Uimhir 14 de 1984
AN tACHT UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1984
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1982 | |
Na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1983 |
Uimhir 14 de 1984
AN tACHT UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1984
[An tiontú oifigiúil]
[10 Iúil, 1984]
Léiriú agus forléiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1982;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960.
(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.
2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £50,000,000 scairchaipiteal na Cuideachta) trí “£120,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1982), agus tá alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA 2.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, is é scairchaipiteal na Cuideachta £120,000,000 arna roinnt ina scaireanna punt an ceann agus beidh cumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, siarainn, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach. |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.
3.—Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht (a chuireann £50,000,000 de theorainn leis na scaireanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a thógáil sa Chuideachta) trí “£120,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1982), agus tá alt 3 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA 3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £120,000,000 lena n-áirítear aon suim a caitheadh roimh dháta an Achta seo a rith le ceannach den sórt sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas. |
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht um Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1984, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1984, a ghairm de na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1983, agus den Acht seo le chéile.