ACHT UM BUN-REACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN, 1922.
DÁIL ÉIREANN 'na suidhe mar Dháil Bhunaidh sa Pháirlimint Shealadach so, á admháil gur ó Dhia a thagann gach údarás dleathach chun na ndaoine agus muinghin aice gur mar seo a tabharfar thar n-ais beatha agus aontacht Náisiúnta na hÉireann, fógrann sí leis seo bunú Shaorstáit Éireann agus de bharr lán-chirt gan dearmad dineann sí a reachtú agus a achtú mar leanas:—
1. Is é an Bun-reacht atá leagtha amach sa Chéad Sgeideal a ghabhann leis seo a bheidh mar Bhun-reacht do Shaorstát Éireann.
2. Léireófar an Bun-reacht roimh-ráite maille le aith-fhéachaint ar na hAirtiogail Chó-aontuithe do Chonnradh idir an Bhreatain Mhóir agus Éire atá leagtha amach sa Dara Sgeideal a ghabhann leis seo (dá ngoirtear feasta “an Connradh Sgeidealta”) agus dá dtugtar feidhm dlí leis seo, agus má bhíonn aon fhoráil den Bhun-reacht roimh-ráite ná d'aon leasú air ná d'aon dlí a déanfar fé buiniscionn in aon tslí le aon cheann d'fhorálacha an Chonnartha Sgeidealta, beidh sé, i méid na buiniscionntachta san amháin, gan brí gan feidhm ar bith, agus rithfidh Oireachtas agus Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann fé seach pé reachtúchán eile agus gach n eile a bheidh riachtanach chun an Connradh Sgeidealta do thabhairt chun críche.
3. Chun gach críche féadfar an t-Acht um Bun-reacht Shaorstáit Éireann, 1922, do ghairm den Acht so.
AN CHÉAD SGEIDEAL DÁ DTAGARTAR THUAS.
BUN-REACHT SHAORSTÁIT
ÉIREANN.
Airtiogal 1.
Ball có-ionann iseadh Saorstát Éireann den Chuideachta Náisiún a dhineann suas an Có-chiníochas Briotáineach.
Airtiogal 2.
Tagann gach comhacht rialtais agus gach údarás reachtúcháin, feidhmiúcháin agus breithiúntais in Éirinn ó mhuintir na hÉireann agus feidhmeofar iad i Saorstát Éireann trí sna cóghléasanna a bunófar do réir an Bhun-reachta so no fé no leis.
Airtiogal 3.
Saoránach de Shaorstát Éireann iseadh gach duine idir fireann agus buineann ar a bhfuil buan-chomhnuí i líomatáiste údaráis Shaorstáit Éireann le linn an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm agus gur in Éirinn do rugadh é féin no a athair no a mháthair no ar a raibh gnáth-chomhnuí i líomatáiste údaráis Shaorstáit Éireann ar feadh seacht mblian ar a luighead, agus, laistigh de theoranta údaráis Shaorstáit Éireann, beidh aige na príbhléidí agus tuitfidh air na hoibleagáidí a ghabhann leis an saoránacht san: Ar choiníoll go bhféadfaidh aon duine atá 'na shaoránach de Stát eile a bhreith de rogha gan an tsaoránacht a tugtar leis seo dho do ghlaca; agus socrófar le dlí na coiníollacha a rialóidh feasta saoránacht d'fháil agus do chríochnú i Saorstát Éireann.
Airtiogal 4.
Sí an Ghaedhilg teanga Náisiúnta Shaorstáit Éireann, ach có-aithneofar an Béarla mar theanga oifigiúil. Ní choiscfidh éinní san Airtiogal so ar an Oireachtas forálacha speisialta do dhéanamh do cheanntair no do líomatáistí ná fuil ach teanga amháin i ngnáth-úsáid ionta.
Airtiogal 5.
Ní bronnfar ar aon tsaoránach de Shaorstát Éireann aon teideal onóra i dtaobh aon tseirbhísí do thabhairt uaidh i Saorstát Éireann no 'na thaobh ach le cead no ar mhola Ard-Chomhairle an Stáit.
Airtiogal 6.
Is slán saoirse an duine, agus ní bainfear a shaoirse d'aon duine ach do réir na dlí. Ar aon duine do dhéanamh ghearáin no ar ghearán do dhéanamh ar a shon go bhfuiltear á chimeád go neadhleathach, fiosróidh an Ard-Chúirt agus aon bhreitheamh agus gach breitheamh di an gearán san láithreach agus féadfaid órdú do dhéanamh á chur d'fhiachaibh ar an nduine atá ag cimeád an duine sin corp an duine atá i gcimeád do thabhairt i láthair na Cúirte noan bhreithimh gan mhoill agus deimhniú do dhéanamh i scríbhinn i dtaobh cúise a chimeádtha agus órdóidh an Chúirt no an breitheamh san an duine sin do sgaoile ansan mara mbeifar sásta go bhfuiltear á chimeád do réir na dlí: Ar choiníoll, ámh le linn chogaidh no rebiliúntachta armtha ná gairmfear éinní dá bhfuil san Airtiogal so chun aon ghníomh dá ndéanfaidh fórsaí airm Shaorstáit Éireann do chosg, do smachtú ná do thoirmeasg.
Airtiogal 7.
Is slán do gach saoránach a arús comhnuithe agus ní raghfar isteach ann le fóirneart ach do réir dlí.
Airtiogal 8.
Is slán do gach saoránach saoirse choinsiais agus saor-chleachta agus admháil phuiblí chreidimh, ach gan dochar don rialtacht ná don mhoráltacht phuiblí, agus ní déanfar aon dlí go díreach ná go mí-dhíreach chun maoin do bhronna ar aon chreideamh, ná chun cosc ná teora do chur le saor-chleachta aon chreidimh, ná chun aon bhontáiste do thabhairt do dhuine ná aon mhí-ábaltacht do chur air mar gheall ar a thuairim ná a chéim a gcúrsaí creidimh ná baint go díobhálach ó cheart aon leinbh dul chun scoile atá ag fáil airgid phuiblí i dtaobh gan é bheith láithreach ag an dteagasc chreidimh sa scoil sin, ná chun aon deifríocht do dhéanamh i dtaobh cabhrach Stáit idir scoileanna atá fe bhainisteoireacht lucht chreidimh dheifriúla, ná chun aon chuid dá maoin do thógaint ó aon lucht creidimh ná ó aon fhundúireacht oideachais ach amháin chun bóithre, bóithre iarainn, oibreacha soluis, uisce no draeneála, no chun oibreacha eile d'úsáid phuiblí, agus ar chúiteamh do dhíol.
Airtiogal 9.
Is slán ceart oipineon do chur in úil gan chosg agus ceart teacht le chéile go síochánta gan airm, agus ceart cumainn no aontaisí do bhunú ar aon toisg ná fuil i gcoinne mhoráltacht phuiblí. Na dlithe a rialóidh an tslí 'na bhféadfar ceart cumainn do bhunú agus ceart saor-theacht le chéile do chur i bhfeidhm, ní dhéanfaid aon leithreachas i dtaobh polaitíochta ná creidimh ná aicme.
Airtiogal 10.
Tá de cheart ag gach saoránach de Shaorstát Éireann bunoideachas d'fháil in aisce.
Airtiogal 11.
Gach talamh agus uisce, gach mianach agus minearál, laistigh de chrich Shaorstáit Éireann dá raibh go dtí so i seilbh an Stáit, no i seilbh aon roinne dhe, no do bhí á chimeád chun úsáide no tairbhe puiblí, agus fós gach maoin nádúrtha den chrich chéanna (mar aon leis an aer agus le gach abhar gníomh-chomhachta), agus fós gach rí-chíos agus reacht-shaoirse laistigh den chrích sin, is le Saorstát Éireann iad ó dháta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, gan dochar d'aon mhuinghineachas, bronntas, léas, ná cead 'na dtaobh do bhí an uair sin ann, no d'aon cheart dlisteanach príobháideach 'na leith, agus smachtóidh agus riarfaidh an t-Oireachtas iad, do réir pé rialacha agus forálacha a ceadófar le reachtúchán ó am go ham, ach ní aistreofar a seilbh sin ná seilbh aon choda acu, ach féadfar chun an leasa phuiblí iad do leigeant amach ó am go ham ar léas no ar chead, chun iad d'oibriú no a dtairbhe d'fháil, fé údarás agus do réir smachta an Oireachtais: Ar choiníoll ná féadfar aon léas ná aon chead den tsórt san do dhéanamh ar théarma a raghaidh thar naoi mbliana déag is cheithre fichid ó dháta a dhéanta, agus ná féadfar de bhrí a théarmaí féin aon léas ná aon chead den tsórt san d'athnuachtaint.
Airtiogal 12.
Bunuítear leis seo Cóir Reachtúcháin dá ngoirfear an tOireachtas. Beidh ann an Rí agus dhá Thigh, Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Is ag an Oireachtas amháin a bheidh an t-aon-chomhacht chun dlithe i dtaobh síochána, rialtachta agus dea-riartha Shaorstáit Éireann do dhéanamh.
Airtiogal 13.
Suidhfidh an t-Oireachtas i gcathair Bhaile Atha Cliath no 'na haice no i pé áit eile a shocróidh sé ó am go ham.
Airtiogal 14.
Beidh de cheart ag gach saoránach de Shaorstát Éireann idir fireann agus buineann go mbeidh aois bhliana is fiche slán aige agus a chó-líonfaidh forálacha dlithe toghacháin na hiamsire, vótáil le teachtaí de Dháil Éireann, agus páirt do thógaint sa Referendum agus sa Tionnscnamh. Beidh de cheart ag gach saoránach de Shaorstát Éireann idir fireann agus buineann go mbeidh aois deich mblian fichead slán aige agus a chó-líonfaidh forálacha dlithe toghacháin na haimsire, vótáil le baill do Sheanad Éireann. Ní chaithfidh aon vótálaí níos mó ná aon vóta amháin i dtoghachán d'aon cheann den dá Thigh, agus is le ballóid shicréideach a déanfar an vótáil. Socrófar le dlí an chuma agus an áit 'na mbainfear feidhm as an gceart so.
Airtiogal 15.
Gach saoránach go mbeidh aois bhliana is fiche slán aige, agus ná beidh curtha fé mhí-ábaltacht ná fé mhí-chumas ag an mBunreacht ná ag an ndlí beidh sé iontoghtha chun bheith 'na theachta de Dháil Éireann.
Airtiogal 16.
Ní fhéadfaidh éinne bheith 'na bhall de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann in aonacht, agus má toghtar aon duine atá 'na bhall cheana d'aon Tigh chun bheith 'na bhall den Tigh eile, tuigfear feasta a chéad shuidheachán do bheith follamhuithe.
Airtiogal 17.
Is sa bhfuirm seo leanas a bheidh an mhóid a thabharfaidh Baill an Oireachtais:—
Bheirim-se..............................mo mhóid go solamanta go ngéillfead agus go mbead fír-dhílis do Bhun-reacht Shaorstáit Éireann ar n-a bhunú do réir dlí, agus go mbead dílis dá Shoillse Rí Seoirse V., dá oighrí agus dá chomharbaí do réir dlí, de bhrí chó-shaoránachta na hÉireann leis an mBreatain Mhóir agus de bhrí gur ball í agus go leanann sí den chó-chruinniú náisiún a dhineann suas an Có-chiníochas Briotáineach.
Roimh thógaint a shuideacháin san Oireachtas do, tabharfaidh gach ball an mhóid sin agus cuirfe sé a ainm léi i bhfianaise Ionadaí na Coróinneach no i bhfianaise duine éigin go mbeith a údarás aige uaidh.
Airtiogal 18.
Beidh de phríbhléid ag gach ball den Oireachtas, ach amháin i gcás tréasúin, feleontachta no brise síochána, go mbeidh sé saor ó thógaint le linn do bheith ag dul chun aon Tighe den dá Thigh no ag teacht uaidh, no le linn do bheith fé ia aon Tighe den dá Thigh, agus ní féadfar aon aicsean ná aon imeachta in aon Chúirt ach sa Tigh féin do thabhairt 'na choinne i dtaobh éinní dá ndéarfa sé in aon Tigh den dá Thigh.
Airtiogal 19.
Beidh gach tuairisc agus foillsiúchán oifigiúil den Oireachtas no d'aon Tigh de fé phríbhléid agus beidh gach ní adéarfar in aon Tigh de fé phríbhléid is cuma cá bhfoillseófar é.
Airtiogal 20.
Déanfaidh gach Tigh a rialacha agus a Bhuan-Orduithe féin agus beidh de chomhacht aige pionós do chur i bhfeidhm i dtaobh a mbriste agus beidh de chomhacht aige saoirse dhíospóireachta do chur in áirithe, a scríbhinní oifigiúla agus páipéirí príobháideacha a bhall do chosaint agus é féin agus a bhaill do chosaint ar aon duine no daoine a bhainfidh le n-a bhaill no a chuirfidh isteach ortha no a thabharfaidh fé iad do bhrcaba le linn dóibh a ndualgaisí do chó-líona.
Airtiogal 21.
Déanfaidh gach Tigh a Cheann Comhairle agus a Leas-Cheann Comhairle féin do cheapa agus a gcomhachta, a ndualgaisí, a luach saothair, agus a dtéarmaí oifige do leaga amach.
Airtiogal 22.
Socrófar gach ceist i ngach Tigh, ach amháin mar a bhfuil a mhalairt de shocrú sa Bhun-reacht so, le mór-áireamh de vótanna na mball atá láithreach, lasmuich den Cheann Chomhairle no den bhall atá i gceannas, ag a mbeidh vóta réitigh agus ar a mbeidh é chaitheamh má's ionann vótanna an dá thaobh. Socróidh Buan-Orduithe gach Tighe an mó ball a dhéanfaidh cruinniú dleathach d'aon Tigh chun a chomachta do chur i bhfeidhm.
Airtiogal 23.
Déanfaidh an t-Oireachtas soláthar chun a bhaill do dhíol agus féadfaidh sé fós saor-thaisteal do sholáthar dóibh in aon pháirt d'Éirinn:
Airtiogal 24.
Tionólfaidh an t-Oireachtas siosón amháin ar a luighead gach bliain. Déanfaidh Ionadaí na Coróinneach in ainm an Rí an t-Oireachtas do ghairm agus do sgur agus ar na hachtaibh sin ceapfaidh Dáil Éireann dáta aith-thionóil an Oireachtias agus dáta críochnuithe shiosóin gach Tighe: Ar choiníoll ná críochnófar siosóin Sheanaid Éireann gan a thoil féin.
Airtiogal 25.
Beidh suidheanna gach Tighe den Oireachtas go puiblí. Ar ócáidí de riachtanas speisialta féadfaidh aon Tigh suidhe príobháideach do bheith aige ach dhá dtrian na mball a bheidh láithreach do thoiliú leis.
Airtiogal 26.
Beidh i nDáil Éireann teachtaí agus iad ag ionadú dáilcheantar a socrófar le dlí. Socróidh an t-Oireachtas uimhir na dteachtaí ó am go ham, ach ní socrófar lán-uimhir theachtaí Dháil Éireann (lasmuich de theachtaí na bPríomh-sgoileanna) fé bhun teachta in agha gach deich míle fichead den líon tíre, ná os cionn teachta in agha gach fiche míle den líon tíre: Ar choiníoll, gurb é an cothrom céanna chó fada agus is féidir, a bheidh ar fuaid na tíre idir uimhir na dteachtaí a bheidh le togha aon uair do gach dáilcheantar agus líon tíre gach dáilcheantair, ar n-a fháil sin amach sa chomhaireamh deireanach roimhe sin. Is do réir Ionaduíochta Cothromúla a toghfar na teachtaí. Déanfaidh an t-Oireachtas ath-chóiriú ar na dáilcheantair uair amháin gach deich mbliana ar a luighead, gan sóinseáil in áireamh áitiúil an lín tíre do dhearmhad, ach ní thiocfaidh aon atharú sna dáilcheantair i bhfeidhm i rith téarma na Dála a bheidh ann le linn a leithéid d'ath-chóiriú do dhéanamh.
Airtiogal 27.
Beidh de cheart ag gach Príomh-sgoil i Saorstát Éireann, do bhí ann ar dháta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, trí teachtaí do thogha do Dháil Éireann ar reacht-shaoirse agus ar nós a socrófar le dlí.
Airtiogal 28.
Le linn Toghacháin Ghenearálta do Dháil Éireann déanfar an vótáil (lasmuich den vótáil do theachtaí do sna Príomh-sgoileanna) ar an lá céanna ar fuaid na tíre, agus ní bheidh an lá san thar deich lá fichead tar eis dáta an sgurtha agus fógrófar 'na lá saoire puiblí é. Tiocfaidh Dáil Éireann le chéile fé cheann mí ón lá san, agus mara sguirfear níos túisce í, leanfa sí ar feadh cheithre mblian ó dháta a céad chruinnithe, agus ní leanfa sí níos sia ná san. Ní féadfar Dáil Éireann do sgur aon uair ach ar chomhairle na hArd-Chomhairle.
Airtiogal 29.
I gcás teachta de Dháil Éireann d'fháil bháis, do thabhairt suas no do theacht fé mhí-cháilíocht, líonfar an follamhantas le togha ar chuma a socrófar le dlí.
Airtiogal 30.
Beidh i Seanad Éireann saoránaigh a ainmneofar as ucht onóir do bheith déanta acu don Náisiún le seirbhís phuiblí úsáideach, no, de bhrí cháilíocht no bhua speisialta do bheith acu, go n-ionaduighid tréithe táchtacha de shaol an Náisiúin.
Airtiogal 31.
Sé uimhir bhall Sheanaid Éireann trí fichid. Chun go mbeidh saoránach iontoghtha chun bheith 'na bhall de Sheanad Éireann caithfe sé bheith 'na dhuine iontoghtha chun bheith 'na theachta de Dháil Éireann, agus caithfidh aois a chúig bliana déag ar fhichid bheith slán aige. Gan dochar d'aon fhoráil a ceapfar chun bunuithe an chéad Sheanaid is é téarma oifige gach baill den tSeanad dhá bhliain déag.
Airtiogal 32.
Toghfar an ceathrú cuid de bhaill Sheanaid Éireann gach trí bliana ó ainm-liost a déanfar ar chuma a luaidhtear 'na dhiaidh seo agus déanfar san ag toghachán 'na mbeidh líomatáiste údaráis Shaorstáit Éireann mar aon líomatáiste toghacháin amháin, agus is do réir Ionaduíochta Cothromúla a déanfar an toghachán.
Airtiogal 33.
Roimh gach toghachán do bhaill Sheanaid Éireann déanfar ainm-liost do chur le chéile 'na mbeidh:—
(a) A thrí oirid de dhaoine oiriúnacha agus atá de bhaill le togha; agus díobh san ainmneoidh Dáil Éireann dhá dtrian ag vótáil do réir Ionaduíochta Cothromúla agus Seanad Éireann trian amháin ag vótáil do réir Ionaduíochta Cothromúla; agus
(b) Pé daoine do bhí aon uair 'na mbaill de Sheanad Éireann (mar aon le baill atá i ndeire a dtéarma) a chuirfidh in úil d'Uachtarán na hArd-Chomhairle le fógra i scríbhinn gur mian leo a gcur ar an ainm-liost.
Socróidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann fé seach an tslí déanfar tairisgint agus togha chun ainmniúcháin, maille le aireachas speisialta do thabhairt don riachtanas atá le ionaduíocht do sholáthar do leasanna agus d'fhundúireachtaí táchtacha sa dúthaigh: Ar choiníoll go mbeidh gach tairisgint i scríbhinn agus go luaidhfear inte cáilíocht an té a tairgeofar, agus ná tairgeofar aon duine gan a chead féin. Chó luath is cuirfear an t-ainm-liost le chéile foillseofar liost ar órdú aibítre d'ainmneacha lucht an ainm-liosta mar aon le n-a gcáilíocht.
Airtiogal 34.
I gcás ball de Sheanad Éireann d'fháil bháis, do thabhairt suas, no do theacht fé mhí-cháilíocht, líonfar a ionad le vóta de Sheanad Éireann. Imeoidh aon bhall de Sheanad Éireann a toghfar mar sin as oifig ar chríochnú na tréimhse trí mblian a bheidh an uair sin ag rith agus cuirfear an follamhntas a thárlóidh mar sin i dteanta na n-ionad a bheidh le líona fé Airtiogal 32 den Bhun-reacht so. Críochnóidh téarma oifige na mball a toghfar tar éis an chéad chúig dhuine dhéag do thogha, ar chríochnú na tréimhse no na dtréimhsí go mbeadh imeacht as oifig i ndán don bhall no do sna baill de Sheanad Éireann gurb é a mbás no a dtabhairt suas fé ndear ar dtúis an follamhntas no na follmhntaisí do dhéanamh: Ar choiníoll go dtuigfear an follamhntas is túisce do thárla in órdú aimsire do bheith líonta ag an séú ball déag agus mar sin de.
Airtiogal 35.
Is ag Dáil Éireann amháin lasmuich de Sheanad Éireann a bheidh údarás reachtúcháin maidir le abhar Billí Airgid mar a mínítear 'na dhiaidh seo.
Cialluíon Bille Airgid Bille ná fuil ann ach forálacha i dtaobh gach abhair no aon abhair díobh so leanas, eadhon, leaga, ath-ghairm, maitheamh, atharú no rialú cánach; muirir do leaga ar airgead phuiblí chun fiacha do dhíol no chun cúrsaí eile airgid, no a leithéidí sin de mhuirir d'atharú no d'athghairm; soláthar; airgead puiblí do chur i leithreas, d'fháil, do chimeád, do thabhairt amach no a chuntaisí do scrúdú; tógaint no urús aon iasachta no a aisioc; mion-chúrsaí ag baint leis na habhair seo no le haon cheann aca. Sa mhíniú so ní fholuíonn na focail “cáin” “airgead puiblí” agus “iasacht” fé seach aon cháin, airgead ná iasacht a thógfaidh lucht údaráis áitiúla chun úsáide áitiúla.
Deimhneoidh Ceann Comhairle Dháil Éireann gur Bille Airgid aon Bhille atá 'na Bhille Airgid dar leis, ach, fé cheann trí lá tar eis Bille do bheith rithte ag Dáil Éireann, má éilíonn dhá chúigiú de bhaill aon Tighe é, le fógra i scríbhinn do Cheann Comhairle an Tighe dár baill iad, déanfar an cheíst i dtaobh ce'ca Bille Airgid no nách eadh an Bille d'fhágaint fé Choiste ar Phríbhléidí ar a mbeidh trí baill a thoghfaidh gach Tigh agus mar Cheann Comhairle ortha an breitheamh is aoirde céim den Chúirt Uachtarach a bheidh ábalta agus toilteannach ar fheidhmiú, agus a bheidh, i gcás có-ionannas vótanna, agus sa chás san amháin, i dteideal vótála. Ní bheidh aon dul thar breith an Choiste ar an gceist.
Airtiogal 36.
Breithneoidh Dáil Éireann, chó luath agus is féidir tar éis tosnuithe gach bliana airgid, meastacháin fháltais agus chaiteachais Shaorstáit Éireann i gcóir na bliana san, agus, ach sa méid go ndéanfaí achtú sonrách 'na thaobh i ngach cás, achtófar fé cheann na bliana an reachtúchán is gá chun Rúin Airgid gach bliana d'fheidhmiú.
Airtiogal 37.
Ní cuirfear airgead i leithreas le vóta, le rún ná le dlí, mara ndéanfar sa tsiosón céanna intinn a churtha i leithreas do mhola trí theachtaireacht ó Ionadaí na Coróinneach ar chomhairle na hArd-Chomhairle.
Airtiogal 38.
Cuirfear chun Seanaid Éireann gach Bille do tionnscnuíodh i nDáil Éireann agus do ritheadh ag Dáil Éireann agus maran Bille Airgid é, féadfaidh Seanad Éireann é do leasú agus breithneoidh Dáil Éireann aon leasú dá shórt; ach Bille a rithfidh Dáil Éireann agus a bhreithneoidh Seanad Éireann, tuigfear i gcionn dhá ohéad agus deich lá is trí fichid ar a dhéanaí tar éis é do chur chun an tSeanaid den chéad uair, no i gcionn pé tréimhse níos sia ná san le n-a dtoileoidh an dá Thigh, gur rith an dá Thigh é sa bhfuirm is déanaí 'nar rith Dáil Éireann é: Ar choiníoll go gcuirfear gach Bille Airgid chun an tSeanaid chun a mholta san d'fháil air agus i gcionn tréimhse nách sia ná lá is fiche tar éis é do chur chun an tSeanaid, go gcuirfear thar n-ais é go dtí Dáil Éireann a fhéadfaidh é rith, agus molta uile Sheanaid Éireann no aon mhola aca do ghlaca no do dhiúlta, agus, mar a bheidh rithte mar sin, no mara gcuirfear thar n-ais fé cheann an lae is fiche sin é tuigfear é bheith rithte ag an dá Thigh. Tar éis Bille nách Bille Airgid do chur go dtí Seanad Éireann féadfar Co-shuidhe de Bhaill an dá Thighe do thabhairt le chéile ar rún a rithfidh Seanad Éireann, chun díospóireacht, ach gan vótáil, do dhéanamh ar intinn an Bhille no ar aon leasú air.
Airtiogal 39.
Féadfar Bille do thionnscnamh i Seanad Éireann agus má ritheann Seanad Éireann é tabharfar isteach i nDáil Éireann é. Má leasuítear i nDáil Éireann é breithneofar ar nós Bille do tionnscnuíodh i nDáil Éireann é. Má diúltuítear i nDáil Éireann é ní tabharfar isteach arís é sa tsiosón chéanna, ach féadfaidh Dáil Éireann é d'aith-bhreithniú ar a tairisgint féin.
Airtiogal 40.
Bille a rithfear ag Tigh agus a glacfar ag an dTigh eile tuigfear é bheith rithte ag an dá Thigh.
Airtiogal 41.
Chó luath agus a bheidh aon Bhille rithte no tuigthe do bheith rithte ag an dá Thigh, cuirfidh an Ard-Chomhairle ag triall ar Ionadaí na Coróinneach é chun go cuirfe sé siúd in úil, in ainm an Rí, aontú an Rí leis, agus féadfaidh an an t-Ionadaí sin aontú in Rí do choinneáil siar nó an Bille do mhoilliú chun toil an Rí 'na thaobh do chur in úil: Ar choiníoll le linn do an t-aontú san d'aon Bhille do choinneáil siar no aon Bhille do mhoilliú, go ndéanfaidh Ionadaí na Coróinneach do réir an dlí agus an cleachta agus an úsáid bhun-reachtúil a rialuíonn a leithéid de choinneáil aontú siar no de mhoilliú i dTiarnas Canada.
Bille a moilleofar chun Toil an Rí 'na thaobh do chur in úil, ní bheidh aon fheidhm aige mara ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh Ionadaí na Coróinneach, fé cheann bliana ón lá do tíolacadh d'Ionadaí na Coróinneach é chun Aontú an Rí d'fháil, a chur in úil, le hóráid no le teachtaireacht do gach Tigh den Oireachtas, no le furógra, go bhfuil Aontú an Rí i gComhairle fachta 'na leith.
Cuirfear cúntas ar gach óráid, teachtaireacht, no furógra dá sórt síos i gCinn-lae gach Tighe agus tabharfar a n-aithghein fé dhearbhú cuibhe don oifigeach ceart le cimeád imeasc Annála Shaorstáit Éireann.
Airtiogal 42.
Chó luath agus féadfar tar éis d'aon dlí aontú an Rí d'fháil, cuirfidh an cléireach no pé oifigeach eile a cheapfaidh Dáil Éireann chuige sin dhá chóip chearta den dlí sin á dhéanamh, ceann aca i nGaedhilg agus an ceann eile i mBéarla (agus sighneoidh Ionadaí na Coróinneach ceann de sna cóipeanna san chun é do chur ar rolla cuimhnte in oifig an oifigigh sin den Chúirt Uachtarach ar a gcinnfidh Dáil Éireann), agus beidh na cóipeanna san mar fhínéacht chríochnuithe ar fhorálacha gach dlí dá sórt, agus i gcás coinbhlíocht idir an dá chóip a cuirfear i dtaisce mar sin, sé an ceann a bheidh sighnithe ag Ionadaí na Coróinneach a bhuaidhfidh.
Airtiogal 43.
Ní bheidh de chomhacht ag an Oireachtas a fhógairt gur brise dlí gníomhartha nár bhrise dlí iad le linn a ndéanta.
Airtiogal 44.
Féadfaidh an t-Oireachtas cóireanna íochtaracha reachtúcháin do bhunú agus pé comhachta a socrófar le dlí do thabhairt dóibh.
Airtiogal 45.
Féadfaidh an t-Oireachtas soláthar do dhéanamh chun Comhairlí Feidhme no Gairm-bheatha do bhunú a ionadóidh brainsí de bheatha cho-mhuinteartha agus chó-ionmhasach an Náisiúin. Déanfaidh an dlí le n-a mbunófar Comhairle dá sórt a comhachta, a cearta agus a dualgaisí agus an bhaint a bheidh aice le rialtas Shaorstáit Éireann do shocrú.
Airtiogal 46.
Is ag an Oireachtas amháin atá an t-aon cheart chun rialú do dhéanamh i dtaobh tógaint agus cothú na bhfórsaí armtha san i gcríocha Shaorstáit Éireann atá luaidhte sa Chonnradh Sgeidealta, agus beidh gach fórsa dá shórt fé smacht an Oireachtais.
Airtiogal 47.
Aon Bhille a bheidh no a tuigfear a bheith rithte ag an dá Thigh, féadfar é chur ar fionraoi ar feadh deich lá is cheithre fichid, ach dhá chúigiú de theachtaí Dháil Éireann no mór-áireamh de bhaill Sheanaid Éireann á iarraidh i scríbhinn ar Uachtarán na hArd-Chomairlc fé cheann seacht lá, an tráth is déanaí dhe, ón lá a bheidh no a tuigfear a bheidh an Bille sin rithte. Déanfar Bille den tsórt san do chur, do réir rialacha a dhéanfaidh an t-Oireachtas, fé bhreith na ndaoine le Referendum, má iarrtar san do dhéanamh fé cheann deich lá is cheithre fichid pe'ca le rún de Sheanad Éireann le n-a n-aontóidh trí chúigiú de bhaill Sheanaid Éireann, no le hachuiní a shighneoidh an fichiú cuid ar a luighead de sna vótáluithe a bheidh an uair sin ar chlár na vótáluithe, agus ní bheidh dul thar breith na ndaoine de réir mhóráirimh na vótanna a caithfear le linn a leithéid de Referendum. Ní bheidh feidhm ag na forálacha so maidir le Billí Airgid ná le pé Billí a fhógróidh an dá Thigh a bheith riachtanach láithreach chun an tsíocháin no an tsláinte no an tsábháltacht phuiblí do chosaint.
Airtiogal 48.
Féadfaidh an t-Oireachtas soláthar do dhéanamh chun tairisgintí ó sna daoine do thionnscnamh i dtaobh dlithe no i dtaobh leasuithe bun-reachta. Má theipeann ar an Oireachtas a leithéid de sholáthar do dhéanamh fé cheann dhá bhliain, déanfa sé, ar achuiní chúig míle déag is trí fichid míle vótáluíar an gclár, an chuid is lú dhe, ná beidh thar cúig míle déag aca 'na vótáluithe in aon dáilcheantar ar leithrigh, a leithéid de sholáthar no an cheist do chur fé bhreith na ndaoine do réir na ngnáth-rialacha a rialuíonn an Referendum. Aon reachtúchán i dtaobh a leithéid de thionnscnamh ó sna daoine a rithfidh an t-Oireachtas, forálfar ann (1) go bhféadfar a leighéid de thairisgint do thionnscnamh ar achuiní leath-chéad míle vótáluí ar an gclár, (2) má dhiúltuíonn an t-Oireachtas do thairisgint a tionnscnófar amhlaidh, go gcuirfear fé bhreith na ndaoine é do réir na ngnáth-rialacha a rialuíonn an Referendum; agus (3) má achtuíonn an t-Oireachtas tairisgint a tionnscnófar amhlaidh, go mbeidh an t-achtú san do réir na bhforálacha a rialuíonn gnáth-reachtúchán no leasú ar an nBun-reacht pe'cu san é.
Airtiogal 49.
Ní cuirfear Saorstát Éireann fé oibleagáid páirt ghníomhach do thógaint in aon choga gan aontú an Oireachtais, ach amháin i gcás ionsuidhe do dhéanamh ar Éirinn.
Airtiogal 50.
Féadfaidh an t-Oireachtas leasú do dhéanamh ar an mBunreacht so laistigh de théarmaí an Chonnartha Sgeidealta, ach tar éis ocht mblian ó dháta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, ní dhéanfaidh dlí de n-a leithéid de leasu, ar n-a rith ag dhá Thigh an Oireachtais, mara ndéanfar, tar éis do dhá Thigh roimh-ráite an Oireachtais é do rith no tar éis a rith do thuisgint, an leasú san do chur fé referendum na ndaoine agus mara gcaithfidh móráireamh de sna vótáluithe ar an gclár a vótanna le linn a leithéid de referendum, agus vótanna mór-áirimh de sna vótáluithe ar an gclár, no dhá dtrian na vótanna sa chomhaireamh, do chaitheamh i bhfabhar an leasuithe. Féadfar aon leasú dá shórt do dhéanamh laistigh den tréimhse ocht mblian roimh-ráite mar ghnáth-reachtúchán agus mar sin tiocfaidh fé choiníollacha Airtiogail 47 de seo.
Airtiogal 51.
Fógartar leis seo Údarás Feidhmiúcháin Shaorstáit Éireann do bheith sealbhuithe sa Rí, agus go bhfeidhmeofar ag Ionadaí na Coróinneach é do réir an dlí an cleachta agus an úsáid bhunreachtúil a rialuíonn feidhmiú an údaráis fheidhmiúcháin i gcás Thiarnais Canada. Beidh Comhairle ann dá ngoirfear an Ard-Chomhairle chun cabhruithe agus comhairlithe i rialú Shaorstáit Éireann. Beidh an Ard-Chomhairle freagarthach do Dháil Éireann, agus is é a líon seachtar n-Airí ar an gcuid is mó dhe no cúigear Airí ar an gcuid is lú dhe ar n-a gceapa ag Ionadaí na Coróinneach ar ainmniú Uachtaráin na hArd-Chomhairle.
Airtiogal 52.
Beidh Airí uile na hArd-Chomhairle 'na dteachtaí de Dháil Éireann agus beidh ortha Uachtarán na hArd-Chomhairle, Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle agus an t-Aire i gceannas Roinn an Airgid.
Airtiogal 53.
Ceapfar Uachtarán na hArd-Chomhairle ar ainmniú Dháil Éireann. Ainmneoidh sé sin Leas-Uachtarán den Ard-Chomhairle, a ghníomhóidh chun gach críche in ionad an Uachtarián ar an Uachtarán d'fháil bháis, do thabhairt suas no do thuiteam fé mhí-chumas bhuan, go dtí go dtoghfar Uachtarán nua den Ard-Chomhairle. Gníomhóidh an Leas-Uachtarán thar ceann an Uachtaráin, leis, le linn eisean do bheith as láthair go sealadach. Is ar ainmniú an Uachtaráin, le haontú na Dála, a ceapfar na hAirí eile atá chun bheith in oifig mar bhaill den Ard-Chomhairle, agus imeoidh an t-Uachtarán agus na hAirí a ainmneoidh sé as oifig má chailleann seisean tacuíocht mhór-áirimh i nDáil Éireann, ach leanfaidh an t-Uachtarán agus na hAirí sin ag déanamh a ndualgaisí go dtí go gceapfar a gconharbaí: Ar choiníoll, ámh, ná sguirfear an t-Oireachtas ar chomhairle aon Ard-Chomhairle go mbeidh tacuíocht mhór-áirimh i nDáil Éireann caillte aici.
Airtiogal 54.
Beidh an Ard-Chomhairle freagarthach in aonacht i ngach cúrsa bhaineas leis na Ranna Stáit a bheidh á riara ag Baill den Ard-Chomhairle. Ullamhóidh an Ard-Chomhairle Meastacháin d'fháltas agus de chaiteachas Shaorstáit Éireann i gcóir gach bliana airgid, agus cuirfidh ós cóir Dháil Éireann iad roimh dheire na bliana airgid roimhe sin. Tiocfaidh an Ard-Chomhairle i gceann a chéile agus gníomhóid in aonacht mar aon údarás.
Airtiogal 55.
Féadfaidh Ionadaí na Coróinneach Airí ná beidh 'na mbaill den Ard-Chomhairle do cheapa agus géillfe siad san d'fhorálacha Airtiogail 17 den Bhun-reacht so. Ainmneoidh Dáil Éireann gach Aire den tsórt san ar mhola Choiste de Dháil Éireann a toghfar i slí a bheartóidh Dáil Éireann i dtreo go n-ionadóid Dáil Éireann gan leithreachas. Mara mbeidh Dáil Éireann sásta le aon mhola áirithe féadfaidh an Coiste leanúint ar ainmneacha do mhola go dtí go bhfaghfar ceann le n-a mbeifear sásta. Ní raghaidh lán-uimhir na n-Airí, agus Airí na hArd-Chomhairle d'áireamh ortha, thar dháréag.
Airtiogal 56.
Beidh gach Aire nách ball den Ard-Chomhairle 'na cheann freagarthach ar an Roinn no ar na Ranna a bheidh fé n-a chúram, agus beidh sé freagarthach uaidh féin do Dháil Éireann amháin i riara na Roinne no na Rann ar a mbeidh sé 'na cheann: Ar choiníoll, má dhineann an t-Oireachtas socrú i gcóir Comhairli Feidhme no Gairm-bheatha, go bhféadfaidh na hAirí seo no aon duine aca, má chinneann an t-Oireachtas amhlaidh, bheith 'na mbaill de sna Comhairlí sin agus bheith molta acu do Dháil Éireann. Is é téarma oifige aon Aire, nách ball den Ard-Chomhairle, téarma na Dála a bheidh ann le linn a cheaptha, ach leanfa sé in oifig no go gceapfar a chomharba, agus is í Dáil Éireann féin amháin a chuirfidh aon Aire dá shórt as oifig le linn a théarma, agus san ar chúis a luadhfar, agus tar éis an tairisgint go gcuirfear as oifig é do chur fé bhráid Choiste, a toghfar i slí a bheartóidh Dáil Éireann, i dtreo go n-ionadófar Dáil Éireann gan leithreachas, agus tar éis don Choiste sin tuairisc do thabhairt ar an scéal.
Airtiogal 57.
Beidh de cheart ag gach Aire bheith láithreach agus éisteacht d'fháil sa tSeanad.
Airtiogal 58.
Má ceaptar teachta de Dháil Éireann 'na Aire ní bheidh d'oibleagáid air a shuidhchán do thabhairt suas ná dul fé ath-thogha.
Airtiogal 59.
Gheobhaidh Airí pé luach saothair a socrófar ó am go ham le dlí, ach ní luigheadófar luach saothair aon Aire i rith a théarma oifige.
Airtiogal 60.
Ceapfar Ionadaí na Coróinneach, dá ngoirfear Seanascal Shaorstáit Éireann, ar an slí chéanna ceaptar Seanascal Canada agus de réir an chleachta atá in úsáid timpeal a leithéid de cheapa do dhéanamh. Beidh a thuarastal ar có-mhéid leis an dtuarastal atá anois indíolta le Seanascal na hAstráile agus cuirfear de mhuirear é ar chiste phuiblí Shaorstáit Éireann agus déanfar soláthar oiriúnach as an gciste sin chun a áit chomhnuithe oifigiúil agus a theaghlachas do choinneáil suas.
Airtiogal 61.
Déanfaidh ciste amháin d'fháltas uile Shaorstáit Éireann pé as é, gan dochar do pé eisceacht a socrófar le dlí, agus cuirfear i leithreas é chun úsáide Shaorstáit Éireann ar an gcuma agus fé sna muirir agus na fiachaisí ordófar le dlí.
Airtiogal 62.
Ceapfaidh Dáil Éireann Ard-Sgrúdóir chun gníomhuithe ar son Shaorstáit Éireann. Smachtóidh sé díoluíocht agus scrúdóidh cuntas gach airgid a riarfar ar ordú no fé údarás an Oireachtais, agus tabharfa sé tuairisg uaidh do Dháil Éireann ar uairibh áirithe a socrófar le dlí.
Airtiogal 63.
Ní cuirfear an t-Ard-Sgrúdóir as oifig ach mar gheall ar dhrochiompar no mí-chumas a luadhfar agus ar rúin a rithfidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Gan dochar don bhforáil seo socrófar le dlí téarmaí agus coiníollacha sealbhuíochta a oifige. Ní bheidh sé 'na bhall den Oireachtas ná ní bheidh aon oifig ná ionad eile sochair aige.
Airtiogal 64.
Is i sna Cúirteanna puiblí a bhunóidh an t-Oireachtas a cuirfear comhacht bhreithiúntais Shaorstáit Éireann i bhfeidhm agus a riarfar ceart le breithiúin a ceapfar i slí a foráltar 'na dhiaidh seo. Beidh ar na Cúirteanna so Cúirteanna Céad-Chéime agus Cúirt Aith-éisteachta Deire dá ngairmfear an Chúirt Uachtarach. Ar na Cúirteanna Céad-Chéime beidh Ard-Chúirt, ag a mbeidh lán-údarás bunaidh agus comhacht chun socruithe gach cúrsa agus gach ceiste bhaineas le dlí no le fírinne, pe'ca síbhialta no coiriúil, agus fós Cúirteanna go mbeidh a n-údarás go háitiúil agus go teoranta maille le ceart aith-éisteachta mar a cinnfear le dlí.
Airtiogal 65.
Raghaidh comhacht bhreithiúntais na hArd-Chúirte chó fada le ceist dlisteanachta aon dlí maidir le forálacha an Bhun-reachta. Is í an Ard-Chúirt amháin a chuirfidh údarás bunaidh i bhfeidhm i ngach cás 'na dtiocfaidh cúrsaí den tsórt san i gceist.
Airtiogal 66.
Gan dochar do pé rialacha agus maille le pé eisceachtaí a cinnfear le dlí (lasmuich d'aon chás do thabharfadh ceist dlisteanachta aon dlí anuas) beidh údarás aith-éisteachta ag Cúirt Uachtarach Shaorstáit Éireann ar gach breith den Ard-Chúirt. Ní bheidh dul thar breith na Cúirte Uachtaraighe in aon chás, agus ní déanfar aith-bhreithniú ná ní féadfar aith-bhreithniú do dhéanamh ar an mbreith sin ag aon Chúirt, Binse ná Údarás eile ar bith: Ar choiníoll ná déanfaidh éinní sa Bhun-reacht so baint ó cheart aon duine chun cead speisialta d'achuiní ar a Shoillse chun a chúis do thabhairt fé aith-éisteacht ón gCúirt Uachtarach go dtí a Shoillse i gComhairle ná baint ó cheart a Shoillse chun a leithéid de chead do dheonú.
Airtiogal 67.
De réir na ndlithe bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do réir na rialacha a déanfar fútha iseadh bheidh uimhir na mbreithiún, bunú agus có-ghléasa agus roint ghnótha agus údaráis imeasg na gCúirteanna agus na mbreithiún roimh-ráite, agus gach ní bhaineas le nós imeachta.
Airtiogal 68.
Is é Ionadaí na Coróinneach a cheapfaidh ar chomhairle na hArd-Chomhairle breithiúin na Cúirte Uachtaraighe agus na hArd-Chúirte agus na gCúirteanna eile go léir a bunófar do réir an Bhun-reachta so. Ní cuirfear breithiúin na Cúirte Uachtaraighe ná na hArd-Chúirte as oifig ach mar gheall ar mhí-iompar no mhí-chumas a luadhfar, agus ansan féin le rúin a rithfear ag Dáil Éireann agus Seanad Éireann araon. Socrófar le dlí aois oifige d'fhágaint, luach saothair agus pinsean a leithéidí de bhreithiúin ar oifig d'fhágaint dóibh agus an dearbhtha a thabharfaid uatha le linn a gceaptha. Ní féadfar an luach saothair sin do luigheadú an fhaid a leanfaid in oifig. Socrófar le dlí téarmaí ceaptha breithiún aon chúirteanna eile a bunófar.
Airtiogal 69.
Le linn feidhmithe dhóibh beidh na breithiúin uile nea-spleách agus fé riail an Bhun-reachta agus an dlí amháin. Ní bheidh breitheamh iontoghtha chun suidhe san Oireachtas, agus ní bheidh aon oifig ná ionad eile sochair aige.
Airtiogal 70.
Ní trialfar éinne ach do réir chúrsaí cuibhe na dlí, agus ní bunófar cúirteanna nea-choitianta, ach amháin pé Binsi Airm a údarófar le dlí chun lucht airm a bhrisfidh dlí airm do thriail. Ní shroichfidh údarás na mBinsi Airm chun an phobail shíbhialta ná ní cuirfear i bhfeidhm ortha é ach in aimsir chogaidh no rebiliúntachta armtha agus mar gheall ar ghníomhartha a déanfar in aimsir chogaidh no rebiliúntachta armtha, agus do réir na rialacha a socrófar le dlí. Ní cuirfear an t-údarás san i bhfeidhm in aon líomatáiste 'na bhfuil na cúirteanna síbhialta go léir oscailte no 'narbh fhéidir iad do chomóra agus ní aistreofar aon duine ó líomatáiste go chéile chun a leithéid d'údarás do chruithniú.
Airtiogal 71.
Aon duine d'fhórsaí armtha Shaorstáit Éireann ná beidh ar seirbhís chogúil ní thrialfaidh aon Chúirt Airm ná aon Bhinse eile Airm é in aon choir intrialta ag sna Cúirteanna Síbhialta mara dtabharfar an choir sin go speisialta laistigh d'údarás Chúirteanna Airm, no aon Bhinse eile Airm, le haon chórus dlithe no rialacha chun smacht airm do chur i bhfeidhm a mholfaidh an t-Oireachtas 'na dhiaidh seo.
Airtiogal 72.
Ní trialfar aon duine in aon chúis choiriúil gan choiste ach i gcás cúiseanna timpeal mion-choirthe atá intrialta le dlí i láthair Chúirt Údaráis Achmair agus i gcás cúiseanna timpeal coirthe i gcoinnibh dlí airm atá intrialta ag Cúirt Airm no Binse eile Airm.
FORÁLACHA DIOMBUANA.
Airtiogal 73.
Gan dochar don Bhun-reacht so agus sa méid ná fuilid buiniscionn leis, leanfaidh na dlithe atá i bhfeidhm i Saorstát Éireann le linn teacht i ngníomh don Bhun-reacht so i lán-neart agus i lán-fheidhm go dtí go n-ath-ghairmfear no go leasófar iad no aon cheann aca le hachtú den Oireachtas.
Airtiogal 74.
Ní dhéanfaidh éinní sa Bhun-reacht so deifir d'aon fhiachas chun aon cháin no diúité do dhíol i dtaobh na bliana airgid ag rith le linn dáta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, ná i dtaobh aon bhliana airgid roimhe sin, ná i dtaobh aon tréimhse a chríochnóidh ar an lá deireannach den bhliain airgid reatha roimh-ráite no roimhe, ná i dtaobh aon ócáide laistigh den bhliain sin no d'aon bhliain roimhe sin, ná fós aon deifir do mhéid a leithéid d'fhiachas; agus i gcaitheamh na bliana airgid reatha roimhráite leanfar de gach cáin agus diúité agus gach riaráiste den bhfiachas san do ghearra agus do leaga agus do bhailiú ar an gcuma cheanan chéanna do dintí é díreach roimh an mBun-reacht so do theacht i bhfeidhm, agus déanfar an cóiriú céanna do dintí roimhe seo ar an méid a baileofar; agus chun na críche sin, beidh na comhachta céanna ag an Ard-Chomhairle do bhí ag an Rialtas Sealadach agus beidh sí freagarthach sa tslí chéanna 'na raibh an Rialtas san.
Earraí a beirtear i gcaitheamh na bliana airgid reatha roimhráite ó Shaorstát Éireann go dtí aon pháirt den Bhreatain Mhóir no d'Oileán Mhanainn, no a tugtar ó aon pháirt den Bhreatain Mhóir no d'Oileán Mhanainn go dtí Saorstát Éireann, ní áireófar iad mar earraí amach no isteach do réir mar bheidh, ach sa méid go n-órdóidh an Ard-Chomhairle a mhalairt i dtaobh na bhfuirmeacha a bheidh le húsáid agus an eolais a bheidh le tabhairt 'na dtaobh.
Chun críche an Airtiogail seo, cialluíonn an focal “bliain airgid” maidir le cáin ioncuim (mar aon le barra-cháin) bliain a gearrtha, agus maidir le cánacha agus diúitéthe eile, an bhlíain a chríochnuíonn ar an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta.
Airtiogal 75.
Go dtí go mbunófar Cúirteanna do Shaorstát Éireann do réir an Bhun-reachta so, leanfaidh an Chúirt Uachtarach Údaráis, na Cúirteanna Contae, na Cúirteanna Ceathrú Shiosóin agus na Cúirteanna Údaráis Achmair, mar atáid anois, don údarás céanna do chur i bhfeidhm de thurus na huaire mar a dhinidís go dtí so, agus aon bhreitheamh no giúistís, atá 'na bhall d'aon Chúirt dá sórt, agus atá in oifig le linn an Bhunreachta so do theacht i bhfeidhm, leanfa sé de thurus na huaire ar bheith 'na bhall dí, agus fanfa sé in oifig do réir na seilbhe céanna agus ar na téarmaí céanna do bhí aige go dtí so, ach i gcás breithimh den Chúirt Uachtarach roimh-ráite no de Chúirt Chontae, mara gcuirfidh sé in úil d'Ionadaí na Coróinneach gur mian leis tabhairt suas. Féadfar aon fhollamhntas in aon cheann de sna Cúirteanna roimh-ráite ar a leanfar amhlaidh do líona le ceapa a déanfar sa tslí chéanna a ceapfar breithiúin sna Cúirteanna atá á bhunú fén mBun-reacht so: Ar choiníoll go mbainfidh forálacha Airtiogail 66 den Bhun-reacht so i dtaobh breitheanna den Chúirt Uachtarach a bunófar fén mBun-reacht so le breitheanna Cúirte na hAith-éisteachta ar a leanfar do réir an Airtiogail seo.
Airtiogal 76.
Má bhíonn aon bhreitheamh den Chúirt Uachtarach Údaráis roimh-ráite no d'aon cheann de sna Cúirteanna Contae roimhráite le linn Cúirteanna do bhunú fén mBun-reacht so, ná ceaptar le n-a thoil féin chun bheith 'na bhreitheamh d'aon Chúirt dá sórt, déanfar leis, chun críche Airtiogail 10 den Chonnradh Sgeidealta, i leith is gur fhág sé oifig toisc an atharuithe Rialtais do tháinig i bhfeidhm de dheasgaibh an Chonnartha róimh-ráite, ach beidh gach ceart a bronnfar amhlaidh gan dochar d'aon cheart ná éileamh a bheadh aige i gcoinnibh Rialtais na Breataine
Airtiogal 77.
Gach oifigeach den Rialtas Sealadach atá ann le linn an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm (agus nách oifigeach é gur thug Rialtas na Breataine a sheirbhísí ar iasacht don Rialtas Sealadach) aistreofar é ar an ndáta san agus déanfaidh de oifigeach de Shaorstát Éireann, agus beidh aige seilbh oifige a bheidh ar có-réir leis an seilbh oifige do bhí aige cheana.
Airtiogal 78.
Gach oifigeach den tsórt san ann do haistríodh ó Rialtas na Breataine de bhrí aon aistriú seirbhísí chun an Rialtais Shealadaigh, beidh sé i dteideal tairbhe Airtiogail 10 den Chonnradh Sgeidealta d'fháil.
Airtiogal 79.
Aon tseirbhís phuiblí nár aistríodh a riara go dtí an Rialtas Sealadach roimh dháta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, cuirfear aistriú a riartha siar go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1923, no go dtí dáta is luaithe ná san ar a gcinnfidh an Ard-Chomhairle tar éis fógra mí do thabhairt roimh ré san Iris Oifigiúil; agus an méid sin de sna hoifigigh ag obair i riara na seirbhísí sin ar dháta an aistrithe ar a gcinnfear sa tslí atá luaidhte 'na dhiaidh seo, aistreofar iad agus déanfaidh díobh oifigigh de Shaorstát Éireann; agus beidh d'fheidhm ag Airtiogal 77 den Bhun-reacht so 'na dtaobh i leith is gur oifigigh den Rialtas Sealadach do haistríodh chun an Rialtais sin ó Rialtas na Breataine na hoifigigh sin. Cinnfear ar na hoifigigh a bheidh le haistriú amhlaidh i dtaobh aon tseirbhísí sa tslí chéanna i leith is go raibh riara na seirbhísí aistrithe chun an Rialtais Shcaladaigh roimh an mBun-reacht so do theacht i bhfeidhm.
Airtiogal 80.
Maidir le maoin, earraí, cearta agus fiachaisí bhaineas le ranna Rialtais, tuigfear gurb iad Rialtas Shaorstáit Éireann comharbaí an Rialtais Shealadaigh, agus sa méid go ndéanfaidh feidhmeanna de Rialtas Shaorstáit Éireann d'fheidhmeanna aon roinne de Rialtas na Breataine, tuigfear gurb iad Rialtas Shaorstáit Éireann comharbaí na roinne sin de Rialtas na Breataine.
Airtiogal 81.
Tar éis dáta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm féadfaidh Tigh na Páirliminte, do toghadh do réir an Achta um Shaorstát Éireann (Socrú), 1922, (gurb í an dáil bhunaidh í chun an Bu -reacht so do shocrú), na comhachta agus na húdaráis uile a thugann an Bun-reacht so do Dháil Éireann do chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse ná raghaidh thar bliain ón ndáta san, ach chuige sin go mbeidh ar theachtaí na Páirliminte sin forálacha Airtiogail 17 den Bhun-reacht so do chó-líona agus déanfar an chéad toghachán do Dháil Éireann fé Airtiogail 26, 27, agus 28 de seo chó luath agus is féidir tar éis deire na tréimhse sin.
Airtiogal 82.
D'ainneoin éinní dá bhfuil in Airtiogail 14 agus 33 de seo bunófar céad Sheanad Éireann láithreach tar éis an Bhun reachta so do theacht i bhfeidhm, sa tslí seo leanas, sé sin le rá:—
(a) I gcéad Sheanad Éireann beidh trí fichid ball dá dtoghfar deich dhuine fhichead agus dá n-ainmneofar deich dhuine fhichead.
(b) Is é Uachtarán na hArd-Chomhairle a ainmneoidh na deich mbaill fhichead de Sheanad Éireann atá le hainmniú, agus le linn do an t-ainmniúchán san do dhéanamh tabharfa sé aire speisialta go soláthrófar ionaduíocht do ghasraí no do pháirtithe ná beidh leor-ionaduíocht aca i nDáil Éireann an uair sin.
(c) Is í Dáil Éireann a thoghfaidh le vótáil a déanfar do réir Ionaduíochta Cothromúla na deich mbaill fhichead de Sheanad Éireann atá le togha.
(d) De sna deich mbaill fhichead a ainmneófar leanfaidh chúig dhuine dhéag a toghfar le crann-chur, in oifig ar feadh na lán-tréimhse de dhá bhliain déag, leanfaidh na chúig dhuine dhéag eile in oifig ar feadh sé mblian.
(e) De sna deich mbaill fhichead a toghfar leanfaidh an chéad chúig dhuine dhéag a toghfar in oifig ar feadh naoi mblian, agus leanfaidh na chúig dhuine dhéag eile in oifig ar feadh trí mblian.
(f) Ar chríochnú tréimhse oifige aon bhall den tsórt san toghfar baill 'na n-ionad i slí a fhorálann Airtiogal 32 den Bhun-reacht so.
(g) Líonfar foth-fhollamhntaisí i slí a fhorálann Airtiogal 34 den Bhun-reacht so.
Airtiogal 83.
Fógrófar chó luath agus is féidir agus ar an séú lá de Mhí na Nodlag Naoi gcéad déag agus a dó fichead an tráth is déana dhe, le Furóga ó n-a Shoillse, gur rith agus gur ghlac an Dáil Bhunaidh agus Páirlimint na Breataine an Bun-reacht so, agus tiocfaidh an Bun-reacht so i bhfeidhm ar fhoillsiú an Fhurógra san.
AN DARA SGEIDEAL DÁ DTAGARTAR THUAS.
Second Schedule above referred to.
Airtiogail Chó-aontuithe do Chonnradh idir an Bhreatain Mhóir agus Éire.
(Articles of Agreement for a Treaty between Great Britain and Ireland).
1. Ireland shall have the same constitutional status in the Community of Nations known as the British Empire as the Dominion of Canada, the Commonwealth of Australia, the Dominion of New Zealand, and the Union of South Africa, with a Parliament having powers to make laws for the peace, order and good government of Ireland, and an Executive responsible to that Parliament, and shall be styled and known as the Irish Free State.
2. Subject to the provisions hereinafter set out the position of the Irish Free State in relation to the Imperial Parliament and Government and otherwise shall be that of the Dominion of Canada, and the law, practice and constitutional usage governing the relationship of the Crown or the representative of the Crown and of the Imperial Parliament to the Dominion of Canada shall govern their relationship to the Irish Free State.
3. The representative of the Crown in Ireland shall be appointed in like manner as the Governor-General of Canada and in accordance with the practice observed in the making of such appointments.
4. The oath to be taken by Members of the Parliament of the Irish Free State shall be in the following form:—
I . . . . . do solemnly swear true faith and allegiance to the Constitution of the Irish Free State as by law established and that I will be faithful to H.M. King George V., his heirs and successors by law, in virtue of the common citizenship of Ireland with Great Britain and her adherence to and membership of the group of nations forming the British Commonwealth of Nations.
5. The Irish Free State shall assume liability for the service of the Public Debt of the United Kingdom as existing at the date hereof and towards the payment of war pensions as existing at that date in such proportion as may be fair and equitable, having regard to any just claims on the part of Ireland by way of set off or counter-claim, the amount of such sums being determined in default of agreement by the arbitration of one or more independent persons being citizens of the British Empire.
6. Until an arrangement has been made between the British and Irish Governments whereby the Irish Free State undertakes her own coastal defence, the defence by sea of Great Britain and Ireland shall be undertaken by His Majesty's Imperial Forces. But this shall not prevent the construction or maintenance by the Government of the Irish Free State of such vessels as are necessary for the protection of the Revenue or the Fisheries.
The foregoing provisions of this Article shall be reviewed at a Conference of Representatives of the British and Irish Governments to be held at the expiration of five years from the date hereof with a view to the undertaking by Ireland of a share in her own coastal defence.
7. The Government of the Irish Free State shall afford to His Majesty's Imperial Forces:—
(a) In time of peace such harbour and other facilities as are indicated in the Annex hereto, or such other facilities as may from time to time be agreed between the British Government and the Government of the Irish Free State; and
(b) In time of war or of strained relations with a Foreign Power such harbour and other facilities as the British Government may require for the purpose of such defence as aforesaid.
8. With a view to securing the observance of the principle of international limitation of armaments, if the Government of the Irish Free State establishes and maintains a military defence force, the establishments thereof shall not exceed in size such proportion of the military establishments maintained in Great Britain as that which the population of Ireland bears to the population of Great Britain.
9. The ports of Great Britain and the Irish Free State shall be freely open to the ships of the other country on payment of the customary port and other dues.
10. The Government of the Irish Free State agrees to pay fair compensation on terms not less favourable than those accorded by the Act of 1920 to judges, officials, members of Police Forces and other Public Servants who are discharged by it or who retire in consequence of the change of government effected in pursuance hereof.
Provided that this agreement shall not apply to members of the Auxiliary Police Force or to persons recruited in Great Britain for the Royal Irish Constabulary during the two years next preceding the date hereof. The British Government will assume responsibility for such compensation or pensions as may be payable to any of these excepted persons.
11. Until the expiration of one month from the passing of the Act of Parliament for the ratification of this instrument, the powers of the Parliament and the government of the Irish Free State shall not be exercisable as respects Northern Ireland and the provisions of the Government of Ireland Act, 1920, shall, so far as they relate to Northern Ireland, remain of full force and effect, and no election shall be held for the return of members to serve in the Parliament of the Irish Free State for constituencies in Northern Ireland, unless a resolution is passed by both Houses of the Parliament of Northern Ireland in favour of the holding of such elections before the end of the said month.
12. If before the expiration of the said month an address is presented to His Majesty by both Houses of the Parliament of Northern Ireland to that effect, the powers of the Parliament and Government of the Irish Free State shall no longer extend to Northern Ireland, and the provisions of the Government of Ireland Act, 1920, (including those relating to the Council of Ireland) shall, so far as they relate to Northern Ireland, continue to be of full force and effect, and this instrument shall have effect subject to the necessary modifications.
Provided that if such an address is so presented a Commission consisting of three persons, one to be appointed by the Government of the Irish Free State, one to be appointed by the Government of Northern Ireland and one, who shall be Chairman, to be appointed by the British Government shall determine in accordance with the wishes of the inhabitants, so far as may be compatible with economic and geographic conditions, the boundaries between Northern Ireland and the rest of Ireland, and for the purposes of the Government of Ireland Act, 1920, and of this instrument, the boundary of Northern Ireland shall be such as may be determined by such Commission.
13. For the purpose of the last foregoing article, the powers of the Parliament of Southern Ireland under the Government of Ireland Act, 1920, to elect members of the Council of Ireland shall after the Parliament of the Irish Free State is constituted be exercised by that Parliament.
14. After the expiration of the said month, if no such address as is mentioned in Article 12 hereof is presented, the Parliament and Government of Northern Ireland shall continue to exercise as respects Northern Ireland the powers conferred on them by the Government of Ireland Act, 1920, but the Parliament and Government of the Irish Free State shall in Northern Ireland have in relation to matters in respect of which the Parliament of Northern Ireland has not power to make laws under that Act (including matters which under the said Act are within the jurisdiction of the Council of Ireland) the same powers as in the rest of Ireland subject to such other provisions as may be agreed in manner hereinafter appearing.
15. At any time after the date hereof the Government of Northern Ireland and the provisional Government of Southern Ireland hereinafter constituted may meet for the purpose of discussing the provisions subject to which the last foregoing article is to operate in the event of no such address as is therein mentioned being presented, and those provisions may include:—
(a) Safeguards with regard to patronage in Northern Ireland;
(b) Safeguards with regard to the collection of revenue in Northern Ireland;
(c) Safeguards with regard to import and export duties affecting the trade or industry of Northern Ireland;
(d) Safeguards for minorities in Northern Ireland;
(e) The settlement of the financial relations between Northern Ireland and the Irish Free State.
(f) The establishment and powers of a local militia in Northern Ireland and the relation of the Defence Forces of the Irish Free State and of Northern Ireland respectively;
and if at any such meeting provisions are agreed to, the same shall have effect as if they were included amongst the provisions subject to which the Powers of the Parliament and Government of the Irish Free State are to be exercisable in Northern Ireland under Article 14 hereof.
16. Neither the Parliament of the Irish Free State nor the Parliament of Northern Ireland shall make any law so as either directly or indirectly to endow any religion or prohibit or restrict the free exercise thereof or give any preference or impose any disability on account of religious belief or religious status or affect prejudicially the right of any child to attend a school receiving public money without attending the religious instruction at the school or make any discrimination as respects state aid between schools under the management of different religious denominations or divert from any religious denomination or any educational institution any of its property except for public utility purposes and on payment of compensation.
17. By way of provisional arrangement for the administration of Southern Ireland during the interval which must elapse between the date hereof and the constitution of a Parliament and Government of the Irish Free State in accordance therewith, steps shall be taken forthwith for summoning a meeting of members of Parliament elected for constituencies in Southern Ireland since the passing of the Government of Ireland Act, 1920, and for constituting a provisional Government, and the British Government shall take the steps necessary to transfer to such provisional Government the powers and machinery requisite for the discharge of its duties, provided that every member of such provisional Government shall have signified in writing his or her acceptance of this instrument. But this arrangement shall not continue in force beyond the expiration of twelve months from the date hereof.
18. This instrument shall be submitted forthwith by His Majesty's Government for the approval of Parliament and by the Irish signatories to a meeting summoned for the purpose of the members elected to sit in the House of Commons of Southern Ireland, and if approved shall be ratified by the necessary legislation.
On behalf of the British Delegation. | On behalf of the Irish Delegation. |
(Signed) | (Signed) |
D. LLOYD GEORGE. | ART O GRÍOBHTHA |
AUSTEN CHAMBERLAIN. | (Arthur Griffith). |
BIRKENHEAD. | MÍCHEÁL O COILEÁIN. |
WINSTON S. CHURCHILL. | RIOBÁRD BARTÚN. |
L. WORTHINGTON-EVANS. | EUDHMONN S. O'DÚGÁIN. |
HAMAR GREENWOOD. | SEÓRSA GHABHÁIN UÍ |
GORDON HEWART. | DHUBHTHAIGH. |
December 6, 1921. |
ANNEX.
1. The following are the specific facilities required.
DOCKYARD PORT AT BEREHAVEN.
(a) Admiralty property and rights to be retained as at the date hereof. Harbour defences to remain in charge of British care and maintenance parties.
QUEENSTOWN.
(b) Harbour defences to remain in charge of British care and maintenance parties. Certain mooring buoys to be retained for use of His Majesty's ships.
BELFAST LOUGH.
(c) Harbour defences to remain in charge of British care and maintenance parties.
LOUGH SWILLY.
(d) Harbour defences to remain in charge of British care and maintenance parties.
AVIATION.
(e) Facilities in the neighbourhood of the above Ports for coastal defence by air.
OIL FUEL STORAGE. | ||
(f) Haulbowline | ... | To be offered for sale to commercial companies under guarantee that purchasers shall maintain a certain minimum stock for Admiralty purposes. |
Rathmullen | ... |
2. A Convention shall be made between the British Government and the Government of the Irish Free State to give effect to the following conditions:—
(a) That submarine cables shall not be landed or wireless stations for communication with places outside Ireland be established except by agreement with the British Government; that the existing cable landing rights and wireless concessions shall not be withdrawn except by agreement with the British Government; and that the British Government shall be entitled to land additional submarine cables or establish additional wireless stations for communication with places outside Ireland.
(b) That lighthouses, buoys, beacons, and any navigational marks or navigational aids shall be maintained by the Government of the Irish Free State as at the date hereof and shall not be removed or added to except by agreement with the British Government.
(c) That war signal stations shall be closed down and left in charge of care and maintenance parties, the Government of the Irish Free State being offered the option of taking them over and working them for commercial purposes subject to Admiralty inspection, and guaranteeing the upkeep of existing telegraphic communication therewith.
3. A Convention shall be made between the same Governments for the regulation of Civil Communication by Air.
A. G. | ||||
D. L1. G. | B | W. S. C. | M. O'C. | |
A. C. | E. S. O'D. | R. B. | ||
S. G. D. | ||||
D |