Uimhir 12.
ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923.
CUID I.
Reacht-shaoirse.
Reacht-shaoirse na Dála.
1.—(1) Gach duine idir fireann agus buineann atá ina shaoránach de Shaorstát Éireann agus 'na bhfuil bliain is fiche slán aige agus ná fuil fé aon mhí-chumas dlí de dheascaibh an Achta so ná de dheascaibh éinní eile beidh sé i dteideal a chláruithe uair amháin mar dháil-toghthóir in aon dáilcheanntar i Saorstát Éireann agus in aon dáil-cheanntar amháin.
(2) Féadfar gach duine den tsórt san roimh-ráite do chlárú mar dháil-toghthóir in aon cheann de sna dáilcheanntair seo leanas, eadhon:—
(a) an dáilcheanntar ina mbeidh gnáth-chomhnuí air ar an dáta tástála; no
(b) an dáilcheanntar ina mbeidh sé i seilbh áruis ghnótha ar an dáta tástála; no
(c) an dáilcheanntar príomh-scoile ina mbeidh an phríomhscoil ina bhfuair sé céim nách céim oinigh, no, i gcás Príomh-scoile Bhaile Atha Cliath ina bhfuair sé céim den tsórt san roimh-ráite no inar bhuaidh sé scoláireacht bhunathachta, no, más bean an duine sin, inar bhuaidh sí scoláireacht nách scoláireacht bhunathachta.
(3) Cialluíonn an abairt “árus gnótha” san alt so talamh, foirgnimh no árus eile a sealbhuítear, i gcóir gnótha, gairme no céirde an duine atá le clárú agus nách lú ná deich bpúint a luach ionrátuithe, agus foluíonn sí cuid de thigh no d'fhoirgneamh eile.
I gcás aon árus gnótha den tsórt san do bheith gan luacháil ar leithligh do bheith déanta air tuigfar gurb é is luach ionrátuithe dho ná an méid is dó leis an oifigeach clárathachta ba luach ionrátuithe dho dá ndintí luacháil ar leithligh air.
(4) I gcás árus gnótha do bheith ar có-sheilbh ag beirt no níos mó, déanfar gach duine de sna có-shealbhóirí d'áireamh, chun crícheanna an Achta so, mar dhuine i seilbh an áruis, ach:—
(a) ní foláir gan luach iomlán an áruis ghnótha do bheith fé bhun an mhéide a gheofaí de bharr deich bpúint do mhéadú fé uimhir na gcó-shealbhóirí, agus
(b) ní bheidh thar beirt chó-shealbhóirí i dteideal a gcláruithe i dtaobh an aon áruis ghnótha amháin maran páirtithe iad atá ag gabháil go bona fide dá ngairm, dá gcéird no dá ngnó san árus gnótha.
(5) Dá mbeadh duine i dteideal a chláruithe fén bhfo-alt so mar dháil-toghthóir i mbreis agus aon dáilcheanntar amháin féadfa sé rogha do dhéanamh d'aon cheann de sna dáilcheanntair sin chun é do chlárú ann.
(6) Aon bhall d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann a bheidh ar lán-tuarastal agus ina chomhnuí in aon bheairic no in aon fhoirgneamh no in aon áit eile is le Rialtas Shaorstát Éireann no a bheidh soláthruithe ag an Rialtas san, ní tabharfar déanamh do mar dhuine ina ghnáth-chomhnuí sa bheairic, sa bhfoirgneamh no san áit sin ná mar dhuine i seilbh an chéanna i gcóir a chéirde, a ghairme no a ghnótha laistigh de bhrí an ailt seo, ach, chun crícheanna an ailt seo, tuigfar gnáth-chomhnuí do bheith air, ar an dáta tástála, sa dáilcheanntar ina mbeadh gnáth-chomhnuí air ar an dáta tástála mara mbeadh a sheirbhís.
(7) Má dhineann aon bhall d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann, sa bhfuirm a bheidh orduithe, ráiteas a fíorfar ar an gcuma a bheidh orduithe, go mbeadh gnáth-chomhnuí air i ndáilcheanntar áirithe ar an dáta tástála mara mbeadh a sheirbhís, beidh an ráiteas san ina fhianaise dho-chlaoite ar an ní sin do bheith amhlaidh mara dtabharfar fianaise ina choinnibh sin.
(8) Einne bheidh ar fostú tuarastail i dtigh, i gcuid de thigh no in aon árus eile, ní tabharfar déanamh do mar dhuine i seilbh an chéanna dá chionn san i gcóir a chéirde, a ghairme no a ghnótha laistigh de bhrí an ailt seo.
(9) Einne is iostaí no othar in aon phríosún, gealtlann, tigh oibre, tigh do bhochtaibh, no aon fhúndúireacht eile den tsórt san, ní tabharfar déanamh do dá chionn san mar dhuine ina ghnáth-chomhnuí sa chéanna ná mar dhuine i seilbh an chéanna laistigh de bhrí an ailt seo.
Toghthóirí Seanaid.
2.—Gach duine idir fireann agus buineann atá ina shaoránach de Shaorstát Éireann agus 'na bhfuil deich mbliana fichead slán aige agus ná fuil fé aon mhí-chumas dlí pe'ca de dheascaibh an Achta so no de dheascaibh éinní eile é, beidh sé i dteideal a chláruithe mar thoghthóir Sheanaid sa dáilcheanntar ina bhfuil sé cláruithe mar Dháil-toghthóir.
Ceart vótála an duine chláruithe.
3.—(1) Gach duine a bheidh cláruithe mar Dháil-toghthóir do dháilcheanntar ar bith, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh beidh sé i dteideal vótála i ngach toghachán Dála don dáilcheanntar san, agus fós chun vótála sa dáilcheanntar san i ngach Referendum.
(2) Gach duine a bheidh cláruithe mar thoghthóir Sheanaid i ndáilcheanntar ar bith, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh beidh sé i dteideal vótála sa dáilcheanntar san i ngach toghachán Seanaid.
Forálacha i dtaobh mí-cháilíochtanna.
4.—(1) Ní cuirfear éinne as teideal a chláruithe, ná as teideal chun vótáil mar thoghthóir Dála no Seanaid, ná as teideal chun vótáil i Referendum, toisc fóirithin na mbocht no déarc eile a bheith glactha aige féin no ag duine éigin eile 'na bhufil sé freagarthach ina choimeád suas.
(2) Éinne atá fé aon mhí-chumas dlí ná leigeann é do chlárú no ná leigeann do vótáil mar thoghthóir Dála ná Seanaid, ná vótáil i Referendum, ní bronnfar air le héinní dá bhfuil san Acht so aon cheart chun a chláruithe ná chun vótála mar sin ach amháin mar a foráltar ann go soiléir.
(3) Ní cuirfear éinne as teideal chun vótáil in aon toghachán mar thoghthóir Dála no Seanaid toisc é do bheith i bhfostuíocht ar díoluíocht ag iarrthóir no thar ceann iarrthóra sa toghachán san chó fada agus is fostuíocht dleathach í.
Ní clárófar ná ní vótálfaidh póilíní.
5.—Ní féadfar aon bhall ar lán-tuarastal d'aon fhórsa Póilineachta do chlárú mar thoghthóir Dála ná Seanaid, ná ní fhéadfaidh a leithéid vótáil in aon toghachán Dála ná Seanaid ná i Referendum.
An lá tástála.
6.—An 15adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, an lá tástála i gcóir an chéad chláir a hullamhófar fén Acht so agus an 15adh lá de Shamhain an lá tástála i gcóir gach cláir ina dhiaidh sin.
Aos toghthóra do dhéanamh amach.
7.—Chun crícheanna an Achta so, áireofar mar aos do dhuine an t-aos a bheidh aige—
(a) An 15adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, i gcás an chéad chláir a hullamhófar fén Acht so.
(b) An 15adh lá de Shamhain, eadhon, an lá tástála, i gcás aon chláir i ndiaidh an chéad chláir.
CUID II.
Claru.
Clár bliantúil.
8.—(1) Ullamhófar aon chlár amháin de thoghthóirí gach bliain agus, lasmuich de dháilcheanntair Phríomh-scoile, an chéad chlár atá le hullamhú fén Acht so beidh sé ina chlár de thoghthóirí a bhí cáilithe an 15adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, agus an clár a bheidh le hullamhú gach bliain eile ina dhiaidh sin beidh sé ina chlár de thoghthóirí a bhí cáilithe an 15adh lá den tSamhain roimhe sin.
(2) An chéad chlár a hullamhófar fén Acht so tiocfa sé i bhfeidhm ar thosnú an 1adh lá de Mheitheamh 1923, no pé dáta ina dhiaidh sin a shocróidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil le hOrdú, agus fanfa sé i bhfeidhm go dtí an 1adh lá de Mheitheamh, 1924, agus lasmuich de dháilcheanntair Phríomh-scoile, gach clár a déanfar ina dhiaidh sin tiocfa sé i bhfeidhm ar thosnú an 1adh lá den Mheitheamh a thiocfaidh i ndiaidh an dáta thástála 'na ndéanfar an clár san ina thaobh agus fanfa sé i bhfeidhm go dtí an 1adh lá den chéad Mheitheamh ina dhiaidh sin.
(3) Má theipeann ar an oifigeach clárathachta toisc cúis ar bith aon bhliain clár nua do dhéanamh dá líomatáiste no d'aon chuid dá líomatáiste an clár a bheidh i bhfeidhm an uair ba cheart don chlár nua teacht i bhfeidhm leanfa sé i bhfeidhm mar chlár don líomatáiste no don chuid de líomatáiste le n-ar bhain an teip. Bainfidh an fo-alt so le teip i dtaobh an chéad chláir a hullamhófar fén Acht so chó maith le teip i dtaobh aon chláir ina dhiaidh sin.
Oifigigh agus líomatáistí clárathachta.
9.—(1) Beidh ina líomatáiste clárathachta gach contae riaracháin nách buirg chontae agus gach buirg chontae agus gach dáilcheanntar Príomh-scoile agus beidh oifigeach clárathachta ann do gach líomatáiste clárathachta.
(2) An té is Cléireach Coróinneach agus Síochána do chontae riaracháin nách buirg chontae isé a bheidh in' oifigeach clárathachta don chontae riaracháin sin agus an té is Cléireach Coróinneach agus Síochána do bhuirg chontae isé a bheidh in' oifigeach clárathachta don bhuirg chontae sin.
(3) Isé a cheapfaidh agus a dhíolfaidh an t-oifigeach clárathachta do dháilcheanntar Phríomh-scoile ná cólucht rialuithe na Príomh-scoile.
Leas-oífigigh Clárathachta
10.—(1) Féadfaidh aon duine ionaid, a bheidh moltá de thurus na huaire ag an Aire um Rialtas Áitiúil, aon cheann de dhualgaisí agus de chomhachtanna an oifigigh chlárathachta do chó-líona agus d'fheidhmiú, agus bainfidh forálacha an Achta so le haon duine ionaid den tsórt san chó fada agus théidheann aon dualgaisí no comhachta a bheidh aige le có-líona no le feidhmiú fé mar a bhaineann sé leis an oifigeach clárathachta.
(2) I gcás oifig an oifigigh chlárathachta do bheith folamh no i gcás mí-chumas gníomhachta an oifigigh chlárathachta, féadfaidh aon duine a cheapfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil go haimseartha chuige sin comhachta agus dualgaisí an oifigigh chlárathachta d'fheidhmiú agus do chó-líona.
(3) Ní bhainfidh an t-alt so le dáilcheanntair Phríomhscoile.
Dualgaisí Clárathachta.
11.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta an clár bliantúil do chur le chéile agus ainmneacha na muintire a bheidh i dteideal vótála mar thoghthóirí Dála, no mar thoghthóirí Seanaid, sa líomatáiste clárathachta a bheidh fé do chur ar an gclár do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no féachaint chuige go ndéanfar amhlaidh, agus beart do dhéanamh do réir aon treoracha, generálta no speisialta, a thabharfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil uaidh i dtaobh na socruithe a bheidh le déanamh ag an oifigeach clárathachta chun a dhualgaisí clárathachta do chó-líona.
(2) Féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, le hórdú, na fuirmeacha a bheidh le húsáid chun crícheanna clárathachta do leaga amach maille le haon táillí clárathachta a bheidh le glaca 'na thaobh agus atharú do dhéanamh ar na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so chun an t-Acht so do chur i lán-éifeacht no chun aon Acht a dhéanfaidh leasú no éinní eile ar an Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do chur in éifeacht.
(3) Ní bhainfidh an t-alt so le dáilcheanntair Phríomh-scoile.
Costaisí Clárathachta.
12.—(1) Aon chostaisí fé n-a raghaidh oifigeach clárathachta go dleathach i gcó-líona a dhualgaisí i dtaobh clárathachta, maraon le gach éileamh ceart réasúnta mar gheall ar dhuadh, ar chúramuíocht agus ar aire i gcó-líona na ndualgaisí sin, lasmuich de dhualgaisí a chó-líonfaidh an t-oifigeach clárathachta féin (costaisí dá ngoirtear san Acht so “costaisí clárathachta”), beidh a ndíol:—
(a) i gcás contae riaracháin, ar chomhairle chontae na contae sin;
(b) i gcás buirge contae, ar Chomhairle na buirge contae sin.
(2) Díolfar na costaisí clárathachta as Ráta na mBocht mar mhuirear ar an gcontae iomlán i gcás Comhairle chontae riaracháin, agus as an ráta no as an gciste as a ndíoltar costaisí generálta na Comhairle i gcás Comhairle bhuirge contae, no as ráta no ciste ar bith eile a mholfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil ar iarratas na Comhairle.
(3) Féadfaidh an t-Aire Airgid scála de chostaisí clárathachta do chur le chéile, scála a bheidh ionchurtha i mbaint le gach aicme no le haon aicme no aicmí de sna costaisí seo, agus féadfa sé an scála d'atharú mar agus nuair is oiriúnach leis é.
Aon chostaisí fé n-a raghaidh an t-oifigeach clárathachta agus gur d'aicme chostais iad le n-a mbainfidh an scála, tuigfear iad do bheith curtha suas go dleathach má's rud é ná raghaidh siad thar an méid mórbhach a bheidh socair leis an scála no dá réir, agus sa mhéid go raghaid thar an méid sin tuigfear nár chuathas fútha go dleathach mara ndéanfaidh an Chomhairle agus an t-Aire Airgid an bhreis do cheadú go speisialta sara raghfar fé sna costaisí no ina dhiaidh sin.
Má eiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca go dleathach no go neadhleathach a chuathas fé aon chostaisí fé n-ar chuaidh an t-oifigeach clárathachta agus gur costaisí iad d'aicme ná baineann an scála léi, cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire um Rialtas Áitiúil, agus ní bheidh dul thar breith an Aire ar an gceist.
(4) Aon táillí no aon tsuimeanna eile a ghlacfaidh an t-oifigeach clárathachta i dtaobh a dhualgaisí mar oifigeach clárathachta, lasmuich de shuimeanna a híocfar leis an oifigeach san mar gheall ar a chostaisí clárathachta, tabharfaidh an t-oifigeach san cuntas ionta agus íocfa sé iad chun creidiúna don chiste no don ráta as a n-íoctar costaisí an oifigigh sin.
(5) As airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas íocfar le comhairle aon chontae no aon bhuirge, i gcabhair don chiste no don ráta as a n-íocfaidh an chomhairle aon chostaisí clárathachta do réir an Achta so, leath an mhéide a íocfaidh an chomhairle ar an gcuma san.
(6) Má iarrann oifigeach clárathachta aon líomatáiste clárathachta roimh-íoc i gcuntas costaisí clárathachta féadfaidh an chomhairle, dar cóir costaisí clárathachta an líomatáiste sin d'íoc, má's oiriúnach leo é, an roimh-íoc san do dhéanamh leis an oifigeach san i pé méid agus fé pé coiníollacha a mholfaidh an chomhairle, agus má eitíonn an chomhairle sin aon roimh-íoc no aon chuid de roimh-íoc ar a ndéanfaidh an t-oifigeach clárathachta aon iarratas den tsórt roimh-ráite, má eitíd é do dhéanamh leis féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, ar iarratas an oifigigh chlárathachta, a órdú don chomhairle go ndéanfaidis leis an oifigeach clárathachta pé roimh-íoc is cóir dar leis an Aire roimhráite, ach gan é do bheith thar méid an roimh-íoca ar ar dhin an t-oifigeach clárathachta iarratas mar roimh-ráite agus déanfaidh an chomhairle roimh-íoc leis an oifigeach clárathachta láithreach do réir an órduithe sin.
(7) Gach clódóireacht a theastóidh chun crícheanna clárathachta, féachfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil chuige go ndéanfar í ag pé daoine agus ar pé fiacha is dó leis is cóir, agus beidh costas na clódóireachta san ina chuid de chostas clárathachta an líomatáiste chlárathachta, no an roinnt líomatáistí clárathachta gur n-a gcóir a dineadh an chlódóireacht san, agus ocfar leath de chostas na clódóireachta san as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas, agus íocfar an leath eile dhe ag an gComhairle ar a mbeidh íoc na gcostaisí clárathachta gur cuid díobh costas na clódóireachta san: Ach socróidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil aon cheist i dtaobh conus a roinnfar ar na líomatáistí clárathachta costas aon chlódóireachta a dineadh i gcóir breis agus aon líomatáiste chlárathachta amháin.
(8) Ní bhainfidh an t-alt so le dáilcheanntair Phríomh-scoile.
Contaethe atá roinnte ina dTreana
13.—I gcás aon chontae riaracháin atá roinnte ina Treana féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, le hordú, an chontae do roinnt ina gcó-uimhir sin de líomatáistí clárathachta, agus aon oiriúnuithe le n-a mbeidh gá, de dheascaibh na roinne, do dhéanamh ar an Acht so, agus beidh Cléireach Coróinneach agus Síochána aon Treana in' oifigeach clárathachta do pé cuid de sna líomatáistí seo a ordóidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil.
Tuarastail Chléireacha Coróinneach agus Síochána.
14.—D'ainneoin na teorann atá órduithe in aon reacht dá bhfuil i bhfeidhm fé láthair féadfar tuarastail Chléireacha Coróinneach agus Síochána do mhéadú, le hórduithe a dhéanfaidh an t-Aire Airgid, oiread agus samhluítear don Aire is cóir tar éis na dualgaisí breise a chuireann an t-Acht so ar na hoifigigh seo d'áireamh: Ach an ceangal a bheidh ar Chléireach Coróinneach agus Síochána i dtaobh cuntas do thabhairt i suimeanna nách costaisí clárathachta agus a ghlacfa sé mar oifigeach clárathachta ní shroisfe sé aon mhéadú tuarastail den tsórt san.
Clár do Dháil cheanntair Phríomh-scoile.
15.—(1) Déanfaidh cólucht rialuithe gach Príomh-scoile atá ina dáilcheanntar Príomh-scoile, déanfaid, do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, féachaint chuige go gcimeádfar, sa bhfuirm sin a órdóidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, clár de dhaoine a bheidh i dteideal vótála mar thoghthóirí Dála no mar thoghthóirí Seanaid i ndáilcheanntar na Príomh-scoile, agus cuirfid an clár ar fáil i gcóir na dtoghthóirí sin, agus, má iarrann duine ar bith é, leigfid don duine sin an clár d'iniúcha agus sleachta do thógaint as ar gach tráth réasúnta.
(2) Isé bheidh sa chéad chlár a hullamhófar fén Acht do gach dáilcheanntar Príomh-scoile, ná clár de thoghthóirí do bhí cáilíochtuithe ar an 15adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, agus tiocfa sé i bhfeidhm ar an 1adh lá de Mheitheamh, 1923, no ar pé dáta ina dhiaidh sin a shocróidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil le hOrdú.
Isé bheidh i ngach clár a hullamhófar ina dhiaidh sin ná clár de thoghthóirí do bhí cáilíochtuithe ar an 15adh lá de Shamhain agus tiocfa sé i bhfeidhm ar an 15adh lá den Mheitheamh 'na dhiaidh sin.
(3) Féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil atharuithe do dhéanamh o am go ham ar na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so fé mar a bheidh riachtanach chun an t-Acht so do chur i lán-éifeacht, no chun aon Acht, le n-a ndéanfar leasú no éinní eile ar an Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, do chur in éifeacht.
(4) Féadfaidh cólucht rialuithe aon Phríomh-scoile den tsórt san, i dtaobh duine a fuair céim sa Phríomh-scoil roimh rith an Achta so ach ná raibh i dteideal vótála de bhua na céime sin, féadfaid a órdú ná beidh ceart clárathachta aige mara ndéanfa sé éileamh chuige sin.
(5) Ní éileoidh cólucht rialuithe aon Phríomh-scoile den tsórt san aon táille i dtaobh aon duine do chlárú mar thoghthóir sa dáilcheanntar gurb í an Phríomh-scoil sin é.
Ath-chomhairc.
16.—(1) Aon bhreith a thabharfaidh an t-oifigeach clárathachta ar aon éileamh no ar aon agóid a bhreithneoidh sé fén Acht so, no ar chur no ar dhiúlta do chur aon mhairc in aghaidh aon ainmne ar an gclár, luighfidh ath-chomharc 'na taobh sa Chúirt Chontae ag a bhfuil údarás sa líomatáiste clárathachta, agus déanfar rialacha cúirte chun an nós-imeachta ar aon athchomhairc den tsórt san do shocrú agus chun aon achtacháin a bhaineann le cúirteanna contae agus le n-a nós-imeachta do chur i mbaint leo agus in oiriúint dóibh:
Ach lasmuich de dháilcheanntair Phríomh-scoile ní luighfidh ath-chomharc más rud é nár ghlac an t-éilitheoir no an t-agóidire an chaoi, mar a foráltar sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ar éisteacht d'fháil ón oifigeach clárathachta ar an éileamh no ar an agóid, no i dtaobh cur no diúltú do chur aon mhairc den tsórt san roimh-ráite:
Agus fós, ní chun na Cúirte Contae a déanfar ath-chomharc fén alt so i mBuirg Chontae Bhaile Atha Cliath ná i ndáilcheanntar Príomh-scoile ná i gContae riaracháin Bhaile Atha Cliath ach, i mBuirg Chontae Bhaile Atha Cliath agus i ndáilcheanntar Príomh-scoile, chun na n-abhcóidí athfhéachana i gcóir Chathair Bhaile Atha Cliath agus, i gContae riaracháin Bhaile Atha Cliath, chun an abhcóide ath-fhéachana i gcóir Chontae Bhaile Atha Cliath.
(2) In aon chontae ina mbeidh údarás na Cúirte Contae á fheidhmiú de thuras na huaire ag beirt no níos mó breithiún Cúirte Contae deighleálfaidh pé duine de sna breithiúin sin, no a bhreitheamh conganta, go n-órdóidh Ard-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraighe dho é, deighleálfa sé leis na hathchomhairc i dtaobh breitheanna an oifigigh chlárathachta, no roinnfear na hath-chomhairc sin ar na breithiúin sin agus ar a mbreithiúin chonganta do réir mar órdófar.
(3) Chun crícheanna an Achta so féadfar rialacha agus órduithe Cúirteanna Contae agus scálanna Cúirteanna Contae de tháillí, de chostaisí, agus de mhuirearacha do dhéanamh fé altanna a naoi déag is trí fichid, a trí is cheithre fichid agus a ceathair is cheithre fichid den Acht um Oifigigh agus Cúirteanna Contae (Éirinn) 1877; ach na forálacha atá sna haltanna san i dtaobh breithiúin Chúirteanna Contae no an Breacathóir do thabhairt toile no do dhéanamh teisteasú, ní bhainfid leis na nithe seo.
(4) Aon bhreith a thabharfaidh an Chúirt Chontae no Abhcóide Ath-fhéachana, fé mar a bheidh, ar aon ath-chomharc den tsórt san i dtaobh breithe an oifigigh chlárathachta luighfidh ath-chomharc 'na taobh ar aon phonc dlí sa Chúirt Aith-éisteachta do réir rialacha na Cúirte Uachtaraighe, ach ní luighfidh aon ath-chomharc i dtaobh breithe na Cúirte Aith-éisteachta.
(5) Éinne go mbeidh a ainm ar an gclár de thurus na huaire ní dochar dá cheart vótála aon ath-chomharc a bheith ar fionnraoi fén alt so, agus aon vóta a caithfear do réir an chirt sin beidh sé chó maith agus bheadh sé dá mba ná beadh athchomharc den tsórt san ar fionnraoi, agus an bhreith a tabharfar ar an ath-chomharc ina dhiaidh sin ní bhainfe sé leis an vóta san.
(6) Fógrófar don oifigeach clárathachta, ar an gcuma a forálfar le rialacha cúirte, breith na cúirte Contae no Abhcóide Aithfhéachana no na Cuirte Aith-éisteachta ar aon ath-chomharc fén alt so, agus déanfaidh an t-oifigeach clárathachta, i gclár na dtoghthóirí, pé atharuithe a bheidh riachtanach chun an bhreith do chur in éifeacht.
(7) Tuigfear an t-oifigeach clárathachta do bheith páirteach in imeachta aon ath-chomhairc fén alt so.
(8) Más dó le hÁrd-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraighe ó aithris bhreithimh aon Chuirte Contae no na n-Abhcóidí no an Abhcóide Aith-fhéachana do Chathair no do Chontae Bhaile Atha Cliath ná fuil ar chumas an Bhreithimh, no na n-Abhcóidí no an Abhcóide Aith-fhéachana, gnó na Cuirte do dhéanamh ar luas cóir toisc nách foláir deighleáil le ath-chomhairc fén Acht so, féadfaidh Seanascal Shaorstáit Éireann, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, Abhcóide 'na bhfuil seasamh seacht mblían ar a luighead aige do cheapa chun gníomhú mar bhreitheamh conganta no mar Abhcóide Aith-fhéachana conganta, fé mar a ráineoidh, ar feadh pé aimsir agus fé pé coiníollacha a órdóidh Seanascal Shaorstáit Éireann ar an gcomhairle roimhráite.
Aon bhreitheamh conganta no aon Abhcóide Aith-fhéachana conganta a ceapfar amhlaidh beidh aige gach comhacht agus gach príbhléid agus féadfa sé có-líona do dhéanamh ar aon dualgas dá mbaineann, fén Acht so no ar aon chuma eile, leis an mbreitheamh, leis na hAbhcóidí Aith-fhéachana no leis an Abhcóide Aith-fhéachana dar ceapadh é ina chongantóir.
Íocfar le breitheamh conganta no le hAbhcóide Aith-fhéachana conganta, as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas, pé luach saothair agus pé liúntaisí taistil a lomhálfaidh an t-Aire Airgid.
(9) Chun crícheanna an ailt seo agus go dtí go gcinnfidh an t-Oireachtas a mhalairt ciallóidh na habairtí “Cúirt Chontae,” “Cúirt Uachtarach” agus “Cúirt Aith-éisteachta” na Cúirteanna a fheidhmíonn sa líomatáiste clárathachta, fé sna hachtanna atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, comhachtanna agus údaráis Chúirte Contae no Chúirte Uachtaraighe no Chúirte Aith-éisteachta fé seach, pé ainm no ainmneacha a tugtar ortha fé seach.
CUID III.
Modh agus Costaisí na dToghachán.
Ionaduíocht Chothromúil agus dáilcheanntair.
17.—(1) Gach toghachán comhraic, pe'ca toghachán Dála é no toghachán Seanaid, beidh sé do réir phrínsiobail na hIonaduíochta Cothromúla agus vóta ionaistrithe amháin a bheidh ag gach toghthóir.
(2) Cialluíonn an abairt “vóta ionaistrithe” vóta:—
(a) is féidir a chaitheamh ar chuma a theasbánfaidh in ordú an rogha a dhéanfaidh an vótálaí dé gach iarrthóir.
(b) is féidir d'aistriú don chéad rogha eile nuair nách gá an vóta chun an quota riachtanach de vótaí do thabhairt do roimh-rogha, no nuair a dintear an roimh-rogha do chur as liost na n-iarrthóirí toisc an t-easnamh a bheidh i méid na vótaí a bheidh fachta aige.
Laethanta i gcóir ainmniúcháin agus Vótaíochta.
18.—(1) I dtoghachán generálta isé an lá is déanaí chun ainmniúcháin do ghlaca i ngach dáilcheanntar ná an t-ochtú lá tar éis dáta an fhurógra le n-a bhfógrófar gairm an Oireachtais agus i ngach cás comórfar an vótaíocht an chéad Luan nách luatha ná an seachtú lá tar éis an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlaca.
(2) I gcás toghacháin chorra—
(a) Isé an ceann comhrimh a cheapfaidh an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca agus ní beidh an lá san níos déanaí ná an naomhú lá ná níos luaithe ná an seachtú lá tar éis an rit d'fháil don cheann comhrimh agus beidh seal nách lú ná trí lá glan idir fhógairt cheapa an lae agus an lá féin.
(b) Déanfar an vótáil pé lá a cheapfaidh an ceann comhrimh ach gan é do bheith níos lú ná ocht lá glan ná níos mó ná deich lá glan tar éis an lae a bheidh ceaptha ina lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca.
(3) Féadfar eolas telegrafach oifigiúil ar an rit a bheith curtha amach i gcóir toghacháin Dála do thabhairt sna cásanna san agus ag na daoine sin ina n-órdóidh agus dá n-órdóidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil é, agus aon nithe, chun comóra toghacháin go bhféadfar iad do dhéanamh ar fháil na riteach nó dá éis féadfar iad do dhéanamh ar fháil eolais thelegrafaigh oifigiúla i dtaobh an rit a bheith curtha amach no dá éis sin.
Iarrthóirí d'ainmniú.
19.—(1) Déanfar gach iarrthóir chun toghachán na Dála d'ainmniú i scríbhinn fé láimh bheirt thogthóirí cláruithe den dáilcheanntar mar thairgtheoir agus mar chuiditheoir, fé seach, agus fé láimh ochtar toghthóirí cláruithe eile den dáilcheanntar mar lucht toilithe chun an ainmniúcháin, agus tabharfaidh an t-iarrthóir féin no a thairgtheoir no a chuiditheoir an scríbhinn sin don cheann comhrimh—
(a) i gcás toghacháin ghenerálta, aon uair tar éis dáta an fhurógra le n-a bhfógrófar gairm an Oireachtais agus roimh dheire na haimsire a bheidh ceaptha chun ainmniúcháin do ghlaca; agus (b) i gcás toghacháin chorra, aon uair tar éis an rit d'fháil don cheann comhrimh, agus roimh dheire na haimsire a bheidh ceaptha chun ainmniúcháin do ghlaca.
(2) I gceann uair a chluig tar éis deire na haimsire a bheidh ceaptha chun ainmniúcháin do ghlaca, mara mbeidh níos mó iarrthóirí ainmnithe ná mar a bheidh d'fholamhantaisí le líona, fógróidh an ceann comhrimh láithreach na hiarrthóirí a bheidh ainmnithe do bheith toghtha agus cuirfe sé a n-ainmneacha ag triall ar Chléireach na Dála; ach i gceann na huaire céanna san, má bhíonn níos mó iarrthóirí ainmnithe ná mar a bheidh d'fholamhantaisí le líona cuirfidh an ceann comhrimh an toghachán ar ath-ló agus tógfa sé vótaíocht ar an gcuma a horduítear leis an Acht so.
(3) Roimh dheire na haimsire a bheidh ceaptha chun ainmniúcháin do ghlaca, ach ní dá éis sin, féadfaidh iarrthóir tarrang siar as a iarrthóireacht tré fhógra sa chéill sin do shigniú agus do thabhairt don cheann comhrimh: Ach féadfaidh tairgtheoir agus cuiditheoir aon iarrthóra a hainmníodh le linn é do bheith lasmuich d'Éirinn féadfaid siad an t-iarrthóir sin do tharrang siar, roimh dheire na haimsire roimh-ráite ach ní dá éis sin, tré fhógra scríbhte do shighniú agus do thabhairt don cheann comhrimh maraon le deimhniú scríbhte ar an iarrthóir do bheith as láthair mar sin.
(4) Tar éis don cheann comhrimh toghachán do chur ar ath-ló chun vótaíocht do thógaint, má éagann duine de sna hiarrthóirí a hainmníodh sara dtosnóidh an vótaíocht déanfidh an ceann comhrimh, ar é do bheith deimhnitheach gur éag an duine sin, fógra na vótaíochta do chur ar ceal agus tosnófar as an nua na himeachta go léir a bhaineann leis an dtoghachán, agus sa toghachán nua san ceapfar na laethanta is déanaí chun ainmniúcháin do ghlaca agus an lá i gcóir na vótaíochta ar an gcuma a foráltar san Acht so i gcóir toghacháin chorra, agus chun na críche sin tuigfear go bhfuair an ceann comhrimh an rit an lá a tugadh cruthúnas do ar bhás an iarrthóra san, ach in aon toghachán nua den tsórt san ní bheidh gá le hainmniú nua ar aon iarrthóir a bhí ainmnithe nuair a cuireadh an vótaíocht ar ceal.
Earlaisí ó iarrthóirí i dtoghacháin Dála.
20.—(1) Déanfaidh gach iarrthóir i dtoghachán Dála no duine éigin thar a cheann suim céad púnt d'fhágáil mar éarlais ag an gceann comhrimh roimh dheire na haimsire a bheidh ceaptha chun ainmniúcháin do ghlaca, agus má theipeann air é do dhéanamh tuigfear é do bheith tarraingthe siar.
(2) Féadfar an éarlais d'fhágáil tré aon tsínteanas dleathach d'fhágáil no, má thoilíonn an ceann comhrimh chuige, ar aon tslí eile.
(3) Má tarraingthear an t-iarrthóir siar tar éis éarlais d'fhágáil tabharfar thar n-ais an éarlais don té d'fhág an éarlais, agus má éagann an t-iarrthóir tar éis an éarlais do bheith fágtha agus roimh chríochnú na vótaíochta, agus gurb é féin d'fhág an éarlais tabharfar í thar n-ais dá ionadaí pearsanta dleathach, no, marab é d'fhág an éarlais, tabharfar an éarlais thar n-ais don té d'fhág an éarlais.
(4) Más rud é ná toghfar an t-iarrthóir déanfar an éarlais d'fhág sé féin no do fágadh thar a cheann do thabhairt thar n-ais don té a fhág an éarlais chó luath agus is féidir é tar éis fógartha tora an toghacháin, maran rud é nách mó an méid vótanna a fuair an t-iarrthóir ná trian an quota mar a déanfar amach é do réir na rialacha atá sa Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus sa chás san cáinficfear an éarlais chun Dáil Éireann. Chun crícheanna an fho-ailt seo tuigfear gurb é méid vótanna a fuair iarrthóir ná an méid vótanna is mó a cuireadh chun creidiúna dho aon uair do réir na Rialacha atá sa Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(5) Má toghtar iarrthoir déanfar mar seo a leanas leis an éarlais d'fhág sé no do fágadh thar a cheann:—
(a) Má thugann an t-iarrthóir an mhóid mar bhall den Oireachtas dá mbeidh sé toghtha amhlaidh tabharfar thar n-ais do, chó luath is bheidh an mhóid sin tabhartha aige, an éarlais d'fhág sé féin no do fágadh thar a cheann.
(b) Mara dtabharfaidh an t-iarrthóir an mhóid mar bhall den Oireachtas dá mbeidh sé toghtha amhlaidh déanfar an éarlais a fhág sé no a fágadh thar a cheann do cháinfice chun Saorstáit Éireann ar scur an Oireachtais sin maran rud é go n-éagfaidh an t-iarrthóir, roimh scur an Oireachtais sin, gan an mhóid sin do thabhairt agus gan é d'eirghe as bheith ina bhall no gan é do theacht fé mhí-cháilíocht, agus sa chás san, chó luath agus is féidir é tar éis bháis do, tabharfar an éarlais roimh-ráite thar n-ais dá ionadaí pearsanta dleathach.
(6) Má ainmnítear iarrthóir i dtoghachán generálta i mbreis agus aon dáilcheanntar amháin ní bheidh sé i dteideal níos mó ná aon éarlais amháin do thabhairt thar n-ais do i gcás ar bith, agus dá ráiníodh, mara mbeadh an fo-alt so, go mbeadh teideal ag á leithéid sin d'iarrthóir fén alt so chun níos mó ná aon éarlais amháin do thabhairt thar n-ais do, ní tabharfar thar n-ais do ach pé ceann de sna héarlaisí sin a órdóidh an t-Aire Airgid a thabhairt thar n-ais do agus cáinficfear an éarlais no na héarlaisí eile chun Saorstáit Éireann.
Vótáil na bPostvótáluithe.
21.—(1) Gach toghthóir Dála no Seanaid in aon dáilcheanntar contae no buirge atá ina bhall lán-tuarastail d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann, iontrálfar é, más mian leis é, ar liost postvótáluithe a dháilcheanntair.
(2) Déanfar ainm gach toghthóra i ndáilcheanntar Príomhscoile d'iontráil ar an liost de phost-vótáluithe don dáilcheanntar san.
(3) Gach toghthóir 'na mbeidh a ainm ar an liost postvótáluithe i gcóir dáilcheanntair ar bith, beidh sé i dteideal vótáil trí n-a pháipéar ballóide do chur ag triall ar an gceann comhrimh tríd an bpost ach, faid a bheidh a ainm ar an liost san, ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon chuma eile.
(4) Déanfaidh an ceann comhrimh i gcás Dáil-toghacháin chomhraic mar is luatha is féidir é tar éis an toghachán do chur ar ath-ló, agus i gcás toghacháin Sheanaid no Referendum, mar is luatha is féidir é tar éis cur amach an fhurógra le n-a gceapfar an lá chun an céanna do chomóra no do thógaint, páipéar ballóide do chur chun gach toghthóra 'na mbeidh a ainm ar liost na bpost-vótáluithe agus 'na mbeidh teideal aige chun vótáil sa toghachán no sa Referendum san, go dtí an seola a bheidh breactha ag an oifigeach clárathachta, mar aon le faisnéis chéannachta sa bhfuirm a bheidh ceaptha, agus má gheibheann an ceann comhrimh an páipéar ballóide sin roimh chríochnú na vótaíochta agus é marcálta go cuibhe ag an bpost-vótálaí, agus ag gabháil leis sin, an fhaisnéis chéannachta, sighnithe agus fírinnithe go cuibhe, comhreóidh sé é agus déanfar leis chun gach críche díreach mar a déanfaí le páipéar ballóide a cuirfí sa bhosca ballóide ar an ngnáth-chuma.
(5) Ag cur amach agus ag fáil páipéirí ballóide post-vótáluithe dho, agus ag deighleáil leo ar shlite eile dho, leanfaidh an ceann comhrimh na rialacha atá sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus pé rialacha eile (ná beidh buniscionn leis na rialacha roimh-ráite) a dhéanfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil ó am go ham.
Conus a vótálfaidh daoine a bheidh i bhfostuíocht ag cinn chomhrimh.
22.—I gcás toghthóir de dháilcheanntar ar bith a bheith i bhfostuíocht ag ceann comhrimh an dáilcheanntair sin chun aon críche a bhainfidh le toghachán i gcóir an dáilcheanntair sin, agus go ndéanfadh cúrsaí fostuíochta an toghthóra san, dar leis an gceann comhrimh, é do chosc ar vótáil sa stáisiún vótaíochta 'na mbeadh teideal ag an dtoghthóir sin chun vótáil ann mara mbeadh na cúrsaí sin, féadfaidh an ceann comhrimh údarás do thabhairt don toghthóir sin, le teisteas a tabharfar sa bhfuirm cheaptha, chun vótáil in aon stáisiún vótaíochta eile sa dáilcheanntar, agus, chun críche Riail a 16 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuigfear gurb é an stáisiún vótaíochta san a ceapadh mar stáisiún vótaíochta don toghthóir sin.
Cinn Chomhrimh.
23.—(1) Isé a bheidh ina cheann comhrimh i dtoghachán in aon dáilcheanntar nách dáilcheanntar Príomh-scoile ná:—
(a) I gcás dáilcheanntair bhuirge, fo-shirriamh na buirge no na cathrach ina mbeidh iomláine an dáilcheanntair sin no cuid de suidhte.
(b) I gcás dáilcheanntair chontae atá có-theoranta le haon chontae riaracháin amháin no a luíonn inti go hiomlán, fo-shirriamh na contae riaracháin sin.
(c) I gcás dáilcheanntair chontae a luíonn i dhá gcontae riaracháin no i níos mó, fo-shirriamh pé contae de sna contaethe riaracháin sin a cheapfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil ó am go ham; ach, más mian le fo-shirriamh aon chontae riaracháin eile dhíobh san é, ceapfaidh an ceann comhrimh é chun gníomhú mar cheann comhrimh conganta chun go ndéanfa sé, sa chuid den dáil-cheanntar a bheidh laistigh d'údarás an fho-shirriaimh sin, aon chuid de chomhachtanna agus de dhualgaisí an chinn chomhrimh d'fheidhmiú maran comhachtanna agus dualgaisí iad nách foláir don cheann chomhrimh féin i bpearsain a fheidhmiú, agus aon cheist eireoidh i dtaobh cearta agus oblagáidí, fé seach, aon chinn chomhrimh den tsórt san agus aon fhó-shirriaimh den tsórt san fén bhforáil seo isé an t-Aire um Rialtas Áitiúil a thabharfaidh breith uirri agus ní bheidh dul thar a bhreith.
(2) Isiad a bheidh ina gcinn comhrimh do sna dáilcheanntair Phríomh-scoile ná:—
(a) I gcás dáilcheanntair Phríomh-scoile Bhaile Atha Cliath, Profast Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath.
(b) I gcás dáilcheanntair na Príomh-scoile Náisiúnta, Leas-Sheansailéir na Príomh-scoile Náisiúnta:
Ach, le linn toghacháin in aon dáilcheanntar Príomh-scoile, má bhíonn an oifig a luaidhtear sa bhfo-alt so mar oifig a dhéanfadh ceann comhrimh i gcóir an dáil-cheanntair den té go mbeadh sí aige, má bhíonn sí folamh, no más rud é nách féidir do choimeádaí na hoifige sin, de dheascaibh drochshláinte no éinní eile, gníomhú mar cheann comhrimh sa toghachán san, ceapfaidh cólucht rialuithe na Príomh-scoile oifigeach éigin eile den Phríomh-scoil chun bheith ina cheann comhrimh i gcóir an dáilcheanntair sa toghachán san.
Treora na dtoghachán Dála.
24.—Beidh sé de dhualgas ar an gceann comhrimh do gach dáilcheanntar gach toghachán Dála sa dáilcheanntar san do threora do réir na rialacha atá sa Treas Sceideal, sa Cheathrú Sceideal agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus do réir pé rialacha eile a dhéanfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil ó am go ham agus ná beidh buiniscionn leis na rialacha roimh-ráite.
Iocaíocht costaisí na gCeann Comhrimh.
25.—(1) Beidh teideal ag an gceann comhrimh i dtoghachán Dála chun a chuid éilithe réasúnta sa mhéid ná raghaid thar na suimeanna a bheidh áirithe sa scála d'éilithe mórbhacha a cúmfar fén alt so mar gheall ar sheirbhísí agus costaisí de sna saghasanna iolartha a bheidh luaidhte sa scála san adubhradh agus a dhin sé no gur chuaidh sé fútha go cóir chun crícheanna an toghacháin no 'na thaobh.
(2) Íocfaidh an t-Aire Airgid méid aon éilithe den tsórt san as an bprímh-chiste no as a thora fáis ar chuntas a leagfar fé n-a bhráid do réir rialachán a dhéanfa sé fén alt so, ach sara ndéanfar íocaíocht féadfaidh an t-Aire Airgid, más oiriúnach leis é, a iarraidh ar aon Chúirt Chontae 'na bhfuil údarás aici sa dáilcheanntar le n-a mbaineann an cuntas, an cuntas do mheádh, agus beidh údarás ag an gcúirt an cuntas do mheádh ar aon tslí agus in aon am agus áit is oiriúnach leis an gcúirt, agus a shocrú go buan cá mhéid a bheidh iníoctha leis an gceann comhrimh.
(3) Ar iarraidh roimh-íoca i gcuntas a chuid éilithe don cheann comhrimh, féadfaidh an t-Aire Airgid roimh-íoc den tsórt san do dhéanamh más oiriúnach leis é agus ar pé tearmaí is oiriúnach leis.
(4) Má iarrtar cuntas cinn comhrimh do mheádh féadfaidh an ceann comhrimh a iarraidh ar an gcúirt roimh-ráite scrúdú do dhéanamh ar aon éileamh a dhin éinne ina choinnibh i dtaobh aon nithe a héiliodh sa chuntas, agus féadfaidh an chúirt nuair a bheidh fógra tabhartha don éilitheoir agus tar éis caoi do thabhairt do chun éisteacht d'fháil agus chun aon fhianaise do thabhairt uaidh, féadfa sí an t-éileamh gur cuireadh ina choinnibh do lomháil no d'eiteach no do luíodú, i dteannta no d'éamais costaisí, agus ní bheidh dul thar breith na cúirte chun críche ar bith ná do dhuine ar bith.
(5) Ceapfaidh an t-Aire Airgid scála d'éilithe mórbhacha chun crícheanna an ailt seo agus féadfa sé an scála d'atharú ar aon tslí agus aon uair is oiriúnach leis agus féadfa sé, leis, rialacháin do dhéanamh i dtaobh na huaire agus na cuma agus na fuirme ina dtabharfar cuntaisí dho chun na héilithe d'íoc.
Vótaíocht i dtoghacháin.
26.—(1) I gcás vótaíochta i dtoghachán tabharfar na vótanna do réir ballóide, agus 'sé a bheidh i mballóid gach vótálaí ná páipéar (dá ngairmtear páipéar ballóide san Acht so) a theasbáinfidh ainmneacha agus comharthaí na n-iarrthóirí no, i gcás Referendum, teideal an Bhille.
(2) Beidh có-dhuille ag gabháil le gach páipéar ballóide agus beidh uimhir cló-bhuailte ar agaidh an chó-dhuille sin agus an uimhir chéanna cló-bhuailte ar chúl an pháipéir bhallóide.
(3) Le linn vótála marcálfar an páipéar ballóide ar a dhá thaobh le marc oifigiúil agus tabharfar é don vótálaí istigh sa stáisiún vótaíochta agus marcálfar ar an gcó-dhuille an uimhir atá ag an vótálaí ar chlár na dtoghthóirí, agus tar éis don vótálaí a vóta do mharcáil go sicrédeach ar an bpáipéar agus an páipéar d'fhille i dtreo go mbeidh a vóta fé cheilt cuirfe sé é i mbosca íata i bhfianaise an oifigigh a bheidh i gceannas sa stáisiún vótaíochta (dá ngairmtear “An t-Oifigeach Ceannais” san Acht so) tar éis an marc oifigiúil ar chúl an pháipéir do theasbáint do.
(4) Raghaidh gan brí gan comhreamh i dtoghachán Dála no Seanaid aon pháipéar ballóide—
(a) ná beidh an marc oifigiúil air; no
(b) ná beidh an figiúir l in' aonar air ag teasbáint an chéad rogha á dhéanamh d'iarrthóir éigin; no
(c) ar a mbeidh an figiúir l in' aonar ag teasbáint an chéad rogha os coinne ainmneacha bhreis agus aon iarrthóir amháin; no
(d) ar a mbeidh an figiúir l in' aonar ag teasbáint an chéad rogha agus figiúir éigin eile os coinne ainm an aon iarrthóra; no
(e) ar a mbeidh éinní scríbhte no marcálta, ach amháin an uimhir roimh-ráite a bheidh ar a chúl, as a bhféadhfaí an vótálaí d'aithint.
(5) Raghaidh gan brí gan comhreamh i Referendum aon pháipéar ballóide—
(a) ná beidh an marc oifigiúil air; no
(b) ar a mbeidh vótanna tugtha i bhfabhar agus i gcoinnibh an Bhille; no
(c) ar a mbeidh éinní scríbhte no marcálta, ach amháin an uimhir roimh-ráite a bheidh ar a chúl, as a bhféadfí an votálaí d'aithint.
Comhreamh na vótanna.
27.—(1) Tar éis críochnú na vótaíochta séalófar na boscaí ballóide ar chuma ná leigfidh a thuille páipéirí ballóide do chur ionta, agus glacfaidh an ceann comhrimh fé n-a chúram iad, agus, i bhfianaise aon ghníomhairí (má bhíd ann) dá mbeidh i láthair de ghníomhairí na n-iarrthóirí, osclóidh an t-oifigeach san na boscaí ballóide agus déanfa sé amach tora na vótaíochta do réir forálacha an Achta so agus na Sceideal a ghabhann leis agus do réir na rialacha agus na rialachán a bheidh déanta fútha agus fógróidh sé láithreach gur toghadh na hiarrthóirí no an t-iarrthóir gur dineadh amach ar an gcuma roimh-ráite iad no é do bheith toghtha agus cuirfe sé ainmneacha na n-iarrthóirí sin no ainm an iarrthóra san ag triall ar Chléireach na Dála.
(2) Ní bheidh dul thar breith an chinn chomhrimh ar aon cheist a eireoidh le linn comhreamh na vótanna i dtaobh aon pháipéir bhallóide ach amháin trí chlaochló na breithe de bharr achuinge le n-a dtabharfar an toghachán no an tora fé cheist.
Sárú sicrédeachta.
28.—(1) Déanfaidh gach oifigeach, cléireach agus gníomhaire dá mbeidh i láthair i stáisiún vótaíochta rún do chimeád, agus cabhrú chun rún do chimeád, ar an vótáil sa stáisiún san, agus roimh chríochnú na vótaíochta, ní thabharfaid do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas i dtaobh na hainme ná na huimhreach atá ar chlár na dtoghthóirí ag aon toghthóir a dhin no nár dhin páipéar ballóide d'iarraidh no vóta do thabhairt sa stáisiún san, ná i dtaobh an mhairc oifigiúla, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná gníomhaire den tsórt san, ná aon duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon vótálaí le linn é do bheith ag marcáil a vóta, ná iarracht do thabhairt in aon tslí eile ar eolas do bhaint amach sa stáisiún vótaíochta i dtaobh ce'ca iarrthóir go bhfuil aon vótálaí ar tí no tar éis vótáil leis ná ní thabharfaid do dhuine ar bith aon uair aon eolas a gheobhaid siad i stáisiún vótaíochta i dtaobh ce'ca iarrthóir go bhfuil aon vótálaí sa stáisiún san ar tí no tar éis vótáil leis ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide a tugadh d'aon vótálaí sa stáisiún san.
(2) Déanfaidh gach oifigeach, cléireach agus gníomhaire dá mbeidh i láthair le linn comhreamh na vótanna rún do chimeád agus cabhrú chun rún do chimeád ar an vótáil, agus ní dhéanfaid iarracht sa chomhreamh san ar an uimhir a bheidh ar chúl aon pháipéir bhallóide d'fháil amach, ná ar aon eolas a gheobhaid siad sa chomhreamh san, i dtaobh ce'ca iarrthóir gur tugadh aon vóta dho ar aon pháipéar ballóide áirithe, do thabhairt uatha.
(3) Gach oifigeach, cléireach agus gníomhaire 'na mbeidh baint aca le páipéirí ballóide do chur amach chun post-vótáluithe agus le páipéirí ballóide d'fháil ó phost-vótáluithe, déanfaid rún do chimeád agus cabhrú chun rún do chimeád ar an vótáil a dhéanfaidh na vótáluithe sin, agus roimh chríochnú na vótaíochta ní thabharfaid do dhuine ar bith ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí aon eolas i dtaobh na hainme ná na huimhreach atá ar chlár na dtoghthóirí ag aon phostvótálaí 'nar dineadh aon pháipéar ballóide do chur chuige no d'fháil uaidh, ná i dtaobh an mhairc oifigiúla, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná gníomhaire den tsórt san, ná aon duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon phost-vótálaí d'fháil no do mharcáil no d'ath-chasa a pháipéir bhallóide, ná iarracht do thabhairt ar eolas do bhaint amach i dtaobh ce'ca iarrthóir le n-ar vótáil aon vótálaí den tsórt san, ná ni thabharfaid do dhuine ar bith aon uair aon eolas a gheobhaid siad le linn páipéirí do chur amach chun post-vótáluithe no d'fháil uatha, i dtaobh ce'ca iarrthóirí 'na mbeidh aon vótálaí den tsórt san tar éis vótáil leo, ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide a cuireadh chun aon vótálaí den tsórt san.
(4) Ní dhéanfaidh éinne go díreach ná go mí-dhíreach aon vótálaí do thabhairt chun a pháipéar ballóide do theasbáint, tar éis a mharcála dho, i dtreo is go nochtfaí d'éinne ainm an iarrthóra 'nar mharcáil sé a vóta leis no 'na choinnibh.
(5) Gach éinne a sháróidh forálacha an ailt seo beidh sé i mbaol príosúntachta le no gan daor-obair ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí, má fachtar ciontach ar an slí achmair é i láthair dhá ghiúistís síochána no i láthair aon mháistreora go mbeidh aige na comhachta no an t-údarás a bhíodh infheidhmithe ag dhá ghiúistís síochána.
Ceisteanna agus móideanna i dtoghacháin.
29.—(1) Le linn na vótaíochta ní cuirfear aon cheisteanna, ní déanfar aon fhiafraithe, ná ní ceadófar aon agóidí i dtaobh ceart vótála duine ar bith, ná ní dhéanfaidh aon cheann comhrimh ná a ionadaí aon agóid i gcoinnibh an chirt sin do luadh ná do ghlaca, ach féadfaidh an ceann comhrimh no a ionadaí gach ceann no aon cheann de sna ceisteanna so leanas do chur chun vótálaí le linn é do thairisgint a vóta ach ní dá éis, agus déanfa sé amhlaidh má éilítear san air thar ceann iarrthóra ar bith:—
(i.) An éinne amháin tusa agus an té sin go bhfuil an ainm A. B. air ar an gClár Toghthóirí atá i bhfeidhm anois i gcóir dáilcheanntair...................................................
(ii.) Ar vótálais cheana sa toghachán generálta so (no sa toghachán corra so, no sa toghachán Seanaid seo, no sa Referendum so, fé mar a bheidh) ?
Agus mara bhfreagrófar an chéad cheist le haontú agus an cheist no na ceisteanna eile, fé mar a bheidh, le séana, ní vótálfaidh an duine sin.
(2) Féadfaidh an ceann comhrimh no a ionadaí agus, má éilítear san air thar ceann aon iarrthóra, déanfa sé, le linn aon vótálaí do thairisgint a vóta ach ní dá éis, an vótálaí do chur fé mhóid no (i gcás éinne a chuirfidh i gcoinnibh móid do thabhairt toisc gan é do chreidiúint in aon chreideamh no toisc tabhairt mhóide do bheith buiniscionn le n-a chreideamh) fé dhearbhú sa bhfuirm seo leanas:—
” Bheirim-se Dia Uile-chomhachtach (no Dinimse, A. B., “a dheimhniú agus a dhearbhú go sollamanta, go macánta “agus go fírinneach, fé mar a bheidh) gurb éinne amháin “mise agus an té sin go bhfuil an ainm A. B. air ar an gClár “Toghthóirí atá i bhfeidhm anois i gcóir dáil-cheanntair “......................................................., agus nár vótálas “cheana sa toghachán generálta so (no sa toghachán corra “so, no sa toghachán Seanaid seo, no sa Referendum so, “fé mar a bheidh).”
(3) Ní bheidh sé dleathach a éileamh ar aon vótálaí in aon toghachán aon mhóid ná dearbhú do thabhairt i dtaobh a chirt vótála ná i dtaobh éinní eile in aon chor ach amháin mar a luaidhtear san alt so.
(4) Ní bheidh sé dleathach diúltú d'aon vóta a thairgeoidh éinne 'na mbeidh a ainm ar an gClár Toghthóirí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire ach amháin de dheascaibh a shamhluithe don cheann chomhrimh no dá ionadaí, ar chur ceisteanna den tsórt san roimh-ráite, no ar chur aon cheiste aca, nách éinne amháin an té a bheidh ag éileamh vótála mar sin agus an té 'na mbeidh a ainm ar chlár den tsórt san roimhráite, no gur vótáil an duine sin cheana sa toghachán generálta, no sa toghachán corra, no sa toghachán Seanaid no sa Referendum san (fé mar a bheidh), no de dheascaibh an duine sin do dhiúltú do sna ceisteanna roimh-ráite sin no aon cheann aca do fhreagairt, no don mhóid sin roimh-ráite do thabhairt, no don dearbhú san roimh-ráite do dhéanamh; agus ní leigfear aon scrúdú do dhéanamh 'na dhiaidh sin ag aon cheann comhrimh ná 'na láthair i dtaobh aon vóta a tugadh no a tairgeadh in aon toghachán den tsórt san.
Scoileanna agus seomraí puiblí d'úsáid.
30.—(1) Féadfaidh an ceann comhrimh in aon toghachán, chun an vótaíocht do thógaint sa toghachán san, úsáid do dhéanamh, gan éinní d'íoc as, de sheomra ar bith i scoil a gheibheann deontas as airgead a sholáthruíonn an t-Oireachtas, agus de sheomra ar bith 'na bhfuil costas a chimeádta suas iníoctha as aon ráta áitiúil, agus féadfa sé íocaíocht do dhéanamh ar aon chostaisí fé n-a raghaidh an duine no an cólucht daoine, corpálta no nea-chorpálta, 'na mbeidh an céanna fé n-a smacht, de bhárr é d'úsáid chun an vótaíocht do thógaint mar adubhradh.
(2) Pé áit ná beidh seomra ar fáil den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, féadfaidh an ceann comhrimh foirgneamh no seomra do ghlaca ar cíos chun an vótaíocht do thógaint ann.
(3) Chun cóthalán puiblí do chomóra ar mhaithe len' iarrthóireacht féin beidh sé de theideal ag iarrthóir i dtoghachán ar bith úsáid a dhéanamh, i dtrátha réasúnta idir rit i gcóir an toghacháin d'fháil agus lá na vótaíochta, de sheomra oiriúnach in aon bhun-scoil phuiblí a bheidh laistigh den dáil-cheanntar darb iarrthóir é:
Ach aon tseomra a bheidh á úsáid mar chuid de thigh comhnuithe príobháideach ní údaróidh an fo-alt so é d'úsáid ná ní údaróidh sé aon chur isteach ar scoil-trátha bhun-scoile lae ná tráthnóna:
Agus fós féadfar éileamh do dhéanamh ar méid pé costaisí riachtanacha fé n-a raghaidh an t-údarás oideachais áitiúil no bainisteoirí na scoile, chun an seomra d'ullamhú roimh an gcóthalán chun crícheanna an chóthaláin, agus tar éis an chóthaláin chun crícheanna scoile, agus chun téitheacháin agus soluis agus chun glana an tseomra.
(4) Má dintear de bhárr aon tseomra d'úsáid fé fho-alt a 1 no a 3 den alt so, aon damáiste don tseomra san, no don bhfoirgneamh gur cuid de é, no don troscán, don fheistiú no don fhearas a bheidh istigh sa tseomra no sa bhfoirgneamh san no gur den chéanna iad, íocfaidh an ceann comhrimh as an damáiste sin, no pé duine do dhin, no gur dineadh thar a cheann, an cóthalán do chomóra, fé mar a bheidh.
(5) Má úsáidtear aon tseomra i dtigh gan comhnaí chun vótaíocht do thógaint, ní chuirfidh san éinne i mbaol rátaí do ghearra air ná i mbaol ráta d'íoc mar gheall ar an dtigh sin.
(6) Éinne a bheidh i bhfeighil scoile a bheidh i gceangal no in aice le teampal no le conbhint no le haon teaghlachas eile creidimh, no ina cuid d'aon cheann aca, féadfa sé, laistigh de cheithre huaire fichead tar éis fógra d'fháil ón gceann comhrimh no ó iarrthóir go bhfuil sé ar intinn an scoil sin no aon chuid di d'úsáid chun crícheanna an ailt seo, féadfa sé cur i gcoinnibh na húsáide sin trí ráiteas ar an gcur-i-gcoinnibh sin do chur chun an chinn chomhrimh. Ar iarratas an chinn chomhrimh, féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, más dó leis gur ceart é, rialú in aghaidh aon chur-i-gcoinnibh a déanfar fén bhfo-alt so, ach mara ndéanfar agus go dtí go ndéanfar san ní fhéadfaidh an ceann comhrimh ná aon iarrthóir aon chuid den scoil a luadhfar sa chur-i-gcoinnibh sin d'úsáid.
Dualgas generálta an chinn chomhrimh.
31.—Sa mhéid nách dochar san d'fhorálacha an Achta so, soláthróidh gach ceann comhrimh pé páipéirí ainmniúcháin, stáisiúin vótaíochta, boscaí ballóide, páipéirí ballóide, innil stampála, cóipeanna de chlár na dtoghthóirí, agus nithe eile, agus ceapfaidh agus íocfaidh pé oifigigh agus déanfaidh pé gníomhartha agus nithe eile a bheidh riachtanach chun an toghachán do threora go héifeachtúil ar an gcuma a foráltar leis an Acht so
Ordathacht do chimeád i stáisiúin vótaíochta.
32.—Má mhí-iompruíonn aon duine é féin sa stáisiún vótaíochta no má theipeann air orduithe dleathacha an oifigigh cheannais do chó-líona, le hordú ón oifigeach ceannais féadfaidh aon chonstábla póilíneachta a bheidh istigh sa stáisiún vótaíochta, no in aice leis, no éinne eile 'na mbeidh údarás i scríbhinn aige chuige ón gceann comhrimh, an duine sin do chur láithreach amach as an stáisiún san; agus ní leigfar don duine a cuirfear amach ar an gcuma san teacht isteach sa stáisiún vótaíochta arís i rith an lae gan a chead san aige ón oifigeach ceannais.
Aon duine a cuirfear amach ar an gcuma roimh-ráite, má cúisítear é in aon chionta do dhéanamh i stáisiún den tsórt san, féadfar é do choinneáil i gcoimeád go dtí go bhféadfar é do thabhairt i láthair giúistís síochána no i láthair máistreora go mbeidh aige na comhachta no an t-údarás a bhíodh ag giúistís síochána.
Imeachta i gcás rirá.
33.—(1) Má cuirtear agus nuair a cuirfear cur isteach no bac ar aon ainmniúchán iarrthóirí no aon vótaíocht le rírá no le héigean oscailte déanfaidh an ceann comhrimh no aon leascheann comhrimh an t-ainmniúchán no an vótaíocht, fé mar a ráineoidh, do chur ar ath-ló go dtí lárnamháireach agus, más gá é, an t-ainmniúchán san no an vótaíocht san do chur ar athló arís go dtí go mbeidh deire leis an gcur isteach no leis an mbac san agus nuair a bheidh raghaidh an ceann comhrimh no a ionadaí ar aghaidh leis an ainmniúchán san no leis an vótaíocht san pe'ca dhíobh é.
(2) Aon uair a cuirfear aon ainmniúchán ar ath-ló fén alt so tuigfear gurb é an lá ar a gcríochnófar an t-ainmniúchán san tar éis an ath-ló san an lá a ceapadh le dlí i gcóir an ainmniúcháin sin, agus socrófar dá réir an lá chun an vótaíocht do thógaint.
(3) I gcás aon chur isteach no bac den tsórt san roimh-ráite ar vótaíocht, ní déanfar fén alt so ach an vótaíocht sna háiteanna vótaíochta san le n-a mbainfidh an cur isteach no an bac san do chur ar ath-ló agus leanfar den vótaíocht i ngach áit vótaíochta eile gan aon chur ar ath-ló.
(4) Aon uair a dhéanfaidh aon leas-cheann comhrimh vótaíocht do chur ar ath-ló fén alt so, déanfaidh an leas-cheann comhrimh sin láithreach an cur-ar-ath-ló san d'fhógairt don cheann comhrimh, agus aon uair a déanfar vótaíocht do chur ar ath-ló fén alt so ní dhéanfaidh an ceann comhrimh an fhaisnéis deiridh ar thora an toghacháin go dtí go mbeidh an vótaíocht san do cuireadh ar ath-ló críochnuithe agus na vótanna do caitheadh ann comhrithe.
(5) I ngach cás ina dtárlódh an t-ath-ló a ceapfí fén alt so bheith ina Dhomhnach, in' Aoine Chéasta, ina Lá Nodlag, no ina Bhanc-shaoire no ina lá a bheidh fógartha ina shaoire phuiblí le reacht no le furógra, geofar thar an lá no na laethanta san, agus sé an lá ina dhiaidh sin a bheidh in' ath-ló.
(6) Bainfidh an t-alt so le cur isteach no bac ar bith a thiocfaidh as daoine do chose, le rírá no le héigean oscailte, ar dhul go háit ghlaca na n-ainmniúchán no go háit vótaíochta ar bith, fé mar a ráineoidh, chó maith le cur isteach no bac ar bith a déanfar ar aon tslí eile le rírá no le héigean oscailte.
Boscaí no Páipéirí Ballóide do lot, etc.
34.—(1) Má dintear in aon toghachán aon bhosca no boscaí ballóide no aon pháipéar no páipéirí ballóide do thógaint as cimeád an chinn chomhrimh no as cimeád aon leas-chinn chomhrimh no má dintear baint leo in aon tslí, no iad do lot de thionóisc no d'aon ghnó, no (i gcás páipéir no páipéirí ballóide) iad do straca no d'agha-lot go mailíseach, beidh an toghachán le n-a mbainfidh an bosca no na boscaí ballóide sin, no an páipéar no na páipéirí ballóide sin, beidh sé gan brí, chó fada agus théidheann an vótaíocht san áit no sna háiteanna vótaíochta in ar húsáideadh an bosca no na boscaí ballóide sin, no an páipéar no na páipéirí ballóide sin, ach ní bheidh sé gan brí ach chó fada san amháin agus ar an slí sin amháin.
(2) Aon uair a raghaidh an vótaíocht gan brí fén bhfo-alt san roimhe seo in aon áit no áiteanna vótaíochta ceapfaidh an ceann comhrimh, mar is luatha is féidir é, tar éis eolas do theacht chuige ar an ngníomh no ar an eachtra fé ndear an dul gan brí sin, ceapfa sé lá (nách déanaí ná seacht lá tar éis lá na vótaíochta bunaidh) chun vótaíocht nua do thógaint san áit vótaíochta san no i ngach áit vótaíochta den tsórt san agus ní chomhreoidh sé na vótanna do caitheadh sa toghachán san go dtí go mbeidh an vótaíocht nua san críochnuithe.
(3) I ngach cás den tsórt san roimh-ráite tógfaidh an ceann comhrimh vótaíocht nua san áit vótaíochta san no i ngach áit vótaíochta den tsórt san roimh-ráite an lá a cheapfa sé chuige sin, agus bainfidh forálacha uile an Achta so le gach vótaíocht nua den tsórt san fé mar a bhainfid leis an vótaíocht bhunaidh.
Ceapa agus comhachta na n-oifigeach ceannais agus na gcléireach.
35.—Ceapfaidh an ceann comhrimh oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta, agus chun an vótaíocht do chur ar ath-ló, agus chun críche gach achtacháin eile a bhaineann leis an vótaíocht, beidh ag oifigeach ceannais na comhachta is le leas-cheann comhrimh fén Acht so; agus aon oifigeach ceannais agus aon chléireach a cheapfaidh an ceann comhrimh chun bheith i láthair i stáisiún vótaíochta beidh aca comhacht churtha na gceisteanna agus na móideanna a húdaruítear leis an Acht so a chur chun vótáluithe no ortha, agus aon fháisnéis a húdaruítear leis an Acht so a thabhairt i láthair an chinn chomhrimh no i láthair aon ghiúistís, féadfaid í do ghlaca.
Ní ghníomhóid oifigigh mar ghníomhairí d'iarrthóirí.
36.—Ní ghníomhóidh aon cheann comhrimh dá mbeidh in aon toghachán, ná a ionadaí, ná aon pháirtí ná cléireach d'éinne aca, ní ghníomhóidh sé mar ghníomhaire d'aon iarrthóir sa toghachán san chun a thoghachán do bhainistí ná do stiúrú; agus má ghníomhuíonn aon cheann comhrimh no a ionadaí, no páirtí no cléireach éinne aca, ar an gcuma san, beidh sé ciontach i mí-iompar.
Conclúideacht an chláir vótáluithe.
37.—In aon toghachán dá mbeidh in aon dáilcheanntar, ní bheidh aon duine i dteideal vótála mara mbeidh a ainm ar an gclár de thoghthóirí a bheidh i bhfeidhim de thurus na huaire i gcóir an dáilcheanntair sin, agus gach duine go mbeidh a ainm ar an gclár san beidh teideal aige chun páipéar ballóide d'éileamh agus d'fháil agus chun vótála: Ach ní dhéanfaidh éinní san alt so teideal vótála do thabhairt d'aon duine 'na mbeidh vótáil coiscithe air le haon reacht ná eisean do shaora ar aon phionóisí is baol do de bhárr vótála.
Cosc ar nochta vóta.
38.—In aon imeachta dlí a bheidh ann chun toghachán no a thora do thabhairt fé cheist ní éileofar ar éinne dar vótáil sa toghachán san a rá cé leis gur vótáil sé.
Nea-chimeád rialacha.
39.—Ní fógrófar aon toghachán do bheith gan brí toisc neachimeád ar na rialacha atá in aon Sceideal dá ngabhann leis an Acht so ná toisc aon dearmhaid in úsáid na bhfuirmeacha atá in aon Sceideal dá ngabhann leis an Acht so, má samhluítear don bhinnse 'na mbeidh an cheist fé n-a bhráid gur treoradh an toghachán do réir na bprínsiobal atá leagtha amach i gcorp an Achta so, agus nár chuir an nea-chimeád no an dearmhad san isteach ná amach ar thora an toghacháin.
Boscaí Ballóide, etc., an Rialtais Áitiúla d'úsáid.
40.—I gcás aon dáilcheanntair atá có-dhéanta d'iomláine aon líomatáiste toghacháin um Rialtas Áitiúil no d'aon chuid de, féadfar aon bhoscaí ballóide, feistiúcháin do stáisiún vótaíochta agus cúilíní a soláthruíodh i gcóir toghachán um Rialtas Áitiúil sa líomatáiste toghacháin sin, féadfar iad d'úsáid i gcóir aon toghacháin sa dáilcheanntar san; agus beidh sé de dhualgas ar an gceann comhrimh in aon toghachán i ndáilcheanntar den tsórt san úsáid do dhéanamh, chó fada le n-a chumas, de sna boscaí ballóide, de sna feistiúcháin agus de sna cúilíní roimh-ráite, agus nuair a bheidh an chúirt ag meádh a chuntaisí tabharfa sí aire d'fhorálacha an ailt seo, agus mar chuid de chostaisí an toghacháin sin íocfar as aon damáiste, nách caitheamh is straca réasúnta, a bheidh déanta ar aon bhoscaí ballóide, feistiúcháin agus cúilíní den tsórt san ag aon úsáidire den tsórt san in aon toghachán den tsórt san.
Ait agus am na vótaíochta.
41.—(1) Comórfar gach Toghachán Genearálta fé leith an t-aon lá amháin agus an lá san amháin ar fuaid Shaorstáit Éireann, agus ní bheidh an lá san níos déanaí ná deich lá fichead tar éis scur an Oireachtais, agus fógrófar ina shaoire phuiblí é.
(2) Isé an ceann comhrimh a cheapfaidh an áit thoghacháin i gcóir gach dáilcheanntair, agus isé a bheidh inti ná:—
(a) i ndáilcheanntar buirge, áit éigin laistigh den bhuirg; agus
(b) i ndáilcheanntar contae, áit éigin laistigh den dáilcheanntar no laistigh de chontae-bhuirg i gceangal leis an dáilcheanntar; agus
(c) i ndáilcheanntar Príomh-scoile, foirgneamh éigin Príomhscoile.
3) Má bhíonn aon vótaíocht i dtoghachán genearálta tosnóidh sí ar a naoi a chlog ar maidin, agus cimeádfar í ar oscailt go dtí a seacht a chlog um thráthnóna ach ní thairis sin.
(4) Má bhíonn aon vótaíocht i dtoghachán corra, tosnóidh sí ar a hocht a chlog ar maidin, agus cimeádfar í ar oscailt go dtí a hocht a chlog um thráthnóna ach ní thairis sin.
An dáilcheanntar do roinnt ina cheanntair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta do cheapa.
42.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle a íocfaidh costaisí clárathachta an oifigigh chlárathachta an chontae riaracháin no an chontae-bhuirg, pe'ca aca é, do roinnt ina ceanntair vótaíochta, agus áiteanna vótaíochta do cheapa i gcóir na gceanntar vótaíochta ar chuma a thabharfaidh do gach toghthóir sa chontae no sa bhuirg pé cothrom réasúnta chun vótála is féidir a thabhairt sa chás.
(2) Is do réir rialacha a dhéanfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil ó am go ham a feidhmeofar na comhachta a bheidh ag comhairle fén bhfo-alt san roimhe seo, agus is fé dhaingniú ón Aire roimh-ráite a dhéanfaidh comhairle feidhmiú ar bith ar na comhachta roimh-ráite, agus féadfaidh seisean an roinnt, an ceapa no an t-atharú a bheidh le déanamh do dhaingniú maille le hatharú air no gan atharú air, no féadfa sé an daingniú do chimeád siar.
(3) Tar éis a dhaingnithe ag an Aire um Rialtas Áitiúil, maille le hatharú air no gan atharú air, déanfar feidhmiú ar bith dá ndéanfaidh comhairle ar bith ar na comhachta roimh-ráite d'fhógairt tré fhoillsiú fógra ina dteasbánfar teoranta gach ceanntair vótaíochta agus suíomh gach áite vótaíochta a bheidh bunuithe de bharr an feidhmiú san do dhéanamh ar na comhachta roimh-ráite.
(4) Láithreach tar éis rithte an Achta so déanfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil rialacha i gcóir an fheidhmiúcháin a dhéanfaidh na comhairlí roimh-ráite ar na comhachta roinnteacháin agus ceapacháin roimh-ráite agus laistigh de shé seachtaine tar éis déanamh na rialacha san déanfaidh gach comhairle, 'na mbeidh na comhachta san aici, na comhachta roimh-ráite d'fheidhmiú tríd an chontae riaracháin no an chontae-bhuirg, pe'ca dhíobh é, do roinnt ina ceanntair vótaíochta den tsort san roimhráite agus tríd na háiteanna vótaíochta san roimh-ráite do cheapa, agus má theipeann ar aon chomhairle aon roinnt agus ceapa den tsórt san roimh-ráite do dhéanamh laistigh den sé seachtaine sin, no má dhineann aon chomhairle den tsórt san laistigh den sé seachtaine sin, aon roinnt no ceapa den tsórt san, agus, laistigh de dhá seachtain tar éis déanamh an ní sin, más rud é ná déanfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil daingniú air, maille le hatharú air no gan atharú air, féadfaidh an t-Aire roimh-ráite féin an chontae riaracháin no an chontae-bhuirg sin do roinnt ina ceanntair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta do cheapa dhi fé mar is oiriúnach leis.
(5) Má dhineann comhairle aon bhaile-cheanntair no tuathcheanntair a luíonn go hiomlán no go leathrannach in aon chontae riaracháin, no deich dtoghthóirí fichead ar a luíod in aon chontae riaracháin no contae-bhuirg, a innsint don Aire um Rialtas Áitiúil ná fuil na ceanntair vótaíochta no na háiteanna vótaíochta oiriúnach do riachtanaisí réasúnta na dtoghthóirí no aon dreama de sna toghthóirí sa chontae no sa chontaebhuirg sin, déanfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil an scéal do bhreithniú, agus, aon atharuithe is dó leis is riachtanach sa chás féadfa sé, más oiriúnach leis é, a ndéanamh san d'ordú don chomhairle 'na bhfuil sé de dhualgas uirri an chontae no an bhuirg sin do roinnt ina ceanntair vótaíochta, agus má theipeann ar an gcomhairle na hatharuithe sin do dhéanamh laistigh de mhí tar éis an t-ordú do thabhairt dóibh féadfa sé féin na hatharuithe do dhéanamh, agus beidh éifeacht in aon atharuithe a déanfar amhlaidh chó maith is dá mb'í an chomhairle a dhéanfadh iad.
(6) Féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil féachaint chuige go gcomórfar fiosrúchán áitiúil i dtaobh aon cheist a eireoidh i gcúrsaí forálacha an ailt seo, agus an dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dtaobh comóra fiosrúchán ag an Aire sin bainfe sé le fiosrúchán fén bhfo-alt so.
(7) Ní tabharfar toghachán fé cheist toisc aon nea-chó-líona ar fhorálacha an ailt seo ná toisc aon neamh-fhuirmeáltacht i dtaobh ceanntracha vótaíochta no áiteanna vótaíochta.
CUID IV.
Toghacháin chun Seanad Éireann.
Treora Seanad toghachán.
43.—(1) Na dáilcheanntair ina mbeidh Saorstát Éireann roinnte de thurus na huaire i gcóir toghacháin ghenearálta (agus na dáilcheanntair Phríomh-scoile d'áireamh ortha) siniad na dáilcheanntair ina dtuigfear Saorstát Éireann do bheith roinnte i gcóir Seanad-toghacháin.
(2) Sa dáilcheanntar go mbeadh teideal aige chun vótáil ann i dtoghachán generálta iseadh a bhreacfaidh gach toghthóir a vóta i Seanad-toghachán.
(3) Gan dochar do sna forálacha soiléire atá sa Chuid seo den Acht so agus sna Rialacha atá i gCuid I. den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, treorófar gach Seanad-toghachán i ngach dáilcheanntar ag na daoine céanna a dhéanfadh agus ar an gcuma gcéanna ina ndéanfaí vótaíocht do threora fén Acht so i dtoghachán genearálta, agus dá réir sin, i dteannta na Rialacha agus na bhfuirmeacha atá sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, bainfidh Cuid III. den Acht so, sa mhéid go mbaineann an céanna le tógaint vótaíochta i dtoghachán genearálta agus ná fuil sé buniscionn leis na forálacha soiléire roimhráite, bainfe sí le treora Seanad-toghachán agus rialóidh sí é.
Ceann Comhrimh Seanaid.
44.—(1) Chun críche Seanad-toghacháin beidh Ceann Comhrimh Seanaid ann a cheapfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil i gcóir gach Seanad-toghacháin mí ar a luíod roimh dháta an toghacháin.
(2) Beidh sé de dhualgas ar an gCeann Comhrimh Seanaid na vótanna do chomhreamh sa toghachán Seanaid (ach amháin chó fada agus orduítear leis na rialacha atá sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so an Ceann Comhrimh i ngach dáilcheanntar do dhéanamh an chéanna) agus tora an toghacháin d'fháil amach agus d'fhógairt, agus an tora san do thuairisgiú do Chléireach an tSeanaid agus gach ní agus gach rud eile do dhéanamh a horduítear sna rialacha roimh-ráite don Cheann Comhrimh Seanaid a dhéanamh.
Íocfar costaisí an Chinn Chomhrimh Sheanaid.
45.—(1) Beidh teideal ag an gCeann Comhrimh Seanaid in aon toghachán Seanaid chun a chuid éilithe réasúnta sa mhéid ná raghaid thar na suimeanna a bheidh áirithe sa scála d'éilithe mórbhacha a cúmfar fén alt so mar gheall ar sheirbhísí agus costaisí de sna saghasanna a bheidh luaidhte sa scála san agus a dhin sé no gur chuaidh sé fútha go cóir chun crícheanna an toghacháin no 'na thaobh.
(2) Íocfar méid aon éilithe den tsórt san ag an Aire agus as an gciste agus ar an gcuma go bhfuil costaisí ceanna comhrimh i nDáilcheanntair iníoctha fén Acht so, agus gach foráil atá san Acht so i dtaobh costaisí ceanna comhrimh d'íoc bainfe sí le héilithe agus costaisí an Chinn Chomhrimh Sheanaid.
Laethanta na dToghachán Seanaid.
46.—(1) Comórfar gach toghachán Seanaid fé leith an t-aon lá amháin agus an lá san amháin ar fuaid Shaorstáit Éireann.
(2) Déanfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, laistigh d'aon tseachtain amháin tar éis an t-ainmliost d'iarrthóirí i gcóir toghacháin tSeanaid do bheith curtha le chéile do réir Airtiogal 33 de Bhunreacht Shaorstáit Éireann, lá do cheapa le furógra i gcóir an toghacháin tSeanaid sin, agus ní bheidh an lá a ceapfar amhlaidh níos luatha ná seacht lá tar éis lá an fhurógra san ná níos déanaí ná aon mhí amháin tar éis an t-ainmliost do bheith curtha le chéile.
CUID V.
Referendum.
Na daoine a bheidh i dteideal vótála.
47.—Gach duine 'na mbeidh a ainm ar an gclár de thoghthóirí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire mar dhuine i dteideal vótála i dtoghachán Dála beidh teideal aige chun vótáil i Refer endum, ach ní bheidh teideal ag éinne chun vótáil fé dhó san aon Referendum amháin.
Treora Referendum
48.—(1) Na dáilcheanntair ina mbeidh Saorstát Éireann roinnte de thurus na huaire i gcóir Dáil-toghachán (agus na dáilcheanntair Phríomh-scoile d'áireamh ortha) siniad na dáilcheanntair ina dtuigfear Saorstát Éireann do bheith roinnte chun Referendum do thógaint agus an dáilcheanntar go mbeadh teideal aige chun vótáil ann i dtoghachán Dála is ann a bhreacfaidh gach toghthóir a vóta i Referendum.
(2) Gan dochar do sna forálacha soiléire atá sa Chuid seo den Acht so agus sna Rialacha atá i gCuid I. den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, treorófar gach Referendum i ngach dáilcheanntar ag na daoine céanna a dhéanfadh agus ar an gcuma gcéanna ina ndéanfaí vótaíocht do threora fén Acht so i dtoghachán Dála, agus dá réir sin, i dteannta na Rialacha agus na bhfuirmeacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, bainfidh Cuid III. den Acht so le Referendum, sa mhéid go mbaineann sí le tógaint vótaíochta i dtoghachán Dála den tsórt san roimh-ráite agus ná fuil sí buniscionn leis na forálacha soiléire roimh-ráite.
(3) Nuair a bheidh tortha na vótála sna dáilcheanntair go léir fachta ag Cléireach na Dála ó sna cinn chomhrimh uile déanfa sé na tortha san do tháibhliú, agus tora na vótála ar an Referendum san do bhaint asta, agus an tora san do chur in úil don Oireachtas ar an gcuma san a órdóidh an Dáil ó am go ham, agus an céanna d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.
An lá chun Referendum do thógaint.
49.—(1) Déanfar gach Referendum fé leith do thógaint an t-aon lá amháin agus an lá san amháin ar fuaid Shaorstáit Éireann
(2) Déanfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, laistigh de shé seachtaine tar éis Referendum d'iarraidh fé Airtiogal 47 de Bhunreacht Shaorstáit Éireann, lá do cheapa le furógra i gcóir tógaint an Referendum san agus ní bheidh an lá a ceapfar amhlaidh níos luatha ná seacht lá ná níos déanaí ná lá is fiche tar éis dáta an fhurógra san: Ach féadfaidh an t-Aire, le toil dhá Thigh an Oireachtais, dáta an Referendum san do chur ar ath-ló go ceann tréimhse ná raghaidh thar naoi mí.
(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear Referendum do bheith iarrtha an lá a rithfidh an Seanad rún iarrtha an chéanna no an lá a tíolacfar don Oireachtas achuinge iarrtha an Referendum, pe'ca dhíobh san é.
CUID VI.
Dáilcheanntair Dhála.
Dáilcheanntair Dhála.
50.—(1) Beidh an Dáil có-dhéanta de 153 baill a thoghfaid na dáilcheanntair a hainmnítear sa chéad cholún san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(2) Beidh gach dáilcheanntar dá n-ainmnítear sa dara colún sa Chéad Chuid den Ochtú Sceideal san ina dháilcheanntar buirge, agus beidh ina dháilcheanntar contae gach ceann de sna contaethe no de sna grúpaí no na coda de chontaethe no de chontaethe agus buirgí dá n-ainmnítear sa dara colún sa Dara Cuid den Ochtú Sceideal san, agus beidh ina dháilcheanntar Príomh-scoile gach Príomh-scoil dá n-ainmnítear sa chéad cholún sa Triú Cuid den Ochtú Sceideal san.
(3) Toghfaidh gach dáilcheanntar dá n-ainmnítear sa chéad cholún san Ochtú Sceideal san an méid ball a ráitear sa triú colún, no i gcás Chuid III., sa dara colún san Ochtú Sceideal san os coinne ainm an dáilcheanntair.
Mí-cháilíocht a choiscfidh ar dhuine bheith ina bhall den Dáil.
51.—(1) Gach saoránach de Shaorstát Éireann idir fireann agus buineann atá lán-aos agus ná fuil fé aon mhí-cháilíocht dá luaidhtear san alt so, féadfar é do thogha agus (má thugann sé an mhóid a horduítear le Bunreacht Shaorstáit Éireann) féadfa sé suidhe mar bhall den Dáil.
(2) Gach duine de sna daoine seo leanas, beidh sé gan teideal chun a thoghtha no chun suidhe mar bhall den Dáil toisc mícháilíocht, sé sin le rá:—
(a) aon duine a bheidh ag fulang príosúntachta agus daoroibre ar feadh aon tréimhse is sia ná sé mhí no ag fulang pian-tseirbhíse ar feadh aon téarma, de bhárr breith chúirte ceart-údaráis i Saorstát Éireann;
(b) aon amadán agus aon duine nách slán meabhair;
(c) aon duine gnó-bhriste a bheidh fé bhreith chúirte ceartúdaráis i Saorstát Éireann;
(d) aon duine go mbeidh an dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann i dtaobh cleachtanna cuirpe agus ciontaí eile i dtoghacháin tar éis a chur as a chumas bheith ina bhall den Dáil toisc cúirt cheart-údaráis i Saorstát Éireann dá fháil ciontach i gcleachta no i gcionta éigin den tsórt san:
Ach an mhí-cháilíocht a dintear leis an bhfo-alt so i dtaobh breithe príosúntachta no piantseirbhíse, ní bheidh feidhm aici, i gcás duine a bheidh 'na bhall den Dáil ar dháta na mí-cháilíochta san, go ceann deich lá fichead ó dháta na breithe, no i gcás athchomhaire, ó dháta an órduithe le n-a ndaingneofar an bhreith sin.
(3) Ní féadfar duine do thogha, ná ní fhéadfaidh duine suidhe mar bhall de Dháil Éireann
(a) más ball ar lán-tuarastal d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann é;
(b) más ball ar lán-tuarastal d'aon fhórsa póilíneachta i Saorstát Éireann é;
(c) más duine i Seirbhís Shíbhialta Shaorstáit Éireann go sealadach no go seasmhach é mara dtugann téarmaí a fhostuíochta cead speisialta dho chun bheith ina bhall de Dháil Éireann.
(4) Aon duine a bheidh toghtha go cuibhe ina bhall den Dáil, má thagann sé, le linn é do bheith ina bhall mar sin, fé aon mhícháilíocht dá luaidhtear san alt so ní ball den Dáil feasta é.
(5) Ní thiocfaidh an t-Alt so i bhfeidhm go dtí láithreach tar éis scur na Dála so.
Chun éirghe as an Dáil.
52.—Féadfaidh aon bhall den Dáil éirghe aisti dá dheoin féin le fógra i scríbhinn do Cheann Comhairle na Dála, agus beidh an t-éirghe-as san i bhfeidhm láithreach tar éis don Cheann Chomhairle an céanna do chraola don Dáil.
Líona folúntais sa Dáil.
53.—I gcás aon bhall den Dáil d'fháil bháis no d'éirghe as no do theacht fé mhí-cháilíocht déanfaidh toghthóirí an dáilcheanntair, gur bhall do an ball marbh no éirithe as no mícháilithe sin, an folúntas a bheidh déanta sa Dáil dá dheascaibh sin do líona tré bhall do thogha in ionad an bhaill mhairbh no éirithe as no mhí-cháilithe.
Cur amach riteacha.
54.—(1) Má scuirtear agus nuair a scuirfear an t-Oireachtas cuirfidh Cléireach na Dála, an túisce go gcuirfear amach Furógra gairmthe Oireachtais nua, cuirfe sé a rit amach go dtí an ceann comhrimh i ngach dáilcheanntar a hainmnítear san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so á ordú don cheann comhrimh sin féachaint chuige go gcomórfar toghachán de lán-uimhir na mball nDála chun seirbhís do thabhairt uatha san Oireachtas nua san don dáilcheanntar dar ceann comhrimh é.
(2) Má thagann agus nuair a thiocfaidh folúntas i mballraíocht na Dála tré éaga, eirghe as no teacht fé mhí-cháilíocht do bhall, órdóidh Ceann Comhairle na Dála, chó luath agus órdóidh an Dáil do é, órdóidh sé do Chléireach na Dála a rit a chur amach chun ball do thogha chun an folúntas san do líona agus ar fháil an orduithe sin do cuirfidh Cléireach na Dála a rit amach go dtí ceann comhrimh an dáilcheanntair 'na mbeidh an folúntas san ina ionaduíocht á órdú don cheann comhrimh sin féachaint chuige go gcomórfar toghachán baill Dála chun seirbhís do thabhairt uaidh in ionad an bhaill mhairbh no éirithe as no mhí-cháilithe.
(3) Má ráiníonn uair ar bith go mbeidh breis agus aon fho lúntas amháin in ionaduíocht aon dáilcheanntair sa Dáil agus go n-órdófar do Chléireach na Dála san aon am amháin a riteacha do chur amach chun baill do thogha chun gach ceann no breis agus ceann de sna folúntaisí sin do líona ní chuirfidh Cléireach na Dála ach aon rit amháin amach go dtí ceann comhrimh an dáilcheanntair sin agus leis an rit sin órdóidh sé dho aon toghachán amháin do chomóra chun a mbeidh luaidhte sa rit sin d'fholúntaisí in ionaduíocht an dáilcheanntair sin do líona agus dá réir sin comórfaidh an ceann comhrimh aon toghachán amháin chun baill Dála do thogha chun a mbeidh d'fholúntaisí luaidhte sa rit sin do líona.
(4) Gach rit a chuirfidh Cléireach na Dála amach fén alt so beidh sé i bhfuirm éigin de sna fuirmeacha atá i gCuid III. den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
Daoine a bheidh toghtha i gcóir dhá dháilcheanntar no breis.
55.—(1) I dtoghachán generálta má toghtar duine mar bhall den Dáil i gcóir dhá dháilcheanntar no breis, déanfaidh an duine sin, tré scríbhinn fé n-a láimh a tabharfar do Chléireach na Dála sara suidhfe sé i gcóir aon cheann de sna dáilcheanntair sin, déanfa sé a fhaisnéis ce'ca de sna dáilcheanntair sin is rogha leis a ionadú sa Dáil, agus mara dtabharfa sé do Chléireach na Dála mar sin, an fhaisnéis sin i scríbhinn laistigh de mhí tar éis an chéad lá a shuidhfidh an Dáil tar eis an toghacháin ghenerálta san tuigfear gurb é an dáilcheanntar ina bhfuair sé an uimhir is mó de chéad-roghanna is rogha leis a ionadú.
(2) Chó luath is a dhéanfaidh duine a toghfar mar sin i gcóir dhá dháilcheanntar no breis rogha, no a thuigfear fén bhfo-alt roimhe seo rogha do bheith déanta aige, ar ce'ca de sna dáilcheanntair sin a ionadóidh sé tuigfear a shuidhchán no a shuidhcháin do bheith tugtha suas aige i ngach ceann de sna dáilcheanntair eile 'na mbeidh sé toghtha mar sin 'na gcóir.
Iarrthóir i dtoghacháin chorra.
56.—Ní bheidh aon bhall den Dáil, faid a bheidh a shuidhchán aige, iontoghtha chun bheith 'na iarrthóir i dtoghachán corra chun na Dála.
CUID VII.
Ballraíocht Sheanaid Éireann.
Mí-cháilíocht a choiscfidh ar dhuine bheith ina bhall den tSeanad.
57.—(1) Gach saoránach de Shaorstát Éireann idir fireann agus buineann atá 35 bliana d'aois no os a chionn san agus ná fuil fé aon mhí-cháilíocht dá luaidhtear san alt so féadfar é do thogha agus (má thugann sé an mhóid a hórduítear le Bunreacht Shaorstáit Éireann) féadfa sé suidhe mar bhall den tSeanad.
(2) Gach duine de sna daoine seo leanas, beidh sé gan teideal chun a thoghta no chun suidhe mar bhall den tSeanad toisc mí-cháilíocht, sé sin le rá:—
(a) aon duine a bheidh ag fulang príosúntachta agus daoroibre ar feadh aon tréimhse is sia ná sé mhí no ag fulang pian-tseirbhíse ar feadh aon téarma, de bhárr breith chúirte ceart-údaráis i Saorstát Éireann;
(b) aon amadán agus aon duine nách slán meabhair;
(c) aon duine gnó-bhriste a bheidh fé bhreith chúirte ceartúdaráis i Saorstát Éireann;
(d) aon duine go mbeidh an dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann i dtaobh cleachtanna cuirpe agus ciontaí eile i dtoghacháin tar éis a chur as a chumas bheith ina bhall den tSeanad toisc cúirt cheart-údaráis i Saorstát Éireann dá fháil ciontach i gcleachta no i gcionta éigin den tsórt san:
Ach an mhí-cháilíocht a dintear leis an bhfo-alt so i dtaobh breithe príosúntachta no pian-tseirbhíse, ní bheidh feidhm aici, i gcás duine a bheidh 'na bhall den tSeanad ar dháta na mí-cháilíochta san, go ceann deich lá fichead ó dháta na breithe, no i gcás athchomhairc, ó dháta an órduithe le n-a ndaingneofar an bhreith sin.
(3) Ní féadfar duine do thogha, ná ní fhéadfaidh duine suidhe mar bhall de Sheanad Éireann
(a) más ball ar lán-tuarastal d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann é;
b) más ball ar lán-tuarastal d'aon fhórsa póilíneachta i Saorstát Éireann é;
(c) más duine i Seirbhís Shíbhialta Shaorstáit Éireann go sealadach no go seasmhach é mara dtugann téarmaí a fhostuíochta cead speisialta dho chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann.
(4) Aon duine a bheidh toghtha go cuibhe ina bhall den tSeanad, má thagann sé, le linn é do bheith ina bhall mar sin, fé aon mhí-cháilíocht dá luaidhtear san alt so ní ball den tSeanad feasta é.
CUID VIII
Genearálta.
Oiriúnú Achtanna.
58.—Na reacht-shaoirsí Dála a hachtuítear leis an Acht so raghaid in ionad a bhfuil de reacht-shaoirsí Páirliminte ann le linn rithte an Achta so; agus na forálacha atá leagtha amach sa Naoiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so i dtaobh oiriúnú Achtanna beidh feidhm aca chun an dlí d'oiriúnú d'fhorálacha an Achta so.
Chun achtacháin um breabaireacht, etc., do chur i mbaint.
59.—A bhfuil in aon reacht d'fhorálacha i dtaobh breabaireachta, pearsanuíochta no cleachtanna cuirpe i dtoghacháin no i dtaobh achuingíocha toghacháin (nách toghacháin um Rialtas Áitiúil ná achuingíocha toghacháin um Rialtas Áitiúil) agus a bhí i bhfeidhm an 23adh lá de Mhí na Nodlag, 1920, agus ná hathghairmtear leis an Acht so, bainfid le toghacháin Dála, le toghacháin tSeanaid agus le Referenda a comórfar fén Acht so, agus chun na críche sin déanfar gach tagairt dá bhfuil sna forálacha san—
(a) do thoghacháin do léiriú mar thagairt do thoghacháin Dála, do thoghacháin tSeanaid agus do Referenda a comórfar fén Acht so;
(b) do dháilcheanntair do léiriú mar thagairt do dháil cheanntair a bunuítear leis an Acht so;
(c) do chinn chomhrimh agus d'oifigigh eile, do dhaoin eile, do pháipéirí ballóide agus do nithe agus rudaí eile do léiriú mar thagairt dá leithéidí eile sin d'oifigigh, de dhaoine, de pháipéirí, de nithe agus de rudaí a ghníomhóidh, a húsáidfear no a déanfar fén Acht so.
Chun aimsir d'áireamh.
60.—(1) I gcás aon tréimhse aimsire nách sia ná deich lá d'fhuine no do cheapa leis no fén Acht so ina haimsir chun gníomh no rud ar bith do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh roimpi no ina diaidh, ní áireofar in áireamh na tréimhse aimsire sin Domhantaí, Lá Nodlag, Aoine an Chéasta, Banc-shaoireanna ná laethanta a bheidh fógartha ina saoireanna puiblí le reacht no le furógra.
(2) I gcás aon tréimhse aimsire is sia ná deich lá d'fhuine no do cheapa leis no fén Acht so ina haimsir chun gníomh no rud ar bith do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh roimpi no ina diaidh, áireofar in áireamh na tréimhse aimsire sin Domhantaí, Lá Nodlag, Aoine an Chéasta, Banc-shaoireanna agus laethanta a bheidh fógartha ina saoireanna puiblí le reacht no le furógra.
(3) I gcás lá deiridh na haimsire a fuintear no a lomháltar leis no fén Acht so chun gníomh no rud ar bith do dhéanamh do bheith ina Dhomhnach, ina Lá Nodlag, in' Aoine an Chéasta, ina Bhanc-shaoire no ina lá a bheidh fógartha ina shaoire phuiblí le reacht no le furógra tuigfear an gníomh no an rud san do dhéanamh go cuibhe má dintear é an chéad lá tar éis deire na haimsire sin nách Domhnach ná Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Banc-shaoire ná lá a bheidh fógartha mar adubhradh ina shaoire phuiblí.
Daingniú ar Rúin Reacht-shaoirse.
61.—(1) Daingnítear leis seo na Rúin Reacht-shaoirse le n-ar ghlac an Pháirlimint Shealadach an 19adh lá de Mheadhon Fhoghmhair, 1922.
(2) Tuigfear gur fén Acht so a dineadh gach ar dineadh de ghníomhartha, de rudaí agus de nithe fé sna Rúin Reacht-shaoirse roimh-ráite no dá réir, agus dá réir sin sínfidh an t-Acht so siar chó fada agus is gá é chun dleathacht agus údarás reachtúil do thabhairt do sna gníomhartha, na rudaí agus na nithe roimh-ráite.
(3) An clár atá á ullamhú anois fé sna Rúin Reacht-shaoirse roimh-ráite beidh sé ar an gcéad chlár a hullamhófar fén Acht so, agus pé áit ina n-úsáidtear san Acht so “an Chéad Chlár a hullamhófar fén Acht so,” is dá réir sin a léireofar an abairt sin.
(4) Déanfar an Chéad Chlár a hullamhófar fén Acht so do chríochnú do réir na Rún Reacht-shaoirse roimh-ráite, ach amháin go mbainfidh leis an gCéad Chlár san na forálacha so leanas den Acht so, sé sin le rá, na forálacha a bhaineann le:—
(a) Clárú agus vótáil bhalla d'Fhórsa Cosanta Shaorstáit Éireann.
(b) Nea-chlárú agus nea-vótáil bhalla d'aon Fhórsa Póilíneachta.
(c) Post-vótáil.
(5) Na forálacha atá san Acht so i dtaobh clárú Seanadtoghthóirí agus an Sceideal 'na thaobh a ghabhann leis ní bhainfid leis an gcéad chlár a hullamhófar fén Acht so.
Orduithe Deacrachta agus Eigeandála.
62.—(1) Má eiríonn aon deacracht i dtaobh ullamhú an chéad chláir fén alt so roimhe seo agus fé sna Rúin Reacht-shaoirse a luaidhtear ann no i dtaobh comóra na gcéad-thoghachán tar éis tosnú an Achta so, aon rud no éinní is riachtanach leis an Aire um Rialtas Áitiúil chun an clár san d'ullamhú sa cheart no chun na toghacháin sin do chomóra sa cheart, féadfa sé é do dheanamh le hOrdú.
(2) Má eiríonn aon deacracht i dtaobh ullamhú aon chláir fén Acht so i ndiaidh an chéad chláir no i dtaobh comóra aon togacháin fén Acht so i ndiaidh na gcéad-thoghachán, agus gurb é tuairim an Aire um Rialtas Áitiúil gur éigeandáil is gá a réiteach láithreach an deacracht san, aon rud no éinní is dó leis an Aire um Rialtas Áitiúil is riachtanach a dhéanamh láithreach chun go bhféadfar an clár no an toghachán, gur éirigh an deacracht ina thaobh, d'ullamhú no do chomóra sa cheart féadfa sé é do dhéanamh le hOrdú.
Oifigigh do bheith i mbaol i dtaobh toip ina ndualgas.
63.—(1) Má dhineann aon oifigeach clárathachta, ceann comhrimh, cléireach no duine eile ar a mbeidh dualgaisí a bhaineann le clárú toghthóirí no treora aon toghacháin má dhineann sé, gan cúis réasúnta, có-líona na ndualgaisí sin a bheidh air d'oba no do leigint i bhfaillí no gan déanamh, beidh éinne a bheidh thíos den oba no den leigint i bhfaillí no gan déanamh san beidh sé i dteideal chun a bhaint den duine sin, le haicsean dlí agus i ndíol damáiste, pé suim is ceart dar leis an gcúirt a thrialfaidh an t-aicsean san ach gan an tsuim sin do bheith thar céad púnt.
(2) Gach oifigeach clárathachta, ceann comhrimh, oifigeach ceannais, cléireach no duine eile ar a mbeidh dualgaisí a bhaineann le clárú toghthóirí no treora aon toghacháin, agus a bheidh ciontach in aon mhí-dhéanamh toiliúil no mór-fhailligheach no in éinní do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh, go toiliúil no trí mhór-fhaillí, contrárdha don Acht so, má chuireann an t-Aire um Rialtas Áitiúil an dlí air i gCúirt Údaráis Achmair, i dteannta éinní eile 'na mbeidh sé ina bhaol beidh sé i mbaol íoc do dhéanamh le Saorstát Éireann i pé suim pionósach is ceart dar leis an gCúirt ina gcuirfar an dlí air ach ní raghaidh an tsuim sin thar £100.
Rialacha, Rialacháin, Scálaí de Chostaisí, & c., le leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.
64.—(1) Gach riail, rialachán, scála de chostaisí no foráil dá ndéanfaidh no dá gcúmfaidh an t-Aire Airgid no an t-Aire um Rialtas Áitiúil do réir na gcomhacht a bronntar le hAilt 11 (2), 12, 14 agus 25 den Acht so, leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach iad; agus mara ndéanfaidh, agus go dtí go ndéanfaidh, gach Tigh den Oireachtas laistigh den lá is fiche ina dhiaidh sin 'na mbeidh aon cheann de sna Tighthe sin 'na shuidhe rún do rith chun an riail, an rialachán, an scála de chostaisí no an fhoráil sin do chur ar nea-mbrí beidh feidhm ag an riail, an rialachán, an scála de chostaisí no an fhoráil sin fé mar a bheadh sé achtuithe san Acht so, ach ní dhéanfaidh neambríochaint na riala, an rialacháin, an scála de chostaisí no na forála san díth éifeachta ná dochar d'éinní a déanfar tríotha no fútha roimh an nea-mbríochaint sin.
(2) Féadfar aon riail, rialachán, scála de chostaisí no foráil den tsórt san d'ath-ghairm no d'atharú fé mar is gá.
Mínithe.
65.—San Acht so agus sna Sceidil a ghabhann leis, mara n-éilíonn an co-théacs rud éigin eile—
Ciallóidh an focal “Dáil” Dáil Éireann;
Ciallóidh an focal “Seanad” Seanad Éireann;
Ciallóidh an abairt “Toghachán Dála” ball no baill do thogha chun seirbhís do thabhairt uaidh no uatha sa Dáil agus folóidh sí toghachán corra chó maith le toghachán genearálta;
Ciallóidh an abairt “Dáil-toghthóir” duine i dteideal vótála i dtoghachán Dála;
Ciallóidh an abairt “Toghachán Generálta” baill do thogha chun seirbhís do thabhairt uatha i nDáil Oireachtais nua;
Ciallóidh an abairt “Toghachán Corra” ball den Dáil do thogha chun folúntas do líona a bheidh tagtha de dheascaibh ball den Dáil d'fháil bháis, d'eirghe as no do theacht fé mhí-cháilíocht;
Ciallóidh an abairt “Toghachán Seanaid” toghachán Seanadóirí chun seirbhís do thabhairt uatha sa tSeanad;
Ciallóidh an abairt “Seanad-toghthóir” duine i dteideal votála i dToghachán Seanaid;
Aon uair a húsáidtear an focal “Toghachán” gan a rá cad é an sórt toghacháin é, folóidh sé toghachán Dála, togachán Seanaid agus Referendum;
Folóidh an abairt “tigh comhnuithe” aon chuid de thigh ina mbeifear ag áitiú sa chuid sin ar leithligh mar thigh comhnuithe.
Ciallóidh an focal “orduithe” orduithe le hOrdú a dhéanfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil.
Ath ghairmeanna.
66.—(1) Na hachtacháin a luaidhtear sa Deichiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so ath-ghairmtear iad leis seo sa mhéid a háirítear sa tríú colún den Sceideal san.
(2) Gach tagairt dá bhfuil in aon reacht, ordú, rialachán no riail atá ar bith d'aon Acht dá n-ath-ghairmtear go hiomlán no go leathrannach leis an Acht so tuigfear gur tagairt don Acht so í, ach i gcás Achtanna a hath-ghairmtear go leathrannach leis an Acht so ní tuigfear amhlaidh ach sa mhéid go mbaineann an tagairt sin leis an gcuid den Acht san a hath-ghairmtear ar an gcuma san.
Gearr-Theideal.
67.—Féadfar “An t-Acht Timpeal Toghachán, 1923,” do ghairm den Acht so.
SCEIDIL.
AN CHÉAD SCEIDEAL.
Rialacha Clárathachta.
1. Leagfar amach an clár ina choda fé leith do gach aontán clárathachta sa líomatáiste clárathachta.
An togh-roinn cheanntair mar atá sí có-dhéanta fén Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898, isí a bheidh in' aontán clárathachta ach:—
(a) i gcás togh-roinn cheanntair do bheith roinnte ina báird glacfar gach bárd díobh in' aontán clárathachta fé leith; agus
(b) i gcás togh-roinn cheanntair do bheith suidhte, cuid de i gceanntar Dáil-vótaíochta, agus cuid de i gceann eile, no cuid de laistigh agus cuid de lasmuich d'aon bhaile (laistigh de bhrí an Achta um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898), no de bhárd buirge no baile, glacfar gach cuid ina haontán clárathachta fé leith.
2. Beidh ar an gclár, maidir le gach aontán clárathachta, ainm gach duine a bheidh i dteideal a chláruithe ina Dháil-toghthóir no ina Sheanadtoghthóir sa líomatáiste clárathachta san, agus tespeánfar ann, ar an gcuma a bheidh órduithe, an aicme no na haicmí toghthóirí le n-a mbaineann gach duine den tsórt san agus go generálta beidh sé do réir na fuirme a bheidh órduithe ó am go ham.
3. Ullamhóidh an t-oifigeach clárathachta agus cuirfe sé mar aguisín leis an gclár i gcóir iomláine an líomatáiste chlárathachta, no, má bhíonn breis agus aon dáilcheanntar amháin sa líomatáiste, i gcóir gach dáilcheanntair sa líomatáiste, liost fé leith de dhaoine a bheidh i dteideal vótála mar phost-vótáluithe (dá ngoirtear san Acht so liost na bpostvótáluithe), ach déanfa sé an méid sin gan ainmneacha na vótáluithe sin do chur as aon chuid eile den chlár. Is do réir ceanntracha vótaíochta a déanfar suas gach liost den tsórt san.
4. Má luíonn an t-aontán clárathachta i gcontae-bhuirg, cóireofar na hainmneacha ar an gclár ar órd sráideanna, maran dó le comhairle na contae-bhuirge go mbeadh an cóiriú ar órd sráideanna neamh-oiriúnach toisc cineál genearálta an líomatáiste a dhineann an t-aontán clárathachta.
Má luíonn an t-aontán clárathachta i gcontae riaracháin cóireofar na hainmneacha ar an gclár ar órd aibítre na mbailte bhfearainn maran dó leis an gcomhairle chontae, toise cineál generálta an líomatáiste a dhineann an t-aontán clárathachta, gur cóiriú is féidir a dhéanamh agus gur cóiriú áiseach an cóiriú ar órd sráideanna.
5. Sa mhéid go mbaineann le Dáil-toghthóirí na cláracha i gcóir na n-aontán gclárathachta a dhineann suas aon dáilcheanntar déanfaid le chéile an clár de Dháil-toghthóirí i gcóir an dáilcheanntair sin, agus sa mhéid go mbainid le Seanad-toghthóirí déanfaid le chéile an clár de Sheanad-toghthóirí i gcóir an dáilcheanntair sin.
É de Dhualgas ar an Oifigeach Clárathachta Liostaí D'Ullamhú agus D'Fhoillsiú.
6. Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta fiarfaí ó thigh go tigh no leor-fhiarfaí éigin eile do chur á dhéanamh agus, i gcóir gach aontáin chlárathachta ina líomatáiste clárathachta, liostaí (dá ngoirtear sa Sceideal so liostaí de thoghthóirí) d'ullamhú, no do chur á n-ullamhú, de gach duine a dheabhróidh a bheith i dteideal a chláruithe ina Dháiltoghthóir no ina Sheanad-toghthóir ar an gclár de thoghthóirí a hórduítear leis an Acht so d'ullamhú gach bliain agus, an 29adh lá d'Eanair no roimhe sin, na liostaí sin d'fhoillsú, no do chur á bhfoillsiú, sa bhfuirm a bheidh órduithe.
Deánfaidh an t-oifigeach clárathachta san am gcéanna fógra d'fhoillsiú ina neosa sé an chuma ina mbeidh, agus an t-am laistigh dá mbeidh éilithe agus agóidí le déanamh fé sna rialacha so.
7. Beidh sé d'oblagáid ar an oifigeach clárathachta a chur ar an duine no na daoine fé seach i seilbh na n-oifigí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso aon dualgaisí riachtanacha do chó-líona a bhaineann le clárú agus beidh ar na dualgaisí a cuirfear orra mar sin na dualgaisí a háirítear ina dhiaidh seo anso i gcás an duine no na ndaoine sin—eadhon:—
(a) féadfar a chur ar aon duine go mbeidh oifig bhailitheora ráta na mbocht ar seilbh aige an fiarfaí ó thigh go tigh no aon leorfhiarfaí eile do dhéanamh a hórduitear leis na rialacha so, agus leoreolas do sholáthar chun go bhféadfar na liostaí de thoghthóirí d'ullamhú, maraon le haon eolas eile is gá chun crícheanna an Achta so i dtaobh aon duine a chomhnuíonn no a shealbhuíonn talamh no árus i gceanntar an bhailitheora san, no i dtaobh aistriú aon duine as a cheanntar, agus aon liostaí no cláracha go n-órduítear a bhfoillsiú leis an Acht so d'fhoillsiú thar ceann an oifigigh chlárathachta i pé áiteanna gur gá é, agus bheith i láthair ag an ath-fhéachaint ar éilithe agus ar agóidí fé sna rialacha so sna háiteanna agus na haimseara san a órdóidh an t-oifigeach clárathachta.
(b) Féadfar a chur ar aon duine go mbeidh oifig rúnaí Comhairle Chontae ar seilbh aige no oifig Chléirigh Bhaile Contae-Bhuirge no Buirge eile, no oifig Chléirigh Comhairle Bhaile-Cheanntair dreachtliostaí de thoghthóirí d'ullamhú as an eolas a bheidh soláthruithe ag bailitheoirí ráta na mbocht agus ar shlite eile agus iad do thabhairt don oifigeach clárathachta, agus bheith i láthair ag an ath-fhéachaint ar éilithe agus ar agóidí fé sna rialacha so sna háiteanna agus na haimseara san a órdóidh an t-oifigeach clárathachta agus aon eolas is gá do thabhairt uaidh.
(c) Éinne a bheidh de thuras na huaire ag feidhmiú feidhmeanna Cinn Chlárathóireachta Beireataisí is Básanna, féadfar a chur air liostaí no eolas eile do sholáthar i dtaobh daoine a bheidh tar éis bháis laistigh dá líomatáiste.
(d) Beidh sé de dhualgas ar na daoine a háirítear i bhfo-ailt (a), (b) agus (c) den riail seo aon dualgaisí do chó-líona a bheidh orra fé seach do chó-líona fén riail seo, agus má dhineann aon duine den tsamhail sin, gan chúis réasúnta, có-líona aon dualgais den tsórt san i dtaobh clárathachta d'oba no do leigint i bhfaillí no gan déanamh béidh sé i mbaol fíneála nách mó ná céad púnt ar a fháil ciontach ar an sli achmair.
(e) Réiteoidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil aon cheist éireoidh i dtaobh ead iad na dualgaisí no cadé an dualgas a féadfar fén riail seo a éileamh ar aon duine den tsamhail sin roimh-ráite a chó-líona agus ní bheidh dul thar breith an Aire sin.
(f) Gach éinne de sna daoine a luaidhtear sa riail seo beidh teideal aige chun íocuíocht as gach seirbhís dá ndéanfa sé agus i ngach costas fé n-a ragha sé agus é ag feidhmiú gach dualgais no aon dualgais a héileofar air a chó-líona fén riail seo, agus chun crícheanna an Achta so féachfar ar aon tsuim a híocfar amhlaidh mar chuid de chostaisí clárathachta an oifigigh chlarathachta gur ar a iarrtas a dineadh na seirbhísí no a chuathas fé sna costaisí.
8. I dteannta na liostaí de thoghthóirí foillseoidh an t-oifigeach clárathachta an liost (má bhíonn ann) a dhéanfa sé de chleachtanna cuirpe nea-dhleathacha fé alt a naoi-déag ar fhichid den Acht chun Cleachtanna Cuirpe Nea-dhleathacha do Chose, 1883, no a dhéanfa sé no a cuirfear chuige fé alt a ceathair fichead den Acht um Thoghacháin Chatharachtúla (Cleachtanna Cuirpe Nea-dhleathacha), 1884.
Eilithe le Clárú.
9. Einne a éileoidh a bheith i dteideal a chláruithe mar Dháil-toghthóir no mar Sheanad-toghthóir, agus ná beidh iontrálta ar na liostaí de thoghthóirí, no a bheidh iontrálta ar na liostaí sin in áit no ar chuma nách ceart, no maraon le mion-innste nách ceart, féadfa sé a chlárú, no a chlárú sa cheart, d'éileamh trí éileamh sa bhfuirm a bheidh órduithe do chur chun an oifigigh chlárathachta ar dháta nách déanaí ná an 26adh lá d'Fheabhra.
10. I bhfuirm éilimh an té a bheidh ag déanamh éilimh ar a shon féin beidh faisnéis ar cháilíocht an éilitheora chun a chláruithe, maraon le faisnéis ar an aos is gá do bheith slán ag an éilitheoir, agus ar é do bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann, agus ar é do bheith ar dhuine den aicme no de sna haicmí sin de thoghthóirí gur mian leis go gclárófaí ar a measc é—sé sin le rá, mar Dháil-toghthóir no mar Sheanad-toghthóir, agus, i gcás an t-éilitheoir do bheith ag déanamh éilimh a' los cáilíochta nea-chomhnathóireachta, faisnéis chomhnathóireachta no, i gcás gan aon chomhnaí shocair do bheith aige, seola chun a bhféadfaí scéala do chur, agus ráiteas ná fuil ainm an éilitheora ar na Liostaí de Thoghthóirí mar dhuine i dteideal a chláruithe i gcóir an dáilcheanntair sin ná i gcóir aon dáilcheanntair eile i Saorstát Éireann. Cuirfear leis an bhfuirm nóta á fhógairt don éilitheoir go ngeobhaidh pionós le haon deimhniú bréagach a déanfar chun críche na forála so.
I gcás aon duine eile do dhéanamh éilimh thar ceann éilitheora ní chuirfidh an t-oifigeach clárathachta ainm an éilitheora ar an gclár mara gcruthuítear chun a shástachta na nithe is gá a rá sa bhfaisnéis fén bhforáil sin roimhe seo.
11. Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta liost d'éilitheoirí d'ullamhú agus d'fhoillsiú, sa bhfuirm a bheidh órduithe, ar dháta nách déanaí ná an 12adh lá de Mhárta.
Agóidí.
12. Aon duine go mbeidh a ainm ar na liostaí de thoghthóirí mar dhuine i dteideal a chláruithe i gcóir dáilcheanntair, trí fhógra agóide, sa bhfuirm órduithe, do chur ag triall ar an oifigeach clárathachta ar dháta nách déanaí ná an 19adh lá d'Fheabhra, féadfa sé sé i gcoinnibh clárú duine ar bith 'na mbeidh a ainm ar na liostaí de thoghthóirí i gcóir an dáilcheanntair sin agus tré fhógra agóide sa bhfuirm órduithe do chur chun an oifigigh chlárathachta ar dháta nách déanaí ná an 26adh lá de Mhárta féadfa sé cur i gcoinnibh clárú duine ar bith 'na mbeidh a ainm ar an liosta d'éilitheoirí.
Ní breithneofar aon agóid fén riail seo mara ndéanfaidh an t-agóideach laistigh den aimsir atá gearrtha amach chun an fógra agóide do chur chun siúil, cóip den fhógra agóide, a bheidh curtha chun an oifigigh chlárathachta aige, do chur chun an té sin 'na mbeifear, san agóid sin, ag cur i gcoinnibh a chláruithe. Féadfar an chóip sin den fhógra agóide do chur le post cláruithe roimh-íoctha go dtí an seola a bheidh ar na liostaí ag an té 'na mbeifear ag cur 'na choinnibh no go dtí an áit chomhnuithe is déanaí is eol a bheith aige.
13. Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta, ar dháta nách déanaí ná an 5adh lá de Mhárta, liosta d'ullamhú agus d'fhoillsiú d'ainmneacha daoine 'na mbeidh fógra agóide i gcoinnibh a gcláruithe tugtha.
14. Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta, mar is luatha is féidir é tar éis an 26adh lá de Mhárta, liost d'fhoillsiú d'ainmneacha daoine a bheidh áirithe sa liost d'éilitheoirí 'na mbeidh fógra ar chur i gcoinnibh a gcláruithe tugtha.
15. Déanfaidh Cléireach Coróinneach agus Síochána Contae-Bhuirge, i gcóir aon Chontae-Bhuirge darb oifigeach clárathachta é, Cléireach Baile na Contae-Bhuirge do cheapa chun gníomhú mar ionadaí dho chun crícheanna Rialacha 9 go dtí 14, agus chun foillsiú na liostaí agus na bhfógraí atá le foillsiú fé Rialacha 6 agus 8 den Sceideal so más mian leis an gCléireach Baile é, agus, chun na gcrícheanna roimh-ráite aon Chléireach Baile a ceapfar amhlaidh, beidh comhachta aige agus dualgaisí agus fiachaisí air den tsamhail sin do bheadh aige agus air dá mb'é an t-oifigeach clárathachta é.
Liost na bPost-Vótáluithe.
16. Cóireofar na hainmneacha ar Liost na bPost-Vótáluithe ar an órd gcéanna ina bhfaighfear ar an gclár iad, agus uimhreofar iad as diaidh a chéile, ar fuaid an dáilcheanntair, ó uimhir a haon suas.
Féadfaidh aon bhall d'fhórsaí cosanta Shaorstáit Éireann, ar dháta nách déanaí ná an 26adh lá d'Fheabhra, fógra do thabhairt don oifigeach clárathachta nách mian leis go n-iontrálfaí a ainm ar Liost na bPost-Vótáluithe.
17. Cimeádfaidh an t-oifigeach clárathachta cuntas ar aon tseola a tabharfar do ó aon duine no thar ceann aon duine, a cuirfear ar Liost na bPost-Vótáluithe, mar sheola a bheidh de thuras na huaire ina sheola don votálaí chun crícheanna na bhforálacha a bhaineann le vótáil phostvótáluithe, agus, chó luath agus is féidir é, féachfa sé chuige go gcuirfear treoracha chun an vótálaí i dtaobh na slí chun vótálaí fé sna forálacha san.
Beidh cuntas na seolta ar oscailt chun é d'fhéachaint ar na coiníollacha céanna a bhaineann le féachaint an chláir.
Ullamhú an Chláir as na Liostaí.
18. Chó luath agus is féidir é breithneoidh an t-oifigeach clárathachta na hagóidí uile a fógradh do do réir na rialacha so, agus chun na críche sin tabharfa sé don agóideach, agus don té 'nar fógradh agóide i dtaobh a chláruithe, fógra cúig lá glan ar a luíod i dtaobh na haimsire agus na háite ina mbreithneoidh sé an agóid.
19. Breithneoidh an t-oifigeach clárathachta, leis, gach éileamh a fógradh do do réir na rialacha so agus nár fógradh aon agóid ina thaobh, agus, más dó leis gur féidir an t-éileamh do lomháil gan a thuille fiarfaithe, tabharfa sé fógra don éilitheoir go bhfuil a éileamh lomhálta.
Maran dó leis an oifigeach clárathachta gur féidir éileamh den tsórt san do lomháil gan fiarfaí do dhéanamh, tabharfa sé don éilitheoir fógra cúig lá glan i dtaobh na haimsire agus na háite ina mbreithneoidh sé an t-éileamh.
20. Ar bhreithniú éilimh no agóide ar bith má samhluítear don oifigeach clárathachta an t-éilitheoir, no an té 'na mbeifear ag cur i gcoinnibh a chláruithe, do bheith gan teideal chun é d'iontráil ar an gclár do réir an chinéil no na gcineál, no san áit ar an gclár ina bhfuil sé á éileamh go gclárófaí é, no san áit ina bhfuil sé iontrálta ar an liost, ach go bhfuil teideal aige chun é d'iontráil ar an gclár do réir cinéil no cineálacha eile no in áit eile ar an gclár, féadfaidh an t-oifigeach clárathachta a chinne go ndéanfar ainm an duine sin d'iontráil mar sin ar an gclár.
21. Éinne 'na bhfuil a ainm ar na liostaí de thoghthóirí mar dhuine i dteideal a chláruithe féadfaidh an t-oifigeach clárathachta pé fiarfaithe sa mbreis do dhéanamh is dó leis is riachtanach a dhéanamh i dtaobh a chirt chun a chláruithe do réir cinéil ar bith agus, tar éis an fhiarfaithe sin, má samhluítear don oifigeach clárathachta ná fuil an teideal san ag an duine sin, feadfaidh an t-oifigeach clárathachta féin cur i gcoinnibh clárú an duine sin, agus féadfar aon agóid den tsórt san do dhéanamh d'ainneoin an aimsir chun fógra agóideachta do chur chun siúil fé Riail 12 den Sceideal so do bheith caithte. Déanfaidh an t-oifigeach clárathachta fógra i dtaobh aon agóide fén riail seo do chur sa bhfuirm órduithe chun an té 'na mbaineann an agóid lena chlárú, agus áireoidh an fógra san cúiseanna na hagóide.
Breithneofar aon agóid den tsórt san ar an gcuma gcéanna, agus tar éis an fhógra chéanna aimsire agus áite a héilítear le Riail a 18 den Sceideal so, ach ní gá í d'fhoillsiú ar aon chuma eile.
22. Déanfaidh an t-oifigeach clárathachta ar na liostaí de thoghthóirí (ar a n-áirítear Liost na bPost-Vótáluithe) pé atharuithe agus ceartuithe is gá a dhéanamh chun a bhreitheanna ar aon agóidí no éilithe do chur i bhfeidhm, agus pe' ca le dúbláidí iontrálacha do scriosa é (do réir aon rogha a dhéanfaidh an duine le n-a mbainid na h-iontrálacha san do chur in úil ina dtaobh), no le hainmneacha daoine atá marbh no fé aon mhí-ábaltacht dlí do bhuala amach, no le marcanna do chur no le ceartú marcanna do cuireadh in aghaidh ainm toghthóra, no ar aon tslí eile, déanfa sé ar na liostaí sin, leis, pé atharuithe no ceartuithe is riachtanach leis chun deimhin do dhéanamh de ná clárófar éinne thar aon uair amháin mar Dháil-toghthóir ná thar aon uair amháin mar Sheanad-toghthóir no aon atharuithe no ceartuithe eile is riachtanach chun na liostaí sin do dhéanamh iomlán agus beacht mar chlár.
Má scriostar iontráil i dtaobh duine toisc gur dúbláid í, ní bheidh ar an oifigeach clárathachta aon iontráil a scriosfar amhlaidh do chur ar aon liost eile de thoghthóirí ina dhiaidh sin má fhanan cáilíocht chun cláruithe ag an dtoghthóir de bhrí na cáilíochta do chimeád sé nuair do scriosadh an dúbláid iontrála.
23. Einne 'na mbeidh a ainm ar an liost de Dháil-toghthóirí no ar an liost de Sheanad-toghthóirí aon aontáin chlárathachta in aon dáilcheanntar contae, agus 'na mbeidh comhnaí air lasmuich den cheanntar vótaíochta 'na mbeidh teideal aige chun a chláruithe ann, beidh sé de chead aige a éileamh do dhéanamh i láthair an oifigigh chlárathachta chun vótáil in aon áit vótaíochta eile laistigh den dáilcheanntar céanna. Ní gá don oifigeach clárathachta breithniú do dhéanamh ar aon éileamh fén riail seo a gheofar tar éis an 26adh lá de Mhárta.
Déanfar aon duine den tsórt do leigint isteach chun vótáil san áit vótaíochta san dá réir sin.
Cuirfear mar aguisín leis an gcuid sin den chlár a bhaineann le haon cheanntar vótaíochta liost 'na mbeidh na mion-innste céanna atá sa chlár i dtaobh daoine 'na bhfuil teideal aca fén riail seo chun vótáil in áit vótaíochta den cheanntar vótaíochta san cé nách sa cheanntar san a chomhnuíd, agus maraon leis na mion-innste sin beidh tagairt don cheanntar vótaíochta ina bhfuil éinne den tsórt san cláruithe: Ach uimhreofar na hainmneacha as diaidh a chéile i ndiaidh na n-ainmneacha eile sa chlár san i gcóir an cheanntair vótaíochta a céad-luaidhtear anso.
24. I gcás an t-oifigeach clárathachta do dhéanamh ceartú ar na liostaí (ar a n-áirítear Liost na bPost-Vótáluithe), agus nách ceartú de bhárr éilimh ná agóide é, ná ceartú ar earráid chléirigh, tabharfa sé fógra don duine le n-a mbaineann an ceartú, agus tabharfa sé caoi don duine sin ar chur i gcoinnibh an cheartuithe agus, más gá é, ar éisteacht d'fháil ina thaobh.
25. Déanfaidh an t-oifigeach clárathachta gach atharú agus ceartú is gá ar na liostaí (ar a n-áirítear Liost na bPost-Vótáluithe) agus gach ní is gá chun na liostaí sin do chuma ina gclár (maille le letir fé leith agus sreath fé leith d'uimhreacha do gach ceanntar vótaíochta) in am chun na liostaí, ceartuithe mar sin, do leigint chun a bhfoillsithe mar chlár fé mar a héilítear leis na rialacha so.
E de Dhualgas an Clár D'Fhoillsiú agus Cóipeanna dhe Do Sheachada.
26. Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta an clár d'fhoillsiú ar dháta nách déanaí ná an 1adh lá de Mheitheamh gach bliain, tré fhoillsiú fógra á rá go bhfuil cóip den chlár nochtaithe chun iniúcha in' oifig agus go bhfuil cóipeanna den chuid den chlár a bhaineann le haontán clárathachta ar bith nochtaithe chun iniúcha le linn tráthanna gnótha san aontán clárathachta san áit a luaidhtear sa bhfógra.
Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta cóipeanna den chlár do chimeád in' oifig i gcóir iniúchóireachta agus fós socrú do dhéanamh chun go gcimeádfar cóipeanna den chuid den chlár a bhaineann le haontán clárathachta ar bith i gcóir iniúchóireachta san aontán san sa phríomh-oifig phuist (má údaruíonn Aire an Phuist san) no, neachtar aca, in áit chaothúil éigin eile ina mbeidh dul ag an bpuiblíocht air, áit ar a socróidh an t-oifigeach clárathachta.
Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta cóip den chlár do chur chun an Aire um Rialtas Áitiúil chó luath agus is féidir é tar éis a fhoillsithe, agus fós achmaireacht ar a bhfuil sa chlár do chur chuige pé uaire agus i pé fuirm agus maraon le pé mion-innste a éileoidh an t-Aire sin.
27. Ar a iarraidh sin d'éinne le linn tráthanna gnótha, agus ar íoc na táille órduithe, beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta cóipeanna den chlár no de pé méid de a bhaineann le haontán clárathachta ar bith do thabhairt don iarrthóir sin.
Athchomhairc I gCoinnibh Breitheanna Oifigigh Chlárathachta.
28. Éinne gur mian leis athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh breith oifigigh chlárathachta beidh air fógra athchomhairc agus forais an athchomhaire áirithe ann do thabhairt sa bhfuirm órduithe don oifigeach clárathachta agus, má bhíonn a leithéid ann, don taobh frithbheartach, nuair a tabharfar an bhreith no laistigh de chúig lá ina dhiaidh sin.
Cuirfidh an t-oifigeach clárathachta aon fhógraí den tsórt san go dtí an Chúirt Chontae ar chuma bheidh órduithe do réir rialacha cúirte, maraon le ráiteas, i ngach cás fé leith, ar na dátáin riachtanacha a cruthuíodh, dar leis, sa chás agus ar a bhreith ar an gcás go léir agus ar aon phuínte a áireofar mar fhoras athchomhaire agus soláthróidh sé don chúirt, leis, aon eolas eile a éileoidh an chúirt, agus a bheidh ar a chumas a sholáthar.
29. Má samhluítear don oifigeach clárathachta aon fhógraí athchomhaire do tugadh dó do bheith bunuithe ar fhoraisí cosúla, cuirfe sé an méid sin in úil don Chúirt Chontae chun a chur ar chumas na Cúirte Contae (más oiriúnach leis an gcúirt é) na hathchomhaire do chó-dhlúthú, no aon athchomharc amháin do thogha amach mar chás tástála.
Genearálta.
30. In aon chás ina n-éilíonn na rialacha so ar an oifigeach clárathachta aon scríbhinn d'fhoillsiú gan aon fhoráil áirithe do bheith leagtha amach i dtaobh na slí 'na bhfoillseofar í, foillseoidh sé an scríbhinn tré chóipeanna den scríbhinn do chur ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht in' oifig féin, agus sa phríomh-oifig phuist (má údaruíonn Aire an Phuist san), no in áit chaothúil éigin eile sa líomatáiste a dhineann suas an t-aontán clárathachta le n-a mbaineann an scríbhinn agus, más oiriúnach leis é, ar aon chuma eile is dó leis a bheadh go maith chun lán na scríbhinne do thabhairt fé shúil na ndaoine le n-a mbaineann sé.
Maidir le haontán clárathachta ar bith gan aon oifig phuist ná aon áit chaothúil eile ina bhféadfaí cóipeanna de scríbhinní do chur ar fáil chun a n-iniúchta, is leor de chó-líona ar a n-iarraid na rialacha so cóipeanna den scríbhinn do chur ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht in áit chaothúil éigin lasmuich den aontán clárathachta ach dul do bheith ag an bpuiblíocht air.
Aon scríbhinn a héilítear a fhoillsiú cimeádfar foillsithe ar feadh na haimsire orduithe í.
Ní bheidh aon scríbhinn nea-dhleathach de dheascaibh aon fhaillí ar í d'fhoillsiú do réir na rialacha so, ach ní shaorfaidh an fhoráil seo an t-oifigeach clárathachta ó aon phionós mar gheall ar an bhfaillí sin.
Má dhineann éinne gan údarás dleathach mille, ciorrú, agha-lot no aistriú ar aon fhógra a fhoillseoidh an t-oifigeach clárathachta mar chuid dá dhualgaisí clárathachta no ar aon scríbhinn no cóip de scríbhinn a cuirfar ar fáil i gcóir iniúchóireachta do réir na rialacha so, beidh sé i mbaol fíneála ná raghaidh thar cúig phúint ar a fháil ciontach ar an sli achmair.
31. Ar iarrtas duine ar bith soláthróidh an t-oifigeach clárathachta in aisce fuirmeacha i gcóir éilithe agus i gcóir fógraí agóidí.
32. Ar iarrtas duine ar bith leigfidh an t-oifigeach clárathachta don duine sin iniúcha do dhéanamh ar na liostaí de thoghthóirí aon aontáin chlárathachta ina líomatáiste, agus ar aon éileamh no fógra agóide a déanfar fé sna rialacha so, agus sleachta do thógaint as an gcéanna no, ar íoc na táille órduithe, soláthróidh sé cóipeanna den chéanna dho.
33. Aon éileamh no aon fhógra agóide atá le cur chun an oifigigh chlárathachta fé sna rialacha so féadfar é do chur chuige le post roimhíoctha fé sheola a oifige.
Aon fhógra nách foláir don oifigeach clárathachta, do réir na rialacha so, é do chur chun duine ar bith, is leor de chur chun siúil air é do chur tríd an bpost go dtí seola an duine sin fé mar a thug sé uaidh é chun na críche sin, no fé mar a gheofar ar na liostaí é no, mara mbeidh a leithéid sin de sheola ann, go dtí an áit chomhnuithe is déanaí is eol a bheith aige.
34. Féadfaidh an t-oifigeach clárathachta a éileamh ar aon cheann tighis no ar aon duine gur leis, no a shealbhuíonn, aon talamh no aon árus laistigh dá líomatáiste, no ar ghníomhaire aon duine den tsórt san, go dtabharfa sé uaidh, sa bhfuirm órduithe, aon eolas atá aige agus a theastuíonn ón oifigeach clárathachta chun crícheanna a dhualgaisí mar oifigeach clárathachta; agus éinne go dteipfidh air an t-eolas éilithe do thabhairt uaidh, no a thabharfaidh eolas fallsa uaidh, beidh sé i mbaol fíneála ná raghaidh thar fiche púnt ar a fháil ciontach ar an slí achmair. Aon fhógra a éileoidh eolas fén riail seo féadfar é do chur tríd an bpost.
35. Sara gcláróidh sé aon duine mar thoghthóir, féadfaidh an t-oifigeach clárathachta, más riachtanach leis é—
(a) a éileamh ar an duine sin teisteas beireatais do thespeáint no, maran féidir no maran oiriúnach san do dhéanamh, faisnéis reachtúil do dhéanamh ar an aos riachtanach do bheith ag an duine sin, agus
(b) a éileamh ar an duine sin teisteas eadóirseachta do thespeáint no faisnéis reachtúil do dhéanamh ar é do bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann.
I gcas faisnéis d'éileamh amhlaidh, íocfaidh an t-oifigeach clárathachta mar chuid dá chostaisí clárathachta aon táille a bheidh len' íoc ina thaobh, agus beidh an fhaisnéis saor ó dhiúité stampa.
Le linn tráthanna gnótha leigfidh an t-oifigeach clárathachta do dhuine ar bith aon fhaisnéis den tsórt san d'iniúcha agus cóip di do dhéanamh.
36. I gcás teisteas beireatais do bheith ag teastáil ó dhuine ar bith chun crícheanna forálacha an Achta so, ar thíolaca iarrtais scríbhte dho sa bhfuirm órduithe, iarrtas ina mbeidh na mion-innste órduithe, agus ar íoc táille raolach do, beidh teideal ag an duine sin chun cóip dheimhnithe d'fháil d'aon iontráil ar chlár na mbeireataisí i dtaobh bheireatas an duine sin, cóip a bheidh fé láimh an chlárathóra no an chinn chlárathóireachta go mbeidh an clár san i gcimeád aige, agus déanfaidh gach clárathóir beireataisí agus básanna agus gach ceann clárathóireachta fuirmeacha iarrtais chun na críche sin do sholáthar in aisce nuair a hiarrfar orra iad.
37. Ar bhreithniú aon éilimh no agóide no ní eile don oifigeach clárathachta féadfaidh aon duine le n-a mbaineann an scéal, dar leis an oifigeach clárathachta, féadfa sé féin no aon duine eile thar a cheann nách abhcóide, teacht i láthair agus éisteacht d'fháil.
38. Ar bhreithniú aon éilimh no agóide no ní eile don oifigeach clárathachta, féadfa sé, ar iarrtas éinne le n-a mbaineann an scéal no, mas oiriúnach leis é, gan an t-iarrtas san, féadfa sé a ordú gur fé mhóid a tabharfar aon fhianaise a thairgfidh aon duine agus chuige sin féadfa sé an duine sin do chur fé mhóid.
39. Má bhíonn ar aon liost no ar an gclár, no ar aon fhógra, mí-ainmniú no tuairisc nea-chruinn ar dhuine no ar áit ar bith, ní dhéanfa sé oibriú an Achta so no na rialacha so do chosc i dtaobh an duine no na háite sin ach an duine no an áit do bheith tuairiscithe ar shlí'na dtuigfí go coitiann é.
40. Na dátaí iolartha a horduítear leis na rialacha so mar dhátaí 'na mbeidh le déanamh no le fágaint gan déanamh, rómpa no orra no ina ndiaidh, na gníomhartha, na rudaí agus na nithe fé seach a héilítear leis na rialacha so do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh ag an oifigeach clárathachta no ag éinne eile ní bhainfidh na dátaí sin leis an gcéad chlár a hullamhófar fén Acht so, ná leis na gníomhartha, na rudaí agus na nithe iolartha a bheidh le déanamh no le fágaint gan déanamh le linn a ullmhuithe sin, agus in ionad na ndátaí sin ceapfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, le hordú, na dátaí fé seach gur rómpa no orra no ina ndiaidh a bheidh na gníomhartha, na rudaí agus na nithe iolartha san fé seach le déanamh no le fágaint gan déanamh i dtaobh an chéad chláir a hullamhófar fén Acht so agus i dtaobh ullamhú an-chláir sin.
AN DARA SCEIDEAL.
Rialacha Clárathachta do Dháilcheanntair Phríomh-Scoile.
1. Beidh ar chlár gach Dáilcheanntair Phríomh-scoile ainmneacha na ndaoine go léir a bheidh i dteideal a gcláruithe mar Dháil-toghthóirí no mar Sheanad-toghthóirí sa dáilcheanntar san agus deifreofar ann idir na daoine a bheidh i dteideal a gcláruithe mar Dháil-toghthóirí amháin agus na daoine sin a bheidh i dteideal a gcláruithe mar Dháil-toghthóirí agus mar Sheanad-toghthóirí in éineacht, agus beidh breactha ar an gclár san seolta gach duine 'na mbeidh a ainm iontrál a air.
2. (1) Chun na gcrícheanna a bhaineann le hullamhú an chéad chláir a hullamhófar fén Acht so, déanfaidh an t-oifigeach clárathachta an fhuirm éilimh a bheidh órduithe do chur chun gach duine 'na mbeidh sé de theideal aige go n-iontrálfaí a ainm ar an gclár san dar leis an oifigeach clárathachta.
(2). Chun na gcrícheanna a bhaineann le hullamhú gach cláir tar éis an chéad chláir a hullamhófar fén Acht so, déanfaidh an t-oifigeach clárathachta an fhuirm éilimh a beidh órduithe do chur chun gach duine 'na mbeidh sé de theideal aige go n-iontrálfaí a ainm ar an gclár san dar leis an oifigeach clárathachta, más rud é:
(a) nách duine é 'na mbeidh a ainm iontrálta ar an gclár a bheidh i bhfeidhm an uair sin agus go dtespeánfar chun sástacht an oifigigh chlárathachta an duine sin do bheith ina ghnáthchomhnaí agus i seilbh áruis ghnótha (má bhíonn aige) ag na seolta d'fhág an duine sin ar breaca ag an oifigeach clárathachta; agus
(b) nách duine é gur rogha leis bheith gan clárú sa dáilcheanntar san.
(3) Má dhineann aon toghthóir 'na mbeidh a ainm ar an gclár a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire má dhineann sé aon atharú ar sheola do chur in úil don oifigeach clárathachta, beidh sé de dhualgas ar an oifigeach san an t-atharú san do bhreaca.
(4) Ar a iarraidh sin d'oifigeach clárathachta dáilcheanntair Phríomh scoile, déanfaidh an príomh-Phostmháistir i ngach dáilcheanntar nách dáilcheanntar Príomh-scoile a fháil amach agus a innsint don oifigeach clárathachta san, i dtaobh aon toghthóra 'na mbeidh a ainm ar an gclár a bheidh i bhfeidhm an 15adh lá de Shamhain, i gcóir an dáilcheanntair Phríomh-scoile sin, ce'ca tá nó ná fuil sé an lá san ina ghnáth-chomhnaí agus i seilbh áruis ghnótha (má bhionn aige) ag na seolta d'fhág an toghthóir sin ar breaca ag an oifigeach clárathachta. An ráiteas a dhéanfaidh príomh-Phostmháistir fén riail seo beidh sé in' fhianaise prima facie ar na nithe a bheidh luaidhte ann ach ní bheidh an Postmháistir freagarthach d'éinne in aon nea-chruinneas ná mar gheall ar aon nea-chruinneas sa ráiteas san.
3. An fhuirm éilimh orduithe a bheidh le cur amach fén riail sin roimhe seo, beidh sí ar chuma a chuirfidh ar chumas an té a líonfaidh a rá inti
(a) pé mion-innste a thespeánfaidh an duine sin do bheith cáilíochtuithe chun bheith ina thoghthóir sa Phríomh-scoil sin agus orra san dáta a bheireatais;
(b) an seola go raibh gnáth-chomhnuí ar an duine sin ann an 15adh lá den tSamhain roimhe sin;
(c) a raibh an duine sin i seilbh áruis ar bith i gcóir a chéirde, a ghairme no a ghnótha, an 15adh lá den tSamhain roimhe sin, agus má bhí, cadé seola an áruis sin;
(d) a bhfuil an duine sin cáilíochtuithe chun bheith ina thoghthóir i gcóir Dáilcheanntair Phríomh-scoile eile, agus má tá cadé ainm an dáilcheanntair sin;
(e) gur rogha leis an duine sin go gclárófí é mar thoghthóir sa Dáilcheanntar Príomh-scoile sin.
4. Cuirfidh an t-oifigeach clárathachta ar na liostaí de thoghthóirí ainm gach duine a chuirfidh an fhuirm éilimh roimh-ráite thar n-ais go dtí an t-oifigeach clárathachta ar dháta nách déanaí ná an 1adh lá den chéad Eanair tar éis an lá a cuireadh an fhuirm éilimh sin chuige agus a neosaidh inti gach rud agus ní a luaidhtear ag (a) (b) (c) (d) agus (e) i Riail 3 den Sceideal so, agus iontrálfa sé ar na liostaí de thoghthóirí, leis, ainm gach duine 'na mbeidh a ainm iontrálta ar an gclár a bheidh i bhfeidhm an uair sin agus a tespeánfar chun sástacht an oifigigh chlárathachta a bheith ina ghnáth-chomhnaí no i seilbh áruis ghnótha ag an seola d'fhág an duine sin ar breaca ag an oifigeach clárathachta.
5. Ní chuirfidh an t-oifigeach clárathachta ar na liostaí de thoghthóirí ainm aon duine ná cuirfidh an fhuirm éilimh sin thar n-ais roimh an dáta a luaidhtear sa Riail sin roimhe seo, no a chuirfidh an fhuirm éilimh thar n-ais roimh an dáta san agus aon cheann de sna rudaí no na ráitisí a luaidhtear ag (a) (b) (c) (d) agus (e) i Riail 3 den Sceideal so in easnamh uirri.
6. Isiad seolta a breacfar ar na liostaí de thoghthóirí agus ar an gclár i dtaobh éinne 'na mbeidh a ainm ar na liostaí sin no ar an gclár san ná
(a) an seola ag a raibh an duine sin ina ghnáth-chomhnaí an 15adh lá den tSamhain roimhe sin; agus
(b) seola an áruis ghnótha (má bhí ann) mar a mínítear é le hAlt I den Acht so, a bhí ar seilbh ag an duine sin an 15adh lá den tSamhain roimhe sin. Breacfar leis ar na liostaí de thoghthóirí agus ar an gclár, os coinne ainme gach duine orra, ainm gach dáilcheanntair Phríomh-scoile eile ina mbeidh sé cáilíochtuithe chun bheith ina thoghthóir.
7. Éinne a cáileofar aon bhliain chun bheith ina thoghthóir i ndáilcheanntar Príomh-scoile, agus ná hiontrálfar ar an gclár de thoghthóirí i gcóir an dáilcheanntair sin toisc nách rogha leis a chlárú sa dáilcheanntar san, ní iontrálfar é ar na liostaí de thoghthóirí ná ar an gclár de thoghthóirí i gcóir an dáilcheanntair Phríomh-scoile sin aon bhliain ina dhiaidh sin mara ndéanfa sé, ar an gcuma a bheidh órduithe, éileamh ar é do chlárú mar sin.
8. Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta na liostaí de thoghthóiri d'fhoillsiú an 29adh lá d'Eanair no roimhe sin sa bhfuirm a bheidh órduithe.
San am gcéanna foillseoidh an t-oifigeach clárathachta fógra ina neosfar an tslí ina mbeidh agus an t-am gur laistigh de a bheidh éilithe agus agóidí le déanamh fé sna rialacha so.
9. Cuirfidh an t-oifigeach clárathachta go dtí oifigeach clárathachta gach líomatáiste chlárathachta eile i Saorstát Éireann cóip de gach liost de thoghthóirí agus de gach clár dá n-ullamhóidh sé, d'oiread de gach ceann acu agus bheidh fé ainmneacha agus seolta na ndaoine go léir 'na mbeidh a seolta breactha no aon cheann acu sa líomatáiste chlárathachta san, no (i gcás oifigigh chlárathachta do dháilcheanntar Phríomh-scoile) fé ainmneacha agus seolta na ndaoine go léir a breacadh mar dhaoine a bhí cáilíochtuithe chun bheith ina dtoghthóirí sa dáilcheanntar san.
10. Sa mhéid go mbainid le clárú Dáil-toghthóirí no Seanad-toghthóirí bainfidh le dáilcheanntair Phríomh-scoile Rialacha 9 go dtí 14, 17 go dtí 22, 24 go dtí 29, 31 go dtí 33 agus 35 go dtí 39, go huile, de Chéad Sceideal an Achta so.
11. I ngach dáilcheanntar Príomh-scoile beidh na liostaí de thoghthóirí agus an clár de thoghthóirí i pé fuirm is oiriúnach leis an oifigeach clárathachta agus is toil leis an Aire um Rialtas Áitiúil.
12. Isé an t-Aire Airgid a íocfaidh gach costas a leanfaidh soláthar agus cló-bhuala gach fuirme (lasmuich den chlár féin) a theastóidh ón oifigeach clárathachta agus gach costas puist fé n-a raghaidh an t-oifigeach clárathachta agus é ag có-líona na rialacha atá gofa no ionchorpartha sa Sceideal so.
13. Sa chás go n-éilítear ar an oifigeach clárathachta, leis na rialacha atá gofa no ionchorpartha sa Sceideal so, aon scríbhinn d'fhoillsiú, agus nár dineadh aon fhoráil fé leith i dtaobh na slí ina ndéanfa sé an foillsiú, foillseoidh an t-oifigeach clárathachta an scríbhinn sin tré chóipeanna den scríbhinn do chur ar fáil chun a n-iniúchta in' oifig le linn gnáth-tráthanna oifige agus tré fhógra do phostáil in áit éigin so-fheicse ar an dtaobh amuich dá oifig agus cuntas ann ar na huaire ina bhféadfar an scríbhinn sin d'iniúcha in' oifig.
14. Chun ullamhuithe an Chéad Chláir a hullamhófar fén Acht so deanfaidh an t-oifigeach clárathachta, chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so, fuirm éilimh den tsórt a luaidhtear i Riail 3 den Sceideal so do chur chun gach duine 'na bhfuil a ainm ar an gclár san de thoghthóirí atá i bhfeidhm i gcóir an dáilcheanntair ar dháta rithte an Achta so, agus fós chun gach duine eile a dheabhruíonn a bheith cáilithe chun bheith 'na thogthóir sa dáilcheanntar do réir annálacha na Príomh-scoile a dhineann suas an dáilcheanntar. Ullamhóidh an t-oifigeach clárathachta an clár ansan ar an gcuma atá leagtha amach sna rialacha a théidheann roimhe seo, ach amháin ná bainfidh leis an gCéad Chlár a hullamhófar fén Acht so, ná leis na gníomhartha, na rudaí agus na nithe iolartha a bheidh le déanamh no le fágaint gan déanamh le linn a ullmhuithe sin, iolartha a horduítear leis na rialacha so mar dhátaí gur rómpa no orra no ina ndiaidh a bheidh le déanamh no le fágaint gan déanamh na gníomhartha, na rudaí agus na nithe iolartha fé seach 'na n-éilíd na rialacha san ar an oifigeach clárathachta no ar éinne eile iad do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh, agus in ionad na ndátaí sin ceapfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, le hordú, na dátaí fé seach gur rómpa no orra no ina ndiaidh a déanfar, no a fágfar gan déanamh, na gníomhartha, na rudaí agus na nithe iolartha san fé seach i dtaobh an Chéad Chláir a hullamhófar fén Acht so agus i dtaobh ullamhú an chláir sin.
AN TREAS SCEIDEAL.
Rialacha do Thoghacháin do réir Ionadaiochta Cothromúla.
1. Is do réir na rialacha so leanas a déanfar an toghachán.
2. Le linn do thoghthóir a vóta a thabhairt—
(a) caithfidh sé an figiúir 1 do chur ar a pháipeur ballóide os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil;
(b) féadfa sé ina theannta san na figiúirí 2 agus 3, no 2, 3, agus 4, agus mar sin leis, do chur ar a pháipeur ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ordú a rogha.
3. (1) Nuair a bheidh na páipéirí ballóide meascaithe do réir na Rialacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, déanfaidh an ceann comhrimh, tar éis diúltú d'aon chuid aca a bheidh gan éifeacht, féachaint chuige go ndéanfar beartanna de sna páipéirí ballóide do réir na bpríomh-roghna do breacadh do gach iarrthóir.
(2) Déanfaidh an ceann comhrimh ansan an méid páipérí a bheidh i ngach beart do chomhreamh, agus cuirfe sé i leith gach iarrthóra oiread vótanna agus bheidh ann de pháipéirí éifeachtacha ar ar breacadh príomhrogha don iarrthóir sin, agus déanfa sé amach uimhir lán-iomlán na bpáipéirí éifeachtacha go léir.
4. Déanfaidh an ceann comhrimh ansan uimhir lán-iomlán na bpáipéirí éifeachtacha go léir do roinnt ar uimhir a bheidh aon thar uimhir na bhfolúntaisí a bheidh le líona. An uimhir a bheidh aon thar tora na roinne sin, gan aon iarmhar briste do bhac, isí sin uimhir vótanna is leor chun iarrthoir do thogha. An “quota” a tugtar an an uimhir sin anso.
5. Más ionann agus an quota, no más mó ná an quota, an méid vótanna a bheidh curtha i leith aon iarrthóra i ndeire aon chomhrimh, tuigfear an t-iarrthóir sin do bheith tofa.
6. (1) Más mó ná an quota an méid vótanna a bheidh curtha i leith aon iarrthóra i ndeire aon chomhrimh aistreofar an barrachas do réir forálacha na Riala so chun an iarrthóra leanúnaigh no na n-iarrthóirí leanúnacha a tespeántar ar na páipéirí ballóide i mbeart no i bhfo-bheart an iarrthóra thofa do réir na gcéad roghna infheadhma eile a breacadh orra.
(2) (a) Más bun-vótanna amháin na vótanna a cuireadh i leith iarrthóra thofa scrúdóidh an ceann comhrimh gach páipeur i mbeart an iarrthóra thofa 'na mbeidh a bharrachas len' aistriú agus déanfa sé fo-bheartanna de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile a breacadh orra.
(b) Más bun-vótanna agus vótanna aistrithe, no más vótanna a strithe amháin, na vótanna a cuireadh i leith iarrthóra thofa, scrúdóidh an ceann comhrimh na páipéirí a bheidh sa bhfo-bheart is déanaí do fuair an t-iarrthóir tofa agus, de sna páipéirí ionaistrithe a bheidh ann, déanfaidh sé tuille fo-bheartanna do réir na gcéad roghna infheadhma eile a breacadh orra.
(c) I gceachtar de sna cásanna dá dtagartar i míreanna (a) agus (b) den bhfo-alt so déanfaidh an ceann comhrimh fo-bheart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe, agus déanfa sé amach an méid páipéirí atá i ngach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe, agus sa bhfo-bheart de pháipéirí neamh-ionaistrithe.
(3) Más ionann an barrachas agus lán-uimhir na bpáipéirí sna fobheartanna de pháipéirí ionaistrithe, no más mó ná san é, aistreoidh an ceann comhrimh gach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe chun an iarrthóra leanúnaigh a tespeántar orra mar chéad rogha infheadhma eile ag na vótáluithe:
Ach nuair is mó an barrachas ná an lán-uimhir sin déanfar fo-bheart d'oiread páipéirí neamh-ionaistrithe agus bheidh ionann leis an deifríocht idir an lán-uimhir sin agus an barrachas agus cuirfear i leataoibh na páipéirí a bheidh sa bhfo-bheart san agus ní bacfar iad a thuille agus chun crícheanna Riail 11 gairmfar páipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh agus déanfar fo-bheart den bhfuigheall de pháipéirí neamh-ionaistrithe, leis, agus cuirfar iad le páipéirí an iarrthóra a tuigfear a bheith tofa.
(4) (a) Más lú an barrachas ná lán-uimhir na bpáipéirí ionaistrithe, aistreoidh an ceann comhrimh, as gach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe, chun an iarrthóra leanúnaigh a tespeántar orra mar chéad-rogha infheadhma eile ag na vótáluithe, aistreoidh sé an uimhir sin de pháipéirí 'na mbeidh idir í agus an méid páipéirí a bheidh sa bhfo-bheart an cothrom céanna a bheidh idir an mbarrachas agus lán-uimhir na bpáipéirí ionaistrithe
(b) Tré uimhir pháipéirí an fho-bhirt d'iomadú fé uimhir an bharrachais agus an tora do roinnt ar lán-uimhir na bpáipéirí ionaistrithe isea a déanfar amach cá mhéid páipeur a bheidh len' aistriú as gach fo-bheart. Déanfar nóta de sna hiarmhair, má bhíd ann, i ngach tora roinne a déanfar amach i dtaobh gach iarrthóra.
(c) Má thagann as a leithéidí sin d'iarmhair do bheith ann gur lú ná an barrachas an méid páipéirí a bheidh len' aistriú, tógfar do réir ord a méide, ón gceann is mó anuas, oiread de sna hiarmhair sin agus is gá chun an lán-uimhir de pháipéirí a bheidh len' aistriú do dhéanamh ionann leis an mbarrachas, agus áireofar ina n-aon iad agus gheofar thar an gcuid eile de sna hiarmhair.
Más có-mhéid dhá iarmhar no breis tuigfear an t-iarmhar san a eireoidh as an bhfo-bheart is mó, tuigfar é do bheith ar an iarmhar is mó, agus más có-mhéid na fo-bheartanna san, tabharfar tosaíocht don iarrthóir is mó a fuair bun-vótanna. I gcás uimhreacha na mbun-vótanna san do bheith có-mhéid, féachfar cá mhéid vóta ar fad a cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin, sa chéad chomhreamh ina raibh uimhir neamh-ionann de vótanna aca, agus an t-iarmhar a cuireadh i leith an iarrthóra ba líonmhaire vóta sa chomhreamh san tuigfar é do bheith ar an iarmhar is mó. I gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca iarmhar a tuigfear a bheith ar an iarmhar is mó.
(d) Isiad páipéirí áirithe a bheidh len' aistriú as gach fo-bheart ná na cinn is déanaí a cuireadh i ngach fo-bheart agus déanfar gach páipeur a haistreofar amhlaidh do mharcáil, do stampáil no do pholla ar chuma a thespeánfaidh uimhir an chomhrimh in ar dineadh an t-aistriú.
(5) Déanfar aon bharrachas a eireoidh i ndeire comhrimh ar bith d'aistriú roimh aon bharrachas a eireoidh i gcomhreamh ina dhiaidh sin: Ach—
(a) ní fhágann san nách foláir don cheann comhrimh barrachas iarrthóra thofa d'aistriú nuair is lú an barrachas san, maraon le haon bharrachas eile neamh-aistrithe, ná an deifríocht idir na huimhreacha vótanna a cuireadh i leith an dá iarrthóir leanúnacha is ísle agus nuair is mó ná trian an quota an uimhir vótanna a cuireadh i leith an iarrthóra is ísle sa chomhreamh san:
(b) aon bharrachas a bheidh chó mór, no níos mó, leis an deifríocht a bheidh idir na huimhreacha vótanna a cuireadh i leith an dá iarrthóir is ísle aistreofar é roimh aon bharrachas is lú ná an deifríocht san;
(c) má bhíonn dhá bharrachas ann no breis, agus gach ceann aca níos lú an deifríocht a bheidh idir na huimhreacha vótanna a cuireadh i leith an dá iarrthóir is ísle, isé an barrachas is mó dhíobh is túisce a haistreofar agus san gan féachaint chun an chomhrimh as ar éirigh sé.
(6) Nuair a eireoidh dhá bharrachas no breis as an aon chomhreamh amháin is leis an gceann is mó dhíobh is túisce deighleálfar agus deighleálfar leis na cinn eile do réir ord a méide.
(7) Más ionann barrachas do gach duine de bheirt no breis iarrthóirí agus san ag éirghe as an aon chomhreamh amháin féachfar cá mhéid bun-vóta a fuair gach iarrthóir fé leith, agus is le barrachas an iarrthóra is líonmhaire vóta ina leith is túisce a deighleálfar.
I gcás ionannas idir uimhreacha na mbun-vótanna san, féachfar cá mhéid vóta ar fad a cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh ina raibh neamh-ionannas vótanna eatorra, agus is le barrachas an iarrthóra is líonmhaire vóta sa chomhreamh san is túisce a deighleálfar.
I gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh, cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca barrachas díobh is túisce le n-a ndeighleálfa sé.
7. (1) Má ráiníonn aon uair gan barrachas do bheith ag aon iarrthóir in aon chor (no, fén Riail seo roimhe seo, gan gá do bheith le barrachas a bheidh ann d'aistriú agus é d'fhanúint gan aistriú) agus go mbeidh folúntas no folúntaisí gan líona, déanfaidh an ceann comhrimh an t-iarrthóir is lú líon vótanna do chur as agus páipéirí uile an iarrthóra san do scrúdú, agus fo-bheartanna do dhéanamh de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile a breacadh orra d'iarrthóirí leanúnacha, agus gach fo-bheart d'aistriú chun an iarrthóra dár breacadh an rogha san, agus fo-bheart fé leith do dhéanamh de sna páipéirí neamhionaistrithe. Cuirfear na páipéirí neamh-ionaistrithe i leataoibh mar pháipéirí 'na bhfuiltear réidh ar fad leo agus chun crícheanna Riail 43 sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so gairmfear páipéirí neamhionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh.
(2) I gcás iomlán vótanna na beirte no breis iarrthóirí is ísle mar aon le haon bharrachas neamh-aistrithe do bheith fé bhun an méid vótanna do cuireadh i leith an chéad iarrthóra eile is aoirde agus an méid vótanna do cuireadh i leith an iarrthóra is ísle do bheith os cionn trian an quota, féadfaidh an ceann comhrimh, d'aon iarracht amháin, na hiarrthóirí sin do chur as agus a vótanna d'aistriú do réir Riail 7 (1).
(3) Nuair nách foláir fén Riail seo iarrthóir do chur as, agus a bheidh beirt no breis iarrthóirí có-líonmhar vótanna agus iad ar deire féachfar cá mhéid bun-vóta do cuireadh i leith gach iarrthóra dhíobh san, agus cuirfear as an t-iarrthóir is lú líon bun-vótanna, agus i gcás ionannas bun-vótanna eatorra, féachfar cá mhéid vóta ar fad do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh ina raibh neamh-ionannas vótanna eatorra agus cuirfear as an t-iarrthóir ba lú líon vótanna sa chomhreamh san, agus, i gcás ionnanas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh, cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca dhíobh a cuirfear as.
8. (1) Aon uair a déanfar aon aistriú fé aon Riail díobh san roimhe seo, déanfar gach fo-bheart de pháipéirí a haistríodh do chur ar bharr an bhirt, má bhíonn ann, de pháipéirí a bheidh ag an iarrthóir 'nar dineadh an t-aistriú chuige, agus cuirfear i leith an iarrthóra san oiread vótanna agus a haistríodh chuige de pháipéirí.
(2) Má bhíonn barrachas ag iarrthóir tar éis aon aistrithe, deighleálfar leis an mbarrachas san do réir na bhforálacha atá i Riail 6 agus gan dochar dóibh sara gcuirfear aon iarrthóir eile as.
9. (1) Nuair is có-líonmhar na hiarrthóirí leanúnacha agus na folúntaisí a fhanann gan líona, tuigfear ansan na hiarrthóirí leanúnacha a bheith tofa.
(2) Nuair ná beidh ach aon fholúntas amháin gan líona, agus a bheidh vótanna aon iarrthóra leanúnaigh amháin éigin níos líonmhaire ná iomlán vótanna uile na n-iarrthóirí leanúnacha eile, maraon le haon bharrachas neamh-aistrithe, tuigfear ansan an t-iarrthóir sin do bheith tofa.
(3) Nuair is féidir na folúntaisí deiridh do líona fén Riail seo, ní gá aon aistriú eile vótanna do dhéanamh nuair is mó ná trian an quota an méid vótanna a cuireadh i leith gach n-aon de sna hiarrthóirí leanúnacha dá dtagartar i Riail 9 (2) agus ná tuigtar a bheith tofa.
10. (1) I ndeire aon chomhrimh féadfidh aon iarrthóir no a ghníomhaire a iarraidh ar an gceann comhrimh gach ceann no aon cheann de sna páipéirí le n-ar deighleáladh le linn an chomhrimh sin d'ath-scrúdú agus d'ath-chomhreamh agus déanfaidh an ceann comhrimh dá réir sin na páipéirí do luadhadh leis d'ath-scrúdú agus d'ath-chomhreamh láithreach gan aon atharuithe do dhéanamh ar chóiriú na bpáipéirí sna beartanna éagsamhla, ach amháin i gcás a leithéidí sin d'atharuithe do bheith riachtanach de dheascaibh aon earráide do nochtadh san ath-chomhreamh. Féadfaidh an ceann comhrimh, leis, más maith leis é, páipéirí d'ath-chomhreamh aon uair amháin no níos minicí in aon chás ná beidh sé sásta i dtaobh aon chomhreamh áirithe do bheith déanta go cruinn: Ach ní chuirfidh éinní anso d'oblagáid ar an gceann comhrimh an t-aon bheart amháin páipéirí d'ath-chomhreamh níos mó ná aon uair amháin.
(2) I gcás achuinge toghacháin beidh ar chomhacht de chomhachta na Cúirte a ordú go ndéanfar na páipéirí ballóide go léir no aon chuid aca d'ath-chomhreamh, agus tora an toghacháin do dhéanamh amach do réir na Rialacha so.
(3) In aon ath-chomhreamh den tsórt san, geobhaidh gach páipeur an cúrsa céanna do ghaibh sé sa chéad chomhreamh vótanna ach amháin go ndéanfar an gnó do réir pé atharuithe is gá a dhéanamh de dheascaibh aon ordú a bheidh déanta ag an gCúirt.
11. (1) Má eiríonn aon cheist i dtaobh aon iarrthóir do chur as fé Riail 7 no i dtaobh aon aistriú vótanna, ní bheidh dul thar breith an chinn chomhrimh, pe'ca é féin no a ghníomhartha adéarfaidh an bhreith sin, mara ndéanfaidh aon iarrthóir no a ghníomhaire agóid i scríbhinn agus foraisí na hagóide ráite inti do thabhairt don cheann comhrimh roimh fhógairt tora na vótaíochta, agus sa chás san féadfar breith an chinn chomhrimh do chlaochló de dheascaibh achuinge toghacháin.
(2) Má claochluítear amhlaidh aon bhreith dá ndéanfaidh an ceann comhrimh beidh gan bhrí an t-aistriú a bheidh i gceist agus gach oibriú a lean é agus féadfaidh an chúirt a ordú cadé an t-aistriú a bheidh le déanamh in ionad an aistrithe sin i gceist, agus féadfa sí féachaint chuige go ndéanfar na hoibrithe a bheidh le déanamh i ndiaidh an aistrithe, agus go ndéanfar amach tora an toghacháin do réir na Rialacha so.
12. Sna Rialacha so—
(1) Ciallíonn an abairt “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir ná tuigfar a bheith tofa agus ná beidh curtha as.
(2) Cialluíonn an focal “príomh-rogha” an figiúir “1” ina sheasamh in' aonar; cialluíonn an abairt “dara rogha” an figiúir “2” ina sheasamh in' aonar i ndiaidh an fhigiúra “1,” agus cialluíonn an abairt “treas rogha” an figiúir “3” ina sheasamh in' aonar i ndiaidh na bhfigiúirí “1” agus “2” os coinne ainm aon iarrthóra, agus mar sin de.
(3) Cialluíonn an abairt “an chéad rogha infheadhma eile” dara rogha no rogha eile 'na dhiaidh sin a breacfar ar ordú uimhreach có-leantach d'iarrthóir leanúnach, gan áird ar an gcéad rogha eile thiocfidh in ordú ar an bpáipeur ballóide d'iarrthóirí a tuigfar a bheith tofa no curtha as cheana.
(4) Cialluíonn an abairt “páipeur ionaistrithe” páipeur ballóide ar ar dineadh, tar éis príomh-rogha, dara rogha no rogha ina dhiaidh sin do bhreaca ar órdú uimhreach có-leantach d'iarrthóir leanúnach.
(5) Cialluíonn an abairt “páipeur neamh-ionaistrithe” páipeur ballóide ná beidh aon dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha air d'iarrthóir leanúnach:
Ach tuigfar páipeur do bheith iompuithe ina pháipeur neamh-ionaistrithe—
(a) má bhíonn ainmneacha beirt iarrthóirí no breis (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad no nách ea) marcálta leis an aon uimhir amháin agus gurb iad is túisce arís san ordú roghnachta; no
(b) má bhíonn ainm an iarrthóra is túisce arís san ordú roghnachta (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nách ea) marcálta
(i) le huimhir ná leanfidh go có-leantach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipeur ballóide; no
(ii) le dhá uimhir no breis; no
(c) má bhíonn sé gan bhrí de dheascaibh dabhta.
(6) Cialluíonn an focal “bun-vóta,” i dtaobh aon iarrthóra, vóta do fuarthas ó pháipeur ballóide ar ar breacadh príomh-rogha don iarrthóir sin.
(7) Cialluíonn an abairt “vóta aistrithe,” i dtaobh aon iarrthóra, vóta do fuarthas ó pháipeur ballóide ar ar breacadh dara rogha no rogha ina dhiaidh sin don iarrthóir sin.
(8) Cialluíonn an focal “barrachas” an méid thar an quota a bheidh líon na vótanna go léir, idir bhun-vótanna agus vótanna aistrithe, a cuirfear i leith aon iarrthóra
(9) Cialluíonn an focal “comhreamh” —
(a) gach ní is gá do dhéanamh i gcomhreamh príomh-roghna a bheidh breactha d'iarrthóirí; no
(b) gach ní is gá do dhéanamh chun barrachas iarrthóra thofa d'aistriú; no
(c) gach ní is gá do dhéanamh chun vótanna iarrthóra a bheidh curtha as d'aistriú.
10. Cialluíonn an abairt “tuigfar..a bheith tofa” go dtuigfar..a bheith tofa chun críche an chomhrimh vótanna ach gan dochar d'fhógairt tora na vótaíochta.
11. Cialluíonn an abairt “cinnfidh..le crannchur” cinne do réir na treorach so leanas:—Déanfar ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbaineann an gnó do scríobh ar bhlúiríocha cosúla páipéir, agus na blúiríocha san d'fhille i dtreo ná haithneofar thar a chéile iad agus iad do mheasca agus do tharrac gan eagar gan ordú, agus déanfar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí a bheidh le cur as do chur as ar an ordú san ina dtarraiceofar a n-ainmneacha agus, i gcásanna barrachaisí, déanfar na barrachaisí d'aistriú ar an ordú san ina dtarraiceofar na hainmneacha.
AN CEATHRU SCEIDEAL.
Rialacha Vótála do Phost-Vótáluithe.
1. (1) Na páipéirí ballóide a cuirfar chun post-votáluithe beid do réir na fuirme, gan aon phioc defríochta, a bheidh ar na páipéirí a tabharfar do vótáluithe eile.
(2) An fhaisnéis chéannachta a cuirfar chun post-vótáluithe maraon leis an bpáipeur ballóide beidh sí sa bhfuirm a bheidh orduithe agus beidh cló-bhuailte ar a cúl na treoracha don votálaí a bheidh orduithe.
2. (1) Féadfaidh an ceann comhrimh, a chongantóiri agus a chléirigh, gníomhaire toghacháin gach iarrthóra no duine éigin a bheidh ceaptha ag an ngníomhaire sin ach ní héinne eile, féadfaid bheith i láthair na n-imeachta le linn na páipéirí ballóide do bheith á gcur amach agus le linn boscaí ballóide na bpost-vótáluithe agus na clúdaigh ionta do bheith á n-oscailt.
(2) I gcás na páipéirí ballóide do bheith le cur amach no na clúdaigh a bheidh i mboscaí ballóide na bpost-vótáluithe do beith len' oscailt ina dhá roinn no ina mbreis agus dá roinn san am gcéanna, féadfaidh gníomhaire toghacháin gach iarrthóra pé méid daoine do cheapa agus a údaróidh an ceann comhrimh dó do cheapa, méid ná raghaidh thar uimhir na ranna san, chun bheith i láthair, 'na theannta no thar a cheann, le linn an chur amach no na hoscailte sin:
Ach ní údaróidh an ceann comhrimh d'aon ghníomhaire toghacháin níos mó daoine do cheapa ná aon ghníomhaire toghacháin eile.
3. (1) Ar dháta nách déanaí ná an lá deiridh chun ainmniúcháin iarrthóirí i dtoghachán do ghlaca, fogróidh an ceann comhrimh do ghníomhaire gach iarrthóra cathain agus canad go gcuirfe sé amach na páipéirí ballóide, agus cá mhéid duine a fhéadfaidh gach gníomhaire do cheapa chun bheith i láthair an chur amach san.
I gcás páipéirí ballóide do bheith á gcur amach ina dhiaidh sin, fógróidh an ceann comhrimh do ghníomhaire toghacháin gach iarrthóra, chó luath agus is féidir é, cathain agus canad go ndéanfa sé an cur amach eile sin agus cá mhéid duine a fhéadfaidh gach gníomhaire a cheapa chun bheith i láthair an chur amach san.
2) Marcálfar leis an marc oifigiúil, stampálta no pollta, dhá thaobh gach páipéir bhallóide a cuirfar amach, agus glaofar amach uimhir, ainm agus tuairisc an toghthóra fé mar a bheid ráite ar an liost de phost-vótáluithe agus marcálfar an uimhir sin ar an gcó-dhuille, agus cuirfear marc ar chóip de liost na bpost-vótáluithe os coinne uimhir an toghthóra chun a thespeáint gur cuireadh páipeur ballóide chun an toghthóra, ach gan a thespeáint ce'ca páipeur ballóide a cuireadh chuige.
(3) Iontrálfaidh an ceann comhrimh no féachfa sé chuige go marcálfar uimhir an pháipéir bhallóide ar an bhfuirm faisnéise céannachta.
(4) Cuirfidh an ceann comhrimh i gclúdach ar a mbeidh seola breactha an phost-vótáluithe —
(a) An páipeur ballóide;
(b) an fhuirm fhaisnéise céannachta;
(c) clúdach ar a mbeidh seola an chinn chomhrimh (clúdach dá ngairmfear as so amach “clúdach clúdacháin”);
(d) clúdach is lú ná san agus “clúdach an pháipéir bhallóide” marcálta air agus uimhir an pháipéir bhallóide air;
agus dúnfa sé an clúdach céad-luaidhte sin go daingean.
Beidh na clúdaigh sin a luadhadh thuas do réir na bhfuirmeacha órduithe.
(5) Comhreofar na clúdaigh go léir ar a mbeidh seolta na bpost vótáluithe agus déanfaidh an ceann comhrimh iad do bhreith leis láithreach go dtí an Phost-oifig Cheannais is goire dho, no go dtí pé oifig eile ar a mbeidh socair aige leis an bPost-Mháistir Ceannais, agus stampálfaidh an Post-Mháistir le dát-stampa na Post-oifige fuirm admhála, a bheidh ar an gceann comhrimh a thabhairt do, agus ar a mbeidh ráite cá mhéid clúdach a tugadh do mar sin, agus cuirfe sé na clúdaigh sin chun siúil láithreach chun iad do sheachada do sna daoine 'na mbeidh a seolta ortha.
(6) I gcás clúdach 'na mbeidh páipeur ballóide maraon leis na scríbhinní eile dá dtagartar sa riail seo do theacht thar n-ais chun an chinn chomhrimh toisc nár seachadadh do phost-vótálaí é, féadfaidh an ceann comhrimh an clúdach d'ath-sheola go dtí aon tseola go dtí n-a bhféadfadh sé páipeur ballóide do chur don vótálaí sin dá mbeadh sé á chur chun siúil aige mar an gcéad uair.
4. (1) Soláthróidh an ceann comhrimh bosca ballóide no boscaí ballóide i gcóir na gclúdach gclúdacháin a thiocfaidh thar n-ais ó sna vótáluithe.
(2) Déanfar gach bosca ballóide den tsórt san do thespeáint ar oscailt agus folamh do sna gníomhairí a bheidh i láthair agus do shéala le séala an chinn chomhrimh agus le séala gach gníomhaire gur mian leis a shéala do chur air, agus marcálfar “bosca ballóide post-vótáluithe” agus ainm an dáilcheanntair air, agus déanfaidh an ceann comhrimh socrú chun na boscaí ballóide sin do chur i slán-chimeád.
5. Láithreach tar éis na clúdaigh clúdacháin d'fháil do cuirfidh an ceann comhrimh i mbosca ballóide post-vótáluithe iad gan iad d'oscailt.
6. (1) Osclóidh an ceann comhrimh boscaí ballóide na bpost-vótáluithe i bhfianuise na ngníomhairí roimh an am a bheidh ceaptha chun na vótanna do chomhreamh.
(2) Tabharfaidh an ceann comhrimh i scríbhinn do ghníomhaire toghacháin gach iarrthóra fógra cheithre huaire fichead ar a luíod á rá cathain agus canad go n-osclóidh sé boscaí ballóide na bpost-vótáluithe agus na clúdaigh a bheidh ionta, agus cá mhéid duine a fhéadfaidh an gníomhaire sin a cheapa chun bheith i láthair agus an oscailt á dhéanamh
(3) Nuair a hoscalófar bosca ballóide post-vótáluithe déanfaidh an ceann comhrimh na clúdaigh do chomhreamh agus a líon do nótáil, agus gach clúdach clúdacháin fé leith d'oscailt ansan agus an fhaisnéis chéannachta do scrúdú agus an uimhir a bheidh uirri do chur i gcompráid leis an uimhir a bheidh ar chlúdach an pháipéir bhallóide.
(4) Más mar a chéile an dá uimhir agus go bhfaighfear an fhaisnéis chéannachta bheith sighnithe agus dílse-dhearbhuithe mar is cuibhe cuirfe sé an fhaisnéis chéannachta agus clúdach an pháipéir bhallóide i dhá soitheach fé leith.
(5) Más rud é ná beidh sé sásta gur sighníodh agus gur dílse-dhear bhuíodh an fhaisnéis chéannachta go cuibhe scríofa sé “diúltuíodh don vóta” ar chúl na faisnéise céannachta, agus ceanglóidh sé clúdach an pháipéir bhallóide dhi, gan an clúdach san d'oscailt, no, mara mbeidh an clúdach san ann, ceanglóidh sé an páipeur ballóide dhi.
(6) Má fhaghann sé nách mar a chéile an uimhir a bheidh ar an bhfaisnéis chéannachta agus an uimhir a bheidh ar chlúdach an pháipéir bhalloide, no má bhíonn an clúdach gan aon uimhir air, osclóidh sé an clúdach, agus más mar a chéile an uimhir ar an bpáipeur ballóide agus an uimhir ar an bhfaisnéis chéannachta cuirfe sé an páipeur ballóide sa bhosca ballóide dá dtagartar i Riail 8 (2) den Sceideal so.
(7) I ngach cás nách mar a chéile an uimhir ar an bpáipeur ballóide agus an uimhir ar an bhfaisnéis chéannachta cuirfe sé an páipeur ballóide thar n-ais ina chlúdach (má bhíonn ann), déanfa sé an clúdach san no an páipeur ballóide sin, pe'ca dhíobh é, do cheangal den fhaisnéis chéannachta, agus scríofa sé “diúltuíodh don vóta” ar chúl na faisnéise céannachta.
(8) Mara bhfeictear faisnéis chéannachta i dteannta chlúdach an pháipéir bhallóide, osclóidh an ceann comhrimh an clúdach, agus má fachtar an fhaisnéis chéannachta do bheith ann deighleálfa se leis an bhfaisnéis sin agus leis an bpáipeur ballóide sin do réir na rialacha sa Sceideal so.
(9) Marcálfar “diúlta” ar aon fhaisnéis ná beidh páipeur ballóide ag gabháil léi agus ar aon pháipeur ballóide ná beidh faisnéis chéannachta ag gabháil leis.
(10) Má fachtar páipeur ballóide agus faisnéis chéannachta in éineacht agus gur dhá mhar a chéile na huimhreacha a bheidh ortha, ní diúltófar don pháipeur ballóide de dheascaibh an páipeur ballóide agus an fhaisnéis chéannachta no ceachtar aca do bheith gan cur isteach sna clúdaigh cearta no sa chlúdach cheart ná de dheascaibh aon chlúdach den tsórt san do bheith gan bheith dúnta.
7. (1) Tespeánfaidh an ceann comhrimh do sna gníomhairí aon fhaisnéis chéannachta 'na mbeidh sé ar aigne aige diúlta dhi toisc gan a bheith sighnithe agus dílse-dhearbhuithe mar is díol, agus má chuireann aon ghníomhaire i gcoinnibh a bhreithe cuirfe sé leis an gcúl-scríbhinn na focail “cuireadh i gcoinnibh an diúlta.”
(2) Cimeádfaidh an ceann comhrimh ar deighilt ó scríbhinní eile na faisnéisí diúlta go léir maraon leis na clúdaigh no na páipéirí ballóide, pe'ca dhíobh é, a bheidh ag gabháil leo.
8. (1) Tar éis a mbeidh de chlúdaigh chlúdacháin in aon bhosca ballóide post-vótáluithe d'oscailt agus tar éis deighleáil le n-a mbeidh ionta do réir an dá riail sin roimhe seo, osclóidh an ceann comhrimh clúdach neamh-oscailte gach páipéir bhallóide agus cuirfe sé i gcompráid le n-a chéile an uimhir a bheidh ar an gclúdach agus an uimhir a bheidh ar an bpáipeur ballóide.
(2) Más dhá mhar a chéile na huimhreacha cuirfe sé an páipeur ballóide i mbosca ballóide do thespeáin agus do shéaluigh sé roimhe sin ar an gcuma a foráltar i Riail 4 den Sceideal so, bosca ballóide a háireofar mar bhosca ballóide chun críche Riail 32 i gCuid I. den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(3) Maran dá mhar a chéile na huimhreacha marcálfa sé “diúltuithe” ar an bpáipeur ballóide agus ceanglóidh sé den chlúdach é.
9. (1) Chó luath agus is féidir é tar éis cur-amach na bpáipéirí ballóide do chríochnú agus i bhfianuise na ngníomhairí, déanfaidh an ceann comhrimh pacáidí fé leith den chóip mharcálta de liost na bpost-vótáluithe agus de chó-dhuillí na bpáipéirí ballóide, agus séalófar iad le n-a shéala féin agus le séalaí pé gníomhairí gur maith leo a séalaí do chur orra:
Ach i gcás aon pháipéirí ballóide do bheith á gcur amach ina dhiaidh sin féadfaidh an ceann comhrimh, chun crícheanna an chur-amach san, an phacáid shéaluithe ina mbeidh an chóip mharcálta de liost na bpostvótáluithe d'oscailt, agus ar chríochnú an chur-amach san déanfar suas agus séalófar do réir na riala an liost agus có-dhuillí na bpáipeur ballóide a bhí sa chur-amach san.
(2) Chó luath agus a bheidh deire ag an gceann comhrimh le cur na bpáipéirí ballóide sa bhosca bhallóide a luaidhtear i Riail 8 (2) den Sceidea so séalóidh sé i bpacáidí fé leith (1) na faisnéisí céannachta a bhí ag gabháil le haon pháipéirí ballóide le n-ar glacadh go cuibhe; (2) aon fhaisnéisí céannachta dar diúltuíodh; agus (3) aon pháipéirí ballóide dár diúltuíodh; agus na clúdaigh (má bhíd ann) ceangailte dhíobh sa dá chás deiridh sin.
(3) Má fhaghann an ceann comhrimh clúdaigh chlúdacháin tar éis críochnú na vótaíochta, no má cuirtear thar n-ais, toisc nár seachadadh iad, aon chlúdaigh a seoladh go dtí post-vótáluithe, ní osclóidh an ceann comhrimh na clúdaigh sin agus (gan dochar d'aon chomhacht chun an céanna d'ath-sheola) séalóidh sé i bpacáidí fé leith iad.
(4) Cuirfidh an ceann comhrimh go dtí Cléireach na Dála, san am gcéanna ina gcuirfe sé uaidh na scríbhinní a luaidhtear i Riail 36 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so—
(a) aon phacáid dá dtagartar sna forálacha san roimhe seo den Riail seo; agus
(b) ráiteas i pé fuirm a órdóidh an t-Aire um Rialtas Aitiúl agus uimhir na bpáipéirí a cuireadh chun post-vótáluithe curtha síos ann mar aon le pé mion-innste a éileoidh an fhuirm i dtaobh na bpáipéirí sin.
(5) Aon chlúdaigh a cuirfear thar n-ais mar chlúdaigh nea-sheachadta agus aon chlúdaigh chlúdacháin a gheobhaidh an ceann comhrimh, tar éis na pacáidí sin roimh-ráite do chur go dtí Cléireach na Dála, cimeádfar iad gan oscailt agus cuirfear chun siúil iad ina dhiaidh sin.
10. Bainfid Rialacha 37, 38, 39, 40 agus 41 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so le scríbhinní a chuirfid na Cinn Chomhrimh ag triall ar Chléireach na Dála fén Riail sin roimhe seo dhe seo ar an gcuma gcéanna go mbainid na Rialacha san leis na scríbhinní dá sórt a luaidhtear sna Rialacha san.
11. Bainfid Rialacha 47, 48 agus 53 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so leis na nithe le n-a ndeighleáltar sa Sceideal so díreach mar a dhéanfaidís dá gcuirtí síos anso iad, agus bainfid Rialacha 49, 50 agus 51 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so le gach gníomhaire den tsórt a mínítear sa Sceideal so agus san ar an gcuma gcéanna go mbainid na Rialacha san leis na gníomhairí a luaidhtear ionta.
12. Gach ceann comhrimh agus gach oifigeach, cléireach no gníomhaire 'na mbeidh údarás aige bheith páirteach in obair na bpáipéirí ballóide do chur amach go dtí post-vótáluithe no in obair oscailt na gclúdach ina mbeidh páipéirí ballóide a chuireadar post-vótáluithe isteach, no bheith i láthair na hoibre sin, déanfaidh siad, sara mbeid páirteach no i láthair mar sin, geallúint do shighniú sa bhfuirm a bheidh orduithe go gcimeádfaid rún ar an mballóid.
13. Sa Sceideal so foluíonn an focal “gníomhaire” an gníomhaire toghacháin a bheidh ag iarrthóir, agus aon duine a ceapfar ag aon ghníomhaire toghacháin den tsórt san chun bheith i láthair le linn páipéirí ballóide post-vótáluithe do bheith á gcur-amach no á n-oscailt.
14. Chun crícheanna an Sceidil seo isí uimhir a bheidh ag post-vótálaí ná pé uimhir a bheidh aige ar liost na bpost-vótáluithe.
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL.
CUID I.
Rialacha chun Dail-Toghachain do threora.
1. Laistigh de dhá lá tar éis an lá a gheobha sé an rit, tabharfaidh an Ceann Comhrimh fógra puiblí, idir a naoi a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog um thráthnóna, á rá ca lé an lá deiridh a ghlacfa sé ainmniúcháin agus (má bhíonn toghachán comhraic ann) cadé an lá a tógfar an vótaíocht agus cadiad na laethanta, na huaire agus an áit gur orra, eatorra agus ionta a féadfar fuirmeacha páipéiri ainmniúcháin d'fháil, agus cadí an aimsir gur le n-a linn, agus cadí an áit gurb ann, a bheidh sé i láthair chun páipéiri ainmniúcháin do ghlaca an lá a bheidh ceaptha mar lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca. I ngach dáilcheanntar contae déanfaidh an Ceann Comhrimh cóip den fhógra phuiblí sin roimh-ráite do chur tríd an bpost go dtí post-mháistir na príomh-oifige puist i ngach ceanntar vótaíochta sa dáilcheanntar tar éis é do chur i gclúdach no i bhfillteán 'na mbeidh na focail “Fógra Toghacháin” ar a chúl agus déanfaidh Oifig an Phuist an fógra san, agus é cúl-scríbhte mar sin, do chur chun siúil agus do sheachada in aisce agus, láithreach taréis é d'fháil do, déanfaidh gach Postmháistir, 'na gcuirfear cóip den fhógra san chuige, an céanna d'fhoillsiú ar an gcuma 'na bhfoillsítear Fógraí Post-Oifige do ghnáth.
2. Sí aimsir go mbeidh an ceann comhrimh i láthair le na linn chun ainmniúcháin do ghlaca an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca ná pé dhá uair a'chluig as a chéile (agus sé gairmtear sna Rialacha so den dá uair sin a chluig as a chéile ná “an aimsir chun ainmniúcháin do ghlaca”), idir a deich a chlog ar maidin agus a trí a chlog um thráthnóna, a cheapfaidh an ceann comhrimh agus beidh an ceann comhrimh i láthair ar feadh an dá uair sin a chluig as a chéile agus ar feadh uair a chluig láithreach ina dhiaidh sin san áit a cheapfa sé chun ainmniúcháin do ghlaca. Gach páipeur ainmniúcháin a seachadfar don cheann chomhrimh aon uair a ceaduítear leis an Acht so agus roimh thosach an dá uair sin a' chluig roimh-ráite, seachadfar mar sin é don cheann chomhrimh i bpearsain in aon áit ina bhfuighfear é, agus coimeádfaidh an ceann comhrimh é agus tespeánfa sé é i dtosach na dá uair sin a chluig roimh-ráite agus chun crícheanna na Rialacha so agus chun gach críche eile tuigfear gur i dtosach an dá uair sin a'chluig a seachadadh do é.
3. Ainmneofar gach iarrthóir le páipeur ainmniúcháin fé leith, agus féadfaidh aon toghthóir a ainm do chur (mar thairgtheoir, mar chuiditheoir no mar thoghthóir a thoilíonn) le hoiread páipéirí ainmniúcháin agus bheidh d'fholúntaisí le líona, ach ní le n-a thuille.
4. Tabharfar tuairisc gach iarrthóra ar an bpáipeur ainmniúcháin ar pé cuma is dó leis an gceann comhrimh is fearr chun an t-iarrthóir sin d'aithint; beidh sa tuairisc a ainmneacha, a áit chomhnuithe agus a chéim no a ghairm agus isé a shloinne a bheidh ar tosach in áireamh a ainmneacha.
Aon chur i gcoinnibh páipéir ainmniúcháin go mbeidh mar bhun leis gan tuairisc an iarrthóra sa pháipeur san do bheith dóthanach no gan an tuairisc do bheith do réir na Riala so, ní luálfar é ná ni tuigfear é do bheith éifeachtúil marab é an ceann comhrimh féin a dhéanfaidh é no mara dtabharfaidh duine éigin eile don cheann chomhrimh é i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán.
5. Gach lá, idir an lá ar a dtabharfar an fógra puiblí fé Riail l de seo agus an lá a bheidh ceaptha mar lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, beidh an ceann comhrimh i láthair chun fuirmeacha páipéirí ainmniúcháin do thabhairt amach i pé áit agus ar feadh pé dhá uair a' chluig as a chéile a shocróidh sé ar an gcuma roimh-ráite, ach an dá uair sin a' chluig do bheith idir a deich a chlog ar maidin agus a dó a chlog um thráthnóna, agus tabharfa sé fuirm no fuirmeacha páipéir ainmniúcháin d'aon toghthóir cláruithe a iarrfaidh an céanna i rith na haimsire roimh-ráite agus san áit roimh-ráite no i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán ach ní bheidh sé oblagáideach de bhárr éinní san Acht so úsáid do dhéanamh de pháipeur ainmniúcháin a thabharfaidh an ceann comhrimh amach más sa bhfuirm a horduítear leis an Acht so a bheidh an páipeur ainmniúcháin a húsáidfear.
6. Gach páipeur ainmniúcháin ná seachadfar don cheann chomhrimh roimh thosach aimsir ghlactha na n-ainmniúchán, seachadfar don cheann chomhrimh é i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán agus san áit a cheapfaidh an ceann comhrimh chuige sin fé Riail l de seo.
7. Isiad a bheidh i dteideal bheith i láthair na n-imeacht i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán ná an t-iarrthóir a bheidh ainmnithe le gach páipeur ainmniúcháin agus a thairgtheoir agus a chuiditheoir agus éinne amháin eile a phiocfa sé amach, agus sin a mbeidh ach amháin pé daoine a fhostóidh an ceann comhrimh chun cabhrú leis.
8. Más toghachán comhraic a bheidh ann fógróidh an ceann comhrimh, chó luath agus is féidir é tar éis an toghachán do chur ar ath-ló, fógróidh sé go puiblí lá tógtha na vótaíochta agus ainmneacha na n-iarrthóirí agus na mion-innste eile orra a gheofar ar a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach, agus ainmneacha na ndaoine do chuir ainm le páipeur ainmniúcháin gach iarrthóra, agus an t-órd ar a mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí i gcló ar an bpáipeur ballóide agus, i gcás toghacháin do dháilcheanntar chontae, seachadfa sé do phost-mháistir phríomh-oifig phuist an bhaile ina mbeidh áit ghlactha na n-ainmniúchán páipeur a bheidh sighnithe aige féin agus ar a mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí do hainmníodh agus ar a ndéarfar cadé an lá a tógfar an vótaíocht, agus déanfaidh an post-mháistir an t-eolas a bheidh ar an bpáipeur san do chur in aisce le telegraf go dtí na post-oifigí telegrafa go léir sa dáilcheanntar dá mbeidh an toghachán le comóra, agus foillseofar an t-eolas san láithreach ag gach oifig den tsórt san ar an gcuma inar gnáth fógraí post-oifige d'fhógairt.
9. Má tarraictear siar go cuibhe do réir forálacha an Achta so aon iarrthóir do hainmníodh go cuibhe, déanfaidh an ceann comhrimh ainm an iarrthóra san, agus ainmneacha na ndaoine do chuir ainm le páipeur ainmniúcháin an iarrthóra san, d'fhógairt go puiblí san am gcéanna agus ar an gcuma gcéanna ina dtabharfa sé fógra i dtaobh na n-iarrthóirí do hainmníodh no do toghadh.
10. Nuair a tabharfar aon pháipeur ainmniúcháin don cheann chomhrimh, foillseoidh sé láithreach ainm an tó do hainmníodh ar an bpáipeur san mar iarrthóir, agus ainmneacha a thairgtheora agus a chuiditheora, tré ainm an iarrthóra san agus ainmneacha a thairgtheora agus a chuiditheora do phóstáil suas no do chur á bpóstáil suas in áit so-fheicse lasmuich den fhoirgneamh 'na mbeidh an ceann comhrimh ag glaca ainmniúchán.
11. Ní bheidh éinne i dteideal a ainm do chur ar aon pháipeur ballóide mar iarrthóir mara n-ainmnítear é ar an gcuma a foráltar leis an Acht so, agus gach duine gur seachadadh, no go dtuigtar do réir na Rialacha so gur seachadadh a pháipeur ainmniúcháin don cheann comhrimh i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán, tuigfear gur ainmníodh é ar an gcuma a foráltar leis an Acht so mara ndéanfaidh an ceann comhrimh no duine éigin eile cur i gcoinnibh a pháipéir ainmniúcháin roimh chríochnú aimsir ghlactha na n-ainmniúchán no laistigh d'uair a' chluig ina dhiaidh sin.
12. Isé an ceann comhrimh a thabharfaidh breith ar éifeachtúlacht gach agóide a cuirfear i gcoinnibh páipéir ainmniúcháin, agus ní bheidh dul thar an mbreith sin más breith in aghaidh na hagóide i; agus más breith í a luálfidh an agóid, féadfar í do chlaochló má dintear impí a chuirfidh an toghachán no an tora fé cheist.
13. Soláthróidh an ceann comhrimh i ngach áit vótaíochta oiread stáisiún vótaíochta agus is gá do sna toghthóirí a bheidh i dteideal chun vótáil san áit vótaíochta san agus roinnfe sé na stáisiúin vótaíochta san ar na toghthóirí sin ar an gcuma is caothúla dar leis.
14. Gléasfar gach stáisiún vótaíochta le hoiread cúilíní agus is gá dar leis an gceann comhrimh, cúilíní ina bhféadfaidh na vótáluithe a vótanna do mharcáil gan súil éinne orra, ach soláthrófar aon chúilín amháin ar a luíod in aghaidh gach céad go leith de sna toghthóirí a bheidh i dteideal chun vótáil sa stáisiún vótaíochta san.
15. Féadfaidh stáisiún vótaíochta fé leith bheith i seomra fé leith no i mboth fé leith, no féadfar roinnt stáisiún vótaíochta do dhéanamh san aon tseomra amháin no san aon bhoth amháin.
16. Ní leigfear éinne isteach chun vótáil in aon stáisiún vótaíochta ach sa cheann a bheidh ceaptha dho.
17. Fógróidh an ceann comhrimh go puiblí suíomh na stáisiún vótaíochta agus an saghas toghthóirí a bheidh i dteideal chun vótáil i ngach stáisiún vótaíochta agus an chuma ina mbeidh an vótáil le déanamh ag na toghthóirí.
18. Soláthróidh an ceann comhrimh do gach stáisiún vótaíochta abhair chun na vótáluithe do mharcáil na bpáipéirí ballóide leo, fearaistí chun an marc oifigiúil do stampáil orra, agus cóipeanna de chlár na dtoghthóirí no de pé cuid de ar a mbeidh ainmneacha na dtoghthóirí a bheidh ceaptha chun vótáil sa stáisiún san. Cimeádfa sé rún ar an marc oifigiúil, agus beidh spás nách giorra ná seacht mbliana idir gach dá uair a húsáidfear an t-aon mharc oifigiúil amháin i dtoghacháin don dáilcheanntar céanna.
19. Ceapfaidh an ceann comhrimh oifigeach ceannais chun bheith i gceannas gach stáisiúin vótaíochta fé leith, agus déanfaidh an t-oifigeach a ceapfar amhlaidh órdathacht do chimeád ina stáisiún, an méid toghthóirí a bheidh le leigint isteach in éineacht do shocrú, agus gach éinne eile do chimeád amach ach na cléirigh, gníomhairí na n-iarrthóirí agus na constáblaí póilíneachta a bheidh ar diúité.
20. Beidh ar gach páipeur ballóide liost de sna hiarrthóirí agus a dtuairisc mar a bheidh ar a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach, agus iad cóirithe ar órd aibítre a sloinnte, agus (má bhíonn beirt no breis iarrthóirí d'aon tsloinne amháin ann) ar órd aibítre a n-ainmneacha eile; beidh sé sa bhfuirm atá i gCuid III den Sceideal so, no chó gairid di agus leigfidh an cás, agus beidh sé so-fhillte.
21. Beidh gach bosca ballóide déanta ar chuma a leigfidh na páipéirí ballóide do chur isteach ann agus ná leigfidh iad do thógaint amach as gan an glas do bhaint den bhosca. Láithreach roimh thosach na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta an bosca ballóide do thespeáint folamh do pé daoine a bheidh i láthair sa stáisiún san, má bhíonn éinne i láthair ann, i dtreo go bhfeicfid é do bheith folamh, agus glasfa sé ansan é, agus cuirfidh a shéala air ar chuma ná leigfidh é d'oscailt gan an séala san do bhrise, agus leagfa sé ina radharc é chun páipéirí ballóide do ghlaca ann, agus cimeádfa sé glasta agus séalaithe é mar sin.
22. Láithreach roimh pháipeur ballóide do sheachada do thoghthóir marcálfar gach taobh den pháipeur leis an marc oifigiúil, le stampáil no le pollú, agus glaofar amach uimhir, ainm agus tuairisc an toghthóra fé mar a bheid ar an gcóip de chlár na dtoghthóirí agus marcálfar uimhir an toghthóra san ar an gcó-dhuille, agus cuirfar marc ar an gclár os coinne uimhir an toghthóra, mar chomhartha ar pháipeur ballóide do bheith fachta aige, ach gan a thespeáint cadé an páipeur ballóide áirithe a fuair sé.
23. Ar fháil a pháipéir bhallóide don toghthóir, ragha sé isteach i gceann de sna cúilíní sa stáisiún vótaíochta láithreach, agus marcálfa sé a pháipeur san áit sin, agus fillfe sé é ar chuma a cheilfidh a vóta, agus ansan cuirfe sé a pháipeur ballóide, agus é fillte mar sin, isteach sa bhosca ballóide; vótálfa sé gan aon mhoill ro-mhór, agus fágfa sé an stáisiún vótaíochta chó luath agus bheidh a pháipeur ballóide curtha isteach sa bhosca ballóide aige.
24. Má shásuíonn an toghthóir an t-oifigeach ceannais.
(a) go bhfuil a radharc chó h-olc san; no
(b) go bhfuil sé chó mór san fé mhí-chumas eile cuirp; no
(c) go bhfuil sé chó nea-léigheanta san nách féidir do vótáil gan congnamh;
no má dheimhníonn aon toghthóir gur Giúduíoch é agus mar gheall ar a chreideamh ná fuil sé sásta vótáil ar an gcuma a horduítear leis an Acht so,
déanfaidh an t-oifigeach ceannais i bhfianuise gníomhairí na n-iarrthóirí féachaint chuige go marcálfar vóta an iarrthóra san ar pháipeur ballóide ar an gcuma adéarfidh an t-iarrthóir sin agus an páipeur ballóide sin do chur, agus é marcálta amhlaidh, isteach sa bhosca bhallóide. Má iarrann aon toghthóir laistigh de cheithre huaire a' chluig roimh chríochnú na vótaíochta go marcálfar a pháipeur ballóide dho fén Riail seo féadfaidh an t-oifigeach ceannais diúltú dho más dó leis, toisc an méid daoine a bheidh an uair sin ag teacht isteach chun vótáil no an méid is deallrathach a thiocfaidh isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, más dó leis go ndéanfadh a ghéille don iarrthas san cur-isteach ar cheart-chó-líona a dhualgaisí no bac ró-mhór ar vótáil toghthóirí eile.
Ag có-líona forálacha na riala so dho leanfaidh an t-oifigeach ceannais na forálacha atá i gCuid II den Sceideal so.
25. Má abrann éinne gurb aon toghthóir áirithe é dá mbeidh ainmnithe ar an gclár agus go n-iarrfa sé páipeur ballóide tar éis duine eile do vótáil fé ainm an toghthóra áirithe sin, beidh an t-iarratasóir sin i dteideal chun páipeur ballóide do mharcáil ar nós aon toghthóra eile tar éis na ceisteanna san do fhreagairt agus an mhóid sin do thabhairt a leigean an dlí a fhiarfaí de vótálaithe agus a chur orra le linn na vótaíochta ach beidh malairt datha ar an bpáipeur ballóide (dá ngairmtear san Acht so páipeur ballóide tairgthe) seachas mar a bheidh ar na páipéirí ballóide eile, agus in ionad é do chur sa bhosca ballóide is amhlaidh a tabharfar don oifigeach ceannais é agus a scrífidh seisean ar a chúl ainm an vótálaí agus an uimhir a bheidh aige ar chlár na dtoghthóirí, agus cuirfar i leataoibh é i bpacáid fé leith agus ní chomhreoidh an ceann comhrimh é, agus déanfar ainm an toghthóra san agus an uimhir a bheidh aige ar an gclár do chur ar an liost de vótanna tairgthe ar an gcuma a bheidh orduithe.
26. Má dhineann vótálaí gan cuimhneamh air féin a leithéid sin de dhéanamh do thabhairt dá pháipeur ballóide nách uiriste é d'úsáid mar pháipeur ballóide, agus go dtabharfa sé don oifigeach ceannais an páipeur ballóide 'na mbeidh sé tar éis an déanamh san do thabhairt do gan cuimhneamh air féin agus go gcrúthóidh sé chun sástachta don oifigeach ceannais gur gan cuimhneamh air féin a dhin sé san, féadfa sé páipeur ballóide eile d'fháil in ionad an pháipéir bhallóide a thug sé suas amhlaidh (dá ngairmtear san Acht so páipeur ballóide millte), agus cuirfar an páipeur ballóide millte ar nea-mbrí láithreach.
27. Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta agus i bhfianuise gníomhairí na n-iarrthóirí cuirfidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta i bpacáidí fé leith a séalfar le n-a shéala féin agus le séalaí gníomhairí na n-iarrthóirí an méid díobh gur mian leo a séalaí a chur ar na pacáidí—
(1) Gach bosca ballóide a bhí in úsáid ina stáisiún, gan é d'oscailt ach an eochair do bheith ceangailte dhe; agus
(2) Na páipéirí ballóide neamh-úsáidithe agus na páipéirí ballóide millte agus iad i dteannta a chéile; agus
(3) Na páipéirí ballóide tairgthe; agus
(4) Na cóipeanna marcálta de chlár na dtoghthóirí, agus codhuilleanna na bpáipéirí ballóide; agus
(5) An liost de vótanna tairgthe, agus seachadfa sé na pacáidí sin go léir don cheann chomhrimh.
28. Geobhaidh leis na pacáidí ráiteas a dhéanfidh an t-oifigeach ceannais sa bhfuirm a bheidh orduithe agus déarfa sé ann cá mhéid páipeur ballóide do cuireadh ar a mhuinín agus tabharfa sé cuntas ortha ann do réir na dteideal so: (a) páipéirí ballóide sa bhosca bhallóide; (b) páipéirí ballóide neamh-úsáidithe; (c) páipéirí ballóide millte, agus (d) páipéirí ballóide tairgthe; agus gairmtear cuntas na bpáipéirí ballóide den ráiteas san san Acht so
29. Féadfaidh na hiarrthóirí fé seach gníomhairí do cheapa chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna.
30. Déanfidh an ceann comhrimh socruithe chun na vótanna do chomhreamh i bhfianuise gníomhairí na n-iarrthóirí chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta, agus neosa sé le fógra i scríbhinn do sna gníomhairí a bheidh ceaptha ag na hiarrthóirí chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna cathain agus canad go dtosnóidh sé ar na vótanna do chomhreamh.
31. Féadfaidh an ceann comhrimh, a chúntóir, agus a chléirigh, agus gníomhairí na n-iarrthóirí bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna ach ní fhéadfidh éinne eile bheith i láthair gan cead ón gCeann Comhrimh.
32. Sara raghaidh an ceann comhrimh ar chomhreamh na vótanna déanfa sé i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí gach bosca ballóide d'oscailt agus na páipéirí a bheidh ann do thógaint amach agus do chomhreamh agus a líon do bhreaca síos agus ansan na páipéirí go léir a bhí in sna boscaí ballóide do mheasca ar a chéile. Le linn an ceann comhrimh do bheith ag comhreamh agus ag breaca líon na bpáipéirí agus ag comhreamh na vótanna, cimeádfa sé na páipéirí ballóide ar a n-aghaidh anáirde agus tabharfa sé gach aireachas chun gan leigint d'éinne na huimhreacha a bheidh clóbhuailte ar chúl na bpáipéirí sin d'fheiscint.
33. Sa mhéid gur féidir é déanfidh an ceann comhrimh na vótanna do chomhreamh go leanúnach, gan stad ach chun bia no deoch do chaitheamh agus le sos (ach amháin sa mhéid go socróidh sé féin agus na gníomhairí a mhalairt) ó n-a seacht a chlog istoíche go dtí a naoi a chlog ar maidin lárnamháireach. I rith aimsir an tsosa san déanfidh an ceann comhrimh na páipéirí ballóide agus na scríbhinní eile 'na mbeidh baint aca leis an dtoghachán do chur fé n-a shéala féin agus fé shéalaí pé mhéid de ghníomhairí na n-iarrthóirí gur mian leo a séalaí do chur ar na rudaí sin, agus tabharfa sé gach aon aireachas eile is cóir chun na páipéirí agus na scríbhinní sin do chur ar láimh shábhála.
34. Scrífidh an ceann comhrimh “diúltuithe” ar chúl aon pháipeur ballóide dá ndiúltóidh sé mar pháipeur gan brí agus cuirfe sé leis an gcúl-scríbhinn “agóid i gcoinnibh a dhiúltuithe” más rud é go gcuirfidh aon ghníomhaire i gcoinnibh a bhreithe. Tuairisceoidh an ceann comhrimh do Chléireach na Dála cá mhéid páipeur ballóide dar dhiúltuigh sé agus d'fhág sé gan comhreamh mar gheall ar gach cúis díobh so leanas, sé sin le rá:—
1. Easba an mhairc oifigiúla;
2. Gan brí fé mhíreanna (a), (b), (c) no (d) d'fhó-alt (4) d'alt 26 den Acht Timpeal Toghachán, 1923;
3. Scríobhnóireacht no marc tré n-a bhféadfí an vótálaí d'aithint;
4. Nea-marcálta no gan éifeacht toisc dabhta.
35. Ar chríochnú an chomhrimh, cuirfidh an ceann comhrimh fé shéala i bpacáidí fé leith na páipéirí ballóide comhrithe agus na páipéirí ballóide diúltuithe. Ní osclóidh sé na pacáidí séalta ina mbeidh na páipéirí ballóide tairgthe agus an chóip mharcálta de chlár na dtoghthóirí agus na códhuilleanna, fé seach, ach, i bhfianuise gníomhairí na n-iarrthóirí, cromfa sé ar an gcuntas a thug gach oifigeach ceannais do i dtaobh na bpáipéirí ballóide d'fhíorú tré n-a chur i gcompráid leis an méid páipéirí ballóide do bhreac sé síos mar adubhradh, agus leis na páipéirí ballóide neamhúsáidithe agus na páipéirí ballóide millte a bheidh ar seilbh aige agus leis an liost de vótanna tairgthe, agus ath-shéalfa sé gach pacáid shéalta tar éis í do scrúdú. Tuairisceoidh an ceann comhrimh tora an fhíoruithe sin do Chléireach na Dála, agus ar a iarraidh sin air, leigfe sé do ghníomhaire aon iarrthóra cóip do dhéanamh den tuairisc sin sara gcuirfear chun siúil í.
36. Sa deire, cuirfidh an ceann comhrimh go dtí Cléireach na Dála gach pacáid de pháipéirí ballóide dá mbeidh ar seilbh aige, maraon leis na tuairiscí roimh-ráite, cuntaisí na bpáipéirí ballóide, na liostaí de vótanna tairgthe, agus na pacáidí de chó-dhuilleanna, agus na cóipeanna marcálta de chláranna do chuir gach oifigeach ceannais ag triall air, agus scrífe sé ar chúl gach pacáide tuairisc a bhfuil inti agus dáta an toghacháin le n-a mbainid, agus ainm an dáil-cheanntair dar comóradh an toghachán san.
37. Cimeádfidh Cléireach na Dála go ceann bliana gach scríbhinn toghacháin dá gcuirfidh ceann comhrimh chuige do réir na Rialacha so agus ansan, mara n-ordófar a mhalairt do le hOrdú den Dáil no den Árdchúirt, féachfa sé chuige go ndíothófar iad.
38. Ní leigfear d'éinne aon pháipéirí ballóide diúltuithe dá mbeidh i gcimeád ag Cléireach na Dála d'iniúcha gan Ordú ón Dáil no Ordú ón Árdchúirt a dheonfidh an chúirt sin ar bheith sásta dhi, de bhárr fianuise fé mhóid, gur gá na páipéirí ballóide sin d'iniúcha no do thespeáint chun próiseacht i dtaobh cionnta a bhaineann le páipéiri ballóide do bhunú no do chimeád suas, no chun críche aon achuinge a chuirfidh toghachán no tora fé cheist; agus aon Ordú den tsórt san chun páipéirí ballóide d'iniúcha no do thespeáint, féadfar é do dhéanamh do réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an Dáil, no leis an gcúirt a dhéanfidh an tOrdú, maidir le daoine, am, áit agus slí an iniúchta, no an tespeánta, agus déanfidh Cléireach na Dála beart do réir an Orduithe sin. Aon chomhacht a tugtar do chúirt leis an riail seo féadfaidh aon bhreitheamh den chúirt sin í d'fheidhmiú ina sheomraí.
39. Ní osclóidh éinne, ach le hOrdú ón Dáil no ó bhínse atá in aitheantas ar achuingíocha a ghearánann i dtaobh tortha nea-chuibhe no i dtaobh toghachána nea-chuibhe, ní osclóidh sé an phacáid shéalta de chódhuilleanna tar éis a séalta, ná ní leigfar do iniúcha do dhéanamh ar aon pháipéirí ballóide a bheidh i gcimeád ag Cléireach na Dála; féadfar aon Ordú den tsórt san do dhéanamh do réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an Dáil, no leis an mbínse a dhéanfidh an tOrdú, maidir le daoine, am, áit agus slí na hoscailte no an iniúchta: Ach ar dhéanamh agus ar fheidhmiú aon Ordú den tsórt san, tabharfar aire gan an tslí 'nar vótáil aon toghthóir áirithe do nochta go dtí go gcruthófar gur vótáil sé agus go ndeimhneoidh cúirt údarásach gur vóta gan brí a vóta.
40. Gach scríbhinn a chuirfidh ceann comhrimh go dtí Cléireach na Dála do réir na Rialacha so, ach amháin páipéirí ballóide no có-dhuilleanna, beid nochtaithe d'iniúcha puiblí pé uair agus fé pé rialacháin a ordóidh Cléireach na Dála. Déanfidh Cléireach na Dála cóipeanna de sna scríbhinní sin no de choda dhíobh do sholáthar d'éinne a iarrfaidh an céanna air, ar íoc pé táillí agus fé pé rialacháin a cheadóidh an t-Aire Airgid.
41. Má orduítear do Chléireach na Dála le hOrdú aon scríbhinn atá ar seilbh aige a bhaineann le haon toghachán áirithe do thabhairt i láthair, agus go ndéanfaidh Cléireach na Dála no a ghníomhaire an scríbhinn do horduíodh do thabhairt i láthair ar an gcuma do horduíodh leis an Ordú san no le riail a dhéanfidh an Chúirt 'na bhfuil comhacht aici an t-Ordú san do dhéanamh, beidh an tabhairt-i-láthair sin ina fianuise dho-chlaoite ar bhaint do bheith ag an scríbhinn sin leis an dtoghachán áirithe sin; agus aon chúl-scríbhinn a chífear ar aon phacáid de pháipéirí ballóide a dhéanfaidh Cléireach na Dála no a ghníomhaire a thabhairt i láthair beidh sí ina fianaise dho-chlaoite gurb éinní amháin na páipéirí sin agus an ní a luaidhtear sa chúl-scríbhinn. Má tugtar i láthair as ceart-chimeád aon pháipeur ballóide a dheabhróidh bheith tar éis bheith in úsáid i dtoghachán ar bith agus có-dhuille go mbeidh marcálta uirri an uimhir chlóbhuailte chéanna agus uimhir scríbhte, beidh an tabhairt-iláthair sin ina fianaise prima facie gurb éinne amháin an té do vótáil leis an bpáipeur ballóide sin agus an té gur dhá mhar a chéile an uimhir a bhí, le linn an toghacháin sin, os coinne a ainme ar chlár na dtoghthóirí sa toghachán san agus an uimhir atá scríbhte ar an gcó-dhuille sin.
Foralacha Generalta.
42. I gcás ball no baill do thogha chun fónamh sa Dáil do dháilcheanntar ar bith, deimhneofar an togha le teisteas ar ainmneacha an bhaill no na mball san fé láimh an chinn chomhrimh, teisteas a scrífear ar chúl rit toghacháin an dáilcheanntair sin, agus féadfaidh an ceann comhrimh, más oiriúnach leis é, an rit sin, agus an teisteas san ar a cúl, do sheachada do phost-mháistir na príomh-oifige puist in áit an toghacháin, no dá ionadaí agus sa chás san tógfa sé admháil ar an gcéanna ón bpostmháistir no ó n-a ionadaí; agus ansan déanfidh an post-mháistir sin no a ionadaí an céanna do chur go dtí Cléireach na Dála in aisce, leis an gcéad phost, fé chlúdach go mbeidh “Rit Toghacháin agus an Freagra” cúl-scríbhte air.
43. Fógróidh an ceann comhrimh go puiblí chó luath agus is féidir é sa bhfuirm órduithe, ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh, agus fós, i gcás toghacháin chomhraic, an méid vótanna ar fad a fuair gach toghthóir fé leith pe'ca toghadh é no nár toghadh. Fógróidh an ceann comhrimh go puiblí, leis, do réir na fuirme atá leagtha amach i gCuid III den Sceideal so, no i bhfuirm sa chéill chéanna, aon aistriú vótanna do dineadh fén Acht so, agus an méid vótanna ar fad do bhí i leith gach iarrthóra fé leith i ndeire an chomhrimh in ar dineadh an t-aistriú san.
44. In aon chás ina ndineann an t-Acht so a éileamh ar an gceann comhrimh no údarás do thabhairt do fógra puiblí ar bith do thabhairt, is le fógraíocht, le placáird is le billí láimhe a dhéanfaidh sé é no ar pé slite eile is dó leis is fearr chun eolas do thabhairt do sna toghthóirí.
45. Más oiriúnach leis é, féadfidh an ceann comhrimh dul i gceannas stáisiúin vótaíochta ar bith, agus na forálacha san den Acht so a bhaineann le hoifigeach ceannais bainfid leis an gceann comhrimh sin ach go mbeidh ag gabháil leo na hatharuithe is gá i dtaobh na nithe a bheidh le déanamh ag an gceann comhrimh maidir leis an oifigeach ceannais no ag an oifigeach ceannais maidir leis an gceann comhrimh.
46. I gcás toghacháin chomhraic i gcóir aon dáilcheanntair féadfidh an ceann comhrimh, i dteannta aon chléireacha, daoine infheadhma do cheapa chun cabhrú leis chun na vótanna do chomhreamh.
47. Ní fhostóidh ceann comhrimh chun aon chríche a bhaineann le toghachán aon duine do bhí ar fostú ag éinne eile sa toghachán san no i dtaobh an toghacháin sin.
48. Feádfidh an t-oifigeach ceannais, tré sna cléirigh a ceapfar chun cabhrú leis, éinní do dhéanamh sa stáisiún vótaíochta a héilítear air, no a tugtar údarás do a dhéanamh, leis an Acht so, ach amháin ordú a thabhairt duine ar bith do ghabháil no do chimeád amach no do chur amach.
49. Féadfidh an t-iarrthóir féin na dualgaisí sin do thógaint air féin do thógfadh éinne dá ghníomhairí air féin dá gceaptí é, no cabhrú le n-a ghníomhaire chun na dualgaisí sin do chó-líona, agus bheith i láthair in aon áit ina bhféadfadh a ghníomhaire bheith ann do réir an Achta so.
50. Cuirfar chun an chinn chomhrimh aon lá iomlán ar a luíod roimh oscailt na vótaíochta ainm agus seola gach gníomhaire iarrthóra a bheidh ceaptha chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna; agus féadfidh an ceann comhrimh diúltú d'aon ghníomhaire nár cuireadh a ainm agus a sheola chuige do leigint isteach in áit chomhreamh na vótanna, bíodh go mbeidh sé ceaptha go dleathach ar gach slí eile, agus aon fhógra nách foláir don cheann chomhrimh a thabhairt do ghníomhaire féadfar é do sheachada ag an seola san no é do chur ann tríd an bpost.
51. Éinne a bheidh ceaptha ag iarrthóir mar ghníomhaire chun bheith i láthair i stáisiún vótaíochta no i láthair le linn comhreamh na vótanna agus go dtiocfidh an bás air, no go raghaidh sé thar a chumas gníomhú e linn aimsir an toghacháin, féadfidh an t-iarrthóir gníomhaire eile do cheapa in' ionad agus fógróidh sé i scríbhinn don cheann chomhrimh láithreach ainm agus seola an ghníomhaire a ceapfar amhlaidh
52. Roimh oscailt na vótaíochta sighneoidh gach ceann comhrimh agus gach oifigeach, cléireach no gníomhaire do húdaruíodh chun bheith i láthair i stáisiún vótaíochta no i láthair le linn comhreamh na vótanna, sighneoid geallúint, sa bhfuirm a bheidh orduithe, go gcimeádfid rún na ballóide agus, lasmuich de sin, ní éileofar ar aon cheann comhrimh, cléireach ná gníomhaire den tsórt san roimh-ráite, mar cheann chomhrimh, mar chléireach ná mar ghníomhaire aon fhaisnéis do dhéanamh ná aon mhóid do thabhairt ar ócáid toghacháin ar bith.
53. I ngach áit san Acht so ina bhfachtar abairtí a éilíonn no a údaruíonn no a chialluíonn go bhfuil gníomh no ní ar bith le déanamh i bhfianaise gníomhairí na n-iarrthóirí, tuigfar na habairtí sin do bheith ag tagairt d'fhianaise gníomhairí sin na n-iarrthóirí a bheidh údaruithe chun bheith i láthair, agus a bheidh i láthair san am agus san áit ina mbeidh an gníomh no an ní sin á dhéanamh agus má bhíonn gníomhairí no gníomhaire gan teacht i láthair san am agus san áit sin ní bhainfidh san pioc ó dhleathacht an ghnímh no an ní a déanfar má dintear an gníomh no an ní sin go cuibhe ar gach slí eile.
54 Foluíonn an focal “ceann comhrimh” sa Sceideal so aon cheann comhrimh ionaid a ceapfar ag ceann comhrimh le toil an Aire um Rialtas Áitiúil chun aon cheann no gach ceann de dhualgaisí an chinn chomhrimh sin do chó-líona.
CUID II.
Treoracha d'Oifigigh Cheannais i dtaobh Paipeiri Balloide do Mharcail do reir Riail 24 de Chuid I. den Sceideal so.
1. In aon toghachán a déanfar do réir prínsiobal na hionadaíochta cothromúla fiarfóidh an t-Oifigeach Ceannais den vótálaí—“Ce hiad na hiarrthóirí gur mian leat rogha do dhéanamh díobh agus cadé an t-ordú ar a gcuirfá iad ?” agus marcálfa sé an páipeur ballóide dá réir: Ach má theipeann ar thoghthóir brí na ceiste sin do thuisgint no más rud é ná déarfa sé go cruinn conus an páipeur ballóide do mharcáil, déanfidh an t-Oifigeach Ceannais—
(a) ainmneacha na n-iarrthóirí go léir do léigheamh amach ar an ord ar a mbeid ar an bpáipeur ballóide, agus a fhiarfaí den vótálaí —“Ce'ca de sna hiarrthóirí gur mian leat do vóta do thabhairt do ?”
Agus dá réir sin an figiúir l do chur ar an bpáipeur ballóide os coinne ainm an iarrthóra go dtabharfaidh an vótálaí a vóta dho;
(b) a fhiarfaí den vótálaí ansan—“Ar mhaith leat a rá cé dhe go ndéanfá an dara rogha ?” agus, más freagra aontathach an freagra a tabharfar, ainmneacha na coda eile de sna hiarrthóirí do léigheamh amach san ordú ina mbeid ar an bpáipeur ballóide, agus a fhiarfaí den vótálaí ansan—“Ce'ca de sna hiarrthóirí sin gur mian leat an dara rogha do dhéanamh de ?”
Agus dá réir sin an figiúir 2 do chur ar an bpáipeur ballóide os coinne ainm an iarrthóra gur mian leis an vótálaí an dare rogha do dhéanamh de;
(c) an rud céanna do dhéanamh más gá é agus chó minic agus is gá é maidir leis an dtreas rogha no aon rogha eile ina dhiaidh sin faid is mian leis an vótálaí aon rogha don tsórt san do chur in úil.
2. Ní ghlacfidh ná ní bhreithneoidh an t-Oifigeach Ceannais aon pháipeur ná scríbhinn dar brí a thespeáint conus is mian leis an vótálaí a vóta do thabhairt no rogha do chur in úil, ná ní dhéanfa sé beart dá réir, agus ní mharcálfa sé páipeur ballóide an vótálaí ach do réir forála cha an airtiogai deiridh sin de seo agus tar éis iad do chó-líona.
CUID III
1.
Fuirm na Riteach I gCoir Toghachain Gheneralta.
Saorstát Éireann do.................................Ceann Comhrimh do Dháil cheanntar Contae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)..................
DE BHRÍ gur dhin Seanascal Shaorstáit Éireann, do réir na bhforálacha atá i mBun-reacht Shaorstáit Éireann chuige sin Oireachtas de Shaorstát Éireann do ghairm chun teacht le chéile an...............lá de .........................192:
ANOIS orduímse ........................Cléireach Dháil Éireann, do réir forálacha an Achta Timpeal Toghachán, 1923, agus i bhfeidhmiú na gcomhacht do bronnadh orm leis sin, agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile agus aon chomhachta eile le n-a gcuirtar so im' chumas, orduím leis seo dhuitse, id' Cheann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)...........................féachaint chuige go gcomórfar toghachán do réir dlí sa dáilcheanntar san chun...............ball den Dáil do thogha chun fónamh san Oireachtas roimh-ráite don dáilcheanntar san. AGUS, tar éis an toghachán san do chomóra go cuibhe, go ndéanfair ainmneacha na mball a toghfar amhlaidh do dheimhniú dhom gan mhoill im' Oifig ag...........................i mBaile Atha Cliath
I bhFIANAISE air sin táim tar éis mo lámh agus mo shéala do chur leis seo an............lá so de........................192 .
Scríbhnín no Treoir na Riteach
Don Cheann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)..............................................
Rit chun Baill do thogha chun fónamh sa Dáil don Dáilcheanntar san.
Cúl-scríbhinn.
Fuaras Dé..................an..................lá de..................192 , an Rit atá anso istigh.
(Signithe) A.B.
Ceann Comhrimh.
An Teisteas ar Chúl na Riteach.
Deimhním leis seo gurb iad baill do toghadh chun fónamh sa Dáil do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).................. do réir na Riteach san thuas ná—
C.D. ó.........................i | gContae.......................... |
E.F. ó..........................i | gContae........................... |
(Sighnithe) A.B. Ceann Comhrimh. |
2
Fuirm na Riteach i gCoir Toghachain chun Aon Fholuntas Amhain do Liona.
Saorstát Éireann do........................Ceann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)........................
DE BHRÍ gur eirigh folúntas imeasc ionadaithe Dháilcheanntair Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).....................i nDáil Éireann tré bhás (no theacht fé mhí-cháilíocht do no eirghe as do)........................ ba bhall den Dáil don Dáilcheanntar san:
AGUS DE BHRÍ gur orduigh Ceann Comhairle na Dála dhom go cuibhe mo rit do chur amach chun ball den Dáil do thogha chun an folúntas roimh-ráite do líona:
ANOIS orduímse......................Cléireach Dháil Éireann, do réir forálacha an Achta Timpeal Toghachán, 1923, agus i bhfeidhmiú na gcomhacht do bronnadh orm leis sin agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile agus aon chomhachta eile le n-a gcuirtar so im' chumas, orduím leis seo dhuitse, id' Cheann Comhrimh don Dáilcheanntar roimh-ráite, féachaint chuige go gcomórfar toghachán do réir dlí sa dáilcheanntar san chun ball den Dáil do thogha chun fónamh in Oireachtas Shaorstáit Éireann don dáilcheanntar san in ionad........................sin atá tar éis bháis (no teacht fé mhí-cháilíocht no eirghe as) mar adubhradh. AGUS tar éis an toghachán san do chomóra go cuibhe, go ndéanfair ainm an bhaill a toghfar amhlaidh do dheimhniú dhom gan mhoill im' Oifig ag.................. i mBaile Atha Cliath.
I bhFIANAISE air sin táim tar éis mo lámh agus mo shéala do chur leis seo an............lá so de........................192
Scríbhnín no Treoir na Riteach
Don Cheann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)..............................................
Rit chun Baill do thogha chun fónamh sa Dáil don Dáilcheanntar san.
Cúl-scríbhinn.
Fuaras Dé..................an..................lá de..................192 , an Rit atá anso istigh.
(Signithe) A.B.
Ceann Comhrimh.
An Teisteas ar Chúl na Riteach.
Deimhním leis seo gurb é ball do toghadh chun fónamh sa Dáil do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)..................... do réir na Riteach so istigh ná—
C.D. ó.......................i | gContae.......................... |
(Sighnithe) A.B. Ceann Comhrimh. |
3.
Fuirm na Riteach i gCoir Toghachain chun breis agus aon Fholuntas amhain san aon Dailcheanntar amhain do Liona.
Saorstát Éireann do.....................Ceann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (noBhuirge no Phríomh-scoile).......................
DE BHRÍ gur eirigh....................fholúntas imeasc ionadaithe Dháilcheanntair Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)...................... i nDáil Éireann tré bhás..................agus..................agus tré theacht fé mhí-cháilíocht do...............agus do..............agus tré.....................agus ..................d'eirghe as, daoine ba bhaill den Dáil don Dáilcheanntar san go dul chun báis agus teacht fé mhí-cháilíocht agus eirghe as dóibh fé seach:
AGUS DE BHRÍ gur órduigh Ceann Comhairle na Dála dhom go cuibhe mo rit do chur amach chun baill den Dáil do thogha chun na folúntaisí roimh-ráite do líona:
ANOIS orduímse,.....................Cléireach Dháil Éireann, do réir forálacha an Achta Timpeal Toghachán, 1923, agus i bhfeidhmiú na gcomhacht do bronnadh orm leis sin agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile agus aon chomhachta eile le n-a gcuirtar so im' chumas, orduím leis seo dhuitse, id' Cheann Comhrimh don Dáilcheanntar roimh-ráite, féachaint chuige go gcomórfar toghachán do réir dlí sa dáilcheanntar san chun ...............ball den Dáil do thogha chun fónamh in Oireachtas Shaorstáit Éireann don Dáilcheanntar san in ionad.......................sin agus ................sin atá tar éis bháis, teacht fé mhí-cháilíocht agus eirghe as mar sin fé seach mar adubhradh. AGUS, tar éis an toghachán san do chomóra go cuibhe, go ndéanfair ainmneacha na mball a toghfar amhlaidh do dheimhniú dhom gan mhoill im' oifig ag.......................i mBaile Atha Cliath.
I bhFIANAISE air sin táim tar éis mo lámh agus mo shéala do chur leis seo an............lá so de........................192 .
Scríbhnín no Treoir na Riteach
Don Cheann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)..............................................
Rit chun Baill do thogha chun fónamh sa Dáil don Dáilcheanntar san.
Cúl-scríbhinn.
Fuaras Dé..................an..................lá de..................192 , an Rit atá anso istigh.
(Signithe) A.B.
Ceann Comhrimh.
An Teisleas ar Chúl na Riteach.
Deimhním leis seo gurb iad baill do toghadh chun fónamh sa Dáil do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).................. do réir na Riteach scríbhte seo istigh ná—
C.D. ó.........................i | gContae.......................... |
E.F. ó..........................i | gContae........................... |
(Sighnithe) A.B. Ceann Comhrimh. |
4.
Fuirm Fogra Dail-Toghachain.
Tosnóidh ceann comhrimh Dáilcheanntair Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)...................Dé................., an.....................lá den ..................so chughainn, idir.................agus.............a chlog, ar an obair a bhaineann le ball (no baill) d'ainmniú, agus mara mbeidh coimhlinnt ann, ar an obair a bhaineann le ball (no baill) do thogha, i gcóir an dáilcheanntair sin, ag..................... *
Beidh fuirmeacha ainmniúcháin le fáil ag.................idir................ agus..................a chlog aon lá roimh an...............lá san de..............
Ní foláir gach páipeur ainmniúcháin do bheith sighnithe ag beirt thoghthóirí cláruithe mar thairgtheoir agus cuiditheoir agus ag ochtar eile de thoghthóirí cláruithe mar dhaoine a thoilíonn leis an ainmniúchán.
Ní foláir an t-iarrthóir a tairgtear no a thairgtheoir no a chuiditheoir do sheachada gach páipéir ainmniúcháin don Cheann Chomhrimh san áit sin ceaptha thuas idir..................agus..................a chlog an......... lá de..................no in aon áit ina bhfuighfar an Ceann Comhrimh uair agus lá ar bith roimh an..................lá san de.....................
Gach iarrthóir ainmnithe agus a thairgtheoir agus a chuiditheoir, agus an t-éinne amháin eile is rogha leis an iarrthóir, tá teideal acu san, agus níl ag aon duine eile, chun go leigfí isteach sa tseomra iad.
I gcás an toghachán do bheith ina thoghachán comhraic beidh an vótaíocht ann an..................lá de.....................
(Sighnithe) A.B.
Ceann Comhrimh Dháilcheanntair Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)...............
Tugadh Cach Da Aire, gach n-aon a bheidh ciontach i mbreabaireacht, i dtraeteáil, in imirt chomhachta mhí-chuíosach, i bpearsanú no i gcleachtanna cuirpe eile sa toghachán san agus a gheofar ciontach in aon chionta den tsórt san, go mbeidh sé i mbaol na bpionóisí a luaidhtear ina chóir sin in “Acht Coiscithe na gCleachtanna Cuirpe, 1854,” agus sna hAchtanna a leasuíonn an t-Acht san, fé mar a cuireadh iad in oiriúint leis un Acht Timpeal Toghachán, 1923, no fé.
5.
Fuirm an Phaipeir Ainmniuchain i nDail-Toghachan
Dinimíd-ne, A.B. ó...............i...............agus C.D. ó............... i...............lucht a shighnithe seo, atá 'nár dtoghthóirí do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)...............dinimíd leis seo an duine seo leanas d'ainmniú mar dhuine chóir chun fónamh sa Dáil mar bhall don Dáilcheanntar san.
Sloinne. | Ainmneacha Eile. | Comhnaí. | Céim, Gairm no Gnó. |
BRUN ... | Seán ... | 52 Sráid Seoirse, Baile an Bhóthair. no | Ceannaí. |
SEONS ... | Liam Dháibhid | Na Leamháin Arda, Port Lágha. | Mótarcheárdaí. |
(Sighnithe) | A.B. |
C.D. |
Dinimídne, lucht a shighnithe seo, atá 'nár dtoghthóirí cláruithe do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).................. dinimíd leis seo toiliú le Seán Brún san a luaidhtear thuas d'ainmniú mar dhuine chóir chun fónamh mar bhall don dáilcheanntar san.
(Sighnithe) | E.F. | ó |
G.H. | ó | |
I.J. | ó | |
K.L. | ó | |
M.N. | ó | |
O.P. | ó | |
Q.R. | ó | |
S.T. | ó |
6.
FUIRM PHÁIPÉIR BHALLÓIDE
(I gcóir na dtoghachán san amháin ina mbeidh breis agus beirt iarrthóirí.)
Uimh. an Cho dhuille. | Fuirm Aghaidh an Phaipeir Bhalloide. | |
Nóta: Beidh ar an gCódhuille uimhir a bheidh ar có-réir léi sin ar chúl an Pháipéir Bhallóide. | Marcáil Ordú do roghna sna spáis seo síos. | Ainmneacha na nIarrthóirí. |
O DUBHGHAILL, SEAMUS. | ||
(Séamus O Dubhghaill, ó 10 an tSráid Árd, Fear Ile). | ||
O DUBHGHAILL, LIAM. | ||
(Liam O Dubhghaill, ó 12 an tSráid Mhór, Grósaer). | ||
O BRIAIN, MAITIU. | ||
(Maitiú O Briain, ó 22 Plás Chlós an Tobair, Cuntasóir). | ||
O BRIAIN, PADRAIG (DUINE UASAL). | ||
(Pádraig O Briain, ó 7 Sráid na Faiche, Duine Uasal). | ||
O BRIAIN PADRAIG SEOSAMH (GABHA GEAL). | ||
(Pádraig Seosamh O Briain, ó 14 Sráid na Banríona, Gabha Geal). | ||
MAC LIAM, TOMAS (CEARNOG RAGHNALLACH) | ||
(Tomás Mac Liam, ó 22 Cearnóg Raghnallach, Drugaire). | ||
MAC LIAM, TOMAS (BOTHAR DARTRAI). | ||
(Tomás Mac Liam, ó 172 Bóthar Dartraí, Fiaclóir). |
Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide.
Uimhir | ... | ... | ... | ... | ... | ... |
Toghachán do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomhscoile)
Nóta.—An uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide beidh sí ar có-réir léi sin ar an gcó-dhuille.
7.
FUIRM PHÁIPÉIR BHALLÓIDE
(I gcóir na dtoghachán san amháin na fuil thar beirt iarrthórí ionta).
Fuirm Aghaidh an Phaipeir Bhalloide.
Uimh. an Chodhuille. Nóta: Beidh ar an gCódhuille uimhir a bheidh ar có-réir léi sin ar chúl an Pháipéir Bhallóide. | BRÚN. | |||
(Seán Brún, ó 52 Sráid Seoirse, Baile an Bhóthair, Ceannaí). | ||||
SEONS | ||||
(Liam Dháibhid Seons, ó Na Leamháin Arda, Port Lágha, Mótarcheárdaí). |
Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide.
Uimh.
Toghachán do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomhscoile)........................... 19
Nóta.—An uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide beidh sí ar có-réir léi sin ar an gCó-dhuille.
Treoracha i dtaobh Clobhuala an Phaipeir Bhalloide.
Ní clóbhuailfear ar an bpáipeur ballóide ach an ní a bheidh do réir an Sceidil seo.
Is i leitreacha móra, mar a chítear ar an bhfuirm, a clóbhuailfear sloinne gach iarrthóra agus fós, i gcás beirt iarrthóirí no breis den aon tsloinne amháin do bheith ann, ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin, agus is i litreacha beaga a clóbhuailfar ainmneacha eile gach iarrthóra (ach amháin mar adubhradh) agus a sheola, agus a thuairisc, agus an uimhir ar chúl an pháipéir.
I gcás an sloinne céanna agus an chéad-ainm chéanna a bheith ar bheirt iarrthóirí no níos mó clóbhuailfar i leitreacha móra, leis, oiread de thuairisc gach iarrthóra dhíobh, as a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach, pe'ca céim no gairm, gnó no comhnaí é, oiread agus a dhéanfidh idirdhealú éifeachtúil eatorra dar leis an gCeann Comhrimh.
8.
Fuirm na dTreoracha chun treoruithe an votalai le linn vótála, a déanfar a chlóbhuala i leitreacha móra agus a chur suas lasmuich de gach Stáisiún Vótaíochta agus i ngach cúilín de gach Stáisiún Votaíochta.
(I gcóir na dtoghachán san amháin ina bhfuil breis agus beirt iarrthóirí.)
Raghaidh an vótálaí isteach i gceann de sna cúilíní agus, leis an bpeann lua a soláthrófar do ansan, marcálfa sé a pháipeur ballóide tríd an bhfigiúir 1 do chur os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil. Féadfa sé, leis, na figiúirí 2, 3, agus mar sin, do chur os coinne ainmneacha iarrthóirí eile ar ordú a rogha no a thaithnimh dóibh (sé sin le rá): ní foláir do an figiúir 1 do chur os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil:
Féadfa sé, leis, an figiúir 2 do chur os coinne ainm an dara hiarrthóra is fearr leis, agus an figiúir 3 os coinne ainm an treas iarrthóra is fearr leis
Agus mar sin leis.
Mara gcuirfidh an vótálaí an figiúir 1 ar a pháipeur ballóide, no má chuireann sé an figiúir 1 os coinne breis agus aon ainm amháin, no má chuireann sé an figiúir 1 agus figiúir éigin eile os coinne na haon ainme amháin, no má chuireann sé aon mharc ar an bpáipeur tré n-a bhféadfar a aithint ar ball cérbh é, raghaidh a pháipeur ballóide gan brí agus gan comhreamh.
Tar éis an páipeur ballóide do mharcáil fillfidh an vótálaí an páipeur ballóide ar chuma a fhágfidh an marc oifigiúil le feiscint ar a chúl agus, ag fágaint an chúilín do, gan aghaidh an pháipéir do thespeáint d'éinne, tespeánfa sé don oifigeach ceannais an marc oifigiúil ar chúl an pháipéir, cuirfe sé an páipeur isteach sa bhosca ballóide, agus fágfa sé an stáisiún vótaíochta láithreach.
Má dhineann an vótálaí, gan cuimhneamh air féin páipeur ballóide do mhille féadfa sé é do thabhairt thar n-ais don oifigeach ceannais agus, má bhíonn seisean sásta gur gan cuimhneamh a dineadh an mille, tabharfa sé páipeur ballóide eile don vótálaí.
Má dhineann an vótálaí páipeur ballóide do thógaint amach as an stáisiún vótaíochta, no aon pháipeur, seachas an ceann a thabharfidh an t-oifigeach dó, do chur sa bhosca ballóide, beidh sé ciontach i mí-iompar agus beidh sé i mbaol prísúntachta ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí, i dteannta no d'éamuis daor-oibre.
Tespeánann na somplaí seo leanas conus is féidir páipéirí ballóide do mharcáil go héifeachtach:—
A.
Marcáil Ordú do roghna sna spáis seo síos. | Ainmneacha na n-Iarrthóirí. |
3 | O DUBHGHAILL |
(Seamus O Dubhghaill, ó 10 an tSráid Árd, Fear Íle). | |
4 | NÍ LOINGSIGH |
(Siobhán Eibhlín ní Loingsigh, ó 12 an tSráid Mhór, Grósaer). | |
2 | O BRIAIN |
(Seán O Briain, ó 22 Plás Chlós an Tobair, Cúntasóir). | |
5 | O CONCHUBHAIR |
(Séarlas O Conchubhair, ó 7 Sráid na Faiche, Duine Uasal). | |
1 | MAC TOMÁIS |
(Liam Hanraoi Mac Tomáis, ó 14 Sráid na Banríona, Gabha Geal). | |
6 | MAC LIAM |
(Riobárd Mac Liam, ó 22 Cearnóg Raghnallach, Drugaire). |
B.
Marcáil Ordú do roghna sna spáis seo síos. | Ainmneacha na n-Iarrthóirí. |
O DUBHGHAILL | |
(Seamus O Dubhghaill, ó 10 an tSráid Árd, Fear Íle), | |
1 | NÍ LOINGSIGH |
(Siobhán Eibhlín ní Loingsigh, ó 12 an tSráid Mhór, Grósaer), | |
O BRIAIN | |
(Seán O Briain, ó 22 Plás Chlós an Tobair, Cúntasóir), | |
O CONCHUBHAIR | |
(Séarlas O Conchubhair, ó 7 Sráid na Faiche, Duine Uasal). | |
MAC TOMÁIS | |
(Liam Hanraoi Mac Tomáis, ó 14 Sráid na Banríona, Gabha Geal). | |
MAC LIAM | |
(Riobárd Mac Liam, ó 22 Cearnóg Raghnallach, Drugaire). |
C.
Marcáil Ordú do roghna sna spáis seo síos. | Ainmneacha na n-Iarrthóirí. |
O DUBHGHAILL | |
(Séamus O Dubhghaill, ó 10 an tSráid Árd, Fear Íle). | |
3 | NÍ LOINGSIGH |
(Siobhán Eibhlín ní Loingsigh, ó 12 an tSráid Mhór, Grósaer). | |
O BRIAIN | |
(Seán O Briain, ó 22 Plás Chlós an Tobair, Cúntasóir). | |
1 | O CONCHUBHAIR |
(Séarlas O Conchubhair, ó 7 Sráid na Faiche, Duine Uasal). | |
MAC TOMÁIS | |
(Liam Hanraoi Mac Tomáis, ó 14 Sráid na Banríona, Gabha Geal). | |
2 | MAC LIAM |
(Riobárd Mac Liam, ó 22 Cearnóg Raghnallach, Drugaire). |
Nota.—Más ionann sloinne d'aon iarrthóir agus d'éinne de sna hiarrthóirí bréige sna somplaí sin thuas cuirfar sloinne éigin eile comónta in ionad an tsloinne bhréige sna somplaí sin thuas.
9
Fuirm na dTreoracha chun treoruithe an Vótálaí le linn vótála, a déarfar a chló-bhuala i leitreacha móra agus a chur suas lasmuich de gach Stáisiún Vótaíochta agus i ngach cúilín de gach Stáisiún Vótaíochta.
(I gcóir na dtoghachán san amháin NA fuil thar beirt iarrthóirí ionta.)
Raghaidh an vótálaí isteach i gceann de sna cúilíní agus, leis an bpeann lua a soláthrófar do ansan, marcálfa sé a pháipeur ballóide tríd an bhfigiúir 1 do chur os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil.
Mara gcuirfidh an vótálaí an figiúir l ar a pháipeur ballóide, no má chuireann sé an figiúir l os coinne breis agus aon ainm amháin, no má chuireann sé an figiúir l agus figiúir éigin eile os coinne na haon ainme amháin, no má chuireann sé aon mharc ar an bpáipeur tré n-a bhféadfar a aithint ar ball cérbh ó, raghaidh a pháipeur ballóide gan brí agus gan comhreamh.
Ní gá don vótálaí an figiúir 2 do chur os coinne ainm an iarrthóra nách mian leis vótáil leis, ach má dhineann sé amhlaidh ní chuirfidh san a pháipeur ballóide ar nea-mbrí má bhíonn sé marcálta sa cheart ar gach slí eile.
Ansan fillfidh an vótálaí an páipeur ballóide ar chuma a fhágfidh an marc oifigiúil le feiscint ar a chúl agus, ag fágaint an chúilín do, gan aghaidh an pháipéir do thespeáint d'éinne, tespeánfa sé don oifigeach ceannais an marc oifigiúil ar chúl an pháipéir, cuirfe sé an páipeur isteach sa bhosca ballóide, agus fágfa sé an stáisiún vótaíochta láithreach.
Má dhineann an vótálaí, gan cuimhneamh air féin, páipeur ballóide do mhille, féadfa sé é do thabhairt thar n-ais don oifigeach ceannais agus má bhíonn seisean sásta gur gan cuimhneamh a dineadh an mille, tabharfa sé páipeur ballóide eile don vótálaí.
Má dhineann an vótálaí páipeur ballóide do thógaint amach as an stáisiún vótaíochta no aon pháipeur seachas an ceann a thabharfidh an t-oifigeach dó, do chur sa bhosca ballóide, beidh sé ciontach i mí-iompar agus beidh sé i mbaol prísúntachta ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí, i dteannta no d'éamuis daor-oibre.
Nota.—Ní foláir somplaí mar atá in A, B, agus C d'Fhuirm 8 do chur i dteannta na dtreoracha so chun iad do dhéanamh soiléir.
10.
Fogra Puibli ar Thora an Toghachain agus ar Aistriu na Votanna.
(I gcóir na dtoghachán san amháin ina bhfuil breis agus beirt iarrthóirí.)
Dáilcheanntar.................................................................................
An méid vótanna éifeachtacha........................................................
An méid ball atá le togha.................................................................
An quota (an méid vótanna is leor chun íarrthóir do thogha)..............
Ainmneacha na nIarrthóirí. | An chéad Chomhreamh. | Au Dara Comhreamh. | An Triú Comhreamh. | An Ceathrú Comhreamh. | Comhreamh. | Comhreamh. | Ainmucacha na nIarrthóirí do toghadh. | |||||
Vótanna. | Aistriú Vótanna. | Tora. | Aistriú Vótanna. | Tora. | Aistriú Vótanna. | Tora. | Aistriú Vótanna. | Tora. | Aistriú Vótanna. | Tora. | ||
.................. |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
.................. | ||||||||||||
.................. | ||||||||||||
.................. | ||||||||||||
.................. | ||||||||||||
Páipéirí neamhionaistrithe, neamhéifeachtacha. | ||||||||||||
An t-Iomlán |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Dáta: an........................lá so de.................................19......
......................................Ceann Comhrimh.
AN SEU SCEIDEAL.
Cuid I.
Rialacha chun Seanad-Toghachain do Threora.
1. Laistigh de thrí lá tar éis an t-ainmliost d'iarrthóirí i gcóir aon tSeanad-toghacháin do bheith curtha le chéile cuirfidh Cléireach an tSeanaid ag triall ar an gCeann Comhrimh Seanadach cóip den ainmliost san sa mhéid go mbaineann an céanna le hiarrthóirí d'ainmigh an Seanad agus laistigh den trí lá céanna san cuirfidh Cléireach na Dála ag triall ar an gCeann Comhrimh Seanadach cóip den ainmnliost san sa mhéid go mbaineann an céanna le hiarrthóirí d'ainmnigh an Dáil.
2. Láithreach tar éis cur-amach an Fhurógra le n-a gceapfar an lá don Seanad-toghachán cuirfidh an Ceann Comhrimh Seanadach ag triall ar Cheann Comhrimh gach Dáilcheanntair cóip den Fhurógra agus cóip den ainmliost d'iarrthóirí i gcóir an toghacháin sin.
3. Déanfidh gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair, laistigh de dhá la tar éis an chóip sin den Fhurógra agus an chóip sin den ainmliost d'fháil do, fógra puiblí do thabhairt (ar an gcuma gcéanna atá orduithe i Riail 1 den Chúigiú Sceideal den Acht so i gcóir foillsiú na nithe a luaidhtear sa Riail sin) i dtaobh lá comórtha an toghacháin agus ainmneacha na n-iarrthóirí agus gach ní eile ina dtaobh fé mar a ráitear iad sa chóip den ainmliost a beifar tar éis a thabhairt do mar adubhradh. Beidh gach fógra puiblí den tsórt san sa bhfuirm orduithe.
4. Beidh na páipéiri ballóide i Seanad-Toghachán sa bhfuirm, atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal so agus soláthróidh an Ceann Comhrimh Seanadach na páipéirí ballóide go léir a theastóidh i gcóir an toghacháin, agus soláthróidh sé do gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair oiread páipéirí ballóide agus bheidh riachtanach chun an toghachán do threora sa cheart ina dháilcheanntar.
5. Déanfidh gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair an Seanad-Toghachán do threora ina dháilcheanntar an lá ceaptha ar gach slí díreach mar a héilítear air le Cuid III. den Acht so, leis an dTríú Sceideal agus leis an gCeathrú Sceideal den Acht so, agus le rialacha a 13 go dtí a 19 agus a 21 go dtí 34 agus a 44 go dtí 53, go huile, de Chuid I., agus le hiomlán Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so chun vótaíocht do threora i dtoghachán genearálta ina dháilcheanntar, agus bainfid na Sceidil agus na Rialacha roimh-ráite le Seanad-Toghachán ach amháin ná raghaidh an Ceann Comhrimh níos sia le comhreamh na vótanna ná beartanna do dhéanamh de sna páipéirí do réir na bpríomhroghna do breacadh do gach iarrthóir agus a dhéanamh amach cá mhéid páipeur i ngach beart fé leith díobh san ach ragha sé ar aghaidh ansan mar a horduítear do leis an gcéad riail ina dhiaidh seo.
6. Láithreach tar éis do dul chó fada agus deirtear sa Riail seo roimhe seo le comhreamh na vótanna déanfaidh gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair pacáidí fé leith fé shéala de sna beartanna iolartha san de pháipéirí ina mbeidh na príomh-roghna do breacadh do gach iarrthóir, agus scríofa sé ar chúl gach pacáide dhíobh cá mhéid páipeur den tsórt san atá sa phacáid, agus ainm an iarrthóra dar breacadh na príomhroghna ar na páipéiri sin, agus cuirfe sé an céanna ag triall ar an gCeann Comhrimh Seanadach.
7. Ansan có-líonfidh gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair forálacha Riail 9 (4) den Cheathrú Sceideal agus Rialacha 34, 35 agus 36 i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ach go dtuairisceoidh sé agus go cuirfe sé chun an Chinn Chomhrimh Sheanadaigh na nithe a héilítear air leis na Rialacha san a thuairisciú no a chur chun Cléireach na Dála.
8. Chó luath agus bheidh fachta ag an gCeann Comhrimh Seanadach ó sna Cinn Chomhrimh Dháilcheanntair na pacáidí, na tuairiscí agus na nithe eile go léir éilíd na Rialacha so ar na hoifigigh sin a chur ag triall air, ceapfidh an Ceann Comhrimh Seanadach an t-am agus an áit ina ragha sé ar chomhreamh na vótanna, agus déanfa sé san am san agus san áit sin na vótanna do chomhreamh do réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
9. Chó luath agus bheidh comhreamh na vótanna críochnuithe cuirfidh an Ceann Comhrimh Seanadach ag triall ar Chléireach an tSeanaid agus fós ar Chléireach na Dála deimhniúchán sa bhfuirm atá i gCuid II. den Sceideal so, deimhniúchán ina neosfar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh, an méid vótanna ar fad do tugadh do gach iarrthóir (pe'ca toghadh é no nár toghadh), aon aistriú vótanna do dineadh fén Acht so, agus an méid vótanna ar fad do cuireadh i leith gach iarrthóra i ndeire an chomhrimh in ar dineadh an t-aistriú san agus fós foillseoidh sé cóip den deimhniúchán san san Iris Oifigiúil.
10. Ansan cuirfidh an Ceann Comhrimh Seanadach ag triall ar Chléireach an tSeanaid na páipéirí, na pacáidí agus na nithe sin go léir a héilítear ar cheann chomhrimh a chur ag triall ar Chléireach na Dála do réir Riail 9 (4) den Cheathrú Sceideal agus Riail 36 i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus bainfid Rialacha 37 go dtí 41, go huile, i gCuid I. den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, bainfid leis na páipéirí, na pacáidí agus na nithe eile a cuirfar mar sin go dtí Cléireach an tSeanaid, ach an Ceann Comhrimh Seanadach agus Cléireach an tSeanaid do chur in ionad an Ceann Comhrimh agus Cléireach ná Dála, fé seach.
11. Sé rud a chiallóidh an abairt “Ceann Comhrimh Dáilcheanntair” sa Sceideal so ná duine is Ceann Comhrimh do Dháilcheanntar fén Acht so.
CUID II.
I.
FUIRM AN PHAIPEIR BHALLOIDE.
Fuirm Aghaidh an Phaipeir Bhalloide.
Uimh. an Chodhuille. | Marcáil Ordú do roghna sna spáis seo síos. | Ainmneacha na nIarrthóirí. |
O DUBHGHAILL | ||
(Séamus O Dubhghaill, ó 10 an tSráid Árd, Fear Íle). | ||
NÍ LOINGSIGH | ||
(Siobhán Eibhlín ní Loingsigh, ó 12 an tSráid Mhór, Grósaer). | ||
O BRIAIN | ||
(Seán O Briain, ó 22 Plás Chlós an Tobair, Cúntasóir). | ||
O CONCHUBHAIR | ||
(Séarlas O Conchubhair, ó 7 Sráid na Faiche, Duine Uasal). | ||
MAC TOMÁIS | ||
(Liam Hanraoi Mac Tomáis, ó 14 Sráid na Banríona, Gabha Geal). | ||
MAC LIAM | ||
(Riobárd Mac Liam, ó 22 Cearnóg Raghnallach, Drugaire). |
Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide.
Uimhir | ... | ... | ... | ... | ... | ... |
Toghachán chun Seanad Éireann, 19...... |
Nota.—An uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide beidh sí ar có-réir léi sin ar an gcó-dhuille
II.
Fuirm an Deimhniuchain ar Iarrthoiri do Thogha.
An méid vótanna éifeachtacha ............................................................................
An méid ball atá le togha..................................................................................................
An quota (an méid vótanna is leor chun iarrthóir do thogha)...................................
Ainmneacha na nIarrthóirí. | An chéad Chomhreamh. | Au Dara Comhreamh. | An Triú Comhreamh. | An Ceathrú Comhreamh. | Comhreamh. | Comhreamh. | Ainmucacha na nIarrthóirí do toghadh. | |||||
Vótanna. | Aistriú Vótanna. | Tora. | Aistriú Vótanna. | Tora. | Aistriú Vótanna. | Tora. | Aistriú Vótanna. | Tora. | Aistriú Vótanna. | Tora. | ||
.................. |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
.................. | ||||||||||||
.................. | ||||||||||||
.................. | ||||||||||||
.................. | ||||||||||||
.................. | ||||||||||||
.................. | ||||||||||||
Páipéirí neamhionaistrithe, neamhéifeachtacha. | ||||||||||||
An t-Iomlán |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Deimhním leis seo gurb iad Seanadóirí do toghadh sa toghachán so ná—
A.B. | ó....................................... |
C.D. | ó....................................... |
E.F | ó....................................... |
....................................... |
agus, na vótanna a tugadh do sna hiarrthóirí agus tora aon aistrithe vótanna a dineadh, go bhfuilid mar a tespeántar air seo.
Sighnithe................................................ | |
Ceann Comhrimh Seanadach. | |
An.........lá so de......... 9 . |
AN SEACHTU SCEIDEAL.
Cuid I.
RIALACHA CHUN REFERENDA DO THREORA.
1. Láithreach tar éis foillsiú an Fhurógra le n-a gceapfar an lá chun Referendum do thógaint cuirfidh Cléireach na Dála ag triall ar an gCeann Comhrimh i ngach Dáilcheanntar cóip den Fhurógra san agus cóipeanna den Bhille le n-a mbainfidh an Referendum san.
2. Déanfidh gach Ceann Comhrimh, laistigh de dhá lá tar éis an chóip sin den Fhurógra d'fháil, fógra puiblí do thabhairt (ar an gcuma gcéanna atá orduithe i Riail 1 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so i gcóir foillsiú na nithe a luaidhtear sa Riail sin) i dtaobh an lá a tógfar an Referendum agus i dtaobh na n-aimsear agus na n-áiteanna ina bhféadfar cóip den Bhille le n-a mbainfidh an Referendum san d'iniúcha Beidh gach fógra puiblí den tsórt san sa bhfuirm orduithe.
3. Aon Fhurógra a cuirfar amach roimh an lá atá socair i gcóir an chéad chlár a hullamhófar fén Acht so do theacht i bhfeidhm, chun Referendum do thógaint, tuigfar gur cuireadh amach é an lá atá socair i gcóir an Clár san do theacht i bhfeidhm, agus cuirfar ar cáirde dá réir sin aon dátaí a socruítear leis no fén Acht so no a socrófar le haon Fhurógra den tsórt san roimh-ráite chun éinní do dhéanamh ortha no le n-a linn.
4. Cuirfidh an Ceann Comhrimh cóip den Bhille roimh-ráite ar fáil chun é-d'iniúcha ag an bhpuiblíocht, i ngach áit de sna háiteanna ina gcuirtear scríbhinní ar fáil chun iad d'iniúcha, do réir Riail 30 den chéad Sceideal den Acht so, ar feadh trí huaire a' chluig idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog um thráthnóna gach lá a thiocfidh idir fhoillsiú an fhógra roimh-ráite agus lá tógtha an Referendum.
5. Beidh na Páipéirí Ballóide i Referendum sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid II. den Sceideal so agus i gcás Referenda i dtaobh dhá Bhille no breis do thógaint an t-aon lá amháin soláthrófar i gcóir gach Referendum díobh páipéirí ballóide fé leith agus dath so-aitheanta fé leith ortha.
6. Déanfidh gach Ceann Comhrimh an Referendum do threora ina dháilcheanntar an lá ceaptha ar gach slí díreach mar a héilítear air le Cuid III. den Acht so agus leis an gCeathrú Sceideal agus le Rialacha 13 go 19 agus 21 go 34 agus 44 go 53, go huile, de Chuid I., agus le hiomlán Chuid II. den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so maille leis na hatharuithe riachtanacha ortha chun vótaíocht do threora i dtoghachán corra ná beadh thar beirt iarrthóirí ann.
7. Tar éis don Cheann Chomhrimh comhreamh na vótanna do caitheadh ina dháilcheanntar do chríochnú ní fhoillseoidh sé tora an chomhrimh sin ach cuirfe sé láithreach ag triall ar Chléireach na Dála, tríd an bpost agus i gclúdach ar a mbeidh “Tora ar Referendum” marcálta, deimhniúchán sa bhfuirm orduithe, á rá cá mhéid vóta do caitheadh i bhfabhar den Bhille agus i gcoinnibh an Bhille, fé seach, ina dháilcheanntar agus déanfidh an Phost-Oifig gach clúdach den tsórt san do chur chun siúil agus do sheachada in aisce.
8. Nuair a bheidh tortha na vótála sna dáilcheanntair go léir fachta ag Cléireach na Dála ó sna Cinn Chomhrimh uile táibhleoidh sé na tortha san agus déanfa sé amach asta tora na vótála ar an referendum san agus cuirfe sé an tora san in úil don Oireachtas ar pé cuma a ordóidh an Dáil ó am go ham, agus foillseoidh sé an céanna san Irish Oifigiúil.
9. Nuair a bheidh an deimhniúchán ar an méid vótanna do caitheadh na dháilcheanntar curtha ag triall ar Chléireach na Dála ag an gCeann Comhrimh có-líonfa sé forálacha Riail 9 (4) den Cheathrú Sceideal agus Rialacha 34, 35 agus 36 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ansan bainfidh Rialacha 37 go 41, go huile, den Chúigiú Sceideal san leis na páipéirí, na pacáidí agus na nithe eile go léir a cuirfar ag triall ar Chléireach na Dála fé sna Rialacha san 9 (4), 34, 35 and 36
Cuid II.
FUIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE
Le húsád í Referendum.
Fuirm Agaidh an Phaipéir Bhallóide.
Uimh. an Chódhuille. Nóta: Beidh ar an gCódhuille uimhir a bheidh ar có-réir léi sin ar chúl an Pháipéir Bhallóide. | An aontuíonn tú leis an mBille do rith Dáil Éireann agus dar dáta an...............lá de ..................agus dar teideal (cuirtar lánteideal an Bhille anso). | Freagra. |
Má aontuíonn tú leis an mBille seo, scríobh an focal “Aontuím” i gcolún an Fhreagra | ||
Mara n-aontuíonn tú leis an mBille, scríobh an focal “ní aontuím” i gcolún an Fhreagra. |
Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide.
Uimhir........................................................................
Dáilcheanntar..............................................................
Referendum............................................................ ...
AN tOCHTU SCEIDEAL.
Dailcheanntair.
1. Beidh ainmneacha, lán, agus teoranna gach dáilcheanntair bhuirge agus gach dáilcheanntair chontae agus ainmneacha agus lán gach dáil. cheanntair Phríomhscoile mar a luaidhtear sa Sceideal so.
2. Na líomatáistí a luaidhtear sa dara colún i gCodanna I. agus II. den Sceideal so tuigfar gurb iad na líomatáistí sin iad fé mar a bhíodar an Chéad lá d'Eanair, naoi gcéad déag a trí is fiche, ach ní dhéanfidh aon mhí-ainmniú ná aon tuairisc nea-chruinn ar aon cheann de sna líomatáistí sin cosc ná giorrú in aon tslí ar oibriú an Achta so maidir leis an ní ar a dtugtar an tuairisc, má tugtar a chomharthaí ar chuma a tuigfar go coitiann.
3. Má éiríonn amhras i dtaobh ce'ca dáilcheanntar ina gcuirfar, do réir intinn an Sceidil seo, aon bhaile fearainn, no aon togh-roinn cheanntair, no aon áit eile is mó no is lú ná baile fearainn, no togh-roinn cheanntair, isé an t-Aire um Rialtas Áitiúil a chuirfidh an t-amhrus san ar neamh-ní.
Cuid I.
DÁILCHEANNTAIR BHUIRGE.
Ainm an Dáilcheanntair. | Lán no teoranna an Dáilcheanntair. | Uimhir iomlán ballra an Dáilcheanntair. |
Buirg Chorcaighe | Contae-Bhuirg Chorcaighe agus Togh-líomatáiste contaethach Bhaile an Chullaigh. | Cúigear. |
Baile Atha Cliath Thuaidh. | Togh-líomatáistí buirge Bhaile Atha Cliath a 1, Bhaile Atha Cliath a 2, Bhaile Atha Cliath a 4, Bhaile Atha Cliath a 6, agus Bhaile Atha Cliath a 8 i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath. | Ochtar. |
Baile Atha Cliath Theas. | Togh-líomatáistí buirge Bhaile Atha Cliath a 3, Bhaile Atha Cliath a 5, Bhaile Atha Cliath a 7, Bhaile Atha Cliath a 9, agus Bhaile Atha Cliath a 10 i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath. | Seachtar. |
Cuid II
DAILCHEANNTAIR CHONTAE.
Ainm an Dáilcheanntair | Lán no teoranna an Dáilcheanntair. | Uimhir iomlán ballra an Dáilcheanntair. | ||
Ceatharlach agus Cill Choinnigh. | Contaethe riaracháin Cheatharlach agus Chill Choinnigh | Cúigear. | ||
An Cabhá | ... | Contae riaracháin an Chabháin | ... | Ceathrar. |
An Clár | ... | Contae riaracháin an Chláir | ... | Cúigear |
Corcaigh Thuaidh | Togh-líomatáistí contaethacha Cheann Tuirc agus Machromtha i gContae riaracháin Chorcaighe. | Triúr. | ||
Corcaigh Thiar | Togh-líomatáistí contaethacha Dhroichead na Banndan, Bheanntraí agus Dhún Maonmhaí i gcontae riaracháin Chorcaighe. | Cúigear | ||
Corcaigh Thoir | ... | Togh - líomatáistí contaethacha Mhalla agus an Chóibh i gcontae riaracháin Chorcaighe | Cúigear. | |
Dún na nGall | ... | Contae riaracháin Dún na nGall. | Ochtar. | |
Baile Atha Cliath | Contae riaracháin Bhaile Atha Cliath. | Ochtar. | ||
Gaillimh | ... | Contae riaracháin na Gaillimhe | Naonúr. | |
Ciarraí | ... | Contae riaracháin Chiarraí | ... | Seachtar |
Cill Dara | ... | Contae riaracháin Chill Dara | ... | Triúr. |
Liatruim agus Sligeach. | Contaethe riaracháin Liatroma agus Shligigh. | Seachtar. | ||
Laoighis agus I Fáilghe. | Contaethe riaracháin Laoighse agus I Fáilghe. | Cúigear. | ||
Luimneach | ... | Contae riaracháin Luimnigh agus contae-bhuirg Luimnigh. | Scachtar | |
Longphort agus an Iar-mhidhe. | Contaethe riaracháin Longphuirt agus na hIarmhidhe. | Cúigear. | ||
Lúbhaidh | ... | Contae riaracháin Lúbhaidh | ... | Triúr. |
Muigheo Thuaidh. | Togh líomatáistí contaethacha Bhéal-an-Atha, Chill Alaidh agus Bhéal Átha na Muice i gcontae riaracháin Mhuigheo. | Ceathrar. | ||
Muigheo Theas | ... | Togh líomatáistí contaethacha Chaisleán an Bharraigh, Chlár Chloinne Muiris agus Chathair na Mart i gcontae riaracháin Mhuigheo. | Cúigear. | |
An Mhidhe. | ... | Contae riaracháin na Midhe | ... | Triúr. |
Muineachán | ... | Contae riaracháin Mhuineacháin. | Triúr. | |
Roscomáin | ... | Contae riaracháin Roscomáin | ... | Ceathrar. |
Tiobraid Árann | ... | Contaethe riaracháin Trian Thuaidh Thiobrad Arann agus Trian Theas Thiobrad Arann. | Seachtar. | |
Portláirge | ... | Contae riaracháin Phortláirge agus contaebhuirg Phortláirge. | Ceathrar. | |
Loch Garman | ... | Contae riaracháin Loch Garman. | Cúigear. | |
Cill Mhanntáin | ... | Contae riaracháin Chill Mhanntáin | Triúr. | |
Cuid III.
PRIOMH-SCOILEANNA.
Ainm an Dáilcheanntair Phríomh-scoile. | Uimhir na mball. | ||
Príomh-scoil Bhaile Atha Cliath | ... | ... | Triúr. |
Príomh-scoil Náisiúnta na hÉireann | ... | ... | Triúr. |
AN NAOIU SCEIDEAL.
Oiriunu Achtanna.
1. In ailt a naoi déag ar fhichid, a hocht agus trí fichid, agus a naoi agus trí fichid den Acht chun Cleachtanna Cuirpe Nea-dhleathacha do Chosc, 1883, ciallóidh “registration officer” an t-oifigeach clárathachta fén Acht so.
2. In ailt a dó dhéag agus a ceathair déag d'Acht na gCoistí (Éirinn), 1871, cuirfar tagairt do chúirt chontae in ionad tagairt don chúirt ina ndintar an clár de vótáluithe páirliminteacha d'ath-fhéachaint.
3. In alt a sé déag den Acht um Chlárú Páirliminteach (Éirinn), 1885, cuirfar an t-oifigeach clárathachta in ionad cléireach an aontais; cuirfar “fifteenth of November” in ionad “first of July” agus leigfar ar lár an focal “male.”
4. Féadfidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, le hOrdú, oiriúnuithe eile do dhéanamh ar fhorálacha aon Achta (agus aon Acht áitiúil agus aon Acht a dhineann daingniú ar Ordú Sealadach d'áireamh), sé sin, pé oiriúnaithe is gá, dar leis, chun na forálacha san do chur ar aon dul le forálacha an Achta so; agus aon Ordú a déanfar amhlaidh oibreoidh sé fé mar a hachtófí san Acht so é.
AN DEICHIÚ SCEIDEAL.
Ath-Ghairmeanna.
Siosón agus Caibideal. | Gearr-Theideal. | Méid na hAth-Ghairme. |
13 & 14 Vic. c. 68. | Acht na dToghachán bPáirliminteach (Éirinn), 1850. | Ailt a seacht déag agus a hocht déag. |
13 & 14 Vic., c. 69. | Acht Ionadaíocht na nDaoine (Éirinn), 1850. | Ailt a seacht agus cheithre fichid, a hocht agus cheithre fichid, a naoi agus cheithre fichid, agus céad a trí. |
25 & 26 Vic. c. 62. | Acht na dToghachán gContae (Éirinn), 1862. | An t-Acht uile sa mhéid nár ath-ghairmeadh é |
31 & 32 Vic. c. 49. | Acht Ionadaíocht na nDaoine (Éirinn), 1868. | An t-Acht uile sa mhéid nár ath-ghairmeadh é. |
35 & 36 Vic. c. 33. | Acht na Ballóide, 1872. | Cuid I. agus an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal sa mhéid nár ath-ghairmeadh iad, ach amháin sa mhéid go mbainid le toghacháin nách Toghacháin Pháirliminte. |
38 & 39 Vic. c. 84. | Acht na dToghachán bPáirliminteach (Cinn Chomhrimh), 1875. | An t-Acht uile sa mhéid nár ath-ghairmeadh é. |
48 Vic. c. 10. | Acht na dToghachán (Uaire Votaíochta), 1885. | An t-Acht uile sa mhéid nár ath-ghairmeadh é. |
48 Vic. c. 17. | Acht um Chlárú Páirliminteach (Éirinn), 1885. | Alt a seacht. |
3 & 4 Geo. 5., c. 6. | Acht chun Uaire na Vótaíochta do Shíne, 1913. | An t-Acht uile. |
8 Geo. 5., c. 64. | Acht Ionadaíocht na nDaoine, 1918. | An t-Acht uile ach amháin an méid de a bhain le reacht-shaoirsí Rialtais Áitiúla, le clárú toghthóirí Rialtais Áitiúla, le líomatáistí Toghacháin Rialtais Áitiúla, agus le toghacháin Rialtais Áitiúla; agus alt a trí, fo-alt a trí d'alt a ceathair; fo-alt a haon, a dó agus a ceathair d'alt a seacht, fo-alt a dó d'alt a hocht; ailt a deich agus a seacht déag, fo-alt a haon d'alt a dó agus fiche, ailt a trí déag ar fhichid go cúig déag ar fhichid, ailt a hocht déag ar fhichid agus a haon agus dachad, ailt a trí agus dachad go seacht agus dachad agus an ceathrú sceideal, an seachtú sceideal, an tóchtú sceideal agus an naoiú sceideal. |
7 & 8 Geo. 5, c 65. | Acht Ath-roint na Suíochán (Éirinn), 1918. | An t-Acht uile. |
8 & 9 Geo. 5., c. 50. | Acht Ionadaíocht na nDaoine (Leasú), 1918. | An t-Acht uile. |
9 Geo. 5., c. 8. | Acht Ionadaíocht na nDaoine (Costaisí Ceanna Comhrimh), 1919. | An t-Acht uile. |
10 & 11 Geo. 5., c. 15. | Acht Ionadaíocht na nDaoine, 1920. | An t-Acht uile. |
10 & 11 Geo. 5, c. 35. | Acht Ionadaíocht na nDaoine (Uimh, a 2). 1920. | An t-Acht uile. |
11 & 12 Geo. 5., c. 34. | Acht Ionadaíocht na nDaoine, 1921. | An t-Acht uile. |
12 & 13 Geo. 5., c 12. | Acht Ionadaíocht na nDaoine, 1922. | An t-Acht uile. |