Uimhir 13 de 1950.
ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1950.
[An tiontó oifigiúil.]
An méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla a mhéadú.
1.—Athghairmtear leis seo Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1949 (Uimh. 3 de 1949), agus in ionad ailt 1 de achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935), thar suim tríocha agus chúig mhilliún punt.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1950, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1950, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, agus den Acht seo le chéile.