Uimhir 11 de 1977
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1977
[An tiontú oifigiúil]
An líon gnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Chuarda agus an líon breithiúna sa Chúirt Dúiche.
1.—(1) Naonúr ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt.
(2) Aon déag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.
(3) Naonúr is tríocha ar a mhéid, i dteannta Uachtarán na Cúirte Dúiche, an líon breithiúna a bheidh sa Chúirt Dúiche.
Breithiúna den Chúirt Chuarda a shannadh do chuarda.
2.—(1) (a) Beidh ceathrar breitheamh den Chúirt Chuarda buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath.
(b) Beidh breitheamh amháin den Chúirt Chuarda buansannta do gach cuaird eile.
(2) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a bheith ceaptha, déanfaidh an Rialtas é a bhuansannadh—
(a) do Chuaird Bhaile Átha Cliath más rud é ar dháta an cheaptha gur lú ná ceathrar an líon breithiúna a bheidh buansannta don chuaird sin, nó
(b) d'aon chuaird eile nach mbeidh ar dháta an cheaptha aon bhreitheamh buansannta di.
(3) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a bheith ceaptha agus nach féidir é a bhuansannadh do chuaird áirithe ar é a cheapadh, féadfar, aon tráth dá éis sin, an breitheamh sin a bhuansannadh do chuaird ar bith le folúntas a líonadh do bhreitheamh a buansannadh don chuaird sin.
(4) Aon bhreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh buansannta do chuaird áirithe féadfaidh an Rialtas, tráth ar bith, má thoilíonn an breitheamh leis ach ní fhéadfaidh ar aon slí eile, é a aistriú go dtí cuaird eile le folúntas a líonadh do bhreitheamh a buansannadh don chuaird eile sin agus ar an aistriú sin tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé buansannta don chuaird eile sin in ionad na cuarda chéadluaite.
(5) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a bheith buansannta do chuaird, féadfaidh an Rialtas, ar iarratas ón mbreitheamh, más cuí leo é, deireadh a chur lena bhuansannadh don chuaird sin agus féadfaidh an Rialtas aon tráth dá éis sin an breitheamh a bhuansannadh do chuaird ar bith le folúntas a líonadh do bhreitheamh a buansannadh don chuaird sin.
(6) Breitheamh den Chúirt Chuarda nach mbeidh de thuras na huaire buansannta do chuaird áirithe féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda é a shannadh go sealadach ó am go ham do chuaird ar bith.
(7) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a bheith sannta go sealadach, faoi fho-alt (6) den alt seo, do chuaird, beidh ag an mbreitheamh sin, fad a bheidh sé sannta go sealadach amhlaidh, i ndáil leis an gcuaird sin agus i gcomhréim le haon bhreitheamh a bheidh buansannta don chuaird sin agus le haon bhreitheamh a bheidh sannta go sealadach, faoi alt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947, arna fheidhmiú le halt 48 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, don chuaird sin, na pribhléidí agus na cumhachtaí go léir, agus beidh na dualgais go léir air, a bheidh, de thuras na huaire, bronnta nó forchurtha le dlí ar bhreitheamh a buansannadh don chuaird sin.
Iarmhartach.
3.—(1) Cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (b) de mhír 2 (1) den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 :
“(b) Más rud é, an tráth a cheapfar duine ina bhreitheamh dúiche, go mbeidh naonúr breitheamh dúiche ann nach bhfuil buansannta do dhúichí áirithe, déanfaidh an Rialtas an duine sin a bhuansannadh do dhúiche áirithe”.
(2) Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) d'alt 14 (1) den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 :
“(b) más rud é ar é a cheapadh amhlaidh gurb é Uachtarán na hArd-Chúirte é nó gur gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt é, ansin fad a shealbhóidh sé an oifig bhreithiúnach a shealbhaigh sé ar é a cheapadh amhlaidh—
(i) is deichniúr ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt, agus
(ii) déanfar an tagairt in alt 1 (1) d'Acht na gCúirteanna, 1977, do naonúr a fhorléiriú mar thagairt do dheichniúr, agus”.
Aisghairm.
4.—Aisghairtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 20 agus alt 28 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, ailt 2 (1) agus 4 d'Acht na gCúirteanna, 1964, agus alt 1 (1) d'Acht na gCúirteanna, 1973.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
5.—(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1977, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1977, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1973, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |