Uimhir 14 de 1924.
ACHT NA dTITHE (SAORÁIDÍ TÓGALÁ), 1924.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “tigh” tigh comhnaithe;
cialluíonn an focal “tógáil” tigh nua do thógáil, agus is dá réir sin a léireofar an focal “ag tógáil” agus focail eile atá gaolmhar do;
cialluíonn an focal “ath-dhéanamh” seana-thigh no seanfhoirgint do dheisiú no d'ath-dhéanamh, maraon le hatharuithe agus breiseanna do dhéanamh, i dtreo go ndéanfí den chéanna tigh no tithe, no úrlár no úrláir comhnaithe, iomlán ionta féin, le n-a mbaineann an tAcht so, agus is dá réir sin a léireofar an focal “ag ath-dhéanamh” agus focail eile atá gaolmhar do;
cialluíonn an focal “seana-thigh no sean-fhoirgint” tigh no foirgint atá ann le linn rithte an Achta so;
cialluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, chontaebhuirge, no bhaile-cheanntair agus coimisinéirí baile;
cialluíonn an focal “oifigeach ceaptha” duine d'ainmnigh an tAire;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire;
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire um Rialtas Áitiúil.
Deontaisí do lucht tithe do thógáil no d'athdhéanamh.
2.—(1) Féadfidh an tAire, le haontú ón Aire Airgid, agus amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontaisí do dheona do dhaoine a beidh ag tógáil no ag ath-dhéanamh tithe le n-a mbaineann an tAcht so.
(2) Aon deontas a deonfar fén alt so i gcóir aon tighe áirithe ní ragha sé thar an suim chóir a luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(3) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontaisí a deonfar fén alt so thar suim £250,000 i gcóir tógáil tithe ná thar suim £50,000 i gcóir ath-dhéanamh tithe.
Tithe le n-a mbaineann an tAcht so.
3.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, baineann an tAcht so le tigh atá do réir na gcoiníoll so a leanas—
(a) maidir le hionad, aghaidh, pleanáil, déanamh agus sláintíocht an tighe, agus leis an méid tithe a bheidh ar gach acra, beidh an tigh do réir na gcoiníoll orduithe;
(b) maidir le méid agus le líon seomraí agus dultaisí riachtanacha an tighe, beith an tigh i gcó-réir ghenerálta le pleananna orduithe no le pé pleananna eile a cheadóidh an tAire;
(c) ní lú ná 520 troigh cheárnach a bheidh achar iomlán na n-úrlár uile a bheidh sa tigh agus iad do thomhas laistigh de sna fallaí fóirimeallacha agus ní mó ná 1,500 troigh cheárnach a bheidh sé i gcás tighe a dhéanfidh duine atá ar buan-fhostú i Stát-Sheirbhis Shaorstáit Éireann a thógáil chun úsáide agus mar chomhnaí dho féin agus ní mó ná 1,000 troigh cheárnach a bheidh sé i gcás aon tighe eile agus ní lú ná 400 troigh cheárnach a bheidh achar iomlán aon úrláir chomhnaithe dhá sheomra sa tigh agus é iomlán ann féin agus é thomhas mar adubhradh;
(d) deimhneoidh oifigeach ceaphta an tigh do bheith críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil;
(e) tar éis rithte an Achta so a tosnófar tógáil no athdhéanamh an tighe no, i gcásanna fé leith ina gcéadóidh an tAire é, laistigh de shé mhí roimh rith an Achta so, agus i ngach cás críochnófar é laistigh d'ocht mí dhéag tar éis rithte an Achta so, no laistigh de pé tréimhse sa bhreis a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe ach gan san a bheith níos sia ná cheithre mhí;
(f) i gcás seana-thigh no sean-fhoirgint d'ath-dhéanamh, deimhneoidh oifigeach ceaptha gur féidir an seanathigh no an sean-fhoirgint sin d'ath-dhéanamh mar thigh a bheidh do réir na gcoiníoll san roimhe seo agus, marar tosnuíodh ar é ath-dhéanamh roimh rith an Achta so, tabharfar an deimhniú san sara dtosnuítear an t-ath-dhéanamh;
(g) i gcás tigh nua do thógáil, ní tigh é a tógfar i gcólíona coiníoll ath-shuidhimh do réir brí an Achta um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923), agus ní tógfar é ar ionad ná ar aon chuid d'ionad tighe a bhí ann tráth agus go bhfuiltear no go mbeifar tar éis éileamh ina thaobh do dhéanamh fén Acht san no fé aon Acht eile a bhaineann le cúiteamh i ndíobháil choiriúil;
(h) i gcás seana-thigh no sean-fhoirgint d'ath-dhéanamh, ní seana-thigh ná sean-fhoirgint é gur dineadh éileamh ina thaobh fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923), ná fé aon Acht eile a bhaineann le cúiteamh i ndíobháil choiriúil.
(2) Na forálacha atá san Acht so i dtaobh tithe no foirgintí d'ath-dhéanamh, ní bhainfid ach le tithe no le foirgintí a luíonn i gcontae-bhuirg no i mbaile-cheanntar, no i mbaile atá fé choimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, no le tigh no le foirgint a luíonn laistigh de 880 slat ón bpuínte is goire dho de theora na contae-bhuirge no an bhaile-cheanntair sin no an bhaile sin fé choimisinéirí, no i mbaile nách lú ná cúig céad líon a lucht áitreibh do réir an áirimh is déanaí a dineadh.
Coiníollacha bhaineann le deontas d'fháil.
4.—Ní déanfar aon uair roimh an 26adh lá de Mheitheamh, 1926, tigh go dtabharfar deontas fén Acht so chun a thógtha no chun a ath-dhéanta do dhíol ná do chur ar léas ar phraghas, ar fhíneáil ná ar chíos a raghaidh thar an bpraghas, fíneáil no cíos cóir a luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so:
Ach i gcás tighe ath-dhéanta le n-a mbaineann an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923, ní raghaidh an cíos thar an gcíos is ceaduithe fén Acht san, ach déanfar an bhreis per cent. is ceaduithe fé fho-alt (1) (a) d'Alt 8 den Acht san d'áireamh do réir méid an chostais dá dtagartar so bhfo-alt san, lú-de luach aon chabhrach a deonfar fén Acht so ar scór an ath-dhéanta, luach a shocróidh an tAire.
(2) Má sháruíonn éinne aon cheann d'fhorálacha an fho-ailt sin roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ar an slí achmair féadfar fíneáil nách mó ná £100 do chur air.
Am agus modh an deontas do dheona.
5.—Déanfar gach deontas a dheonfidh an tAire fén Acht so d'íoc pé tráth no tráthanna, do réir pé tráth-chodanna agus ar thaisbeáint pé fianaise a hordófar o am go ham, fianaise ar chó-líona leathrannach na gcoiníoll a leagtar amach leis an Acht so no fé (i gcás íoc tráth-choda) agus ar lán-chó-líona na gcoiníoll roimhráite (i gcás íoca dheiridh) agus ní bheidh dul thar breith an Aire ar ce'ca có-líonadh no nár có-líonadh aon choiníoll den tsórt san (go huile no go leathrannach) ná ar ce'ca tugadh no nár tugadh leor-fhianaise ar an gcoiníoll san.
Féadfidh údaráis áitiúla deontaisí, iasachtaí, etc., sa bhreis do dheona.
6.—(1) Le cead ón Aire agus fé sna coiníollacha orduithe féadfidh aon údarás áitiúil éinní de sna nithe seo a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) deontas breise do dheona d'éinne le n-a bhfuil deontas iníoctha ag an Aire fén Acht so i dtaobh tighe a luíonn laistigh de líomatáiste údaráis an údaráis áitiúla, ach gan é dhul thar méid an deontais is iníoctha ag an Aire ar scór an tighe sin;
(b) iasacht do thabhairt d'éinne le n-a bhfuil deontas iníoctha ag an Aire fén Acht so ar scór tighe a luíonn laistigh de líomatáiste údaráis an údaráis áitiúla, ach gan í dhul thar dhá oiread an deontais is iníoctha ag an Aire ar scór an tighe sin, agus beidh an iasacht san len' aisíoc ina tráth-choda no ar aon tslí eile laistigh de thréimhse nách sia ná cúig bliana déag o tugadh an iasacht, maraon le hús ar ráta nách mó ná deich scillinge sa bhreis ar an ráta ar a bhféadfadh an t-údarás áitiúil féin airgead d'fháil ar iasacht ar dháta na hiasachta san uatha, agus beidh morgáiste no muirear ar an tigh roimhráite mar urraíocht acu ar aisíoc na hiasachta san;
(c) aon chuid d'aon talamh a bheidh an uair sin ar seilbh ag an údarás áitiúil do dheona d'éinne no do chur ar léas chun éinne, fé chumhnant go dtógfidh an duine sin ar an talamh san tigh no roinnt áirithe tithe den tsórt le n-a mbaineann an tAcht so, no fé chumhnant ná húsáidfar an talamh san ach amháin mar bhreis spáis do gháirdín i gcóir tighe ath-dhéanta le n-a mbaineann an tAcht so;
(d) aon oibreacha atá riachtanach do thalamh atá oiriúnach chun tithe le n-a mbaineann an tAcht so do thógaint no d'ath-dhéanamh air, no aon oibreacha a bhaineann leis an talamh san no a raghadh chun feabhas do chur air:
Ach ní raghaidh luach iomlán na cabhrach san, fé mar a shocróidh an tAire é, thar luach an deontais is iníoctha ag an Aire ar scór an tighe sin.
(2) Le cead ón Aire, féadfidh aon údarás áitiúil airgead d'fháil ar iasacht chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo, agus ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht chun na gcrícheanna san d'áireamh mar chuid d'fhiach iomlán an údaráis áitiúla san chun críche aon teorann a cuirtar le fáil iasachtaí le haon reacht no fé.
Féadfidh údarás áitiúil cuid de sna rátaí do mhaitheamh.
7.—(1) Aon údarás áitiúil go bhfuil comhacht aige chun rátaí do ghearra féadfa sé agus, nuair a éileoidh an tAire é, déanfa se, i ngach bliain de sna naoi mbliana déag airgeadais tar éis luacháil do bheith déanta chun crícheanna rátaíochta ar thigh gur dhin an tAire deontas do dheona ina thaobh fén Acht so, cuid de sna rátaí is inghearrtha ag an údarás áitiúil an bhliain sin ar an tigh sin do mhaitheamh.
(2) An méid rátaí is inghearrtha aon bhliain den tsórt san roimhráite agus a fhéadfidh no a dhéanfidh údarás áitiúil a mhaitheamh fén bhfo-alt san roimhe seo, ní ragha sé thar an gcion san de sna rátaí sin a luaidhtear sa dara colún de Chuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne uimhir na bliana san sa chéad cholún den Chuid sin II.
Comhacht chun teora chur le praghsanna abhar tógála.
8.—(1) Aon uair is oiriúnach leis é, féadfidh an tAire a ordú go ndéanfar fiosrúchán áitiúil i dtaobh an chostais (agus na praghsanna mórdhíola agus miondíola, éilithe iompair agus láimhseála, barr-éilithe agus an profid d'áireamh) i Saorstát Éireann, no in aon chuid no coda áirithe dhe, ar aon abhair no fearaistí a húsáidtear i dtógáil tithe agus, más deimhin leis, tar éis an fhiosrúcháin sin, go bhfuil costas na n-abhar no na bhfearaistí sin sa líomatáiste sin ró-mhór agus go gcuireann sé cosc le hobair thógála, féadfidh an tAire a shocrú le hordú cadé an praghas mórdhíola no an praghas miondíola is mó a féadfar a éileamh ar na habhair no na fearáistí sin sa líomatáiste sin no cadé an profid agus cadiad na héilithe iompair agus láimhseála agus na barr-éilithe is mó a féadfar a chur sa phraghas mórdhíola no miondíola a héileofar ar na habhair no na fearaistí sin sa líomatáiste sin, agus féadfa sé le hordú, aon uair agus o am go ham, gach praghas no méid no aon phraghas no méid dá socróidh sé, no dá socrófar de bharr athchomharc ina choinnibh, fén alt so, do bhunú, d'atharú no d'athghairm.
(2) Einne ar a ngoillfidh ordú a dhin an tAire fén alt so féadfa sé athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sin ar an slí a foráltar leis an Acht so.
(3) Má éilíonn éinne, in aon líomatáiste le n-a mbaineann ordú fén alt so, ar aon abhar no fearas le n-a mbaineann an t-ordú, praghas is mó ná an praghas a féadfar a éileamh go dleathach fén ordú gcéanna, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar £50, agus más cuideachta an té a bheidh ciontach sa chionta, beidh cathaoirleach agus stiúrthóir bainistí na cuideachtan, agus gach stiúrthóir agus bainisteoir eile ar an gcuideachtain, ciontach sa chionta chéanna mara gcruthuighe sé gur gan cead uaidh agus i gan fhios do a dineadh an gníomh gurb é an cionta é.
(4) Bainfidh Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le gach fiosrúchán áitiúil a déanfar fén alt so.
(5) Ní leanfidh an t-alt so, ná aon ordú a déanfar fé, i ngníomh tar éis ocht mí dhéag a bheith caithte o am rithte an Achta so:
Ach ní bhainfidh an talt so le praghas aon abhair ná fearais is abhar do chonnra a dineadh bona fide mí ar a luíod roimh dháta an fhiosrúcháin áitiúla agus gur tugadh cóip de don Aire laistigh de choicíos o dháta rithte an Achta so no laistigh do choicíos ón dáta ar ar dineadh an connra.
Féadfidh an tAire abhair thógála do cheannach no do dhéanamh.
9.—(1) Aon uair a samhlófar don Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, go bhfuil sé oiriúnach ná baineann an tAcht so leo chó maith le tithe go mbaineann sé leo) do chur in usacht i Saorstát Éireann no in aon chuid de, beidh sé dleathach do aon abhair no fearaistí a húsáidtear do ghnáth i dtógáil tithe do cheannach no do dhéanamh, do stóráil, d'iompar, agus do dhíol.
(2) Déanfidh an tAire gach abhar agus fearas a cheannóidh no a dhéanfidh an tAire fén alt so do dhíol le daoine i Saorstát Éireann ar phraghas (más abhair no fearaistí ceannuithe iad) a bheidh chó mór leis an iomlán a dhéanfidh an praghas d'íoc an tAire, gach éileamh iompair agus stórála fé n-ar chuathas agus cúig per cent. den phraghas d'íoc an tAire, no (más abhair no fearaistí iad a dhin sé) a bheidh chó mór leis an iomlán a dhéanfidh an méid sin glan a chosain sé don Aire iad do dhéanamh (maraon le barr-éilithe agus luíodú luacha) gach éileamh iompair agus stórála fé n-ar chuathas, agus cúig per cent. den chostas glan san roimhráite.
(3) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus sa mhéid a cheadóidh an tAire Airgid é isea a híocfar na costaisí fé n-a raghfar chun abhair agus fearaistí do cheannach no do dhéanamh, do stóráil, d'iompar, agus do dhíol, fén alt so, agus déanfar sochar díol gach abhair agus fearais den tsórt san d'íoc isteach sa Stát-Chiste.
(4) Ar gach gnó a déanfar fén alt so cimeádfar cuntas crosiontrála ina mbeidh cuntas trádála agus cuntas iarmhéid agus in aghaidh gach seirbhíse a dhin aon Roinn Rialtais cuirfar síos sa chuntas san an méid glan a chosain sí.
Chun buanbhínse athchomhairc isea déanfar athchomhairc í gcoinnibh an Aire.
10.—(1) In aon chás ina dtugtar leis an Acht so ceart chun athchomhairc i gcoinnibh ordú ón Aire, is chun buan-bhínse athchomhaire, a bheidh có-dhéanta de thriúr a cheapfidh Uachtarán na hArd-Chomhairle, a déanfar an t-athchomharc agus san fé rialacha orduithe nós-imeachta, agus beidh comhacht ag an mbínse sin chun an t-ordú gur dineadh athchomharc ina choinnibh do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí, no chun pé ordúeile d'fhéadfadh an tAire dhéanamh fén Acht so do dhéanamh sa scéal, agus ní bheidh dul thar breith an bhínse athchomhairc sa scéal agus ní féadfar athchomharc no dhéanamh chun aon chúirte ina connibh ná ní fhéadfidh aon chúirt í athscrúdú.
(2) Le linn aon athchomharc le n-a mbaineann an t-alt so do bheith ar siúl, beidh ar fionnraí oibriú an orduithe go mbeifear ag athchomharc ina choinnibh.
Féadfar rialacha, coiníollacha, etc., d'ordú.
11.—(1) Féadfidh an tAire, le hordú, gach riail, coiníoll, plean agus ní eile d'ordú go dtagartar dóibh san Acht so mar rudaí atá orduithe no a hordófar, agus pé rialacháin eile is gá chun an tAcht so do chur in éifeacht.
(2) Déanfar gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén ordú san roimhe sin.
(3) Sa mhéid gur nithe atá bunoscionn le haon choiníollacha a dhéanfidh an tAire fén alt so forálacha aon Achta áitiúla, no forálacha aon fho-dhlithe, rialacha, rialachán no scéime, pé údarás fé n-ar dineadh iad, i dtaobh déanamh, leaga amach, no draeneáil foirgintí nua no sráideanna nua, ní bhainfidh na forálacha san le haon tigh le n-a mbaineann an tAcht so agus a bheidh do réir na gcoiníoll a hordófar amhlaidh.
Gearr-theideal.
12.—Féadfar Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924, do ghairm den Acht so.
SCEIDEAL.—CUID I.
San áit ná fuil Camraí agus Mórphíopaí Uisce ar fáil. | San áit ina bhfuil Camraí agus Mórphíopaí Uisce ar fáil. | Urláir chomhnaithe dhá sheomra, iomlán ionta féin. | |||||||||||||||||||
An méid Seomraí sa Tigh. | An méid Seomraí sa Tigh. | ||||||||||||||||||||
3 | 4 | 5 | 3 | 4 | 5 | ||||||||||||||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | £ | s. | d. | £ | s. | d. | £ | s. | d. | £ | s. | d. | £ | s. | d. | |
Deontas maximum an Aire i gcóir tighe thógtha .. .. | 50 | 0 | 0 | 70 | 0 | 0 | 90 | 0 | 0 | 60 | 0 | 0 | 80 | 0 | 0 | 100 | 0 | 0 | -- | -- | -- |
Deontas maximum an Aire i gcóir tighe ath-dhéanta .. | 33 | 6 | 8 | 46 | 13 | 4 | 60 | 0 | 0 | 40 | 0 | 0 | 53 | 6 | 8 | 66 | 13 | 4 | 26 | 13 | 4 |
An praghas maximum má díoltar no an fhíneáil mhaximum má cuirtar ar léas, fé réir an nóta thíos .. .. | 240 | 0 | 0 | 320 | 0 | 0 | 400 | 0 | 0 | 270 | 0 | 0 | 360 | 0 | 0 | 450 | 0 | 0 | 180 | 0 | 0 |
An cíos maximum má cuirtear ar léas ar feadh aon téarna is sia ná bliain .. | 3 | 0 | 0 | 4 | 0 | 0 | 5 | 0 | 0 | 3 | 0 | 0 | 4 | 0 | 0 | 5 | 0 | 0 | 2 | 0 | 0 |
An cíos maximum má cuirtear ar cíos ar feadh bliana .. | 19 | 4 | 0 | 25 | 12 | 0 | 32 | 0 | 0 | 21 | 12 | 0 | 28 | 16 | 0 | 36 | 0 | 0 | 14 | 8 | 0 |
An cíos maximum má cuirtar ar cíos o sheachtain go seachtain .. .. | 0 | 7 | 4½ | 0 | 9 | 10 | 0 | 12 | 3½ | 0 | 8 | 3½ | 0 | 11 | 1 | 0 | 13 | 10 | 0 | 5 | 6 |
Nóta.—I gcás an tógáil no an t-ath-dhéanamh do bheith gan bheith críochnuithe laistigh d'ocht mí dhéag o ritheadh an tAcht so, agus go ndéanfar an t-am chun an chríochnuithe sin do chur i bhfaid, déanfar, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, an deontas do luíodú deichiú in aghaidh gach mí idir dheire an ocht mí dhéag san agus an dáta ar ar críochnuíodh an tógáil no an t-ath-dhéanamh.
Nóta.—I gcás údarás áitiúil do dheona cabhrach fé alt 6, déanfar an praghas maximum a r a ndíolfar no an fhíneáil mhaximum ar a gcuirfar ar léas do luíodú oiread is leath luach na cabhrach san, agus déanfar an cíos maximum bliana no seachtaine ar a gcuirfar ar cíos do luíodú dá réir sin.
Nóta.—I gcás cur-ar-cíos ar feadh tréimhse is lú ná bliain agus is sia ná seachtain, beidh a n cíos maximum do réir na rátaí bliana agus na rátaí seachtaine a horduítear leis an Sceideal so.
SCEIDEAL.—CUID II.
Uimhir na bliana tar éis luacháil do dhéanamh chun crícheanna rátaíochta. | An cion de sna rátaí a feadfar a mhaitheamh. | ||||||
1adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Naoi bhfichiú déag |
2adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Ocht bhfichiú déag |
3adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Seacht bhfichiú déag |
4adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Sé fhichiú déag |
5adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Cúig fhichiú déag |
6adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Cheithre fhichiú déag |
7adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Trí fhichiú déag |
8adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Dhá fhichiú déag |
9adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Aon fhichiú déag |
10adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Deich bhfichiú |
11adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Naoi bhfichiú |
12adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Ocht bhfichiú |
13adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Seacht bhfichiú |
14adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Sé fhichiú |
15adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Cúig fhichiú |
16adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Cheithre fhichiú |
17adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Trí fhichiú |
18adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Dhá fhichiú |
19adh | .. | .. | .. | .. | .. | .. | Fichiú |