Uimhir 12 de 1980
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1980
[An tiontú oifigiúil]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Talmhaíochta, 1931, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.
Coistí talmhaíochta a cheapadh.
2.—(1) Déanfaidh gach comhairle contae, ag an gcéad chruinniú eile den chomhairle a thionólfar tar éis dáta a chinnfidh an tAire Talmhaíochta chun críche an ailt seo, coiste talmhaíochta don chontae a cheapadh de réir fhorálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
(2) Tosóidh téarma oifige gach comhalta de choiste talmhaíochta a cheapfar amhlaidh ag deireadh an chruinnithe ag a gceapfar é agus beidh gach comhalta den sórt sin i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig nó a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht, go dtí an chéad chruinniú bliantúil eile den chomhairle a gceanglaítear ar an gcomhairle leis an bPríomh-Acht comhaltaí de choiste den sórt sin a cheapadh aige (seachas chun corrfholúntas a líonadh).
(3) Gach duine ar comhalta de choiste talmhaíochta do chontae é díreach roimh thosach an chruinnithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) de chomhairle an chontae sin críochnóidh a théarma oifige ar thosú don chruinniú sin.
Foráil iarmhartach.
3.—An cruinniú dá dtagraítear in alt 2 (1) de gach comhairle contae—
(a) measfar, chun críocha an Phríomh-Achta, gur cruinniú bliantúil de chuid na comhairle sin é a thionólfar i mbliain toghcháin agus
(b) measfar, chun críocha alt 26 (2) den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979, gurb é an cruinniú bliantúil dá dtagraítear ansin é.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1980, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1980, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1974, agus den Acht seo le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 |