Uimhir 12 de 1942.
ACHT CÁNACHA AGUS DIÚITÉTHE (TOSCA SPEISIALTA), 1942.
[An tionntódh oifigeamhail.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927);
foluíonn an abairt “an Taoiseach” duine ar bith dá mbeidh údaruithe de thurus na huaire le dlí feidhmeanna an Taoisigh d'fheidhmiú;
eiálluíonn an abairt “bliain chánach ioncuim” tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 6adh lá d'Abrán agus dar críoch an 5adh lá d'Abrán ina dhiaidh sin;
cialluíonn an abairt “Coiste um Airgeadas” Coiste um Airgeadas Dháil Éireann an uair agus an fhaid is Coiste den Tigh uile an Coiste sin;
cialluíonn an abairt “gníomhú námhad” gníomhú no nithe ar n-a ndéanamh sa Stát (le n-a n-áirmhítear uiscí teorann an Stáit agus an t-aerbhrat forluighteach) ag fórsaí armtha tíre eile, pé aca i gcogadh don Stát leis an tír sin no nach eadh.
Forálacha is infheidhme i gcás, nach féidir rún ag forchur cánach ioncuim agus forchánach do rith.
2.—(1) Má thárlann aon tráth i mbliain chánach ioncuim, sara mbeidh rún go n-éifeacht reachtúil aige de bhuadh Achta 1927 ag forchur cánach ioncuim agus forchánach don bhliain sin rithe ag an gCoiste um Airgeadas, gur deimhin leis an Taoiseach an Coiste um Airgeadas do bheith éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe námhad, ar theacht le chéile chun go mbreithneoidís agus, i gcás inarbh oiriúnach leo é, go rithfidís an rún san, is dleathach don Taóiseach a dhearbhú i scríbhinn an Coiste um Airgeadas do bheith éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe fórsaí armtha tíre eile, ar theacht le chéile chun cáin ioncuim agus forcháin don bhliain chánach ioncuim a bheidh ag rith an uair sin do bhreithniú agus, más oiriúnach leo é, d'fhorchur.
(2) Má dhéanann agus aon uair a dhéanfaidh an Taoiseach fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so dearbhú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfar cáin ioncuim don bhliain chánach ioncuim ina ndéanfar an dearbhú san (dá ngairmtear an bhliain reatha sa bhfo-alt so) d'éileamh de bhuadh an Achta so do réir an ráta ar ar héilíodh cáin ioncuim don bhliain chánach ioncuim díreach roimhe sin;
(b) déanfar forcháin don bhliain reatha d'éileamh de bhuadh an Achta so do réir na rátaí ar ar héilíodh forcháin don bhliain chánach ioncuim díreach roimhe sin;
(c) na forálacha uile agus fé seach, reachtúil agus eile, do bhí i bhfeidhm an lá roimh thosach na bliana reatha maidir le cáin ioncuim agus forcháin beidh éifeacht aca de bhuadh an Achta so maidir leis an gcáin ioncuim agus an fhorcháin sin is inéilithe de bhuadh an Achta so don bhliain reatha.
Forálacha is infheidhme i gcás nach féidir Acht ag forchur cánach ioncuim agus forchánach do rith.
3.—(1) Má thárlann aon tráth i mbliain chánach ioncuim, tar éis rún go n-éifeacht reachtúil aige de bhuadh Achta 1927 ag forchur cánach ioncuim agus forchánach don bhliain sin do bheith rithte ag an gCoiste um Airgeadas agus sara scuiridh an rún san den éifeacht reachtúil sin do bheith aige, gur deimhin leis an Taoiseach aon cheann no an dá cheann de Thithe an Oireachtais do bheith éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe námhad, ar theacht le chéile chun go mbreithneoidís agus, i gcás inarbh oiriúnach leo é, go ndéanfaidís na nithe sin ba ghá dhó no dhóibh fé seach, ag féachaint d'fhorálacha Achta 1927, do dhéanamh d'fhonn éifeacht reachtúil sin an rúin sin (go modhnú no gan modhnú) do bhuan-choimeád no chun go rithfidís Bille ina mbeadh forálacha ar aon-bhrí (go modhnú no gan modhnú) leis an rún san no an Taoiseach do bheith má bhíonn Bille den tsórt san adubhradh rithte no más tuigthe é bheith rithte ag Tithe an Oireachtais, éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe námhad, ar an mBille sin do thairgsint don Uachtarán chun a lámh a chur leis, is dleathach don Taoiseach dearbhú do dhéanamh i scríbhinn ag aithris an rúin sin agus an mhodhnuithe sin (más ann) air a bheidh déanta go dleathach agus á dhearbhú gach ceann no an dá cheann no ceann amháin (do réir mar a bheidh) de Thithe an Oireachtais fé seach agus an tUachtarán do bheith uile no fé seach éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe fórsaí armtha tíre eile, ar na nithe do dhéanamh is gá do réir dlí chun reachtaíocht d'achtú ina mbeadh forálacha ar aon-bhrí leis an rún san gus an modhnú san (más ann).
(2) Má dhéanann agus aon uair a dhéanfaidh an Taoiseach fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so dearbhú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, ansan, an rún a haithriseofar sa dearbhú san (go pé modhnú (más ann) air a bheidh déanta go dleathach) beidh éifeacht reachtúil aige, de bhuadh an Achta so, fé is dá mbeadh sé in Acht den Oireachtas go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas an éifeacht reachtúil sin do dhaingniú (go modhnú no gan modhnú) no d'fhoirceannadh.
Forálacha is infheidhme i gcás nach féidir Acht ag forchur, ag buanú, ag athrú, no ag foirceannadh diúite chustum no mháil do rith.
4.—(1) Má thárlann aon tráth i mbliain airgeadais, tar éis rún go n-éifeacht reachtúil aige de bhuadh Achta 1927 d'fhorchur, do bhuanú, d'athrú, no d'fhoirceannadh diúité chustum no diúité mháil do bheith rithte ag an gCoiste um Airgeadas agus sara scuiridh an rún san den éifeacht reachtúil sin do bheith aige, gur deimhin leis an Taoiseach aon cheann no an dá cheann de Thithe an Oireachtais do bheith éagcumasch, de dheascaibh gníomhuithe námhad, ar theacht le chéile chun go mbreithneoidís agus, más oiriúnach leo é, go ndéanfaidís na nithe sin ba ghá dhó no dhóibh fé seach, ag féachaint d'fhorálacha Achta 1927, do dhéanamh d'fhonn éifeacht reachtúil sin an rúin sin (go modhnú no gan modhnú) do bhuan-choimeád no go rithfidís Bille ina mbeadh forálacha ar aonbhrí (go modhnú no gan modhnú) leis an rún san no an Taoiseach do bheith, ar Bhille den tsórt san adubhradh do bheith rithte no ar bheith tuigthe é bheith rithte ag Tithe an Oireachtais, éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe námhad, ar an mBille sin do thairgsint don Uachtarán chun a lámh a chur leis, is dleathach don Taoiseach dearbhú do dhéanamh i scríbhinn ag aithris an rúin sin agus an mhodhnuithe sin (más ann) air a bheidh déanta go dleáthach agus á dhearbhú gach ceann no an dá cheann no ceann amháin (do réir mar a bheidh) de Thithe an Oireachtais fé seach agus an tUachtarán do bheith uile no fé seach éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe fórsaí armtha tíre eile, ar na nithe do dhéanamh is gá do réir dlí chun reachtaíocht d'achtú ina mbeadh forálacha ar aon-bhrí leis an rún san gus an modhnú san (más ann).
(2) Má dhéanann agus aon uair a dhéanfaidh an Taoiseach fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so dearbhú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, beidh ag an rún a haithriseofar sa dearbhú san (go pé modhnú (más ann) air a bheidh déanta go dleathach) éifeacht reachtúil, de bhuadh an Achta so, fé is dá mbeadh sé in Acht den Oireachtas go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas an éifeacht reachtúil sin do dhaingniú (go modhnú no gan modhnú) no d'fhoirceannadh.
Forálacha maidir le daingniú orduithe fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932.
5.—(1) Má thárlann, aon tráth laistigh d'ocht mí tar éis ordú do dhéanamh fé alt 1 den Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) (nach ordú gan d'fheidhm aige ach ordú do rinneadh roimhe sin fén alt san do chúlghairm go hiomlán) agus sara ndéantar an t-ordú san do dhaingniú le hAcht den Oireachtas no sara ndéantar é do chúlghairm go hiomlán le hordú eile fén alt san, gur deimhin leis an Taoiseach aon cheann no an dá cheann de Thithe an Oireachtais do bheith éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe námhad, ar theacht le chéile chun go mbreithneoidís agus, más oiriúnach leo é, go rithfidís Bille ina mbeadh forálacha ag daingniú an orduithe sin no an Taoiseach do bheith, ar Bhille den tsórt san adubhradh do bheith rithte no ar bheith tuigthe é bheith rithte ag Tithe an Oireachtais, éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe námhad, ar an mBille sin do thairgsint don Uachtarán chun a lámh a chur leis, is dleathach don Taoiseach dearbhú do dhéanamh i scríbhinn ag aithris an orduithe sin agus á dhearbhú gach ceann no an dá cheann no ceann amháin (do réir mar a bheidh) de Thithe an Oireachtais fé seach agus an tUachtarán do bheith uile no fé seach éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe fórsaí armtha tíre eile, ar na nithe do dhéanamh is gá do réir dlí chun reachtaíocht d'achtú ina mbeadh forálacha ag daingniú an orduithe sin.
(2) Má dhéanann agus aon uair a dhéanfaidh an Taoiseach fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so dearbhú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, ansan, an t-ordú a haithriseofar sa dearbhú san leanfa sé, de bhuadh an Acht so, d'éifeacht reachtúil do bheith aige do réir an Achta chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932, go dtí go ndéanfar an éifeacht reachtúil sin do dhaingniú no d'fhoirceannadh le hAcht den Oireachtas.
Alt 211 den Income Tax Act, 1918, do mhodhnú.
6.—Aon uair a dhéanfaidh an Taoiseach dearbhú fén Acht so a dtiocfaidh dá dhruim go ndéanfar, de bhuadh an Achta so, cáin ioncuim d'fhorchur (go díreach no tré éifeacht reachtúil do thabhairt do rún (go modhnú no gan modhnú) ón gCoiste um Airgeadas) d'aon bhliain áirithe, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncuim a forchuirfear amhlaidh, ag alt 211 den Income Tax Act, 1918. fé réir na modhnuithe seo leanas—
(a) déanfar an abairt “the passing of the Act imposing the tax for that year” do léiriú mar abairt a chialluíonn an Taoiseach do dhéanamh an dearbhuithe sin, agus déanfar an abairt “the Act so imposing the tax” do léiriú dá réir sin, agus
(b) déanfar an abairt (i ndeireadh an ailt sin) “if the Act imposing tax for the year had been in force” do léiriú mar abairt a chialluíonn dá mbeadh an dearbhú san déanta ag an Taoiseach.
Alt 6 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927, do mhodhnú.
7.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach íocaíocht no asbhaint le n-a mbaineann alt 6 d'Acht 1927, sé sin le rá:—
(a) má thárlann, laistigh de dhá mhí tar éis dul in éag don cháin shealadach ar ina leith do rinneadh an íocaíocht no an asbhaint agus sara ndéantar aon rún den tsórt a luaidhtear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt san 6 do rith maidir leis an gcáin sin, go ndéanfaidh an Taoiseach dearbhú fén Acht so a dtiocfaidh dá dhruim an cháin sin d'athnuachaint de bhuadh an Achta so, ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an mír sin (a) maidir leis an íocaíocht no an asbhaint sin;
(b) má thárlann, tar éis rún den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (a) do bheith rithe maidir leis an gcáin sin agus sara scuiridh an rún san d'éifeacht reachtúil do bheith aige fé Acht 1927, go ndéanfaidh an Taoiseach dearbhú fén Acht so a dtiocfaidh dá dhruim éifeacht reachtúil de bhuadh an Achta so do bheith ag an rún san (go pé modhnú (más ann) air a bheidh déanta go dleathach), ní bheidh feidhm ná éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) den alt san 6 maidir leis an íocaíocht no an asbhaint sin;
(c) má dhéanann an Taoiseach dearbhú fén Acht so a dtiocfaidh dá dhruim éifeacht reachtúil do thabhairt, de bhuadh an Achta so, do rún ag athnuachaint na cánach san go modhnuithe do bhéarfaidh go mbeidh iomlán na híocaíochta no na hasbhainte sin no cuid áirithe dhi gan bheith ina híocaíocht no ina hasbhaint dhlíthiúil, déanfar iomlán na híocaíochta no na hasbhainte sin no an chuid sin di (do réir mar a bheidh) d'aisíoc no do shlánú ar an dearbhú san do dhéanamh.
Dearbhuithe fén Acht so do dhílsedheimhniú agus d'fhoillsiú.
8.—(1) Gach dearbhú dhéanfaidh an Taoiseach fén Acht so beidh sé (mar mheasfaidh is ceart) séaluithe le n-a shéala oifigiúil no fé n-a láimh amháin.
(2) Aon uair a dhéanfaidh an Taoiseach dearbhú fén Acht so bhéarfaidh go bhfoillseofar an dearbhú san sa tslí sin is dóigh leis is ceart agus chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta.
Cúram agus bainistighe cánacha agus diúitéthe.
9.—Gach cáin agus diúité forchuirtear, a buanuítear, no a hathruítear fé réim agus de bhuadh an Achta so is tuigthe é do chur, de bhuadh an Achta so, fé chúram agus bainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim.
Gearr-theideal agus léiriú.
10.—(1) Féadfar an tAcht Cánacha agus Diúitéthe (Tosca Speisialta), 1942, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar an tAcht so, sa mhéid go mbaineann sé le cáin ioncuim no forcháin, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus, sa mhéid go mbaineann sé le diúitéthe custum, i dteannta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sé le diúitéthe máil, i dteannta na reacht a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistighe na ndiúitéthe sin.