Uimhir 1 de 1988
AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE (LEASÚ), 1988
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1982 | |
An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1985 | |
Na hAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 go 1985 | |
Uimhir 1 de 1988
AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE (LEASÚ), 1988
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1985;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981.
Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.
2.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (b)—
“(b) airgead a airleacan chuig údarás tithíochta chun a chumasú don údarás—
(i) iasachtaí a thabhairt chun tithe a fháil, a fhoirgniú nó chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh orthu, agus
(ii) deontais a thabhairt faoi alt 6 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979.”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—
“(2) I gcás go n-airleacfar airgead chuig údarás tithíochta faoi fho-alt (1) den alt seo chun iasachtaí a thabhairt, úsáidfidh an t-údarás an t-airgead sin chun iasachtaí a thabhairt—
(a) faoi alt 39 d'Acht na dTithe, 1966, nó
(b) de réir cibé téarmaí agus coinníollacha i dtaobh tithe a fháil agus a fhoirgniú a bheidh ceadaithe ó am go ham chun críocha an ailt seo ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais, nó
(c) faoi alt 8 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979.”.
(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1987.
Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.
3.—Leasaítear leis seo alt 10 (arna leasú leis an Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1982, agus le hAcht 1985) den Phríomh-Acht trí “£1,000,000,000” a chur in ionad “£500,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1985), i bhfo-alt (3).
Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.
4.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 14:
“14.—(1) Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus í ag comhlíonadh a feidhmeanna, go ndéanfar, ag féachaint d'aon pháirtíocaíocht a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo, agus blianta a ghlacadh le chéile, a costais uile a ghlanadh as a cuid oibríochtaí.
(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, páirtíocaíocht a dhéanamh faoi chomhair chostais na Gníomhaireachta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(3) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Nollaig, 1986.”.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
5.—(1) Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1988, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 go 1988, a ghairm de na hAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 go 1985, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.