[EN]

Uimhir 14 de 1958.


[EN]

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA (LEASÚ), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ MÉID IOMLÁN NA SUIMEANNA A FÉADFAR A RÉAMHÍOC LE BORD CUARTAÍOCHTA NA hÉIREANN FAOI ALT 16 DEN ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939, AGUS CHUIGE SIN DO LEASÚ FO-AILT (1) DEN ALT SIN. [12ú Meitheamh, 1946.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Acht 1939.

1.—San Acht seo ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939).

[EN]

Fo-alt (1) d'alt 16 d'Acht 1939 a leasú.

2.—Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1939 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1):

[EN]

“(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna a theastós ón mBord ó am go ham ach nach mó san iomlán ná milliún dhá chéad agus caoga míle punt a réamhíoc leis an mBord as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.”.

[EN]

Gearr-theideal agus comhluadh.

3.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta (Leasú), 1946, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1946, a ghairm d'Acht 1939 agus den Acht seo le chéile.