[EN]

harp.jpg


Uimhir 11 de 1984


[EN]

AN tACHT MARGAITHE OLLA, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Tosach feidhme.

3.

An Chomhairle a dhíscaoileadh.

4.

Cuntais chríochnaitheacha, etc.

5.

Aisghairm.

6.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht Margaithe Olla, 1968

1968, Uimh, 26

harp.jpg


Uimhir 11 de 1984


AN tACHT MARGAITHE OLLA, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT CHUN AN CHOMHAIRLE OLLA A DHÍSCAOILEADH.

[4 Iúil, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Míniú.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Margaithe Olla, 1968.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—(1) Tiocfaidh alt 3 (1) agus alt 5, a mhéid a aisghairtear leis alt 12 den Phríomh-Acht agus airteagal 1 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, den Acht seo i ngníomh cibé lá a shonróidh an tAire le hordú.

[EN]

(2) Maidir le halt 5 den Acht seo, measfar—

[EN]

(a) a mhéid a aisghairtear leis alt 16 den Phríomh-Acht, gur tháinig sé i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1983, agus

[EN]

(b) a mhéid a aisghairtear leis alt 18 den Phríomh-Acht, gur tháinig sé i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1984.

[EN]

An Chomhairle a dhíscaoileadh.

3.—(1) Díscaoiltear An Chomhairle leis seo.

[EN]

(2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, dílsithe don Chomhairle nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, ar an tosach feidhme sin, gan tíolacadh ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe i gcás ar gá sin i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, ina maoin de chuid an Aire nó dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó (de réir mar is gá sa chás).

[EN]

(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, in ainm na Comhairle, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an Aire á iarraidh sin aon tráth ar an tosach feidhme sin nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Aire.

[EN]

(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an tAire, ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú agus féadfar, ar an tosach feidhme sin nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú in ainm an Aire agus ní gá don Aire fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

[EN]

(5) Gach fiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bheidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, dlite den Chomhairle agus gan íoc aici nó tabhaithe agus gan ghlanadh aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Aire agus íocfaidh agus glanfaidh an tAire é agus féadfar é a ghnóthú ón Aire agus é a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin.

[EN]

(6) Gach conradh a rinneadh agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta idir An Chomhairle agus aon duine leanfaidh sé i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an tAire ann in ionad na Comhairle agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an Aire nó ina aghaidh.

[EN]

(7) I gcás ina raibh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu An Chomhairle, déanfar, a mhéid a bhaineann na himeachtaí leis an gComhairle, an tAire a chur in ionad na Comhairle mar pháirtí iontu agus, más gá, cuirfear ainm an Aire in ionad ainm na Comhairle agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar aon chur in ionad den sórt sin.

[EN]

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin nó cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Aire.

[EN]

Cuntais chríochnaitheacha, etc.

4.—(1) (a) A luaithe is féidir tar éis dliteanais go léir na Comhairle a ghlanadh cuirfidh an tAire faoi deara go n-ullmhófar cuntas ar an airgead go léir a fuair nó a chaith An Chomhairle i rith na tréimhse dar thosach an 1ú lá d'Eanáir, 1983, agus dar críoch an lá a mbeidh na dliteanais réamhráite glanta.

[EN]

(b) Cuirfidh an tAire faoi deara go n-ullmhófar tuarascáil ar imeachtaí na Comhairle i rith na bliana 1983.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, an cuntas a chuirfear á ullmhú faoin alt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena iniúchadh.

[EN]

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir—

[EN]

(a) cóipeanna den chuntas a bheidh iniúchta faoin alt seo, mar aon le cóip den tuarascáil air ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus

[EN]

(b) cóipeanna den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

[EN]

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 17 (1) den Phríomh-Acht maidir leis an tréimhse dhá mhí dhéag dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1983, ná le haon tréimhse dhá mhí dhéag dá éis sin.

[EN]

Aisghairm.

5.—Faoi réir alt 3 den Acht seo, aisghairtear leis seo ailt 12, 13, 14, 15, 16, 17 (2), 18, 19 agus 20 den Phríomh-Acht agus an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6.—(1) Féadfar an tAcht Margaithe Olla, 1984, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Margaithe Olla, 1968 agus 1984, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.