Uimhir 14 de 1962.
AN tACHT CÓGAISÍOCHTA, 1962.
[An tiontú oifigiúil.]
Mínithe.
1890, c. 48.
1875, c. 57.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1890” an Pharmacy Act (Ireland), 1875, Amendment Act, 1890;
ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle an Chumainn;
tá le “ceadúnach de Halla na bPoitigéirí” an bhrí a shanntar do “licentiate of Apothecaries Hall” sa Phríomh-Acht;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Pharmacy Act (Ireland), 1875;
ciallaíonn “cláraithe”—
(a) maidir le cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh, a bheith cláraithe i gclár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh,
(b) maidir le drugadóir, a bheith cláraithe i gclár na ndrugadóirí cláraithe in Éirinn, agus
(c) maidir le cógaiseoir, a bheith cláraithe i gclár na gCógaiseoirí d'Éirinn;
ciallaíonn “an Cumann” Cumann Cógaiseoirí na hÉireann.
Siopa a choimeád ar oscailt chun oidis liachta a urghnamh agus nimheanna a dhíol.
2.—(1) Ní choimeádfaidh duine siopa ar oscailt chun oidis liachta a urghnamh nó a chumasc mura rud é—
(a) gur duine údaraithe an duine agus go ndéantar an siopa agus an t-urghnamh agus cumasc oidis liachta ann a mhaoirseacht go pearsanta ag an duine féin nó ag duine údaraithe, nó
(b) gurb é an duine—
(i) ionadaí pearsanta dlíthiúil duine a raibh, tráth a bháis, siopa á choimeád ar oscailt go dleathach aige chun oidis liachta a urghnamh nó a chumasc, nó
(ii) iontaobhaí nó cúramaí duine a choimeádann siopa ar oscailt go dleathach chun oidis liachta a urghnamh nó a chumasc agus atá breithnithe ina fhéimeach nó atá ina fhéichiúnaí comhshocraíochta nó ina dhuine mímheabhrach,
agus go ndéantar an siopa agus an t-urghnamh agus cumasc oidis liachta ann a mhaoirseacht go pearsanta ag duine údaraithe, nó
(c) gur comhlacht corpraithe an duine agus go ndéantar an siopa agus an t-urghnamh agus cumasc oidis liachta ann a mhaoirseacht go pearsanta ag duine is cógaiseoir cláraithe, cógaiseoir urghnaimh cláraithe, cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe nó ceadúnach de Halla na bPoitigéirí agus atá ar fostú ag an gcomhlacht corpraithe i bhfeidhmeannas lánaimsire agus nach bhfuil ag gníomhú i bhfeidhmeannas den sórt céanna d'aon chomhlacht corpraithe eile ná d'aon duine údaraithe ná dó féin.
(2) Ní choimeádfaidh duine siopa ar oscailt chun nimheanna a dhíol mura rud é—
(a) gur duine údaraithe nó drugadóir cláraithe an duine agus go ndéantar an siopa a bhainistí go pearsanta ag an duine féin nó ag duine údaraithe nó ag drugadóir cláraithe, nó
(b) gurb é an duine—
(i) iondaí pearsanta dlíthiúil duine a raibh, tráth a bháis, siopa á choimeád ar oscailt go dleathach aige chun nimheanna a dhíol, nó
(ii) iontaobhaí nó cúramaí duine a choimeádann siopa ar oscailt go dleathach chun nimheanna a dhíol agus atá breithnithe ina fhéimheach nó atá ina fhéichiúnaí comhshocraíochta nó ina dhuine mímheabhrach,
agus go ndéantar an siopa a bhainistí go pearsanta ag duine údaraithe nó ag drugadóir cláraithe, nó
(c) gur comhlacht corpraithe an duine agus go mbainistítear an siopa go pearsanta ag duine is cógaiseoir cláraithe, cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe, ceadúnach de Halla na bPoitigéirí nó drugadóir cláraithe agus atá ar fostú ag an gcomhlacht corpraithe i bhfeidhmeannas lán-aimsire agus nach bhfuil ag gníomhú i bhfeidhmeannas den sórt céanna d'aon chomhlacht corpraithe eile, d'aon duine údaraithe ná d'aon drugadóir cláraithe ná dó féin.
(3) San alt seo ciallaíonn “duine údaraithe” cógaiseoir cláraithe, cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe, ceadúnach de Halla na bPoitigéirí, nó lia-chleachtóir cláraithe a thosaigh, roimh thosach feidhme an ailt seo, ar chúrsa staidéir nárbh fholáir a chríochnú chun go bhfaigheadh sé dioplóma cáiliúcháin, de réir bhrí Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, nó cáilíocht chomhréire arna dámhadh lasmuigh den Stát agus ar éirigh leis nó a n-éireoidh leis i scrúdú sa chógaisíocht chun cáilíocht a ghnóthú ionas go ndeonófaí dó an dioplóma cáiliúcháin nó go ndámhfaí an cháilíocht chomhréire lasmuigh den Stát.
(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le siopa a choiméad ar oscailt chun nimheanna a dhíol ag aon duine nó aicme daoine a shonraítear i rialacháin faoi alt 14 d'Acht na Nimheanna, 1961, i gcás siopa a choiméad ar oscailt a bheith de réir forálacha na rialachán.
(5) Déanfaidh an Chomhairle, le ceadú an Aire, cibé rialacháin is cuí leis an gComhairle—
(a) chun lán-éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha sin, lena n-áirítear forálacha á cheangal—
(i) taifid a choimeád i dtaobh áitribh ina gcoimeádtar siopa ar oscailt chun oidis liachta a urghnamh nó a chumasc nó chun nimheanna a dhíol agus i dtaobh daoine ar fostú i siopaí den sórt sin, agus
(ii) ráitis agus tuairisceáin a thabhairt,
agus
(b) i dtaobh siopa a choimeád ar oscailt chun oidis liachta a urghnamh nó a chumasc nó nimheanna a dhíol ag na daoine dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) agus i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, lena n-áirítear rialacháin á thoirmeasc siopa a choimeád ar oscailt amhlaidh ag na daoine sin tar éis deireadh tréimhsí a shonrófar sna rialacháin (mura mbeidh údarás acu ón gComhairle sin a dhéanamh go ceann tréimhsí a shonróidh an Chomhairle) agus rialacháin ag sonrú na dtréimhse céanna nó tréimhse éagsúla den sórt sin chun críocha éagsúla.
(6) Aon duine a sháróidh foráil den alt seo nó de rialacháin faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
(7) Má dhéanann comhlacht corpraithe nó duine a airbheartóídh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine cion faoin alt seo nó faoin alt díreach ina dhiaidh seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon mhainneachtain ar thaobh, aon duine agus é, i gcás comhlachta chorpraithe, ina stiúrthóir air, nó é, i gcás comhlachta neamhchorpraithe, ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta neamhchorpraithe sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.
(8) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe chun críocha nó i gcúrsa imeachtaí faoin alt seo nó faoin alt díreach ina dhiaidh seo féadfar é a sheirbheáil trína fhágáil ag an gcomhlacht in aon áit, nó trína chur leis an bpost cláraithe chuig an gcomhlacht go dtí aon áit, sa Stát ina seolann sé a ghnó.
Srian le teidil, feathail agus tuairiscí áirithe a úsáid.
3.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine, i ndáil le haon ghnó nó fostaíocht, ainm ná teideal cógaiseora a ghlacadh ná a úsáid, go haonarach ná i gcomhcheangal le haon fhocal nó litreacha eile, ná aon ainm, teideal, breisiú, tuairisc ná deimhniú a ghlacadh ná a úsáid á chur i gcéill go bhfuil sé cláraithe i gClár na gCógaiseoirí d'Éirinn nó go n-aithníonn an dlí é a bheith cláraithe amhlaidh, mura mbeidh sé cláraithe amhlaidh.
(2) Ní dhéanfaidh aon duine, i ndáil le haon ghnó nó fostaíocht, ainm ná teideal cógaiseora agus drugadóra urghnaimh a ghlacadh ná a úsáid, go haonarach ná i gcomhcheangal le haon fhocal nó litreacha eile, ná aon ainm, teideal, breisiú, tuairisc ná deimhniú a ghlacadh ná a úsáid á chur i gcéill go bhfuil sé cláraithe i gclár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh nó go n-aithníonn an dlí é a bheith cláraithe amhlaidh, mura mbeidh sé cláraithe amhlaidh.
(3) Ní dhéanfaidh aon duine, i ndáil le haon ghnó nó fostaíocht, ainm ná teideal drugadóra chláraithe a ghlacadh ná a úsáid, go haonarach ná i gcomhcheangal le haon fhocal nó litreacha eile, ná aon ainm, teideal, breisiú, tuairisc ná deimhniú a ghlacadh ná a úsáid á chur i gcéill go bhfuil sé cláraithe i gclár na ndrugadóirí cláraithe in Éirinn nó go n-aithníonn an dlí é a bheith cláraithe amhlaidh, mura mbeidh sé cláraithe amhlaidh.
(4) Ní úsáidfidh aon duine, i ndáil le haon ghnó, teideal, feathal ná tuairisc a thabharfadh go réasúnach le tuiscint go bhfuil aige féin nó ag duine a bheidh ar fostú sa ghnó cáilíocht áirithe maidir le díol, urghnamh nó cumasc druganna nó nimheanna mura mbeidh an cháilíocht aige féin nó ag an duine a bheidh ar fostú amhlaidh, de réir mar a bheidh.
(5) Chun críocha fho-alt (4) den alt seo, má úsáidtear aon tuairisc acu seo a leanas, eadhon, cógaslann, lia-stór, drug-stór, drug-halla, stór soláthar liachta, cógaiseoir, i ndáil le gnó a sheoltar in aon áitreabh agus arb é a bheidh ann nó ar cuid de druganna nó nimheanna a dhíol ar mionreic, measfar gur úsáid é a thabharfadh go réasúnach le tuiscint gur cógaiseoir cláraithe, cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe nó drugadóir cláraithe an duine a bhainistíonn agus a sheolann an gnó.
(6) Aon duine a sháróidh aon cheann de na fo-ailt roimhe seo den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus, ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná ceithre phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.
(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le ceadúnach de Halla na bPoitigéirí a choimeádann siopa ar oscailt chun oidis liachta a urghnamh nó a chumasc nó chun nimheanna a dhíol d'úsáid na tuairisce halla cógaisíochta i leith aitribh ina ndéantar an t-urghnamh nó an cumasc nó an díol.
Rialacháin do chúrsaí traenála agus scrúduithe d'iarrthóirí le haghaidh clárú.
4.—(1) Féadfaidh an Chomhairle, de réir rialacháin a dhéanfaidh an Chomhairle le ceadú an Aire, na cúrsaí traenála agus na scrúduithe a sholáthar, nó socrú a dhéanamh le haghaidh na gcúrsaí traenála agus na scrúduithe, a bheidh le déanamh ag daoine a bheidh ina n-iarrthóirí ar chlárú in aon cheann de na cláir a chothabhálann an Cumann agus féadfaidh na rialacháin an modh agus na coinníollacha a sholáthrófar traenáil a shonrú agus féadfaidh siad, go háirithe, foráil a bheith iontu—
(a) chun an Chomhairle do cheadú, chun críocha na rialachán, léachtóirí, múinteoirí agus scrúdaitheoirí,
(b) i dtaobh na gcoinníollacha a bhainfidh le daoine a ligean isteach chun na scrúduithe,
(c) chun an Chomhairle d'aithint agus do cheadú cúrsaí staidéir agus traenála agus scrúduithe foras nó comhlachtaí seachas an Cumann i gcás inar deimhin leis an gComhairle na forais nó na comhlachtaí a bheith oiriúnach chun na cúrsaí sin a sholáthar nó na scrúduithe sin a sheoladh,
(d) go ndéanfaidh na forais nó na comhlachtaí dá dtagraítear i mír (c) den fho-alt seo na ceanglais a chomhlíonadh a shonrófar sna rialacháin sula dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas dá gcúrsaí nó dá scrúduithe,
(e) chun deimhnithe a thabhairt do dhaoine a dhéanfaidh na cúrsaí agus a ghnóthóidh na scrúduithe.
(2) I dtosach feidhme rialachán faoin alt seo—
(a) scoirfidh alt 21 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith aige, agus
(b) déanfar an tagairt in alt 22 den Phríomh-Acht d'fhorálacha an Achta sin a fhorléiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt d'fhorálacha rialachán faoin alt seo.
Cáilíochtaí coigríche.
5.—Féadfaidh an Chomhairle, de réir rialachán a dhéanfar le ceadú an Aire, a chur faoi deara go gclárófar i gClár na gCógaiseoirí d'Éirinn duine a iarrfaidh an clárú sin agus a shuífidh chun sástachta na Comhairle go ndearna sé, lasmuigh den Stát, na cúrsaí traenála sin agus gur ghnóthaigh sé na scrúdaithe sin a shonrófar chuige sin sna rialachán.
An Chomhairle do ghearradh táillí.
6.—(1) Féadfaidh an Chomhairle táillí a ghearradh i leith aon chlárú, cuir ar ais ar chlár, deimhniú, cúrsa teagaisc a sholáthróidh an Chomhairle nó scrúdú a sheolfaidh an Chomhairle, a údaraítear le haon achtacháin nó faoi aon achtacháin a bhaineann le cógaisíocht.
(2) Féadfaidh an Chomhairle táillí iontrála a ghearradh i leith toghadh daoine chun bheith ina gcomhaltaí den Chumann faoi alt 6 den Phríomh-Acht agus féadfaidh sí táillí bliantúla a ghearradh i leith comhaltas sa Chumann.
(3) Féadfaidh an Chomhairle taillí bliantúla a ghearradh i leith daoine nach comhaltaí den Chumann a choimeád ar chláir a choimeádann an Cumann.
(4) Is é méid a bheidh in aon táille faoin alt seo cibé méid a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le toiliú an Aire agus féadfar táillí de mhéideanna éagsúla a chinneadh—
(a) i leith daoine a bheith ina gcomhaltaí den Chumann is daoine ar a mbeidh teideal Ánra de Chumann Cógaiseoirí na hÉireann bronnta de bhun alt 7 den Acht seo agus i leith daoine eile a bheith ina gcomhaltaí den sórt sin, agus
(b) i leith daoine a choimeád ar chláir a choimeádann an Cumann is daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a choimeádann siopa ar oscailt chun oidis liachta a urghnamh nó a chumasc nó chun nimheanna a dhíol nó atá ar fostú i siopa a choimeádtar amhlaidh agus i leith daoine dá dtagraítear san fho-alt sin (3), seachas na daoine réamhraíte, a choimeád amhlaidh.
(5) Beidh íoc na táille iomchuí faoin alt seo ina choinníoll nach mór a chomhlíonadh sula dtabharfaidh an Chomhairle aird ar aon iarratas ar chlárú, cuir ar ais ar chlár nó i ndeimhniú, nó ar iarratas chun duine a ligean isteach chun aon chúrsa teagaisc nó scrúdú a údaraítear leis na hachtacháin a bhaineann le cógaisíocht nó fúthu.
(6) Na tagairtí atá in alt 2 agus i bhfo-alt (5) d'alt 3 den Acht seo agus in alt 14 d'Acht na Nimheanna, 1961, agus sna rialacháin faoin alt sin 14 d'aon duine acu seo a leanas, eadhon, cógaiseoir cláraithe, cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe agus drugadóir cláraithe, measfar gur tagairtí iad nach bhfolaíonn tagairtí d'aon duine den sórt sin a bhfuil táille is iníoctha ina leith de bhun fho-alt (3) den alt seo dlite agus gan íoc.
Anraíocht sa Chumann.
7.—Féadfaidh an Chomhairle an teideal Arna de Chumann Cógaiseoirí na hÉireann a bhronnadh ar duine ar bith.
Srian le halt 22 den Phríomh-Acht.
8.—An méid sin d'alt 22 den Phríomh-Acht a dhéanann foráil le haghaidh ceadúnaigh de Halla na bPoitigéirí a chlárú mar chógaiseoirí scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige—
(a) maidir le daoine is ceadúnaigh de Halla na bPoitigéirí i dtosach feidhme an ailt seo, an 31ú lá de Nollaig, 1963,
(b) maidir le daoine a bheidh, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1962, cláraithe i Halla na bPoitigéirí mar mhic léinn de chuid an Halla, an 31ú lá de Nollaig, 1970,
(c) maidir le haon daoine eile, an 31ú lá de Nollaig, 1962.
Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.
9.—Leasaítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht trí “or to be fined an amount not exceeding one hundred pounds” a chur isteach i ndiaidh “twelve months”.
Aisghairm.
10.—Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
(2) Na rialacháin a rinneadh de bhun mhíreanna (2) agus (6) d'alt 16 den Phríomh-Acht agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad i bhfeidhm agus mesafar gur faoi na forálacha comhréire den Acht seo a rinneadh iad, agus féadfar iad a leasú agus a chúlghairm dá réir sin.
Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.
11.—(1) Féadfar an tAcht Cógaisíochta, 1962, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an Príomh-Acht, Acht 1890, An tAcht Cógaisíochta, 1951, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Cógaisíochta, 1875 go 1962, a ghairm díobh le chéile.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.
AN SCEIDEAL.
Achtachain a Aisghairtear.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
38 & 39 Vict., c. 57. | Pharmacy Act (Ireland), 1875. | Míreanna (2) agus (6) d'alt 16; ailt 23, 30 agus 32. |
53 & 54 Vict., c. 48. | Pharmacy Act (Ireland) 1875, Amendment Act, 1890. | Ailt 15 go 18. |
Ailt 4 agus 5. |