[EN]

Uimhir 1 de 1926.


[EN]

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ BREISE DO DHÉANAMH CHUN AN PHRÍOMH-CHÚIRT CHOIRIÚIL DO CHÓ-DHÉANAMH AGUS CHUN A hÚDARÁS DO LEATHNÚ AGUS CHUN ÚDARÁS CHÚIRT NA CUARDA ARD-CHÚIRTE D'AISTRIÚ CHUICHI AGUS CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN DAOINE CÚISITHE, AR A nÁIRÍTEAR DAOINE CÚISITHE ATÁ ANOIS AG FEITHEAMH LE N-A dTRIAIL, DO THRIAIL.

[15adh Eanair, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924).

[EN]

Tagairtí don Chuaird Ard-Chúirte d'athghairm.

2.—Athghairmtear leis seo na mínithe atá in alt 3 den Phríomh-Acht ar na Coimisinéirí den Chuaird Ard-Chúirte agus ar an gCúirt den Chuaird Ard-Chúirte agus fós gach tagairt atá sa Phríomh-Acht do sna Coimisinéirí sin no don Chúirt sin.

[EN]

Breitheamh den Ard-Chúirt do cheapa don Phríomh-Chúirt Choiriúil.

3.—(1) Is ag Uachtarán na hArd-Chúirte amháin a bheidh comhacht chun a chur de dhualgas ar bhreitheamh den Ard-Chúirt gníomhú mar an Phríomh-Chúirt Choiriúil de thurus na huaire.

[EN]

(2) Beidh sé dleathach d'Uachtarán na hArd-Chúirte i bhfeidhmiú na comhachta san an dualgas san do chur air féin.

[EN]

Údarás na Príomh-Chúirte Coiriúla.

4.—Beidh ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil gach údarás a bheidh ag an Ard-Chúirt de thurus na huaire i gcúrsaí coiriúla agus féadfa sí an t-údarás san d'fheidhmiú, agus gach éinne a tabharfar os cóir na Príomh-Chúirte Coiriúla go dleathach chun a thrialta i bhfeidhmiú aon údaráis den tsórt san féadfar é do dhíotáil os cóir na Cúirte sin agus féadfidh an Chúirt sin é do thriail agus do dhaora, pé áit ina mbeidh sí ina suidhe, ar gach slí díreach fé is dá mba sa chontae no sa chontae-bhuirg ina bhfuil an Chúirt sin ina suidhe a déanfí an choir ina bhfuil an duine sin cúisithe.

[EN]

Tráthanna agus áiteanna suidhte na Príomh-Chúirte Coiriúla.

5.—(1) Athghairmtear clás (iv.) d'alt 36 den Phríomh-Acht leis seo agus achtuítear leis seo ina ionad go gcomórfar suidheanna na Príomh-Chúirte Coiriúla (suidheanna le n-a mbainfidh comhacht ghenerálta chun iad do chur ar ath-ló agus a bheidh fé réir na comhachta san) pé tráthanna agus i pé áiteanna a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte o am go ham.

[EN]

(2) Gach iarratas chun na Príomh-Chúirte Coiriúla i dtaobh ní atá no a bhí tráth ar feitheamh sa Chúirt sin, féadfar, mara mbeidh agus nuair ná beidh an Chúirt sin ina suidhe, é do dhéanamh chun aon Bhreithimh den Ard-Chúirt agus féadfidh seisean é d'éisteacht agus deighleáil leis.

[EN]

Daoine cúisithe do chur ar aghaidh chun a dtrialta.

6.—Athghairmtear leis seo an dara províso a ghabhann le mír B d'alt 77 den Phríomh-Acht agus achtuítear leis seo ina ionad, i ngach cás coiriúil nár dheighleáil Breitheamh den Chúirt Dúithche leis ar an slí achmair go ndéanfidh an Breitheamh, más coir atá laistigh d'údarás na Cúirte Cuarda gach coir 'na bhfuil an duine cúisithe á chur ar aghaidh ina taobh, an duine cúisithe do chur ar aghaidh chun a thrialta chun an Bhreithimh Chuarda no chun duine de sna Breithimh Chuarda (a toghfar amach ag an mBreitheamh san den Chúirt Dúithche) 'na bhfuil aige, fé alt 53 den Phríomh-Acht, údarás chun an cás do thriail agus, i ngach cás eile, go gcuirfe sé an duine cúisithe ar aghaidh chun a thrialta chun na Príomh-Chúirte Coiriúla.

[EN]

Triail daoine atá anois ag feitheamh le n-a dtriail.

7.—(1) Gach éinne—

[EN]

(a) a cuireadh ar aghaidh chun a thrialta ar chúiseamh ná fuil laistigh d'údarás na Cúirte Cuarda no ar roinnt chúiseamh 'na bhfuil aon cheann no cinn acu no gach ceann acu gan bheith laistigh d'údarás na Cúirte Cuarda, no

[EN]

(b) gur dhin Breitheamh Cuarda, i bhfeidhmiú na comhachta a tugtar do chuige sin le halt 54 den Phríomh-Acht, é do chur ar aghaidh chun Cúirte den Chuaird Ard-Chúirte chun a thrialta,

[EN]

agus atá le linn rithte an Achta so, ag feitheamh le n-a thriail dá réir sin, tuigfar é do bheith curtha ar aghaidh chun a thrialta go dtí an chéad shuidhe a bheidh ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil tar éis rithte an Achta so agus trialfar é dá réir sin.

[EN]

(2) Na coruíochtaí (má tá aon cheann acu ann) atá tugtha mar bhannaí o dhuine no i dtaobh duine le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo beidh éifeacht acu fé is dá gcuirtí isteach ionta tagairtí don Phríomh-Chúirt Choiriúil in ionad na dtagairtí atá ionta don chúirt no do sna cúirteanna a luaidhtear no a tuairiscítear ionta.

[EN]

Cásanna go bhféadfidh an Phríomh-Chúirt Choiriúil deighleáil leo.

8.—Ar na cásanna go bhféadfidh an Phríomh-Chúirt Choiriúil deighleáil leo ag aon tsuidhe áirithe de shuidheanna na Cúirte beidh gach cás ina mbeidh an duine cúisithe, i dtosach no aon uair le linn an tsuidhe sin, i gcimeád sa chontae no sa chontaebhuirg ina mbeidh an suidhe sin ar siúl agus é ag feitheamh go dtrialfidh an Chúirt Chuarda é.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

9.—(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1926, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 agus 1926, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.