[EN]

Uimhir 14 de 1930.


[EN]

ACHT UM CHÚITEAMH STÁT-SHEIRBHÍSE (OIFIGIGH AISTRITHE) (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN AN tACHT UM CHÚITEAMH STÁT-SHEIRBHÍSE (OIFIGIGH AISTRITHE), 1929, DO LEASÚ TRÍD AN DÁTA CHUN OIFIGIGH AISTRITHE ÁIRITHE DO DHUL AS OIFIG DO CHUR NÍOS SIA SIAR NÁ MAR ATÁ CEAPTHA LE hALT 15 DEN ACHT SAN.

[4adh Meitheamh, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 (Uimh. 36 de 1929).

[EN]

Alt 15 den Phríomh-Acht do leasú.

2.—Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'Alt 15 den Phríomh-Acht tríd na focail “sé mhí” do chur in ionad na bhfocal “ceithre mhí” i mír (a) agus fós i mír (b) den fho-alt san, agus léireofar an tAlt san 15 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

3.—(1) Féadfar an tAcht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe) (Leasú), 1930, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 agus 1930, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.