Uimhir 14 de 1936.
ACHT SÍOLTA TALMHAÍOCHTA, 1936.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;
cialluíonn an focal “cigire” duine ar n-a cheapadh i scríbhinn ag an Aire chun bheith ina chigire chun crícheanna an Achta so;
nuair a húsáidtear an focal “saghas” maidir le síolta talmhaíochta no maidir le plandaí cialluíonn sé saghas ar n-a theorannú tré thagairt do rangú luibheolaíochta, no d'ainm no do chineál, no d'aon airdhe no cáilíocht, no tré aon tsórt ranguithe eile;
foluíonn an focal “glanadh” íodhnú, for-scríobadh, sciotadh agus próiseasaí eile den tsamhail sin.
Síolta talmhaíochta.
2.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, na saghsanna síolta d'ordú is síolta talmhaíochta chun crícheanna an Achta so, agus féadfaidh o am go ham, le hordú, aon ordú den tsórt san do leasú no do cheiliúradh.
(2) San Acht so cialluíonn an abairt “síolta talmhaíochta” síolta is síolta talmhaíochta de thurus na huaire, chun crícheanna an Achta so, de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so.
Comhacht chun iomportáil shíolta talmhaíochta dthoirmeasc.
3.—(1) Pé uair is ceart san dar leis an Aire féadfaidh, le hordú, a thoirmeasc gach saghas no aon tsaghsanna no saghas áirithe síolta talmhaíochta d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann lá áirithe no dá éis (nách luatha ná dáta an orduithe) ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a thabhairt amach ag an Aire fén Acht so.
(2) Pé uair agus faid a bheidh ordú, ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) do dhuine ar bith aon tsíolta talmhaíochta d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann contrárdha don ordú san.
(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, ar a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.
(4) Gach duine iomportálfaidh aon tsíolta talmhaíochta contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.
(5) Léireofar alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí síolta talmhaíochta go mbeidh sé toirmeasctha leis an alt so de thurus na huaire iad d'iomportáil do chur le Clár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá san alt san.
Ceadúnaisí iomportála síolta.
4.—(1) Féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iomportála síolta san Acht so) do thabhairt amach do dhuine ar bith chun iomportáil do dhéanamh, fé réir pé coinníollacha is ceart dar leis an Aire agus a luadhfa sé sa cheadúnas san, ar chaindíocht áirithe de shaghas áirithe síolta talmhaíochta go mbeidh sé toirmeasctha fén Acht so de thurus na huaire iad d'iomportáil.
(2) Déarfaidh agus déanfaidh ceadúnas iomportála síolta a údarú don duine dá dtabharfar amach é na síolta talmhaíochta luadhfar sa cheadúnas san d'iomportáil do réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha luadhfar sa cheadúnas san, ach san fé réir gach diúité custum (más aon diúité é) d'íoc is inéilithe agus is iníoctha ar an iomportáil sin do dhéanamh.
Somplaí trádála d'iomportáil.
5.—Ní bheidh feidhm ag éinní atá san Acht so ná beidh in aon ordú bheidh déanta fén Acht so ná atá sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1935, maidir le sompla de shíolta talmhaíochta d'iomportáil, ná ní oibreoidh chun cosc do chur leis an gcéanna d'iomportáil, tríd an bpost, i gcás gan an sompla san do bheith thar púnt meáchainte agus dearbhú do bheith ag gabháil leis á rá gur mar shompla trádála atáthar á iomportáil agus nách fiú éinní é i gcúrsaí tráchtála.
Srian le gnó glantóireachta síolta talmhaíochta.
6.—(1) Ní bheidh gnó glantóireachta síolta talmhaíochta le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl chun crícheanna tráchtála ag duine ar bith ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais chuige sin a bheidh tugtha amach do fén Acht so.
(2) Féadfaidh an tAire, pé uair is oiriúnach leis é, a dhearbhú le hordú go mbainfidh an t-alt so le haon tsaghas no saghsanna áirithe síolta talmhaíochta, agus féadfaidh tráth ar bith, le hordú, aon ordú den tsórt san do leasú no do cheiliúradh.
(3) Bainfidh an t-alt so le gach saghas (más aon tsaghas é) síolta talmhaíochta bheidh dearbhuithe de thurus na huaire le hordú bheidh déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bheith ina shaghas síolta talmhaíochta le n-a mbaineann an t-alt so, agus déanfar tagairtí san alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh seo do shíolta talmhaíochta le n-a mbaineann an t-alt so do léiriú dá réir sin.
(4) Gách duine ag á mbeidh aon ghnó ar siúl contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar fiche púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.
(5) Ní tuigfear gur gnó glantóireachta síolta talmhaíochta do réir bhrí an Achta so na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) únaer muilinn bhuailte do ghlanadh síolta do fuarthas tré bhualadh sa mhuileann san más le linn an bhuailte sin no díreach ina dhiaidh a déanfar an glanadh san, no
(b) feirmeoir do ghlanadh síolta ina áitreabh féin, is síolta d'fhás sé ar thalamh ina sheilbh féin, no
(c) feirmeoir do ghlanadh síolta ina áitreabh féin, is síolta bheidh sé ar aigne bona fide do chur ar thalamh ina sheilbh féin.
Ceadúnaisí glantóireachta síl.
7.—(1) Féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis agus tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas glantóireachta síl san Acht so) do thabhairt amach do dhuine ar bith chun gnó glantóireachta síolta talmhaíochta le n-a mbaineann an t-alt deiridh sin roimhe seo no gnó glantóireachta aon tsaghas no saghais áirithe de sna síolta talmhaíochta san do bheith ar siúl aige in áitreabh áirithe chun crícheanna tráchtála, agus féadfaidh an tAire pé coinníollacha is ceart dar leis agus a luadhfa sé sa cheadúnas san do chur ag gabháil le haon cheadúnas den tsórt san.
(2) Déarfaidh agus déanfaidh ceadúnas glantóireachta síl a údarú don duine dá dtabharfar amach é gnó glantóireachta síolta talmhaíochta le n-a mbaineann an ceadúnas san do bheith ar siúl aige, chun crícheanna tráchtála, san áitreabh a luadhfar sa cheadúnas san agus fé théarmaí agus do réir théarmaí an cheadúnais sin.
(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas glantóireachta síl do cheiliúradh, ach sara ndeinidh aon cheadúnas den tsórt san do cheiliúradh amhlaidh déanfaidh an tAire fógra seacht lá ar a laighead i scríbhinn do thabhairt do shealbhóir an cheadúnais sin á rá go bhfuil sé ar intinn an ceadúnas san do cheiliúradh amhlaidh agus breithneoidh sé aon chúiseanna phléidhfidh an sealbhóir sin leis laistigh den tseacht lá san.
(4) Féadfar fógra do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh do shealbhóir an cheadúnais sin no tré n-a chur tríd an bpost chun an tsealbhóra san in áit ar bith ina mbíonn gnó ar siúl aige fén gceadúnas san.
Toirmeasc ar shíolta ina mbeidh síolta fiadhaile díobhálaighe do dhíol, etc.
8.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon tsíolta talmhaíochta do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ina mbeidh níos mó ná an percentáiste orduithe de shíolta aon fhiadhaile díobhálaighe orduithe.
(2) Gach duine dhéanfaidh aon tsíolta talmhaíochta do dhíol no do thairsgint no do thaisbeáint chun a ndíolta contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.
Forálacha i dtaobh síolta a díolfar ina mion-choda i bpacáistí.
9.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon tsíolta talmhaíochta do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ina mion-choda i gclúdach, i gcartán, i mbosca, ná i gcoimeadán eile bheidh dúnta le séala, bioth, gliú, no ar shlí eile den tsamhail sin ná i mála (ná beidh níos mó ná seacht bpúint meáchainte de shíolta ann) go mbeidh a bhéal dúnta tré bheith fuaighte, ceangailte, no séaluithe, maran rud é go mbeidh marcálta go soiléir ar an gcoimeadán no ar an mála san (pe'ca aca é), comhgarach don ráiteas a bheidh air ag tabhairt ainme agus tuairisce na síolta bheidh istigh ann, ráiteas á rá cadé an bhliain do pacáladh an coimeadán no an mála san agus fós go mbeidh marcálta go soiléir ar an gcoimeadán no ar an mála san na mion-innste orduithe i dtaobh na nithe seo leanas no i dtaobh pé cinn acu bheidh orduithe, sé sin le rá, an chuideachta, an cumann, an duine, no an trádálaí eile do phacáil an coimeadán san, agus an áit inar pacáladh é, agus an cineál agus an sórt síolta tá ann.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas mar mhaolú ar fhorálacha an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—
(a) má bhíonn an bhliain ina ndearnadh aon mhála den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san do phacáil luaidhte go soiléir ar shéala ag dúnadh béil an mhála san, ansan, an ráiteas is gá do réir an fho-ailt sin do bheith ar an mála san i dtaobh na bliana inar pacáladh an mála san féadfa sé bheith i bhfuirm ráitis sa chéill gur pacáladh an mála san an bhliain a bheidh luaidhte ar an séala san;
(b) féadfar mion-innste deifriúla agus nithe deifriúla d'ordú chun crícheanna an fho-ailt sin alos saghsanna deifriúla (ar n-a míniú tré thagairt do pé nithe (ar a n-áirmhítear an praghas mion-díola) is ceart dar leis an Aire) coimeadán no málaí.
(3) Ní bheidh feidhm ag an gcéad fho-alt den alt so maidir le síolta talmhaíochta do dhíol ina mion-choda má dheineann an díoltóir, am an díola san agus chun críche na díola san, na síolta san do thógaint as mór-sholáthar a bheidh ina sheilbh agus iad do phacáil i gcoimeadán no i mála den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san.
(4) Gach duine dhíolfaidh aon tsíolta talmhaíochta contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air, másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.
Billíní alos síolta talmhaíochta.
10.—(1) Féadfaidh an tAire, pé uair is ceart san dar leis, a cheangal, le hordú, go mbeidh i ngach billín agus i ngach scríbhinn eile den tsórt san maidir le haon tsaghsanna no saghas áirithe (ar n-a míniú i pé slí is ceart dar leis an Aire) síolta talmhaíochta pé mion-innste luadhfar san ordú san maidir le hainm no cineál na síolta talmhaíochta le n-a mbainfidh an billín no an scríbhinn eile sin.
(2) Pé uair agus faid a bheidh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so i bhfeidhm beidh gach duine bhéarfaidh no chuirfidh amach, maidir le haon tsíolta talmhaíochta le n-a mbainfidh an t-ordú san, aon bhillín no scríbhinn eile den tsórt san agus gan na mion-innste go léir ann maidir leis na síolta san a héilítear leis an ordú san do bheith sa mbillín no sa scríbhinn eile sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, ar a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.
Srian le plandaí do leanúint d'fhás i gcásanna áirithe.
11.—(1) Pé uair is dóich leis an Aire gur deallrathach, dá leigtí d'aon tsaghas áirithe plandaí leanúint d'fhás in aon líomatáiste áirithe go dtí go mbeidís i staid a ngnáth-bhláthachta, go gcuirfeadh san isteach ar ghlan-chineálacha síolta talmhaíochta do tháirgeadh sa líomatáiste sin féadfaidh an tAire, le hordú, a thoirmeasc go leigfí don chineál áirithe sin plandaí leanúint d'fhás sa líomatáiste sin go dtí go mbeidís i staid a ngnáth-bhláthachta.
(2) Pé uair agus faid a bheidh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith a leigint d'aon phlanda den tsaghas le n-a mbaineann an t-ordú san leanúint d'fhás sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san go dtí go mbeidh sé i staid a ghnáthbhláthachta.
(3) Gach duine leigfidh do phlanda leanúint d'fhás contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air, másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt agus fós, i gcás ar bith, na plandaí uile do gheallbhruideadh gur mar gheall ortha do rinneadh an cionta san.
(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, ar a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.
Fás plandaí do rialáil i gcásanna áirithe.
12.—(1) Pé uair is dóich leis an Aire gur deallrathach, dá bhfástaí aon tsaghas áirithe plandaí in aon líomatáiste áirithe, go gcuirfeadh san isteach ar ghlan-chineálacha de shíolta talmhaíochta d'aon tsaghas áirithe do tháirgeadh sa líomatáiste sin féadfaidh an tAire, le hordú, a thoirmeasc aon phlandaí den tsaghas san d'fhás sa líomatáiste sin.
(2) Pé uair agus faid a bheidh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas sa líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san, sé sin le rá:—
(a) ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon phlandaí d'fhás sa líomatáiste sin, a toirmeasctar leis an ordú san d'fhás sa líomatáiste sin, ná leigint d'aon phlandaí den tsórt san fás ar aon talamh a bheidh i seilbh an duine sin sa líomatáiste sin;
(b) gach duine fhásfaidh aon phlandaí contrárdha don fho-alt so no leigfidh, contrárdha don fho-alt so, d'aon phlandaí fás beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air, másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt;
(c) féadfaidh oifigeach don Aire, tráth ar bith, dul isteach ar aon talamh sa líomatáiste sin ar a mbeidh plandaí d'aon tsórt ag fás agus iniúchadh do dhéanamh san áit sin ar na plandaí uile bheidh ag fás ar an talamh san;
(d) pé uair a bheidh aon phlandaí, go dtoirmeasctar leis an ordú san iad d'fhás sa líomatáiste sin, ag fás ar aon talamh sa líomatáiste sin déanfaidh an duine bheidh i seilbh an tailimh sin, ar n-a iarraidh sin air i scríbhinn d'oifigeach don Aire, gach planda den tsórt san do stathadh agus do dhíthiú laistigh de pé am a bheidh luaidhte chuige sin ag an oifigeach san san iarratas san;
(e) má thárlann do dhuine ar bith, ar a gceangaltar leis an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so aon phlandaí do stathadh agus do dhíthiú, go dteipfidh air san do dhéanamh laistigh den am a luaidhtear sa mhír sin, beidh sé dleathach d'oifigeach don Aire, agus pé congantóirí agus feithiclí is dóich leis an oifigeach san is gá ina theanta, dul isteach ar an talamh ar a mbeidh na plandaí sin ag fás agus gach planda den tsórt san do stathadh agus do dhíthiú san áit sin no do thógaint chun siúil as, agus beidh sé dleathach don Aire an tsuim a dheimhneoidh an tAire is méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí fé n-a ndeachthas maidir leis an dul isteach, leis an stathadh, agus leis an díthiú no an tógaint chun siúil sin do bhaint den duine sin mar fhiacha síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla.
(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, ar a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.
Comhachta chun iniúchadh do dhéanamh agus somplaí do thógaint.
13.—(1) Féadfaidh cigire ar bith, gach tráth réasúnta, dul isteach in aon tsiopa, stór, no áitreabh eile (ar a n-áirmhítear both, stalla, cart, barra, no áit no feithicil eile ar mhargadh no ar aonach) ina mbeidh síolta talmhaíochta á ndíol no á dtairisgint no á dtaisbeáint no á gcoimeád chun a ndíolta, agus féadfaidh, san áit sin, síolta talmhaíochta do chuardach agus scrúdú do dhéanamh ar na síolta talmhaíochta uile no ar aon tsíolta talmhaíochta do gheobhaidh an cigire sin san áitreabh san agus somplaí dhíobh do thógaint agus féadfaidh, i gcás aon tsíolta talmhaíochta den tsórt san a bheidh á ndíol no á dtairisgint no á dtaisbeáint no á gcoimeád amhlaidh chun a ndíolta i bpacáistí bheidh dúnta le séala, bioth, gliú, no ar shlí eile den tsórt san no i málaí ná beidh níos mó ná meáchaint seacht bpúnt síl ionta agus go mbeidh a mbéil dúnta tré bheith fuaighte no ceangailte no séalaithe, aon tsompla den tsórt san do thógaint tré cheann amháin no níos mó de sna pacáistí no de sna málaí sin do thógaint gan iad d'oscailt.
(2) Pé uair a bheartóidh cigire sompla de shíolta talmhaíochta do thógaint fén alt so in aon áitreabh déanfaidh, má iarrann an duine bheidh i gcúram an áitreibh sin san air, a údarás mar an gcigire sin do thasbeáint roimh an sompla san do thógaint.
(3) Féadfaidh cigire raghaidh isteach in aon áitreabh fén alt so ainm agus seoladh an duine o n-a bhfuarthas aon tsíolta talmhaíochta do gheobhaidh an cigire sin san áitreabh san d'éileamh ar an duine bheidh i gcúram an áitreibh sin agus, ar an éileamh san do dhéanamh amhlaidh, beidh sé de dhualgas ar an duine sin a bheidh i gcúram amhlaidh an ainm agus an seoladh a héileofar amhlaidh do thabhairt i scríbhinn don chigire sin.
(4) Féadfaidh an tAire a chur fé ndeár aon tsompla de shíolta talmhaíochta thógfaidh cigire fén alt so do thástáil maidir le glaine, péacadh, saoirse o ghalar agus le nithe eile, agus féadfaidh a chur fé ndeár go bhfoillseofar, i pé slí is oiriúnach leis, toradh na tástála san, agus ainmneacha agus seolta an duine gur ina áitreabh a tógadh an sompla san amhlaidh, agus an duine gur uaidh adubhairt an duine bhí i gcúram an áitreibh sin do fuarthas na síolta talmhaíochta do bhí sa tsompla san, no ainm agus seoladh duine amháin de sna daoine sin.
(5) Gach duine—
(a) a bhacfaidh no choiscfidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so, no
(b) ar a dteipfidh no dhiúltóidh aon ainm no seoladh is eol do no go mbeidh fáil aige air agus éileoidh cigire air go dleathach fén alt so do thabhairt i scríbhinn don chigire sin, no, ar an éileamh san do dhéanamh air, a bhéarfaidh uaidh amhlaidh ainm no seoladh bheidh, go bhfios do, bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
Rialacháin.
14.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun éinní no aon ruda d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.
Costaisí.
15.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.
Athghairm.
16.—Deintear leis seo ailt 5 agus 6 den Weeds and Agricultural Seeds (Ireland) Act, 1909, agus iomlán an Seeds Act, 1920, d'athghairm.
Gearr-theideal.
17.—Féadfar an tAcht Síolta Talmhaíochta, 1936, do ghairm den Acht so.