Airteagal 122 de Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949, agus cuirfidh an oifig sin an t-eolas sin ar aghaidh chun na Cumhachta a bhfuil na daoine sin ina cleithiúnas tríd an gCumhacht Choimirceach agus trí Lár-Ghníomhaireacht na bPríosúnach Cogaidh.

Ullmhóidh na Páirtithe sa choinbhleacht, agus cuirfidh siad ar aghaidh chun a chéile tríd an oifig chéanna, deimhnithe báis nó liostaí cuí-dheimhnithe na marbh. Mar an gcéanna, baileoidh siad, agus cuirfidh siad ar aghaidh tríd an oifig chéanna, leath amháin den teasc aitheantais dhúbailte, nó an teasc aitheantais féin más teasc shingil í, uachtanna deireanacha nó doiciméid eile a bheadh tábhachtach do na neasghaolta, airgead, agus, i gcoitinne, gach earra a bhfuil fiúntas dá chuid féin nó fiúntas muirneach ann, agus a gheofar ar na mairbh.

Cuirfear na hearraí sin, maraon le hearraí neamhaitheanta, ar aghaidh i bpacáistí séalaithe, agus ráitis ina dteannta ag tabhairt na sonraí go léir is gá chun gur féidir a aithint cérbh iad na daoine marbha ar leo iad, maille le liosta iomlán de na nithe sa bheartán.

Airteagal 20.

Féachfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht chuige, nuair a adhlacfar na mairbh ar muir, ina nduine agus ina nduine chomh fada agus is féidir sin, go ndéanfar scrúdú cúramach ar na coirp, ar scrúdú liachta a bheidh ann más féidir, d'fhonn bás a chinntiú, agus chun a fháil amach cé hiad féin, agus chun go bhféadfar tuarascáil a thabhairt. I gcás ina n-úsáidtear teasc aitheantais dhúbailte, is ceart leath na teisce a fhágáil ar an gcorp.

Má chuirtear daoine marbha i dtír beidh feidhm ag forálacha Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú staid an Lucht Créachtaithe agus an Lucht Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949.

Airteagal 21.

Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a iarraidh ar cheannasaithe árthaí trádála, luamh, nó árthaí neodracha eile, de ghrá na carthanachta, lucht créachtaithe, breoite nó longbhriste a ghlacadh ar bord agus aireachas a thabhairt dóibh, agus na mairbh a bhailiú.

Tabharfar do na hárthaí d'aon saghas a dhéanfaidh amhlaidh, agus do na cinn a bhaileoidh lucht créachtaithe, breoite nó longbhriste dá ndeoin féin, coimirce ar leith agus saoráidí chun an cúnamh sin a thabhairt.

Ní cead, i gcás ar bith, iad a ghabháil mar gheall ar iompar dá leithéid sin a dhéanamh; ach, mura dtugtar gealltanas dá mhalairt dóibh, féadfar iad a ghabháil mar gheall ar aon sárú neodrachta a bheidh déanta acu.

CAIBIDIL III.—OTHARLONGA.

Airteagal 22.

Ní cead, i gcás ar bith, ionsaí ná gabháil a dhéanamh ar otharlonga míleata, is é sin, longa a bheidh déanta nó trealmhaithe ag na Cumhachtaí go speisialta agus d'aonghnó chun cabhrú leis an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste, chun iad a chóireáil agus a iompar, ach tabharfar urraim agus coimirce dóibh i gcónaí ar choinníoll go mbeifear tar éis a n-ainmneacha agus a dtuairisc a chur in iúl do na Páirtithe sa choinbhleacht deich lá sula n-úsáidfear na longa sin.

Sna sonraí nach foláir a chur in iúl áirítear an mórthonnáiste cláraithe, an fad ó thosach go deireadh agus an méid crann agus simléar.

Airteagal 23.

Ní cead bombardú ná ionsaí ón muir a dhéanamh ar bhunachais ar an gcósta a bhfuil ceart acu chun coimirce Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh feabhsú Staid an Lucht Créachtaithe agus Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949.

Airteagal 24.

Beidh ag otharlonga a úsáidfidh Cumainn náisiúnta den Chrois Dhearg, cumainn fóirithinte a bheidh aitheanta go hoifigiúil, nó daoine príobháideacha, an choimirce chéanna a bheidh ag otharlonga míleata, agus beidh díolúine acu óna ngabháil, má bhíonn coimisiún oifigiúil acu ón bPáirtí sa choinbhleacht a bhfuil siad ina chleithiúnas agus sa mhéid go mbeidh forálacha Airteagal 22 i dtaobh sonraí a chur in iúl comhlíonta acu.

Ní mór deimhnithe ó na húdaráis fhreagracha bheith ag na longa sin, á rá go raibh na longa sin faoina n-urlámhas tráth a bhfeistithe agus nuair a bhí siad ag cur chun farraige.

Airteagal 25.

Beidh ag otharlonga a úsáidfidh Cumainn náisiúnta den Chrois Dhearg, cumainn fóirithinte a bheidh aitheanta go hoifigiúil, nó daoine príobháideacha ó thíortha neodracha, an choimirce chéanna a bheidh ag otharlonga míleata, agus beidh díolúine acu óna ngabháil, ar choinníoll gur chuir siad iad féin faoi urlámhas cheann de na Páirtithe sa choinbhleacht, le toiliú roimh ré óna rialtas féin, agus le húdarás ón bPáirtí sin, sa mhéid go mbeidh forálacha Airteagal 22 i dtaobh sonraí a chur in iúl comhlíonta acu.

Airteagal 26.

Beidh feidhm ag an gcoimirce a luaitear in Airteagail 22, 24 agus 25 maidir le hotharlonga d'aon tonnáiste agus lena mbáid tarrthála, is cuma cá mbeidh siad ag gníomhú. Mar sin féin, chun an oiread compoird agus sabháilteachta agus is féidir a chur ar fáil, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht iarracht gan ach otharlonga de mhórthonnáiste is mó ná 2,000 tonna a úsáid chun lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a iompar ar thurais fhada agus ar an mórmhuir.

Airteagal 27.

Faoi na coinníollacha céanna a fhoráiltear in Airteagail 22 agus 24, tabharfar urraim agus coimirce freisin, sa mhéid gur féidir sin de réir riachtanas a n-oibríochtaí, d'arthaí beaga a úsáidfidh an Stát nó na hinstitiúidí bád tarrthála a bheidh aitheanta go hoifigiúil chun obair tharrthála a dhéanamh ar an gcósta.

Bainfidh na coinníollacha céanna, chomh fada agus is féidir é, le feistiúcháin dhaingnithe ar an gcósta a bheidh á n-úsáid d'aontoisc ag na hárthaí sin le haghaidh a misiún daonchairdiúil.

Airteagal 28.

Má tharlaíonn troid ar bord loinge cogaidh, tabharfar urraim agus anacal chomh fada agus is féidir do na hotharlanna. Fanfaidh otharlanna agus a dtrealamh faoi réir dlíthe an chogaidh, ach ní cead iad a úsáid chun aon chríche nach cuí dóibh, fad a bheidh siad ag teastáil le haghaidh an lucht créachtaithe agus breoite. Mar sin féin, féadfaidh an ceannasaí a dtitfidh siad faoina uráimh iad a úsáid chun críocha eile i gcás géarghá míleata a bheith leis, tar éis dó a áirithiú go dtabharfar aireachas ceart don lucht créachtaithe agus breoite a bhí iontu.

Airteagal 29.

Udarófar d'aon otharlong a bheidh i bport agus a thitfidh i láimh an namhad an port sin a fhágáil.

Airteagal 30.

Tabharfaidh na hárthaí a thuairiscítear in Airteagail 22, 24, 25 agus 27 fóirithint agus cabhair don lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste gan idirdhealú ó thaobh náisiúntachta.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin nach n-úsáidfidh siad na hárthaí sin chun aon chuspóra mhíleata.

Ní cead d'arthaí den sórt sin treampán ar bith a chur ar ghluaiseachtaí na gcomhraiceoirí.

Is ar a bpriacal féin a ghníomhóidh siad le linn gleic comhraic agus ina dhiaidh.

Airteagal 31.

Beidh de cheart ag na Páirtithe sa choinbhleacht na hárthaí a luaitear in Airteagail 22, 24, 25 agus 27 a rialú agus a chuardach. Féadfaidh siad cabhair ó na hárthaí sin a dhiúltú, a ordú dóibh imeacht leo, a thabhairt orthu cúrsa áirithe a ghabháil, úsáid a raidió agus gach córach cumarsáide eile a rialú, agus fiú iad a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná seacht lá ón tráth a stopfar faoi bhealach iad, más gá sin mar gheall ar phráinn na huaire.

Féadfaidh siad coimisinéir a chur ar bord go sealadach nach mbeidh de chúram air ach féachaint chuige go gcomhlíonfar ordaithe a thabharfar de bhun forálacha na míre sin roimhe seo.

Chomh fada agus is féidir é, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht na horduithe a bheidh tugtha acu do chaptaen an árthaigh a thaifeadadh i leabhar na hotharloinge i dteanga a thuigeann an captaen.

Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht, go haontaobhach nó trí chomhaontuithe ar leith, breathnadóirí neodracha a chur ar bord a long a dheimhneoidh go bhfuil forálacha an Choinbhinsiún seo á gcomhlíonadh go cruinn.

Airteagal 32.

Ní áirítear na hárthaí a thuairiscítear in Airteagail 22, 24, 25 agus 27 mar longa cogaidh chomh fada is a bhaineann lena bhfanacht i bport neodrach.

Airteagal 33.

Ní féidir longa trádála a ndearnadh otharlonga díobh a chur chun aon úsáide eile fad a mhairfidh an chogaíocht.

Airteagal 34.

Ní scoirfear den choimirce a dhlitear d'otharlonga agus d'otharlanna mura rud é go n-úsáidtear iad, taobh amuigh dá ndualgais dhaonchairdiúla, chun gníomhartha ba dhíobháil don namhaid a dhéanamh. Ní cead, in aon chás, scor den choimirce ach amháin tar éis rabhadh cuí a thabhairt, ina sonrófar, i ngach cás iomchuí, teorainn ama réasúnach, agus tar éis neamhaird a bheith tugtha ar an rabhadh sin.

Go háirithe, ní cead d'otharlonga cód rúnda a bheith acu ná a úsáid dá raidió ná d'aon chóir eile chumarsáide.

Airteagal 35.

Ní áireofar iad seo a leanas mar nithe a bhainfidh d'otharlonga ná d'otharlanna an choimirce a dhlítear dóibh:

(1) Foirne na long nó na n-otharlann a bheith armtha chun ord a choimeád, chun iad féin nó an lucht breoite agus créachtaithe a chosaint.

(2) Gaireas a bheith ar bord a bheidh ceaptha d'aontoisc mar éascaíocht don loingseoireacht nó don chumarsáid

(3) Airm iniompraithe agus armlón a tógadh ón lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste, agus nár tugadh suas fós don tseirbhís chuí, a fháil ar bord otharlong nó in otharlanna.

(4) Gníomhaíochtaí daonchairdiúla otharlong agus otharlann in árthaí, nó gníomhaíochtaí na bhfoirne, a shroicheadh chomh fada le haireachasú sibhialtach créachtaithe breoite nó longbhriste.

(5) Trealamh agus pearsanra le haghaidh dualgais liachta amháin, de bhreis agus de bharr ar an méid is gá de ghnáth, a bheith á n-iompar.

CAIBIDIL IV.—PEARSANRA.

Airteagal 36.

Tabharfar urraim agus coimirce do phearsanra eaglaise agus liachta agus ospidéil otharlong agus d'fhoirne na long sin; ní cead iad a ghabháil fad a bheidh siad i seirbhís na hotharloinge, cibé acu atá daoine créachtaithe agus breoite ar bord nó nach bhfuil.

Airteagal 37.

Má thiteann pearsanra eaglaise, liachta agus ospidéil, ar a mbeidh cúram liachta nó spioradáltachta na ndaoine a shonraítear in Airteagail 12 agus 13, i láimh an namhad, tabharfar urraim agus coimirce dóibh; féadfaidh siad leanúint dá ndualgais fad is gá sin le haghaidh aireachasú an lucht créachtaithe agus breoite. Cuirfear ar ais iad ina dhiaidh sin chomh luath agus a mheasfaidh an tArdcheannasaí, a mbeidh siad faoina údarás, go bhfuil sin indéanta. Beidh cead acu a maoin phearsanta a thabhairt leo ag fágáil na loinge dóibh.

Más rud é, áfach, gur gá cuid den phearsanra sin a choimeád mar gheall ar riachtanais liachta nó spioradáltachta na bpríosúnach cogaidh, déanfar gach dícheall iad a chur i dtír a luaithe is féidir.

Ar dhul i dtír dóibh, beidh an pearsanra a choimeádtar faoi réir forálacha Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid an Lucht Créachtaithe agus an Lucht Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949.

CAIBIDIL V.—IOMPRÓIRÍ OTHARSHEIRBHÍSE.

Airteagal 38.

Udarófar do longa a bheidh cairtfhostaithe chuige sin trealamh a iompar a bheidh beartaithe d'aontoisc chun na comhaltaí créachtaithe agus breoite d'fhórsaí armtha a chóireáil nó chun galar a chosc, ar choinníoll go mbeidh sonraí a dturais curtha in iúl don Chumhacht naimhdeach agus gur cheadaigh an Chumhacht sin iad. Forcoimeádfaidh an Chumhacht naimhdeach an ceart chun dul ar bord na long iompair ach ní bheidh de cheart acu iad a ghabháil ná an trealamh orthu a ghabháil.

Trí chomhaontú idir na Páirtithe sa choinbhleacht, féadfar breathnadóirí neodracha a chur ar bord na long sin chun go ndeimhneofar cad é an trealamh atá á iompar. Chuige sin, tabharfar saorchead an trealamh a scrúdú.

Airteagal 39.

Ní dhéanfar ionsaí ar aerárthaí otharsheirbhíse, is é sin le rá, aerárthaí a úsáidtear d'aontoisc chun lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a aistriú, agus chun pearsanra agus trealamh liachta a iompar, ach tabharfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht urraim dóibh le linn dóibh bheith ag eitilt ar aird, in amanna agus ar chúrsaí, ar comhaontaíodh go sonrach ina dtaobh idir na Páirtithe sa choinbhleacht a bheith i gceist.

Beidh siad marcáilte go soiléir leis an bhfeathal ar leith a ordaítear in Airteagal 41, maraon lena ndathanna náisiúnta ar an taobh thíos, ar an taobh thuas agus ar a gcliatháin. Beidh orthu aon mharcanna nó comharthaí aitheantais eile ar ar comhaontaíodh idir na Páirtithe sa choinbhleacht i dtosach na cogaíochta nó lena linn.

Mura gcomhaontófar ar a mhalairt, toirmisctear eitilt os cionn críoch an namhad nó os cionn críoch atá faoi fhorghabháil ag an namhaid.

Géillfidh aerárthaí otharsheirbhíse do gach gairm a chuirfear orthu tuirlingt ar thalamh nó ar uisce. Más gá tuirlingt amhlaidh, féadfaidh an t-aerárthach agus na daoine a bheidh inti leanúint dá gcúrsa tar éis a scrúduithe, má dhéantar sin.

Má thuirlingíonn aerárthach go hainneonach ar thalamh nó ar uisce i gcríoch an namhad nó i gcríoch atá faoi fhorghabháil ag an namhaid, beidh an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste, maraon le foireann an aerárthaigh, ina bpríosúnaigh chogaidh. Déileálfar leis an bpearsanra liachta de réir Airteagail 36 agus 37.

Airteagal 40.

Faoi réir forálacha an dara mír, féadfaidh aerárthaí otharsheirbhíse le Páirtithe sa choinbhleacht eitilt os cionn críoch cumhachtaí neodracha, tuirlingt ann, más gá, nó an chríoch sin a úsáid mar phort staid. Tabharfaidh siad fógra roimh ré do na Cumhachtaí neodracha go mbeidh siad ag gabháil thar an gcríoch sin, agus géillfidh siad do gach gairm a chuirfear orthu tuirlingt, ar thalamh nó ar uisce.

Ní bheidh díolúine acu ó ionsaí ach amháin le linn eitilt ar chúrsaí, ar airde agus in amanna ar comhaontaíodh go sonrach ina dtaobh idir na Páirtithe sa choinbhleacht agus an Chumhacht neodrach a bheidh i gceist.

Féadfaidh na Cumhachtaí neodracha, áfach, coinníollacha nó srianta a chur le haerárthaí otharsheirbhíse a ghabháil thar a gcríoch nó a thuirlingt ann. Déanfar aon choinníollacha nó srianta den sórt sin a chur i bhfeidhm go cothrom ar gach Páirtí sa choinbhleacht.

Mura gcomhaontófar ar a mhalairt idir na Cumhachtaí neodracha agus na Páirtithe sa choinbhleacht, déanfaidh an Chumhacht neodrach an lucht créachtaithe, breoite nó longbhriste a chuirfear i dtír, le toiliú na n-údarás áitiúil, ar chríoch neodrach ó aerárthaí otharsheirbhíse a choinneáil, nuair is gá sin de réir an dlí idirnáisiúnta, ionas nach bhféadfaidh siad páirt a ghlacadh arís in oibríochtaí cogaidh. Is ar an gCumhacht a bhfuil siad ina cleithiúnas a bheidh costas a gcóiríochta agus a n-imtheorannaithe.

CAIBIDIL VI.—AN FEATHAL AR LEITH.

Airteagal 41.

Faoi stiúradh an údaráis mhíleata inniúil, taispeánfar feathal na croise deirge ar chúlra bán ar na bratacha, na criosanna muinchille agus an trealamh uile a úsáidtear sa tSeirbhís Liachta.

Mar sin féin, i gcás tíortha a úsáideann cheana féin, mar fheathal, in ionad na croise deirge, an corrán dearg nó an leon dearg agus an ghrian dhearg ar chúlra bán, aithnítear na feathail sin freisin de réir téarmaí an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 42.

An pearsanra a shonraítear in Airteagail 36 agus 37, caithfidh siad, greamaithe timpeall na láimhe clé, crios muinchille uiscedhíonach agus an feathal ar leith air, a bheidh eisithe agus stampáilte ag an údarás míleata.

Maraon leis an teasc aitheantais a luaitear in Airteagal 19, iompróidh an pearsanra sin cárta aitheantais ar leith a mbeidh an feathal ar leith air. Beidh an cárta sin uiscedhíonach agus de shaghas is féidir le duine a chur ina phóca. Is sa teanga náisiúnta a bheidh na focail air agus inseoidh sé, ar an gcuid is lú de, sloinne agus céad-ainmneacha, dáta breithe, céim agus uimhir sheirbhíse a iompróra, agus luafar ann an cháil ina bhfuil teideal aige chun coimirce an Choinbhinsiúin seo. Beidh grianghraf an úinéara ar an gcárta agus, ina theannta sin, a shíniú nó a mhéarloirg, nó an dá ní sin. Beidh stampa an údaráis mhíleata múnlaithe air.

Is mar a chéile an cárta aitheantais a bheidh ar úsáid ar fud na bhfórsaí armtha céanna agus, chomh fada agus is féidir é, is cártaí den chineál céanna a bheidh ag fórsaí armtha na nArdpháirtithe Conarthacha. Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht treoir a ghlacadh ón múnla atá ag gabháil, mar shampla, leis an gCoinbhinsiún seo. Cuirfidh siad in iúl dá chéile, i dtosach na cogaíochta, cad é an múnla atá á úsáid acu. Más féidir é, ba cheart cártaí aitheantais a dhéanamh amach i bhfoirm dhúblach ar a laghad, agus cóip amháin a bheith ar coimeád ag an tír bhunaidh.

Ní cead, in aon chás, a suaitheantais ná a gcártaí aitheantais, ná a gceart chun an crios muinchille a chaitheamh, a bhaint den phearsanra sin. Beidh siad i dteideal dúblach den chárta a fháil, agus suaitheantas nua a fháil, má chailleann siad iad.

Airteagal 43.

Beidh marcanna ar leith mar a leanas ar na longa a shonraítear in Airteagail 22, 24, 25 agus 27:

(a) Beidh dath bán ar an taobh amuigh ar fad.

(b) Beidh crois dhúdhearg amháin nó níos mó, chomh mór agus is féidir, péinteáilte agus ar taispeáint ar gach taobh de chabhail na loinge agus ar leibhéil na loinge, sa chaoi go mbeidh an chrois chomh sofheicthe agus is féidir ón muir agus ón spéir.

Cuirfidh gach otharlong í féin in aithne trína bratach náisiúnta a ardú agus, ina theannta sin, más le Stát neodrach í, bratach an Pháirtí sa choinbhleacht a bhfuil sí tar éis glacadh lena treoir. Cuirfear bratach bhán agus crois dhearg uirthi ar crochadh chomh hard agus is féidir ar an gcrann mór.

Beidh báid tarrthála otharlong, báid tarrthála cósta, agus na hárthaí beaga go léir a bheidh á n-úsáid ag an tSeirbhís Liachta, péintéailte bán agus croiseanna dúdhearga á dtaispeáint go feiceálach orthu agus, i gcoitinne, comhlíonfaidh siad an córas aitheantais a ordaítear thuas d'otharlonga.

Na longa agus na hárthaí thuasluaite a dteastóidh uathu a chinntiú go bhfaighidh siad san oíche agus i dtráthanna drochsholais an choimirce a dhlitear dóibh, ní foláir dóibh le toiliú an Pháirtí sa choinbhleacht a bhfuil siad faoina urlámhas na bearta a dhéanamh is gá chun an phéinteáil agus na feathail ar leith a dhéanamh sofheicthe go leor.

Ní foláir d'otharlonga a bheidh á gcoinneáil go sealadach ag an namhaid, de réir Airteagal 31, bratach an Pháirtí sa choinbhleacht a bhfuil siad ina sheirbhís nó tar éis glacadh lena threoir, a bhaint anuas.

I gcás bád tarrthála cósta, má leanann siad de bheith ag oibriú le toiliú na Cumhachta Forghabhála ó bhunáit atá faoi fhorghabháil, féadfar a cheadú dóibh, nuair a bheidh siad as láthair óna mbunáit, a mbratach náisiúnta féin a choimeád ar foluain maraon le bratach ar a mbeidh crois dhearg ar chúlra bán, ar choinníoll go gcuirfear sin in iúl roimh ré do gach ceann lena mbainfidh de na Páirtithe sa choinbhleacht.

Na forálacha uile san Airteagal seo a bhaineann leis an gcrois dhearg bainfidh siad ar an gcuma chéanna leis na feathail eile a luaitear in Airteagal 41.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht dícheall i gcónaí comhaontuithe a thabhairt i gcrích eatarthu féin ionas go n-úsáidfear na modhanna is nua-aimseartha atá ar fáil chun é a dhéanamh níos fusa otharlonga a aithint.

Airteagal 44.

Ní fhéadfar na comharthaí aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 43 a úsáid, in aimsir shíochána ná in aimsir chogaidh, ach amháin chun go n-aithneofar nó go gcoimirceofar na longa atá luaite ann, taobh amuigh de chás dá bhforálfar in aon Choinbhinsiún idirnáisiúnta eile nó trí chomhaontú idir gach ceann a bheidh i gceist de na Páirtithe sa choinbhleacht.

Airteagal 45.

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha, mura leor a reachtaíocht cheana féin, na bearta is gá chun aon mhí-úsáid ar na comharthaí aitheantais dá bhforáiltear faoi Airteagal 43 a chosc agus a chur faoi chois i gcónaí.

CAIBIDIL VII.—COMHALLADH AN CHOINBHINSIUIN.

Airteagal 46.

Deimhneoidh gach Páirtí sa choinbhleacht, ag gníomhú dó trína ardcheannasaithe, go ndéanfar na hAirteagail sin roimhe seo a chomhalladh go beacht, agus déanfaidh sé socrú le haghaidh cásanna nach raibh coinne leo, de réir phrionsabail ghinearálta an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 47.

Toirmisctear bearta díoltais a imirt ar an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste agus ar an bpearsanra, na hárthaí nó an trealamh a choimircítear leis an gCoinbhinsiún.

Airteagal 48.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin téacs an Choinbhinsiúin seo a chraobhscaoileadh chomh forleathan agus is féidir ina dtíortha faoi seach in aimsir shíochána agus in aimsir chogaidh, agus, go háirithe, staidéar ar an gCoinbhinsiún a chur ar a gcláir teagaisc, idir mhíleata agus, más féidir, shibhialta, ionas go mbeidh a phrionsabhail ar eolas ag an bpobal ar fad agus go mór mór ag na fórsaí comhraic armtha, ag an bpearsanra liachta agus ag na séiplínigh.

Airteagal 49.

Cuirfidh na hArdpháirtithe Conarthacha chun a chéile, trí Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise agus, le linn cogaíochta, trí na Cumhachtaí Coimirceacha, na tiontuithe oifigiúla ar an gCoinbhinsiún seo, maraon leis na dlíthe agus na rialacháin a mbeidh glactha acu leo chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é.

CAIBIDIL VIII.—MI-USAID AGUS SARU A CHUR FAOI CHOIS.

Airteagal 50.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin aon reachtaíocht a achtú is gá chun smachtbhannaí pionósacha le héifeacht a fhoráil do dhaoine a dhéanfaidh, nó a ordóidh go ndéanfar, sárú tromchúiseach mar a mhínítear san Airteagal ina dhiaidh seo ar an gCoinbhinsiún seo.

Beidh d'oibleagáid ar gach Ardpháirtí Conarthach daoine a chuardach a mbeifear tar éis a líomhnú go ndearna siad sárú tromchúiseach den sórt sin, nó gur ordaigh siad é a dhéanamh, agus tabharfaidh sé na daoine sin, is cuma cad is náisiúntacht dóibh, os comhair a chúirteanna féin. Féadfaidh sé freisin, más é is fearr leis, agus de réir forálacha a reachtaíochta féin, na daoine sin a thabhairt suas le haghaidh trialach d'Ardpháirtí Conarthach eile lena mbainfidh an scéal, ar choinníoll go mbeidh cás prima facie déanta amach ag an Ardpháirtí Conarthach sin.

Déanfaidh gach Ardpháirtí Conarthach na bearta is gá chun go gcuirfear faoi chois gach gníomh a bheidh contrártha d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, seachas na sáruithe tromchúiseacha a mhínítear san Airteagal ina dhiaidh seo.

I ngach cás, tairbheoidh na daoine cúisithe de dhearbhais maidir lena dtriail agus a gcosaint go cuí a bheidh, ar a laghad, chomh fabhrach leis na dearbhais a fhoráiltear le hAirteagal 105 agus na hAirteagail ina dhiaidh sin de Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949.

Airteagal 51.

Is iad na sáruithe tromchúiseacha lena mbaineann an tAirteagal sin roimhe seo, sáruithe ina ndéanfar aon ghníomh acu seo a leanas i gcás é a dhéanamh i gcoinne daoine nó maoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún: marú toiliúil, céastóireacht nó ainíde mhídhaonachtúil, lena n-áirítear turgnaimh bhitheolaíochta, duine a chur ag fulaingt go mór nó díobháil mhór a dhéanamh dó, go toiliúil, ina chorp nó ina shláinte, agus díothú a dhéanamh agus seilbh a ghlacadh, go forleathan, ar mhaoin, nuair nach bhfuil riachtanas míleata leis agus nuair a dhéantar é go neamhdhleathach agus go hianrianta.

Airteagal 52.

Ní ligfear d'aon Ardpháirtí Conarthach é féin ná aon Ardpháirtí Conarthach eile a shaoradh ó aon dliteanas a thitfidh air féin nó ar aon Ardpháirtí Conarthach eile mar gheall ar sháruithe dá dtagraítear san Airteagal sin roimhe seo.

Airteagal 53.

Ar iarratas ó Pháirtí sa choinbhleacht, cuirfear fiosrúchán ar bun, ar dhóigh a shocrófar idir na Páirtithe leasmhara, i dtaobh aon sáraithe a líomhnófar a rinneadh ar an gCoinbhinsiún.

Mura dtiocfar ar chomhaontú i dtaobh an nós imeachta san fhiosrúchán, is ceart do na Páirtithe aontú ar mholtóir a shocróidh an nós imeachta is inleanta.

On uair a shuífear an sárú, cuirfidh na Páirtithe sa choinbhleacht deireadh leis agus cuirfidh siad faoi chois é a luaithe is féidir.

FORALACHA DEIRIDH.

Airteagal 54.

Tá an Coinbhinsiún seo leagtha amach i mBéarla agus i bhFraincís. Tá an dá théacs chomh barántúil lena chéile.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise socrú chun tiontú oifigiúil ar an gCoinbhinsiún a dhéanamh sa Rúisis agus sa Spáinnis.

Airteagal 55.

Féadfar an Coinbhinsiún seo, atá faoi dháta an lae inniu, a shíniú go dtí an 12 Feabhra, 1950, in ainm na gCumhachtaí a raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil a thosaigh sa Ghinéive an 21 Aibreán, 1949; agus, fairis sin, ag Cumhachtaí nach raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil sin ach atá ina bPáirtithe in Xú Coinbhinsiún an Háig den 18 Deireadh Fómhair, 1907, chun Prionsabhail Choinbhinsiún na Ginéive de 1906 a Oiriúnú don Chogaíocht ar Muir, nó i gCoinbhinsiúin na Ginéive de 1864, 1906 nó 1929 le haghaidh Fóirithint ar an Lucht Créachtaithe agus an Lucht Breoite in Airm ar an Machaire.

Airteagal 56.

Daingneofar an Coinbhinsiún seo a luaithe is féidir agus taiscfear na daingniúcháin i mBeirn.

Déanfar amach taifead i dtaobh taisceadh gach ionstraime daingniúcháin agus déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cóipeanna deimhnithe den taifead sin a chur go dtí na Cumhachtaí uile ar síníodh an Coinbhinsiún ina n-ainm, nó a mbeifear tar éis a chur in iúl go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 57.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm sé mhí tar éis dhá ionstraim dhaingniúcháin ar a laghad a bheith taiscthe.

Ina dhiaidh sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Ardpháirtí Conarthach sé mhí tar éis an ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

Airteagal 58.

Gabhann an Coinbhinsiún seo ionad Deichiú Coinbhinsiún an Háig den 18 Deireadh Fómhair, 1907, chun Prionsabail Choinbhinsiún na Ginéive de 1906, a Oiriúnú don Chogaíocht ar Muir, i gcúrsaí caidrimh idir na hArdpháirtithe Conarthacha.

Airteagal 59.

Ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfaidh aon Chumhacht nach mbeidh an Coinbhinsiún seo sínithe ina hainm glacadh leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 60.

Déanfar fógraí go bhfuil glactha leis an gCoinbhinsiún a thabhairt i scríbhinn do Chomhairle Chonaidhme na hEilvéise, agus beidh éifeacht leis an nglacadh sé mhí tar éis an dáta a bhfaighfear na fógraí.

Déanfaidh Comhairle Chonaidhme na hEilvéise na fógraí go bhfuil glactha leis an gCoinbhinsiún a chur in iúl do na Cumhachtaí uile a mbeidh an Coinbhinsiún sínithe ina n-ainm nó a mbeidh fógra tugtha go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 61.

Tabharfaidh na cásanna dá bhforáiltear in Airteagail 2 agus 3 éifeacht láithreach do gach daingniúchán a bheidh taiscthe agus do gach glacadh leis an gCoinbhinsiún a bheidh curtha in iúl ag na Páirtithe sa choinbhleacht roimh thosach na cogaíochta nó na forghabhála nó dá éis. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise in iúl a thapúla is féidir aon fhógra a gheofar ó na Páirtithe sa Choinbhleacht go bhfuil an Coinbhinsiún daingnithe acu nó go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 62.

Beidh sé ar chumas gach ceann de na hArdpháirtithe Conarthacha an Coinbhinsiún seo a shéanadh.

Cuirfear an séanadh in iúl i scríbhinn do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise, agus cuirfidh an Chomhairle sin ar aghaidh é go dtí Rialtais na nArdpháirtithe Conarthacha uile.

Beidh éifeacht ag an séanadh bliain tar éis a churtha in iúl do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise. Ach, i gcás séanadh a chur in iúl le linn an Chumhacht shéantach a bheith gafa i gcoinbhleacht, ní bheidh éifeacht ag an séanadh go dtí go mbeidh síocháin tugtha i gcrích agus go mbeidh deireadh leis na hoibríochtaí a bhainfidh le saoradh agus athdhúichiú na ndaoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo.

Ní bheidh éifeacht ag an séanadh ach amháin maidir leis an gCumhacht shéantach. Ní bhainfidh sé ar chor ar bith de na hoibleagáidí a mbeidh na Páirtithe sa choinbhleacht faoi cheangal i gcónaí iad a chomhlíonadh de bhua phrionsabail dhlí na náisiún, mar a leanann siad as an ngnáthamh atá bunaithe i measc pobal sibhialta agus as dlíthe na daonnachta agus mar is dual de réir choinsias an phobail.

Airteagal 63.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise an Coinbhinsiún seo a chlárú le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe. Cuirfidh Comhairle Chonaidhme na hEilvéise in iúl freisin do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe gach fógra a gheobhaidh sí gur daingníodh an Coinbhinsiún seo nó gur glacadh leis nó gur séanadh é.

Dá fhianú sin tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, ar a lánchumhachtaí faoi seach a thaisceadh dóibh, tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú.

Arna dhéanamh sa Ghinéive an dara lá déag seo de Lúnasa, 1949, i mBéarla agus i bhFraincis. Taiscfear an scríbhinn bhunaidh i gcairtlanna Chónaidhm na hEilvéise. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cóipeanna deimhnithe di chun gach ceann de na Stáit a shínigh an Coinbhinsiún agus chun gach Stát a mbeidh glactha aige leis.

[Sínithe agus Iarscríbhinn anseo síos.]

AN TRIU SCEIDEAL.

Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949.

Tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, Lánchumhachtaigh ó na Rialtais a raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil Taidhleoireachta a tionóladh sa Ghinéive ón 21 Aibreán go dtí an 12 Lúnasa, 1949, chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún a rinneadh sa Ghinéive an 27 Iúil, 1929, maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh, tar éis comhaontú mar a leanas:

CUID I.—FORALACHA GINEARALTA.

Airteagal 1.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin an Coinbhinsiún seo a urramú agus deimhin a dhéanamh de go n-urramófar é i ngach uile chás.

Airteagal 2.

I dteannta na bhforálacha a chuirfear i gcrích in aimsir shíochána, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo i gcás cogaidh fhógartha nó i gcás aon choinbhleachta armtha eile a éireoidh idir dhá cheann nó níos mó de na hArdpháirtithe Conarthacha, fiú má bhíonn ceann acu gan an staid chogaidh a aithint.

Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún freisin i ngach cás ina ndéanfar forghabháil ar an iomlán nó ar chuid de chríoch Ardpháirtí Chonarthaigh, fiú mura ndéantar aon chomhrac armtha i gcoinne na forghabhála sin.

D'ainneoin go mbeadh ceann de na Cumhachtaí sa choinbhleacht gan bheith ina pháirtí sa Choinbhinsiún seo, fanfaidh na Cumhachtaí atá ina bpáirtithe ann faoi cheangal aige ina gcaidreamh lena chéile. Beidh siad faoi cheangal freisin ag an gCoinbhinsiún i leith na Cumhachta sin, má ghlacann an Chumhacht sin lena fhorálacha agus go gcuirfidh sí i bhfeidhm iad.

Airteagal 3.

I gcás coinbhleacht armtha nach coinbhleacht de chineál idirnáisiúnta a tharlú i gcríoch cheann de na hArdpháirtithe Conarthacha, beidh de cheangal ar gach Páirtí sa choinbhleacht na forálacha seo a leanas, ar a laghad, a chur i bhfeidhm:

(1) Na daoine nach nglacann aon pháirt ghníomhach sa chogaíocht, lena n-áirítear na comhaltaí d'fhórsaí armtha a leag síos a n-airm agus na daoine a bheidh curtha hors de combat mar gheall ar bhreoiteacht, créachtaí, cur faoi choinneáil, nó cúis ar bith eile, déileálfar go daonnachtúil leo i ngach uile chás, gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar chine, dath, reiligiún nó creideamh, gnéas, fréamhshliocht nó rachmas, nó aon dálaí eile dá samhail sin.

Chuige sin, tá, agus beidh, na gníomhartha seo a leanas toirmiscthe, gach tráth agus gach áit, i leith na ndaoine thuasluaite:

(a) foréigean ar bheo agus ar phearsa duine, go háirithe dúnmharú de gach sórt, ciorrú, cruálacht agus céastóireacht;

(b) gialla a thógáil;

(c) anfhorlann ar dhínit duine, go háirithe uirísliú agus táirchéimniú;

(d) pianbhreith a ghearradh agus bású a dhéanamh gan breithiúnas a bheith fógartha roimh ré ag cúirt arna comhdhéanamh go cuí, maille le gach ráthaíocht bhreithiúnach a n-aithníonn pobail shibhialta gur den riachtanas í.

(2) Baileofar an lucht créachtaithe agus breoite agus tabharfar aireachas dóibh.

Féadfaidh comhlacht daonchairdiúil neamhchlaonta, ar nós Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, a sheirbhísí a thairiscint do na Páirtithe sa choinbhleacht.

Fairis sin, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall an t-iomlán nó cuid de na forálacha eile atá sa Choinbhinsiún seo a thabhairt i bhfeidhm, trí chomhaontuithe speisialta.

Ní chuirfidh feidhmiú na bhforálacha sin roimhe seo isteach ar stádas dlíthiúil na bPáirtithe sa choinbhleacht.

Airteagal 4.

A. Is príosúnaigh chogaidh, de réir bhrí an Choinbhinsiúin seo, daoine d'earnáil acu seo a leanas a bheidh tar éis titim faoi urláimh an namhad:

(1) Comhaltaí d'fhórsaí armtha Pháirtí sa choinbhleacht, maraon le comhaltaí de mhilístí nó de chóir óglach saorálach is cuid de na fórsaí armtha sin;

(2) Comhaltaí de mhilístí eile agus comhaltaí de chóir óglach saorálach eile, lena n-áirítear comhaltaí de fhrithghluaiseachtaí eagraithe, a bhaineann le Páirtí sa choinbhleacht agus atá ag gníomhú laistigh nó lasmuigh dá gcríoch féin, fiú má tá an chríoch sin faoi fhorghabháil, ar choinníoll go gcomhlíonann na milístí nó na cóir óglach saorálach sin, lena n-áirítear na frithghluaiseachtaí eagraithe sin, na coinníollacha seo a leanas:

(a) duine a bheith i gceannas orthu atá freagrach ina íochtaráin;

(b) sainchomhartha deimhneach a bheith acu is féidir a aithint tamall ó láthair;

(c) airm a bheith á n-iompar acu go hoscailte;

(d) a n-oibríochtaí a bheith á ndéanamh acu de réir dlíthe agus nósanna an chogaidh.

(3) Comhaltaí d'fhórsaí armtha rialta a dhearbhaíonn go bhfuil siad faoi ghéillsine ag Rialtas nó údarás nach dtugann an Chumhacht Choinneála aitheantas dó;

(4) Daoine atá ag gabháil leis na fórsaí armtha gan bheith ina gcomhaltaí díobh iarbhír, mar atá, comhaltaí sibhialta d'fhoirne aerárthaí míleata, tuairisceoirí cogaidh, conraitheoirí soláthair, comhaltaí d'aonaid saothair nó de sheirbhísí atá freagrach i leas na bhfórsaí armtha, ar choinníoll go bhfuil údarás faighte acu ó na fórsaí armtha lena ngabhann siad agus chuige sin tabharfaidh na fórsaí sin cárta aitheantais dóibh a bheidh cosúil leis an sampla atá i gceangal leis seo;

(5) Comhaltaí, lena n-áirítear máistrí, píolótaí agus printísigh, d'fhoirne loingis trádála, agus foirne aerárthaí sibhialta leis na Páirtithe sa choinbhleacht, nach dtairbhíonn de chóireáil níos fearr faoi aon fhorálacha eile den dlí idirnáisiúnta;

(6) Áitreoirí críche gan forghabháil a ghlacann airm chucu as a gconlán féin, ar an namhaid a theacht, chun na fórsaí ionsaithe a chomhrac, gan é a bheith d'uain acu aonaid armtha rialta a dhéanamh díobh féin, ar choinníoll go n-iompróidh siad airm go hoscailte agus go n-urramóidh siad dlíthe agus nósanna an chogaidh.

B. Áireofar mar phríosúnaigh chogaidh freisin faoin gCoinbhinsiún seo na daoine seo a leanas:

(1) Daoine a bhaineann, nó a bhain, le fórsaí armtha na tíre faoi fhorghabháil, má mheasann an Chumhacht forghabhála gur gá mar gheall ar a mbaint leo iad a imtheorannú, cé go ndearna sí i gcéaduair iad a shaoradh le linn cogaíocht a bheith ar siúl lasmuigh den chríoch atá faoi fhorghabháil aici, go háirithe i gcás iarracht nár éirigh léi a bheith déanta ag na daoine sin ar athcheangal leis na fórsaí armtha lena mbaineann siad agus atá ag gabháil don troid, nó i gcás nach bhfreagróidh siad gairm a cuireadh orthu d'fhonn iad a imtheorannú.

(2) Na daoine d'earnáil dá luaitear san Airteagal seo a bheidh Cumhachtaí neodracha nó neamhchogaíocha tar éis a ghlacadh ar a gcríoch agus a bhfuil de cheangal ar na Cumhachtaí sin iad a imtheorannú faoin dlí idirnáisiúnta, gan dochar d'aon chóireáil níos fabhraí is áil leis na Cumhachtaí sin a chur orthu agus taobh amuigh d'Airteagail 8, 10, 15, 30, an cúigiú mír, 58-67, 92, 126 agus, má tá caidreamh taidhleoireachta idir na Páirtithe sa choinbhleacht agus an Chumhacht neodrach nó neamhchogaíoch a bheidh i gceist, na hAirteagail a bhaineann leis an gCumhacht Choimirceach. Má tá an caidreamh taidhleoireachta sin ann, beidh cead ag na Páirtithe sa choinbhleacht a bhfuil na daoine sin ina gcleithiúnas na feidhmeanna a chomhlíonadh ina leith a thugtar do Chumhacht Choimirceach leis an gCoinbhinsiún seo, gan dochar do na feidhmeanna a chomhlíonann na Páirtithe sin de ghnáth de réir gnásanna agus conarthaí taidhleoireachta agus consalachta.

C. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difir ar bith do stádas pearsanra liachta agus séiplíneach mar a fhoráiltear ina leith in Airteagal 33 den Choinbhinsiún seo.

Airteagal 5.

Bainfidh an Coinbhinsiún seo leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 ón uair a thitfidh siad faoi urláimh an namhad go dtí go ndéanfar iad a shaoradh agus a athdhúichiú.

Má éiríonn aon amhras faoi dhaoine, a mbeidh gníomh cogaíoch déanta acu agus a thit i láimh an namhad, a bheith ag baint le haon earnáil dá luaitear in Airteagal 4, beidh na daoine sin faoi choimirce an Choinbhinsiúin seo go dtí go mbeidh cinneadh faoina stádas déanta ag binse inniúil.

Airteagal 6.

Maraon leis na comhaontuithe dá bhforáiltear go sainráite in Airteagail 10, 23, 28, 33, 60, 65, 66, 67, 72, 73, 75, 109, 110, 118, 119, 122 agus 132, féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha comhaontuithe speisialta eile a dhéanamh i dtaobh gach ní ar dóigh leo é a bheith oiriúnach foráil ar leith a dhéanamh ina thaobh. Ní dhéanfaidh aon chomhaontú speisialta dochar do staid phríosúnach cogaidh, mar a mhínítear sin leis an gCoinbhinsiún seo, ná ní chuirfidh sé srian leis na cearta a thugann an Coinbhinsiún seo dóibh.

Beidh tairbhe na gcomhaontuithe sin ag príosúnaigh chogaidh, fad a bhainfidh an Coinbhinsiún leo, ach amháin i gcás forálacha sainráite dá malairt a bheith sa chomhaontú réamhráite nó i gcomhaontuithe ina dhiaidh sin, nó i gcás socruithe níos fabhraí a bheith déanta ina dtaobh ag ceann amháin nó níos mó de na Páirtithe sa choinbhleacht.

Airteagal 7.

Ní féidir le príosúnaigh chogaidh séanadh a dhéanamh go hiomlán ná go páirteach, i gcás ar bith, ar na cearta a áirithítear dóibh leis an gCoinbhinsiún seo agus leis na comhaontuithe speisialta dá dtagraítear san Airteagal sin roimhe seo, má bhíonn a leithéid ann.

Airteagal 8.

Cuirfear an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm le comhoibriú agus faoi scrúdan na gCumhachtaí Coimirceacha, agus is é a ndualgas sin leasanna na bPáirtithe sa choinbhleacht a chaomhnú. Chuige sin, féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha toscairí, taobh amuigh dá bhfoireann taidhleoireachta nó consalachta, a cheapadh as measc a náisiúnach féin nó náisiúnach Cumhachtaí neodracha eile. Beidh na toscairí sin faoi réir a gceadaithe ag an gCumhacht a mbeidh siad lena ndualgais a chomhlíonadh maille léi.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall chun tasc ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha a éascú.

Ní rachaidh ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha in aon chás thar teorainn a misiúin féin faoin gCoinbhinsiún seo. Tabharfaidh siad aird, go háirithe, ar dhian-riachtanais slándála an Stáit ina mbeidh a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 9.

Ní chuireann forálacha an Choinbhinsiúin seo aon bhac ar na gníomhaíochtaí daonchairdiúla a ghabhfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge nó aon eagraíocht daonchairdiúil neamhchlaonta eile de láimh, faoi réir thoiliú na bPáirtithe sa choinbhleacht áirithe, chun príosúnaigh chogaidh a choimirciú agus chun fóirithint orthu.

Airteagal 10.

Féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha tráth ar bith comhaontú ar na dualgais a bheidh de chúram ar na Cumhachtaí Coimirceacha, de bhua an Choinbhinsiúin seo, a chur i muinín eagraíochta a thugann gach rathaíocht ar a neamhchlaontacht agus ar a héifeachtúlacht.

Mura bhfuil príosúnaigh chogaidh ag tairbhiú, nó má scoireann siad de bheith ag tairbhiú, ar chúis ar bith, de ghníomhaíochtaí Cumhachta Coimircí nó eagraíochta dá bhforáiltear sa chéad mhír thuas, iarrfaidh an Chumhacht Choinneála ar Stát neodrach, nó ar eagraíocht den sórt sin, na feidhmeanna a ghabháil de láimh a bheidh á gcomhlíonadh faoin gCoinbhinsiúin seo ag Cumhacht Choimirceach arna hainmniú ag na Páirtithe i gcoinbhleacht.

Mura féidir coimirce a shocrú dá réir sin, ansin, faoi réir forálacha an Airteagail seo, iarrfaidh an Chumhacht Choinneála ar eagraíocht daonchairdiúil, ar nós Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, na feidhmeanna daonchairdiúla a ghabháil de láimh a bheidh á gcomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún seo ag Cumhachtaí Coimirceacha, nó glacfaidh sí le tairiscint seirbhísí ó eagraíocht den sórt sin.

Aon Chumhacht neodrach, nó aon eagraíocht a gheobhaidh iarratas ón gCumhacht, a bheidh i gceist nó a dhéanfaidh tairiscint chuige sin, beidh uirthi gníomhú le tuiscint ar a freagracht i leith an Pháirtí sa choinbhleacht a bhfuil na daoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo ina chleithiúnas, agus beidh uirthi ráthaíochtaí sásúla a thabhairt go bhfuil sí inniúil ar na feidhmeanna iomchuí a ghabháil de láimh agus iad a chomhlíonadh go neamhchlaonta.

Ní bhainfear de na forálacha sin roimhe seo le comhaontuithe speisialta idir Cumhachtaí a mbeidh ceann acu, fiú go sealadach faoi shrian ar a saoirse chun margaíocht a dhéanamh leis an gCumhacht eile nó lena comhghuaillithe, de bhithin teagmhas míleata, go háirithe i gcás an t-iomlán, nó cuid mhaith, de chríoch na Cumhachta sin a bheith faoi fhorghabháil.

Aon uair a dhéantar tagairt do Chumhacht Choimirceach sa Choinbhinsiún seo, baineann an tagairt sin freisin le heagraíochtaí ionaid de réir bhrí an Airteagail seo.

Airteagal 11.

I gcásanna inar dóigh leo é a bheith fóinteach ar mhaithe le daoine coimircithe, go mór mór i gcás easaontais idir na Páirtithe sa choinbhleacht maidir le feidhm nó léiriú forálacha an Choinbhinsiúin seo, tabharfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha a gcuidiú chun an t-easaontas a réiteach.

Chuige sin, féadfaidh gach ceann de na Cumhachtaí Coimirceacha, ar iarratas a fháil ó Pháirtí amháin nó as a conlán féin, a mholadh do na Páirtithe sa choinbhleacht go dtiocfadh a n-ionadaithe i ndáil chruinnithe, go háirithe na húdaráis a bheidh freagrach i bpríosúnaigh chogaidh, ar thalamh neodrach, b'fhéidir, a thoghfar go hoiriúnach. Beidh de cheangal ar na Páirtithe sa choinbhleacht éifeacht a thabhairt do na tograí a chuirfear faoina mbráid chuige sin. Féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha, más gá, a chur i gcead na bPáirtithe sa choinbhleacht go nglacfaí le duine a bhaineann le Cumhacht neodrach, nó le duine a bheidh údaraithe ag Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, agus tabharfar cuireadh don duine sin páirt a ghlacadh sa chruinniú sin.

CUID II.—COIMIRCIU GINEARALTA PRIOSUNACH COGAIDH.

Airteagal 12.

Beidh príosúnaigh chogaidh faoina láimh ag an gCumhacht naimhdeach, ach ní bheidh ag na daoine áirithe nó na haonaid mhíleata a ghabh iad. Ar neamhchead do na freagrachtaí pearsanta a d'fhéadfadh a bheith ann, is í an Chumhacht Choinneála a bheidh freagrach sa chóireáil a chuirfear orthu.

Ní cead don Chumhacht Choinneála príosúnaigh chogaidh a aistriú ach amháin chuig Cumhacht atá ina páirtí sa Choinbhinsiún agus tar éis don Chumhacht Choinneála a dheimhniú di féin go bhfuil an Chumhacht sin toilteanach agus, in ann an Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm. Nuair a aistreofar príosúnaigh chogaidh sna himthosca sin, is ar an gCumhacht a ghlacfaidh iad a bheidh sé de fhreagracht an Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm fad a bheidh siad faoi choimeád ag an gCumhacht sin.

Mar sin féin, má loiceann an Chumhacht sin forálacha an Choinbhinsiúin seo a chomhlíonadh in aon phonc tábhachtach, déanfaidh an Chumhacht a d'aistrigh na príosúnaigh chogaidh, ar é a bheith curtha in iúl di ag an gCumhacht Choimirceach, bearta éifeachtacha chun an scéal a leigheas nó iarrfaidh sí na príosúnaigh chogaidh a chur ar ais chuici féin. Ní foláir géilleadh d'aon iarratas den sórt sin.

Airteagal 13.

Ní foláir cóir dhaonnachtúil a chur ar phríosúnaigh chogaidh i gcónaí. Toirmisctear aon ghníomh nó neamhghníomh neamhdhleathach ag an gCumhacht Choinneála a thabharfaidh bás príosúnaigh chogaidh ina coimeád nó a bheadh ina chontúirt mhór dá shláinte, agus measfar gur sárú tromchúiseach ar an gCoinbhinsiún seo é. Go háirithe, ní cead ciorrú coirp a dhéanamh ar aon phríosúnach cogaidh ná turgnaimh liachta ná eolaíochta de shaghas ar bith nach bhfuil dearbhchúis leis chun cóireáil liachta, déadliachta nó ospidéil a chur ar an bpríosúnach a bheidh i gceist agus nach bhfuil lena leas.

Mar an gcéanna, ní foláir príosúnaigh chogaidh a choimirciú i gcónaí, go háirithe ar ghníomhartha foréigin nó imeaglaithe agus ar mhaslaí agus fiosracht an phobail.

Toirmisctear bearta díoltais a imirt ar phríosúnaigh chogaidh.

Airteagal 14.

Tá ceart ag príosúnaigh chogaidh i gcónaí chun urraime dá bpearsa agus dá n-onóir.

Déileálfar le mná le gach uile ómós is dual don bhantracht agus tairbheoidh siad i gcónaí de chóireáil a bheidh chomh fabhrach leis an gcóireáil a thugtar d'fhir.

Coimeádfaidh príosúnaigh chogaidh an cháil hiomlán shibialta a bhí acu nuair a gabhadh iad. Ní cead don Chumhacht Choinneála srian a chur, laistigh ná lasmuigh dá críoch féin, leis na cearta a ghabhann leis an gcáil sin ach amháin sa mhéid go n-éileoidh an braighdeanas é.

Airteagal 15.

Beidh de cheangal ar Chumhacht a mbeidh príosúnaigh chogaidh faoi choinneáil aici soláthar a dhéanamh saor in aisce chun iad a chothabháil agus aireachas liachta a thabhairt dóibh de réir mar is gá dá sláinte.

Airteagal 16.

Ag féachaint d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo maidir le céim agus gnéas, agus faoi réir aon chóireáil phribhléideach a chuirfear orthu mar gheall ar staid a sláinte, a n-aois nó a gcáilíochtaí gairmiúla, cuirfidh an Chumhacht Choinneála an chóireáil chéanna ar gach príosúnach cogaidh, gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar chine, náisiúntacht, reiligiún, tuairimí polaitíochta, ná aon idirdhealú eile de réir dálaí dá samhail.

CUID III.—BRAIGHDEANAS.

Alt I.—Tosach an Bhraighdeanais.

Airteagal 17.

Níl de cheangal ar aon phríosúnach cogaidh a insint, nuair a cheisteofar é ina leith, ach amháin a shloinne, a chéad-ainmneacha agus a chéim, dáta a bhreithe, agus a uimhir airm nó reisiminte, nó a uimhir phearsanta nó a shraithuimhir nó mura bhfuil sin aige, a chothrom d'eolas.

Má sháraíonn sé an riail sin go toiliúil, is baol dó srianadh ar na pribhléidí a ghabhann lena chéim nó lena stádas.

Ceanglaítear ar gach Páirtí i gcoinbhleacht cárta aitheantais a thabhairt do na daoine faoina ndlínse ar dóigh dóibh go ndéanfaí príosúnaigh chogaidh díobh, agus sloinne, céad-ainmneacha, céim, uimhir airm nó reisiminte, nó uimhir phearsanta nó sraithuimhir, nó a chothrom d'eolas, agus dáta breithe, an úinéara a thaispeáint ar an gcárta sin. Ina theannta sin is féidir síniú nó méarloirg an úinéara, nó an dá ní sin, a bheith ar an gcárta aitheantais, maraon le haon eolas eile is áil leis an bPáirtí sa choinbhleacht a chur leis an méid sin i dtaobh daoine a bhaineann lena fhórsaí armtha. Chomh fada agus is féidir sin beidh an cárta 6.5 × 10 cm. ina thomhas, agus eiseofar i ndúblach é. Taispeánfaidh an príosúnach cogaidh an cárta aitheantais nuair a iarrfar sin air, ach ní cead é a bhaint de in aon chás.

Ní cead aon chéastóireacht coirp ná intinne, ná aon chomhéigniú d'aon saghas eile, a dhéanamh ar phríosúnaigh chogaidh chun eolas de chineál ar bith a bhaint astu. Ní cead bagairt ná maslú a dhéanamh ar phríosúnaigh chogaidh a dhiúltóidh freagra a thabhairt, ná iad a chur i gcaoi aon drochúsáide ná míbhuntáiste de shaghas ar bith.

Príosúnaigh chogaidh nach féidir leo a insint cé hiad féin, mar gheall ar a staid chorpartha nó intinneach, cuirfear faoi chúram na seirbhíse liachta iad. Déanfar gach dícheall a fháil amach cé hiad na príosúnaigh sin, faoi réir forálacha na míre sin roimhe seo.

Ceisteofar príosúnaigh chogaidh i dteanga a thuigeann siad.

Airteagal 18.

Fágfar i seilbh príosúnach cogaidh gach ní agus earra le haghaidh úsáide pearsanta, ach amháin airm, capaill, trealamh míleata agus doiciméid mhíleata, agus fágfar ina seilbh freisin a gclogaid mhiotail agus a ngásphúicíní agus earraí dá samhail le haghaidh a gcosanta pearsanta. Fágfar ina seilbh mar an gcéanna nithe agus earraí a úsáidtear chun iad a éadú nó a bheathú, fiú má bhaineann na nithe agus na hearraí sin lena dtrealamh míleata oifigiúil.

Ní ceart príosúnaigh chogaidh a bheith gan doiciméid aitheantais aon uair. Tabharfaidh an Chumhacht Choinneála na doiciméid sin do phríosúnaigh chogaidh nach bhfuil a leithéid acu.

Ní cead suaitheantais chéime, náisiúntachta ná onóra, ná earraí a bhfuil, thar gach ní eile, fiúntas pearsanta nó muirneach ag gabháil leo a bhaint de phríosúnaigh chogaidh.

Ní cead suimeanna airgid a bheidh ag príosúnaigh chogaidh a bhaint díobh ach amháin le hordú ó oifigeach, agus tar éis a méad agus sonraí an úinéara a thaifeadadh i gclár speisialta agus admháil mhionchruinn a thabhairt a mbeidh scríofa go soiléir uirthi ainm, céim agus aonad an duine a d'eisigh í.

Cuirfear chun creidiúna do chuntas an phríosúnaigh, mar a fhoráiltear in Airteagal 64, suimeanna in airgead reatha na Cumhachta Coinneála, nó suimeanna a shóinseálfar san airgead reatha sin ar iarratas an phríosúnaigh.

Ní cead don Chumhacht Choinneála earraí luachmhara a thógáil ó phríosúnaigh chogaidh ach amháin ar chúiseanna slándála; nuair a thógfar na hearraí sin uathu, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos le haghaidh suimeanna airgid a ghaibhneofar.

Aon earraí den sórt sin, agus mar an gcéanna aon suimeanna a thógfar in aon airgead reatha seachas airgead reatha na Cumhachta Coinneála agus nár iarr a n-úinéirí iad a shóinseáil, coimeádfaidh an Chumhacht Choinneála iad, agus tabharfar ar ais iad ina riocht bunaidh do na príosúnaigh chogaidh ar chríochnú a mbraighdeanais.

Airteagal 19.

Déanfar príosúnaigh chogaidh a aslonnú, a luaithe is féidir tar éis iad a ghabháil, go campaí i limistéar a bheidh fada go leor ón réigiún troda chun go mbeidís ó chontúirt.

Ní cead a choinneáil siar go sealadach i réigiún contúirte ach na príosúnaigh chogaidh ar bhaolaí dóibh, mar gheall ar a gcréachtaí nó a mbreoiteacht, iad a aslonnú ná iad a fhágáil mar a bhfuil siad.

Ní chuirfear príosúnaigh chogaidh i gcaoi contúirte, gan ghá, fad a bheifear ag feitheamh ar a n-aslonnú as réigiún troda.

Airteagal 20.

Déanfar i gcónaí príosúnaigh chogaidh a aslonnú go daonnachtúil agus de réir coinníollacha mar a bhaineann le fórsaí na Cumhachta Coinneála ar a stáisiún a athrú dóibh.

Tabharfaidh an Chumhacht Choinneála do phríosúnaigh chogaidh a bheidh á n-aslonnú dóthain bia agus uisce inólta agus an t-éadach agus an t-aireachas liachta is gá. Glacfaidh an Chumhacht Choinneála gach cúram is cuí chun a sábháilteacht a chur in áirithe le linn a n-aslonnaithe, agus déanfaidh siad liosta de na príosúnaigh chogaidh aslonnaithe a luaithe is féidir sin.

Más gá do na príosúnaigh chogaidh, le linn a n-aslonnaithe, gabháil trí champaí idirthurais, beidh a dtréimhse ar fanacht sna campaí sin chomh gairid agus is féidir.

Alt II.—Imtheorannú Príosúnach Cogaidh.

Caibidil I.—Nótaí Ginearálta.

Airteagal 21.

Féadfaidh an Chumhacht Choinneála príosúnaigh chogaidh a chur faoi imtheorannú. Féadfaidh sí a chur d'oibleagáid orthu gan dul amach, thar teorainn áirithe, as an gcampa ina bhfuil siad faoi imtheorannú nó, má tá fál timpeall an champa, gan dul lasmuigh den fhál. Faoi réir forálacha an Choinbhinsiúin seo maidir le smachtbhannaí pionósacha agus araíonachta, ní cead príosúnaigh chogaidh a choimeád i ndlúthghaibhniú ach amháin nuair is gá sin ar mhaithe lena sláinte, agus sa chás sin féin ní cead é ach fad a mhairfidh na himthosca a thugann gur gá an gaibhniú sin.

Féadfar príosúnaigh chogaidh a scaoileadh amach, faoi lánsaoirse nó faoi pháirtsaoirse, ar parúl nó ar gealltanas, sa mhéid go gceadaítear sin le dlíthe na Cumhachta a bhfuil siad ina cleithiúnas. Déanfar amhlaidh go háirithe i gcásanna ar féidir go gcabhródh sé le feabhas a thabhairt ar a sláinte. Ní chuirfear d'iallach ar aon phríosúnach cogaidh glacadh le saoirse ar párúl ná ar gealltanas.

Ar chogaíocht a bhriseadh amach, cuirfidh gach Pairtí sa choinbhleacht in iúl don Pháirtí naimhdeach na dlíthe agus na rialacháin a cheadaíonn dá náisiúnaigh féin, nó a thoirmisceann orthu, glacadh le saoirse ar parúl nó ar gealltanas. Na príosúnaigh chogaidh a ligfear saor ar parúl, nó a thabharfaidh gealltanas de réir na ndlíthe agus na rialachán a bheidh curtha in iúl amhlaidh, tá de cheangal orthu, as a n-onóir phearsanta, gach a nglacfaidh siad orthu féin lena bparúl nó lena ngealltanas a chomhlíonadh go scrupallach, i leith na Cumhachta a bhfuil siad ina cleithiúnas agus i leith na Cumhachta a rinne príosúnaigh díobh. Sna cásanna sin, tá de cheangal ar an gCumhacht a bhfuil siad ina cleithiúnas gan aon seirbhís atá ar neamhréir leis an bparúl, nó leis an ngealltanas a tugadh, a éileamh orthu ná a ghlacadh uathu.

Airteagal 22.

Ní cead príosúnaigh chogaidh a imtheorannú ach in áitribh atá ar talamh agus a bhfuil gach siúráil ar a sláinteachas agus a bhfolláine. Ach amháin i gcásanna faoi leith, ina mbeadh sé le leas na bpríosúnach féin, ní dhéanfar iad a imtheorannú i bpeannadlanna.

Déanfar príosúnaigh chogaidh atá faoi imtheorannú i limistéir atá mífholláin, nó a bhfuil a n-aeráid díobhálach dóibh, a aistriú go dtí aeráid níos fearr, a luaithe is féidir.

Cuirfidh an Chumhacht Choinneála príosúnaigh chogaidh le chéile i gcampaí nó i ranna campa de réir a náisiúntachta, a dteanga agus a mbéascna, ar choinníoll nach scarfar na príosúnaigh sin ó phríosúnaigh chogaidh leis na fórsaí armtha a raibh siad ag fónamh iontu nuair a rinneadh príosúnaigh díobh, mura dtoileoidh siad féin chuige.

Airteagal 23.

Ní cead tráth ar bith aon phríosúnach cogaidh a chur go dtí limistéar, ná a choinneáil i limistéar, ina mbeadh sé faoi lámhach an réigiúin troda, ná leas a bhaint as chun pointí nó limistéir áirithe a thabhairt saor ó oibríochtaí míleata. Beidh dídeana ag príosúnaigh chogaidh in aghaidh bombardú ón spéir agus ó ghuaiseanna eile cogaidh, an oiread céanna agus a bheidh ag an bpobal sibhialta áitiúil. Lasmuigh díobh siúd a bheidh ag coimirciú a gceathrúna ar na guaiseanna sin, féadfaidh siad dul isteach sna dídeana sin a luaithe is féidir tar éis an t-aláram a bheith tugtha. Bainfidh leo freisin aon bheart cosanta eile a dhéanfar ar mhaithe leis an bpobal.

Tabharfaidh na Cumhachtaí Coinneála do na Cumhachtaí lena mbainfidh, trí na Cumhachtaí Coimiriceacha, gach eolas fóinteach faoi shuíomh na háite ina bhfuil campaí príosúnach cogaidh.

Aon uair a cheadóidh cúrsaí míleata é, taispeánfar campaí príosúnach cogaidh sa lá leis na litreacha PW nó PG, a chuirfear orthu ar chuma go mbeidh siad le feiceáil go soiléir ón spéir. Ach féadfaidh na Cumhachtaí a bheidh i gceist comhaontú ar aon chóras marcála eile. Ní mharcálfar amhlaidh ach campaí príosúnach cogaidh.

Airteagal 24.

Déanfar campaí idirthurais nó campaí scagtha de chineál buan a fheistiú de réir coinníollacha cosúil leo siúd a thuairiscítear san Alt seo, agus tabharfar do na príosúnaigh iontu an chóireáil chéanna a thugtar do phríosúnaigh i gcampaí eile.

Caibidil II.—Ceathrúna, Bia agus Éadach Príosúnach Cogaidh.

Airteagal 25.

Cuirfear príosúnaigh chogaidh ar ceathrú faoi choinníollacha a bheidh chomh fabhrach leis na coinníollacha d'fhórsaí na Cumhachta Coinneála a bheidh ar coinmheadh sa limistéar céanna. Sna coinníollacha sin tabharfar aird ar nósanna agus béascna na bpríosúnach, agus ní bheidh siad dochrach dá sláinte i gcás ar bith.

Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo go speisialta i gcás suanliosanna príosúnach cogaidh, maidir lena spás iomlán agus lena spás ciúbach íosta, agus maidir lena bhfeistiú i gcoitinne, agus leis an gcóir leapachais agus leis na blaincéid.

Ní foláir na háitribh a chuirfear ar fáil do phríosúnaigh chogaidh, ina n-aonar nó i dteannta a chéile, a bheith díonta go hiomlán ó thaisleach agus leordhóthain teasa agus solais a bheith iontu, go háirithe idir titim na hoíche agus múchadh na soilse. Ní mór gach cúram a ghlacadh in aghaidh baol tine.

In aon champaí ina gcoimeádtar mná, chomh maith le fír, ina bpríosúnaigh chogaidh, cuirfear suanliosanna ar leith ar fáil dóibh.

Airteagal 26.

Beidh an bhunchiondáil laethúil bia leordhóthanach ina méid, ina cáilíocht agus ina héagsúlacht chun na príosúnaigh chogaidh a choimeád i ndea-shláinte agus chun nach gcaillfidh siad meáchan agus nach rachaidh cothú easnamhach chun dochair dá sláinte. Tabharfar aird freisin ar an aiste bia a bhfuil cleachtadh ag na príosúnaigh air.

Tabharfaidh an Chumhacht Choinneála do phríosúnaigh chogaidh a bhíonn ag obair cibé ciondálacha breise is gá le haghaidh an tsaothair atá siad a dhéanamh.

Tabharfar dóthain uisce inólta do phríosúnaigh chogaidh. Ceadófar tobac a chaitheamh.

Sa mhéid gur féidir é, beidh baint ag príosúnaigh chogaidh le hullmhú a mbéilí féin; féadfar iad a chur leis an obair sin sna cistineacha. Fairis sin, tabharfar caoi dóibh an bia breise a bheidh acu a ullmhú iad féin.

Cuirfear ionaid leordhóthanacha ar fáil chun proinn a chaitheamh.

Toirmisctear bearta araíonachta comhchoiteanna a bhainfeadh le bia.

Airteagal 27.

Tabharfaidh an Chumhacht Choinneála leordhóthain éadaí, fo-éadaí agus coisbhirt do phríosúnaigh chogaidh, agus tabharfar aird ar aeráid an réigiúin ina bhfuil na príosúnaigh faoi choinneáil. Is ceart éidí na bhfórsaí armtha naimhdeacha a bheidh gafa ag an gCumhacht Choinneála a úsáid mar éadaí do phríosúnaigh chogaidh, má oiriúnaíonn siad don aeráid.

Féachfaidh an Chumhacht Choinneála chuige go ndéanfar na hearraí sin thuas a athsholáthar agus a dheisiú go rialta. Ina theannta sin, gheobhaidh príosúnaigh chogaidh a bheidh ag obair éadaí oiriúnacha, nuair is gá sin le haghaidh na hoibre atá le déanamh.

Airteagal 28.

Cuirfear ceaintíní i ngach campa, mar a bhféadfaidh príosúnaigh chogaidh bia, gallúnach, tobac agus earraí gnáthúsáide a cheannach. Ní rachaidh na praghasanna choíche thar na praghasanna ar an margadh áitiúil. Déanfar an brabús a ghnóthóidh ceantíní campa a úsáid ar mhaithe leis na príosúnaigh; cuirfear ciste speisialta ar bun chuige sin. Beidh de cheart ag ionadaí na bpríosúnach comhoibriú i mbainistí an cheaintín agus an chiste sin.

Nuair a dhúnfar campa, tabharfar fuíollach sochair an chiste speisialta d'eagraíocht leasa idirnáisiúnta lena úsáid chun tairbhe do phríosúnaigh chogaidh arb ionann náisiúntacht dóibh agus dóibh siúd a bhí páirteach sa chiste. I gcás athdhúichiú ginearálta, coimeádfaidh an Chumhacht Choinneála an brabús sin, faoi réir aon chomhaontaithe contrártha dó sin idir na Cumhachtaí lena mbainfidh an scéal.

Caibidil III.—Sláinteachas agus Aireachas Liachta.

Airteagal 29.

Beidh de cheangal ar an gCumhacht Choinneála gach beart sláinteachais a dhéanamh is gá chun glaineacht agus folláine na gcampaí a áirithiú agus chun aicídí forleata a chosc.

Beidh ar fáil ag príosúnaigh chogaidh le haghaidh a n-úsáide, de ló nó d'oíche, áiseanna sláintíochta a bheidh de réir rialacha an tsláinteachais agus a choinneofar i riocht glan i gcónaí. In aon champaí a mbeidh banphríosúnaigh chogaidh iontu, cuirfear áiseanna ar leith ar fáil dóibh.

Fairis sin, i dteannta na bhfolcadán agus na bhfrasfholcadán a bheidh ar fáil sna campaí, soláthrófar do phríosúnaigh chogaidh dóthain uisce agus gallúnaí chun iad féin agus a gcuid éadaí pearsanta a ní agus a ghlanadh; tabharfar dóibh na fearais, na saoráidí agus an t-am is gá chuige sin.

Airteagal 30.

I ngach campa beidh otharlann leordhóthanach mar a bhféadfaidh príosúnaigh chogaidh an t-aireachas is gá dóibh a fháil, maraon le haiste bia a bheidh oiriúnach. Cuirfear aireagail leithlise in áirithe, más gá sin, le haghaidh cásanna galair ghabhálaigh nó galair meabhrach.

Príosúnaigh chogaidh a mbeidh drochghalar orthu, nó a bheidh i riocht gur gá cóireáil speisialta nó obráid mháinliachta nó aireachas ospidéil ina gcás, ní foláir iad a ligean isteach in aon aonad liachta, míleata nó sibhialta, ina bhféadfar an chóireáil sin a chur orthu, fiú má táthar chun iad a athdhúichiú go luath. Cuirfear saoráidí speisialta ar fáil le haghaidh aireachais don lucht éagumais, go háirithe do na daill, agus chun iad a athinmhiú le linn bheith ag feitheamh ar a n-athdhúichiú.

De rogha ar a chéile, is ó phearsana liachta na Cumhachta a bhfuil said ina cleithiúnas agus, más féidir, arb ionann náisiúntacht leo féin iad, a gheobhaidh príosúnaigh aireachas.

Ní cead príosúnaigh chogaidh a chosc ar dhul i láthair na n-údarás liachta le haghaidh scrúdú. Má iarrtar sin orthu, eiseoidh na húdaráis choinneála chun gach príosúnach a chuaigh faoi chóireáil deimhniú oifigiúil a inseoidh cad é an cineál breoiteachta nó créachta a bhí air, agus cad é an fad a bhí sé faoi chóireáil agus cad é an cineál cóireála é. Cuirfear dúblach den deimhniú sin ar aghaidh go dtí Lár-Ghníomhaireacht na bPríosúnach Cogaidh.

Is ar an gCumhacht Choinneála a bheidh costas na cóireála, lena n-áirítear costas aon ghairis ba ghá chun príosúnaigh chogaidh a choimeád i sláinte mhaith, go háirithe déadchíora agus fearais shaorga eile, agus spéaclaí.

Airteagal 31.

Déanfar scrúdú liachta ar phríosúnaigh chogaidh uair sa mhí ar a laghad. Is cuid den scrúdú sin meáchan gach príosúnaigh a sheiceáil agus a thaifeadadh. Is é an cuspóir sonrach a bheidh leis an scrúdú, sláinte agus cothú agus glaineacht na bpríosúnach, i gcoitinne, a choimeád faoi bhreithniú, agus galair ghabhálacha, go háirithe an eitinn, maláire agus galar véinearach, a bhrath. Chuige sin bainfear feidhm as na modhanna is éifeachtúla dá bhfuil ar fáil, mar shampla, slua-raideagrafaíocht mhiocrascannánach chun eitinn a bhrath in am.

Airteagal 32.

Féadfaidh an Chumhacht Choinneála a chur ar phríosúnaigh chogaidh atá, cé nach baill de sheirbhís liachta a bhfórsaí armtha iad, ina leá, ina máinleá, ina bhfiaclóirí, ina mbanaltraí nó ina ngiollaí liachta, a bhfeidhmeanna liachta a dhéanamh ar mhaithe le príosúnaigh chogaidh atá i gcleithiúnas na Cumhachta céanna. Sa chás sin leanfaidh siad de bheith ina bpríosúnaigh chogaidh, ach gheobhaidh siad an chóireáil chéanna le pearsanra liachta ar comhrian leo a bheidh faoi choinneáil ag an gCumhacht Choinneála. Saorfar iad ó aon obair eile faoi Airteagal 49.

Caibidil IV.—Pearsanra Liachta agus Séiplínigh a Choimeádfar chun Cabhrú le Príosúnaigh Chogaidh.

Airteagal 33.

Ní áireofar mar phríosúnaigh chogaidh comhaltaí den phearsanra liachta ná séiplínigh, fad a bheidh siad á gcoimeád ag an gCumhacht Choinneála chun cabhrú le príosúnaigh chogaidh. Gheobhaidh siad, áfach, ar an gcuid is lú de, tairbhe agus coimirce an Choinbhinsiúin seo, agus tabharfar dóibh freisin na saoráidí go léir is gá chun go bhféadfaidh siad aireachas liachta a thabhairt do phríosúnaigh chogaidh agus friotháil orthu i gcúrsaí reiligiúin.

Leanfaidh siad dá bhfeidhmeanna liachta agus spioradáltachta a dhéanamh ar mhaithe le príosúnaigh chogaidh, go háirithe, agus de rogha ar a chéile, iad siúd a bhaineann leis na fórsaí armtha a bhfuil siad féin ina gcleithiúnas, faoi réim dlíthe agus rialachán míleata na Cumhachta Coinneála agus faoi stiúradh a seirbhísí inniúla, de réir béasghnás a ngairme. Tairbheoidh siad freisin de na saoráidí seo a leanas ag déanamh a bhfeidhmeanna liachta nó spioradáltachta:

(a) Údarófar dóibh cuairt a thabhairt go tréimhsiúil ar phríosúnaigh chogaidh i ndíormaí saothair nó in ospidéil lasmuigh den champa. Chuige sin cuirfidh an Chumhacht Choinneála ar fáil dóibh na córacha iompair a bheidh riachtanach.

(b) Beidh an dochtúir oifigiúil sinsir i ngach campa freagrach d'údaráis mhíleata an champa i ngach ní a bhaineann le gníomhaíochtaí pearsanra liachta a choimeádtar. Chuige sin, comhaontóidh na Páirtithe sa choinbhleacht, i dtosach na cogaíochta, ar chéimeanna comhréire an phearsanra liachta, lena n-áirítear céimeanna comhréire na gcumann a luaitear in Airteagal 26 de Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid an Lucht Créachtaithe agus Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949. Beidh de cheart ag an dochtúir oifigiúil sinsir sin, agus ag séiplínigh chomh maith, gach ceist a bhaineann lena ndualgais a phlé le húdaráis inniúla an champa. Tabharfaidh na húdaráis sin gach saoráid is gá dóibh le haghaidh an chomhfhreagrais a bhainfidh leis na ceisteanna sin.

(c) Cé go mbeidh siad faoi araíonacht inmheánach an champa ina gcoimeádtar iad, ní cead iallach a chur ar an bpearsanra sin aon obair a dhéanamh nach mbaineann lena ndualgais liachta nó lena ndualgais reiligiúnacha.

Le linn cogaíochta, comhaontóidh na Páirtithe sa choinbhleacht maidir le fuascailt a thabhairt i gcás inar féidir sin ar an bpearsanra a bheidh á gcoimeád, agus socróidh siad an nós imeachta is inleanta.

Ní shaorfaidh aon fhoráil dá bhfuil anseo roimhe seo an Chumhacht Choinneála óna hoibleagáidí maidir le príosúnaigh chogaidh ó thaobh liachta ná ón taobh spioradáltachta.

Caibidil V.—Reiligiún, Cúrsaí Intleachtúla agus Aclaíocht.

Airteagal 34.

Beidh saoirse iomlán ag príosúnaigh chogaidh chun a ndualgais reiligiúin a dhéanamh, agus áirítear ar na dualgais sin freastal ar sheirbhís a gcreidimh, ar choinníoll go ndéanfaidh siad de réir an ghnáthaimh araíonachta a bheidh ordaithe ag na húdaráis mhíleata.

Cuirfear áitribh leordhóthanacha ar fáil chun seirbhísí creidimh a chomóradh iontu.

Airteagal 35.

Séiplínigh a thitfidh i láimh na Cumhachta naimhdí agus a fhanfaidh nó a choimeádfar chun cabhrú le príosúnaigh chogaidh, ligfear dóibh friotháil orthu agus a ministreacht a chleachtadh gan bhac i measc príosúnach cogaidh dá gcomhchreideamh, de réir a gcoinsiasa creidimh. Dáilfear iad ar na campaí agus na díormaí saothair éagsúla ina bhfuil príosúnaigh chogaidh a bhaineann leis na fórsaí céanna, a labhraíonn an teanga chéanna nó a chleachtann an reiligiún céanna. Tabharfar dóibh na saoráidí is gá, lena n-áirítear na córacha iompair dá bhforáiltear in Airteagal 33, chun cuairt a thabhairt ar na príosúnaigh chogaidh lasmuigh dá gcampa. Beidh cead acu comhfhreagras a dhéanamh, faoi réir cinsireachta, ar chúrsaí a bhaineann lena ndualgais reiligiúin, le húdaráis eaglasta sa tír choinneála agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta reiligiúin. Aon litreacha agus cártaí a chuirfidh siad chun bealaigh chuige sin, beidh siad de bharraíocht ar an gcuóta dá bhforáiltear in Airteagal 71.

Airteagal 36.

Ceadófar do phríosúnaigh chogaidh atá ina bpearsana eaglaise, gan a bheith tar éis feidhmiú mar shéiplínigh dá bhfórsaí féin, friotháil gan bhac, is cuma cad é an sainchreideamh lena mbaineann siad, ar lucht a gcomhchreidimh. Chuige sin, gheobhaidh siad a chóireáil chéanna a gheobhaidh na séiplínigh atá faoi choinneáil ag an gCumhacht Choinneála. Ní thabharfar orthu aon obair eile a dhéanamh.

Airteagal 37.

Nuair nach mbeidh cúnamh ó shéiplíneach atá á choimeád, ná ó phríosúnach cogaidh atá ina phearsa eaglaise dá gcomhchreideamh, ag príosúnaigh chogaidh, déanfar pearsa eaglaise a bhaineann le sainchreideamh na bpríosúnach nó le sainchreideamh dá samhail nó, mura bhfuil a leithéid ar fáil, tuata cáilithe, a cheapadh don oifig sin, ar iarratas na bpríosúnach, má tá sin indéanta ó thaobh an tsainchreidimh áirithe sin. Déanfar, faoi réir aontú na Cumhachta Coinneála, an duine sin a cheapadh le comhaontú an chomhthionóil príosúnach lena mbainfidh an scéal agus, in aon chás inar gá é, le haontú na n-údarás reiligiúin áitiúil den chreideamh céanna. Beidh ar an duine a cheapfar amhlaidh gach rialachán a chomhlíonadh a leagfaidh an Chumhacht Choinneála síos ar mhaithe leis an araíonacht agus leis an tslándáil mhíleata.

Airteagal 38.

Spreagfaidh an Chumhacht Choinneála na príosúnaigh chun cúrsaí intleachtúla agus oideachasúla, caitheamh aimsire, spóirt agus cluichí, a ghabháil chucu, agus déanfaidh sí na bearta is gá chun a gcleachtadh sin a áirithiú trí áitribh leordhóthanacha agus an trealamh is gá a chur ar fáil do na príosúnaigh; ach tabharfar aird ar rogha phearsanta gach aon phríosúnaigh.

Tabharfar deiseanna do phríosúnaigh chun aclaíocht choirp a dhéanamh, lena n-áirítear spóirt agus cluichí a chleachtadh, agus chun bheith amuigh faoin aer. Cuirfear leordhóthain láithreán oscailte ar fáil chuige sin i ngach campa.

Caibidil VI.—Araíonacht.

Airteagal 39.

Cuirfear gach campa príosúnach cogaidh faoi údarás díreach oifigigh choimisiúnta fhreagraigh a bhaineann le fórsaí armtha rialta na Cumhachta Coinneála. Beidh cóip den Choinbhinsiún seo ina sheilbh ag an oifigeach sin; déanfaidh sé deimhin de go bhfuil na forálacha atá ann ar eolas ag foireann an champa agus ag an ngarda, agus beidh sé freagrach, faoi stiúradh a rialtais, ina chur i bhfeidhm.

Ní mór do phríosúnaigh chogaidh, ach amháin oifigigh, an chúirtéis, agus gach comhartha seachtrach measa dá bhforáiltear sna rialacháin a bhfuil feidhm acu ina bhfórsaí féin, a thabhairt do gach oifigeach de chuid na Cumhachta Coinneála.

Níl de cheangal ar phríosúnaigh chogaidh atá ina n-oifigigh an chúirtéis a thabhairt ach d'oifigigh de chuid na Cumhachta Coinneála is airde céim ná iad féin; ní foláir dóibh, áfach, cúirtéis a thabhairt do cheannasaí an champa, is cuma cad is céim dó.

Airteagal 40.

Ceadófar suaitheantais chéime agus náisiúntachta a chaitheamh, chomh maith le suaitheantais onóra.

Airteagal 41.

I ngach campa, déanfar téacs an Choinbhinsiúin seo agus de na hIarscríbhinní a ghabhann leis, agus an t-ábhar atá in aon chomhaontú speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 6, a chur suas, i dteanga na bpríosúnach féin, in áiteanna a bhféadfaidh cách iad a léamh. Tabharfar cóipeanna, ach iad a iarraidh, do na príosúnaigh nach féidir dóibh teacht a bheith acu ar an gcóip a bheidh curtha suas amhlaidh.

Déanfar rialacháin, orduithe, fógraí agus foilseacháin de gach saghas a bhaineann le béas-iompar príosúnach cogaidh a thabhairt dóibh i dteanga a thuigeann siad. Cuirfear suas na rialacháin na horduithe agus na foilseacháin sin ar an gcuma a thuairiscítear thuas, agus tabharfar cóipeanna d'ionadaí na bpríosúnach. Ní mór, mar an gcéanna, gach ordú a thabharfar do phríosúnaigh chogaidh go pearsanta a thabhairt dóibh i dteanga a thuigeann siad.

Airteagal 42.

Is beart antoisceach é airm a úsáid i gcoinne príosúnach cogaidh, go háirithe príosúnaigh a bheidh ag éalú nó ag iarraidh éalú, agus ní foláir i gcónaí rabhadh a thabhairt roimh ré de réir mar is cuí sna himthosca.

Caibidil VII.—Céim Príosúnach Cogaidh.

Airteagal 43.

Ar chogaíocht a bhriseadh amach, cuirfidh na Páirtithe sa choinbhleacht in iúl dá chéile teidil agus céimeanna na ndaoine uile atá luaite in Airteagal 4 den Choinbhinsiún seo chun a áirithiú gurb í an chóireáil chéanna a chuirfear ar phríosúnaigh a bheadh ar chéim chomhionann. Cuirfidh siad in iúl dá chéile, mar an gcéanna, teidil agus céimeanna a bhunófar ina dhiaidh sin.

Aithneoidh an Chumhacht Choinneála ardú céime a bheidh tugtha do phríosúnaigh chogaidh agus a bheidh curtha in iúl go cuí ag an gCumhacht a bhfuil na príosúnaigh sin ina cleithiúnas.

Airteagal 44.

Tabharfar d'oifigigh agus do phríosúnaigh atá ar stádas comhionann an meas is dual dá gcéim agus dá n-aois.

D'fhonn a chur in áirithe go ndéanfar freastal i gcampaí oifigeach, sannfar dóibh leorlíon saighdiúirí a bhaineann leis na forsaí armtha céanna agus, chomh fada agus is féidir é, a labhraíonn an teanga chéanna, agus tabharfar aird ar chéim na n-oifigeach agus na bpríosúnach atá ar stádas comhionann. Ní chuirfear aon obair eile ar na giollaí sin.

Tabharfar gach saoráid dó na hoifigigh chun an bhialann a riaradh iad féin.

Airteagal 45.

Tabharfar do phríosúnaigh chogaidh nach oifigigh, agus do phríosúnaigh ar stádas comhionann, an meas is dual dá gcéim agus dá n-aois.

Tabharfar gach saoráid do na príosúnaigh sin chun an bhialann a riaradh iad féin.

Caibidil VIII.—Aistriú Príosúnach Cogaidh tar éis a dteachta chun campa.

Airteagal 46.

Nuair a bheidh an Chumhacht Choinneála ag cinneadh ar phríosúnaigh chogaidh a aistriú, tabharfaidh sí aird ar leas na bpríosúnach féin, go mór mór sa chaoi nach ndéanfar níos deacra é iad a athdhúichiú.

Déanfar príosúnaigh chogaidh a aistriú go daonnachtúil i gcónaí agus faoi choinníollacha a bheidh, ar a laghad, chomh maith leis na coinníollacha faoina n-aistrítear fórsaí na Cumhachta Coinneála. Tabharfar aird i gcónaí ar an sórt aeráide ar a bhfuil taithí ag na príosúnaigh chogaidh, agus féachfar chuige nach mbeidh coinníollacha an aistrithe dochrach dá sláinte in aon chás.

Tabharfaidh an Chumhacht Choinneála dóthain bia agus uisce inólta chun iad a choimeád i sláinte mhaith, maraon leis na baill éadaigh, an lóistín agus an t-aireachas liachta is gá, do phríosún aigh chogaidh le linn a n-aistrithe. Glacfaidh an Chumhacht Choinneála cúram leorcheart, go mór mór i gcás a n-aistrithe de mhuir nó d'aer, chun a áirithiú go mbeidh siad sábháilte le linn a n-aistrithe, agus déanfaidh sí liosta iomlán, roimh imeacht dóibh, de na príosúnaigh a bheidh á n-aistriú.

Airteagal 47.

Ní aistreofar príosúnaigh chogaidh atá breoite nó créachtaithe, fad a bheidh siad sa riocht go bhféadfadh an turas a dtéarnamh a chur i nguais, mura rud é go bhfuil dianriachtanas lena n-aistriú ar mhaithe lena sábháilteacht.

Má dhruideann réigiún na troda i gcóngar don champa, ní aistreofar na príosúnaigh chogaidh sa champa sin mura féidir iad a aistriú faoi leorchoinníollacha sábháilteachta, nó mura rud é gur contúirtí dóibh fanacht ann ná iad a aistriú.

Airteagal 48.

I gcás príosúnaigh chogaidh a aistriú, cuirfear in iúl dóibh go hoifigiúil go bhfuil siad le haistriú, agus inseofar a seoladh poist nua dóibh. Tabharfar an t-eolas sin dóibh in am chun go bhféadfaidh siad a mbagáiste a phacáil agus scéala a chur chur a neasghaolta.

Ligfear dóibh a n-earraí pearsanta, agus na litreacha agus na beartáin a bheidh tagtha lena n-aghaidh, a thabhairt leo. Más gá é in imthosca an aistrithe, féadfar teorainn a chur le meáchan an bhagaíste agus gan a cheadú do phríosúnach ach an méid is féidir leis a iompar de réir réasúin a thabhairt leis, ach in aon chás ní údarófar meáchan is troime ná cúig chileagram is fiche an duine.

Cuirfear ar aghaidh chucu gan mhoill litreacha agus beartáin a seoladh go dtí a seanchampa. Déanfaidh ceannasaí an champa, faoi chomhaontú le hionadaí na bpríosúnach, aon bhearta is gá chun a áirithiú go n-iomprófar maoin na bpríosúnach i gcoitinne agus an bagáiste nach féidir leo a thabhairt leo mar gheall ar na srianta a chuirtear de bhua an dara mír den Airteagal seo.

Is ar an gCumhacht Choinneála a bheidh costas an aistrithe.

Alt III.—Saothar Príosúnach Cogaidh.

Airteagal 49.

Féadfaidh an Chumhacht Choinneála úsáid a bhaint as saothar príosúnach cogaidh a bhfuil an tsláinte acu chuige, ag féachaint dá n-aois, dá ngnéas, dá gcéim agus dá n-inniúlacht chorpartha, agus go háirithe d'fhonn iad a choimeád ar staid mhaith sláinte, ina gcorp agus ina aigne.

Ní chuirfear ar oifigigh neamhchoimisiúnta atá ina bpríosúnaigh chogaidh ach obair mhaoirseachta a dhéanamh. An chuid acu nach mbeidh orthu sin a dhéanamh, féadfaidh siad obair oiriúnach de chineál eile a iarraidh agus gheofar sin dóibh, chomh fada agus is féidir é.

Má iarrann oifigigh nó daoine ar stádas comhionann obair oiriúnach, gheofar dóibh í, chomh fada agus is féidir sin, ach ní féidir, i gcás ar bith, iallach a chur orthu obair a dhéanamh.

Airteagal 50.

Taobh amuigh d'obair a bhaineann le riaradh, feistiú nó cothabháil a gcampa, ní fhéadfar iallach a chur ar phríosúnaigh chogaidh ach obair de na cineálacha seo a leanas a dhéanamh:

(a) talmhaíocht;

(b) tionscail a bhaineann le hamhabhair a tháirgeadh nó a bhaint, agus tionscail déantúsaíochta, seachas tionscail mhiotalóireachta agus tionscail mheicniúla agus cheimiceacha; oibreacha poiblí agus obair foirgníochta nach de ghné mhíleata ná chun cuspóra mhíleata;

(c) iompar agus láimhsiú stóras, nach de ghné mhíleata ná chun cuspóra mhíleata;

(d) gnóthaí tráchtála, agus ealaíona agus ceirdeanna;

(e) seirbhís tís;

(f) seirbhísí fóntais phoiblí, nach de ghné mhíleata ná chun cuspóra mhíleata;

Má sháraítear na forálacha sin thuas, beidh cead ag príosúnaigh chogaidh a gceart gearáin a fheidhmiú, de réir Airteagal 78.

Airteagal 51.

Ní foláir coinníollacha oiriúnacha chun oibre a thabhairt do phríosúnaigh chogaidh, go háirithe maidir le cóiríocht, bia, éadach agus trealamh; ní foláir na coinníollacha sin a bheith ar a laghad chomh maith leis na coinníollacha atá ag náisiúnaigh de chuid na Cumhachta Coinneála atá ar fostú le hobair den chineál céanna; tabharfar aird freisin ar chúrsaí aeráide.

Nuair a bheidh an Chumhacht Choinneála ag baint úsáide as saothar príosúnach cogaidh, déanfaidh sí deimhin de go gcuirfear i bhfeidhm go cuí, sna limistéir ina bhfuil príosúnaigh ag obair, an reachtaíocht náisiúnta maidir le lucht oibre a chosaint, agus go háirithe na rialacháin maidir le sábháilteacht oibrithe.

Gheobhaidh príosúnaigh chogaidh traenáil, agus tabharfar dóibh na córacha cosanta is oiriúnach don obair atá le déanamh acu agus a bheidh cosúil leis na córacha cosanta a thugtar do náisiúnaigh na Cumhachta Coinneála. Faoi réir forálacha Airteagal 52, féadfar na príosúnaigh a chur i bhfiontair ar gnách na hoibrithe sibhialta a bheith iontu.

Ní dhéanfar, i gcás ar bith, coinníollacha oibre níos déine le bearta araíonachta.

Airteagal 52.

Mura nglacfaidh sé leis dá dheoin féin, ní cead príosúnach cogaidh ar bith a fhostú ar shaothar atá mífholláin nó contúirteach.

Ní chuirfear príosúnach cogaidh ar bith le saothar a measfaí gur saothar uiríseal é do chomhalta d'fhórsaí na Cumhachta Coinneála féin.

Measfar gur saothar contúirteach mianaigh nó sásanna dá samhail a aistriú.

Airteagal 53.

Ní mhairfidh obair laethúil na bpríosúnach cogaidh, agus an t-am a thógfaidh an turas chun na hoibre agus ar ais a chur san áireamh, tréimhse rófhada, agus ní cead, i gcás ar bith, an tráth oibre a bheith níos faide ná mar a cheadaítear d'oibrithe sibhialta sa cheantar, atá ina náisiúnaigh de chuid na Cumhachta Coinneála agus a fhostaítear ar an obair chéanna.

Ní foláir scíth nach giorra ná uair an chloig, i lár obair an lae, a thabhairt do phríosúnaigh chogaidh. Beidh an scíth ar comhfhad leis an scíth a bhfuil teideal ag oibrithe na Cumhachta Coinneála chuici, más faide ná uair a chloig an scíth a bhíonn acu sin. Ina theannta sin tabharfar scíth cheithre huaire is fiche a chloig as a chéile dóibh gach seachtain, ar an Domhnach nó cibé lá saoire a bhíonn acu ina dtír dhúchais, más féidir é. Fairis sin, ceadófar do gach príosúnach a mbeidh bliain curtha isteach aige ag obair scíth ocht lá as a chéile, agus íocfar a phá oibre leis ina leith.

Má chleachtaítear modhanna oibre cosúil le tascobair, ní chuirfear fad rómhór leis an tréimhse oibre trí na modhanna sin.

Airteagal 54.

Is de réir forálacha Airteagal 62 den Choinbhinsiún seo a shocrófar an pá oibre a bheidh ag dul do phríosúnaigh chogaidh.

Príosúnaigh chogaidh a mbainfidh tionóisc dóibh ina gcuid oibre, nó a tholgfaidh galar i gcúrsa nó de dheasca a n-oibre, tabharfar dóibh an t-aireachas go léir is gá mar gheall ar an gcor a bheidh orthu. Fairis sin, tabharfaidh an Chumhacht Choinneála deimhniú liachta do na príosúnaigh chogaidh sin chun go bhféadfaidh siad a n-éilimh a chur faoi bhráid na Cumhachta a bhfuil siad ina cleithiúnas, agus cuirfidh sí dúblach chun Lár-Ghníomhaireacht na bPríosúnach Cogaidh, dá bhforáiltear in Airteagal 123.

Airteagal 55.

Uair amháin ar a laghad sa mhí, fíorófar, trí srúdú liachta, oiriúnacht príosúnach cogaidh chun oibre. Sna scrúduithe sin tabharfar aird faoi leith ar an saghas oibre a bhíonn le déanamh ag na príosúnaigh chogaidh.

Más dóigh le haon phríosúnach cogaidh nach bhfuil sé inniúil ar obair a dhéanamh, ceadófar dó dul os comhair údaráis liachta a champa. Féadfaidh na leá nó na máinleá a mholadh go saorfar ó obair na príosúnaigh is dóigh leo a bheith neamhinniúil chun oibre.

Airteagal 56.

Déanfar díormaí saothair a eagrú agus a riaradh ar an gcuma ina ndéantar amhlaidh i gcampaí príosúnach cogaidh.

Fanfaidh gach díorma saothair ina chuid de champa príosúnach cogaidh ó thaobh urlámhais agus riaracháin. Beidh na húdaráis mhíleata agus ceannasaí an champa sin freagrach, faoi stiúradh a Rialtais, i gcomhlíonadh forálacha an Choinbhinsiúin seo i ndíormaí saothair.

Coimeádfaidh ceannasaí an champa taifead cothrom-le-dáta i dtaobh na ndíormaí saothair a bheidh i gcleithiúnas ar a champa, agus cuirfidh sé an t-eolas sin in iúl do thoscairí na Cumhachta Coimircí, nó do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó do ghníomhaireachtaí eile a thugann fóirithint do phríosúnaigh chogaidh, ar iad a theacht ar cuairt chun an champa.

Airteagal 57.

Beidh an chóireáil a chuirfear ar phríosúnaigh chogaidh a bheidh ag obair do dhaoine príobháideacha, fiú má bhíonn de chúram ar na daoine sin iad a ghardáil agus a choimirciú, chomh maith ar a laghad leis an gcóireáil a fhoráiltear leis an gCoinbhinsiún seo. Beidh an Chumhacht Choinneála, na húdaráis mhíleata agus ceannasaí an champa lena mbaineann na príosúnaigh sin, freagrach go hiomlán i gcothabháil, aireachasú agus cóireáil na bpríosúnach cogaidh sin, agus ina bpá oibre a íoc leo.

Beidh de cheart ag na príosúnaigh chogaidh sin fanacht i dteagmháil le hionadaithe na bpríosúnach sna campaí a bhfuil siad ina gcleithiúnas.

Alt IV.—Acmhainn Airgid Príosúnach Cogaidh.

Airteagal 58.

Ar chogaíocht a bhriseadh amach, agus go dtí go ndéanfar réiteach ina thaobh leis an gCumhacht Choimirceach, féadfaidh an Chumhacht Choinneála a chinneadh cad é uasmhéid na suime, in airgead réidh nó in aon fhoirm eile dá shamhail, is cead do phríosúnaigh a bheith ina seilbh acu. Déanfar aon airgead sa bhreis, a bhí ina seilbh acu go cuí agus a baineadh díobh nó a coinníodh uathu, a chur i gcuntas dóibh, maraon le haon airgead a thaiscfidh siad, agus ní shóinseálfar ar aon airgead reatha eile é gan a dtoiliú.

Má cheadaítear do phríosúnaigh chogaidh seirbhísí nó earraí a cheannach lasmuigh den champa ar íocaíocht in airgead réidh, is é an príosúnach féin a dhéanfaidh na híocaíochtaí sin, nó déanfaidh údarás riaracháin an champa iad, agus cuirfear de mhuirear iad ar chuntas na bpríosúnach a bheidh i gceist. Leagfaidh an Chumhacht Choinneála amach na rialacha is gá ina leith sin.

Airteagal 59.

Suimeanna airgid a baineadh de phríosúnaigh chogaidh, de réir Airteagal 18, nuair a gabhadh iad, agus a bheidh in airgead reatha na Cumhachta Coinneála, cuirfear chun creidiúna dá gcuntais ar leith iad, de réir forálacha Airteagal 64 den Alt seo.

Cuirfear chun creidiúna dá gcuntais ar leith freisin na suimeanna, in airgead reatha na Cumhachta Coinneála, as sóinseáil suimeanna in airgead reatha eile a baineadh de na príosúnaigh chogaidh ag an am céanna.

Airteagal 60.

Tabharfaidh an Chumhacht Choinneála do gach príosúnach cogaidh réamhíocaíocht mhíosúil pá, a socrófar a méid trí na suimeanna seo a leanas a shóinseáil in airgead reatha na Cumhachta sin:

Earnáil I: Príosúnaigh is ísle céim ná sáirsint: ocht bhfranc Eilvéiseacha.

Earnáil II: Sáirsintí agus oifigigh neamhchoimisiúnta eile, nó príosúnaigh de chéim chomhionann: dhá fhranc déag Eilvéiseacha.

Earnáil III: Oifigigh bharántais agus oifigigh choimisiúnta is ísle céim ná maor, nó príosúnaigh de chéim chomhionann: caoga franc Eilvéiseach.

Earnáil IV: Maoir, Leifteanant-Choirnéil, Coirnéil, nó príosúnaigh de chéim chomhionann: seasca franc Eilvéiseach.

Earnáil V: Ginearál-Oifigigh nó príosúnaigh chogaidh de chéim chomhionann: cúig franc Eilvéiseach is seachtó.

Ach, féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a bheidh i gceist, trí chomhaontú speisialta, méid na réamhíocaíochtaí pá a bheidh ag dul do phríosúnaigh de na hearnálacha sin thuas a mhodhnú.

Fairis sin, más rud é go mbeadh na suimeanna a luaitear sa chéad mhír sin thuas ró-ard i gcomparáid le pá fórsaí armtha na Cumhachta Coinneála féin, nó go gcuirfidís as go mór don Chumhacht Choinneála, ar chúis ar bith, ansin go dtí go dtabharfar i gcrích comhaontú speisialta leis an gCumhacht a bhfuil na príosúnaigh ina cleithiúnas chun na suimeanna thuasluaite a athrú:

(a) leanfaidh an Chumhacht Choinneála de na suimeanna a luaitear sa chéad mhír thuas a chur chun creidiúna do chuntais na bpríosúnach;

(b) féadfaidh an Chumhacht Choinneála an méid a chuirfear ar fáil de na réamhíocaíochtaí pá sin le príosúnaigh chogaidh, le haghaidh a n-úsáide féin, a thabhairt go sealadach faoi theorainn suimeanna atá réasúnach ach nach mbeidh, i gcás Earnáil I, níos lú choíche ná an méid a thugann an Chumhacht Choinneála do chomhaltaí a fórsaí armtha féin.

Cuirfear in iúl gan mhoill don Chumhacht Choimirceach na fáthanna atá le haon teorannú.

Airteagal 61.

Glacfaidh an Chumhacht Choinneála, chun a ndáilte mar phá forlíontach ar phríosúnaigh chogaidh, le suimeanna a chuirfear chucu ón gCumhacht a bhfuil siad ina cleithiúnas, ar choinníoll gurb ionann na suimeanna a bheidh le híoc le gach príosúnach san earnáil chéanna, go mbeidh siad iníoctha le gach príosúnach san earnáil sin atá i gcleithiúnas na Cumhachta sin, agus go gcuirfear ina gcuntais ar leith iad, a luaithe a bheidh caoi air, de réir forálacha Airteagal 64. Ní shaorfaidh an pá forlíontach sin an Chumhacht Choinneála ó aon oibleagáid faoin gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 62.

Déanfaidh na húdaráis choinneála ráta cóir pá oibre a íoc go díreach le príosúnaigh chogaidh. Socróidh na húdaráis sin an ráta, ach ní bheidh sé choíche níos lú ná an ceathrú cuid de fhranc Eilvéiseach in aghaidh lá iomlán oibre. Cuirfidh an Chumhacht Choinneála in iúl do phríosúnaigh chogaidh, agus don Chumhacht a bhfuil siad ina cleithiúnas, tríd an gCumhacht Choimirceach, cad é ráta laethúil an phá oibre atá socraithe aici.

Déanfaidh na húdaráis choinneála pá oibre a íoc mar an gcéanna le príosúnaigh chogaidh a bheidh sonraithe go buan chun dualgas nó chun feidhmeannais oilte nó leathoilte i ndáil le riaradh, feistiú nó cothabháil campaí, agus leis na príosúnaigh a mbeidh orthu dualgais spioradálta nó dualgais liachta a dhéanamh ar mhaithe lena gcomrádaithe.

Déanfar pá oibre ionadaí na bpríosúnach, a chomhairleoirí, má tá a leithéid aige, agus a chúntóirí, a íoc as an gciste a chothaítear le brabúis an cheaintín. Socróidh ionadaí na bpríosúnach scála an phá oibre sin agus beidh sé le ceadú ag ceannasaí an champa. Mura bhfuil aon chiste dá leithéid ann, íocfaidh na húdaráis choinneála ráta cóir pá oibre leis na príosúnaigh sin.

Airteagal 63.

Ligfear do phríosúnaigh chogaidh airgead a ghlacadh a sheolfar chucu, go pearsanta nó i dteannta a chéile.

Beidh faoina réir ag gach príosúnach cogaidh fuíollach sochair a chuntais, mar a fhoráiltear san Airteagal ina dhiaidh seo, faoi na teorainneacha a shocróidh an Chumhacht Choinneála, agus déanfaidh an Chumhacht Choinneála íocaíochtaí de réir mar a iarrfar iad. Faoi réir aon srianta i leith airgeadais nó i leith airgid a mheasfaidh an Chumhacht Choinneála a bheith riachtanach, féadfaidh príosúnaigh chogaidh íocaíochtaí a chur á ndéanamh freisin ar an gcoigrích. Sa chás sin tabharfar tosaíocht d'íocaíochtaí a chuirfidh príosúnaigh chogaidh chun a gcleithiúnaithe.

In aon chás, féadfaidh na príosúnaigh, le toiliú na Cumhachta a bhfuil siad ina cleithiúnas, íocaíochtaí a chur á ndéanamh ina dtír féin mar a leanas: cuirfidh an Chumhacht Choinneála go dtí an Chumhacht réamhráite, tríd an gCumhacht Choimirceach, fógra ina dtabharfar na sonraí go léir is gá maidir leis na príosúnaigh chogaidh, le tairbhithe na n-íocaíochtaí, agus le méid na suimeanna a bheidh le híoc, á chur sin in iúl in airgead reatha na Cumhachta Coinneála. Beidh an fógra sin le síniú ag na príosúnaigh agus le comhshíniú ag ceannasaí an champa. Cuirfidh an Chumhacht Choinneála a chóimhéad chun dochair do chuntas na bpríosúnach; déanfar an tsuim a chuirfear chun dochair amhlaidh a chur i gcreidiúint don Chumhacht a bhfuil na príosúnaigh ina cleithiúnas.

Chun na forálacha sin roimhe seo a chur chun feidhme, féadfaidh an Chumhacht Choinneála fóint a bhaint as na Rialacháin Shamplacha atá in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 64.

Coimeádfaidh an Chumhacht Choinneála cuntas do gach príosúnach cogaidh, a dtaispeánfar ann an méid seo a leanas, ar a laghad:

(1) Na suimeanna atá ag dul don phríosúnach nó atá faighte aige mar réamhíocaíochtaí pá, mar phá oibre nó ó aon fhoinse eile; na suimeanna in airgead reatha na Cumhachta Coinneála a baineadh de; na suimeanna a baineadh de agus a sóinseáladh, de bharr iarratais uaidh, in airgead reatha na Cumhachta sin.

(2) Na suimeanna a íocadh leis an bpríosúnach in airgead réidh, nó in aon fhoirm dá shamhail; na suimeanna a íocadh thar a cheann agus de bharr iarratais uaidh; na suimeanna a aistríodh faoi Airteagal 63, an tríú mír.

Airteagal 65.

Gach ní a chuirfear síos i gcuntas príosúnaigh chogaidh déanfaidh an príosúnach, nó ionadaí na bpríosúnach ag gníomhú dó in ainm an phríosúnaigh, a chomhshíniú nó a thúslitreacha a chur leis.

Tabharfar saoráidí réasúnacha i gcónaí do phríosúnaigh chogaidh chun cóipeanna dá gcuntais a scrúdú agus a fháil, agus féadfaidh ionadaithe na Cumhachta Coimircí iad a scrúdú freisin nuair a thiocfaidh siad ar cuairt go dtí an campa.

Nuair a aistreofar príosúnaigh chogaidh ó champa go campa eile, cuirfear a gcuntais phearsanta ina ndiaidh. I gcás iad a aistriú ó Chumhacht Choinneála go Chumhacht Choinneála eile cuirfear ina ndiaidh na suimeanna airgid dá gcuid nach bhfuil in airgead reatha na Cumhachta Coinneála. Tabharfar deimhniú dóibh i leith aon suimeanna eile atá i gcreidiúint dá gcuntais.

Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht lena mbainfidh an scéal comhaontú ar an méid atá i gcuntais na bpríosúnach cogaidh a chur in iúl dá chéile, ar thráthanna sonraithe, tríd an gCumhach Choimirceach.

Airteagal 66.

Ar dheireadh a theacht leis an mbraighdeanas, trí phríosúnach cogaidh a shaoradh nó a athdhúichiú, tabharfaidh an Chumhacht Choinneála dó ráiteas, faoi shíniú oifigigh údaraithe don Chumhacht sin, a thaispeánfaidh an fuíollach sochair a bheidh an uair sin. Cuirfidh an Chumhacht Choinneála ar aghaidh freisin, tríd an gCumhacht Choimirceach, go dtí an rialtas a bhfuil an príosúnach cogaidh ina chleithiúnas, liostaí ina dtabharfar na sonraí iomchuí ar na príosúnaigh chogaidh go léir a bhfuil deireadh lena mbraighdeanas mar gheall ar a n-athdhúichiú, a saoradh, a n-éalú, a mbás nó aon ní eile, agus ina dtaispeánfar na suimeanna atá mar fhuíollach sochair acu. Déanfaidh ionadaí údaraithe don Chumhacht Choinneála na liostaí sin a dheimhniú ar gach bileog.

Féadfar aon fhoráil acu sin thuas den Airteagal seo a athrú trí chomhaontú speisialta idir aon dá Pháirtí sa choinbhleacht.

Beidh de fhreagracht ar an gCumhacht a bhfuil an príosúnach cogaidh ina cleithiúnas socrú a dhéanamh leis faoi aon fhuíollach sochair a bheidh ag dul dó ón gCumhacht Choinneála ar dheireadh a theacht lena bhraighdeanas.

Airteagal 67.

Na réamhíocaíochtaí pá a dhéanfar le príosúnaigh chogaidh de réir Airteagal 60, measfar iad a bheith arna ndéanamh thar ceann na Cumhachta a bhfuil siad ina cleithiúnas. Beidh na réamhíocaíochtaí pá sin, maraon le gach íocaíocht a dhéanfaidh an Chumhacht sin faoi Airteagal 63, an tríú mír, agus faoi Airteagal 68, ina n-ábhar comhshocraíochta idir na Cumhachtaí a bheidh i gceist, ar dheireadh a theacht leis an gcogaíocht.

Airteagal 68.

Aon éileamh a gheofar ó phríosúnach cogaidh ar chúiteamh i leith aon díobhála nó aon éagumais eile de dheasca oibre, cuirfear in iúl don Chumhacht a bhfuil sé ina chleithiúnas é, tríd an gCumhacht Choimirceach. De réir Airteagal 54, tabharfaidh an Chumhacht Choinneála, i ngach cás, don phríosúnach cogaidh a bheidh i gceist, ráiteas a inseoidh cad é an cineál díobhála nó éagumais é, cad iad na himthosca inar tharla sé agus cad é an t-aireachas liachta nó ospidéil a tugadh ina leith. Beidh an ráiteas sin sínithe ag oifigeach freagrach don Chumhacht Choinneála agus beidh na sonraí liachta deimhnithe ag oifigeach liachta.

Aon éileamh a gheofar ó phríosúnach cogaidh ar chúiteamh i leith earraí pearsanta, suimeanna airgid nó nithe luachmhara a thóg an Chumhacht Choinneála uaidh faoi Airteagal 18 agus nár tugadh ar ais dó ar é a athdhúichiú, nó i leith caillteanais a líomhnófar a bheith de locht ar an gCumhacht Choinneála, nó ar aon duine dá seirbhísigh, cuirfear in iúl é mar an gcéanna don Chumhacht a bhfuil sé ina cleithiúnas. Mar sin féin athsholáthrófar ar chostas na Cumhachta Coinneála aon earraí pearsanta den sórt sin a theastóidh ó na príosúnaigh chogaidh lena n-úsáid le linn a mbraighdeanais. I ngach cás, tabharfaidh an Chumhacht Choinneála don phríosúnach cogaidh ráiteas, faoi shíniú oifigigh fhreagraigh, ina mbeidh an t-eolas go léir atá ar fáil ar na cúiseanna nár tugadh na hearraí, an t-airgead nó na nithe luachmhara sin ar ais dó. Cuirfear cóip den ráiteas sin go dtí an Chumhacht a bhfuil sé ina cleithiúnas, trí Lár-Ghníomhaireacht na bPríosúnach Cogaidh, dá bhforáiltear in Airteagal 123.

Alt V.—Caidreamh Príosúnach Cogaidh leis an Saol Lasmuigh.

Airteagal 69.

Díreach tar éis príosúnaigh chogaidh a thitim faoina hurláimh, cuirfidh an Chumhacht Choinneála in iúl dóibh, agus do na Cumhachtaí a bhfuil siad ina gcleithiúnas, tríd an gCumhacht Choimirceach, cad iad na bearta atá sí a dhéanamh chun forálacha an Ailt seo a chur i gcrích. Cuirfidh sí in iúl mar an gcéanna do na páirtithe lena mbaineann aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na bearta sin.

Airteagal 70.

Díreach tar éis iad a ghabháil, nó tráth nach déanaí ná seachtain tar éis iad a theacht go dtí an campa, fiú más campa idirthurais é, agus mar an gcéanna i gcás iad a bheith breoite nó iad a aistriú go hospidéal nó go campa eile, tabharfar caoi do gach príosúnach cogaidh cárta a bheidh cosúil, más féidir sin, leis an sampla atá mar aguisín leis an gCoinbhinsiún seo, a scríobh go díreach chun a mhuintire, sa chéad chás de, agus go dtí Lár-Ghníomhaireacht na bPríosúnach Cogaidh, dá bhforáiltear in Airteagal 123, sa chás eile de, á chur in iúl dá ghaolta gur gabhadh é, agus cad é an seoladh atá aige agus conas atá an tsláinte aige. Cuirfear na cártaí sin ar aghaidh chomh tapa agus is féidir agus ní cead moill ar bith a chur orthu.

Airteagal 71.

Beidh cead ag príosúnaigh chogaidh litreacha agus cártaí a chur chun bealaigh agus a fháil. Más dóigh leis an gCumhacht Choinneála gur gá teorainn a chur leis an líon litreacha agus cártaí a chuirfidh gach príosúnach cogaidh amach, ceadófar ar a laghad dhá litir agus ceithre chárta in aghaidh na míosa, taobh amuigh de na cártaí dá bhforáiltear in Airteagal 70, agus beidh na litreacha agus na cártaí sin chomh cosúil agus is féidir leis na samplaí a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Ní cead a thuilleadh teorainneacha a ordú mura bhfuil an Chumhacht Choimirceach sásta gurb é leas na bpríosúnach cogaidh a bheidh i gceist é mar gheall ar a dheacracht atá sé don Chumhacht Choinneála leorlíon aistritheoirí cáilithe a fháil chun an chinsireacht is gá a dhéanamh. Más éigin teorainneacha a chur leis an gcomhfhreagras a sheolfar go dtí príosúnaigh chogaidh, ní cead ach don Chumhacht a bhfuil na príosúnaigh ina cleithiúnas iad sin a ordú, ar an gCumhacht Choinneála dá iarraidh sin b'fhéidir. Ní foláir na litreacha agus na cártaí sin a chur chun bealaigh sa dóigh is gasta is féidir leis an gCumhacht Choinneála; ní cead iad a mhoilliú ná iad a choinneáil ar chúiseanna araíonachta.

Príosúnaigh chogaidh a bheidh tamall fada gan scéala a fháil óna neasghaolta nó nach féidir leo scéala a fháil uathu, nó scéala a chur chucu, ar an ngnáthbhealach poist, agus príosúnaigh atá an-fhada ó bhaile, ligfear dóibh teileagraim a chur chun bealaigh, agus cuirfear na táillí i gcoinne chuntais na bpríosúnach cogaidh ag an gCumhacht Choinneála nó íocfar iad san airgead reatha a bheidh faoina réir. Tabharfar caoi dá leithéid sin dóibh freisin i gcásanna práinne.

De ghnáth, is i dteanga dhúchais na bpríosúnach féin a bheidh a gcomhfhreagras le scríobh. Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht comhfhreagras i dteangacha eile a cheadú.

Ní mór na málaí ina mbeidh post na bpríosúnach cogaidh a bheidh séalaithe go daingean agus lipéad a bheith orthu a thaispeánfaidh go soiléir cad atá iontu, agus ní mór seoladh na n-oifigí cinn scríbe a bheith orthu.

Airteagal 72.

Ceadófar do phríosúnaigh chogaidh beartáin phearsanta nó coinsíneachtaí i gcomhroinn a fháil, tríd an bpost nó ar chuma ar bith eile, ina mbeidh, go sonrach, bia, éadach, soláthairtí liachta agus earraí de chineál a d'fhreagródh dá riachtanais i gcúrsaí creidimh, oideachais nó caitheamh aimsire, ar a n-áirítear leabhair, earraí crábhaidh, trealamh eolaíochta, páipéir scrúdaithe, gléasanna ceoil, feistis spóirt agus ábhair a ligfeadh do phríosúnaigh chogaidh leanúint dá gcuid staidéir nó dá ngníomhaíochtaí cultúrtha.

Ní shaorfaidh na coinsíneachtaí sin an Chumhacht Choinneála ar dhóigh ar bith ó na hoibleagáidí a chuirtear uirthi de bhua an Choinbhinsiún seo.

Ní fhéadfar a chur de theorainn leis na coinsíneachtaí sin ach na teorainneacha a mholfaidh an Chumhacht Choimirceach ar mhaithe leis na príosúnaigh iad féin, nó a mholfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge nó aon eagraíocht eile a bheidh ag cabhrú leis na príosúnaigh, i gcás a gcoinsíneachtaí féin amháin, mar gheall ar dheacrachtaí neamhchoitianta maidir le cúrsaí iompair nó cumarsáide.

Más gá é, déanfar, maidir leis na coinníollacha chun beartáin phearsanta agus fóirithint i gcomhroinn a chur go dtí príosúnaigh chogaidh, comhaontuithe speisialta idir na Cumhachtaí lena mbaineann an scéal ach ní fhéadfaidh na comhaontuithe sin moill a chur in aon chás le dáileadh na gcoinsíneachtaí fóirithinte ar na príosúnaigh. Ní cead leabhair a chur isteach i mbeartáin ina mbeidh éadaí nó bia. De ghnáth is i mbeartáin chomhroinne a chuirfear soláthairtí liachta.

Airteagal 73.

Cheal comhaontuithe speisialta idir na Cumhachtaí lena mbaineann an scéal i dtaobh na gcoinníollacha chun coinsíneachtaí fóirithinte i gcomhroinn a fháil agus a dháileadh, cuirfear i bhfeidhm na rialacha agus na rialacháin maidir le coinsíneachtaí i gcomhroinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

Ní chuirfidh na comhaontuithe speisialta dá dtagraítear thuas srian in aon chás le ceart ionadaithe na bpríosúnach chun seilbh a ghlacadh ar choinsíneachtaí fóirithinte i gcomhroinn le haghaidh príosúnach cogaidh, lena ndáileadh nó lena ndiúscairt chun leasa na bpríosúnach.

Ná ní chuirfidh comhaontuithe den sórt sin srian le ceart na n-ionadaithe don Chumhacht Choimirceach, do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó d'aon eagraíocht eile a thugann cabhair do phríosúnaigh chogaidh agus atá freagrach i gcoinsíneachtaí i gcomhroinn chur ar aghaidh, chun dáileadh na gcoinsíneachtaí sin ar na daoine chun ar cuireadh iad a mhaoirsiú.

Airteagal 74.

Beidh gach coinsíneacht fóirithinte do phríosúnaigh chogaidh díolmhaithe ó dhleachtanna allmhairithe, dleachtanna custam agus dleachtanna eile.

An comhfhreagras, na coinsíneachtaí fóirithinte agus na seoltáin údaraithe airgid a chuirfear chun príosúnach cogaidh, nó uathu, trí oifig an phoist, go díreach nó trí na hOifigí Eolais dá bhforáiltear in Airteagal 122, agus trí Lár-Ghníomhaireacht na bPríosúnach Cogaidh, dá bhforáiltear in Airteagal 123, beidh siad díolmhaithe ó aon dleachtanna postais, sa tír tionscnaimh agus sa tír cinn scríbe, agus i dtíortha idir eatarthu.

Mura féidir coinsíneachtaí fóirithinte le haghaidh príosúnach cogaidh a chur trí oifig an phoist mar gheall ar a meáchan nó ar chúis ar bith eile, is ar an gCumhacht Choinneála a bheidh costas a n-iompartha sna críocha uile faoina hurlámhas. Beidh na Cumhachtaí eile atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún faoi mhuirear chostas a n-iompartha ina gcríocha faoi seach.

Cheal comhaontuithe speisialta idir na Páirtithe a bheidh i gceist, déanfar na costais a bhainfidh le hiompar na gcoinsíneachtaí sin, taobh amuigh de na costais a thagann faoi réir na díolúine thuasluaite, a chur de mhuirear ar na seoltóirí.

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha iarracht na rátaí ar theileagraim ó phríosúnaigh chogaidh, nó chucu, a laghdú oiread agus is féidir.

Airteagal 75.

Má choisceann oibríochtaí míleata na Cumhachtaí a bheidh i gceist óna n-oibleagáid chun a áirithiú go n-iomprófar na coinsíneachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70, 71, 72 agus 77 a chomhlíonadh, féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha a bheidh i gceist, Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó aon eagraíocht eile a bheidh ceadaithe go cuí ag na Páirtithe sa choinbhleacht, a ghabháil orthu féin iompar na gcoinsíneachtaí sin ar chóracha oiriúnacha vaigíní iarnróid mótarfheithiclí, soithí, nó aerárthaí, etc., a áirithiú. Chuige sin, déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha a ndícheall na córacha iompair sin a sholáthar dóibh agus cead cúrsaíochta a thabhairt dóibh, go háirithe trí na coimhdí conaire is gá a dheonú.

Féadfar na córacha iompair sin a úsáid freisin:

(a) chun comhfhreagras, liostaí agus tuarascálacha a iompar a bheidh á mhalartú idir an Lár-Ghníomhaireacht Eolais dá dtagraítear in Airteagal 123 agus na hOifigí Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 122;

(b) chun comhfhreagras agus tuarascálacha i dtaobh príosúnach cogaidh a iompar, a bheidh na Cumhachtaí Coimirceacha, Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó aon chomhlacht eile a chabhraíonn leis na príosúnaigh, a mhalartú lena dtoscairí féin nó leis na Páirtithe sa choinbhleacht.

Ní bhaineann na forálacha sin ar dhóigh ar bith de cheart aon Pháirtí sa choinbhleacht chun córacha eile iompair a shocrú, más é sin is fearr leis, ná chun coimhdí conaire a dheonú, faoi choinníollacha ar a gcomhaontófar, do na córacha iompair sin.

Cheal comhaontuithe speisialta, beidh na costais a thiocfaidh de na córacha iompair sin a úsáid ina muirear, go comhréireach, ar na Páirtithe sa choinbhleacht a dtairbheoidh a náisiúnaigh de.

Airteagal 76.

Déanfar an chinsireacht ar an gcomhfhreagras a chuirfear chuig príosúnaigh chogaidh, nó a chuirfidh siad féin chun bealaigh, chomh tapa agus is féidir. Ní dhéanfar cinsireacht ar an bpost ach amháin ag an Stát a bheidh á chur amach agus ag an Stát a bheidh á fháil, agus ní dhéanfaidh aon Stát acu cinsireacht air ach an t-aon uair amháin.

Ní scrúdófar coinsíneachtaí le haghaidh príosúnach cogaidh faoi choinníollacha a chuirfeadh na hearraí iontu i gcaoi a meathlaithe; ach amháin i gcás ábhair scríofa nó chlóite, déanfar an scrúdú i bhfianaise an tseolaí, nó i bhfianaise comhphríosúnaigh a bheidh údaraithe go cuí aige. Ní chuirfear moill ar sheachadadh coinsíneachtaí pearsanta nó coinsíneachtaí i gcomhroinn do phríosúnaigh ar scáth deacrachtaí cinsireachta.

Má chuireann na Páirtithe sa choinbhleacht aon toirmeasc ar chomhfhreagras, ar chúiseanna míleata nó polaitiúla, ní bheidh ann ach toirmeasc sealadach agus ní choimeádfar i bhfeidhm é ach a ghiorracht aimsire agus is féidir.

Airteagal 77.

Cuirfidh na Cumhachtaí Coinneála gach saoráid ar fáil chun ionstraimí, páipéir nó doiciméid do phríosúnaigh chogaidh, nó cinn a bheidh á gcur chun bealaigh acu, go mór mór cumhachtaí aturnae agus uachtanna, a chur ar aghaidh tríd an gCumhacht Choimirceach nó trí Lár-Ghníomhaireacht na bPríosúnach Cogaidh dá bhforáiltear in Airteagal 123.

I ngach cás, éascóidh siad ullmhú agus forghníomhú doiciméad den sórt sin thar ceann príosúnach cogaidh; go háirithe, ceadóidh siad dóibh dul i gcomhairle le dlíodóir agus déanfaidh siad cibé bearta is gá chun a síniú a fhíordheimhniú.

Alt VI.—Caidreamh Príosúnach Cogaidh leis na hÚdaráis.

Caibidil I.—Gearáin ó Phríosúnaigh Chogaidh i dtaobh Coinníollacha an Bhraighdeanais.

Airteagal 78.

Beidh de cheart ag Príosúnaigh Chogaidh iarratais maidir le coinníollacha a mbraighdeanais a chur in iúl do na húdaráis mhíleata a bhfuil siad faoina n-urláimh.

Beidh acu freisin ceart neamhshrianta chun iarratas a chur chun ionadaithe na gCumhachtaí Coimirceacha, trí ionadaí na bpríosúnach nó, más dóigh leo gur gá é, go díreach, chun a n-umhail a tharraingt ar aon phointí ina bhfuil cúis gearáin acu maidir le coinníollacha a mbraighdeanais.

Ní chuirfear teorainn leis na hiarratais ná leis na gearáin sin, ná ní fhéachfar orthu mar chuid den chuóta comhfhreagras dá dtagraítear in Airteagal 71. Ní foláir iad a chur ar aghaidh láithreach. Fiú má aithnítear go bhfuil siad gan bhunús, ní cead aon phionós a ghearradh dá ndeasca.

Féadfaidh ionadaithe na bpríosúnach tuarascálacha tréimhsiúla ar chúrsaí sna campaí agus ar riachtanais na bpríosúnach cogaidh a chur go dtí ionadaithe na gCumhachtaí Coimirceacha.

Caibidil II.—Ionadaithe na bPríosúnach Cogaidh.

Airteagal 79.

I ngach áit ina mbeidh príosúnaigh chogaidh, ach amháin sna háiteanna ina bhfuil oifigigh, toghfaidh na príosúnaigh, gan bhac, gach sé mhí, le rúnbhallóid, agus freisin i gcás folúntas, ionadaithe do na príosúnaigh, a mbeidh de chúram orthu feidhmiú ar son na bpríosúnach os comhair na n-údarás míleata, na gCumhachtaí Coimirceacha, Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, agus aon eagraíochta eile a thiocfaidh i gcabhair orthu. Féadfar ionadaithe sin na bpríosúnach a atoghadh.

I gcampaí d'oifigigh agus do dhaoine ar stádas comhionann nó i gcampaí measctha, aithneofar an t-oifigeach sinsir ar na príosúnaigh chogaidh mar ionadaí na bpríosúnach sa champa. I gcampaí d'oifigigh, beidh comhairleoir amháin nó níos mó aige a roghnóidh na hoifigigh, chun cuidiú leis; i gcampaí measctha, roghnófar a chúntóirí as measc na bpríosúnach cogaidh nach oifigigh agus is iad sin a thoghfaidh iad.

Déanfar príosúnaigh chogaidh atá ina n-oifigigh agus arb ionann náisiúntacht dóibh a lonnú i gcampaí saothair do phríosúnaigh chogaidh chun na dualgais riaracháin sa champa a bhfuil na príosúnaigh chogaidh freagrach iontu a chomhlíonadh. Féadfar na hoifigigh sin a thoghadh mar ionadaithe na bpríosúnach faoin gcéad mhír den Airteagal seo. I gcás den sórt sin, toghfar na cúntóirí d'ionadaithe na bpríosúnach cogaidh as measc na bpríosúnach cogaidh sin nach oifigigh.

Ní foláir gach ionadaí a thoghfar a bheith ceadaithe ag an gCumhacht Choinneála sula mbeidh de cheart aige tosú ar a dhualgais. Má dhiúltaíonn an Chumhacht Choinneála príosúnach cogaidh a toghadh ag a chomhphríosúnaigh chogaidh a cheadú, ní foláir di fáth an diúltaithe sin a chur in iúl don Chumhacht Choimirceach.

I ngach cás ní foláir ionadaí na bpríosúnach a bheith ina dhuine den náisiúntacht chéanna leis an príosúnaigh chogaidh darb ionadaí é, agus an teanga agus na nósanna náisiúnta céanna a bheith aige. Mar sin, príosúnaigh chogaidh a bheidh roinnte i ranna éagsúla de champa, de réir a náisiúntachta, a dteanga nó a nósanna náisiúnta, beidh ionadaí dá gcuid féin acu do gach roinn, de réir na míreanna sin roimhe seo.

Airteagal 80.

Féachfaidh ionadaithe na bpríosúnach le feabhas a chur ar bhail na bpríosúnach cogaidh, ó thaobh sláinte agus i gcúrsaí spioradálta agus intleachtúla.

Go sonrach, má shocraíonn na príosúnaigh ar chóras comhchabhrach a eagrú ina measc féin, tiocfaidh an eagraíocht sin faoi réim ionadaí na bpríosúnach, i dteannta na ndualgas speisialta a chuirtear de chúram air le forálacha eile sa Choinbhinsiún seo.

Ní bheidh ionadaithe na bpríosúnach freagrach, de bhíthin a ndualgas amháin, in aon chionta a dhéanfaidh príosúnaigh chogaidh.

Airteagal 81.

Ní thabharfar ar ionadaithe na bpríosúnach aon obair eile a dhéanamh, má d'fhágfadh sin go mbeadh sé níos deacra dóibh a ndualgais a chomhlíonadh.

Féadfaidh ionadaithe na bpríosúnach cibé cúntóirí a theastóidh uathu a cheapadh as measc na bpríosúnach. Tabharfar gach saoráid iomchuí dóibh, go háirithe saoirse áirithe gluaiseachta is gá dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh. (cigireacht ar dhíormaí saothair, soláthairtí a ghlacadh, etc.)

Ceadófar d'ionadaithe na bpríosúnach cuairt a thabhairt ar áitribh ina bhfuil príosúnaigh chogaidh á gcoinneáil, agus beidh cead ag gach príosúnach cogaidh dul i gcomhairle gan chosc lena ionadaí féin.

Tabharfar gach saoráid, mar an gcéanna, d'ionadaithe na bpríosúnach chun cumarsáid tríd an bpost nó trí theileagrafaíocht a dhéanamh leis na húdaráis choinneála, leis na Cumhachtaí Coimirceacha, le Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus lena dtoscairí, leis na Coimisiúin Liachta Mheasctha agus leis na comhlachtaí a thugann cabhair do phríosúnaigh chogaidh. Beidh na saoráidí céanna ag ionadaithe na bpríosúnach i ndíormaí saothair chun cumarsáid a dhéanamh le hionadaithe na bpríosúnach sa phríomhchampa. Ní chuirfear srian leis an gcumarsáid sin ná ní mheasfar gur cuid í den chuóta a luaitear in Airteagal 71.

Nuair a bheidh ionadaí príosúnach cogaidh á aistriú tabharfar tamall réasúnach dó chun cúrsaí reatha a chur in iúl dá chomharba.

I gcás ionadaí a chur as oifig, cuirfear in iúl don Chumhacht Choimirceach cad é an fáth a bhí leis.

Caibidil III.—Smachtbhannaí Pionósacha agus Araíonachta.

I. Forálacha Ginearálta.

Airteagal 82.

Beidh príosúnach cogaidh faoi réir na ndlíthe, na rialachán agus na n-orduithe a bheidh i bhfeidhm i bhfórsaí armtha na Cumhachta Coinneála; beidh de cheart ag an gCumhacht Choinneála bearta breithiúnacha nó bearta araíonachta a dhéanamh i dtaobh aon chiona a dhéanfaidh príosúnach cogaidh i gcoinne na ndlíthe na rialachán agus na n-orduithe sin. Ní cheadófar, áfach, aon imeachtaí ná pionós a bheadh contrártha d'fhorálacha na Caibidle seo.

Má dhearbhaíonn aon dlí, rialachán nó ordú ón gCumhach Choinneála go mbeidh gníomhartha a dhéanfadh príosúnach cogaidh inphionóis, agus más rud é nach mbeadh na gníomhartha sin inphionóis dá mba chomhalta d'fhórsaí na Cumhachta Coinneála a dhéanfadh iad, is pionóis araíonachta amháin a ghabhfaidh leis na gníomhartha sin.

Airteagal 83.

Nuair a bheifear á chinneadh cé acu imeachtaí breithiúnacha nó imeachtaí araíonachta a bheidh ann i leith ciona a líomhnaítear a rinne príosúnach cogaidh, féachfaidh an Chumhacht Choinneála chuige go mbeidh na húdaráis inniúla chomh trócaireach agus is féidir agus gur bearta araíonachta a ghlacfaidh siad chucu, de rogha ar bhearta breithiúnacha, nuair is féidir sin.

Airteagal 84.

Is ag cúirt mhíleata amháin a chuirfear príosúnach cogaidh á thriail, mura rud é go gceadaíonn dlíthe na Cumhachta Coinneála faoi láthair do na cúirteanna sibhialta duine d'fhórsaí armtha na Cumhachta Coinneála a thriail sa chion áirithe a líomhnaítear a rinne an príosúnach cogaidh.

Ní cead in aon chás príosúnach cogaidh a chur faoi thriail ag cúirt de chineál ar bith nach dtugann na ráthaíochtaí riachtanacha neamhspleáchais agus neamhchlaontachta mar a aithnítear go ginearálta, agus go háirithe mura dtugann a nós imeachta na cearta agus na modhanna cosanta dá bhforáiltear in Airteagal 105 don chúisí.

Airteagal 85.

Na príosúnaigh chogaidh a chúiseofar faoi dhlíthe na Cumhachta Coinneála i ngníomhartha a rinneadh sular gabhadh iad, fanfaidh tairbhe an Choinbhinsiúin seo acu, fiú má chiontaítear iad.

Airteagal 86.

Ní cead aon phríosúnach cogaidh a phionósú thar uair amháin mar gheall ar an ngníomh nó an cúiseamh céanna.

Airteagal 87.

Ní cead d'údaráis mhíleata ná do chúirteanna na Cumhachta Coinneála aon pionós a chur ar phríosúnaigh chogaidh taobh amuigh de na pionóis dá bhforáiltear i gcás comhaltaí d'fhórsaí armtha na Cumhachta sin a mbeidh na gníomhartha céanna déanta acu.

Nuair a bheidh an pionós á shocrú acu, cuirfidh cúirteanna nó údaráis na Cumhachta Coinneála san áireamh, chomh fada riamh agus is féidir é, nach bhfuil an cúisí, de bhrí nach náisiúnach de chuid na Cumhachta Coinneála é, faoi aon dualgas géillsine di, agus go bhfuil sé faoi urláimh na Cumhachta sin ar chúiseanna nach ngabhann a thoil féin leo. Beidh cead ag na cúirteanna agus na húdaráis sin an pionós a laghdú a fhoráiltear mar gheall ar an sárú inar cúisíodh an príosúnach, agus mar sin ní bheidh de cheangal orthu an bun-phionós a ordaítear a chur i bhfeidhm.

Toirmisctear pionós ar phríosúnaigh i gcoitinne mar gheall ar ghníomhartha daoine aonair, pionós corpartha, príosúnú in áitreabh nach dtagann solas an lae ann agus, i gcoitinne, aon chineál céastóireachta nó cruálachta.

Ní cead don Chumhacht Choinneála a chéim a bhaint d'aon phríosúnach cogaidh, ná a chosc air a shuaitheantais a chaitheamh.

Airteagal 88.

Ní chuirfear ar oifigigh, oifigigh neamhchoimisiúnta ná fir atá ina bpríosúnaigh chogaidh agus faoi phionós araíonachta nó pionós breithiúnach cóireáil is déine ná mar a chuirtear i leith an phionóis chéanna ar chomhaltaí d'fhórsaí armtha na Cumhachta Coinneála de chéim chomhionann.

Ní ghearrfar ar bhanphríosúnach cogaidh pionós is déine, ná ní chuirfear uirthi, le linn di bheith faoi phionós, cóireáil is déine, ná mar a dhéanfaí i gcás banchomhalta d'fhórsaí armtha na Cumhachta Coinneála a triaileadh i gcion den sórt céanna.

Ní ghearrfar ar bhanphríosúnach cogaidh i gcás ar bith pionós is déine, ná ní chuirfear uirthi, le linn di bheith faoi phionós, cóireáil is déine, ná mar a dhéanfaí i gcás fear-chomhalta d'fhórsaí armtha na Cumhachta Coinneála a triaileadh i gcion den sórt céanna.

Ní cead cóireáil a bheidh neamhionann leis an gcóireáil a chuirtear ar phríosúnaigh chogaidh eile a chur ar phríosúnaigh chogaidh a bhfuil pianbhreith araíonachta nó pianbhreith bhreithiúnach curtha isteach acu.

II. Smachtbhannaí Araíonachta.

Airteagal 89.

Is iad seo a leanas na pionóis araíonachta is inchurtha ar phríosúnaigh chogaidh:

(1) fíneáil nach mó ná 50 faoin gcéad de na réamhíocaíochtaí pá agus pá oibre a gheobhaidh an príosúnach cogaidh murach sin faoi fhorálacha Airteagail 60 agus 62 i rith tréimhse tríocha lá ar a mhéid;

(2) stopadh na bpribhléidí a dheonaítear de bhreis agus de bharr ar an gcóireáil dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún seo;

(3) dualgais ghiotamála nach faide ná dhá uair a chloig sa lá;

(4) gaibhniú.

Ní chuirfear an pionós dá dtagraítear faoi (3) i bhfeidhm ar oifigigh.

Ní cead in aon chás pionóis araíonachta a bheith mídhaonna, brúidiúil ná contúirteach do shláinte na bpríosúnach cogaidh.

Airteagal 90.

Ní mhairfidh aon phionós áirithe i gcás ar bith thar tríocha lá. Má thug príosúnach cogaidh tréimhse faoi ghaibhniú ag feitheamh ar éisteacht ciona in aghaidh araíonachta nó ar ghearradh an phionóis ina leith, bainfear an tréimhse sin den phionós a ghearrfar air.

Ní cead dul thar an tríocha lá a fhoráiltear thuas, fiú má tá an príosúnach cogaidh freagrach i ngníomhartha éagsúla an tráth a ghearrfar pionós air, bíodh baint ag na gníomhartha sin le chéile nó ná bíodh.

Ní faide ná mí an tréimhse idir tráth an phionóis araíonachta a fhógairt agus an tráth a chuirfear i bhfeidhm é.

Má ghearrtar pionós araíonachta eile ar phríosúnach cogaidh, ní mór tréimhse trí lá ar a laghad a bheith idir fheidhmiú aon dá cheann de na pionóis, más deich lá nó níos mó ré cheann amháin acu.

Airteagal 91.

Measfar gur éirigh le príosúnach cogaidh éalú:

(1) má tá sé tar éis gabháil le fórsaí armtha na Cumhachta a bhfuil sé ina cleithiúnas, nó le fórsaí Cumhachta is comhghuaillí léi;

(2) má tá sé imithe as an gcríoch atá faoi urláimh na Cumhachta Coinneála, nó faoi urláimh chomhghuaillí leis an gCumhacht sin;

(3) má tá sé tar éis gabháil ar long atá faoi bhratach na Cumhachta a bhfuil sé ina cleithiúntas, nó faoi bhratach Cumhachta is comhghuaillí léi, in uiscí teorann na Cumhachta Coinneála, gan an long sin a bheith faoi urláimh na Cumhachta sin is déanaí a luaitear.

Príosúnaigh chogaidh ar éirigh leo éalú, de réir bhrí an Airteagail seo, agus a athghabhfar, ní bheidh siad inchurtha faoi aon phionós mar gheall ar iad a éalú roimhe sin.

Airteagal 92.

Príosúnach cogaidh a dhéanfaidh iarracht ar éalú agus a athghabhfar sula n-éireoidh leis éalú de réir bhrí Airteagal 91, ní dhlífear a chur air ach pionós araíonachta i leith an ghnímh sin, fiú más athchion aige é.

Ar phríosúnach cogaidh a athghabháil tabharfar suas gan mhoill é don údarás míleata inniúil.

D'ainneoin Airteagal 88, mír a ceathair, féadfar príosúnaigh chogaidh a phionósófar de dhroim iarracht ar éalú nár éirigh leis a chur faoi fhaire ar leith. Ar choinníoll nach gcuirfidh an faire sin as dá sláinte, gur i gcampa príosúnach cogaidh a choimeádfar faoi fhaire iad, agus nach gcuirfear ar ceal aon ráthaíocht dá dtugtar dóibh leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 93.

Ní áireofar éalú, ná iarracht ar éalú, fiú más athchion é, mar thromú ar a chion i gcás an príosúnach a chur faoi thriail trí imeachtaí breithiúnacha i leith ciona a rinne sé le linn a éalaithe nó a iarrachta ar éalú.

De réir an phrionsabail atá luaite in Airteagal 83, ní ghearrfar ach pionós araíonachta i gcás cionta a dhéanfaidh príosúnaigh chogaidh d'aontoisc chun a n-éalú a éascú, gan aon fhoréigean básaithe ná basctha a imirt ar aon duine, ar nós cionta i gcoinne maoine poiblí, gadaíocht gan rún a saibhrithe féin, páipéir bhréagacha a tharraingt suas nó a úsáid, nó éide shibhialtaigh a chaitheamh.

Príosúnaigh chogaidh a chabhróidh nó a neartóidh le héalú nó le hiarracht ar éalú, ní bheidh inchurtha orthu ar an scór sin ach pionós araíonachta.

Airteagal 94.

Má athghabhtar príosúnach cogaidh a d'éalaigh, cuirfear sin in iúl don Chumhacht a bhfuil sé ina cleithiúnas sa tslí a shonraítear in Airteagal 122, ar choinníoll go mbeifear tar éis a chur in iúl gur éalaigh sé.

Airteagal 95.

Ní dhéanfar príosúnach cogaidh a chúiseofar i gcion in aghaidh araíonachta a choimeád faoi ghaibhniú ag feitheamh ar éisteacht an chiona mura rud é go ndéanfaí comhalta d'fhórsaí armtha na Cumhachta Coinneála a choimeád amhlaidh dá gcúisítí é ina shamhail de chion, nó gur gá é ar mhaithe le hord agus araíonacht sa champa.

Aon tréimhse a chaithfidh príosúnach cogaidh faoi ghaibhniú ag feitheamh ar an gcinneadh i leith ciona in aghaidh araíonachta, giorrófar é oiread agus is féidir agus in aon chás ní rachaidh sé thar cheithre lá dhéag.

Beidh feidhm ag forálacha Airteagail 97 agus 98 den Chaibidil seo maidir le príosúnaigh chogaidh a bheidh faoi ghaibhniú ag feitheamh leis an gcinneadh i leith cionta in aghaidh araíonachta.

Airteagal 96.

Déanfar imscrúdú láithreach ar ghníomhartha atá ina gcionta in aghaidh araíonachta. Gan dochar d'inniúlacht cúirteanna agus údarás míleata uachtarach, ní bheidh pionós araíonachta inordaithe ach amháin ag oifigeach a bhfuil cumhachtaí araíonachta aige ina cháil mar cheannasaí campa, nó ag oifigeach freagrach a bheidh ina ionad nó a mbeidh sé tar éis a chumhachtaí araíonachta a tharmligean chuige.

I gcás ar bith ní féidir na cumhachtaí sin a tharmligean chun príosúnach cogaidh ná ní feidir le príosúnach cogaidh iad a fheidhmiú.

Sula bhfógrófar aon phionós araíonachta, tabharfar don chúis eolas beacht i dtaobh na gcionta a bhfuil sé á chúiseamh iontu agus tabharfar caoi dó ar a iompar a mhíniú agus é féin a chosaint Ceadófar dó, go háirithe, glaoch ar fhinnéithe agus seirbhísí teangaire cháilithe a fháil, más gá. Inseofar an cinneadh don phríosúnach cogaidh a cúisíodh agus d'ionadaí na bpríosúnach

Coimeádfaidh ceannasaí an champa taifead de na pionóis araíonachta agus beidh sé ar fáil ag ionadaithe na Cumhachta Coimircí lena iniúchadh.

Airteagal 97.

Ní dhéanfar i gcás ar bith príosúnaigh chogaidh a aistriú go bunachais pheannaideacha (príosúin, peannadlanna, príosúin phianseirbhíse, etc.), chun dul faoi phionós araíonachta iontu.

Gach áitreabh ina rachfar faoi phionós araíonachta beidh sé de réir a bhforáiltear in Airteagal 25 i dtaobh sláintíochta. Cuirfear ar chumas príosúnaigh cogaidh atá faoi phionós é féin a choimeád glan, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 29.

Ní choimeádfar oifigigh ná daoine ar stádas comhionann sna ceathrúna céanna le hoifigigh neamhchoimisiúnta nó fir.

Déanfar banphríosúnaigh chogaidh faoi phionós araíonachta a ghaibhniú i gceathrúna ar leith ó fhearphríosúnaigh chogaidh, agus beidh siad faoi gharmhaoirseacht ag mná.

Airteagal 98.

Príosúnach cogaidh a bheidh faoi ghaibhniú mar phionós araíonachta, tairbheoidh sé i gcónaí de na forálacha atá sa Choinbhinsiún seo ach amháin sa mhéid nach féidir, de riachtanas, feidhm a thabhairt do na forálacha sin toisc é a bheith faoi ghaibhniú, agus dá thoisc sin amháin. Ní cead i gcás ar bith tairbhe forálacha Airteagail 78 agus 126 a bhaint de.

Ní cead na sainchumais a ghabhann lena chéim a bhaint de phríosúnach ar ar gearradh pionós araíonachta.

Tabharfar cead do phríosúnaigh chogaidh ar ar gearradh pionós araíonachta aclaíocht a dhéanamh agus fanacht amuigh faoin aer ar feadh dhá uair a chloig ar a laghad gach lá.

Ligfear dóibh, má iarrann siad é, bheith i láthair ag na scrúduithe liachta laethúla. Gheobhaidh siad an aire is gá dóibh de dheasca staid a sláinte, agus, más gá, aistreofar go dtí otharlann an champa iad nó go dtí ospidéal.

Beidh cead léitheoireachta agus scríbhneoireachta acu, agus cead chun litreacha a chur amach agus a fháil. Féadfar, áfach beartáin agus seoltáin airgid a choimeád siar uathu go dtí go mbeidh téarma a bpionós curtha isteach acu; idir an dá linn cuirfear iad sin faoi chúram ionadaí na bpríosúnach agus tabharfaidh seisean don otharlann na hearraí meatacha a bheidh sna beartáin sin.

III. Imeachtaí Breithiúnacha.

Airteagal 99.

Ní cead aon phríosúnach cogaidh a thriail ná pianbhreith a chur air mar gheall ar ghníomh nach bhfuil toirmiscthe faoi dhlí na Cumhachta Coinneála nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhí i bhfeidhm an tráth a rinneadh an gníomh sin.

Ní cead aon chomhéigean morálta ná corpartha a chur ar phríosúnach cogaidh chun a thabhairt air a admháil go bhfuil sé ciontach sa ghníomh ina gcúisítear é.

Ní cead aon phríosúnach cogaidh a chiontú gan caoi a bheith tugtha dó cosaint a dhéanamh air féin agus gan cúnamh a bheith aige ó abhcóide cáilithe.

Airteagal 100.

Cuirfear i bhfios a luaithe is féidir é do phríosúnaigh chogaidh agus do na Cumhachtaí Coimirceacha cad iad na ciontaí lena ngabhann pianbhreith báis faoi dhlíthe na Cumhachta Coinneála.

Ní dhéanfar ina dhiaidh sin pianbhreith báis a cheapadh mar phionós i leith ciontaí eile gan comhthoiliú na Cumhachta a bhfuil na príosúnaigh chogaidh ina cleithiúnas.

Ní féidir pianbhreith báis a fhógairt ar phríosúnach cogaidh mura ndearnadh, de réir Airteagal 87, an dara mír, umhail na Cúirte a tharraingt go speisialta ar an bhfíoras nach bhfuil an cúisí, de bhrí nach náisiúnach de chuid na Cumhachta Coinneála é, faoi aon dualgas géillsine di, agus go bhfuil sé faoi urláimh na Cumhachta sin ar chúiseanna nach ngabhann a thoil féin leo.

Airteagal 101.

Má fhógraítear pianbhreith báis ar phríosúnach cogaidh, ní chuirfear an phianbhreith i bhfeidhm go ceann tréimhse sé mhí ar a laghad ón dáta ar a bhfaighidh an Chumhacht Choimirceach, ag seoladh a shonrófar, an fhaisnéis mhionchruinn dá bhforáiltear in Airteagal 107.

Airteagal 102.

Ní féidir pianbhreith a chur go dleathach ar phríosúnach cogaidh mura rud é go mbeidh sí fógartha ag na cúirteanna céanna, de réir an nós imeachta céanna, a bheadh ann i gcás comhaltaí d'fhórsaí armtha na Cumhachta Coinneála, agus, fairis sin, go mbeidh forálacha an Choinbhinsiúin seo comhlíonta.

Airteagal 103.

Déanfar gach imscrúdú breithiúnach maidir le príosúnach cogaidh a sheoladh chomh tapa agus is féidir sna himthosca agus ar dhóigh go gcuirfear faoi thriail é a luaithe is féidir. Ní choimeádfar príosúnach cogaidh faoi ghaibhniú ar feitheamh ar a thriail mura rud é go ndéanfaí comhalta d'fhórsaí armtha na Cumhachta Coinneála a ghaibhniú amhlaidh i gcás é a chúiseamh ina shamhail de chion, nó go bhfuil fíorriachtanas lena dhéanamh ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta. Ní cead i gcás ar bith é a choimeád faoi gaibhniú amhlaidh níos faide ná trí mhí.

Déanfar aon tréimhse a chaithfidh príosúnach cogaidh faoi ghaibhniú ag feitheamh ar a thriail a bhaint d'aon phianbhreith príosúnachta a ghearrfar air agus cuirfear san áireamh é nuair a bheidh aon phionós á shocrú.

Bainfidh forálacha Airteagail 97 agus 98 den Chaibidil seo le príosúnach cogaidh le linn dó bheith faoi ghaibhniú ag feitheamh ar a thriail.

Airteagal 104.

In aon chás ina gcinnfidh an Chumhacht Choinneála ar imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh i gcoinne príosúnaigh chogaidh, cuirfidh sí faisnéis chuig an gCumhacht Choimirceach a luaithe is féidir agus ar a laghad trí sheachtain roimh oscailt na trialach. Tosóidh an tréimhse trí sheachtain sin ar rith amhail ón lá a gheobhaidh an Chumhacht Choimirceach an fhaisnéis sin ag an seoladh a chuir sí in iúl roimhe sin don Chumhacht Choinneála.

Beidh an t-eolas seo a leanas san fhaisnéis sin:—

(1) sloinne agus céad-ainmneacha an phríosúnaigh chogaidh, a chéim, a uimhir airm nó reisiminte, nó a uimhir phearsanta nó a shraith-uimhir, dáta a bhreithe agus a ghairm nó a cheird, má tá sin aige;

(2) an áit a bhfuil sé faoi imtheorannú nó faoi ghaibhniú;

(3) sonraí an chúisimh nó na gcúiseamh ina bhfuil an príosúnach cogaidh le díotcúiseamh, agus na forálacha dlíthiúla a bhaineann leis an gcás;

(4) ainm na cúirte a thriailfidh an cás, agus an dáta agus an áit atá socraithe le haghaidh oscailt na trialach.

Tabharfaidh an Chumhacht Choimirceach an fhaisnéis chéanna d'ionadaí na bpríosúnach.

Mura dtugtar ar aird, ar oscailt na trialach, aon fhianaise go bhfuair an Chumhacht Choimirceach, an príosúnach cogaidh, agus ionadaí na bpríosúnach lena mbainfidh an scéal, an fhaisnéis dá dtagraítear thuas trí sheachtain ar a laghad roimh oscailt na trialach, ní féidir an triail a chur ar bun agus ní foláir í a chur ar atráth.

Airteagal 105.

Beidh de cheart ag an bpríosúnach cogaidh cabhair a fháil ó dhuine dá chomhphríosúnaigh, abhcóide cáilithe dá rogha féin a bheith aige lena chosaint, finnéithe a ghlaoch agus, más gá leis é, seirbhísí teangaire inniúil a bheith aige. Tabharfaidh an Chumhacht Choinneála eolas faoi na cearta sin dó i dtráth cuí roimh an triail.

Mura roghnóidh an príosúnach cogaidh abhcóide, gheobhaidh an Chumhacht Choimirceach dó é, agus beidh seachtain ar a laghad aici chun sin a dhéanamh. Seachadfaidh an Chumhacht Choinneála don Chumhacht sin, má iarrann sí é, liosta de dhaoine atá cáilithe chun an chosaint a dhéanamh. Mura ndéanfaidh an príosúnach cogaidh ná an Chumhacht Choimirceach abhcóide a roghnú, ceapfaidh an Chumhacht Choinneála abhcóide inniúil chun an chosaint a stiúradh.

Beidh ag an abhcóide a bheidh ag stiúradh na cosanta thar ceann an phríosúnaigh chogaidh tréimhse dhá sheachtain ar a laghad roimh oscailt na trialach, maraon leis na saoráidí is gá, chun cosaint an chúisí a ullmhú. Féadfaidh sé, go háirithe, cuairt a thabhairt ar an gcúisí gan bhac agus é a agallamh go príobháideach. Féadfaidh sé freisin dul chun cainte le haon fhinnéithe ar thaobh na cosanta, lena n-áirítear príosúnaigh chogaidh. Beidh tairbhe na saoráidí sin aige go dtí go mbeidh an téarma le haghaidh achomhairc nó achainí caite.

Cuirfear i bhfios don phríosúnach cogaidh atá le díotchúiseamh, i dteanga a thuigeann sé agus in am tráth roimh oscailt na trialach, sonraí an chúisimh nó na gcúiseamh ina mbeidh sé á dhíotchúiseamh, maraon leis na doiciméid is gnáth a chur i bhfios don chúisí de bhua na ndlíthe atá i bhfeidhm i bhfórsaí armtha na Cumhachta Coinneála. Cuirfear na nithe sin i bhfios freisin sna himthosca céanna don abhcóide a bheidh ag stiúradh na cosanta thar ceann an phríosúnaigh cogaidh.

Beidh de cheart ag ionadaithe na Cumhachta Coimircí bheith i láthair ag triail an cháis, mara rud é, go heisceachtúil, gur in camera, ar mhaithe le slándáil an Stáit, a bheidh an triail ar siúl. Sa chás sin cuirfidh an Chumhacht Choinneála in iúl don Chumhacht Choimirceach gur mar sin atá.

Airteagal 106.

Beidh ag gach príosúnach cogaidh, mar an gcéanna le comhaltaí d'fhórsaí armtha na Cumhachta Coinneála, an ceart chun achomharc nó achainí a dhéanamh i gcoinne aon phianbhreithe a fógraíodh air, d'fhonn an phianbhreith a neamhniú nó a athbhreithniú nó an triail a athoscailt. Tabharfar gach eolas dó faoina cheart chun achomharc nó achainí a dhéanamh agus faoin tréimhse ina bhféadfaidh sé a leithéid a dhéanamh.

Airteagal 107.

Déanfar aon bhreithiúnas agus pianbhreith a fhógrófar ar phríosúnach cogaidh a thuairisciú láithreach don Chumhacht Choimirceach i bhfoirm faisnéise achomair, a inseoidh freisin cé acu atá nó nach bhfuil ceart achomhairc aige d'fhonn an phianbhreith a neamhniú nó an triail a athoscailt. Mar an gcéanna déanfar an fhaisnéis sin a chur chuig ionadaí na bpríosúnach lena mbaineann an scéal. Cuirfear an fhaisnéis sin freisin chuig an bpríosúnach cogaidh a cúisíodh, i dteanga a thuigeann sé, más rud é nár fógraíodh an phianbhreith ina láthair. Fairis sin, cuirfidh an Chumhacht Choinneála in iúl láithreach don Chumhacht Choimirceach cinneadh an phríosúnaigh cogaidh ar fheidhm a bhaint, nó gan í a bhaint, as a cheart achomhairc.

Ina theannta sin, má chiontaítear go críochnaitheach príosúnach cogaidh, nó más pianbhreith báis an phianbhreith a fhógrófar sa chéad dul síos ar phríosúnach cogaidh, cuirfidh an Chumhacht Choinneála chuig an gCumhacht Choimirceach, a luaithe is féidir, faisnéis mhionchruinn ina mbeidh:

(1) téacs beacht an chinnte agus na pianbhreithe;

(2) tuarascáil achoimrithe ar aon réamh-imscrúdú agus ar an triail, ina léireofar go sonrach míreanna an ionchúisimh agus na cosanta;

(3) lua, más cuí sin, ar an mbunachas ina bhfuil téarma na pianbhreithe le cur isteach.

Déanfar na faisnéisí dá bhforáiltear sna fomhíreanna sin roimhe seo a chur chuig an gCumhacht Choimirceach ag an seoladh a cuireadh i bhfios roimh ré don Chumhacht Choinneála.

Airteagal 108.

Na pianbhreitheanna a fhógrófar ar phríosúnaigh chogaidh tar éis ciontú a theacht chun bheith inchurtha i bhfeidhm go cuí beidh a dtéarmaí le cur isteach sna bunachais chéanna agus faoi na coinníollacha céanna a bheadh ann i gcás comhaltaí d'fhórsaí armtha na Cumhachta Coinneála. Beidh na coinníollacha sin de réir riachtanais na sláinte agus na daonnachta i ngach uile chás.

Déanfar banphríosúnach cogaidh ar ar fógraíodh pianbhreith den sórt sin a ghaibhniú i gceathrúna ar leith agus beidh sí faoi mhaoirseacht ban.

In aon chás, beidh tairbhe forálacha Airteagail 78 agus 126 den Choinbhinsiún seo ag príosúnaigh chogaidh ar cuireadh pionós a bhain a saoirse díobh de phianbhreith orthu. Ina theannta sin, beidh sé de cheart acu comhfhreagras a fháil agus a chur amach, beartán fóirithinte amháin ar a laghad a fháil in aghaidh na míosa, aclaíocht a dhéanamh go rialta amuigh faoin aer, an t-aireachas liachta a fháil is gá dóibh mar gheall ar staid a sláinte, agus an cúnamh spioradálta a mbeidh iarraidh acu air a fháil. I gcás pionóis a chur orthu, beidh na pionóis sin de réir forálacha Airteagal 87, an tríú mír.

CUID IV.—DEIREADH AN BHRAIGHDEANAIS.

Alt 1.—Athdhúichiú Díreach agus Cóiríocht i dTíortha Neodracha.

Airteagal 109.

Faoi réir forálacha an tríú mír den Airteagal seo, tá sé de cheangal ar na Páirtithe sa choinbhleacht príosúnaigh chogaidh atá créachtaithe go holc agus príosúnaigh chogaidh atá an-bhreoite a chur ar ais go dtí a dtír féin, is cuma cad é a líon nó a gcéim, tar éis iad a aireachasú go dtí go mbeidh siad in ann taisteal, de réir na chéad mhíre den Airteagal ina dhiaidh seo.

Fad a mhairfidh an chogaíocht, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall, le comhoibriú na gCumhachtaí neodracha lena mbainfidh an scéal, comhshocrú, a dhéanamh chun cóiríocht a sholáthar i dtíortha neodracha do na príosún aigh chogaidh bhreoite agus chréachtaithe dá dtagraítear sa dara mír den Airteagal ina dhiaidh seo. Féadfaidh siad, ina theannta sin, comhaontuithe a dhéanamh d'fhonn príosúnaigh chogaidh infheidhme, a bhfuil tréimhse fhada braighdeanais curtha isteach acu, a athdhúichiú go díreach nó a imtheorannú i dtír neodrach.

Aon phríosúnach cogaidh breoite nó gortaithe atá cáilithe chun é a athdhúichiú faoin gcéad mhír den Airteagal seo, ní cead é a athdhúichiú i gcoinne a thola le linn na cogaíochta.

Airteagal 110.

Déanfar iad seo a leanas a athdhúichiú go díreach:

(1) an lucht créachtaithe agus breoite atá doleigheasta agus ar cosúil go bhfuil a gcumas intinne nó coirp lagaithe go mór.

(2) an lucht créachtaithe agus breoite arb é tuairim na ndochtúirí nach dócha dóibh téarnamh taobh istigh de bhliain, go bhfuil siad sa riocht go dteastaíonn cóireáil uathu, agus ar cosúil go bhfuil a gcumas intinne nó coirp lagaithe go mór.

(3) an lucht créachtaithe agus breoite atá téarnaithe ach ar cosúil go bhfuil a gcumas intinne nó coirp lagaithe go mór agus go buan.

Féadfar cóiríocht a thabhairt dóibh seo a leanas i dtír neodrach:

(1) an lucht créachtaithe agus breoite ar féidir bheith ag súil lena dtéarnamh taobh istigh de bhliain ó dháta a gcréachtaithe nó ó thús a mbreoiteachta, más féidir gur dóichí dóibh téarnamh níos cinnte agus níos gasta de bharr cóireála i dtír neodrach.

(2) príosúnaigh chogaidh arb é tuairim na ndochtúirí gur baol mór dá sláinte intinne nó coirp an braighdeanas leanúnach, ach ar féidir go gcuirfeadh an chóiríocht i dtír neodrach an baol sin ar ceal.

Socrófar trí chomhaontú idir na Cumhachtaí lena mbaineann an scéal na coinníollacha nach foláir do phríosúnaigh chogaidh a dtabharfar cóiríocht dóibh i dtír neodrach a chomhlíonadh chun go bhféadfar iad a athdhúichiú, agus socrófar a stádas mar an gcéanna. I gcoitinne, ba cheart príosúnaigh chogaidh ar tugadh cóiríocht dóibh i dtír neodrach, agus a bhaineann leis na hearnálacha seo a leanas, a athdhúichiú:

(1) iad siúd a bhfuil a sláinte dulta in olcas sa dóigh go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos le haghaidh athdhúichiú díreach;

(2) iad siúd a bhfuil a gcumas intinne nó coirp, fiú tar éis cóireála, tar éis dul i laige go mór.

Mura ndéantar aon chomhaontuithe speisialta idir na Páirtithe sa choinbhleacht lena mbaineann an scéal, chun a chinneadh cad iad na cásanna míchumais nó breoiteachta inar gá athdhúichiú a dhéanamh nó cóiríocht a sholáthar i dtír neodrach, socrófar na cásanna sin de réir na bprionsabal atá leagtha síos sa Chomhaontú Samplach maidir le príosúnaigh chogaidh chréachtaithe agus bhreoite a athdhúichiú, agus cóiríocht a sholáthar dóibh i dtíortha neodracha, agus sna Rialacháin maidir le Coimisiúin Liachta Mheasctha a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 111.

Déanfaidh an Chumhacht Choinneála, an Chumhacht a bhfuil na príosúnaigh chogaidh ina cleithiúnas, agus Cumhacht neodrach ar a gcomhaontóidh an dá Chumhacht sin, a ndícheall comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun go bhféadfar príosúnaigh chogaidh a imtheorannú i gcríoch na Cumhachta neodraí sin go dtí deireadh na cogaíochta.

Airteagal 112.

Ar chogaíocht a bhriseadh amach, ceapfar Coimisiúin Liachta Mheasctha chun príosúnaigh chogaidh bhreoite agus chréachtaithe a scrúdú agus gach cinneadh is cuí a dhéanamh ina dtaobh. Beidh ceapadh, dualgais agus feidhmiú na gCoimisiún sin de réir forálacha na Rialachán a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

Féadfar, áfach, príosúnaigh chogaidh ar léir, i dtuairim údarás liachta na Cumhachta Coinneála, go bhfuil siad créachtaithe go holc nó go bhfuil breoiteacht throm orthu, a athdhúichiú gan iad a chur faoi scrúdú ag Coimisiún Liachta Measctha.

Airteagal 113.

I dteannta na ndaoine a bheidh sonraithe ag údaráis mhíleata na Cumhachta Coinneála, beidh príosúnaigh chogaidh chréachtaithe nó bhreoite de na hearnálacha atá sa liosta seo thíos i dteideal teacht i láthair chun dul faoi scrúdú ag an gCoimisiún Liachta Measctha dá bhforáiltear san Airteagal sin roimhe seo:

(1) an lucht créachtaithe agus breoite a bheidh molta ag lia nó máinlia arb ionann náisiúntacht dó, nó ar náisiúnach é de chuid Páirtí sa choinbhleacht atá i gcomhghuaillíocht leis an gCumhacht a bhfuil na príosúnaigh sin ina cleithiúnas, agus atá ag comhlíonadh a fheidhmeanna sa champa;

(2) an lucht créachtaithe agus breoite a bheidh molta ag ionadaí na bpríosúnach;

(3) an lucht créachtaithe agus breoite a bheidh molta ag an gCumhacht a bhfuil siad ina cleithiúnas, nó ag eagraíocht atá aitheanta go cuí ag an gCumhacht sin agus a thugann cabhair do na príosúnaigh.

Mar sin féin, féadfaidh príosúnaigh chogaidh nach mbaineann le ceann de na trí earnáil sin roimhe seo teacht i láthair chun dul faoi scrúdú ag an gCoimisiún Liachta Measctha, ach ní scrúdófar iad go dtí go mbeidh lucht na n-earnálacha sin scrúdaithe.

Beidh cead ag an lia nó máinlia arb ionann náisiúntacht dó agus do na príosúnaigh a thiocfaidh i láthair chun dul faoi scrúdú ag an gCoimisiún Liachta Measctha, agus mar an gcéanna ag ionadaí na bpríosúnach sin, bheith i láthair le linn an scrúdaithe.

Airteagal 114.

Beidh ag príosúnaigh chogaidh a mbainfidh tionóisc dóibh, murab iad féin a rinne an díobháil dóibh féin, tairbhe na bhforálacha den Choinbhinsiún seo a bhaineann le hathdhúichiú nó le cóiríocht i dtír neodrach.

Airteagal 115.

Ní cead aon phríosúnach cogaidh ar cuireadh pionós araíonachta air, agus a mbeidh teideal aige chun é a athdhúichiú nó cóiríocht a fháil i dtír neodrach, a choinneáil siar ar an tsiocair nach bhfuil a phionós curtha isteach aige.

Na príosúnaigh chogaidh i ndáil le hionchúiseamh nó ciontú breithiúnach agus a bheidh sonraithe lena n-athdhúichiú nó le haghaidh cóiríochta i dtír neodrach, féadfaidh siad tairbhiú de na bearta sin roimh dheireadh na n-imeachtaí nó roimh chríochnú an phionóis, má thoilíonn an Chumhacht Choinneála leis sin.

Cuirfidh na Páirtithe sa choinbhleacht in iúl dá chéile ainmneacha na ndaoine a choinneofar go dtí deireadh na n-imeachtaí nó críochnú an phionóis.

Airteagal 116.

Is ar an gCumhacht a bhfuil na príosúnaigh sin ina cleithiúnas a bheidh na costais a bhainfidh le príosúnaigh a athdhúichiú, nó lena n-iompar go tír neodrach, ó theorainn na Cumhachta Coinneála.

Airteagal 117.

Ní cead aon duine athdhúichithe a fhostú ar fianas.

Alt II.—Príosúnaigh Chogaidh a Shaoradh agus a Athdhúichiú i ndeireadh na Cogaíochta.

Airteagal 118.

Déanfar príosúnaigh chogaidh a shaoradh agus a athdhúichiú gan mhoill tar éis cogaíocht ghníomhach a bheith críochnaithe.

Mura mbíonn coinníollacha dá réir sin thuas in aon chomhaontú a dhéanfar idir na Páirtithe sa choinbhleacht d'fhonn deireadh a chur leis an gcogaíocht, nó, cheal aon chomhaontaithe den sórt sin, déanfaidh gach ceann ar leith de na Cumhachtaí Coinneála scéim athdhúichithe a leagan amach agus a chur i bhfeidhm, í féin, de réir an phrionsabail atá leagtha amach sa mhír sin roimhe seo.

I gceachtar cás acu, cuirfear i bhfios do na príosúnaigh chogaidh na bearta a bheidh ceaptha. I ngach uile chás, déanfar na costais a bhainfidh le hathdhúichiú príosúnach cogaidh a chionroinnt go cothrom idir an Chumhacht Choinneála agus an Chumhacht a bhfuil na príosúnaigh ina cleithiúnas. Déanfar an chionroinnt sin ar an bhforas seo a leanas:

(a) Má tá dá Chumhacht teorantach le chéile, beidh costais an athdhúichithe ó theorainn na Cumhachta Coinneála ina muirear ar an gCumhacht a bhfuil na príosúnaigh chogaidh ina cleithiúnas.

(b) Mura bhfuil an dá Chumhacht teorantach le chéile, is ar an gCumhacht Choinneála a bheidh na costais a bhainfidh le hiompar na bpríosúnach cogaidh ar a críoch féin chomh fada lena teorainn nó leis an bport loingsithe is gaire do chríoch na Cumhachta a bhfuil na príosúnaigh ina cleithiúnas. Déanfaidh na Páirtithe a bheidh i gceist comhaontú eatarthu féin faoi chionroinnt chothrom na coda eile de chostais an athdhúichithe. Ní cead, i gcás ar bith, aon mhoill a chur ar athdhúichiú na bpríosúnach cogaidh ar an á bhar go bhfuil an chomhaontú le tabhairt i gcrích.

Airteagal 119.

Déanfar an t-athdhúichiú in imthosca cosúil leis na himthosca atá leagtha síos in Airteagail 46 go 48, go huile, den choinbhinsiún seo maidir le príosúnaigh chogaidh a aistriú, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 118 agus d'fhorálacha na míreanna ina dhiaidh seo.

Ar iad a athdhúichiú, déanfar aon earraí luachmhara a tógadh ó phríosúnaigh chogaidh faoi Airteagal 18, agus aon airgead reatha eachtrannach nár sóinseáladh in airgead reatha na Cumhachta Coinneála, a thabhairt ar ais dóibh. Aon earraí luachmhara agus airgead reatha eachtrannach nach dtugtar ar ais, ar chúis ar bith, do phríosúnaigh chogaidh ar iad a athdhúichiú, cuirfear ar aghaidh iad chun na hOifige Eolais a bheidh bunaithe faoi Airteagal 122.

Ligfear do phríosúnaigh chogaidh a n-earraí pearsanta, agus aon chomhfhreagras agus beartáin a bheidh tagtha lena n-aghaidh, a thabhairt leo. Féadfar teorainn a chur le meáchan an bhagáiste sin, más gá é mar gheall ar choinníollacha an athdhúichithe, agus gan a cheadú do phríosúnach ach an méid is féidir leis a iompar de réir réasúin a thabhairt leis: Údarófar do gach príosúnach i ngach cás cúig chileagram is fiche ar a laghad a iompar.

Fágfar earraí pearsanta eile de chuid an phríosúnaigh athdhúichithe faoi chúram na Cumhachta Coinneála agus cuirfidh an Chumhacht sin ar aghaidh chuige iad a luaithe a bheidh comhaontú chuige sin déanta aici leis an gCumhacht a bhfuil an príosúnach ina chleithiúnas ag socrú na gcoinníollacha iompair agus íoc na gcostas a bheidh i gceist.

Féadfar príosúnaigh chogaidh a mbeidh imeachtaí coiriúla i gcion indíotáilte ar feitheamh ina n-aghaidh a choinneáil go dtí go mbeidh críoch leis na himeachtaí sin agus, más gá, go dtí críochnú an phionóis. Bainfidh an rud céanna le príosúnaigh chogaidh a ciontaíodh i gcion indíotáilte.

Cuirfidh Páirtithe sa choinbhleacht in iúl dá chéile ainmneacha aon phríosúnach cogaidh a choinneofar go dtí go mbeidh deireadh le himeachtaí ina gcoinne nó deireadh lena bpionós.

Trí chomhaontú idir na Páirtithe sa choinbhleacht, bunófar coimisiúin chun príosúnaigh chogaidh atá scaipthe a lorg agus chun a áirithiú go ndéanfar iad a athdhúichiú a luaithe is féidir.

Alt III.—Bás Príosúnach Cogaidh.

Airteagal 120.

Tarraingeofar suas uachtanna príosúnach cogaidh ar dhóigh go mbeidh siad de réir na gcoinníollacha bailíochta a fhoráiltear le reachtaíocht a dtíre tionscnaimh, agus déanfaidh an tír sin bearta chun go gcuirfear na coinníollacha sin in iúl don Chumhacht Choinneála. Ar iarratas ó phríosúnach cogaidh agus, i ngach cás, tar éis a bháis, cuirfear an uacht ar aghaidh gan mhoill go dtí an Chumhacht Choimirceach; agus cuirfear cóip dheimhnithe go dtí an Lár-Ghníomhaireacht.

Déanfar deimhnithe báis, san fhoirm a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, nó liostaí arna ndeimhniú ag oifigeach freagrach, de na daoine uile a gheobhaidh bás ina bpríosúnaigh chogaidh, a chur ar aghaidh chomh tapa agus is féidir go dtí an Oifig Eolais i dtaobh Príosúnach Cogaidh a bheidh bunaithe de réir Airteagal 122. Sna deimhnithe báis sin nó sna liostaí sin tabharfar sonraí atheantais mar atá leagtha amach sa triú mír d'Airteagal 17, agus freisin dáta agus áit an bháis, an chúis bháis, dáta agus ionad an adhlactha agus na sonraí uile is gá chun na huaigheanna a aithint:

Sula ndéanfar corp príosúnaigh cogaidh a adhlacadh nó a chréamadh, déanfar scrúdú liachta ar an gcorp d'fhonn bás a chinntiú, agus chun go bhféadfar tuarascáil a thabhairt, agus, i gcás inar gá é, a chinntiú cé hé an duine marbh.

Féachfaidh na húdaráis choinneála chuige go ndéanfar príosúnaigh chogaidh a fuair bás i mbraighdeanas a adhlacadh go measúil agus más féidir é, de réir deasghnátha a reiligiúin, go dtabharfar urraim dá n-uaigheanna, go gcoimeádfar i dtreo agus go marcálfar iad mar is cuí ionas go bhfeadfar teacht orthu i gcónaí. Aon uair is féidir sin, adhlacfar san ionad céanna na príosúnaigh chogaidh a bhí i gcleithiúnas na Cumhachta céanna.

Is in uaigheanna ar leith dóibh féin a adhlacfar príosúnaigh chogaidh mharbha, mura gá ar chúiseanna dosheachanta, iad a chur in uaigh i dteannta a chéile. Ní cead an corp a chréamadh ach ar chúiseanna dianriachtanacha sláinteachais, nó mar gheall ar reiligiún an mhairbh nó de bhrí go raibh sé curtha in iúl aige go sainráite gurbh é ab áil leis. I gcás an corp a chréamadh, ní mór a rá go n-dearnadh amhlaidh, agus an fáth a lua, i ndeimhniú báis an duine mhairbh.

Chun go bhféadfar i gcónaí teacht ar uaigheanna, déanfar sonraí uile an adhlactha agus na n-uaigheanna a chlárú le Seirbhís chun Uaigheanna a Chlárú a bheidh bunaithe ag an gCumhacht Choinneála. Déanfar liostaí na n-uaigheanna, agus sonraí na bpríosúnach cogaidh a adhlacadh i reiligí agus in áiteanna eile, a chur chuig an gCumhacht a raibh na príosúnaigh sin ina cleithiúnas. Is ar an gCumhacht ag a mbeidh urlámhas ar an gcríoch a bheidh sé de fhreagracht aire a thabhairt do na huaigheanna sin agus taifid a choimeád i dtaobh aon aistrithe ina dhiaidh sin ar na coirp, má tá an Chumhacht sin ina Páirtí sa Choinbhinsiún seo. Bainfidh na forálacha sin freisin le luaith na marbh, a choimeádfaidh an tSeirbhís chun Uaigheanna a Chlárú go dtí go gcuirfidh an tír bhunaidh in iúl cad atá le déanamh ina taobh.

Airteagal 121.

Gach cás ina bhfaighidh príosúnach cogaidh bás, ná ina ndéanfar díobháil mhór dó, agus gur faraire, príosúnach cogaidh eile, nó duine ar bith eile, ba chúis leis, nó go bhfuil amhras ann gurb ea, agus gach cás ina bhfaighidh duine bás ó chúis aineoil cuirfidh an Chumhacht Choinneála fiosrúchán oifigiúil faoi ar bun láithreach ina dhiaidh.

Cuirfear scéala láithreach chun na Cumhachta Coimircí ina thaobh sin. Glacfar ráitis ó fhinnéithe, go háirithe ó finnéithe atá ina bpríosúnaigh chogaidh, agus cuirfear tuarascáil a mbeidh na ráitis sin inti ar aghaidh chun na Cumhachta Coimircí.

Má léiríonn an fiosrúchán go bhfuil duine nó daoine ciontach déanfaidh an Chumhacht Choinneála gach beart is gá chun an duine nó na daoine atá freagrach a ionchúiseamh.

CUID V.—OIFIGI EOLAIS AGUS CUMAINN FOIRITHINTE DO PHRIOSUNAIGH CHOGAIDH.

Airteagal 122.

Ar choinbhleacht a bhriseadh amach, agus i ngach cás forghabhála, tionscnóidh gach ceann de na Páirtithe sa choinbhleacht Oifig Eolais oifigiúil do phríosúnaigh chogaidh atá faoina urláimh. Na cumhachtaí neodracha nó neamhchogaíocha a mbeidh daoine d'earnáil dá dtagraítear in Airteagal 4 glactha isteach ina gcríoch acu, déanfaidh siad an rud céanna i gcás na ndaoine sin. Féachfaidh an Chumhacht a bheidh i gceist chuige go dtabharfar d'Oifig Eolais na bPríosúnach Cogaidh an chóiríocht, an fhoireann agus an trealamh is gá, chun í a oibriú go héifeachtúil. Beidh cead aici príosúnaigh chogaidh a fhostú in Oifig den sórt sin faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Alt den Choinbhinsiún seo a bhaineann le hobair ag príosúnaigh chogaidh.

Taobh istigh den tréimhse is giorra is féidir, tabharfaidh gach ceann de na Páirtithe sa choinbhleacht dá Oifigí an t-eolas dá dtagraítear sa cheathrú, sa chúigiú agus sa séú mír den Airteagal seo maidir le haon duine naimhdeach d'earnáil dá dtagraítear in Airteagal 4 a tháinig faoina urláimh. Déanfaidh cumhachtaí neodracha nó neamhchogaíocha an rud céanna maidir le daoine de na hearnálacha sin a bheidh glactha isteach ina gcríoch féin acu.

Cuirfidh an Oifig an t-eolas sin ar aghaidh láithreach chomh tapa agus is féidir go dtí na Cumhachtaí lena mbaineann an scéal, trí na Cumhachtaí Coimirceacha agus tríd an Lár-Ghníomhaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 123.

Tabharfar an t-eolas sin sa dóigh go bhféadfar scéala a chur go tapa go dtí na neasghaolta lena mbaineann. Faoi réir forálacha Airteagal 17, áireofar san eolas sin, chomh fada agus a bheidh fáil ar a leithéid ag an Oifig Eolais, i gcás gach príosúnaigh, a shloinne, a chéad-ainmneacha, a chéim, a uimhir airm nó reisiminte, a uimhir phearsanta nó a shraithuimhir, áit agus dáta a bhreithe go hiomlán, an Chumhacht a bhfuil sé ina cleithiúnas, céad-ainm a athar agus sloinne a mháthar sular phós sí, ainm agus seoladh an duine a bhfuil scéala le cur chuige, agus an seoladh a bhféadfar comhfhreagras don phríosúnach a chur chuige.

Gheobhaidh an Oifig Eolais, ó na ranna éagsúla lena mbainfidh, eolas maidir le príosúnaigh a aistriú, a shaoradh, a athdhiúchiú, a éalú, a ligean isteach in ospidéal, agus a fháil bháis, agus cuirfidh sí an t-eolas sin ar aghaidh ar an modh a thuairiscítear sa tríú mír thuas.

Mar an gcéanna, soláthrófar go rialta, gach seachtain más féidir, eolas ar staid sláinte na bpríosúnach cogaidh atá an-bhreoite nó atá créachtaithe go holc.

Beidh de chúram ar an Oifig Eolais freisin freagra a thabhairt ar gach ceist a chuirfear chuici maidir le príosúnaigh chogaidh, lena n-áirítear príosúnaigh a fuair bás i mbraighdeanas; déanfaidh sí aon fhiosruithe is gá chun an t-eolas a iarrfar a fháil, mura bhfuil an t-eolas sin aici.

Déanfar gach scéala a thabharfaidh an Oifig i scríbhinn a fhíordheimhniú le síniú nó le séala.

Beidh de chúram ar an Oifig Eolais freisin gach earra pearsanta luachmhar, lena n-áirítear suimeanna in airgead reatha seachas airgead reatha na Cumhachta Coinneála agus doiciméid a bheadh tábhachtach do na neasghaolta, a bheidh fágtha ina ndiaidh ag príosúnaigh chogaidh a athdhúichíodh nó a saoradh, nó a d'éalaigh nó a fuair bás, agus cuirfidh sí na hearraí luachmhara sin ar aghaidh go dtí na Cumhachtaí lena mbainfidh. Cuirfidh an Oifig na hearraí sin ar aghaidh i bpacáidí séalaithe lena ngabhfaidh ráitis a thabharfaidh, go hiomlán agus go soiléir, sonraí aitheantais an duine ar leis na hearraí, agus liosta iomlán de na nithe sa bheartán. Déanfar earraí pearsanta eile le príosúnaigh chogaidh den sórt sin a chur ar aghaidh de réir comhshocruithe ar a gcomhaontófar idir na Páirtithe sa choinbhleacht a bheidh i gceist.

Airteagal 123.

Cuirfear Lár-Ghníomhaireacht Eolais i dtaobh Príosúnach Cogaidh ar bun i dtír neodrach. Má mheasann Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur gá é, molfaidh sé do na Cumhachtaí a bheidh i gceist Gníomhaireacht dá leithéid a eagrú.

Is é cúram a bheidh ar an nGníomhaireacht gach eolas a chruinniú a gheobhaidh sí trí mheáin oifigiúla nó phríobháideacha maidir le príosúnaigh chogaidh, agus an t-eolas sin a chur ar aghaidh chomh tapa agus is féidir go dtí tír tionscnaimh na bpríosúnach cogaidh nó go dtí an Chumhacht a bhfuil siad ina cleithiúnas. Tabharfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht gach saoráid di chun an t-eolas sin a chur ar aghaidh.

Iarrtar ar na hArdpháirtithe Conarthacha, agus go háirithe orthu siúd a dtairbhíonn a náisiúnaigh de sheirbhísí na Lár-Ghníomhaireachta, an cúnamh airgeadais a theastóidh uaithi a thabhairt don Ghníomhaireacht sin.

Ní bheidh na forálacha sin roimhe seo le léiriú ar dhóigh ar bith mar shrianadh ar ghníomhaíochtaí daonchairdiúla Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus na gcumann fóirithinte dá bhforáiltear in Airteagal 125.

Airteagal 124.

Beidh postas in aisce ar fáil ag na hOifigí Eolais náisiúnta agus ag an Lár-Ghníomhaireacht Eolais, maraon le gach díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 74, agus ina theannta sin, chomh fada agus is féidir é, díolúine ó tháillí teileagrafaíochta, nó, ar a laghad, rátaí a bheidh laghdaithe go mór.

Airteagal 125.

Faoi réir na mbeart a mheasfaidh na Cumhachtaí Coinneála a bheith riachtanach chun a slándáil a chur in áirithe nó chun freastal d'aon ghá eile, gheobhaidh na hionadaithe d'eagraíochtaí reiligiúnacha, do chumainn fóirithinte nó d'aon eagraíocht eile a chabhraíonn le príosúnaigh chogaidh, ó na Cumhachtaí sin, lena n-aghaidh féin agus le haghaidh a ngníomhairí cuí-údaraithe, gach saoráid is gá chun cuairt a thabhairt ar na príosúnaigh, chun soláthairtí fóirithinte agus ábhair, ó fhoinse ar bith, le haghaidh cuspóirí reiligiúin, oideachais nó caitheamh aimsire a dháileadh. agus chun cuidiú leo ag riaradh a dtréimhse scíthe sna campaí, Féadfar na cumainn nó na heagraíochtaí sin a thionscnamh i gcríoch na Cumhachta Coinneála nó in aon tír eile, nó féadfaidh siad bheith de chineál idirnáisiúnta.

Féadfaidh an Chumhacht Choinneála teorainn a chur leis an méid cumann agus eagraíochtaí a gceadófar dá dtoscairí a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ina críoch agus faoina maoirseacht, ar choinníoll, áfach, nach gcuirfidh an teorainn sin bac ar fhóirithint éifeachtach leormhaith a thabhairt do gach príosúnach cogaidh.

Aithneofar agus urramófar i gcónaí staid speisialta Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge sa réim sin.

A luaithe a bheidh soláthairtí fóirithinte nó ábhair le haghaidh na gcuspóirí thuasluaite tugtha do na príosúnaigh chogaidh, nó go han-ghairid ina dhiaidh sin, déanfar admhálacha ar gach coinsíneacht, arna síniú ag ionadaí na bpríosúnach, a chur ar aghaidh go dtí an cumann fóirithinte nó an eagraíocht óna bhfuarthas iad. San am céanna, déanfaidh na húdaráis riaracháin a bheidh freagrach sna príosúnaigh a ghardáil admhálacha ar na coinsíneachtaí sin a shóláthar.

CUID VI.—COMHALLADH AN COINBHINSIUIN.

Alt I.—Forálacha Ginearálta.

Airteagal 126.

Beidh de chead ag ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha dul go dtí gach áit a mbeidh príosúnaigh chogaidh go háirithe áiteanna imtheorannaithe, príosúnachta agus saothair, agus beidh cead isteach acu in aon áitreabh atá ar áitiú ag na príosúnaigh; ligfear dóibh freisin dul go dtí na háiteanna a mbeidh príosúnaigh atá á n-aistriú ag imeacht uathu, ag gabháil tríothu agus ag teacht chucu. Féadfaidh siad na príosúnaigh, agus go háirithe ionadaithe na bpríosúnach, a agallamh, gan finnéithe, go pearsanta nó trí theangairí.

Beidh saoirse iomlán ag ionadaithe agus toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha na háiteanna arb áil leo cuairt a thabhairt orthu a thoghadh. Ní chuirfear srian le fad ná le minicíocht na gcuairteanna sin. Ní cead cuairteanna a thoirmeasc ach ar chúiseanna dianriachtanais mhíleata, agus sa chás sin féin mar rud eisceachtúil sealadach.

Féadfaidh an Chumhacht Choinneála agus an Chumhacht a bhfuil na príosúnaigh sin ina cleithiúnas a chomhaontú, más gá sin, go gceadófar do chomhthírigh leis na príosúnaigh chogaidh sin bheith páirteach sna cuairteanna sin.

Beidh na sainchumais chéanna ag toscairí Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge. Cuirfear ceapadh na dtoscairí sin i gcead na Cumhachta atá ag coinneáil na bpríosúnach cogaidh a bhfuil cuairt le tabhairt orthu.

Airteagal 127.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin téacs an Choinbhinsiúin seo a chraobhscaoileadh chomh forleathan agus is féidir ina dtíortha faoi seach, in aimsir shíochána agus in aimsir chogaidh, agus, go háirithe, staidéar ar an gCoinbhinsiún a chur ar a gcláir teagaisc, idir mhíleata agus, más féidir é, shibhialta, ionas go mbeidh a phrionsabail ar eolas ag a bhfórsaí armtha go léir agus ag an bpobal ar fad.

Aon údaráis mhíleata nó aon údaráis eile a ghabhfaidh orthu féin, in aimsir chogaidh, freagrachtaí i leith príosúnach cogaidh, ní foláir dóibh téacs an Choinbhinsiúin seo a bheith acu agus teagasc speisialta a fháil ar a fhorálacha.

Airteagal 128.

Cuirfidh na hArdpháirtithe Conarthacha chun a chéile, trí Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise agus, le linn cogaíochta, trí na Cumhachtaí Coimirceacha, na tiontuithe oifigiúla ar an gCoinbhinsiún seo, maraon leis na dlíthe agus na rialacháin a mbeidh glactha acu leo chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é.

Airteagal 129.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin aon reachtaíocht a achtú is gá chun smachtbhannaí pionósacha le héifeacht a fhoráil do dhaoine a dhéanfaidh, nó a ordóidh go ndéanfar, sárú tromchúiseach mar a mhínítear san Airteagal ina dhiaidh seo ar an gCoinbhinsiún seo.

Beidh d'oibleagáid ar gach Ardpháirtí Conarthach daoine a chuardach a mbeifear tar éis a líomhnú go ndearna siad sárú tromchúiseach den sórt sin, nó gur ordaigh siad é a dhéanamh, agus tabharfaidh sé na daoine sin, is cuma cad is náisiúntacht dóibh, os comhair a chúirteanna féin. Féadfaidh sé freisin, más é is fearr leis, agus de réir forálacha a reachtaíochta féin, na daoine sin a thabhairt suas le haghaidh trialach d'Ardpháirtí Conarthach eile lena mbainfidh an scéal ar choinníoll go mbeidh cás prima facie déanta amach ag an Ardpháirtí Conarthach sin.

Déanfaidh gach Ardpháirtí Conarthach na bearta is gá chun go gcuirfear faoi chois gach gníomh a bheidh contrártha d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, seachas na sáruithe tromchúiseacha a mhínítear san Airteagal ina dhiaidh seo.

I ngach cás, tairbheoidh na daoine cúisithe de dhearbhais maidir lena dtriail agus a gcosaint go cuí a bheidh ar a laghad chomh fabhrach leis na dearbhais a fhoráiltear le hAirteagal 105, agus na hAirteagail ina dhiaidh sin den Choinbhinsiún seo.

Airteagal 130.

Is iad na sáruithe tromchúiseacha lena mbaineann an tAirteagal sin roimhe seo, sáruithe ina ndéanfar aon ghníomh acu seo a leanas, i gcás é a dhéanamh i gcoinne daoine nó maoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo; marú toiliúil, céastóireacht nó ainíde mhídhaonnachtúil, lena n-áirítear turgnaimh bhitheolaíochta, duine a chur ag fulaingt go mór nó díobháil mhór a dhéanamh dó, go toiliúil, ina chorp nó ina shláinte, iachall a chur ar phríosúnach cogaidh fónamh i bhfórsaí na Cumhachta naimhdí, nó a chearta chun triail chóir rialta a fháil, mar a fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo, a bhaint de phríosúnach cogaidh.

Airteagal 131.

Ní ligfear d'aon Ardpháirtí Conarthach é féin ná aon Ardpháirtí Conarthach eile a shaoradh ó aon dliteanas a thitfidh air féin nó ar aon Ardpháirtí Conarthach eile mar gheall ar sháruithe dá dtagraítear san Airteagal sin roimhe seo.

Airteagal 132.

Ar iarratas ó Pháirtí sa choinbhleacht, cuirfear fiosrúchán ar bun, ar dhóigh a shocrófar idir na Páirtithe leasmhara, faoi aon sárú a líomhnófar a rinneadh ar an gCoinbhinsiún.

Mura dtiocfar ar chomhaontú i dtaobh an nós imeachta san fhiosrúchán, is ceart do na Páirtithe aontú ar mholtóir a shocróidh an nós imeachta is inleanta.

Ón uair a shuífear an sárú, cuirfidh na Páirtithe sa choinbhleacht deireadh leis agus cuirfidh siad faoi chois é a luaithe is féidir.

ALT II.—Forálacha Deiridh.

Airteagal 133.

Tá an Coinbhinsiún seo leagtha amach i mBéarla agus i bhFraincis. Tá an dá théacs chomh barántúil lena chéile.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise socrú chun tiontú oifigiúil ar an gCoinbhinsiún a dhéanamh sa Rúisis agus sa Spáinnis.

Airteagal 134.

Gabhann an Coinbhinsiún seo ionad Choinbhinsiún an 27 Iúil, 1929, i gcúrsaí caidrimh idir na hArdpháirtithe Conarthacha.

Airteagal 135.

Sa chaidreamh idir na Cumhachtaí atá faoi cheangal ag Coinbhinsiún an Háig maidir le Dlíthe agus Nósanna an Chogaidh ar Talamh, cibé acu Coinbhinsiún an 29 Iúil, 1899, nó Coinbhinsiún an 18 Deireadh Fómhair, 1907, é, agus atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún seo, beidh an Coinbhinsiún seo forlíontach ar Chaibidil II de na Rialacháin atá i gceangal le Coinbhinsiúin thuasluaite an Háig.

Airteagal 136.

Féadfar an Coinbhinsiún seo, atá faoi dháta an lae inniu, a shíniú go dtí an 12 Feabhra, 1950, in ainm na gCumhachtaí a raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil a thosaigh sa Ghinéive an 21 Aibreán, 1949; agus, fairis sin, ag Cumhachtaí nach raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil sin ach atá ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún an 27 Iúil, 1929.

Airteagal 137.

Daingneofar an Coinbhinsiún seo a luaithe is féidir agus taiscfear na daingniúcháin i mBeirn.

Déanfar amach taifead i dtaobh taisceadh gach ionstraime daingniúcháin agus déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cóipeanna deimhnithe den taifead sin a chur go dtí na Cumhachtaí uile ar síníodh an Coinbhinsiún ina n-ainm, nó a mbeifear tar éis a chur in iúl go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 138.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm sé mhí tar éis dhá ionstraim dhaingniúcháin ar a laghad a bheith taiscthe.

Ina dhiaidh sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Ardpháirtí Conarthach sé mhí tar éis an ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

Airteagal 139.

Ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfaidh aon Chumhacht nach mbeidh an Coinbhinsiún seo sínithe ina hainm glacadh leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 140.

Déanfar fógraí go bhfuil glactha leis an gCoinbhinsiún a thabhairt i scríbhinn do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise, agus beidh éifeacht leis an nglacadh sé mhí tar éis an dáta a bhfaighfear na fógraí.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise na fógraí go bhfuil glactha leis an gCoinbhinsiún a chur in iúl do na Cumhachtaí uile a mbeidh an Coinbhinsiún sínithe ina n-ainm, nó a mbeidh fógra tugtha go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 141.

Tabharfaidh na dálaí dá bhforáiltear in Airteagail 2 agus 3 éifeacht láithreach do gach daingniúchán a bheidh taiscthe agus do gach glacadh leis an gCoinbhinsiún a bheidh curtha in iúl ag na Páirtithe sa choinbhleacht roimh thosach na cogaíochta nó na forghabhála nó dá éis. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise in iúl a thapúla is féidir aon fhógra a gheofar ó na Páirtithe sa choinbhleacht go bhfuil an Coinbhinsiún daingnithe acu nó go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 142.

Beidh sé ar chumas gach ceann de na hArdpháirtithe Conarthacha an Coinbhinsiún seo a shéanadh.

Cuirfear an séanadh in iúl i scríbhinn do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise, agus cuirfidh an Chomhairle sin ar aghaidh é go dtí Rialtais na nArdpháirtithe Conarthacha uile.

Beidh éifeacht ag an séanadh bliain tar éis a churtha in iúl do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise. Ach, i gcás séanadh a chur in iúl le linn an Chumhacht shéantach a bheith gafa i gcoinbhleacht, ní bheidh éifeacht ag an séanadh go dtí go mbeidh síocháin tugtha i gcrích agus go mbeidh deireadh leis na hoibríochtaí a bhainfidh le saoradh agus athdhúichiú na ndaoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo.

Ní bheidh éifeacht ag an séanadh ach amháin maidir leis an gCumhacht shéantach. Ní bhainfidh sé ar chor ar bith de na hoibleagáidí a mbeidh na Páirtithe sa choinbhleacht faoi cheangal i gcónaí iad a chomhlíonadh de bhua phrionsabail dhlí na náisiún, mar a leanann siad as an ngnáthamh atá bunaithe i measc pobal sibhialta agus as dlíthe na daonnachta agus mar is dual de réir choinsias an phobail.

Airteagal 143.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise an Coinbhinsiún seo a chlárú le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise in iúl freisin do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe gach fógra a gheobhaidh sí gur daingníodh an Coinbhinsiún seo nó gur glacadh leis nó gur séanadh é.

Dá fhianú sin tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, ar a lánchumhachtaí faoi seach a thaisceadh dóibh, tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú.

Arna dhéanamh sa Ghinéive an dara lá déag seo de Lúnasa, 1949, i mBéarla agus i bhFraincis. Taiscfear an scríbhinn bhunaidh i gcairtlanna Chónaidhm na hEilvéise. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cóipeanna deimhnithe di chun gach ceann de na Stáit a shínigh an Coinbhinsiún agus chun gach Stát a mbeidh glactha aige leis.

[Sínithe agus Iarscríbhinní anseo síos]

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Coinbhinsiún na Ginéive Maidir Le cosaint daoine sibhialta in aimsir chogaidh den 12 Lúnasa, 1949.

Tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, Lánchumhachtaigh ó na Rialtais a raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil Taidhleoireachta a tionóladh sa Ghinéive ón 21 Aibreán go dtí an 12 Lúnasa, 1949, chun Coinbhinsiún a bhunú le haghaidh Cosaint Daoine Sibhialta in Aimsir Chogaidh, tar éis comhaontú mar a leanas:

CUID I.—FORALACHA GINEARALTA.

Airteagal 1.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin an Coinbhinsiún seo a urramú agus deimhin a dhéanamh de go n-urramófar é i ngach uile chás.

Airteagal 2.

I dteannta na bhforálacha a chuirfear i gcrích in aimsir shíochána, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo i gcás cogaidh fhógartha nó i gcás aon choinbhleachta armtha eile a éireoidh idir dhá cheann nó níos mó de na hArdpháirtithe Conarthacha, fiú má bhíonn ceann acu gan an staid chogaidh a aithint.

Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún freisin i ngach cás ina ndéanfar forghabháil ar an iomlán nó ar chuid de chríoch Ardpháirtí Chonarthaigh, fiú mura ndéantar aon chomhrac armtha i gcoinne na forghabhála sin.

D'ainneoin go mbeadh ceann de na Cumhachtaí sa choinbhleacht gan bheith ina pháirtí sa Choinbhinsiún seo, fanfaidh na Cumhachtaí atá ina bpáirtithe ann faoi cheangal aige ina gcaidreamh lena chéile. Beidh siad faoi cheangal freisin ag an gCoinbhinsiún i leith na Cumhachta sin, má ghlacann an Chumhacht sin lena fhorálacha agus go gcuirfidh sí i bhfeidhm iad.

Airteagal 3.

I gcás coinbhleacht armtha nach coinbhleacht de chineál idirnáisiúnta a tharlú i gcríoch cheann de na hArdpháirtithe Conarthacha, beidh de cheangal ar gach Páirtí sa choinbhleacht na forálacha seo a leanas, ar a laghad, a chur i bhfeidhm:

(1) Na daoine nach nglacann aon pháirt ghníomhach sa chogaíocht, lena n-áirítear na comhaltaí d'fhórsaí armtha a leag síos a n-airm agus na daoine a bheidh curtha hors de combat mar gheall ar bhreoiteacht, créachtaí, cur faoi choinneáil, nó cúis ar bith eile, déileálfar go daonnachtúil leo i ngach uile chás, gan aon idirdhealú, leatromach mar gheall ar chine, dath, reiligiún nó creideamh, gnéas, fréamhshliocht nó rachmas nó aon dálaí eile dá samhail sin.

Chuige sin, tá, agus beidh, na gníomhartha seo a leanas toirmiscte, gach tráth agus gach áit, i leith na ndaoine thuasluaite:

(a) foréigean ar bheo agus ar phearsa duine, go háirithe dúnmharú de gach sórt, ciorrú, cruálacht agus céastóireacht;

(b) gialla a thógáil;

(c) anfhorlann ar dhínit duine, go háirithe uirísliú agus táirchéimniú;

(d) pianbhreith a ghearradh agus bású a dhéanamh gan breithiúnas a bheith fógartha roimh ré ag cúirt arna comhdhéanamh go cuí, maille le gach ráthaíocht bhreithiúnach a n-aithníonn pobail shibhialta gur den riachtanas í.

(2) Baileofar an lucht créachtaithe agus breoite agus tabharfar aireachas dóibh.

Féadfaidh comhlacht daonchairdiúil neamhchlaonta, ar nós Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, a sheirbhísí a thairiscint do na Páirtithe sa choinbhleacht.

Fairis sin, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall an t-iomlán nó cuid de na forálacha eile atá sa Choinbhinsiún seo a thabhairt i bhfeidhm, trí chomhaontuithe speisialta.

Ní cuirfidh feidhmiú na bhforálacha sin roimhe seo isteach ar stádas dlíthiúil na bPáirtithe sa choinbhleacht.

Airteagal 4.

Is iad na daoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún na daoine sin a dtarlóidh dóibh, tráth áirithe agus ar dhóigh ar bith, a bheith i gcás coinbhleachta nó forghabhála, i láimh Pháirtí sa choinbhleacht nó Cumhachta Forghabhála nach náisiúnaigh dá chuid nó dá cuid iad.

Ní choimircítear leis an gCoinbhinsiún náisiúnaigh de chuid Stáit nach bhfuil faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún. Ní áireofar náisiúnaigh de chuid Stáit neodraigh a dtarlóidh dóibh bheith i gcríoch Stáit chogaígh, ná náisiúnaigh de chuid Stáit chomhchogaígh, mar dhaoine coimircithe fad a bheidh gnáthionadaíocht taidhleoireachta ag an Stát ar náisiúnaigh di iad leis an Stát a bhfuil siad ina láimh.

Tá feidhm níos fairsinge, áfach, ag forálacha Chuid II, mar a mhínítear in Airteagal 13.

Ní áireofar mar dhaoine coimircithe de réir bhrí an Choinbhinsiúin seo daoine a choimircítear le Coinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid an Lucht Créachtaithe agus an Lucht Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949, nó le Coinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid na gComhaltaí Créachtaithe, Breoite agus Longbhriste d'Fhórsaí Armtha ar Muir den 12 Lúnasa, 1949, nó le Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949.

Airteagal 5.

Más rud é, i gcríoch Pháirtí sa choinbhleacht, gur deimhin leis an bPáirtí sin go bhfuil amhras cinnte nó cruthúnas ann go bhfuil duine coimircithe áirithe ag gabháil do ghníomhaíochtaí atá dochrach do shlándáil an Stáit, ní bheidh teideal ag an duine áirithe sin chun cearta agus pribhléidí a éileamh faoin gCoinbhinsiún seo de shaghas a bheadh, dá dtugtaí feidhm dóibh i bhfabhar an duine áirithe sin, dochrach do shlándáil an Stáit sin.

Más rud é, i gcríoch faoi fhorghabháil, go gcuirfear coinneáil ar dhuine coimircithe áirithe ar an ábhar gur spiaire nó sabaitéir é, nó gur duine é a bhfuil amhras cinnte ann go bhfuil sé ag gabháil do ghníomhaíocht atá dochrach do shlándáil na Cumhachta Forghabhála, áireofar an duine sin, sna cásanna ina bhfuil dearbhghá leis ar mhaithe leis an tslándáil mhíleata, mar dhuine a bhfuil cearta cumarsáide faoin gCoinbhinsiún seo caillte aige.

Mar sin féin, déileálfar go daonnachtúil i ngach cás leis na daoine sin, agus, i gcás iad a thriail, ní bhainfear díobh na cearta a ordaítear leis an gCoinbhinsiún seo chun triail chóir rialta a fháil. Tabharfar dóibh freisin cearta agus pribhléidí iomlána duine choimircithe faoin gCoinbhinsiún seo a luaithe is féidir sin ag féachaint do shlándáil an Stáit nó na Cumhachta Forghabhála, cibé acu é.

Airteagal 6.

Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo ó thosach aon choinbhleachta nó forghabhála a luaitear in Airteagal 2.

I gcríoch na bPáirtithe sa choinbhleacht, scoirfidh feidhm an Choinbhinsiúin seo ar chríochnú ginearálta na n-oibríochtaí míleata.

I gcríoch faoi fhorghabháil, scoirfidh feidhm an Choinbhinsiúin seo i gceann bliana tar éis chríochnú ginearálta na n-oibríochtaí míleata; ach, fad a mhairfidh an fhorghabháil, beidh an Chumhacht Forghabhála faoi cheangal, sa mhéid go mbeidh feidhmeanna rialtais á n-oibriú ag an gCumhacht sin sa chríoch sin, ag forálacha na nAirteagal seo a leanas den Choinbhinsiún seo: 1 go 12, 27, 29 go 34, 47, 49, 51, 52, 53, 59, 61 go 77, 143.

Na daoine coimircithe a ndéanfar iad a shaoradh, a athdhúichiú nó a athbhunú i ndiaidh na ndátaí sin, tairbheoidh siad den Choinbhinsiún seo idir an dá linn.

Airteagal 7.

Maraon leis na comhaontuithe dá bhforáiltear go sainráite in Airteagail 11, 14, 15, 17, 36, 108, 109, 132, 133 agus 149, féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha comhaontuithe speisialta eile a dhéanamh i dtaobh gach ní ar dóigh leo é a bheith oiriúnach foráil ar leith a dhéanamh ina thaobh. Ní dhéanfaidh aon chomhaontú speisialta dochar do staid daoine coimircithe, mar a mhínítear sin leis an gCoinbhinsiún seo, ná ní chuirfidh sé srian leis na cearta a thugann an Coinbhinsiún seo dóibh.

Beidh tairbhe na gcomhaontuithe sin ag daoine coimircithe, fad a bhainfidh an Coinbhinsiún leo, ach amháin i gcás forálacha sainráite dá malairt a bheith sa chomhaontú réamhráite nó i gcomhaontuithe ina dhiaidh sin, nó i gcás socruithe níos fabhraí a bheith déanta ina dtaobh ag ceann amháin nó níos mó de na Páirtithe sa choinbhleacht.

Airteagal 8.

Ní féidir le daoine coimircithe séanadh a dhéanamh go hiomlán ná go páirteach, i gcás ar bith, ar na cearta a áirithítear dóibh leis an gCoinbhinsiún seo agus leis na comhaontuithe speisialta dá dtagraítear san Airteagal sin roimhe seo, má bhíonn a leithéid ann.

Airteagal 9.

Cuirfear an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm le comhoibriú agus faoi scrúdan na gCumhachtaí Coimirceacha, agus is é a ndualgas sin leasanna na bPáirtithe sa choinbhleacht a chaomhnú. Chuige sin, féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha toscairí, taobh amuigh dá bhfoireann taidhleoireachta nó consalachta, a cheapadh as measc a náisiúnach féin nó náisiúnach Cumhachtaí neodracha eile. Beidh na toscairí sin faoi réir a gceadaithe ag an gCumhacht a mbeidh siad lena ndualgais a chomhlíonadh maille léi.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall chun tasc ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha a éascú.

Ní rachaidh ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha in aon chás thar teorainn a misiúin féin faoin gCoinbhinsiún seo. Tabharfaidh siad aird, go háirithe, ar dhianriachtanais slándála an Stáit ina mbeidh a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 10.

Ní chuireann forálacha an Choinbhinsiúin seo aon bhac ar na gníomhaíochtaí daonchairdiúla a ghabhfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó aon eagraíocht daonchairdiúil neamhchlaonta eile, de láimh, faoi réir thoiliú na bPáirtithe sa choinbhleacht áirithe, chun daoine sibhialta a choimirciú agus chun fóirithint orthu.

Airteagal 11.

Féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha tráth ar bith comhaontú ar na dualgais a bheidh de chúram ar na Cumhachtaí Coimirceacha, de bhua an Choinbhinsiúin seo, a chur i muinín eagraíochta Idirnáisiúnta a thugann gach rathaíocht ar a neamhchlaontacht agus ar a héifeachtúlacht.

Mura bhfuil daoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo ag tairbhiú, nó má scoireann siad de bheith ag tairbhiú, ar chúis ar bith, de ghníomhaíochtaí Cumhachta Coimircí nó eagraíochta dá bhforáiltear sa chéad mhír thuas, iarrfaidh an Chumhacht Choinneála ar Stát neodrach, nó ar eagraíocht den sórt sin, na feidhmeanna a ghabháil de láimh a bheidh á gcomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún seo ag Cumhacht Choimirceach arna hainmniú ag na Páirtithe i gcoinbhleacht.

Mura féidir coimirce a shocrú dá réir sin, ansin, faoi réir forálacha an Airteagail seo, iarrfaidh an Chumhacht Choinneála ar eagraíocht daonchairdiúil, ar nós Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, na feidhmeanna daonchairdiúla a ghabháil de láimh a bheidh á gcomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún seo ag Cumhachtaí Coimirceacha, nó glacfaidh sí le tairiscint seirbhísí ó eagraíocht den sórt sin.

Aon Chumhacht neodrach, nó aon eagraíocht a gheobhaidh iarratas ón gCumhacht a bheidh i gceist nó a dhéanfaidh tairiscint chuige sin, beidh uirthi gníomhú le tuiscint ar a freagracht i leith an Pháirtí sa choinbhleacht a bhfuil na daoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo ina cleithiúnas, agus beidh uirthi ráthaíochtaí sásúla a thabhairt go bhfuil sí inniúil ar na feidhmeanna iomchuí a ghabháil de láimh agus iad a chomhlíonadh go neamhchlaonta.

Ní bhainfear de na forálacha sin roimhe seo le comhaontuithe speisialta idir Cumhachtaí a mbeidh ceann acu, fiú go sealadach, faoi shrian ar a saoirse chun margaíocht a dhéanamh leis an gCumhacht eile nó lena comhghuaillithe, de bhíthin teagmhas míleata, go háirithe i gcás an t-iomlán, nó cuid mhaith, de chríoch na Cumhachta sin a bheith faoi fhorghabháil.

Aon uair a dhéantar tagairt do Chumhacht Choimirceach sa Choinbhinsiún seo, baineann an tagairt sin freisin le heagraíochtaí ionaid de réir bhrí an Airteagail seo.

Beidh réim ag forálacha an Airteagail seo maidir le náisiúnaigh de chuid Stáit neodraigh atá i gcríoch faoi fhorghabháil nó a dtarlóidh dóibh bheith i gcríoch Stáit chogaígh nach bhfuil gnáthionadaíocht taidhleoireachta ann ag an Stát ar náisiúnaigh de iad, agus cuirfear na forálacha in oiriúint do na cásanna sin.

Airteagal 12.

I gcásanna inar dóigh leo é a bheith fóinteach ar mhaithe le daoine coimircithe, go mór mór i gcás easaontais idir na Páirtithe sa choinbhleacht maidir le feidhm nó léiriú forálacha an Choinbhinsiúin seo, tabharfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha a gcuidiú chun an t-easaontas a réiteach.

Chuige sin, féadfaidh gach ceann de na Cumhachtaí Coimirceacha, ar iarratas a fháil ó Pháirtí amháin nó as a conlán féin, a mholadh do na Páirtithe sa choinbhleacht go dtiocfadh a n-ionadaithe i ndáil chruinnithe, go háirithe na húdaráis a bheidh freagrach i ndaoine coimircithe, ar thalamh neodrach, b'fhéidir, a thoghfar go hoiriúnach. Beidh de cheangal ar na Páirtithe sa choinbhleacht éifeacht a thabhairt do na tograí a chuirfear faoina mbráid chuige sin. Féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha, más gá, a chur i gcead na bPáirtithe sa choinbhleacht go nglacfaí le duine a bhaineann le Cumhacht neodrach, nó le duine a bheidh údaraithe ag Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, agus tabharfar cuireadh don duine sin páirt a ghlacadh sa chruinniú sin.

CUID II.—COIMIRCIU GINEARALTA POBAL AR IARMAIRTI AIRITHE COGAIDH.

Airteagal 13.

Baineann forálacha Chuid II le pobail uile na dtíortha a bheidh i gcoinbhleacht, gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar chine, náisiúntacht, reiligiún ná tuairimí polaitíochta, agus is chun léan an chogaidh a mhaolú a beartaíodh iad.

Airteagal 14.

In aimsir shíochána, féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus, tar éis cogaíocht a bhriseadh amach, féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht, ina gcríoch féin agus, más gá, i limistéir faoi fhorghabháil, réigiúin agus líomatáistí ospidéalaíochta agus sábháilteachta a bhunú a bheidh eagraithe ar dhóigh go gcumhdófar ó iarsmaí cogaidh an lucht créachtaithe agus breoite, seandaoine, leanaí faoi bhun cúig bliana déag, mná le haghaidh clainne, agus máithreacha a bhfuil leanaí faoi bhun seacht mbliana acu.

Ó thosach na cogaíochta agus lena linn, féadfaidh na Páirtithe inti comhaontuithe a dhéanamh chun na réigiúin agus na líomatáistí a bheidh bunaithe acu a aithint. Chuige sin féadfaidh siad forálacha an Dréacht-Chomhaontaithe atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún seo a chur i gcrích, arna leasú mar a mheasfaidh siad is gá.

Iarrtar ar na Cumhachtaí Coimirceacha agus ar Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge a gcuidiú a thabhairt chun tionscnamh agus aithint na réigiún agus na líomatáistí ospidéalaíochta agus sábháilteachta sin a éascú.

Airteagal 15.

Féadfaidh aon Pháirtí sa choinbhleacht, go díreach nó trí Stát neodrach nó trí eagraíocht daonchairdiúil éigin, a mholadh don Pháirtí naimhdeach réigiúin neodracha a bhunú, sna réigiúin ina bhfuil troid ar siúl chun na daoine seo a leanas, gan aon idirdhealú, a dhídean ó iarsmaí cogaidh:

(a) comhraiceoirí nó neamhchomhraiceoirí atá créachtaithe nó breoite;

(b) daoine sibhialta nach nglacann aon pháirt sa chogaíocht agus, le linn cónaí a bheith orthu sna réigiúin sin, nach ndéanann aon obair de chineál míleata.

Nuair a bheidh na Páirtithe sa choinbhleacht tar éis comhaontú ar shuíomh geografach, ar riarachán, ar sholáthar bia agus ar mhaoirseacht an réigiúin neodraigh a bheidh molta, déanfaidh ionadaithe na bPáirtithe sa choinbhleacht comhaontú i scríbhinn a leagan amach agus a shíniú, Socrófar leis an gcomhaontú cathain a thosóidh neodrú an réigiúin agus cad é an fad a mhairfidh sé.

Airteagal 16.

Tabharfar coimirce agus urraim ar leith don lucht créachtaithe agus breoite, agus do na heasláin agus do mhná atá le haghaidh clainne.

Chomh fada agus a cheadóidh cúrsaí míleata é, tacóidh gach Páirtí sa choinbhleacht leis na bearta a dhéanfar chun na mairbh agus an lucht créachtaithe a lorg, chun cabhrú leis an lucht longbhriste agus le daoine eile atá i gcontúirt mhór, agus chun iad a chosaint ar shlad agus ar dhrochúsáid.

Airteagal 17.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a ndícheall comhaontuithe áitiúla a thabhairt i gcrích chun an lucht créachtaithe, an lucht breoite, daoine easlána agus seandaoine, leanaí agus mná i dtinneas clainne a thabhairt amach as límistéir atá faoi léigear nó faoi thimpeallú, agus chun pearsana eaglaise de gach reiligiún, pearsanra liachta agus trealamh liachta a ligean isteach go dtí na límistéir sin.

Airteagal 18.

Ní cead, in imthosca ar bith, ionsaí a dhéanamh ar ospidéil shibhialta a eagraíodh chun aireachas a thabhairt don lucht créachtaithe agus breoite, do dhaoine easlána agus do mhná i dtinneas clainne, ach déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht urraim agus coimirce a thabhairt dóibh i gcónaí.

Déanfaidh Stáit atá ina bPáirtithe i gcoinbhleacht deimhniú a thabhairt do gach ospidéal sibhialta á thaispeáint gurb ospidéal sibhialta é agus nach n-úsáidtear an foirgneamh ina bhfuil sé chun aon chríche a chuirfeadh an t-ospidéal ó theideal coimirce a fháil de réir Airteagal 19.

Marcálfar ar ospidéil shibhialta an feathal dá bhforáiltear in Airteagal 38 de Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid an Lucht Créachtaithe agus Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949, ach ní dhéanfar amhlaidh mura mbeidh sé údaraithe ag an Stát.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht na bearta is gá, sa mhéid go gceadóidh cúrsaí míleata é, chun go mbeidh na feathail ar leith lena gcuirtear ospidéil shibhialta in iúl sofheicthe ag fórsaí talún, aerfhórsaí, agus muirfhórsaí an namhad, ionas nach mbeidh siad in aon bhaol ionsaithe.

Mar gheall ar na contúirtí a d'fhéadfadh a bheith ann d'ospidéil toisc iad a bheith i gcóngar do chuspóirí míleata, moltar na hospidéil sin a bheith chomh fada agus is féidir ó na cuspóirí sin.

Airteagal 19.

Ní scoirfear den choimirce a dhlitear d'ospidéil shibhialta mura rud é go n-úsáidtear iad, taobh amuigh dá ndualgais dhaonchairdiúla, chun gníomhartha ba dhíobháil don namhaid a dhéanamh. Ní cead, áfach, scor den choimirce ach amháin tar éis rabhadh cuí a thabhairt ina sonrófar, i ngach cás iomchuí, teorainn ama réasúnach agus tar éis neamhaird a bheith tugtha ar an rabhadh sin.

Más rud é go bhfuil comhaltaí breoite nó créachtaithe de na fórsaí armtha á n-aireachasú sna hospidéil sin, nó go bhfuil airm éadroma agus armlón iontu a tógadh ó na comhraiceoirí sin agus nár tugadh suas fós don tseirbhís chuí, ní áireofar na nithe sin mar ghníomhartha ba dhíobháil don namhaid.

Airteagal 20.

Tabharfar urraim agus coimirce do dhaoine a bhíonn ag gabháil go rialta agus d'aontoisc d'oibriú agus riaradh ospidéal sibhialta, lena n-áirítear an pearsanra a bhíonn ag lorg, ag aistriú agus ag iompar sibhialtach créachtaithe agus breoite, daoine easlána agus mná i dtinneas clainne.

I gcríoch faoi fhorghabháil agus i réigiúin oibríochtaí míleata, beidh ag an bpearsanra sin, chun go n-aithneofar iad, cárta aitheantais a dheimhneoidh a stádas, a mbeidh grianghraf an tsealbhóra air agus stampa an údaráis fhreagraigh múnlaithe air, agus, freisin, crios muinchille uiscedhíonach stampáilte a chaithfidh siad ar an láimh chlé le linn dóibh bheith i mbun a ndualgas. Is é an Stát a eiseoidh an crios muinchille sin agus beidh air an feathal dá bhforáiltear in Airteagal 38 de Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid an Lucht Créachtaithe agus Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949.

Beidh urraim agus coimirce ag dul do phearsanra eile a bheidh ag gabháil d'oibriú agus riaradh ospidéal sibhialta agus beidh teideal acu an crios muinchille a chaitheamh, mar a fhoráiltear san Airteagal seo agus faoi na coinníollacha a ordaítear ann, le linn dóibh bheith ar fostú ar na dualgais sin. Luafar ar an gcárta aitheantais na dualgais ar a bhfuil siad ar fostú.

Déanfaidh lucht bainistí gach ospidéil liosta cothrom-le-dáta den phearsanra sin a choimeád ar fáil i gcónaí do na húdaráis náisiúnta inniúla nó do na húdaráis forghabhála.

Airteagal 21.

Déanfar conbhuanna d'fheithiclí nó otharthraenacha ar talamh. nó soithí a cuireadh ar fáil go speisialta ar muir, a mbeidh sibhialtaigh chréachtaithe agus bhreoite, daoine easlána agus mná i dtinneas clainne, a n-iompar acu, a urramú agus a choimirciú ar an gcuma chéanna leis na hoispidéil dá bhforáiltear in Airteagal 18, agus, le toiliú an Stáit beidh siad le haithint tríd an bhfeathal ar leith a thaispeáint a bhfuil foráil ina leith in Airteagal 38 de Choinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid an Lucht Créachtaithe agus an Lucht Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949.

Airteagal 22.

Ní dhéanfar ionsaí ar aerárthaí a úsáidtear d'aontoisc chun sibhialtaigh chréachtaithe agus bhreoite, daoine easlána agus mná i dtinneas clainne, a aistriú nó chun pearsanra agus trealamh liachta a iompar, ach tabharfar urraim dóibh le linn doibh bheith ag eitilt ar airde, in amanna agus ar chúrsaí, ar comhaontaíodh go sonrach ina dtaobh idir na Páirtithe uile as choinbhleacht a bheidh i gceist.

Féadfar iad a mharcáil leis an bhfeathal ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 38 den Choinbhinsiún le haghaidh Feabhsú Staid an Lucht Créachtaithe agus an Lucht Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949.

Mura gcomhaontófar ar a mhalairt, toirmisctear eitilt os cionn críoch an namhad nó críoch atá faoi fhorghabháil ag an namhaid.

Géillfidh na haerárthaí sin do gach gairm a chuirfear orthu tuirlingt. Más gá tuirlingt amhlaidh, féadfaidh an t-aerárthach agus na daoine inti leanúint dá gcúrsa tar éis a scrúdaithe, má dhéantar sin.

Airteagal 23.

Ligfidh gach Ardpháirtí Conarthach ar aghaidh gan bhac gach coinsíneacht de stórais liachta agus ospidéil, agus d'earraí is gá i gcóir seirbhísí creidimh, nach bhfuil beartaithe ach do shibhialtaigh d'Ardpháirtí Conarthach eile, fiú más namhaid dó féin an tArdpháirtí Conarthach eile sin. Mar an gcéanna ligfidh sé ar aghaidh gan bhac gach coinsíneacht de bhianna riachtanacha, d'éadaí agus d'íocshláintí do leanaí faoi bhun cúig bliana déag, do mhná le haghaidh clainne agus do mhná i dtinneas clainne.

An oibleagáid a chuirtear ar Ardpháirtí Conarthach coinsíneachtaí a shonraítear sa mhír sin roimhe seo a ligean ar aghaidh gan bhac, tá sí faoi réir an choinníll gur deimhin leis an bPáirtí sin nach bhfuil aon chúis mhór ann chun bheith faoi eagla:

(a) go ndéanfaí na coinsíneachtaí a choradh óna gceann cúrsa,

(b) nach mbeadh an t-urlámhas éifeachtach, nó

(c) go bhféadfadh an namhaid tairbhe chinnte a ghnóthú dá iarrachtaí míleata nó dá eacnamaíocht trí na coinsíneachtaí sin thuas a úsáid in ionad earraí a chaithfeadh an namhaid a chur ar fáil nó a tháirgeadh, murach sin, nó trí ábhair, seirbhísí nó saoráidí den sórt sin a scaoileadh a bheadh ag teastáil chun na hearraí sin a tháirgeadh, murach sin.

Féadfaidh an Chumhacht a ligfidh ar aghaidh na coinsíneachtaí a shonraítear sa chéad mhír den Airteagal seo coinníoll a chur leis an gcead á ligean ar aghaidh gur faoi mhaoirseacht áitiúil na gCumhachtaí Coimirceacha a dháilfear na coinsíneachtaí ar na daoine atá le tairbhiú dá mbarr.

Cuirfear na coinsíneachtaí sin ar aghaidh chomh tapa agus is féidir, agus beidh de cheart ag an gCumhacht a ligfidh ar aghaidh iad gan bhac a ordú cad iad na socruithe teicniúla faoina ligfear ar aghaidh iad amhlaidh.

Airteagal 24.

Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht na bearta is gá chun a áirithiú nach bhfágfar ar a gconlán féin leanaí, faoi bhun cúig bliana déag, atá ina ndílleachtaí nó atá scartha óna dteaghlaigh de dheasca an chogaidh, agus go dtabharfar saoráidí i gcónaí chun iad a chothabháil, chun cleachtadh a thabhairt dóibh ar a reiligiún agus chun oideachas a sholáthar dóibh. Chomh fada agus is féidir é, is daoine arb ionann a dtraidisiún cultúrtha a thabharfaidh an t-oideachas dóibh.

Tabharfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a gcuidiú chun go nglacfar na leanaí sin i dtír neodrach ar feadh an choinbhleachta, le toiliú na Cumhachta Coimircí, má tá sin ann, agus faoi ráthaíochtaí cuí go ndéanfar de réir na bprionsabal atá luaite sa chéad mhír anseo.

Fairis sin, déanfaidh siad a ndícheall chun a shocrú go bhféadfar gach leanbh faoi bhun dhá bhliain déag a aithint, trí theascanna aitheantais a bheith orthu nó ar dhóigh éigin eile.

Airteagal 25.

Féadfaidh gach duine i gcríoch Pháirtí sa choinbhleacht, nó i gcríoch atá faoi fhorghabháil aige, scéala ar chúrsaí fíorphearsanta a thabhairt do dhaoine dá dteaghlaigh, cibé áit a bhfuil siad, agus scéala a fháil uathu. Cuirfear an comhfhreagras sin ar aghaidh go tapa agus gan aon mhoill nach cuí.

Má tharlaíonn, de dhroim imthosca áirithe, gur deacair, nó nach féidir, comhfhreagras teaghlaigh a chomhalartú leis an ngnáthphost, iarrfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a bheidh i gceist ar idirghabhálaí neodrach, mar shampla an Lár-Ghníomhaireacht dá bhforáiltear in Airteagal 140, comhairle a ghlacadh leo faoi conas is fearr a d'fhéadfaidís a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, go háirithe le comhoibriú Cumann náisiúnta den Chrois Dhearg (den Chorráin Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg).

Má mheasann na Páirtithe sa choinbhleacht gur gá srian a chur le comhfhreagras teaghlaigh, ní chuirfear de shrian leis ach go gcaithfear cloí le foirmeacha caighdeánacha ina mbeidh cúig fhocal is fiche dá rogha féin, agus nach ndéanfar thar fhoirm amháin sa mhí a chur chun bealaigh.

Airteagal 26.

Cuideoidh gach Páirtí sa choinbhleacht leis an bhfiosrú a dhéanfaidh baill de theaghlaigh a bheidh scaipthe de dheasca an chogaidh d'fhonn teagmháil a dhéanamh le chéile arís, agus teacht le chéile más féidir sin. Tacóidh sé, go háirithe, le hobair eagraíochtaí a bheidh ag gabháil don ghnó sin, ar choinníoll gurb eagraíochtaí iad a bhfuil glacadh aige leo agus go ndéanfaidh siad de réir a rialachán slándála.

CUID III.—STADAS DAOINE COIMIRCITHE AGUS A gCOIREAIL.

Alt I.—Forálacha a bhfuil Comhbhaint acu le Críocha na bPáirtithe sa Choinbhleacht agus le Críocha faoi Fhorghabháil.

Airteagal 27.

Tá ceart ag daoine coimircithe i gcónaí chun urraime dá bpearsa, dá n-onóir, dá gcearta teaghlaigh, dá ndeimhní agus dá gcleachtais reiligiúin, agus dá mbéascna agus dá nósanna. Déileálfar leo go daonnachtúil i gcónaí, agus déanfar iad a choimirciú go háirithe ar gach gníomh foréigin nó bagairtí foréigin agus ar mhaslaí agus ar fhiosracht an phobail.

Déanfar mná a choimirciú go speisialta ar aon ion saíar a ngeanmnaíocht, go háirithe ar éigniú, ar mheirdreachas a chur d'fheidhm orthu, agus ar ionsaí mígheanasach de gach saghas.

Gan dochar do na forálacha a bhaineann le staid a sláinte, lena n-aois agus lena ngnéas, cuirfidh an Páirtí sa choinbhleacht an chóir chéanna ar na daoine coimircithe go léir a bheidh faoina n-urláimh, gan aon idirdhealú leatromach, a bheidh bunaithe, go háirithe, ar chine, reiligiún nó tuairimí polaitíochta.

Ach féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht na bearta smachta agus slándála a dhéanamh is gá de dheasca an chogaidh maidir le daoine coimircithe.

Airteagal 28.

Ní cead leas a bhaint as duine coimircithe a bheith ar an láthair chun pointí nó limistéir áirithe a thabhairt slán ó oibríochtaí míleata.

Airteagal 29.

Beidh an Páirtí sa choinbhleacht a mbeidh daoine coimircithe faoina láimh freagrach sa chóireáil a chuirfidh a ghníomhairí orthu, gan dochar d'aon fhreagracht phearsanta a thitfidh ar aon duine.

Airteagal 30.

Beidh gach saoráid ag daoine coimircithe chun iarratas a chur faoi bhráid na gCumhachtaí Coimirceacha, Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, Cumann náisiúnta den Chrois Dhearg (den Chorráin Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg) sa tír ina bhfuil siad, maraon le haon eagraíocht a d'fhéadfadh cabhrú leo.

Déanfaidh na húdaráis gach saoráid chuige sin, laistigh de na teorainneacha a chuirfidh riachtanais mhíleata nó riachtanais slándála leo, a thabhairt do na heagraíochtaí éagsúla sin.

Taobh amuigh de na cuairteanna ó thoscairí na gCumhachtaí Coimirceacha agus Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, dá bhforáiltear in Airteagal 143, éascóidh na Cumhachtaí Coinneála nó Forghabhála, an oiread agus is féidir é, cuairteanna ar dhaoine coimircithe ag ionadaithe ó eagraíochtaí eile arb é a gcuspóir cúnamh spriodálta nó fóirithint nithiúil a thabhairt dóibh.

Airteagal 31.

Ní dhéanfar aon chomhéigniú, corpartha ná morálta, ar dhaoine coimircithe, go háirithe chun eolas a fháil uathu féin nó ó dhaoine eile.

Airteagal 32.

Comhaontaíonn na hArdpháirtithe Conarthacha go sonrach go bhfuil toirmeasc ar gach ceann acu aon bheart a dhéanamh de chineál a thabharfadh fulgaint chorpartha nó díothú ar dhaoine coimircithe faoina láimh. Baineann an toirmeasc sin, ní amháin le dúnmharú, céastóireacht, pionós corpartha, ciorrú agus turgnaimh liachta nó eolaíochta nach bhfuil riachtanach chun cóir leighis a chur ar dhuine coimircithe, ach fós le haon bhearta eile brúidiúlachta, cibé acu gníomhairí sibhialta nó gníomhairí míleata a dhéanfadh iad.

Airteagal 33.

Ní cead aon duine coimircithe a phionósú i gcion nach ndearna sé féin nó í féin go pearsanta. Toirmisctear pionóis chomhchoiteanna, agus mar an gcéanna gach beart imeaglaithe nó sceimhlithe.

Toirmisctear slad.

Toirmisctear díoltas a agairt ar dhaoine coimircithe nó ar a maoin.

Airteagal 34.

Toirmisctear gialla a thógáil.

Alt II.—Eachtrannaigh i gCríoch Pháirtí sa Choinbhleacht.

Airteagal 35.

Gach duine coimircithe a dteastóidh uaidh an chríoch a fhágáil i dtosach coinbhleachta nó lena linn, beidh de cheart aige é sin a dhéanamh mura bhfuil sé i gcoinne leas náisiúnta an Stáit é a imeacht. Cinnfear de réir nós imeachta rialta iarratais na ndaoine sin ar chead imeachta, agus déanfar an cinneadh a luaithe is féidir. Féadfaidh na daoine a gceadófar dóibh imeacht an t-airgead is gá le haghaidh a dturais a sholáthar dóibh féin agus méid réasúnach dá n-earraí agus de nithe le haghaidh úsáide pearsanta a thabhairt leo.

Má dhiúltaítear cead d'aon duine den sórt sin an chríoch a fhágáil, beidh sé de cheart aige an diúltú sin a chur á athbhreithniú a luaithe is féidir é ag cúirt nó bord riaracháin inniúil a shonróidh an Chumhacht Choinneála chuige sin.

Má dhéantar iarratas chuige sin, inseofar d'ionadaithe na Cumhachta Coimircí, mura bhfuil cúiseanna slándála á chosc, nó mura gcuirfidh na daoine a bheidh i gceist ina choinne, na fáthanna gur diúltaíodh aon iarratas ar chead imeachta as an gcríoch, agus tabharfar dóibh, chomh luath agus is féidir é, ainmneacha na ndaoine go léir ar diúltaíodh cead imeachta dóibh.

Airteagal 36.

Nuair a cheadófar do dhaoine imeacht faoin Airteagal deiridh sin roimhe seo, socrófar go n-imeoidh siad faoi choinníollacha sásúla maidir le sábháilteacht, sláinteachas, sláintíocht agus bia. Is ar an tír chinn scríbe nó, i gcás cóiríocht a sholáthar i dtír neodrach, ar an gCumhacht a dtairbheoidh a náisiúnaigh dá bharr, a bheidh an costas go léir a bhainfidh lena n-imeacht, ón bpointe fágála i gcríoch na Cumhachta Coinneála. Féadfar, más gá, sonraí inoibrithe na ngluaiseachtaí sin a shocrú trí chomhaontú speisialta idir na Cumhachtaí a bheidh i gceist.

Ní dhéanfaidh a bhfuil anseo roimhe seo dochar d'aon chomhaontuithe speisialta a bheidh déanta idir Páirtithe sa choinbhleacht maidir le náisiúnaigh dá gcuid atá faoi láimh an namhad a mhalartú agus a athdhúichiú.

Airteagal 37.

Fad a bheidh siad faoi ghaibhniú déileálfar go daonnachtúil le daoine coimircithe a bheidh faoi ghaibhniú ag feitheamh ar imeachtaí nó faoi phianbhreith lena ngabhann cailleadh saoirse.

Chomh luath is a shaorfar iad, féadfaidh siad cead a iarraidh an chríoch a fhágáil de réir na nAirteagal sin roimhe seo.

Airteagal 38.

Taobh amuigh de bhearta speisialta a údaraítear leis an gCoinbhinsiún seo, go sonrach le hAirteagail 27 agus 41, leanfar de staid daoine coimircithe a rialú, ar phrionsabal, de réir na bhforálacha a bhaineann le heachtrannaigh in aimsir shíochána. In aon chás, tabharfar na cearta seo a leanas dóibh:

(1) féadfaidh siad an fhóirithint a fháil a chuirfear chucu go pearsanta nó i gcomhroinn;

(2) más gá dóibh é mar gheall ar a sláinte, gheobhaidh siad aireachas liachta agus cóireáil in ospidéal sa mhéid chéanna le náisiúnaigh an Stáit a bheidh i gceist;

(3) ceadófar dóibh a reiligiún a chleachtadh agus cúnamh spioradálta a fháil ó phearsana eaglaise dá gcomhchreideamh;

(4) má tá cónaí orthu i limistéar atá i gcontúirt ar leith ó ghuaiseanna cogaidh, údarófar dóibh aistriú as an limistéar sin, sa mhéid chéanna le náisiúnaigh an Stáit a bheidh i gceist;

(5) tairbheoidh leanaí faoi bhun cúig bliana déag, mná le haghaidh clainne, agus máithreacha a bhfuil leanaí faoi bhun seacht mbliana acu, d'aon chóireáil fhabhrach sa mhéid chéanna le náisiúnaigh an Stáit a bheidh i gceist.

Airteagal 39.

Tabharfar caoi do dhaoine coimircithe, a chaill a bhfostaíocht éadálach de dheasca an chogaidh, fostaíocht faoi phá a fháil. Faoi réir riachtanas slándála agus forálacha Airteagal 40, beidh caoi acu chuige sin mar a bheidh ag náisiúnaigh na Cumhachta a bhfuil siad ina críoch.

Má chuireann Páirtí sa choinbhleacht bearta smachta i bhfeidhm ar dhuine coimircithe a fhágann nach féidir leis é féin a chothú, agus go háirithe má choisctear an duine sin ar chúiseanna slándála ó fhostaíocht faoi phá a fháil faoi choinníollacha réasúnacha, féachfaidh an Páirtí sin chuige go gcothófar é féin agus a chleithiúnaigh.

In aon chás, féadfaidh daoine coimircithe liúntais a fháil óna dtír bhunaidh, ón gCumhacht Choimirceach, nó ó na cumainn fóirithinte dá dtagraítear in Airteagal 30.

Airteagal 40.

Ní cead iallach a chur ar dhaoine coimircithe obair a dhéanamh ach sa mhéid chéanna le náisiúnaigh an Pháirtí sa choinbhleacht a bhfuil siad ina críoch.

Más de náisiúntacht naimhdeach na daoine coimircithe, ní cead iallach a chur orthu obair a dhéanamh thar mar is gá de ghnáth chun bia, ionad cónaithe, éadaí, cóir iompair agus a sláinte, a chur in áirithe do dhaoine agus nach bhfuil baint go díreach aici le hoibríochtaí míleata.

Sna cásanna atá luaite sa dá mhír sin roimhe seo, tairbheoidh daoine coimircithe a gcuirfear iallach orthu obair a dhéanamh de na coinníollacha céanna oibre, agus den chumhdach céanna, a bheidh ag na hoibrithe atá ina náisiúnaigh, go háirithe maidir le pá, uaire saothair, éadaí agus trealamh, traenáil roimh ré agus cúiteamh i dtionóiscí agus galair de dheasca na hoibre.

Má sháraítear na forálacha sin roimhe seo, ceadófar do dhaoine coimircithe feidhm a bhaint as a gceart gearáin de réir forálacha Airteagal 30.

Airteagal 41.

Mura leor leis an gCumhacht a mbeidh daoine coimircithe faoina láimh na bearta smachta dá dtagraítear sa Choinbhinsiún seo, ní cead di aon bheart smachta eile a ghlacadh chuici féin a bheidh níos déine ná áit chónaithe áirithe a cheapadh dóibh nó iad a chur faoi imtheorannú, de réir forálacha Airteagail 42 agus 43.

Nuair a bheifear ag cur forálacha Airteagal 39, an dara mír, i bhfeidhm i gcás daoine a dtabharfar orthu a ngnátháit chónaithe a fhágáil de bhua chinneadh á gcur go háit chónaithe áirithe in áit eile, cloífidh an Chumhacht Choinneála, chomh dlúth agus is féidir, leis na caighdeáin atá leagtha síos i gCuid III, Alt IV, den Choinbhinsiún seo maidir le leas na ndaoine sin.

Airteagal 42.

Ní cead a ordú daoine coimircithe a imtheorannú nó a chur go háit chónaithe áirithe mura bhfuil sé sin fíor-riachtanach ar mhaithe le slándáil na Cumhachta Coinneála.

Má dhéanann duine ar bith, ag gníomhú dó trí ionadaithe na Cumhachta Coimircí, imtheorannú a éileamh dá dheoin féin, agus gur gá, i gcúrsaí a cháis, é sin a dhéanamh, déanfaidh an Chumhacht a bhfuil sé faoina láimh é a imtheorannú.

Airteagal 43.

Aon duine coimircithe a bheifear tar éis a imtheorannú nó a chur go háit chónaithe áirithe, beidh de cheart aige an beart sin a chur á athbhreithniú a luaithe is féidir ag cúirt nó bord riaracháin inniúil a shonróidh an Chumhacht Choinneála chuige sin. Má dhaingnítear a imtheorannú nó a chur go háit chónaithe áirithe, déanfaidh an chúirt nó an bord riaracháin go tréimhsiúil, agus dhá uair sa bhliain ar a laghad, cás an duine sin a bhreithniú, d'fhonn an cinneadh bunaidh a leasú ina fhabhar, má cheadaíonn na himthosca é.

Mura rud é go gcuirfidh na daoine coimircithe a bheidh i gceist ina choinne, déanfaidh an Chumhacht Choinneála, chomh tapa agus is féidir, ainmneacha aon daoine coimircithe a cuireadh faoi imtheorannú nó a cuireadh go háit chónaithe áirithe, nó a saoradh ó imtheorannú nó ó áit chónaithe áirithe, a thabhairt don Chumhacht Choimirceach. Faoi réir na gcoinníollacha céanna, cuirfear cinneadh na gcúirteanna nó na mbord atá luaite sa chéad mhír den Airteagal seo in iúl don Chumhacht Choimirceach chomh tapa agus is féidir.

Airteagal 44.

Nuair a bheidh na bearta smachta a luaitear sa Choinbhinsiún seo á gcur i bhfeidhm ag an gCumhacht Choinneála, ní áireoidh sí mar eachtrannaigh naimhdeacha ar an aon fhoras amháin gur de náisiúntacht Stáit naimhdigh iad de jure, dídeanaithe nach bhfuil, iarbhír, faoi choimirce aon Rialtais.

Airteagal 45.

Ní aistreofar daoine coimircithe chuig Cumhacht nach páirtí sa Choinbhinsiún.

Ní bheidh an fhoráil seo ina bac, ar dhóigh ar bith, ar athdhúichiú daoine coimircithe, ná ar iad a fhilleadh ar a dtír chónaithe tar éis deireadh na cogaíochta.

Ní cead don Chumhacht Choinneála daoine coimircithe a aistriú ach amháin chuig Cumhacht atá ina Páirtí sa Choinbhinsiún seo agus tar éis don Chumhacht Choinneála a dheimhniú di féin go bhfuil an Chumhacht sin toilteanach agus in ann an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm. Má aistrítear daoine coimircithe sna himthosca sin, is ar an gCumhacht a ghlacfaidh iad a bheidh sé de fhreagracht an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm fad a bheidh siad faoi choimeád aici. Mar sin féin, má loiceann an Chumhacht sin forálacha an Choinbhinsiúin seo a chomhlíonadh in aon phonc tábhachtach, déanfaidh an Chumhacht a d'aistrigh na daoine coimircithe, ar é a bheith curtha in iúl di ag an gCumhacht Choimirceach, bearta éifeachtacha chun an scéal a leigheas, nó iarrfaidh sí na daoine coimircithe a chur ar ais chuici féin. Ní foláir géilleadh d'aon iarratas den sórt sin.

Ní cead, i gcás ar bith, duine coimircithe a aistriú go tír arb eagal dó nó di go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi mar gheall ar na tuairimí polaitíochta nó an creideamh atá aige nó aici.

Ní bheidh forálacha an Choinbhinsiúin ina mbac ar dhaoine coimircithe a cúisíodh i gcionta in aghaidh an ghnáthdhlí choiriúil a eiseachadadh de bhun conarthaí eiseachadta a rinneadh roimh thosach na cogaíochta.

Airteagal 46.

Sa mhéid nach mbeidh siad tarraingthe siar roimhe sin, déanfar bearta sriantacha a cuireadh i bhfeidhm maidir le daoine coimircithe a chealú a luaithe is féidir tar éis deireadh na cogaíochta.

Déanfar bearta sriantacha a bhainfidh lena maoin a chealú, de réir dlí na Cumhachta Coinneála, a luaithe is féidir tar éis deireadh na cogaíochta.

Alt III.—Críocha faoi Fhorghabháil.

Airteagal 47.

Ní bhainfear, i gcás ar bith ná ar dhóigh ar bith, tairbhe an Choinbhinsiúin seo de dhaoine coimircithe atá i gcríoch faoi fhorghabháil, trí aon athrú, de dhroim na forghabhála sin, ar institiúidí nó rialtas na críche sin, ná trí aon chomhaontú idir údaráis na gcríocha faoi fhorghabháil agus an Chumhacht Forghabhála, ná tríd an gCumhacht Forghabhála do ghabháil seilbhe ar an iomlán, nó ar chuid, den chríoch faoi fhorghabháil.

Airteagal 48.

Féadfaidh daoine coimircithe, nach náisiúnaigh den Chumhacht a bhfuil a críoch faoi fhorghabháil, leas a bhaint as an gceart chun imeacht as an gcríoch faoi réir forálacha Airteagal 35, agus déanfar cinneadh ina thaobh sin de réir an nós imeachta a bhunóidh an Chumhacht Forghabhála de réir an Airteagail sin.

Airteagal 49.

Toirmisctear daoine coimircithe a aistriú, ina n-aonar nó ina sluaite, agus iad a dhíbirt ó chríoch faoi fhorghabháil go críoch na Cumhachta Forghabhála nó go críoch aon tíre eile, bíodh an tír sin faoi fhorghabháil nó ná bíodh, is cuma cad é an tsiocair a bheadh lena leithéid.

Mar sin féin, féadfaidh an Chumhacht Forghabhála aslonnú iomlán nó páirteach a dhéanamh ar limistéar áirithe más gá sin ar mhaithe le slándáil an phobail nó ar chúiseanna míleata dianriachtanacha. Ní cead i gcás aslonnú den sórt sin daoine coimircithe a aistriú amach thar teorainn na críche faoi fhorghabháil mura rud é nach féidir ar chúiseanna bunúsacha an t-aistriú sin a sheachaint. Déanfar na daoine a aslonnófar amhlaidh a aistriú ar ais go dtí a dtithe féin chomh luath is a bheidh deireadh leis an gcogaíocht sa limistéar áirithe sin.

Má ghabhann Cumhacht Forghabhála aistriú nó aslonnú den sórt sin de láimh, cinnteoidh sí, chomh fada riamh agus is féidir, go mbeidh cóiríocht cheart ar fáil le haghaidh na ndaoine coimircithe, go ndéanfar an t-aistriú faoi choinníollacha sásúla ó thaobh sláinteachais, sláinte, sábháilteachta agus cothaithe, agus nach scarfar ó chéile lucht aonteaghlaigh.

Cuirfear scéala chuig an gCumhacht Choimirceach faoi aon aistriú nó aslonnú a luaithe a bheifear tar éis a leithéid a dhéanamh.

Ní choinneoidh an Chumhacht Forghabhála daoine coimircithe i limistéar atá i gcontúirt mhór ó ghuaiseanna cogaidh mura bhfuil géarghá leis ar mhaithe le slándáil an phobail nó ar chúiseanna dianriachtanacha míleata.

Ní dhéanfaidh an Chumhacht Forghabhála codanna dá pobal sibhialta féin a dhíbirt ná a aistriú isteach sa chríocha atá faoi fhorghabháil aici.

Airteagal 50.

Éascóidh an Chumhacht Forghabhála, le comhoibriú na n-údarás náisiúnta agus áitiúil, ceart-oibriú gach institiúide atá ag gabháil d'aireachasú agus teagasc leanaí.

Déanfaidh an Chumhacht Forghabhála gach is gá chun gur fusaide leanaí a aithint agus a n-atharthacht a chlárú. Ní cead, i gcás ar bith, a stádas pearsanta a athrú, ná iad a liostáil in eagair ná in eagraíochtaí atá ina cleithiúnas.

Más rud é nach bhfuil na hinstitiúidí áitiúla in ann é a dhéanamh, déanfaidh an Chumhacht Forghabhála socrú chun go mbeidh cothú agus teagasc le fáil, ó dhaoine dá náisiúntacht agus dá dteanga agus dá gcreideamh féin, más féidir é, ag leanaí atá ina ndílleachtaí nó atá scartha óna dtuismitheoirí de dheasca an chogaidh agus nach bhfuil neasghaol ná cara acu a d'fhéadfadh aireachas leormhaith a thabhairt dóibh.

Beidh de chúram ar roinn ar leith den Oifig a chuirfear ar bun de réir Airteagal 136 gach is gá a dhéanamh chun leanaí a aithint a bhfuil amhras ann cé hiad féin. Is ceart, i gcónaí, sonraí i dtaobh a dtuismitheoirí nó i dtaobh neasghaolta eile a chur ar taifead, má tá fáil orthu.

Ní chuirfidh an Chumhacht Forghabhála bac ar fheidhmiú aon bhearta fabhracha, maidir le bia, aireachas liachta agus coimirciú ar iarsmaí cogaidh, a cuireadh chun feidhme roimh an bhforghabháil i bhfabhar leanaí faoi bhun cúig bliana déag, mná le haghaidh clainne, agus máithreacha a bhfuil leanaí faoi bhun seacht mbliana acu.

Airteagal 51.

Ní cead don Chumhacht Forghabhála iallach a chur ar dhaoine coimircithe fónamh ina fórsaí armtha ná ina fórsaí cúnta. Ní cead tathaint ná bolscaireacht ar bith a dhéanamh d'fhonn go liostálfaidís dá ndeoin féin.

Ní cead don Chumhacht Forghabhála iallach a chur ar dhaoine coimircithe obair a dhéanamh mura bhfuil siad os cionn ocht mbliana déag d'aois, ná sa chás sin féin iad a chur ach le hobair is gá le haghaidh riachtanais an airm forghabhála, nó le haghaidh na seirbhísí fóntais phoiblí, nó chun bia, lóistín, éadach, nó cóir iompair a sholáthar do phobal na tíre atá faoi fhorghabháil, nó ar mhaithe lena sláinte. Ní cead iallach a chur ar dhaoine coimircithe aon obair a ghabháil de láimh a d'fhágfadh go mbeadh orthu páirt a ghlacadh in oibríochtaí míleata. Ní cead don Chumhacht Forghabhála iallach a chur ar dhaoine coimircithe foréigean a imirt chun slándáil na bhfeistiúchán san áit a bhfuil obair éigeantach ar siúl acu a áirithiú.

Ní dhéanfar an obair ach sa chríoch faoi fhorghabháil ina bhfuil na daoine a cuireadh ag déanamh seirbhíse. Coimeádfar gach duine den sórt sin, sa mhéid gur féidir é, ina ghnátháit fostaí ochta. Íocfar tuarastal cóir le hoibrithe agus beidh an obair ag freagairt dá gcumas coirp agus intinne. Beidh feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa tír faoi fhorghabháil maidir leis na coinníollacha oibre, agus leis an gcumhdach, a bhainfidh go háirithe le nithe mar thuarastail, uaire oibre, trealamh, traenáil roimh ré agus cúiteamh i dtionóiscí agus galair de dheasca oibre i gcás na ndaoine coimircithe a chuirfear leis an obair dá dtagraítear san Airteagal seo.

Ní cead, i gcás ar bith, slógadh oibrithe in eagraíocht mhíleata nó leathmhíleata a theacht as daoine coimircithe a chur le saothar.

Airteagal 52.

Ní bhainfidh aon chonradh, comhaontú ná rialachán de cheart aon oibrí, cibé acu oibrí saorálach é nó nach ea, agus cibé áit a bhfuil sé, chun iarratas a chur go dtí ionadaithe na Cumhachta Coimircí á iarraidh uirthi idirghabháil a dhéanamh.

Toirmeasctar gach beart a tharraingeodh dífhostaíocht, nó a laghdódh na deiseanna a bheadh ag oibrithe i gcríoch faoi fhorghabháil, d'fhonn a thabhairt orthu obair a dhéanamh don Chumhacht Forghabhála.

Airteagal 53.

Toirmisctear ar an gCumhacht Forghabhála díothú a dhéanamh ar mhaoin, réadach nó pearsanta, le daoine príobháideacha, go pearsanta nó i gcomhroinn, nó leis an Stát, nó le húdaráis phoiblí eile, nó le heagraíochtaí sóisialacha nó le heagraíochtaí comhair, ach amháin nuair atá fíor-riachtanas leis an díothú sin de bharr oibríochtaí míleata.

Airteagal 54.

Ní cead don Chumhacht Forghabhála stádas oifigeach poiblí ná stádas breithiúna sna críocha faoi fhorghabháil a athrú, ná ar dhóigh ar bith smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ná aon bhearta comhéigne nó leatroim a dhéanamh orthu, toisc iad a bheith gan a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar chúiseanna coinsiasa.

Ní dhéanann an toirmeasc seo dochar d'fheidhmiú an dara mír d'Airteagal 51. Ní dhéanann sé difir do cheart na Cumhachta Forghabhála chun oifigigh phoiblí a chur as a bpost.

Airteagal 55.

Tá de dhualgas ar an gCumhacht Forghabhála, go feadh a hacmhainne air, bia agus cógais leighis a sholáthar don phobal; is ceart di, go háirithe, an bia, na cógais leighis agus na hearraí eile atá riachtanach a thabhairt isteach, mura leor a bhfuil ar fáil díobh sa chríoch faoi fhorghabháil.

Ní cead don Chumhacht Forghabhála bia, earraí ná soláthairtí liachta atá ar fáil sa chríoch faoi fhorghabháil a thógáil chuici féin, ach amháin le haghaidh a n-úsaidte ag na fórsaí forghabhála agus ag an bpearsanra riaracháin, agus ní cead é a dhéanamh sa chás sin féin ach amháin tar éis aird a thabhairt ar riachtanais an phobail shibhialta. Faoi réir forálacha Coinbhinsiún idirnáisiúnta eile, déanfaidh an Chumhacht Forghabhála socruithe chun a áirithiú go n-íocfar a luach cóir ar aon earraí a thógfar.

Beidh cead ag an gCumhacht, Choimirceach, tráth ar bith, staid na soláthairtí de bhia agus d'earraí liachta i gcríocha faoi fhorghabháil a fhíorú, ach amháin nuair is gá srianta sealadacha mar gheall ar dhianriachtanais mhíleata.

Airteagal 56.

Tá de dhualgas ar an gCumhacht Forghabhála, go feadh a hacmhainne air, le comhoibriú údarás náisiúnta agus údarás áitiúil, na bunachais agus na seirbhísí liachta agus ospidéil, sláinte an phobail agus an sláinteachas poiblí, a chinntiú agus a chothabháil sa chríoch faoi fhorghabháil, go háirithe trí leas agus feidhm a bhaint as na bearta coisctheacha is gá chun cúl a chur le galair ghabhálacha agus aicidí forleata. Ligfear don phearsanra liachta de gach earnáil a ndualgais a dhéanamh.

Má bhunaítear ospidéil nua i gcríoch faoi fhorghabháil agus mura bhfuil údaráis inniúla an Stáit atá faoi fhorghabháil ag oibriú iontu, tabharfaidh na húdaráis forghabhála dóibh, más gá, an t-aitheantas dá bhforáiltear in Airteagal 18. In imthosca dá samhail, tabharfaidh na húdaráis forghabhála aitheantas freisin do phearsanra ospidéil agus d'fheithiclí iompair faoi fhorálacha Airteagail 20 agus 21.

Nuair a bheidh sí ag baint leasa as bearta sláinte agus sláinteachais agus á gcur i ngníomh, tabharfaidh an Chumhacht Forghabhála aird ar aigne an phobail sa chríoch faoi fhorghabháil i gcúrsaí moráltachta agus eitice.

Airteagal 57.

Ní cead don Chumhacht Forghabhála ospidéil shibhialta a fhoréileamh ach amháin go sealadach agus i gcásanna géarriachtanais chun aireachas a thabhairt do shaighdiúirí créachtaithe agus breoite, agus ansin ar choinníoll go ndéanfar socruithe oiriúnacha i dtráth cuí chun na hothair a aireachasú agus a chóireáil agus le haghaidh na cóiríochta ospidéil is gá don phobal sibhialta.

Ní cead ábhair agus stórais ospidéal sibhialta a fhoréileamh fad a bheidh siad ag teastáil chun freastal ar riachtanais an phobail shibhialta.

Airteagal 58.

Ceadóidh an Chumhacht Forghabhála do phearsana eaglaise cúnamh spioradálta a thabhairt do lucht a gcomhchreidimh

Glacfaídh an Chumhacht Forghabhála freisin le coinsíneachtaí de leabhair agus d'earraí is gá le haghaidh cúrsaí reiligiúin, agus éascóidh siad a scaipeadh i gcríoch faoi fhorghabháil.

Airteagal 59.

Má tá an t-iomlán nó cuid den phobal i gcríoch faoi fhorghabháil gan a ndóthain soláthairtí, comhaontóidh an Chumhacht Forghabhála le scéimeanna fóirithinte ar mhaithe leis an bpobal sin, agus déanfaidh sí gach is féidir léi mar éascaíocht dóibh.

Féadfaidh Stáit nó eagraíochtaí daonchairdiúla neamhchlaonta, ar nós Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, na scéimeanna sin a ghabháil de láimh, agus séard a bheidh iontu, go sonrach, coinsíneachtaí bia, earraí liachta agus éadaí a sholáthar.

Ligfidh gach Páirtí Conarthach na coinsíneachtaí sin ar aghaidh gan bhac, agus ráthóidh sí coimirce dóibh.

Beidh de cheart, áfach, ag Cumhacht a ligfidh coinsíneachtaí ar aghaidh gan bhac ar a mbealach chun críoch atá faoi fhorghabháil ag Páirtí naimhdeach sa choinbhleacht, na coinsíneachtaí sin a chuardach, a ngluaiseacht a rialú de réir tráthanna agus cúrsaí ordaithe, agus deimhniú sásúil a fháil ón gCumhacht Choimirceach gur chun fóirithint ar an bpobal gátarach a úsáidfear na coinsíneachtaí sin agus nach mbeifear á n-úsáid chun tairbhe don Chumhacht Forghabhála.

Airteagal 60.

Ní shaorfaidh coinsíneachtaí fóirithinte an Chumhacht For ghabhála, ar dhóigh ar bith, ó aon fhreagracht dá gcuirtear uirthi le hAirteagail 55, 56 agus 59. Ní dhéanfaidh an Chumhacht Forghabhála coinsíneachtaí a úsáid, ar dhóigh ar bith, chun cuspóra nár ceapadh dóibh, ach amháin i gcás géarriachtanais, ar mhaithe le pobal na críche faoi fhorghabháil agus le toiliú na Cumhachta Coimircí.

Airteagal 61.

Déanfar na coinsíneachtaí fóirithinte dá dtagraítear sna hAirteagail sin roimhe seo a dháileadh le comhoibriú agus faoi mhaoirseacht na Cumhachta Forghabhála. Féadfar, freisin, an dualgas sin a tharmligean, trí chomhaontú idir an Chumhacht Forghabhála agus an Chumhacht Choimirceach, chuig Cumhacht Neodrach, chuig Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge nó aon chomhlacht neamhchlaonta daonchairdiúil eile.

Beidh na coinsíneachtaí sin díolmhaithe i gcríoch faoi fhorghabháil ó gach muirear, cáin nó dleacht chustam mura gá a leithéid ar mhaithe le heacnamaíocht na críche sin. Éascóidh an Chumhacht Forghabhála meardháileadh na gcoinsíneachtaí sin.

Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha uile a ndícheall chun go gceadófar na coinsíneachtaí fóirithinte sin a ligean ar aghaidh agus a iompar, saor ó mhuirear, ar a mbealach go dtí críocha faoi fhorghabháil.

Airteagal 62.

Faoi réir dianriachtanas slándála, ceadófar do dhaoine coimircithe i gcríocha faoi fhorghabháil na coinsíneachtaí fóirithinte a fháil a chuirfear chucu go pearsanta.

Airteagal 63

Faoi réir na mbeart sealadach eisceachtúil a fhorálfaidh an Chumhacht Forghabhála ar chúiseanna práinneacha slándála:

(a) beidh cead ag Cumainn Náisiúnta den Chrois Dhearg (den Chorrán Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg) leanúint dá ngníomhaíochtaí de réir phrionsabail na Croise Deirge, mar atá mínithe ag Comhdhálacha Idirnáisiúnta na Croise Deirge. Ceadófar do chumainn fóirithinte eile leanúint dá ngníomhaíochtaí daonchairdiúla faoi na himthosca céanna;

(b) Ní cead don Chumhacht Forghabhála a éileamh go ndéanfar aon athruithe ar phearsanra ná ar chomhdhéanamh na gcumann sin, de shaghas ba dhochar do na gníomhaíochtaí réamhráite.

Bainfidh na prionsabail chéanna le gníomhaíochtaí agus pearsanra eagraíochtaí speisialta de chineál neamh-mhíleata atá bunaithe cheana, nó a bhunófar, chun coinníollacha maireachtála an phobail shibhialta a áirithiú trí na seirbhísí fóntais phoiblí atá riachtanach a chothabháil, trí fhóirithint a dháileadh agus trí theasargain a eagrú.

Airteagal 64.

Fanfaidh péindlithe na gcríocha faoi fhorghabháil i bhfeidhm, ach go bhféadfaidh an Chumhacht Forghabhála iad a aisghairm nó a fhionraí i gcásanna inar baol iad dá slándáil nó inar bacinn iad ar fheidhmiú an Choinbhinsiúin seo. Faoi réir an choinníll deiridh sin agus an riachtanais a bheidh le riaradh éifeachtúil an cheartais a chinntiú, leanfaidh binsí na gcríocha faoi fhorghabháil de bheith ag feidhmiú maidir le gach cion lena mbaineann na dlíthe sin.

Féadfaidh an Chumhacht Forghabhála, áfach, pobal na críche faoi fhorghabháil a chur faoi fhorálacha atá riachtanach chun go bhféadfaidh an Chumhacht Forghabhála a hoibleagáidí faoin gCoinbhinsiún seo a chomhlíonadh, chun an chríoch a choimeád faoi rialú ordúil, agus chun a slándáil a chur in áirithe don Cumhacht Forghabhála, do chomhaltaí agus maoin na bhfórsaí forghabhála nó an riaracháin forghabhála, agus mar an gcéanna do na bunachais agus na línte cumarsáide a úsáideann siad.

Airteagal 65.

Ní thiocfaidh na forálacha pionósacha a achtóidh an Chumhacht Forghabhála i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad foilsithe agus curtha in iúl do na háitreoirí ina dteanga féin. Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach leis na forálacha pionósacha sin.

Airteagal 66.

I gcás sárú ar na forálacha pionósacha a bheidh fógartha aici de bhua an dara mír d'Airteagal 64, féadfaidh an Chumhacht Forghabhála an cúisí a thabhairt suas dá cúirteanna míleata cuí-chomhdhéanta, neamhpholaitiúla, ar choinníoll gur sa tír faoi fhorghabháil a shuíonn na cúirteanna sin. Is é is fearr gur sa tír faoi fhorghabháil a shuífidh cúirteanna achomhairc.

Airteagal 67.

Ní fheidhmeoidh na cúirteanna ach na forálacha dlí sin a raibh feidhm acu roimh an gcion, agus atá de réir ghnáthphrionsabail an dlí, go háirithe an prionsabal go mbeidh an pionós ag freagairt don chion. Tabharfaidh siad dá n-aire nach náisiúnach den Chumhacht Forghabhála an cúisí.

Airteagal 68.

Daoine coimircithe a dhéanfaidh cion d'aontoisc chun dochar a dhéanamh don Chumhacht Forghabhála, ach nach é atá ann iarracht mharfa nó bhasctha ar chomhaltaí de na fórsaí forghabhála nó den lucht riaracháin, ná nach contúirt mhór do dhaoine i gcoitinne, ná nach ndéanfaidh damáiste mór do mhaoin na bhfórsaí forghabhála nó an lucht riaracháin, ná do na feistiúcháin a bheidh á n-úsáid acu, dlífear iad a imtheorannú nó a chur faoi ghnáthphríosúnacht, ach tréimhse an imtheorannaithe nó na príosúnachta sin a bheith ag freagairt don chion a rinneadh. Fairis sin, i gcás cionta den sórt sin, is imtheorannú nó príosúnacht an t-aon bheart amháin a dhéanfar chun a saoirse a bhaint de dhaoine coimircithe. Féadfaidh na cúirteanna dá bhforáiltear faoi Airteagal 66 den Choinbhinsiún seo, dá rogha féin, pianbhreith imtheorannaithe ar feadh na tréimhse céanna a chur in ionad pianbhreithe príosúnachta.

Ní fhéadfaidh na forálacha pionósacha a fhógróidh an Chumhacht Forghabhála de réir Airteagal 64 agus 65 pianbhreith báis a chur ar dhuine coimircithe ach amháin i gcásanna an duine sin a bheith ciontach i spiaireacht, i ngníomharthaí tromchúiseacha sabhaitéireachta i gcoinne feistiúchán míleata na Cumhachta Forghabhála nó i gcionta toiliúla a thug bás duine nó daoine, ar choinníoll go raibh pionós báis inghearrtha i leith na gcionta sin faoin dlí a bhí i bhfeidhm sa chríoch faoi fhorghabháil sular thosaigh an fhorghabháil.

Ní féidir pianbhreith báis a fhógairt an dhuine coimircithe mura mbeifear tar éis umhail na cúirte a tharraingt go speisialta ar an bhfíoras nach bhfuil an cúisí, de bhrí nach náisiúnach de chuid na Cumhachta Forghabhála é, faoi aon dualgas géillsine di.

In aon chás, ní féidir pianbhreith báis a fhógairt ar dhuine coimircithe a bhí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois tráth an chiona.

Airteagal 69.

I ngach cás, bainfear d'aon tréimhse phríosúnachta a ghearrfar an tréimhse a bheidh duine a cúisíodh i gcion tar éis a chaitheamh faoi ghabháil ag feitheamh ar a thriail nó ar a phionósú.

Airteagal 70.

Ní dhéanfaidh an Chumhacht Forghabhála daoine coimircithe a ghabháil, a ionchúiseamh ná a chiontú mar gheall ar ghníomhartha a rinneadh nó tuairimí a nochtadh roimh an bhforghabháil, nó le linn briseadh sealadach ar an bhforghabháil, ach amháin i gcás dlíthe agus nósanna an chogaidh a shárú.

Náisiúnaigh den Chumhacht Forghabhála a rinne, roimh thosach na cogaíochta, dídean a lorg i gcríoch an Stáit faoi fhorghabháil, ní dhéanfar iad a ghabháil, a ionchúiseamh, a chiontú ná a dhíbirt as an gcríoch faoi fhorghabháil, ach amháin mar gheall ar chionta a rinneadh tar éis tosach na cogaíochta, nó ar chionta faoin dlí coiteann a rinneadh roimh thosach na cogaíochta agus a d'fhágfadh, de réir dlí an Stáit faoi fhorghabháil, go bhféadfaí iad a eiseachadadh in aimsir shíochána.

Airteagal 71.

Ní fhógróidh cúirteanna inniúla na Cumhachta Forghabhála aon phianbhreith ach tar éis trialach rialta.

Cuirfear i bhfios gan mhoill i scríbhinn, i dteanga a thuigeann siad, do dhaoine cúisithe a bheidh á n-ionchúiseamh ag an gCumhacht Forghabhála, sonraí na gcúiseamh a bheifear a thabhairt ina n-aghaidh, agus tabharfar chun trialach iad a luaithe is féidir. Cuirfear faisnéis chuig an gCumhacht Choimirceach faoi na himeachtaí uile a thionscnóidh an Chumhacht Forghabhála i gcoinne daoine coimircithe mar gheall ar chúisimh lena ngabhann pionós báis nó príosúnacht ar feadh dhá bhliain nó níos mó; féadfaidh sí eolas a fháil tráth ar bith ar staid na n-imeachtaí sin. Fairis sin, beidh teideal ag an gCumhacht Choimirceach, arna iarraidh sin di, na sonraí uile a fháil i dtaobh na n-imeachtaí sin agus aon imeachtaí eile a thionscain an Chumhacht Forghabhála in aghaidh daoine coimircithe.

Déanfar an fhaisnéis don Chumhacht Choimirceach, dá bhforáiltear sa dara mír thuas, a chur chuici láithreach, agus, in aon chás, beidh sí ag an gCumhacht Choimirceach trí sheachtain roimh dháta na chéad éisteachta. Ní rachfar ar aghaidh leis an triail mura dtugtar fianaise ar aird ar oscailt na trialach, gur comhlíonadh go hiomlán forálacha an Airteagail seo. Beidh na sonraí seo a leanas san fhaisnéis:

(a) tuairisc an chúisí;

(b) a áit chónaithe nó choinneála;

(c) sonraí an chúisimh nó na gcúiseamh (agus luafar na forálacha pionósacha faoina bhfuil an cúiseamh á dhéanamh);

(d) ainm na cúirte a éistfidh an cás;

(e) dáta agus áit na chéad éisteachta.

Airteagal 72.

Beidh de cheart ag daoine cúisithe fianaise is gá chun a gcosanta a thabhairt ar aird agus, go sonrach, féadfaidh siad glaoch ar fhinnéithe. Beidh de cheart acu cabhair a fháil ó abhcóide cáilithe dá rogha féin, agus beidh saorchead aige sin cuairt a thabhairt orthu, agus beidh na saoráidí aige is gá chun an chosaint a ullmhú.

Mura roghnóidh an cúisí abhcóide, féadfaidh an Chumhacht Choimirceach abhcóide a chur ar fáil dó. Má bhíonn cúiseamh tromchúiseach le freagairt ag duine cúisithe agus nach mbeidh an Chumhacht Choimirceach ag feidhmiú, cuirfidh an Chumhacht Forghabhála abhcóide ar fáil dó, má thoilíonn an cúisí leis sin.

Murab é a ndeoin féin é déanamh gan é, beidh cabhair le fáil ó theangaire ag daoine cúisithe, le linn an réamhimscrúdaithe agus le linn na héisteachta sa chúirt. Beidh de cheart acu tráth ar bith diúltú don teangaire agus teangaire eile a iarraidh ina ionad.

Airteagal 73.

Beidh ag duine ciontaithe an ceart achomhairc dá bhforáiltear leis na dlíthe a oibríonn an chúirt. Tabharfar gach eolas dó faoina cheart chun achomharc nó achainí a dhéanamh agus faoin tréimhse ina bhféadfaidh sé a leithéid a dhéanamh.

Beidh feidhm ag an nós imeachta pionósach dá bhforáiltear san Alt seo, a mhéid is infheidhme é, i gcás achomharc. Mura bhfuil aon fhoráil le haghaidh achomhairc sna dlíthe a oibríonn an Chúirt, beidh de cheart ag an duine ciontaithe achainí i gcoinne an chinnte agus na pianbhreithe a chur chuig údaráis inniúla na Cumhachta Forghabhála.

Airteagal 74.

Beidh de cheart ag ionadaithe na Cumhachta Coimircí bheith i láthair ag triail aon duine choimircithe, mura rud é gur gá, go heischeachtúil, an éisteacht a dhéanamh in camera ar mhaithe le slándáil na Cumhachta Forghabhála, agus sa chás sin cuirfidh an Chumhacht sin in iúl don Chumhacht Choimirceach gur mar sin atá. Cuirfear faisnéis i scríbhinn i dtaobh áit agus ionad na trialach chuig an gCumhacht Choimirceach.

Déanfar aon bhreithiúnas lena ngabhann pianbhreith báis, nó príosúnacht ar feadh dhá bhliain nó níos mó, a chur in iúl, maraon leis na forais iomchuí, don Chumhacht Choimirceach, a luaithe is féidir. San fhaisnéis sin déanfar tagairt don fhógra a tugadh faoi Airteagal 71, agus, i gcás pianbhreitheanna príosúnachta luafar ainm na háite ina mbeidh an phianbhreith le cur isteach. Coimeádfaidh an chúirt taifead i dtaobh breithiúnas seachas na breithiúnais dá dtagraítear thuas agus beidh cead ag ionadaithe don Chumhacht Choimirceach an taifead sin a iniúchadh. I gcás pianbhreitheanna lena ngabhann breith báis nó príosúnacht ar feadh dhá bhliain nó níos mó, ní thosóidh aon tréimhse le haghaidh achomhairc ar rith go dtí go mbeidh faisnéis i dtaobh an bhreithiúnais faighte ag an gCumhacht Choimirceach.

Airteagal 75.

Ní dhéanfar i gcás ar bith ceart achainí ag iarraidh maithiúnais nó iomalairte a bhaint de dhaoine a bheidh daortha chun báis.

Ní chuirfear aon phianbhreith báis i bhfeidhm go dtí go mbeidh tréimhse sé mhí ar a laghad caite ón dáta a fuair an Chumhacht an fhaisnéis faoin mbreithiúnas críochnaitheach ag daingniú na pianbhreithe báis sin, nó ordú ag diúltú maithiúnais nó iomalairte.

Féadfar an tréimhse sé mhí sin a ghiorrú i gcásanna aonracha má bhíonn éigeandáil mhór ann a thugann bagairt eagraithe ar shlandáil na Cumhachta Forghabhála nó a fórsaí, ar choinníoll i gcónaí go gcuirfear an giorrú sin in iúl don Chumhacht Choimirceach agus go dtabharfar uain agus caoi réasúnach di chun uiríolla a chur faoi bhráid na n-údarás forghabhála inniúil maidir leis na pianbhreitheanna báis sin.

Airteagal 76.

Déanfar daoine coimircithe a chúiseofar i gcionta a choinneáil sa tír faoi fhorghabháil, agus má chiontaítear iad is ann a chuirfidh siad isteach téarma a bpianbhreithe. Déanfar, más féidir, iad a dheighilt ó dhaoine eile atá faoi choinneáil agus cuirfear cóir orthu ó thaobh bia agus sláinteachais is leor chun iad a choimeád i ndea-shláinte, agus a bheidh chomh maith ar a laghad leis an gcóir a bhíonn le fáil i bpríosúin sa tír faoi fhorghabháil Gheobhaidh siad an t-aireachas liachta is gá dá sláinte.

Beidh de cheart acu freisin aon chúnamh spioradálta a theastódh uathu a fháil.

Coinneofar mná i gceathrúna ar leith agus beidh siad faoi mhaoirseacht go díreach ag mná.

Tabharfar aird mar is cuí ar an gcóireáil ar leith a dhlitear do mhionaoisigh.

Beidh de cheart ag daoine coimircithe atá faoi choinneáil ionadaithe ón gCumhacht Choimirceach agus ó Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge a ligean ar cuairt chucu, de réir forálacha Airteagal 143.

Beidh de cheart ag na daoine sin beartán fóirithinte amháin ar a laghad a fháil in aghaidh na míosa.

Airteagal 77.

Déanfar daoine coimircithe a cúisíodh i gcionta, nó a ciontaíodh ag na cúirteanna i gcríoch faoi fhorghabháil, a thabhairt suas, maraon leis na taifid iomchuí, d'údaráis na críche saortha, i ndeireadh na forghabhála.

Airteagal 78.

Má mheasann an Chumhacht Forghabhála gur gá é, ar chúiseanna dianriachtanacha slándála, bearta sábháilteachta a dhéanamh a bhainfidh le daoine coimircithe, féadfaidh sí a thabhairt orthu cónaí in áit áirithe nó iad a chur faoi imtheorannú, ach sin an méid.

Déanfar cinneadh maidir le ceapadh áite cónaithe áirithe dóibh nó lena gcur faoi imtheorannú amhlaidh de réir nós imeachta rialta a ordóidh an Chumhacht Forghabhála de réir forálacha an Choinbhinsiúin seo. Áireofar sa nós imeachta sin ceart achomhairc do na páirtithe lena mbainfidh. Cinnfear achomhairc a luaithe is féidir. Má sheastar ar an gcinneadh, beidh sé faoi réir a athbhreithnithe go tréimhsiúil, gach sé mhí más féidir, ag comhlacht inniúil arna bhunú ag an gCumhacht sin.

Beidh tairbhe iomlán Airteagal 39 den Choinbhinsiún seo ag daoine coimircithe a dtabharfar orthu cónaí in áit áirithe agus a mbeidh orthu dá réir sin a mbaile féin a fhágáil.

Alt IV.—Rialacháin faoi Chóireáil Imtheorannaithe.

Caibidil I.—Forálacha Ginearálta.

Airteagal 79.

Ní chuirfidh na Páirtithe sa choinbhleacht daoine coimircithe faoi imtheorannú, ach amháin de réir forálacha Airteagail 41, 42, 43, 68 agus 78.

Airteagal 80.

Coimeádfaidh na himtheorannaithe a gcáil iomlán shibhialta agus feidhmeoidh siad na cearta a ghabhann léi chomh fada agus a bheidh sin ag teacht lena stádas.

Airteagal 81.

Beidh ar na páirtithe sa choinbhleacht a chuirfidh daoine coimircithe faoi imtheorannú socrú a dhéanamh, in aisce, chun iad a chothabháil agus an t-aireachas liachta a thabhairt dóibh a bheidh ag teastáil uathu mar gheall ar staid a sláinte.

Ní dhéanfar aon laghdú ar liúntais, tuarastail ná creidmheasaí a bheidh ag dul do na himtheorannaithe, chun na costais sin a aisíoc.

Déanfaidh an Chumhacht Choinneála soláthar chun na daoine a bheidh i gcleithiúnas ar na himtheorannaithe a chothabháil, mura bhfuil leoracmhainn a gcothabháilte féin ag na cleithiúnaithe sin nó mura féidir leo a mbeatha a shaothrú.

Airteagal 82.

Chomh fada agus is féidir sin, cóireoidh an Chumhacht Choinneála na himtheorannaithe de réir a náisiúntachta, a dteanga, agus a mbéascna. Ní dhéanfar imtheorannaithe atá ina náisiúnaigh den tír chéanna a scaradh ó cheile de bhrí amháin nach ionann teanga dóibh.

Fad a bheidh siad faoi imtheorannú, coimeádfar lucht aonteaghlaigh, agus go háirithe tuismitheoirí agus a gclann, ar lonnú i bhfochair a chéile san áit imtheorannithe chéanna, ach amháin i gcás inar gá iad a scaradh go sealadach ar chúiseanna fostaíochta nó sláinte nó chun forálacha Chaibidil IX den Alt seo a chur i bhfeidhm. Féadfaidh imtheorannaithe a iarraidh go ndéanfaí leanaí leo a fágadh faoi shaoirse gan cúram athar ná máthar acu a imtheorannú in éineacht leo féin.

Chomh fada agus is féidir sin, lonnófar lucht aonteaghlaigh san áitreabh céanna agus tabharfar cóiríocht dóibh ar leithligh ó imtheorannaithe eile, agus tabharfar saoráidí dóibh chun saol teaghlaigh mar is cuí a bheith acu.

Caibidil II.—Áiteanna Imtheorannaithe.

Airteagal 83.

Ní lonnóidh an Chumhacht Choinneála áiteanna imtheorannaithe i limistéir a bheidh i gcontúirt mhór ó ghuaiseanna cogaidh.

Tabharfaidh an Chumhacht Choinneála do na Cumhachtaí naimhdeacha, trí na Cumhachtaí Coimirceacha, gach eolas fóinteach faoi shuíomh na n-áiteanna imtheorannaithe.

Aon uair a cheadóidh cúrsaí míleata é, taispeánfar campaí imtheorannaithe leis na litreacha IC, a chuirfear orthu ar chuma go mbeidh siad le feiceáil go soiléir sa lá ón spéir. Ach féadfaidh na Cumhachtaí a bheidh i gceist comhaontú ar aon chóras marcála eile. Ní mharcálfar amhlaidh aon áit nach campa imtheorannaithe.

Airteagal 84.

Tabharfar cóiríocht do na himtheorannaithe, agus déanfar riaradh orthu, ar leithligh ó phríosúnaigh chogaidh agus ó dhaoine ar baineadh a saoirse díobh ar aon chúis eile.

Airteagal 85.

Tá sé de dhualgas ar an gCumhacht Choinneála gach beart a dhéanamh is gá agus is féidir chun a dheimhniú go bhfaighidh daoine coimircithe, ó thosach a n-imtheorannaithe, cóiríocht i bhfoirgnimh nó i gceathrúna a bhfuil gach siúráil is féidir ar a sláinteachas agus ar a bhfolláine, agus a thugann dídean éifeachtach ar chruatan na haeráide agus ar iarsmaí an chogaidh. Ní bheidh buanáiteanna imtheorannaithe, i gcás ar bith, suite i limistéir atá mífholláin, ná i gceantair a bhfuil a n-aeráid díobhálach do na himtheorannaithe. I ngach cás ina mbeidh an ceantar, a bhfuil duine coimircithe faoi imtheorannú ann go sealadach, i limistéar mífholláin, nó a bhfuil aeráid ann atá dochrach dá shláinte, aistreofar é go dtí áit imtheorannaithe níos oiriúnaí chomh luath agus is féidir sin sna himthosca.

Ní foláir na háitribh a bheith díonta go hiomlán ó thaisleach, agus leordhóthain teasa agus solais a bheith iontu, go háirithe idir thitim na hoíche agus múchadh na soilse. Ní foláir leorfhairsinge a bheith sna ceathrúna codlata agus aerú maith, agus cóir leapachais oiriúnach agus a ndóthain blaincéad a bheith ag na himtheorannaithe, ag féachaint don aeráid, agus d'aois, gnéas, agus staid sláinte na n-imtheorannaithe.

Beidh ar fáil ag imtheorannaithe le haghaidh a n-úsáide, de ló is d'óiche, áiseanna sláintíochta a bheidh de réir rialacha an tsláinteachais agus a choimeádfar i riocht glan i gcónaí. Soláthrófar doíbh dóthain uisce agus gallúnaí chun iad féin agus a gcuid éadaí pearsanta a ní agus a ghlanadh; tabharfar dóibh na fearais agus na saoráidí is gá chuige sin. Cuirfear frasfholcadáin nó folcadáin eile ar fáil dóibh freisin. Leagfar amach an t-am a bheidh ag teastáil le haghaidh níocháin agus glantóireachta.

Aon uair is gá, mar bheart eisceachtúil sealadach, banimtheorannaithe nach mbaineann le teaghlach áirithe a lonnú san áit imtheorannaithe chéanna le fir, ní foláir suanliosanna agus áiseanna sláintíochta ar leith a bheith ar fáil le haghaidh úsáid na mban sin.

Airteagal 86.

Cuirfidh an Chumhacht Choinneála ar fáil do dhaoine imtheorannaithe, cibé sainchreideamh atá acu, áitribh oiriúnach chun a seirbhísí reiligiúin a bheith acu.

Airteagal 87.

Cuirfear ceaintíní i ngach áit imtheorannaithe, mura bhfuil saoráidí oiriúnacha eile ar fáil ann. Is é cuspóir a bheidh leo deis a thabhairt do na himtheorannaithe bia agus earraí gnáthúsáide, lena n-áirítear gallúnach agus tobac, de shaghas a chuirfeadh bail agus compord níos fearr orthu, a cheannach ar phraghasanna nach airde ná na praghasanna ar an margadh áitiúil.

Déanfar an brabús a ghnóthóidh ceaintíní a chur chun creidiúna do chiste leasa a chuirfear ar bun do gach áit imtheorannaithe, agus a riarfar ar mhaithe leis na himtheorannaithe a bhaineann leis an áit imtheorannaithe sin. Beidh de cheart ag Coiste na nImtheorannaithe, dá bhforáiltear in Airteagal 102, bainistí an cheaintín agus an chiste sin a iniúchadh.

Nuair a dhúnfar áit imtheorannaithe, déanfar fuíollach sochair an chiste leasa a aistriú chuig ciste leasa áite imtheorannaithe le haghaidh imtheorannaithe arb ionann náisiúntacht dóibh nó, mura bhfuil áit dá leithéid ann, chuig lárchiste leasa a riarfar ar mhaithe leis na himtheorannaithe go léir a bheidh fós á gcoimeád ag an gCumhacht Choinneála. I gcás saoradh ginearálta, coimeádfaidh an Chumhacht Choinneála an brabús sin, faoi réir aon chomhaontaithe contrártha dó sin idir na Cumhachtaí lena mbainfidh an scéal.

Airteagal 88.

I ngach áit imtheorannaithe a bheidh i gcontúirt ó aer-ruathair agus ó ghuaiseanna eile cogaidh, cuirfear leoruimhir de dhídeana dea-dhéanta ar fáil chun an dídean is gá a thabhairt. I gcás aláram, féadfaidh na himtheorannaithe dul isteach sna dídeana sin chomh tapa agus is féidir, ach amháin an chuid acu a fhanfaidh chun a gceathrúna a chosaint ar an guaiseanna réamhráite. Bainfidh leo freisin aon bhearta cosanta a dhéanfar ar mhaithe leis an bpobal.

Ní foláir gach cúram cuí a ghlacadh in áiteanna imtheorannaithe in aghaidh baol tine.

Caibidil III.—Bia agus Éadach.

Airteagal 89.

Beidh an chiondáil laethúil bia leordhóthanach ina méid, ina cáilíocht agus ina héagsúlacht chun na himtheorannaithe a choimeád i ndea-shláinte agus chun nach rachaidh cothú easnamhach chun dochair dá sláinte. Tabharfar aird freisin ar an aiste bia a bhfuil cleachtadh ag na himtheorannaithe air.

Tabharfar freisin do na himtheorannaithe deiseanna chun aon bhia breise a bheidh acu a ullmhú dóibh féin.

Tabharfar dóthain uisce inólta do na himtheorannaithe. Ceadófar tobac a chaitheamh.

Gheobhaidh imtheorannaithe a bheidh ag obair ciondálacha breise de réir an chineál saothair a bheidh á dhéanamh acu.

Tabharfar do mhná atá ag iompar clainne, agus do mháithreacha atá ag tál ar a leanaí, bia breise de réir mar is gá dá gcolainn.

Airteagal 90.

Nuair a thógfar i gcoimeád iad tabharfar gach saoráid do na himtheorannaithe chun na héadaí, an coisbheart agus an mhalairt fo-éadaí is gá a fháil dóibh féin, agus chun a thuilleadh earraí den sórt sin a fháil ina dhiaidh sin. Má tharlaíonn go bhfuil aon imtheorannaithe gan leordhóthain éadaí a bheith acu le haghaidh na haeráide agus nach féidir leo a leithéid a fháil, soláthróidh an Chumhacht Choinneála dóibh iad in aisce.

Ní foláir gan na héadaí a sholáthróidh an Chumhacht Choinneála d'imtheorannaithe, ná na marcanna a chuirfear orthu ar an taobh amuigh, a bheith ina gcúis náire ná ina gcúis mhagaidh dóibh.

Gheobhaidh oibrithe feisteas oibre oiriúnach, lena n-áirítear éadaí cosanta, aon uair is gá sin le haghaidh na hoibre atá le déanamh acu.

Caibidil IV.—Sláinteachas agus Aireachas Liachta.

Airteagal 91.

I ngach áit imtheorannaithe beidh otharlann leordhóthanach, faoi stiúradh dochtúra cháilithe, mar a bhféadfaidh imtheorannaithe an t-aireachas is gá dóibh a fháil, maraon le haiste bia a bheidh oiriúnach. Cuirfear aireagail leithlise in áirithe le haghaidh cásanna galair ghabhálaigh nó galair meabhrach.

Ní foláir mná i dtinneas clainne agus imtheorannaithe a mbeidh drochghalar orthu, nó a bheidh i riocht gur gá cóireáil speisialta nó obráid mháinliachta nó aireachas ospidéil ina gcás, a ligean isteach in aon fhoras ina bhféadfar cóireáil leormhaith a chur orthu, agus gheobhaidh siad aireachas a bheidh, ar a laghad, chomh maith leis an aireachas a thugtar don phobal i gcoitinne.

De rogha ar a chéile, is ó phearsana liachta dá náisiúntacht féin a gheobhaidh imtheorannaithe aireachas.

Ní cead imtheorannaithe a chosc ar dhul i láthair na n-údarás liachta le haghaidh scrúdú. Má iarrtar sin orthu, eiseoidh údaráis liachta na Cumhachta Coinneála do gach imtheorannaí a chuaigh faoi chóiréail deimhniú oifigiúil a inseoidh cad é an cineál breoiteachta nó díobhála a bhí air, agus cad é an fad a bhí sé faoi chóireáil agus cad é an cineál cóireála é. Cuirfear dúblach den deimhniú sin ar aghaidh go dtí an Lár-Ghníomhaireacht dá bhforáiltear in Airteagal 140.

Déanfar an chóireáil, lena n-áirítear aon ghairis is gá chun na himtheorannaithe a choimeád i sláinte mhaith, go háirithe déadchíora agus fearais shaorga eile agus spéaclaí, a thabhairt in aisce don imtheorannaí.

Airteagal 92.

Déanfar scrúdú liachta ar imtheorannaithe uair sa mhí ar a laghad. Is é an cuspóir sonrach a bheidh leis na scrúduithe, sláinte agus cothú agus glaineacht na n-imtheorannaithe, i gcoitinne, a choimeád faoi bhreithniú, agus galair ghabhálacha, go háirithe an eitinn, maláire agus galair véinearacha, a bhrath. Sna scrúduithe sin déanfar, go háirithe, meáchan gach imtheorannaí a sheiceáil agus, uair sa bhliain ar a laghad, scrúdú raideascópaíochta a chur air.

Caibidil V.—Reiligiúin, Cúrsaí Intleachtúla agus Aclaíocht.

Airteagal 93.

Beidh saoirse iomlán ag imtheorannaithe chun a ndualgais reiligiúin a dhéanamh, agus áirítear ar na dualgais sin freastal ar sheirbhísí a gcreidimh, ar choinníoll go ndéanfaidh siad de réir an ghnáthaimh araíonachta a bheidh ordaithe ag na húdaráis choinneála.

Ligfear do phearsana eaglaise a bheidh faoi imtheorannú friotháil gan bhac ar lucht a gcomhchreidimh. Chuige sin, féachfaidh an Chumhacht Choinneála chuige go ndáilfear iad ar na háiteanna imtheorannaithe éagsúla ina bhfuil imtheorannaithe a labhraíonn an teanga chéanna agus a bhaineann leis an reiligiún céanna. Má tharlaíonn nach bhfuil leorlíon de na pearsana eaglaise sin ann, tabharfaidh an Chumhacht Choinneála dóibh na saoráidí is gá, lena n-áirítear córacha iompair, chun dul ó áit go háit, agus údarófar dóibh cuairt a thabhairt ar aon imtheorannaithe atá in ospidéal. Beidh cead ag pearsana eaglaise comhfhreagras a dhéanamh, ar chúrsaí a bhaineann lena ministreacht, le húdaráis reiligiúin na tíre ina bhfuil siad faoi choinneáil agus, chomh fada agus is féidir, le heagraíochtaí idirnáisiúnta reiligiúin dá gcomhchreideamh. Ní áireofar an chomhfhreagras sin mar chuid den chuóta a luaitear in Airteagal 107. Beidh sé faoi réir forálacha Airteagal 112, áfach.

Mura bhfuil cúnamh ó phearsana eaglaise dá gcomhchreideamh ar fáil ag imtheorannaithe, nó mura leor a bhfuil ar fáil díobh, féadfaidh na húdaráis reiligiúin áitiúla dá gcomhchreideamh, le comhaontú na Cumhachta Coinneála, pearsa eaglaise de chomhchreideamh na n-imtheorannaithe a cheapadh nó, má tá sin indéanta ó thaobh an tsainchreidimh áirithe, pearsa eaglaise de chreideamh dá samhail, nó tuata cáilithe, a cheapadh. Tabharfar don tuata cáilithe sin na saoráidí a ghabhann leis an ministreacht a bheidh glactha chuige aige. Beidh ar dhaoine a cheapfar amhlaidh gach rialachán a chomhlíonadh a leagfaidh an Chumhacht Choinneála síos ar mhaithe leis an araíonacht agus leis an tslándáil.

Airteagal 94.

Spreagfaidh an Chumhacht Choinneála na himtheorannaithe chun cúrsaí intleachtúla agus oideachasúla, caitheamh aimsire, spóirt agus cluichí a ghabháil chucu, ach fágfaidh siad fúthu féin páirt a ghabháil iontu nó gan páirt a ghabháil iontu. Déanfaidh sí gach beart is féidir chun a gcleachtadh a áirithiú, go háirithe trí áitribh oiriúnacha a chur ar fáil.

Tabharfar do na himtheorannaithe gach uile shaoráid is féidir chun leanúint dá gcuid staidéir nó chun ábhair nua a ghabháil chucu. Féachfar chuige go bhfaighidh leanaí agus daoine óga oideachas; ligfear dóibh freastal ar scoileanna taobh istigh den áit imtheorannaithe nó lasmuigh de.

Tabharfar deiseanna d'imtheorannaithe chun aclaíocht choirp a dhéanamh, agus spóirt agus cluichí amuigh faoin aer a imirt. Chuige sin, cuirfear leordhóthain láithreán oscailte ar fáil i ngach áit imtheorannaithe. Cuirfear faichí imeartha ar leith ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga.

Airteagal 95.

Ní dhéanfaidh an Chumhacht Choinneála imtheorannaithe a fhostú mar oibrithe murab áil leo féin é. Toirmisctear i ngach cás fostaíocht de shaghas go ndéanfaí sárú ar Airteagal 40 nó 51 den Choinbhinsiún seo dá gcuirfí d'iachall ar dhuine coimircithe nach mbeadh faoi imtheorannú í a ghabháil chuige, agus fostaíocht le hobair de chineál atá táirchéimneach nó uiríseal.

Tar éis tréimhse sé sheachtain oibre, féadfaidh na himtheorannaithe éirí as obair am ar bith, ach fógra ocht lá a thabhairt.

Ní chuireann na forálacha sin bac ar bith ar cheart na Cumhachta Coinneála chun dochtúirí, fiaclóirí agus pearsanra liachta eile faoi imtheorannú a fhostú ina gcáil ghairmiúil ar mhaithe lena gcomh-imtheorannaithe, nó chun imtheorannaithe a fhostú ar obair riaracháin agus cothabhála in áiteanna imtheorannaithe, agus na daoine sin a chur i mbun oibre sna cistineacha nó le cúraimí eile tís, nó chun a thabhairt ar na daoine sin dualgais a ghabháil de láimh a bhaineann le cosaint na n-imtheorannaithe ar bhombardú ón spéir nó ó fhiontair eile chogaidh. Ní cead, áfach, a thabhairt ar aon imtheorannaí obair a dhéanamh ar dóigh le hoifigeach liachta nach bhfuil sé oiriúnach di go corpartha.

Glacfaidh an Chumhacht Choinneála an fhreagracht iomlán mar gheall ar na coinníollacha oibre go léir, ar an aireachas liachta, ar phá a íoc, agus ar chúiteamh a thabhairt d'imtheorannaithe i dtionóiscí agus galair de dheasca a n-oibre. Na caighdeáin a ordófar i leith na gcoinníollacha oibre sin, agus i leith cúitimh, beidh siad de réir na ndlíthe agus na rialachán náisiúnta, agus de réir an ghnáthchleachtais; beidh siad, i ngach cás, chomh maith ar a laghad leis na caighdeáin a bhfuil feidhm acu i gcás obair den chineál céanna sa cheantar céanna. Déanfar an pá le haghaidh oibre a shocrú de réir cothromais trí chomhaontuithe speisialta idir na himtheorannaithe, an Chumhacht Choinneála agus, más gá sin, fostóirí seachas an Chumhacht Choinneála, ag féachaint go cuí don oibleagáid atá ar an gCumhacht Choinneála soláthar a dhéanamh le haghaidh cothabháil na n-imtheorannaithe in aisce agus le haghaidh an aireachais liachta is gá dóibh mar gheall ar a sláinte. Íocfaidh an Chumhacht Choinneála pá cóir leis na himtheorannaithe a bheidh ar buanfhostú sna cineálacha oibre a luaitear sa tríú mír den Airteagal seo. Beidh na coinníollacha oibre agus an scála cúitimh i leith tionóiscí agus galair a bhainfidh d'imtheorannaithe de dheasca a gcuid oibre chomh maith, ar a laghad, lena macasamhail i gcás obair den sórt céanna sa cheantar céanna.

Airteagal 96.

Fanfaidh gach díorma saothair páirteach in áit imtheorannaithe agus i gcleithiúnas air. Beidh údaráis inniúla na Cumhachta Coinneála, agus ceannfort na háite imtheorannaithe, freagrach i gcomhlíonadh forálacha an Choinbhinsiúin seo sna díormaí saothair. Coimeádfaidh an ceannfort liosta cothrom-le-dáta de na díormaí saothair faoina cheannas agus cuirfidh sé an liosta sin in iúl do thoscairí na Cumhachta Coimircí, Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus eagraíochtaí daonchairdiúla eile a thabharfadh cuairt ar na háiteanna imtheorannaithe.

Caibidil VI.—Earraí Pearsanta agus Acmhainn Airgid.

Airteagal 97.

Ceadófar d'imtheorannaithe earraí chun úsáide pearsanta a choinneáil. Ní cead suimeanna airgid, seiceanna, bannaí, etc., ná earraí luachmhara a bheidh ina seilbh a bhaint díobh ach amháin de réir an nós imeachta atá bunaithe. Tabharfar admhálacha mionchruinne ar a leithéid.

Íocfar na suimeanna isteach i gcuntas gach imtheorannaí mar a fhoráiltear le hAirteagal 98. Ní cead na suimeanna sin a shóinseáil in aon airgead reatha eile mura bhfuil reachtaíocht á ordú sin i bhfeidhm sa chríoch ina bhfuil an t-úinéir faoi imtheorannú, nó mura dtoileoidh an t-imtheorannaí leis.

Ní cead earraí a bhfuil, thar aon ní eile, fiúntas pearsanta nó muirneach ag gabháil leo a bhaint díobh.

Ní cead ach do bhean ban-imtheorannaí a chuardach.

Ar imtheorannaithe a shaoradh nó a athdhúichiú tabharfar dóibh na hearraí, an t-airgead nó na neithe luachmhara eile a baineadh díobh le linn iad a bheith faoi imtheorannú agus gheobhaidh siad, in airgead reatha, fuíollach aon chreidmheasa sna cuntais a choimeádfar dóibh de réir Airteagal 98, ach amháin aon earraí nó suimeanna a bheidh le coinneáil siar ag an gCumhacht Choinneála de bhua na reachtaíochta a bheidh i bhfeidhm aici. Má choinnítear siar amhlaidh maoin aon imtheorannaí, tabharfar admháil mhionchruinn don úinéir.

Ní cead doiciméid teaghlaigh ná doiciméid aitheantais i seilbh imtheorannaithe a bhaint díobh gan admháil a thabhairt orthu. Ní fhágfar imtheorannaithe gan doiciméid aitheantais aon uair. Mura bhfuil a leithéid acu, tabharfar dóibh doiciméid speisialta a tharraingeoidh na húdaráis choinneála suas, agus fónfaidh siad sin mar pháipéir aitheantais dóibh go dtí deireach a n-imtheorannaithe.

Féadfaidh imtheorannaithe méid áirithe airgid a bheith ar iompar acu, in airgead réidh nó i bhfoirm chúpón ceannaigh, chun go bhféadfaidh siad earraí a cheannach.

Airteagal 98.

Gheobhaidh na himtheorannaithe go léir liúntais rialta, de mhéid is leor chun a chur ar a gcumas earraí agus ábhair ar nós tobac, nithe is gá le haghaidh maisiúcháin, etc., a cheannach. Is féidir na liúntais sin a thabhairt i bhfoirm chreidmheasaí nó chúpón ceannaigh.

Fairis sin, is cead d'imtheorannaithe liúntais a fháil ón gCumhacht a bhfuil siad faoi ghéillsine aici, ó na Cumhachtaí Coimirceacha, ó na heagraíochtaí a fhéadfaidh teacht i gcabhair orthu, nó óna dteaghlaigh, chomh maith leis an ioncam as a gcuid maoine de réir dlí na Cumhachta Coinneála. Na liúntais a thabharfaidh an Chumhacht a bhfuil siad faoi ghéillsine aici, beidh siad ar chóimhéid i gcás gach earnáil imtheorannaithe (daoine easlána, daoine breoite, mná le haghaidh clainne, etc.), ach ní cead don Chumhacht sin iad a chionroinnt ná ní cead don Chumhacht Choinneála iad a dháileadh ar dhóigh go ndéanfar idirdhealú, a thoirmisctear le hAirteagal 27 den Choinbhinsiún seo, idir na himtheorannaithe.

Osclóidh an Chumhacht Choinneála cuntas rialta do gach imtheorannaí, agus cuirfear chun creidiúna don chuntas sin na liúntais a luaitear san Airteagal seo, an pá a thuillfear agus na seoltáin airgid a gheofar, maraon le haon suimeanna a baineadh den imtheorannaí agus a mbeidh fáil orthu faoin reachtaíocht a bheidh i bhfeidhm sa chríoch ina bhfuil sé faoi imtheorannú. Tabharfar d'imtheorannaithe gach saoráid a bheidh i gcomhréir leis an reachtaíocht a bheidh i bhfeidhm sa chríoch sin chun airgead a sheoladh go dtí a dteaghlach agus go dtí cleithiúnaithe eile. Féadfaidh siad na suimeanna a theastóidh uathu le haghaidh caiteachais phearsanta a tharraingt as a gcuntais, taobh istigh den teorainn a shocróidh an Chumhacht Choinneála. Tabharfar dóibh i gcónaí saoráidí réasúnacha chun a gcuntais a iniúchadh agus cóipeanna díobh a fháil. Tabharfar ráiteas cuntas don Chumhacht Choimirceach, arna iarraidh sin di, agus i gcás an t-imtheorannaí a aistriú gabhfaidh an ráiteas cuntas in éineacht leis.

Caibidil VII.—Riaradh agus Araíonacht.

Airteagal 99.

Cuirfear gach áit imtheorannaithe faoi údarás oifigigh fhreagraigh, a thoghfar as fórsaí míleata rialta nó as lucht riaracháin sibhialta na Cumhachta Coinneála. Ní foláir don oifigeach a bheidh i gceannas ar an áit imtheorannaithe cóip a bheith ina sheilbh aige den Choinbhinsiún seo, i dteanga oifigiúil, nó i gceann de theangacha oifigiúla, a thíre, agus beidh sé freagrach sa Choinbhinsiún a chur i bhfeidhm. Tabharfar teagasc don fhoireann a bheidh i mbun na n-imtheorannaithe ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo agus ar na bearta riaracháin chun é a chur i bhfeidhm.

Déanfar téacs an Choinbhinsiúin seo, agus téacs na gcomhaontuithe speisialta a thabharfar chun críche faoin gCoinbhinsiún seo, a chur suas istigh san áit imtheorannaithe, i dteanga a thuigeann na himtheorannaithe, nó beidh siad ina seilbh ag Coiste na nImtheorannaithe.

Cuirfear rialacháin, orduithe, fógraí agus foilseacháin de gach saghas in iúl do na himtheorannaithe agus cuirfear suas iad, istigh sna háiteanna imtheorannaithe, i dteanga a thuigeann na himtheorannaithe.

Mar an gcéanna, ní foláir gach ordú a thabharfar d'imtheorannaithe ina n-aonar a thabhairt dóibh i dteanga a thuigeann siad.

Airteagal 100.

Beidh an araíonacht in áiteanna imtheorannaithe i gcomhréir le prionsabail daonchairdiúla, agus i gcás ar bith ní áireofar inti rialacháin a chuirfeadh ar imtheorannaithe aon saothar coirp a dhéanamh a bheadh contúirteach dá sláinte ná lena ngabhfadh ansmacht corpartha nó morálta. Toirmisctear tatúáil nó comharthaí nó marcanna a shéalú ar a chorp chun imtheorannaí a aithint.

Go háirithe, toirmisctear seasamh nó glaoch rollaí ar feadh tréimhse rófhada, druil phionósach, druil agus inlíocht mhíleata, agus laghdú ciondálacha bia.

Airteagal 101.

Beidh de cheart ag imtheorannaithe aon achainí maidir le coinníollacha a n-imtheorannaithe a chur faoi bhráid na n-údarás a bhfuil siad faoin a n-urláimh.

Beidh acu freisin ceart neamhshrianta chun iarratas a dhéanamh, trí Choiste na nImtheorannaithe nó, más dóigh leo gur gá é, go díreach chun ionadaithe na Cumhachta Coimircí, á chur in iúl dóibh aon phointí ina bhfuil cúis gearáin acu maidir le coinníollacha a n-imtheorannaithe.

Cuirfear na hachainíocha agus na gearáin sin ar aghaidh láithreach gan athrú orthu, agus fiú má aithnítear go bhfuil siad gan bhunús, ní cead aon phionós a ghearradh dá ndeasca.

Féadfaidh Coistí na nImtheorannaithe tuarascálacha tréimhsiúla ar chúrsaí sna háiteanna imtheorannaithe, agus ar riachtanais na n-imtheorannaithe, a chur go dtí ionadaithe na gCumhachtaí Coimirceacha.

Airteagal 102.

I ngach áit imtheorannaithe, toghfaidh na himtheorannaithe, gan bhac, gach sé mhí, le rúnbhallóid, na comhaltaí do Choiste a mbeidh cumhacht aige feidhmiú ar a son os comhair na Cumhachta Coinneála agus na Cumhachta Coimircí, Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus aon eagraíochta eile a thiocfaidh i gcabhair orthu. Féadfar comhaltaí an Choiste a atoghadh.

Rachaidh na himtheorannaithe a thoghfar amhlaidh i mbun a ndualgas tar éis na húdaráis choinneála a ghlacadh lena dtoghadh. In aon chás ina ndiúltófar glacadh leis an toghadh, nó ina mbrisfear comhaltaí, cuirfear na fáthanna in iúl do na Cumhachtaí Coimirceacha lena mbainfidh an scéal.

Airteagal 103.

Féachfaidh Coistí na nImtheorannaithe le feabhas a chur ar bhail na n-imtheorannaithe, ó thaobh sláinte agus i gcúrsaí spioradálta agus intleachtúla.

Go sonrach, má shocraíonn na himtheorannaithe ar chóras comhchabhrach a eagrú ina measc féin, tiocfaidh an eagraíocht sin faoi réim na gCoistí, i dteannta na ndualgas speisialta a chuirtear de chúram orthu le forálacha eile sa Choinbhinsiún seo.

Airteagal 104.

Ní thabharfar ar chomhaltaí Coistí na nImtheorannaithe aon obair eile a dhéanamh, má d'fhágfadh sin go mbeadh sé níos deacra dóibh a ndualgais a chomhlíonadh.

Féadfaidh comhaltaí Coistí na nImtheorannaithe cibé cúntóirí a theastóidh uathu a cheapadh as measc na n-imtheorannaithe. Tabharfar gach saoráid iomchuí dóibh, go háirithe saoirse áirithe gluaiseachta is gá dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh (cuairteanna ar dhíormaí saothair, soláthairtí a ghlacadh, etc.).

Tabharfar gach saoráid, mar an gcéanna, do chomhaltaí Coistí na nImtheorannaithe chun cumarsáid tríd an bpost nó trí theileagrafaíocht a dhéanamh leis na húdaráis choinneála, leis na Cumhachtaí Coimirceacha, le Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus lena dtoscairí, agus leis na heagraíochtaí a thugann cabhair d'imtheorannaithe. Beidh na saoráidí céanna ag comhaltaí de choistí i ndíormaí saothair chun cumarsáid a dhéanamh lena gCoiste Imtheorannaithe sa phríomháit imtheorannaithe. Ní chuirfear teorainn leis an gcumarsáid sin, ná ní mheasfar gur cuid í den chuóta a luaitear in Airteagal 107.

Nuair a bheidh comhaltaí de Choistí na nImtheorannaithe á n-aistriú tabharfar tamall réasúnach dóibh chun cúrsaí reatha a chur in iúl dá gcomharbaí.

Caibidil VIII.—Caidreamh leis an Saol Lasmuigh.

Airteagal 105.

Díreach tar éis daoine coimircithe a imtheorannú, cuirfidh na Cumhachtaí Coinneála in iúl dóibh, agus don Chumhacht a bhfuil siad faoi ghéillsine aici agus dá gCumhacht Choimirceach, cad iad na bearta atá sí a dhéanamh chun forálacha na Caibidle seo a chur i gcrích. Cuirfidh siad in iúl mar an gcéanna do na Páirtithe lena mbaineann an scéal aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na bearta sin.

Airteagal 106.

Chomh luath is a chuirfear faoi imtheorannú é, nó tráth nach déanaí ná seachtain tar éis é a theacht go háit imtheorannaithe, agus mar an gcéanna i gcás imtheorannaithe a bheith breoite nó iad a aistriú go háit imtheorannaithe eile nó go hospidéal, tabharfar caoi do gach imtheorannaí cárta a bheidh cosúil, más féidir sin, leis an sampla atá mar aguisín leis an gCoinbhinsiún seo, a chur go díreach chun a mhuintire, sa chéad chás de, agus go dtí an Lár-Ghníomhaireacht dá bhforáiltear le hAirteagal 140, sa chás eile de, á chur in iúl dá ghaolta go bhfuil sé faoi imtheorannú, agus cad é an seoladh atá aige agus conas atá an tsláinte aige. Cuirfear na cártaí sin ar aghaidh chomh tapa agus is féidir agus ní cead moill ar bith a chur orthu.

Airteagal 107.

Beidh cead ag imtheorannaithe litreacha agus cártaí a chur chun bealaigh agus a fháil. Más dóigh leis an gCumhacht Choinneála gur gá teorainn a chur leis an líon litreacha agus cártaí a chuirfidh gach imtheorannaí amach, ceadófar ar a laghad dhá litir agus ceithre chárta in aghaidh na míosa; beidh siad sin chomh cosúil agus is féidir leis na samplaí a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Más éigin teorainneacha a chur leis an gcomhfhreagras a sheolfar go dtí imtheorannaithe, ní cead ach don Chumhacht a bhfuil na himtheorannaithe faoi ghéillsine aici iad sin a ordú, ar an gCumhacht Choinneála dá iarraidh sin, b'fhéidir. Ní foláir na litreacha agus na cártaí sin a chur chun bealaigh le luas réasúnach; ní cead iad a mhoilliú ná iad a choinneáil siar ar chúiseanna araíonachta.

Imtheorannaithe a bheidh tamall fada gan scéala a fháil óna neasghaolta nó nach féidir leo scéala a fháil uathu, nó scéala a chur chucu, ar an ngnáthbhealach poist, agus imtheorannaithe atá an-fhada ó bhaile, ligfear dóibh teileagraim a chur chun bealaigh, agus íocfaidh siad na táillí san airgead reatha a bheidh faoina réir. Tairbheoidh siad mar an gcéanna den socrú seo i gcásanna a aithnítear a bheith práinneach.

De ghnáth, is i dteanga dhúchais na n-imtheorannaithe féin a bheidh a gcomhfhreagras le scríobh. Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht comhfhreagras i dteangacha eile a cheadú.

Airteagal 108.

Ceadófar d'imtheorannaithe beartáin phearsanta nó coinsíneachtaí i gcomhroinn a fháil, tríd an bpost nó ar chuma ar bith eile, ina mbeidh, go sonrach, bia, éadach, soláthairtí liachta, maraon le leabhair agus earraí de chineál a d'fhreagródh dá riachtanais i gcúrsaí creidimh, oideachais nó caitheamh aimsire. Ní shaorfaidh na coinsíneachtaí sin an Chumhacht Choinneála ar dhóigh ar bith ó na hoibleagáidí a chuirtear uirthi de bhua an Choinbhinsiúin seo.

Más gá, mar gheall ar riachtanais mhíleata, teorainn a chur leis na coinsíneachtaí sin, tabharfar fógra cuí ina thaobh sin don Chumhacht Choimirceach agus do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó d'aon eagraíocht eile a thugann cabhair do na himtheorannaithe agus atá freagrach sna coinsíneachtaí sin a chur ar aghaidh.

Más gá é, déanfar, maidir leis na coinníollacha chun beartáin phearsanta agus coinsíneachtaí i gcomhroinn a chur go dtí imtheorannaithe, comhaontuithe speisialta idir na Cumhachtaí lena mbaineann an scéal, ach ní fhéadfaidh na comhaontuithe sin moill a chur in aon chás le dáileadh na gcoinsíneachtaí fóirithinte ar na himtheorannaithe. Ní cead leabhair a chur isteach i mbeartáin ina mbeidh éadaí nó bia. De ghnáth is i mbeartáin chomhroinne a chuirfear soláthairtí liachta.

Airteagal 109.

Cheal comhaontuithe speisialta idir na Páirtithe sa choinbhleacht i dtaobh na gcoinníollacha chun coinsíneachtaí fóirithinte i gcomhroinn a fháil agus a dháileadh, cuirfear i bhfeidhm na rialacha, maidir le fóirithinte i gcomhroinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

Ní chuirfidh na comhaontuithe speisialta dá bhforáiltear thuas srian in aon chás le ceart Choistí na nImtheorannaithe chun seilbh a ghlacadh ar choinsíneachtaí fóirithinte i gcomhroinn le haghaidh imtheorannaithe, lena ndáileadh agus lena ndiúscairt chun leasa na n-imtheorannaithe.

Ná ní chuirfidh comhaontuithe den sórt sin srian le ceart na n-ionadaithe do na Cumhachtaí Coimirceacha, do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó d'aon eagraíocht eile a thugann cabhair d'imtheorannaithe agus atá freagrach i gcoinsíneachtaí i gcomhroinn a chur ar aghaidh, chun dáileadh na gcoinsíneachtaí sin ar na daoine chun ar cuireadh iad a mhaoirsiú.

Airteagal 110.

Beidh gach coinsíneacht fóirithinte d'imtheorannaithe díolmhaithe ó dhleachtanna allmhairithe, dleachtanna custam agus dleachtanna eile.

An t-ábhar go léir a chuirfear tríd an bpost, lena n-áirítear beartáin fóirithinte a chuirfear leis an mbeartphost agus seoltáin airgid, ó thíortha eile chun imtheorannaithe, nó a chuirfidh imtheorannaithe amach trí oifig an phoist, go díreach nó trí na hOifigí Eolais dá bhforáiltear in Airteagal 136 agus tríd an Lár-Ghníomhaireacht Eolais dá bhforáiltear in Airteagal 140, beidh sé díolmhaithe ó gach dleacht postais sa tír tionscnaimh agus sa tír chinn scríbe agus i dtíortha idir eatarthu. Chuige sin, go háirithe, déanfar an díolúine dá bhforáiltear le Coinbhinsiún Poist Uilechoiteann 1947, agus le comhaontuithe an Aontais Poist Uilechoitean, i bhfabhar sibhialtach de náisiúntacht naimhdeach a choinnítear i gcampaí nó i bpríosúin sibhialtach, a thabhairt i gcás daoine imtheorannaithe eile a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo. Beidh de cheangal ar na tíortha nár shínigh na comhaontuithe thuasluaite saoirse a thabhairt ó gach táille sna himthosca céanna.

Mura féidir coinsíneachtaí fóirithinte le haghaidh imtheorannaithe a chur trí oifig an phoist mar gheall ar a meáchan nó ar chúis ar bith eile, is ar an gCumhacht Choinneála a bheidh costas a n-iompartha sna críocha uile faoina hurlámhas. Beidh na Cumhachtaí eile atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún seo faoi mhuirear chostas a n-iompartha ina gcríocha faoi seach.

Is ar na daoine a chuirfidh chun bealaigh iad a bheidh na costais a bhainfidh le hiompar na gcoinsíneachtaí sin nach dtagann faoi réim na míreanna sin thuas.

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha iarracht na rátaí ar theileagraim ó imtheorannaithe, nó chucu, a laghdú oiread agus is féidir.

Airteagal 111.

Má choisceann oibríochtaí míleata na Cumhachtaí a bheidh i gceist óna n-oibleagáid chun a áirithiú go n-iomprófar an post agus na coinsíneachtaí fóirithinte dá dtagraítear in Airteagail 106, 107, 108 agus 113 a chomhlíonadh, féadfaidh na Cumhachtaí Coimirceacha a bheidh i gceist, Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó aon eagraíocht eile a bheidh ceadaithe go cuí ag na Páirtithe sa choinbhleacht, a ghabháil orthu féin iompar na gcoinsíneachtaí sin ar chóracha oiriúnacha (d'iarnród, i mótarfheithiclí, i soithí, nó in aerárthaí, etc.) a áirithiú. Chuige sin, déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha a ndícheall na córacha iompair sin a sholáthar dóibh, agus cead cúrsaíochta a thabhairt dóibh, go háirithe trí na coimhdí conaire is gá a dheonú.

Féadfar na córacha iompair sin a úsáid freisin:

(a) chun comhfhreagras, liostaí agus tuarascálacha a iompar a bheidh á malartú idir an Lár-Ghníomhaireacht Eolais dá dtagraítear in Airteagal 140 agus na hOifigí Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 136;

(b) chun comhfhreagras agus tuarascálacha i dtaobh imtheorannaithe a iompar a bheidh na Cumhachtaí Coimirceacha, Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó aon eagraíocht eile a chabhraíonn leis na himtheorannaithe, a mhalartú lena dtoscairí féin nó leis na Páirtithe sa choinbhleacht.

Ní bhaineann na forálacha sin ar dhóigh ar bith de cheart aon Pháirtí sa choinbhleacht chun córacha eile iompair a shocrú, más é sin is fearr leis, ná chun coimhdí conaire a dheonú, faoi choinníollacha ar a gcomhaontófar, do na córacha iompair sin.

Beidh na costais a thiocfaidh de na córacha iompair sin a úsáid ina muirear, i gcomhréir le tábhacht na gcoinsíneachtaí, ar na Páirtithe sa choinbhleacht a dtairbheoidh a náisiúnaigh díobh.

Airteagal 112.

Déanfar an chinsireacht ar an gcomhfhreagras a chuirfear chun imtheorannaithe, nó a chuirfidh siad féin chun bealaigh, chomh tapa agus is féidir.

Ní scrúdófar coinsíneachtaí le haghaidh imtheorannaithe faoi choinníollacha a chuirfeadh na hearraí iontu i gcaoi a meathlaithe. Déanfar an scrúdú i bhfianaise an tseolaí, nó i bhfianaise comh-imtheorannaí a bheidh údaraithe go cuí aige. Ní chuirfear moill ar sheachadadh coinsíneachtaí pearsanta nó choinsíneachtaí i gcomhroinn ar scáth deacrachtaí cinsireachta.

Má chuireann na Páirtithe sa choinbhleacht aon toirmeasc ar chomhfhreagras, ar chúiseanna míleata nó polaitiúla, ní bheidh ann ach toirmeasc sealadach agus ní choimeádfar i bhfeidhm é ach a ghiorracht aimsire agus is féidir.

Airteagal 113.

Cuirfidh na Cumhachtaí Coinneála gach saoráid réasúnach ar fáil chun uachtanna, cumhachtaí aturnae, litreacha údaráis, nó aon doiciméad eile d'imtheorannaithe nó cinn a bheidh á chur chun bealaigh acu, a chur ar aghaidh tríd an gCumhacht Choimirceach nó tríd an Lár-Ghníomhaireacht dá bhforáiltear in Airteagal 140.

I ngach cás, cás, éascóidh na Cumhachtaí Coinneála forghníomhú agus fíordheimhniú doiciméad den sórt sin i bhfoirm dhlithiúil mar is cuí, thar ceann imtheorannaithe, go háirithe trí chead a thabhairt dóibh dul i gcomhairle le dlíodóir.

Airteagal 114.

Tabharfaidh an Chumhacht Choinneála gach saoráid d'imtheorannaithe chun go bhféadfaidh siad a maoin a bhainistí, ar choinníoll nach mbeidh sin ar neamhréir leis na coinníollacha imtheorannaithe agus leis an dlí is infheidhme. Chuige sin, féadfaidh an Chumhacht sin cead a thabhairt dóibh an áit imtheorannaithe a fhágáil i gcásanna práinne agus má cheadaíonn na himthosca é.

Airteagal 115.

I ngach cás a mbeidh imtheorannaí ina pháirtí in imeachtaí in aon chúirt, cuirfidh an Chumhacht Choinneála faoi deara, má iarann sé é, go gcuirfear in iúl don chúirt go bhfuil sé faoi imtheorannú, agus féachfaidh sí chuige, taobh istigh de theorainneacha an dlí, go ndéanfar gach is gá chun nach mbainfidh dochar ar bith dó, toisc é a bheith faoi imtheorannú, maidir le hullmhú agus stiúradh a cháis ná maidir le forghníomhú aon bhreithiúnais a thabharfaidh an chúirt.

Airteagal 116.

Beidh cead ag gach imtheorannaí cuairteoirí a bheith aige, go mór mhór neasghaolta, ar thráthanna rialta agus chomh minic agus is féidir.

Sa mhéid gur féidir é, ceadófar d'imtheorannaithe cuairt a thabhairt ar a mbaile i gcásanna práinne, go háirithe i gcás gaolta d'fháil bháis nó a bheith an-bhreoite.

Caibidil IX.—Smachtbhannaí Pionóis agus Araíonachta.

Airteagal 117.

Faoi réir forálacha na Caibidle seo, beidh feidhm i gcónaí maidir le himtheorannaithe a dhéanfaidh cionta le linn a n-imtheorannaithe ag na dlíthe atá i bhfeidhm sa chríoch ina bhfuil siad faoi choinneáil.

Má dhearbhaíonn dlíthe, rialacháin nó orduithe ginearálta go mbeidh gníomhartha a dhéanfaidh imtheorannaithe inphionóis, agus más rud é nach mbeadh na gníomhartha sin inphionóis dá mba dhaoine nach imtheorannaithe a dhéanfadh iad, is pionóis araíonachta amháin a ghabhfaidh leis na gníomhartha sin.

Ní cead aon imtheorannaí a phionósú thar uair amháin mar gheall ar an ngníomh céanna, nó ar an scór céanna.

Airteagal 118.

Nuair a bheidh pianbhreith á gearradh acu, cuirfidh na cúirteanna nó na húdaráis san áireamh, chomh fada agus is féidir sin, nach náisiúnach de chuid na cumhachta coinneála an cosantóir. Beidh cead acu an pionós a laghdú a fhoráiltear i leith an chiona inar cúisíodh an t-imtheorannaí agus ní bheidh d'oibleagáid orthu, dá réir sin, an bun-phionós a ordaítear a chur i bhfeidhm.

Toirmisctear príosúnú in áitreabh nach dtagann solas an lae ann agus, i gcoitinne, gach uile shaghas cruálachta.

Ní cead cóireáil a bheidh neamhionann leis an gcóireáil a chuirtear ar imtheorannaithe eile a chur ar imtheorannaithe a bhfuil pianbhreith araíonachta nó pianbhreith bhreithiúnach curtha isteach acu.

Déanfar an tréimhse a chaith imtheorannaí faoi choinneáil choisctheach a bhaint d'aon phionós araíonachta nó pionós breithiúnach, faoina mbeidh sé le gaibhniú, a chuirfear de phianbhreith air.

Déanfar gach imeacht bhreithiúnach a thionscnófar i gcoinne imtheorannaithe a chur in iúl do Choistí na nImtheorannaithe atá ag feidhmiú ar a son, maraon le toradh na n-imeachtaí sin.

Airteagal 119.

Is iad seo a leanas na pionóis araíonachta is inchurtha ar imtheorannaithe:

(1) fíneáil nach mó ná 50 faoin gcéad den phá a gheobhadh an t-imtheorannaí murach sin faoi fhorálacha Airteagal 95 i rith tréimhse tríocha lá ar a mhéid;

(2) stopadh na bpribhléidí a dheonaítear de bhreis agus de bharr ar an gcóireáil dá bhforáiltear leis an gCoinbhinsiún seo;

(3) dualgais ghiotamála, nach faide ná dhá uair a chloig sa lá, maidir le cothabháil na háite imtheorannaithe;

(4) gaibhniú.

Ní cead i gcás ar bith pionóis araíonachta a bheith mídhaonna, brúidiúil ná contúirteach do shláinte na n-imtheorannaithe. Tabharfar aird ar aois, gnéas agus staid sláinte an imtheorannaí.

Ní mhairfidh aon phionós áirithe i gcás ar bith thar tríocha lá as a chéile ar a mhéid, fiú má tá an t-imtheorannaí freagrach i sáruithe éagsúla araíonachta an tráth a thriailfear a chás, bíodh baint ag na sáruithe sin lena chéile nó ná bíodh.

Airteagal 120.

I gcás imtheorannaithe a athghabhfar tar éis dóibh éalú nó le linn dóibh iarracht a dhéanamh ar éalú, ní dhlífear a chur orthu ach pionós araíonachta i leith an ghnímh sin, fiú más athchion é.

D'ainneoin Airteagal 118, mír 3, féadfar imtheorannaithe a phionósófar de dhroim éalú nó iarracht ar éalú a chur faoi fhaire ar leith, ar choinníoll nach gcuirfidh an faire sin as dá sláinte, gurb in áit imtheorannaithe a choiméadfar faoi fhaire iad, agus nach gcuirfear ar ceal aon ráthaíocht dá dtugtar leis an gCoinbhinsiún seo.

Na himtheorannaithe a chabhróidh agus a neartóidh le héalú nó le hiarracht ar éalú, ní dhlífear a chur orthu ach pionós araíonachta ar an scór sin.

Airteagal 121.

Ní áireofar éalú, ná iarracht ar éalú, fiú más athchion é, mar thromú ar a chion i gcás imtheorannaí a chúiseamh i leith cionta a rinne sé le linn a éalaithe.

Féachfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht chuige go mbeidh na húdaráis inniúla trócaireach nuair a bheidh siad á chinneadh cé acu pionós araíonachta nó pionós breithiúnach a ghearrfar i leith ciona, go mór mór i leith gníomhartha a rinneadh maidir le héalú, cibé acu d'éirigh leis an éalú nó nár éirigh.

Airteagal 122.

Déanfar imscrúdú láithreach ar ghníomhartha atá ina gcionta in aghaidh araíonachta. Cuirfear an riail sin i bhfeidhm, go háirithe, i gcás éalú nó iarracht ar ealú. Déanfar imtheorannaithe a athghabhfar a thabhairt suas do na húdaráis inniúla a luaithe is féidir.

I gcás ciontaí in aghaidh araíonachta, ní choinneofar aon imtheorannaí faoi ghaibhniú ag feitheamh ar a thriail ach a ghiorracht aimsire is féidir, agus in aon chás ní choinneofar faoi ghabhniú é thar ceithre lá dhéag. In aon chás, déanfar an tréimhse sin a bhaint d'aon tréimhse ghaibhnithe a chuirfear de phianbhreith air.

Bainfidh forálacha Airteagail 124 agus 125 le himtheorannaithe a bheidh faoi ghaibhniú ag feitheamh ar a dtriail i gciontaí in aghaidh araíonachta.

Airteagal 123.

Gan dochar d'inniúlacht cúirteanna agus údarás uachtarach, ní bheidh pionós araíonachta inordaithe ach amháin ag ceannfort na háite imtheorannaithe nó ag oifigeach nó feidhmeannach freagrach a bheidh ina ionad, nó a mbeidh sé tar éis a chumhachtaí araíonachta a tharmligean chuige.

Sula ngearrfar aon phionós araíonachta, tabharfar don imtheorannaí eolas beacht i dtaobh na gcionta a bhfuil sé á chúiseamh iontu, agus tabharfar caoi dó ar a iompar a mhíniú agus é féin a chosaint. Ceadófar dó, go háirithe, glaoch ar fhinnéithe agus seirbhísí teangaire cháilithe a fháil, más gá. Fógrófar an cinneadh i bhfianaise an chúisí agus chomhalta de Choiste na nImtheorannaithe.

Ní faide ná mí an tréimhse idir an t-am a ghearrfar pionós araíonachta agus an t-am a chuirfear i ngníomh é.

Nuair a ghearrfar pionós araíonachta eile ar imtheorannaí, ní chuirfear aon dá phionós díobh i bhfeidhm go dtí go mbeidh trí lá ar a laghad caite idir an dá linn, más faide ná deich lá tréimhse aon phionóis acu sin.

Coimeádfaidh ceannfort na háite imtheorannaithe taifead de na pionóis araíonachta agus beidh sé ar fáil ag ionadaithe na Cumhachta Coimircí lena iniúchadh.

Airteagal 124.

Ní dhéanfar i gcás ar bith imtheorannaithe a aistriú go bunachais pheannaideacha (príosúin, peannadlanna, príosúin phianseirbhíse, etc.), chun dul faoi phionós araíonachta iontu.

Gach áitreabh ina rachfar faoi phionós araíonachta, beidh sé de réir a bhforáiltear i dtaobh sláintíochta; soláthrófar dóibh go háirithe leapachas leormhaith. Cuirfear ar chumas imtheorannaithe atá faoi phionós iad féin a choimeád glan.

Déanfar ban-imtheorannaithe faoi phionós araíonachta a ghaibhniú i gceathrúna ar leith ó fhear-imtheorannaithe, agus beidh siad faoi gharmhaoirseacht ag mná.

Airteagal 125.

Ceadófar d'imtheorannaithe ar ar gearradh pionós araíonachta aclaíocht a dhéanamh agus fanacht amuigh faoin aer ar feadh dhá uair a chloig ar a laghad gach lá.

Ligfear dóibh, má iarrann siad é, bheith i láthair ag na scrúduithe liachta laethúla. Gheobhaidh siad an aire is gá dóibh de dheasca staid a sláinte agus, más gá, aistreofar iad go dtí otharlann na háite imtheorannaithe nó go dtí ospidéal.

Beidh cead léitheoireachta agus scríbhneoireachta acu, agus cead chun litreacha a chur amach agus a fháil. Féadfar, áfach, beartáin agus seoltáin airgid a choimeád siar uathu go dtí go mbeidh téarma a bpionóis curtha isteach acu; idir an dá linn cuirfear na coinsíneachtaí sin faoi chúram Choiste na nImtheorannaithe, agus tabharfaidh siadsan don otharlann na hearraí meatacha a bheidh sna beartáin sin.

Ní cead tairbhe na bhforálacha atá in Airteagail 107 agus 143 den Choinbhinsiún seo a bhaint d'aon imtheorannaithe ar ar gearradh pionós araíonachta.

Airteagal 126.

Bainfidh forálacha Airteagail 71 go 76 go huile, de thoradh analaí, le himeachtaí i gcoinne imtheorannaithe atá i gcríoch náisiúnta na Cumhachta Coinneála.

Caibidil X.—Aistriú Imtheorannaithe.

Airteagal 127.

Déanfar imtheorannaithe a aistriú go daonnachtúil i gcónaí. De ghnáth, aistreofar iad d'iarnród nó le cóir iompair éigin eile, agus faoi choinníollacha a bheidh ar a laghad chomh maith leis na coinníollacha faoina n-aistrítear fórsaí na Cumhachta Coinneála ó stáisiún go chéile. Más rud é, mar bheart eisceachtúil, gur gá imtheorannaithe a aistriú de shiúl cos, ní cead é sin a dhéanamh mura bhfuil siad ina sláinte, agus in aon chás ní cead tuirse rómhór a chur orthu.

Soláthróidh an Chumhacht Choinneála do na himtheorannaithe, le linn a n-aistrithe, leordhóthain uisce inólta, agus leordhóthain bia de cháilíocht agus d'éagsúlacht leormhaith chun iad a choimeád i sláinte mhaith, maraon leis na baill éadaigh is gá, lóistín leormhaith agus an t-aireachas liachta is gá. Glacfaidh an Chumhacht Choinneála gach cúram is oiriúnach chun a áirithiú go mbeidh siad sábháilte le linn an aistrithe, agus déanfaidh sí liosta iomlán, roimh imeacht dóibh, de na himtheorannaithe a bheidh á n-aistriú.

Ní aistreofar imtheorannaithe breoite, créachtaithe nó easlána, ná mná le haghaidh clainne, má ba dhochar mór dóibh an turas, mura rud é go bhfuil dianriachtanas leis ar mhaithe lena sábháilteacht.

Má dhruideann réigiún na troda i gcóngar don áit imtheorannaithe, ní aistreofar na himtheorannaithe san áit sin mura féidir iad a aistriú faoi leorchoinníollacha sábháilteachta, nó mura rud é gur contúirtí dóibh fanacht ann ná iad a aistriú faoi leorchoinníollacha sábháilteachta, nó mura rud é gur contúirtí dóibh fanacht ann ná iad a aistriú.

Nuair a bheidh an Chumhacht Choinneála ag cinneadh ar na himtheorannaithe a aistriú, tabharfaidh sí aird ar leas na n-imtheorannaithe agus, go háirithe ní dhéanfaidh sí aon ní a d'fhágfadh gur dheacraide iad a athdhúichiú nó iad a chur ar ais go dtí a mbaile féin.

Airteagal 128.

I gcás imtheorannaithe a aistriú, cuirfear in iúl dóibh go hoifigiúil go bhfuil siad le haistriú, agus inseofar a seoladh poist nua dóibh. Tabharfar an t-eolas sin dóibh in am chun go bhféadfaidh siad a mbagáiste a phacáil agus scéala a chur chun a neasghaolta.

Ligfear dóibh a n-earraí pearsanta, agus na litreacha agus na beartáin a bheidh tagtha lena n-aghaidh, a thabhairt leo. Más gá é in imthosca an aistrithe, féadfar teorainn a chur le meáchan an bhagáiste sin, ach gan é a laghdú faoi bhun cúig chileagram is fiche i gcás ar bith.

Cuirfear ar aghaidh chucu gan mhoill litreacha agus beartáin a seoladh go dtí a seanáit imtheorannaithe.

Déanfaidh ceannfort na háite imtheorannaithe, faoi chomhaontú le Coiste na nImtheorannaithe, aon bhearta is gá chun a áirithiú go n-iomprófar maoin na n-imtheorannaithe i gcoitinne agus an bagáiste nach féidir dóibh a thabhairt leo mar gheall ar na srianta a chuirtear de bhua an dara mír den Airteagal seo.

Caibidil XI.—Bás Imtheorannaithe.

Airteagal 129.

Glacfaidh na húdaráis fhreagracha uachtanna imtheorannaithe lena slánchoimeád; agus i gcás imtheorannaí d'fháil bháis cuirfear a uacht ar aghaidh gan mhoill go dtí duine a bheidh sonraithe aige roimh ré.

Deimhneoidh dochtúir bás imtheorannaithe i ngach uile chás, agus déanfar amach deimhniú báis a inseoidh cúiseanna an bháis agus na coinníollacha inar tharla sé.

Déanfar taifead oifigiúil faoin mbás, a chlárófar go cuí, a tharraingt suas de réir an nós imeachta ina leith sin a bheidh i bhfeidhm sa chríoch ina bhfuil an áit imtheorannaithe, agus cuirfear cóip chuí-dheimhnithe den taifead sin ar aghaidh gan mhoill go dtí an Chumhacht Choimirceach agus go dtí an Lár-Ghníomhaireacht dá dtagraítear in Airteagal 140.

Airteagal 130.

Féachfaidh na húdaráis choinneála chuige go ndéanfar imtheorannaithe a fuair bás faoi imtheorannú a adhlacadh go measúil agus, más féidir é, de réir deasghnátha a reiligiúin, go dtabharfar urraim dá n-uaigheanna, go gcoimeádfar i dtreo ceart iad, agus go marcálfar iad ar chuma go bhféadfar iad a aithint i gcónaí.

Is in uaigheanna ar leith dóibh féin a adhlacfar imtheorannaithe marbha, mura gá ar chúiseanna dosheachanta iad a chur in uaigh i dteannta a chéile. Ní cead an corp a chréamadh ach ar chúiseanna dianriachtanacha sláinteachais, nó mar gheall ar reiligiún an mhairbh, nó de bhrí go raibh sé curtha in iúl aige go sainráite gurbh é sin ab áil leis. I gcás an corp a chréamadh, ní mór a rá go ndearnadh amhlaidh, agus an fáth a lua, i ndeimhniú báis an duine mhairbh. Déanfaidh na húdaráis choinneála an luaith a choimeád slán agus cuirfear go dtí na neasghaolta í a luaithe is féidir, má iarrtar sin.

Chomh luaith agus is féidir é sna himthosca, agus tráth nach déanaí ná críochnú na cogaíochta, déanfaidh an Chumhacht Choinneála liostaí d'uaigheanna imtheorannaithe marbha a chur ar aghaidh go dtí na Cumhachtaí a raibh na himtheorannaithe marbha ina gcleithiúnas, trí na hOifigí Eolais dá bhforáiltear in Airteagal 136. Sna liostaí sin tabharfar na sonraí go léir is gá chun na himtheorannaithe marbha a aithint, maraon le heolas beacht ar ionad a n-uaigheanna.

Airteagal 131.

Gach cás ina bhfaighidh imtheorannaí bás, nó ina ndéanfar díobháil mhór dó, agus gur faraire, imtheorannaí eile nó duine ar bith eile, ba chúis leis, nó go bhfuil amhras ann gurb ea, agus gach cás ina bhfaighidh aon duine bás ó chúis aineoil, cuirfidh an Chumhacht Choinneála fiosrúchán oifigiúil faoi ar bun láithreach ina dhiaidh.

Cuirfear scéala láithreach chun na Cumhachta Coimircí ina thaobh sin. Glacfar fianaise aon fhinnéithe, agus déanfar tuarascáil a luafar an fhianaise sin inti a ullmhú agus a chur ar aghaidh go dtí an Chumhacht Choimirceach sin.

Má léiríonn an fiosrúchán go bhfuil duine nó daoine ciontach, déanfaidh an Chumhacht Choinneála gach beart is gá chun an duine nó na daoine atá freagrach a ionchúiseamh.

Caibidil XII.—Saoradh, Athdhúichiú agus Cóiríocht i dTíortha Neodracha.

Airteagal 132.

Saorfaidh an Chumhacht Choinneála gach imtheorannaí chomh luath is a bheidh deireadh leis na cúiseanna a thug gur ghá é a imtheorannú.

Fairis sin, féachfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht, le linn na cogaíochta, le comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun aicmí áirithe imtheorannaithe, go háirithe leanaí, mná atá ag iompar clainne, agus máithreacha le naíonáin agus le leanaí óga, daoine créachtaithe agus breoite, agus imtheorannaithe atá faoi imtheorannú le fada, a shaoradh, a athdhúichiú, nó a chur ar ais go dtí a n-áit chónaithe, nó chun cóiríocht a sholáthar dóibh i dtír neodrach.

Airteagal 133.

Cuirfear deireadh leis an imtheorannú a luaithe is féidir tar éis chríochnú na cogaíochta.

Aon imtheorannaithe i gcríoch Pháirtí sa choinbhleacht a mbeidh imeachtaí pionósacha ar feitheamh ina n-aghaidh mar gheall ar chiontaí nach pionóis araíonachta amháin a ghabhann leo, féadfar iad a choinneáil go dtí go mbeidh críoch leis na himeachtaí sin agus, más gá, go dtí críochnú an phionóis. Bainfidh an rud céanna le himtheorannaithe ar gearradh pionós orthu roimhe sin a bhain a saoirse díobh.

Trí chomhaontú idir an Chumhacht Choinneála agus na Cumhachtaí lena mbainfidh an scéal, féadfar coistí a chur ar bun tar éis deireadh a theacht leis an gcogaíocht nó le forghabháil críocha, chun imtheorannaithe scaipthe a lorg.

Airteagal 134.

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha a ndícheall, ar chríochnú na cogaíochta nó na forghabhála, chun a dheimhniú go gcuirfear na himtheorannaithe go léir ar ais go dtí an áit chónaithe ba dhéanaí acu, nó chun a n-athdhúichiú a éascú.

Airteagal 135.

Is ar an gCumhacht Choinneála a bheidh an costas a bhainfidh le himtheorannaithe saortha a chur ar ais go dtí na háiteanna a raibh cónaí orthu nuair a cuireadh faoi imtheorannú iad, nó, más le linn a dturais nó ar an mórmhuir a thóg sí faoi choimeád iad, an costas a bhainfidh le críochnú a dturais nó lena gcur ar ais go dtí an pointe ónar ghluais siad.

Má dhiúltaíonn Cumhacht Choinneála cead cónaithe ina críoch d'imtheorannaí saortha a raibh sainchónaí buan air ann roimhe sin, íocfaidh an Chumhacht Choinneála sin costas a athdhúichithe. Más rud é, áfach, go nglacfaidh an t-imtheorannaí de rogha filleadh ar a thír féin, ar a ehonlán féin nó in umhlaíocht do Rialtas na Chumhachta a bhfuil sé faoi ghéillsine aici, ní gá don Chumhacht Choinneála costas a thurais a íoc leis thar phointe a imeachta as a críoch. Ní gá don Chumhacht Choinneála an costas athdhúichithe a íoc i gcás imtheorannaí a cuireadh faoi imtheorannú ar é féin dá iarraidh.

Má aistrítear imtheorannaithe de réir Airteagal 45, comhaon tóidh an Chumhacht a aistreoidh iad agus an Chumhacht a ghlacfaidh iad ar an gcion de na costais thuasluaite a bheidh de mhuirear ar gach Cumhacht ar leith díobh.

Ní dhéanfaidh a bhfuil anseo roimhe seo dochar d'aon chomhaontuithe speisialta a bheidh déanta idir Páirtithe sa choinbhleacht maidir le náisiúnaigh dá gcuid, a bheidh ar láimh ag an namhaid, a mhalartú agus a athdhúichiú.

Alt V.—Oifigí Eolais agus Lár-Ghníomhaireacht.

Airteagal 136.

Ar choinbhleacht a bhriseadh amach, agus i ngach cás forghabhála, tionscnóidh gach ceann de na Páirtithe sa choinbhleacht Oifig Eolais oifigiúil ar a mbeidh sé de chúram eolas a fháil agus a chur amach i dtaobh na ndaoine coimircithe atá faoina urláimh.

Taobh istigh den tréimhse is giorra is féidir, tabharfaidh gach ceann de na Páirtithe sa choinbhleacht dá Oifig eolas faoi aon bheart a rinne sé maidir le haon daoine coimircithe atá a gcoinneáil faoi choimeád le níos mó ná dhá sheachtain nó a bhfuil áit chónaithe áirithe ceaptha dóibh nó atá faoi imtheorannú. Ina theannta sin, tabharfaidh sé ar na hearnálacha éagsúla lena mbaineann a leithéid eolas a sholáthar go gasta don Oifig réamhráite faoi gach athrú a bhaineann leis na daoine coimircithe sin, mar shampla, a n-aistriú, a saoradh, a n-athdhúichiú, a n-éalú, a gcur isteach in ospidéal, a mbás agus saolú leanaí.

Airteagal 137.

Déanfaidh gach Oifig náisiúnta eolas faoi dhaoine coimircithe a chur ar aghaidh láithreach chomh tapa agus is féidir go dtí na Cumhachtaí ar náisiúnaigh díobh na daoine réamhráite, nó go dtí Cumhachtaí a raibh cónaí orthu ina gcríoch, trí na Cumhachtaí Coimirceacha agus tríd an Lár-Ghníomhaireacht dá bhforáiltear in Airteagal 140. Déanfaidh na hOifigí freisin freagra a thabhairt ar gach ceist a gheofar i dtaobh daoine coimircithe.

Déanfaidh Oifigí Eolais eolas faoi dhuine coimircithe a chur ar aghaidh ach amháin i gcás ina mbeadh sé dochrach don duine a bheidh i gceist nó dá ghaolta. Fiú sa chás sin, ní cead an t-eolas a choinneáil ón Lar-Ghníomhaireacht agus, ar na himthosca a chur in iúl don Lár-Ghníomhaireacht, glacfaidh sí an cúram is gá mar a luaitear in Airteagal 140.

Déanfar gach scéala a thabharfaidh aon Oifig i scríbhinn a fhíordheimhniú le síniú nó le séala.

Airteagal 138.

Is éard a bheidh san eolas a gheobhaidh an Oifig Náisiúnta, agus a chuirfidh sí ar aghaidh, eolas de chineál gur féidir dá thairbhe an duine coimircithe a aithint go deimhnitheach agus scéala a chur go dtí a neasghaolta go tapa. Aireofar san eolas faoi gach duine, ar an gcuid is lú de, a shloinne, a chéad-ainmneacha, áit agus dáta a bhreithe, a náisiúntacht, an áit chónaithe ba dhéanaí aige, agus a chomharthaí sóirt, céad-ainm a athar agus sloinne a mháthar sular phós sí, an beart a rinneadh maidir leis an duine áirithe agus dáta agus áit a dhéanta, an seoladh a bhféadfar comhfhreagras dó a chur chuige agus ainm agus seoladh an duine a bhfuil scéala le cur chuige.

Mar an gcéanna, soláthrófar go rialta, gach seachtain más féidir, eolas ar staid sláinte na n-imtheorannaithe atá an-bhreoite nó atá créachtaithe go holc.

Airteagal 139.

Fairis sin, beidh de chúram ar gach Oifig Eolais náisiúnta gach earra pearsanta luachmhar a bhailiú, a bheidh fágtha ina ndiaidh ag daoine coimircithe a luaitear in Airteagal 136, go háirithe ag daoine a athdhúichíodh nó a saoradh, nó a d'éalaigh nó a fuair bás; cuirfidh sí na hearraí sin ar aghaidh go dtí na daoine lena mbaineann siad, go díreach nó, más gá, tríd an Lár-Ghníomhaireacht. Cuirfidh an Oifig na hearraí sin ar aghaidh i bpacáidí séalaithe lena ngabhfaidh ráitis a thabharfaidh, go soiléir agus go hiomlán, sonraí aitheantais an duine ar leis na hearraí, maraon le liosta iomlán de na nithe sa bheartán. Coimeádfar taifid mhionchruinne i dtaobh gach earra den sórt sin a gheofar agus a chuirfear ar aghaidh.

Airteagal 140.

Cuirfear Lár-Ghníomhaireacht Eolais i dtaobh daoine coimircithe, go háirithe i dtaobh imtheorannaithe, ar bun i dtír neodrach. Má mheasann Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur gá é, molfaidh sé do na Cumhachtaí a bheidh i gceist Gníomhaireacht dá leithéid a eagrú, agus féadfaidh an Ghníomhaireacht sin bheith cosúil leis an gceann dá bhforáiltear in Airteagal 123 de Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949,

Is é cúram a bheidh ar an nGníomhaireacht gach eolas, den chineál atá leagtha amach in Airteagal 136, a chruinniú a gheobhaidh sí trí mheáin oifigiúla nó phríobháideacha, agus an t-eolas sin a chur ar aghaidh chomh tapa agus is féidir go dtí tír tionscnaimh nó tír chónaithe na ndaoine a bheidh i gceist, ach amháin i gcás ina mbeadh an t-eolas sin dochrach do na daoine lena mbaineann sé, nó dá ngaolta. Tabharfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht gach saoráid réasúnach di chun an t-eolas sin a chur ar aghaidh.

Iarrtar ar na hArdpháirtithe Conarthacha, agus go háirithe orthu siúd a dtairbhíonn a náisiúnaigh de sheirbhísí na Lár-Ghníomhaireachta, an cúnamh airgeadais a theastóidh uaithi a thabhairt don Ghníomhaireacht sin.

Ní bheidh na forálacha sin roimhe seo le léiriú ar dhóigh ar bith mar shrianadh ar ghníomhaíochtaí daonchairdiúla Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus na gcumann fóirithinte a thuairiscítear in Airteagal 142.

Airteagal 141.

Beidh postas in aisce ar fáil ag na hOifigí Eolais náisiúnta agus ag an Lár-Ghníomhaireacht Eolais, maraon le gach díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 110, agus ina theannta sin, chomh fada agus is féidir é, díolúine ó tháillí teileagrafaíochta nó, ar a laghad, rátaí a bheidh laghdaithe go mór.

CUID IV.—COMHALLADH AN CHOINBHINSIUIN.

Alt I.—Forálacha Ginearálta.

Airteagal 142.

Faoi réir na mbeart a mheasfaidh na Cumhachtaí Coinneála a bheith riachtanach chun a slándáil a chur in áirithe nó chun freastal d'aon ghá réasúnach eile, gheobhaidh na hionadaithe d'eagraíochtaí reiligiúnacha, do chumainn fóirithinte, nó d'aon eagraíochtaí eile a chabhraíonn leis na daoine coimircithe, ó na Cumhachtaí sin, lena n-aghaidh féin nó le haghaidh a ngníomhairí cuí-údaraithe, gach saoráid is gá chun cuairt a thabhairt ar na daoine coimircithe, chun soláthairtí fóirithinte agus ábhair, ó fhoinse ar bith, le haghaidh cuspóirí oideachais nó caitheamh aimsire nó reiligiúin a dháileadh, nó chun cuidiú leo ag riaradh a dtréimhse scíthe sna háiteanna imtheorannaithe. Féadfar na cumainn nó na heagraíochtaí sin a thionscnamh i gcríoch na Cumhachta Coinneála, nó in aon tír eile, nó féadfaidh siad bheith de chineál idirnáisiúnta.

Féadfaidh an Chumhacht Choinneála teorainn a chur leis an méid cumann agus eagraíochtaí a gceadófar dá dtoscairí a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ina críoch agus faoina maoirseacht, ar choinníoll, áfach, nach gcuirfidh an teorainn sin bac ar fhóirithint éifeachtach leormhaith a thabhairt do gach duine coimircithe.

Aithneofar agus uarramófar i gcónaí staid speisialta Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge sa réim sin.

Airteagal 143.

Beidh de chead ag ionadaithe nó toscairí na gCumhachtaí Coimirceacha dul go dtí gach áit a mbeidh daoine coimircithe ann, go háirithe áiteanna imtheorannaithe, coinneála agus saothair.

Beidh cead isteach acu in aon áitreabh atá ar áitiú ag daoine coimircithe agus féadfaidh siad iad a agallamh, gan finnéithe, go pearsanta nó trí theangaire. Ní cead na cuairteanna sin a thoirmeasc ach ar chúiseanna dianriachtanais mhíleata, agus sa chás sin féin mar rud eisceachtúil sealadach. Ní chuirfear srian le fad ná le minicíocht na gcuairteanna sin.

Beidh saoirse iomlán ag na hionadaithe agus na toscairí sin na háiteanna arb áil leo cuairt a thabhairt orthu a thoghadh. Féadfaidh an Chumhacht Choinneála nó Forghabhála, an Chumhacht Choimirceach agus, nuair is gá é, an Chumhacht lena mbaineann na daoine a bhfuil cuairt le tabhairt orthu, a chomhaontú go gceadófar do chomhthírigh leis na himtheorannaithe bheith páirteach sna cuairteanna sin.

Beidh na sainchumais chéanna ag toscairí Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge. Cuirfear ceapadh na dtoscairí sin i gcead na Cumhachta atá ag rialú na gcríoch ina mbeidh a ndualgais á ndéanamh acu.

Airteagal 144.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin téacs an Choinbhinsiúin seo a chraobhscaoileadh chomh forleathan agus is féidir ina dtíortha faoi seach, in aimsir shíochána agus in aimsir chogaidh, agus, go háirithe, staidéar ar an gCoinbhinsiún a chur ar a gclár teagaisc, idir mhíleata agus, más féidir é, shibhialta, ionas go mbeidh a phrionsabhail ar eolas ag an bpobal ar fad.

Aon údaráis shibhialta nó mhíleata, nó aon údaráis phóilíneachta nó eile, a ghabhfaidh orthu féin, in aimsir chogaidh, freagrachtaí i leith daoine coimircithe, ní foláir dóibh téacs an Choinbhinsiúin seo a bheith acu agus teagasc speisialta a fháil ar a fhorálacha.

Airteagal 145.

Cuirfidh na hArdpháirtithe Conarthacha chun a chéile, trí Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise agus, le linn cogaíochta, trí na Cumhachtaí Coimirceacha, na tiontuithe oifigiúla ar an gCoinbhinsiún seo, maraon leis na dlíthe agus na rialacháin a mbeidh glactha acu leo chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é.

Airteagal 146.

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin aon reachtaíocht a achtú is gá chun smachtbhannaí pionósacha le héifeacht a fhoráil do dhaoine a dhéanfaidh, nó a ordóidh go ndéanfar, sárú tromchúiseach mar a mhínítear san Airteagal ina dhiaidh seo ar an gCoinbhinsiún seo.

Beidh d'oibleagáid ar gach Ardpháirtí Conarthach cuardach a dhéanamh do dhaoine a mbeifear tar éis a líomhnú go ndearna siad sárú tromchúiseach den sórt sin, nó gur ordaigh siad é a dhéanamh, agus tabharfaidh sé na daoine sin, is cuma cad is náisiúntacht dóibh, os comhair a chúirteanna féin. Féadfaidh sé freisin, más é is fearr leis, agus de réir forálacha a reachtaíochta féin, na daoine sin a thabhairt suas le haghaidh trialach d'Ardpháirtí Conarthach eile lena mbainfidh an scéal, ar choinníoll go mbeidh cás prima facie déanta amach ag an Ardpháirtí Conarthach sin.

Déanfaidh gach Ardpháirtí Conarthach na bearta is gá chun go gcuirfear faoi chois gach gníomh a bheidh contrártha d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, seachas na sáruithe tromchúiseacha a mhínítear san Airteagal ina dhiaidh seo.

I ngach cás, tairbheoidh na daoine cúisithe de dhearbhais maidir lena dtriail agus a gcosaint go cuí a bheidh, ar a laghad, chomh fabhrach leis na dearbhais a fhoráiltear le hAirteagal 105 agus leis na hAirteagail ina dhiaidh sin de Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949.

Airteagal 147.

Is iad na sáruithe tromchúiseacha lena mbaineann an tAirteagal sin roimhe seo, sáruithe ina ndéanfar aon ghníomh acu seo a leanas, i gcás é a dhéanamh i gcoinne daoine nó maoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo: marú toiliúil, céastóireacht nó ainíde mhídhaonnachtúil, lena n-áirítear turgnaimh bhitheolaíochta, duine a chur ag fulaingt go mór nó díobháil mhór a dhéanamh dó, go toiliúil, ina chorp nó ina shláinte, duine coimircithe a chur thar tír amach nó a aistriú nó a ghaibhniú go neamhdhleathach, iallach a chur ar dhuine coimircithe fónamh i bhfórsaí na Cumhachta naimhdí, nó a chearta chun triail chóir rialta a fháil, mar a fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo, a bhaint de dhuine coimircithe, gialla a thógáil, agus maoin a dhíothú agus a ghlacadh ar seilbh go forleitheadúil gan riachtanas míleata a bheith leis agus é a dhéanamh go neamhdhleathach agus go hainrianta.

Airteagal 148.

Ní ligfear d'aon Ardpháirtí Conarthach é féin ná aon Ardpháirtí Conarthach eile a shaoradh ó aon dliteanas a thitfidh air féin nó ar aon Ardpháirtí Conarthach eile mar gheall ar sháruithe dá dtagraítear san Airteagal sin roimhe seo.

Airteagal 149.

Ar iarratas ó Pháirtí sa choinbhleacht, cuirfear fiosrúchán ar bun, ar dhóigh a chinnfear idir na Páirtithe leasmhara, faoi aon sárú a líomhnófar a rinneadh ar an gCoinbhinsiún.

Mura dtiocfar ar chomhaontú i dtaobh an nós imeachta san fhiosrúchán, is ceart do na Páirtithe aontú ar mholtóir a shocróidh an nós imeachta is inleanta.

Ón uair a shuífear an sárú, cuirfidh na Páirtithe sa choinbhleacht deireadh leis agus cuirfidh siad faoi chois é a luaithe is féidir.

Alt II.—Forálacha Deiridh.

Airteagal 150.

Tá an Coinbhinsiún seo leagtha amach i mBéarla agus i bhFraincis. Tá an dá théacs chomh barántúil lena chéile.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise socrú chun tiontú oifigiúil ar an gCoinbhinsiún a dhéanamh sa Rúisis agus sa Spáinnis.

Airteagal 151.

Féadfar an Coinbhinsiún seo, atá faoi dháta an lae inniu, a shíniú go dtí an 12 Feabhra, 1950, in ainm na gCumhachtaí a raibh ionadaithe uathu ag an gComhdháil a thosaigh sa Ghinéive an 21 Aibreán, 1949.

Airteagal 152.

Daingneofar an Coinbhinsiún seo a luaithe is féidir agus taiscfear na daingniúcháin i mBeirn.

Déanfar amach taifead i dtaobh taisceadh gach ionstraime daingniúcháin agus déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cóipeanna deimhnithe den taifead sin a chur go dtí na Cumhachtaí uile ar síníodh an Coinbhinsiún ina n-ainm, nó a mbeifear tar éis a chur in iúl go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 153.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm sé mhí tar éis dhá ionstraim dhaingniúcháin ar a laghad a bheith taiscthe.

Ina dhiaidh sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Ardpháirtí Conarthach sé mhí tar éis an ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

Airteagal 154.

Sa chaidreamh idir na Cumhachtaí atá faoi cheangal ag Coinbhinsiún an Háig maidir le Dlíthe agus Nósanna an Chogaidh ar Talamh, cibé acu Coinbhinsiún an 29 Iúil, 1899, nó Coinbhinsiún an 18 Deireadh Fómhair, 1907, é, agus atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún seo, beidh an Coinbhinsiún seo forlíontach ar Ailt II agus III de na Rialacháin atá i gceangal le Coinbhinsiúin thuasluaite an Háig.

Airteagal 155.

Ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfaidh aon Chumhacht nach mbeidh an Coinbhinsiún seo sínithe ina hainm glacadh leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 156.

Déanfar fógraí go bhfuil glactha leis an gCoinbhinsiún a thabhairt i scríbhinn do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise, agus beidh éifeacht leis an nglacadh sé mhí tar éis an dáta a bhfaighfear na fógraí.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise na fógraí go bhfuil glactha leis an gCoinbhinsiún a chur in iúl do na Cumhachtaí uile a mbeidh an Coinbhinsiún sínithe ina n-ainm, nó a mbeidh fógra tugtha go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 157.

Tabharfaidh na dálaí dá bhforáiltear in Airteagail 2 agus 3 éifeacht láithreach do gach daingniúchán a bheidh taiscthe agus do gach glacadh leis an gCoinbhinsiún a bheidh curtha in iúl ag na Páirtithe sa choinbhleacht roimh thosach na cogaíochta nó na forghabhála nó dá éis. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise in iúl a thapúla is féidir aon fhógra a gheofar ó na Páirtithe sa choinbhleacht go bhfuil an Coinbhinsiún daingnithe acu nó go bhfuil glactha acu leis.

Airteagal 158.

Beidh sé ar chumas gach ceann de na hArdpháirtithe Conarthacha an Coinbhinsiún seo a shéanadh.

Cuirfear an séanadh in iúl i scríbhinn do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise, agus cuirfidh an Chomhairle sin ar aghaidh é go dtí Rialtais na nArdpháirtithe Conarthacha uile.

Beidh éifeacht ag an séanadh bliain tar éis a churtha in iúl do Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise. Ach, i gcás séanadh a chur in iúl le linn an Chumhacht shéantach a bheith páirteach i gcoinbhleacht, ní bheidh éifeacht ag an séanadh go dtí go mbeidh síocháin tugtha i gcrích, agus go mbeidh deireadh leis na hoibríochtaí a bhainfidh le saoradh, athdhúichiú agus athbhunú na ndaoine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún seo.

Ní bheidh éifeacht ag an séanadh ach amháin maidir leis an gCumhacht shéantach. Ní bhainfidh sé ar chor ar bith de na hoibleagáidí a mbeidh na Páirtithe sa choinbhleacht faoi cheangal i gcónaí iad a chomhlíonadh de bhua phrionsabail dhlí na náisiún, mar a leanann siad as an ngnáthamh atá bunaithe i measc pobal sibhialta agus as dlíthe na daonnachta agus mar is dual de réir choinsias an phobail.

Airteagal 159.

Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise an Coinbhinsiún seo a chlárú le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise in iúl freisin do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe gach fógra a gheobhaidh sí gur daingníodh an Coinbhinsiún seo nó gur glacadh leis nó gur séanadh é.

Dá fhianú sin tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, ar a lánchumhachtaí faoi seach a thaisceadh dóibh, tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú.

Arna dhéanamh sa Ghinéive an dara lá déag seo de Lúnasa, 1949, i mBéarla agus i bhFraincis. Taiscfear an scríbhinn bhunaidh i gcairtlanna Chónaidhm na hEilvéise. Cuirfidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cóipeanna deimhnithe di chun gach ceann de na Stáit a shínigh an Coinbhinsiún agus chun gach Stát a mbeidh glactha aige leis.

[Sínithe agus Iarscríbhinní anseo síos.]