[EN]

Uimhir 1 de 1953.


[EN]

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1952. [3ú Márta, 1953.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1952, a bhuanú.

1.—Leanfaidh na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1952, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1954, agus raghaid in éag ansin.

[EN]

Gearrtheideal agus forléiriú.

2.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1953, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1952, agus féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1953, a ghairm de na hAchta sin agus den Acht seo le chéile.