[EN]

Uimhir 1 de 1949.


[EN]

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1948. [22ú Feabhra, 1949.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1949, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1949, a ghairm de na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1948, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Mínithe agus léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1948;

[EN]an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923), arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(2) Léifear agus léireofar le chéile na hAchta agus an tAcht seo, agus dá réir sin beidh san Acht seo ag aon fhocal agus abairt a húsáidtear san Acht seo agus dá dtug na hAchta brí áirithe an bhrí a tugadh dó amhlaidh.

[EN]

Na hAchta a bhuanú.

3.—Leanfaidh na hAchta, arna leasú agus arna leathnú leis an Acht seo, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1950, agus raghaid in éag ansin.

[EN]

Athghairm.

4.—Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin

CUID II.

Leasuithe Ilghnéitheacha ar na hAchta.

[EN]

Alt 153 den Phríomh-Acht d'athachtú fara modhnuithe, agus leasú iarmartach ar alt 157 den Phríomh-Acht.

5.—(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad ailt 153 den Phríomh-Acht—

[EN]

“153.—(1) Má dhéanann saighdiúir de na Fórsaí a chríochnaigh, nó a chríochnós laistigh de bhliain, tréimhse leanúnach bliana agus fiche san iomlán de sheirbhís Airm faoi alt 152 den Acht seo, fógra a thabhairt dá oifigeach ceannais gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain (dá ngairmtear an chéad tréimhse sa bhfo-alt seo), beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(a) féadfar, le haontú an údaráis mhíleata ordaithe, é a choimeád i seirbhís don chéad tréimhse,

[EN]

(b) más rud é—

[EN]

(i)  go gcoimeádfar i seirbhís é don chéad tréimhse, agus

[EN]

(ii)  go dtabharfaidh sé fógra dá oifigeach ceannais, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain (dá ngairmtear an dara tréimhse sa bhfo-alt seo),

[EN]

féadfar, le haontú an údaráis mhíleata ordaithe, é a choimeád i seirbhís don dara tréimhse,

[EN]

(c) más rud é—

[EN]

(i)  go gcoimeádfar i seirbhís é don dara tréimhse, agus

[EN]

(ii)  go dtabharfaidh sé fógra dá oifigeach ceannais, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain (dá ngairmtear an tríú tréimhse sa bhfo-alt seo),

[EN]

féadfar, le haontú an údaráis mhíleata ordaithe, é a choimeád i seirbhís don tríú tréimhse,

[EN]

(d) más rud é—

[EN]

(i)  go gcoimeádfar i seirbhís é don tríú tréimhse, agus

[EN]

(ii)  go dtabharfaidh sé fógra dá oifigeach ceannais, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain (dá ngairmtear an ceathrú tréimhse sa bhfo-alt seo),

[EN]

féadfar, le haontú an údaráis mhíleata ordaithe, é a choimeád i seirbhís don cheathrú tréimhse,

[EN]

(e) más rud é—

[EN]

(i)  go gcoimeádfar i seirbhís é don cheathrú tréimhse, agus

[EN]

(ii)  go dtabharfaidh sé fógra dá oifigeach ceannais, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain,

[EN]

féadfar é a choimeád i seirbhís don tréimhse eile sin.

[EN]

(2) Má coimeádtar saighdiúir de na Fórsaí i seirbhís do thréimhse áirithe dhá bhliain faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar é a choimeád mar shaighdiúir de na Fórsaí don tréimhse sin ar gach slí amhail agus dá mbeadh a thréimhse sheirbhíse fós gan caitheamh.”

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 157 den Phríomh-Acht mar leanas:—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1) cuirfear na focail “nó do thréimhse a choimeádta i seirbhís” isteach i ndiaidh an fhocail “ath-fhostuithe”;

[EN]

(b) i bhfo-alt (3) cuirfear na focail “nó a choimeádta i seirbhís” isteach i ndiaidh an fhocail “athfhostuithe”.

[EN]

Alt 220 den Phríomh Acht a leasú.

6.—In alt 220 den Phríomh-Acht cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1), is é sin le rá:—

[EN]

“(1) Dlífidh gach duine nó aon duine de na fir a bhaineas leis an gCúltaca dul faoi thréineáil sa Stát pé trátha agus go ceann pé tréimhsí (nach sia in aon bhliain ná tríocha lá) a hordófar, agus chuige sin féadfar iad a ghairm amach ó am go ham a mhinicí is gá agus féadfar a cheangal orthu teacht i láthair ag pé áiteanna a ordós an tAire.”

[EN]

Oifigeach den Chúltaca a shannadh d'aicme áirithe den Chúltaca Oifigeach.

7.—(1) Aon oifigeach den Chúltaca Oifigeach, a ceapadh chuige sin roimh an Acht seo a rith, agus nach mbaineann le haon aicme áirithe den Chúltaca Oifigeach, féadfaidh an tAire é a shannadh d'aon aicme áirithe den Chúltaca Oifigeach.

[EN]

(2) Aon oifigeach den Chúltaca Oifigeach, a ceapfar chuige sin tar éis an tAcht seo a rith, féadfaidh an tAire é a shannadh d'aon aicme áirithe den Chúltaca Oifigeach.

[EN]

(3) Aon oifigeach den Chúltaca Oifigeach, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a ceapadh chuige é, a bhaineas de thuras na huaire le haicme áirithe den Chúltaca Oifigeach, féadfaidh an tAire é d'aistriú, le toiliú an oifigigh féin, chun aicme eile den Chúltaca Oifigeach.

[EN]

Alt 13 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946, a leasú.

8.—(1) I mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 13 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 7 de 1946), léireofar an tagairt do thréimhse seacht mblian ó dháta an díbhe mar thagairt don tréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith.

[EN]

(2) Má bhíonn duine, ar dháta an Achta seo a rith, i seilbh oifige nó fostaíochta dá luaitear i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 13 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 7 de 1946), ní léireofar an mhír sin (a) mar ní a dhéanas neamhdhleathach nó a rinne neamhdhleathach riamh ceapadh an duine sin chun na hoifige nó chun na fostaíochta sin.

[EN]

Alt 3 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947, a leasú.

9.—(1) I bhfo-alt (4) d'alt 3 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947 (Uimh. 4 de 1947), cuirfear na focail “nó ceachtar de na céimeanna cabhlaigh coimisiúnta” isteach i ndiaidh na bhfocal “an chéim chabhlaigh choimisiúnta.”

[EN]

(2) Sa Táibhle a ghabhas le halt 3 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947, cuirfear na focail “Meánloingseach nó (i mBéarla) Midshipman.” isteach i ndiaidh na bhfocal “Meirgire nó (i mBéarla) Ensign.” sa tríú colún ag uimhir thagartha 9.

CUID III.

Fo-dhlithe i dtaobh Bóithre Trasna nó in aice Tailimh a hUsáidtear chun Críocha Míleata.

[EN]

Mínithe chun críocha Coda III.

10.—Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” aon duine is—

[EN]

(a) comhalta den Gharda Síochána, nó

[EN]

(b) comhalta de na Fórsaí Cosanta atá údaraithe chuige sin le fo-dhlithe;

[EN]

ciallaíonn an focal “fo-dhlithe” fo-dhlithe a déanfar faoin gCuid seo.

[EN]

Fo-dhlithe i dtaobh bóithre trasna nó in aice tailimh a húsáidtear chun críocha míleata.

11.—(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon chuid áirithe de bhóthar a ghabhas trasna nó in aice aon tailimh (seachas Currach Chill Dara) a húsáidtear chun críocha na bhFórsaí Cosanta, fodhlithe a dhéanamh, le toiliú an údaráis bhóthair ar a bhfuil cúram cothabhála na coda sin, á fhoráil go gcuirfear srian, i pé slí is cuí leis an Aire agus a shonrós sé sna fo-dhlithe, le húsáid na coda sin.

[EN]

(2) Beidh toiliú údaráis bhóthair faoin alt seo—

[EN]

(a) más bardas contae-bhuirge an t-údarás bóthair, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineas leis an mbardas sin,

[EN]

(b) in aon chás eile, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942.

[EN]

(3) San alt seo, tá leis an abairt “údarás bóthair” an bhrí atá léi san Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946).

[EN]

Fo-dhlithe d'fhoilsiú.

12.—Má dhéanann an tAire fo-dhlithe ar bith bhéarfaidh sé go bhfoilseofar na fo-dhlithe i pé slí is gá leis chun iad a chur in iúl do gach duine sa cheantar lena mbainfid agus déanfaidh sé socrú chun cóipeanna de na fo-dhlithe sin a chur ar fáil lena gceannach ar pé praghas (nach mó ná scilling an chóip) a chinnfeas sé.

[EN]

Pionóis mar gheall ar fhodhlithe a shárú.

13.—Duine ar bith a shárós aon fho-dhlí, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air.

[EN]

Ciontaitheoirí a chur chun bealaigh agus a ghabháil.

14.—(1) Má bhíonn duine ar aon chuid áirithe de bhóthar lena mbainfidh fo-dhlí contrártha don fho-dhlí—

[EN]

(a) féadfaidh oifigeach údaraithe a ordú don duine sin imeacht den chuid sin,

[EN]

(b) mura n-imí an duine sin, nó má dhiúltaíonn sé imeacht den chuid sin ar sin d'ordú dhó—

[EN]

(i)  beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air, agus

[EN]

(ii)  féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a chur den chuid sin le forneart nó é a ghabháil gan barántas.

[EN]

(2) Má ghabhann oifigeach údaraithe (nach comhalta den Gharda Síochána) duine faoin alt seo, bhéarfaidh sé agus seachadfaidh sé an duine sin, a luaithe is féidir, i gcoimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndeighleálfar leis do réir dlí.

[EN]

Feithiclí, ainmhithe, etc., a chur chun bealaigh.

15.—Féadfaidh oifigeach údaraithe aon fheithicil, ainmhí nó ní eile a bheas ar aon bhóthar lena mbainfidh fo-dhlí contrártha don fho-dhlí a chur den bhóthar nó a thabhairt go gcuirfear den bhóthar é.

[EN]

Pionóis mar gheall ar oifigigh údaraithe a bhac agus ionsaithe a dhéanamh orthu.

16.—Duine ar bith a dhéanfas—

[EN]

(a) oifigeach údaraithe a bhac nó a chosc agus é ag feidhmiú a chumhacht agus a dhualgas go dleathach mar oifigeach údaraithe, pé acu faoin gCuid seo é nó faoi aon fho-dhlí, nó

[EN]

(b) ionsaí ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhacht agus na ndualgas sin go dleathach,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht ar feadh aon tréimhse nach sia ná sé mhí.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 4.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 30 de 1923.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923.

Alt 153; fo-alt (1) d'alt 220.