Uimhir 11 de 1969
AN tACHT UM DHEONTAIS INFHEISTÍOCHTA LOINGIS, 1969
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “caiteachas caipitil ceadaithe” caiteachas a measann an tAire gné chaipitil a bheith ann agus a bheidh ceadaithe aige chun críocha deontais faoin Acht seo;
ciallaíonn “sócmhainn” aon long, cuid de long nó trealamh do long, ar tugadh deontas ina leith faoin Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.
Deontais faoi chomhair caiteachais chaipitil a thabhófar ag soláthar long, etc.
2.—(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo agus cibé coinníollacha a fhorchuirfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt do dhuine a sheolann gnó, nó a bheartaíonn gnó a sheoladh, sa Stát ar deontas é faoi chomhair caiteachais chaipitil cheadaithe a thabhófar ag soláthar loinge nua nó páirte nó trealaimh nua do long, nó long a chomhshó, le haghaidh úsáide chun críocha an ghnó sin.
(2) Ní fholaíonn an tagairt i bhfo-alt (1) do long a sholáthar tagairt d'í a sholáthar trína cairtfhostú ó dhuine eile.
(3) Íocfar deontais faoin Acht seo as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Srian le deontais a thabhairt faoin Acht seo.
3.—(1) Ní thabharfar aon deontas faoin Acht seo—
(a) do phearsa aonair nach saoránach den Stát é agus nach sa Stát atá gnáthchónaí air,
(b) do chomhlacht corpraithe nach bhfuil corpraithe, agus cónaí air, sa Stát, ná
(c) do chomhpháirtíocht, más éard é aon chomhalta de pearsa aonair nach saoránach den Stát agus gnáthchónaí air sa Stát nó comhlacht corpraithe nach bhfuil corpraithe, agus cónaí air, sa Stát.
(2) Ní thabharfar aon deontas faoin Acht seo i leith long, ná i leith páirt de long, nó trealamh do long, a sholáthar is long—
(a) nach bhfuil cláraithe sa Stát faoi Chuid II den Acht Loingis Thráchtála, 1955,
(b) is lú ná 100 tonna de mhórthonnáiste, nó
(c) nach long uathghluaiste.
(3) Ní thabharfar aon deontas faoin Acht seo i leith aon cheann acu seo a leanas:—
(a) árthach iascaireachta,
(b) tug, nó
(c) árthach (lena n-áirítear dreidire) a úsáidtear go príomha mar ardán snámha le haghaidh innealra oibre agus nach mbíonn fostaithe le gnáth-oibríochtaí loingseoireachta.
Méid uasta agus cinneadh deontais faoin Acht seo.
4.—Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, méid deontais faoin Acht seo a chinneadh ó am go ham ach ní mó a bheidh sé in aon chás ná fiche a cúig faoin gcéad den chaiteachas caipitil ceadaithe ar faoina chomhair a thabharfar é.
Forálacha ilghnéitheacha maidir le deontais faoin Acht seo.
5.—(1) Féadfar deontas faoin Acht seo a thabhairt faoi chomhair—
(a) caiteachais chaipitil cheadaithe a tabhaíodh nó a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus
(b) caiteachais chaipitil cheadaithe a tabhaíodh roimh an dáta sin a mhéid is aon suim é a íocadh tar éis an dáta sin.
(2) Féadfar deontas faoin Acht seo a thabhairt faoi chomhair caiteachais chaipitil cheadaithe i leith loinge i gcúrsa a déanta má mheasann an tAire go mbeidh forálacha an Achta seo comhallta maidir leis an long nuair a bheidh sí críochnaithe.
Coinníollacha a fhorchuirfear nuair a thabharfar deontas faoin Acht seo.
6.—(1) Le linn don Aire deontas a thabhairt faoin Acht seo forchuirfidh sé cibé coinníollacha is oiriúnach leis chun a áirithiú go leanfar d'aon sócmhainn ar tugadh deontas, nó a bhfuil sé beartaithe deontas a thabhairt, ina leith a úsáid mar a cheanglaíonn na coinníollacha sin agus chun srian a chur le cairtfhostú aon loinge lena mbainfidh, agus féadfaidh na coinníollacha sin a cheangal go n-aisíocfar an deontas nó cuid de in imthosca sonraithe.
(2) Féadfaidh an tAire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar dhuine ar bith a fuair deontas faoin Acht seo, agus ar aon duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an duine sin, go dtabharfaidh sé cibé eolas don Aire, nó go dtabharfaidh ar aird le hiniúchadh thar ceann an Aire, cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile a shonrófar san fhógra chun a chumasú don Aire a chinneadh an bhfuil aon choinníoll ar ar tugadh an deontas comhallta nó á chomhlíonadh nó an bhfuil an deontas tagtha chun bheith inaisíoctha go hiomlán nó go páirteach de réir aon choinníll den sórt sin.
(3) Féadfaidh fógra faoi fho-alt (2) a cheangal go ndéanfar an t-eolas lena mbainfidh sé a thabhairt laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra agus féadfaidh sé a cheangal go dtabharfar doiciméid ar aird cibé tráth agus áit a shonrófar amhlaidh.
Cumhacht chun dul isteach agus áitreabh agus sócmhainní a iniúchadh.
7.—(1) Aon duine a bheidh cuí-údaraithe i scríbhinn ag an Aire féadfaidh sé, chun críocha alt 6 (2) agus gach tráth réasúnach, du isteach in, agus iniúchadh a dhéanamh ar, aon áitreabh ina mbeidh aon sócmhainn ar tugadh deontas ina leith faoin Acht seo (nó ina cheart, de réir aon choinníll a ghabhann leis an deontas, di a bheith agus féadfaidh sé a cheangal ar aon duine a dhealraíonn dó a bheith bhfeighil an áitribh sin an tsócmhainn a thabhairt ar aird nó a thaispeáint chun a hiniúchta.
(2) Tabharfar deimhniú ar a údarás do gach duine a chuí-údarófar faoin alt seo agus, nuair a bheidh aon chumhacht dá dtugtar dó leis an alt seo á feidhmiú aige, déanfaidh sé, má cheanglaítear air é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine a dhealraíonn dó a bheith i bhfeighil an áitribh.
Cionta.
8.—(1) Aon duine, agus é á airbheartú aige bheith ag déanamh de réir fógra faoi alt 6, a dhéanfaidh aon ráiteas, nó a thabharfaidh aon doiciméad ar aird, go feasach nó go meargánta, a bheidh bréagach i bponc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná míle punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(2) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, déanamh de réir fógra faoi alt 6 beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt nó, ar a chiontú an dara huair nó aon uair ina dhiaidh sin, céad punt, a chur air.
(3) Aon duine a choiscfidh go toiliúil aon duine a bheidh ag feidhmiú cirt dul isteach agus iniúchta faoi alt 7 nó a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, déanamh de réir cheanglais faoin alt sin beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
(4) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, aon choinníoll a chomhlíonadh ar ar tugadh deontas faoin alt seo dó, is coinníoll a cheangail air aon teagmhas, a thugann gurb iníoctha go hiomlán nó go páirteach an deontas, a chur in iúl don Aire beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó, ar a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná mí le punt nó trí oiread an mhéid is inaisíoctha amhlaidh, cibé acu is mó, a chur air.
Iarratais chalaoiseacha ar dheontais faoin Acht seo.
9.—Aon duine a dhéanfaidh aon ráiteas nó a thabharfaidh ar aird aon doiciméad d'fhonn deontas a fháil faoin Acht seo agus a dhéanfaidh an ráiteas sin nó a thabharfaidh ar aird an doiciméad sin go feasach meargánta agus an ráiteas nó an doiciméad sin bréagach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó, ar a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná míle punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
Cionta ag comhlachtaí corpraithe.
10.—I gcás ina gcruthófar maidir le cion faoin Acht seo ag comhlacht corpraithe go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí de chuid, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí, nó oifigigh eile dá shamhail sin de chuid an chomhlachta chorpraithe nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon fheidhmeanas den sórt sin beidh sé féin agus an comhlacht corpraithe ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina gcoinne agus iad a phionósú dá réir sin.
Caiteachais an Aire.
11.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
12.—(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1969, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.