Uimhir 15 de 1937.
ACHT ARM-PHINSEAN, 1937.
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal agus luadh.
1.—(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1937, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1932, agus den Acht so le chéile.
Mínithe.
2.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923), agus, i gcás ina gceaduíonn an có-théacs é, léireofar í mar abairt a chialluíonn an tAcht san mar a leasuítear é le hAcht 1927 agus le Cuid III d'Acht 1932;
cialluíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927), agus, i gcás ina gceaduíonn an có-théacs é, léireofar í mar abairt a chialluíonn an tAcht san mar a leasuítear é le Cuid III d'Acht 1932;
cialluíonn an abairt “Achtanna 1923 agus 1927” Acht 1923 agus Acht 1927;
cialluíonn an abairt “Acht 1932” an tAcht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932);
cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1932.
(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe leis na hAchtanna chun crícheanna na nAchtanna tá leis san Acht so an bhrí tugtar dó amhlaidh.
CUID II.
Liuntaisi do ghaolta Sighniuiri an Fhurogra do foillsiodh Luan Casca, 1916.
Liúntaisí do ghaolta sighniúirí an Fhurógra do foillsíodh Luan Cásca, 1916.
3.—(1) Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—
(a) le baintrigh (más ann di) Shighniúra, liúntas bliantúil de chúig céad punt le n-a beo, agus
(b) le gach mac agus inghin (más ann dóibh) do Shighniúir, liúntas bliantúil de dhá chéad punt is iníoctha go dtí go mbeidh cúig bliana fichead slán aige no aici no go n-éagfaidh fé bhun na haoise sin, agus
(c) le gach driofúr do Shighniúir, liúntas bliantúil de chéad punt le n-a beo.
(2) Tosnóidh gach liúntas fé leith fén alt so ar dháta an Achta so do rith agus beidh sé iníoctha mar iar-íoc gach mí ar feadh na tréimhse gur ina haghaidh a bheidh sé iníoctha.
(3) I gcás duine bheidh i dteideal liúntais fén alt so do bheith, díreach roimh dháta an Achta so do rith, ag fáil liúntais fé sna hAchtanna scuirfidh an liúntas san is déanaí luaidhtear de bheith iníoctha ar dháta an Achta so do rith agus dá éis sin.
(4) San alt so cialluíonn an focal “Sighniúir” duine do shighnigh an Furógra do foillsíodh Luan Cásca, 1916.
CUID III.
Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, agus Cuid III den Acht Arm-Phinsean, 1932, do leasu.
Alt 8 d'Acht 1923 do leasú.
4.—I gcás liúntas do bheith iníoctha fé alt 8 d'Acht 1923 le béinne de sna cleithiúnaithe (eadhon, cleithiúnaithe luaidhtear i mír 5 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923) do dhuine ar bith do cuireadh chun báis in Eirghe Amach 1916, léireofar an mhír sin agus beidh éifeacht aici maidir leis an gcleithiúnaí sin, ar dháta an Achta so do rith agus dá éis sin, fé is dá gcuirtí na focail agus na figiúirí “£90 sa bhliain” in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “£1 sa tseachtain”.
Ailt 7 agus 12 d'Acht 1927 do leasú.
5.—(1) Deintear leis seo alt 7 d'Acht 1927 do leasú sna slite seo leanas, agus déanfar Acht 1927, agus Acht 1927 mar a leasuítear é leis an gCuid seo den Acht so, do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin, sé sin le rá:—
(a) tré sna focail “(ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo)” do scriosadh amach as fo-alt (1) den alt san, agus
(b) tré fho-alt (3) den alt san do scriosadh amach.
(2) Deintear leis seo alt 12 d'Acht 1927 do leasú sna slite seo leanas agus léireofar Acht 1927 agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
(a) tré sna focail “no thar cheann an Aire (pe'ca aca é)” do scriosadh amach as fo-ailt (1) agus (4) den alt san, agus
(b) tré sna focail uile i ndiaidh na bhfocal “ag Bord na nArm-Phinsean chuige sin” do scriosadh amach as fo-alt (6).
Alt 9 d'Acht 1927 do leasú.
6.—(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 do leasú tré sna focail agus na figiúirí “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh, de dheascaibh nithe is ionchurtha go cinnte i leith na seirbhíse sin, tar éis an dáta san agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,” do chur in ionad na bhfocal “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh tar éis an dáta san agus laistigh de cheithre bliana tar éis scurtha an duine sin” atá anois ann agus léireofar Acht 1927 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Más rud é, de bhuadh an leasuithe deintear leis an alt so ar fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927, go ndeonfar pinsean mí-ábaltachta fén bhfo-alt san (1) do dhuine ar bith tar éis dáta an Achta so do rith tosnóidh an pinsean san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt san 9, ar pé dáta agus o pé dáta chinnfidh an tAire ag cuimhneamh dó ar gach a mbaineann leis an gcás, ach ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean gur aige measadh a dhíth do réir gráid nach lugha ná an grád minimum díthe.
Alt 10 d'Acht 1927 do leasú.
7.—(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do leasú tré sna focail agus na figiúirí “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh, de dheascaibh nithe is ionchurtha go cinnte i leith na seirbhíse sin, tar éis an dáta san agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,” do chur in ionad na bhfocal “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh tar éis an dáta san agus laistigh de cheithre bliana tar éis scurtha an duine sin” atá anois ann, agus léireofar Acht 1927 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Más rud é, de bhuadh an leasuithe deintear leis an alt so ar fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927, go ndeonfar pinsean mí-ábaltachta fén bhfo-alt san (1) do dhuine ar bith tar éis dáta an Achta so do rith tosnóidh an pinsean san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt san 10, ar pé dáta agus o pé dáta chinnfidh an tAire ag cuimhneamh dó ar gach a mbaineann leis an gcás, ach ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean gur aige measadh a dhíth do réir gráid nach lugha ná an grád minimum díthe.
Alt 13 d'Acht 1927 do leasú.
8.—(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do leasú tré sna focail agus na figiúirí “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh, de dheascaibh nithe is ionchurtha go cinnte i leith seirbhíse míleata den tsórt san no i leith seirbhíse mileata den tsórt san agus seirbhíse sna fórsaí, tar éis an dáta san agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,” do chur isteach ann roimh na focail “féadfar pinsean mí-ábaltachta” atá anois ann, agus léireofar Acht 1927 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Más rud é, de bhuadh an leasuithe deintear leis an alt so ar fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927, go ndeonfar pinsean mí-ábaltachta fén bhfo-alt san (1) do dhuine ar bith tosnóidh an pinsean san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt san 13, ar pé dáta agus o pé dáta chinnfidh an tAire ag cuimhneamh dó ar gach a mbaineann leis an gcás, ach ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean gur aige a measadh a dhíth do réir gráid nach lugha ná an grád minimum díthe.
Alt 14 d'Acht 1927 do leasú.
9.—In ainneoin éinní atá i mír (i) d'fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1927, ní dhéanfaidh an tAire, ar fháil bháis do dhuine ar bith no mar gheall ar dhuine ar bith d'fháil bháis, is duine le n-a mbaineann an fo-alt san de bhuadh míre (e) den fho-alt san, aon aisce do dheonadh do bhaintrigh an duine sin ná d'aon leanbh leis maran roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, do phós sé an bhaintreach san.
Ní bheidh dul thar molta do rinneadh alos créachta fé Achtanna 1923 agus 1927.
10.—(1) Má rinneadh, roimh an Acht so do rith, aisce fé Achtanna 1923 agus 1927, alos créachta, do mholadh no má diúltuíodh do phinsean no d'aisce fé sna hAchtanna san, alos créachta, do mholadh beidh an moladh san no an diúltú don mholadh san do dhéanamh (pe'ca aca é), ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so ina bhreith deiridh nach féidir d'athbhreithniú ná d'ath-scrúdú.
(2) Einne dá ndearnadh aisce fé Achtanna 1923 agus 1927, alos créachta, do mholadh roimh an Acht so do rith, no éinne dar diúltuíodh pinsean no aisce fé sna hAchtanna san, alos créachta, do mholadh roimh an Acht so do rith ar an scór ná raibh an duine sin fé aon díth agus ar an scór san amhain, féadfaidh, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith, a iarraidh ar an Aire méid an mholta san no an diúltú san (pe'ca aca é) d'ath-bhreithniú agus leis sin féadfaidh an tAire, más ceart san do dhéanamh dar leis, an scéal do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean chun é d'ath-bhreithniú agus féadfaidh, ar thuarasgabháil Bhúird na nArm-Phinsean, pé pinsean no aisce (más aon cheann é) do dheonadh a féadfaí a dheonadh dá dtugtaí an tuarasgabháil sin ar an gcás do bhreithniú den chéad uair fé Achtanna 1923 agus 1927, fé réir na teorann gurb é am a thosnóidh aon phinsean a deonfar amhlaidh ná ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith no an dáta gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach an mhí-ábaltacht do bheith chó mór le fiche per cent., pe'ca aca is déanaí) a chinnfidh an tAire.
(3) Athghairmtear leis seo alt 23 d'Acht 1932.
Alt 26 d'Acht 1932 do leasú.
11.—(1) Deintear leis seo mír (a) d'alt 26 (alt a leasuíonn alt 18 d'Acht 1927) d'Acht 1932 d'athghairm agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le gach iarratas o dhuine do scuireadh as na fórsaí (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) á iarraidh go ndeonfaí pinsean créachta no aisce dhó fé Achtanna 1923 agus 1927 mar gheall ar chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse, gur laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta a scurtha as na fórsaí no laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith, pe'ca aca is déanaí, a déanfar é.
(2) Má iarr duine ar bith (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) pinsean no aisce do dheonadh dhó fé Achtanna 1923 agus 1927 mar gheall ar chréacht do fuair sé agus is ionchurtha i leith seirbhíse, agus gur diúltuíodh don iarratas san (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) ní bheidh an duine sin i dteideal, de bhuadh fo-ailt (1) den alt so, iarratas eile do dhéanamh ag lorg an phinsin no na haisce sin.
Dáta tosnuithe pinsean áirithe fé Achtanna 1923 agus 1927.
12.—(1) Beidh feidhm ag an bhforáil seo leanas maidir le haon phinsean a deonfar, ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, fé Achtanna 1923 agus 1927 do dhuine mar gheall ar chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí, sé sin le rá:—
(a) más roimh dháta an Achta so do rith agus laistigh den am do ceapadh le mír (a) d'alt 26 d'Acht 1932 do rinneadh an t-iarratas ar an bpinsean san, tosnóidh an pinsean san, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an gCuid seo den Acht so, o pé dáta (nach luatha ná an 1adh lá d'Abrán, 1932, no an dáta gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach an mhí-ábaltacht do bheith chó mór le fiche per cent., pe'ca aca is déanaí) a chinnfidh an tAire;
(b) in aon chás eile, tosnóidh an pinsean san o pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith no dáta an scurtha as na fórsaí no an dáta gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach an mhí-ábaltacht do bheith chó mór le fiche per cent., pe'ca aca is déanaí) a chinnfidh an tAire.
(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an gCuid seo den Acht so, tosnóidh gach pinsean a deonfar, ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin. fé Acht 1927 do dhuine mar gheall ar ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí, tosnóidh sé ar pé dáta (nach luatha ná an 1adh lá d'Abrán, 1932, no an dáta gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach an mhí-ábaltacht do bheith chó mór leis an ngrád minimum díthe, pe'ca aca is déanaí) a chinnfidh an tAire.
Deonadh pinsean le Achtanna 1923 agus 1927 de bharr breithe deiridh do cheiliúradh.
13.—Má deonadh no má deontar pinsean de bharr breithe deiridh do dhuine ar bith fé Acht 1923, no fé Acht 1927, no fé Acht 1927 mar a leasuítear é leis an gCuid seo den Acht so agus má dheineann an tAire, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le fo-alt (1) d'alt 24 (le n-a n-áirmhítear an t-alt san mar a cuirtear i mbaint é tríd an gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so) d'Acht 1932, an pinsean san do mhéadú, do laigheadú no do chur ar fiunraoi feadfaidh an tAire, ar mholadh Bhúird na nArm-Phinsean, a ordú an deonadh san de bharr breithe deiridh do cheiliúradh, agus sa chás san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfar an deonadh san de bharr breithe deiridh do cheiliúradh;
(b) in ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san (1), ní bheidh an duine sin, má deontar an pinsean san ina dhiaidh sin de bharr breithe deiridh, i dteideal aon chúis do phlé leis an Aire fén bhfo-alt san (1) tar éis deich mbliana ón dáta ar a ndearnadh an deonadh de bharr breithe deiridh a ceiliúrfar amhlaidh.
Feidhm ailt 24 d'Acht 1932.
14.—Déanfar an abairt “Achtanna 1923 agus 1927” do léiriú, i ngach áit ina bhfuil sí in alt 24 d'Acht 1932, mar abairt fholuíonn Acht 1927 mar a leasuítear é leis an gCuid seo den Acht so.
CUID IV.
Cuid II den Acht Arm-Phinsean, 1932, do leasu.
Alt 8 d'Acht 1932 do leasú.
15.—(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1932 do leasú tríd an mír seo leanas do chur isteach ann in ionad míre (d) atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(d) ce'ca tá aon fhianaise ann gur thóg an duine sin aon ghalar le linn a sheirbhíse míleata no nar thóg agus, má thóg, cadiad mion-innste na fianaise sin agus, má tá an duine sin tar éis bháis, cathain a fuair sé bás, agus”.
(2) Deintear leis seo alt 8 d'Acht 1932 do leasú tríd an dá fho-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(2) Gach deimhniú (dá ngairmtear deimhniú seirbhíse san Acht so) a bhéarfaidh an Bord Clárathachta amach don Aire do réir an ailt seo beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh sé, fé réir aon atharuithe dhéanfaidh an Bord Clárathachta ar an deimhniú san fé fho-alt (3) den alt so, ina fhianaise dheiridh gan aon dul tháirse i dtaobh na bhfíora bheidh deimhnithe ann.
(3) Féadfaidh an tAire, toisc fianaise ná raibh ar fáil roimh an deimhniú san do thabhairt amach do bheith ar fáil o shoin, a iarraidh ar an mBord Clárathachta tráth ar bith aon deimhniú seirbhíse d'athscrúdú agus leis sin athscrúdóidh an Bord Clárathachta an deimhniú san agus féadfaid, tar éis an athscrúduithe sin do dhéanamh, an deimhniú san do dhaingniú no d'atharú, fé mar is dóich leo is ceart.”
Forálacha de dhruim deimhnithe seirbhíse d'atharú.
16.—(1) Má deintear deimhniú seirbhíse, do tugadh amach alos duine do rinne iarratas ar phinsean no ar aisce fé Chuid II d'Acht 1932, d'athscrúdú fé fho-alt (3) d'alt 8 d'Acht 1932, agus go n-atharófar é ar an athscrúdú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas sé sin le rá:—
(a) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, nár dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa bhfo-alt so) dá bhféadfaí pinsean no aisce do dheonadh fé Chuid II d'Acht 1932 an duine sin, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san mar a hatharófar é amhlaidh, gur duine cáilithe an duine sin, ansan—
(i) beidh éifeacht ag forálacha ailt 9 d'Acht 1932 maidir leis an iarratas san fé is dá ndeallródh sé ón deimhniú san, roimh é atharú amhlaidh, gur dhuine cáilithe an duine sin,
(ii) i gcás gur iarratas ar phinsean no aisce do dheonadh fé Chuid II d'Acht 1932, alos créachta, an t-iarratas san tuigfear, chun crícheanna ailt 18 d'Acht 1932, nach diúltú do mholadh do dhéanamh an t-iarratas san do dhiúltú,
(iii) aon phinsean a deonfar fé Chuid II d'Acht 1932 don duine sin tosnóidh sé ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire;
(b) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, gur dhuine cáilithe an duine sin agus gur deonadh pinsean dó dá réir sin fé Chuid II d'Acht 1932, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar é amhlaidh, nach duine cáilithe an duine sin déanfaidh an tAire, le hordú, an pinsean san do cheiliúradh o dháta an orduithe sin;
(c) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar do tugadh amach i dtosach é, gur dhuine cáilithe an duine sin agus gur deonadh pinsean dó dá réir sin fé Chuid II d'Acht 1932, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar é amhlaidh, gur duine cáilithe an duine sin agus go bhfuil méid an phinsin sin níos mó no níos lugha ná an méid chun a bhfuil teideal aige ag féachaint do théarmaí an deimhnithe sin mar a hatharófar é amhlaidh, déanfaidh an tAire, le hordú, an pinsean san do laigheadú no do mhéadú dá réir sin o dháta an orduithe sin.
(2) Má deintear deimhniú seirbhíse, do tugadh amach alos duine mhairbh go ndearnadh iarratas ina thaobh ar liúntas no ar aisce fé Chuid II d'Acht 1932, d'athscrúdú fé fho-alt (3) d'alt 8 d'Acht 1932, agus go n-atharófar é ar an athscrúdú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, nár dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa bhfo-alt so) go bhféadfaí liúntas no aisce do dheonadh ina thaobh fé Chuid II d'Acht 1932 an duine marbh san, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar é amhlaidh, gur duine cáilithe an duine marbh san, ansan—
(i) beidh feidhm ag forálacha ailt 9 d'Acht 1932 maidir leis an iarratas san fé is dá ndeallródh sé ón deimhniú seirbhíse sin, roimh é atharú amhlaidh, gur dhuine cáilithe an duine marbh san,
(ii) aon liúntas a deonfar fé Chuid II d'Acht 1932 alos an duine mhairbh sin tosnóidh sé ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire;
(b) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, gur dhuine cáilithe an duine marbh san agus gur deonadh liúntas alos an duine mhairbh sin dá réir sin fé Chuid II d'Acht 1932, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar é amhlaidh, nach duine cáilithe an duine marbh san, déanfaidh an tAire, le hordú, an liúntas san do cheiliúradh o dháta an orduithe sin
(3) Léireofar tagairtí san alt so d'Acht 1932 mar thagairtí chialluíonn Acht 1932, no Acht 1932 mar a leasuítear é leis an gCuid seo den Acht so.
Alt 10 d'Acht 1932 do leasú.
17.—(1) Más rud é—
(a) gur tugadh deimhniú seirbhíse amach alos duine, agus
(b) go ndeallruíonn sé ón deimhniú seirbhíse sin go raibh an duine sin ina bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932, agus
(c) go raibh an duine sin, agus é ina bhall den tsórt san, i rith aon tréimhse do chríochnuigh roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1923, fé choinneáil no i bpríosún ag an Rialtas Briotáineach, ag Rialtas Shaorstáit Éireann, ag an Rialtas Sealadach, no ag Rialtas Thuaiscirt Éireann, no le hordú o aon Rialtas acu san, agus
(d) gur chaill an duine sin de dheascaibh cúise ar bith, faid do bhí sé fé choinneáil no i bpríosún amhlaidh, géag coise, géag láimhe, no súil,
beidh éifeacht ag na forálacha seo leanas, sé sin le rá:—
(i) tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 10 d'Acht 1932, gur díth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata an chailliúint sin, agus léireofar Cuid II d'Acht 1932 agus beidh éifeacht aige dá réir sin;
(ii) isé an dáta cinnteach chun crícheanna fo-ailt (4) den alt san 10 ná an dáta gur air a bhain an chailliúint sin don duine sin;
(iii) aon phinsean a deonfar don duine sin fén bhfo-alt san (1) tosnóidh sé, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1932, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith.
(2) Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932 do leasú tré sna focail agus na figiúirí “no, i gcás an dáta san do thuitim roimh an 30adh lá de Mheitheamh, 1938, go dtiocfa sé, de bhíthin nithe is ionchurtha go cinnte i leith seirbhíse míleata, chun gan bheith níos lugha, tar éis an dáta san ach roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,” do chur isteach sa bhfo-alt san i ndiaidh na bhfocal “a scrúduithe amhlaidh” atá anois ann, agus léireofar Cuid II d'Acht 1932 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(3) Más rud é, de bhuadh an leasuithe deintear leis an alt so ar fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932, go ndeonfar pinsean fén bhfo-alt san (2) do dhuine ar bith, tosnóidh an pinsean san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1932 no san Acht so, ar pé dáta agus o pé dáta chinnfidh an tAire ag cuimhneamh dó ar gach a mbaineann leis an gcás, ach ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean gur aige measadh a dhíth do réir gráid nach lugha ná an grád minimum díthe.
Alt 12 d'Acht 1932 do leasú.
18.—(1) I gcás—
(a) liúntas do bheith iníoctha fé alt 12 d'Acht 1932 le baintrigh dhuine ar bith (seachas duine do shighnigh an Furógra do foillsíodh Luan Cásca, 1916), agus
(b) gur marbhuíodh an duine sin no gur cuireadh chun báis é in Eirghe Amach 1916,
déanfar, maidir leis an mbaintrigh sin, Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1932 do léiriú agus beidh éifeacht aici, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith, fé is dá ndeintí na focail agus na figiúirí “£90 sa bhliain le linn baintreachais agus aisce de £120 an chéad uair eile a phósfa sí” do chur in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “£67 10s. sa bhliain le linn baintreachais agus aisce £90 an chéad uair eile a phósfa sí.”
(2) Léireofar fo-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1932 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí an abairt “an liuntas san a luaidhtear i gCuid II no an aisce sin a luaidhtear i gCuid III” do chur i mír (b) den fho-alt san in ionad na habairte “an liúntas no an aisce sin a luaidhtear i gCuid II” atá anois sa mhír sin.
Alt 12 d'Acht 1932 do leasú tuilleadh.
19.—(1) Bainfidh alt 12 d'Acht 1932 (i dteanta é do bhaint leis na daoine le n-a mbaineann an t-alt san de bhuadh míreanna (a) (b) agus (c) d'fho-alt (3) den alt san) le gach duine ba bhall de choghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932 agus dar thárla ní de sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) go raibh an duine sin ar seirbhís mhíleata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhíleata roimh an sos no gan a bheith) agus go bhfuair bás roimh dháta an Achta so do rith—
(i) de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa, no
(ii) de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no i leith seirbhíse míleata roimh an sos agus seirbhíse míleata tar éis an tsosa;
(b) go bhfuair an duine sin bás faid a bhí sé ar seirbhís mhíleata de dheascaibh galair nach ionchurtha i leith seirbhíse míleata, agus go bhfuair bás amhlaidh faid a bhí sé ina bhall d'Aonad Seirbhíse Cogúla no faid a bhí sé fé choinneáil i bpríosún no i luing no i gcampa coinneála.
(2) I gcás—
(a) duine marbh ba bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932 do bheith ar seirbhís mhíleata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhíleata roimh an sos no gan a bheith), agus
(b) an ball san d'fháil bháis roimh dháta an Achta so do rith, agus
(c) an ball san d'fháil bháis—
(i) de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa, no
(ii) de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no i leith seirbhíse míleata roimh an sos agus seirbhíse míleata tar éis an tsosa, agus
(d) an ball san d'fhágaint baintrighe ina dhiaidh, agus
(e) gurb é am do phós an bhaintreach san an ball san ná, más créacht ba thrúig le n-a bhás, tar éis an dáta ar a bhfuair sé an chréacht san no, más galar ba thrúig le n-a bhás, tar éis an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1928,
beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) ní deonfar aon liúntas ná aisce, fé fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1932, do dhuine ar bith mar gheall ar bhás an bhaill sin, agus
(ii) i gcás an duine sin d'fháil bháis an 10adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no dá éis sin gan pinsean do dheonadh dhó alos na créachta no an ghalair sin fé Chuid II d'Acht 1932, no é d'fháil bháis roimh an 10adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, aisce de chéad agus dhá phunt déag agus deich scillinge do dheonadh mar gheall ar bhás an bhaill sin, do bhaintrigh no do chloinn an bhaill sin.
(3) I gcás—
(a) duine marbh ba bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932 do bheith ar seirbhís mhíleata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhíleata roimh an sos no gan a bheith), agus
(b) an ball san d'fháil bháis an 10adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no dá éis sin, agus
(c) an ball san d'fháil bháis—
(i) de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa, no
(ii) de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no i leith seirbhíse míleata roimh an sos agus seirbhíse míleata tar éis an tsosa, agus
(d) pinsean do dheonadh don duine sin alos na créachta no an ghalair sin fé Chuid II d'Acht 1932,
ní deonfar aon liúntas ná aisce, fé fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1932, do dhuine ar bith mar gheall ar bhás an bhaill sin, ach féadfaidh an tAire, marar deonadh pinsean fir phósta don bhall san agus má fhágann sé baintreach no clann ina dhiaidh agus más tar éis an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, do phós sé an bhaintreach san, aisce de chéad agus dhá phunt déag agus deich scillinge do dheonadh don bhaintrigh no don chloinn sin.
(4) In ainneoin éinní atá i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 15 d'Acht 1932 is ar dháta agus o dháta an Achta so do rith a thosnóidh liúntas a deonfar fé fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1932 mar gheall ar bhás duine le n-a mbaineann an t-alt san 12 de bhuadh fo-ailt (1) den alt so.
(5) Athghairmtear leis seo na forálacha so leanas d'alt 12 d'Acht 1932, sé sin le rá, mír (d) d'fho-alt (3), agus fo-ailt (4) agus (5).
Feidhm ailt 14 d'Acht 1932.
20.—Déanfar an abairt “an Chuid seo den Acht so” in alt 14 d'Acht 1932 do léiriú mar abairt a chialluíonn Cuid II d'Acht 1932, no Cuid II d'Acht 1932 mar a leasuítear í leis an gCuid seo den Acht so.
Alt 15 d'Acht 1932 do leasú.
21.—(1) I gcás—
(a) pinsean (le n-a n-áirmhítear pinsean fir phósta) do dheonadh fé Chuid II d'Acht 1932 tar éis dáta an Achta so do rith, agus
(b) gan an t-iarratas ar an bpinsean san do dhéanamh go cuibhe roimh an 11adh lá de Mhí na Nodlag, 1933,
ansan, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1932, tosnóidh an pinsean san, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an gCuid seo den Acht so, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith.
(2) I gcás—
(a) liúntas do dheonadh, tar éis dáta an Achta so do rith, fé Chuid II d'Acht 1932 do bhaintrigh, do chloinn no do chleithiúnaithe dhuine do fuair bás roimh an 11adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus
(b) gan an t-iarratas ar an liúntas san do dhéanamh go cuibhe roimh an 11adh lá de Mhí na Nodlag, 1933,
tosnóidh an liúntas san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) no i bhfo-alt (3) d'alt 15 d'Acht 1932, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith.
(3) I gcás—
(a) liúntas do dheonadh, tar éis dáta an Achta so do rith, fé Chuid II d'Acht 1932 do bhaintrigh, do chloinn no do chleithiúnaithe dhuine do fuair bás an 11adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no dá éis sin agus roimh dháta an Achta so do rith, agus
(b) gan an t-iarratas ar an liúntas san do dhéanamh go cuibhe laistigh de dhá mhí dhéag tar éis bháis an duine sin,
tosnóidh an liúntas san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) d'alt 15 d'Acht 1932, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith.
(4) Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1932 do leasú tré sna focail “no ar an lá san” do chur isteach sa bhfo-alt san i ndiaidh na bhfigiúirí “1932” atá anois ann agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Teora ama chun iarratáisí ar phinsin, etc., fé Chuid II d'Acht 1932 do dhéanamh.
22.—(1) Gach iarratas a dhéanfaidh duine ba bhall de chóghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932, ar phinsean no aisce do dheonadh fén gCuid sin II no fén gCuid sin II mar a leasuítear í leis an Acht so, is laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith a déanfar é.
(2) Gach iarratas a déanfar ar liúntas no aisce do dheonadh fén gCuid sin II, no fén gCuid sin II mar a leasuítear í leis an Acht so, do bhaintrigh, do chloinn, no do chleithiúnaithe dhuine do fuair bás ar dháta an Achta so do rith no roimhe sin, is roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938, a déanfar é.
(3) Gach iarratas ar liúntas no aisce do dheonadh fén Cuid sin II, no fén gCuid sin II mar a leasuítear í leis an Acht so, do bhaintrigh, do chloinn, no do chleithiúnaithe dhuine do gheobhaidh bás tar éis an lae rithfear an tAcht so, is roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938, no i gcionn dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a bhfuair an duine sin bás, pe'ca dáta aca san is déanaí, a déanfar é.
(4) Má rinne duine ar bith iarratas go cuibhe roimh an Acht so do rith ar phinsean, ar liúntas no ar aisce fé Chuid II d'Acht 1932, agus gur diúltuíodh don iarratas san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) i gcás an t-iarratas san do dhiúltú ar an scór nár bhain Cuid II d'Acht 1932 leis an duine sin, agus an Chuid sin II, mar a leasuítear í leis an gCuid seo den Acht so, do bhaint leis, féadfaidh an duine sin an t-iarratas san d'athnuachaint;
(b) in aon chás eile ní bheidh an duine sin i dteideal, de bhuadh aon cheann de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, an t-iarratas san d'athnuachaint.
(5) Athghairmtear leis seo alt 16 d'Acht 1932.
Teora ama i gcóir iarratais ar liúntaisí agus ar aiscí fé Chuid II d'Acht 1932 o bhaintreacha, o chloinn agus o chleithiúnaithe dhaoine áirithe.
23.—(1) I gcás—
(a) duine d'fháil bháis níos mó ná dhá mhí dhéag tar éis an Achta so do rith, agus
(b) gur créacht no galar is trúig le bás an duine sin, agus
(c) ná dearna an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith, pinsean alos na créachta no an ghalair sin d'iarraidh fé Chuid II d'Acht 1932, mar a leasuitear í leis an Acht so,
ní breithneofar aon éileamh, alos báis an duine sin, a dhéanfaidh baintreach no aon duine de chloinn no de chleithiúnaithe an duine sin ar liúntas no ar aisce fén gCuid sin II mar a leasuítear amhlaidh í.
(2) Ní léireofar éinní san alt so mar ní chuireann teora le hoibriú fo-ailt (3) den alt deiridh sin roimhe seo.
(3) Athghairmtear leis seo alt 17 d'Acht 1932.
Deonadh pinsean fé Chuid II d'Acht 1932 de bharr breithe deiridh do cheiliúradh.
24.—Má deonadh no má deontar pinsean de bharr breithe deiridh do dhuine ar bith fé Chuid II d'Acht 1932, no fé Chuid II d'Acht 1932 mar a leasuítear í leis an gCuid seo den Acht so, agus má dheineann an tAire, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le fo-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1932, an pinsean san do mhéadú, do laigheadú no do chur ar fiunraoi, féadfaidh an tAire, ar mholadh Bhúird na nArm-Phinsean, a ordú an deonadh san de bharr breithe deiridh do cheiliúradh agus sa chás san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfar an deonadh san de bharr breithe deiridh do cheiliúradh:
(b) in ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san (1) ní bheidh an duine sin, má deontar an pinsean san ina dhiaidh sin de bhar breithe deiridh, i dteideal aon chúis do phlé leis an Aire fén bhfo-alt san (1) tar éis deich mbliana ón dáta ar a ndearnadh an deonadh de bharr breithe deiridh a ceiliúrfar amhlaidh.
Feidhm alt áirithe de Chuid II d'Acht 1932.
25.—Déanfar an abairt “fén gCuid seo den Acht so” do léiriu, i ngach áit ina bhfuil sí in ailt 11, 13, 18 agus 19 d'Acht 1932, mar abairt fholuíonn Cuid II d'Acht 1932 mar a leasuítear i leis an gCuid seo den Acht so.
CUID V.
Pinsin mhi-abaltachta alos ditheanna de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhise i gcas na mi-abaltachta do bheith nios lugha na ochto per cent. gan bheith nios lugha na caoga per cent.
Pinsin mhí-ábaltachta alos ditheanna de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse i gcás na mí-ába1tachta do bheith níos 1ugha ná 80 per cent. gan bheith níos lugha ná 50 per cent.
26.—(1) Má diúltuíodh d'iarratas o dhuine ar phinsean mhi-ábaltachta roimh dháta an Achta so do rith ar an scór gur lugha na ochtó per cent. grád na díthe fé n-a raibh an duine sin agus ar an scór san amháin, agus go n-iarrfaidh an duine sin ar an Aire, roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938, go n-athscrúdódh Bord na nArm-Phinsean é fén bhfo-alt so, iarrfaidh an tAire ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin d'athscrúdú agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) déanfaidh Bord na nArm-Phinsean an duine sin d'athscrúdú dá réir sin;
(ii) má bhíonn grád a dhithe, ar dháta an athscrúduithe sin, níos lugha ná ochtó per cent. gan bheith níos lugha ná caoga per cent., féadfar pinsean de chúig scillinge déag sa tseachtain, a thosnóidh ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire, do dheonadh de bharr breithe deiridh don duine sin;
(iii) maran lugha ná ochtó per cent. grád a dhíthe ar dháta an athscrúduithe sin ach ná deonfar pinsean mí-ábaltachta don duine sin, féadfar pinsean de chúig scillinge déag sa tseachtain a thosnóidh o pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire do dheonadh de bharr breithe deiridh don duine sin;
(iv) maran lugha ná ochtó per cent. grád a dhíthe ar dháta an athscrúduithe sin agus go ndeonfar pinsean mí-ábaltachta don duine sin ach go bhfuighfear amach ar aon athscrúdú tréimhsiúil ina dhiaidh sin gur lugha ná ochtó per cent. ach nach lugha ná caoga per cent. grád a dhíthe, féadfar pinsean de phunt sa tseachtain, a thosnóidh ar pé dáta (nach luatha ná dáta scurtha an phinsin mhí-ábaltachta san) a chinnfidh an tAire, do dheonadh de bharr breithe deiridh don duine sin, má iarrann sé é ar an Aire dhá mhí dhéag ar a dhéanaí tar éis dáta an athscrúduithe thréimhsiúla san;
(v) má deontear pinsean don duine sin fén bhfo-alt so, ní deonfar aon phinsean mí-ábaltachta don duine sin ná ní bheidh aon phinsean mí-ábaltachta iníoctha leis.
Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “pinsean mí-ábaltachta” pinsean fé alt 9 no fé alt 10 no fé alt 13 d'Acht 1927, no pinsean fé fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932.
(2) Má bhí duine ag fáil pinsin mhí-ábaltachta roimh dháta an Achta so do rith, agus ná fuil an duine sin ag fáil an phinsin mhí-ábaltachta san an dáta san toisc grád a dhíthe do thuitim fé bhun ochtó per cent., agus go n-iarrfaidh an duine sin ar an Aire roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938, go n-athscrúdódh Bord na nArm-Phinsean é fén bhfo-alt so, iarrfaidh an tAire ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin d'athscrúdú agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) déanfaidh Bord na nArm-Phinsean an duine sin d'athscrúdú dá réir sin;
(ii) má bhíonn grád a dhíthe, ar dháta an athscrúduithe sin, níos lugha ná ochtó per cent. gan a bheith níos lugha ná caoga per cent., féadfar pinsean de phunt sa tseachtain, a thosnóidh ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire, do dheonadh de bharr breithe deiridh don duine sin;
(iii) maran lugha ná ochtó per cent. grád a dhíthe ar dháta an athscrúduithe sin agus go ndeonfar pinsean mí-ábaltachta don duine sin ach go bhfuighfear amach ar aon athscrúdú tréimhsiúil ina dhiaidh sin gur lugha ná ochtó per cent. ach nach lugha ná caoga per cent. grád a dhíthe, féadfar pinsean de phunt sa tseachtain, a thosnóidh ar pé dáta (nach luatha ná dáta scurtha an phinsin mhí-ábaltachta san) a chinnfidh an tAire, do dheonadh de bharr breithe deiridh don duine sin, má iarrann sé é ar an Aire dhá mhí dhéag ar a dhéanaí tar éis dáta an athscrúduithe thréimhsiúla san;
(iv) má deontear pinsean don duine sin fén bhfo-alt so, ní deonfar aon phinsean mí-ábaltachta dhó ná ní bheidh aon phinsean mí-ábaltachta iníoctha leis.
Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “pinsean mí-ábaltachta” pinsean fé alt 9 no fé alt 10 no fé alt 13 d'Acht 1927 no pinsean fé fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932.
(3) Má bhíonn duine ag fáil pinsin mhí-ábaltachta ar dháta an Achta so do rith, agus go bhfuighfear amach ar aon athscrúdú tréimhsiúil ina dhiaidh sin gur lugha ná ochtó per cent. ach nach lugha ná caoga per cent. grád a dhíthe, agus go n-iarrfaidh an duine sin pinsean fén bhfo-alt so laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an athscrúduithe thréimhsiúla san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) féadfar pinsean de phunt sa tseachtain, a thosnóidh o pé dáta (nach luatha ná dáta scurtha an phinsin mhí-ábaltachta san) a chinnfidh an tAire, do dheonadh de bharr breithe deiridh don duine sin,
(ii) má deontar pinsean don duine sin fén bhfo-alt so ní deonfar aon phinsean mí-ábaltachta don duine sin ná ní bheidh aon phinsean mí-ábaltachta iníoctha leis.
Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “pinsean mí-ábaltachta” pinsean fé alt 9 no fé alt 10 no fé alt 13 d'Acht 1927 no pinsean fé fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932.
(4) Más rud é—
(a) go ndearna duine iarratas go cuibhe ar phinsean mhí-ábaltachta roimh dháta an Achta so do rith agus nár cuireadh an t-iarratas san fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean, fé alt 9 d'Acht 1932, roimh an dáta san, ach go gcuirfear é fé n-a mbráid amhlaidh ina dhiaidh sin, no
(b) go ndearnadh iarratas go cuibhe ar phinsean mhí-ábaltachta roimh an dáta san agus gur cuireadh an t-iarratas san fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean, fén alt san 9, roimh an dáta san, ach nár scrúduigh Bord na nArm-Phinsean an duine sin roimh an dáta san, no
(c) go ndéanfaidh duine iarratas ar phinsean mhí-ábaltachta ar an dáta san no dá éis agus go gcuirfear an t-iarratas san fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean fén alt san 9,
ansan, má bhíonn an duine sin, ar dháta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean, fé ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse míleata do réir bhrí Coda II d'Acht 1932, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) má deintear an scrúdú san roimh an 30adh lá de Mheitheamh, 1938, agus go bhfuighfear amach ar dháta an scrúduithe sin gur lugha ná ochtó per cent. ach nach lugha ná caoga per cent. grád a dhíthe, féadfar pinsean de chúig scillinge déag sa tseachtain, a thosnóidh o pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire, do dheonadh de bharr breithe deiridh don duine sin, ma iarrann sé é ar an Aire dhá mhí dhéag ar a dhéanaí tar éis dáta an scrúduithe sin,
(ii) má deintear an scrúdú san an 30adh lá de Mheitheamh, 1938, no dá éis sin, agus go bhfuighfear amach ar dháta an scrúduithe sin gur lugha ná ochtó per cent. ach nach lugha ná caoga per cent. grád a dhíthe, féadfar pinsean de chúig scillinge déag sa tseachtain, a thosnóidh o pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire, do dheonadh de bharr breithe deiridh don duine sin,
(iii) má faightear amach ar dháta an scrúduithe sin nach lugha ná ochtó per cent. grád a dhíthe ach go bhfaighfear amach ar aon athscrúdú tréimhsiúil gur lugha é ná ochtó per cent., ach nach lugha é ná caoga per cent., féadfar pinsean de phunt sa tseachtain, a thosnóidh ar pé dáta (nach luatha ná dáta scurtha an phinsin mhí-ábaltachta a bhí aige roimhe sin) a chinnfidh an tAire, do dheonadh de bharr breithe deiridh don duine sin, má iarrann sé é ar an Aire dhá mhí dhéag ar a dhéanaí tar éis dáta an athscrúduithe sin,
(iv) má deontar pinsean don duine sin fén bhfo-alt so, ní deonfar aon phinsean mí-ábaltachta dhó ná ní bheidh aon phinsean mí-ábaltachta iníoctha leis.
Sa bhfo-alt so—
cialluíonn an abairt “pinsean mí-ábaltachta” pinsean fé fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932.
(5) Gach iarratas a déanfar ar athscrúdú ag Bord na nArm-Phinsean fén alt so agus ar phinsean fén alt so beidh sé i pé fuirm agus beidh pé mion-innste ann ordóidh an tAire.
(6) Beidh feidhm ag ailt 9 go 14 d'Acht 1923 maidir le pinsin a deonfar fén alt so, agus bainfid le daoine le n-a mbeidh na pinsin sin iníoctha, fé is dá mb'iad na pinsin sin na pinsin a luaidhtear sna hailt sin fé seach.
(7) Chun crícheanna ailt 21 d'Acht 1927 tuigfear gur iarrathóirí ar na pinsin a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 21 daoine iarrfaidh fén alt so go n-athscrúdódh Bord na nArm-Phinsean iad.
(8) San alt so—
tá leis an abairt “grád díthe” an bhrí chéanna atá léi in Acht 1927;
cialluíonn an abairt “athscrúdú tréimhsiúil” athscrúdú tréimhsiúil fé alt 6 d'Acht 1923.
CUID VI.
Pinsin alos ditheanna de dheascaibh creacht no galair gur meaduiodh a n-olcas tre sheirbhis mhileata.
Grád díthe do mheas.
27.—(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le duine bheidh fé dhíth de dheascaibh créachta, sé sin le rá:—
(a) más ceann de sna dítheanna luaidhtear sa chéad cholún den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 an díth sin, isé grád díthe an duine sin ná an grád díthe atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne na díthe fé n-a mbeidh an duine sin,
(b) in aon chás eile isé grád díthe an duine sin ná an grád a mheasfaidh Bord na nArm-Phinsean chuige sin.
(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le duine bheidh fé dhíth de dheascaibh galair, sé sin le rá:—
(a) isé grád díthe an duine sin ná an grád a mheasfaidh Bord na nArm-Phinsean chuige sin, agus
(b) is do réir phercentáiste measfar díth an duine sin agus measfar díth iomlán do réir céad per cent. agus measfar gach díth is lugha ná díth iomlán mar phercentáiste de dhíth iomláin.
Pinsin do sheanabhai11 de sna fórsaí alos créacht no galair gur méaduíodh a n-olcas, etc., tré sheirbhís.
28.—(1) I gcás—
(a) duine do scur as na fórsaí roimh dháta an Achta so do rith; agus
(b) gan an duine sin do bheith i dteideal pinsin fé sna hAchtanna ná fé sna hAchtanna mar a leasuítear iad leis an Acht so; agus
(c) an duine sin do bheith ar dháta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean—
(i) fé dhíth (nach lugha a grád ná fiche per cent.) de dheascaibh créachta gur méaduíodh a holcas—
(I) tré chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí agus do fuair sé i rith na tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse sheirbhíse san alt so) dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1924, faid do bhí sé ina bhall de sna fórsaí, no
(II) tré ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse seirbhíse, no
(III) tré sheirbhís sna fórsaí i rith na tréimhse seirbhíse, no
(ii) fé dhíth (nach lugha a grád ná fiche per cent.) de dheascaibh galair gur méaduíodh a olcas tré chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí agus do fuair sé i rith na tréimhse seirbhíse faid do bhí sé ina bhall de sna fórsaí, no
(iii) fé dhíth (nach lugha a grád ná ochtó per cent.) de dheascaibh galair gur méaduíodh a olcas—
(I) tré ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse seirbhíse, no
(II) tré sheirbhís sna fórsaí i rith na tréimhse seirbhíse, no
(iv) fé dhíth (nach lugha a grád ná fiche per cent.) de dheascaibh galair do brostuíodh no do gríosadh tré chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí agus do fuair sé i rith na tréimhse seirbhíse faid do bhí sé ina bhall de sna fórsaí, no
(v) fé dhíth (nach lugha a grád ná ochtó per cent.) de dheascaibh galair do brostuíodh no do gríosadh—
(I) tré ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse seirbhíse, no
(II) tré sheirbhís sna fórsaí i rith na tréimhse seirbhíse,
féadfar, má ba léir an díth sin roimh an 1adh lá d'Iúl, 1926, pinsean do dheonadh don duine sin do réir an ráta luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh dhíthe sa chéad cholún den Sceideal san.
(2) Déanfaidh an tAire gach iarratas ar phinsean fén alt so do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean.
Pinsin do bhaill de chó-ghléasanna le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932 alos créacht no galair gur méaduíodh a n-olcas, etc., tré sheirbhís.
29.—(1) I gcás—
(a) duine do bheith ina bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932, agus
(b) an duine sin do bheith ar seirbhís mhíleata, agus
(c) gan an duine sin do bheith i dteideal pinsin fé sna hAchtanna no fé sna hAchtanna mar a leasuítear iad leis an Acht so, agus
(d) an duine sin do bheith, ar dháta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean—
(i) fé dhíth (nach lugha a grád ná fiche per cent.) de dheascaibh créachta gur méaduíodh a holcas—
(I) tré chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse míleata, no
(II) tré ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse míleata, no
(III) tré sheirbhís mhíleata, no
(ii) fé dhíth (nach lugha a grád ná fiche per cent.) de dheascaibh galair gur méaduíodh a olcas tré chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse míleata, no
(iii) fé dhíth (nach lugha a grád ná ochtó per cent.) de dheascaibh galair gur méaduíodh a olcas—
(I) tré ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse míleata, no
(II) tré sheirbhís mhíleata, no
(iv) fé dhíth (nach lugha a grád ná fiche per cent.) de dheascaibh galair do brostuíodh no do gríosadh tré chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse míleata, no
(v) fé dhíth (nach lugha a grád ná ochtó per cent.) de dheascaibh galair do brostuíodh no do gríosadh—
(I) tré ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse míleata, no
(II) tré sheirbhís mhíleata,
féadfar, má ba léir an díth sin roimh an 1adh lá d'Iúl, 1926, pinsean do dheonadh don duine sin do réir an ráta luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh dhíthe sa chéad cholún den Sceideal san.
(2) Déanfaidh an tAire gach iarratas ar phinsean fén alt so do chur fé bhráid an Bhúird Chlárathachta Sheirbhíse Míleata agus leis sin beidh feidhm ag forálacha ailt 8 d'Acht 1932, mar a leasuítear é le Cuid IV den Acht so, maidir leis an iarratas san agus leis an deimhniú seirbhíse bhéarfaidh an Bord san amach alos an iarratasóra.
(3) Má gheibheann an tAire deimhniú seirbhíse alos duine ón mBord Clárathachta Sheirbhíse Míleata tar éis dó iarratas ón duine sin ar phinsean do dheonadh fén alt so do chur fé bhráid an Bhúird sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, déanfaidh an tAire, mara ndeallruighidh sé ón deimhniú san nach duine (dá ngairmtear duine cáilithe san alt so) dá bhféadfaí pinsean do dheonadh fén alt so an duine sin an t-iarratas san do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean.
(4) Má deintear deimhniú seirbhíse, do tugadh amach alos duine do rinne iarratas ar phinsean fén alt so, d'athscrúdú fé fho-alt (3) d'alt 8 d'Acht 1932, agus go n-atharófar é ar an athscrúdú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) má dheallruigh sé on deimhniú san, mar do tugadh amach i dtosach é, nár dhuine cáilithe an duine sin agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar amhlaidh é, gur duine cáilithe an duine sin, ansan, beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (3) den alt so maidir leis an iarratas san fé is dá ndeallródh sé ón deimhniú san, roimh é atharú amhlaidh, gur dhuine cáilithe an duine sin;
(b) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, gur dhuine cáilithe an duine sin agus gur deonadh pinsean fén alt so dhó dá réir sin, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar amhlaidh é, nach duine cáilithe an duine sin, déanfaidh an tAire, le hordú, an pinsean san do cheiliúradh o dháta an orduithe sin.
Forálacha maidir le hiarrataisí ar phinsin fé Chuid VI.
30.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar phinsin fén gCuid seo den Acht so, sé sin le rá:—
(a) déanfar gach iarratas chun an Aire roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,
(b) beidh gach iarratas i pé fuirm agus beidh pé mion-innste ann ordóidh an tAire.
Tuarasgabháil o Bhord na nArm-Phinsean ar iarrataisí ar phinsin fé Chuid VI.
31.—(1) Pé uair a déanfar iarratas ar phinsean fén gCuid seo den Acht so do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean déanfaid san grád na mí-ábaltachta fé n-a mbeidh an t-iarratasóir do mheas agus do thuairisciú don Aire agus déanfaid freisin tuarasgabháil do chur chun an Aire i dtaobh pé nithe eile eireoidh as an iarratas san go n-iarrfaidh an tAire ortha tuarasgabháil do thabhairt ina dtaobh agus, chun crícheanna na tuarasgabhála san, cuirfid fé ndeár an t-iarratas san do scrúdú i pé slí ordóidh an tAire.
(2) Chun na ndualgaisí forchuirtear ortha leis an alt so do chólíonadh féadfaidh Bord na nArm-Phinsean fiosruithe do dhéanamh, fínnéithe do ghairm, agus fianaise do ghlacadh fé mhionn (agus tugtar údarás leis seo d'aon bhall acu daoine do chur fé mhionn) no ar shlí eile, pé fiosruithe, fínnéithe agus fianaise is dóich leo is gá.
Dáta tosnuithe pinsean fé Chuid VI.
32.—Tosnóidh gach pinsean fén gCuid seo den Acht so pé lá (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.
Feidhm do bheith ag ailt áirithe de sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, maidir le pinsin fé Chuid VI.
33.—(1) Beidh feidhm ag alt 6 agus ag ailt 9 go 14 d'Acht 1923, agus ag ailt 21 agus 23 d'Acht 1927, maidir le pinsin fén gCuid seo den Acht so, le daoine atá no adeir go bhfuilid i dteideal na bpinsean san, le daoine dá ndeonfar na pinsin sin agus le daoine dhéanfaidh iarratas ar na pinsin sin, fé is dá mb'iad na pinsin sin na pinsin a luaidhtear sna hailt sin fé seach.
(2) An tagairt atá in alt 21 d'Acht 1927 do dhaoine thiocfaidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar iarratasóirí no mar fhínnéithe os cóir Bhúird na nArm-Phinsean mar fhreagra ar ghairm ón mBord san léireofar í mar ní fholuíonn tagairt do dhaoine thiocfaidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar iarratasóirí no mar fhínnéithe os cóir an Bhúird Chlárathachta Sheirbhíse Míleata mar fhreagra ar ghairm ón mBord san.
CUID VII.
Liuntaisi cleithiunaithe speisialta agus aisci speisialta.
Liúntaisí Cleithiúnaithe Speisialta.
Daoine marbha le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.
34.—Baineann an Chuid seo den Acht so le gach duine marbh ba bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932, agus dar thárla ní de sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) gur marbhuíodh an duine sin agus é ar seirbhís mhíleata agus gur i slí is ionchurtha i leith na seirbhíse míleata san do marbhuíodh amhlaidh é;
(b) ná raibh an duine sin ach ar seirbhís mhíleata roimh an sos agus go bhfuair sé créacht is ionchurtha i leith na seirbhíse sin agus go bhfuair sé bás laistigh de cheithre bliana tar éis dó an chréacht san d'fháil agus gurbh í an chréacht san ba thrúig le n-a bhás;
(c) ná raibh an duine sin ach ar seirbhís mhíleata roimh an sos agus go bhfuair sé bás roimh an 11adh lá d'Iúl, 1925, agus gur galar is ionchurtha i leith na seirbhíse sin ba thrúig le n-a bhás;
(d) (i) go raibh an duine sin ar seirbhís mhíleata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhíleata roimh an sos no gan a bheith), agus
(ii) go bhfuair sé bás, roimh dháta an Achta so do rith, de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no i leith seirbhíse míleata roimh an sos agus seirbhíse míleata tar éis an tsosa.
“Gaolta cleithiúnacha.”
35.—Sa Chuid seo den Acht so—
nuair a húsáidtear an abairt “gaol cleithiúnach” maidir le duine marbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so cialluíonn sí duine—
(a) is máthair no is athair (agus é os cionn seasca bliain d'aois no fé mhí-chumas tré dhroch-shláinte) don duine mharbh san no is driotháir dó atá buan-bhreoite no is driofúr dó atá nea-phósta agus buan-bhreoite, agus
(b) (i) do bhí i gcleithiúnas an duine mhairbh sin ar an dáta a fuair seisean bás, no
(ii) gur cheart, dar leis an Aire Airgid, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, é d'áireamh ina chleithiúnaí don duine mharbh san.
Acfuinn bhliantúil ghaolta cleithiúnacha.
36.—Chun críche na Coda so den Acht so, isé is acfuinn bhliantúil ghaoil chleithiúnaigh dhuine mhairbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ná acfuinn bhliantúil an ghaoil chleithiúnaigh sin mar a gheobhfar amach é do réir chó-orduithe an Aire agus an Aire Airgid.
Liúntaisí do ghaolta áirithe ball marbh de chóghléasanna le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932.
37.—(1) Fé réir forálacha na Coda seo den Acht so féadfar liúntas (dá ngairmtear liúntas cleithiúnaí sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh do dhuine ar bith gur deimhin leis an Aire agus leis an Aire Airgid go ndearnadh do réir na gcoinníollacha reachtúla ina thaobh.
(2) Isé bheidh i liúntas cleithiúnaí deonfar do dhuine ar bith ná suim bhliantúil de mhéid ná beidh, nuair a cuirfear le hacfuinn bhliantúil an duine sin í, chó mór le dachad punt ná níos mó na san.
(3) Chun crícheanna an ailt seo isiad is coinníollacha reachtúla chun liúntas cleithiúnaí do dheonadh do dhuine ná—
(a) gur gaol cleithiúnach do dhuine mharbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so an duine sin; agus
(b) ná beidh an duine sin ag fáil liúntais fé sna hAchtanna; agus
(c) ná beidh aon phearsa eile ag fáil liúntais chleithiúnaí ná liúntais fé sna hAchtanna alos an duine mhairbh sin; agus
(d) ná beidh acfuinn bhliantúil an duine sin chó mór le dachad punt ná níos mó ná san.
(4) Fé réir aon orduithe ón Aire i gcásanna áirithe, íocfar liúntas cleithiúnaí mar iar-íoc gach mí agus fé réir pé coinníollacha maidir le haitheantas no eile ordóidh an tAire.
(5) Tosnóidh gach liúntas cleithiúnaí ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.
Iarrataisí ar liúntaisí cleithiúnaithe
38.—(1) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar liúntas chleithiúnaí, sé sin le rá:—
(a) beidh gach iarratas i pé fuirm agus beidh pé mion-innste ann éileoidh an tAire,
(b) gach iarratas a dhéanfaidh gaol cleithiúnach dhuine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so déanfar é—
(i) laistigh de dhá bhliain tar éis dáta an Achta so do rith, más tuismitheoir don duine mharbh san an gaol san,
(ii) laistigh de chúig bliana tar éis an dáta san, más driotháir no driofúr don duine mharbh san an gaol san.
(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gCúid seo den Acht so, ní déanfar aon iarratas ar liúntas chleithiúnaí dar diúltuíodh d'athscrúdú tar éis deireadh na tréimhse oiriúnaighe ceaptar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo chun iarrataisí do dhéanamh.
Iarrataisí ar liúntaisí cleithiúnaithe do chur fé bhráid an Bhúird Chlárathachta Sheirbhíse Míleata agus Bhúird na nArm-Phinsean.
39.—(1) Déanfaidh an tAire gach iarratas ar liúntas chleithiúnaí, alos duine mhairbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, do chur fé bhráid an Bhúird Chlárathachta Sheirbhíse Míleata, agus leis sin beidh feidhm ag forálacha ailt 8 d'Acht 1932, mar a leasuítear é le Cuid IV den Acht so, maidir leis an iarratas san agus leis an deimhniú seirbhíse do bhéarfaidh an Bord san amach alos an duine mhairbh sin.
(2) Má gheibheann an tAire deimhniú seirbhíse alos duine mhairbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ón mBord Clárathachta Sheirbhíse Míleata tar éis dó iarratas, ar liúntas chleithiúnaí do dheonadh alos an duine mhairbh sin, do chur fé bhráid an Bhúird sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an tAire, mara ndeallruighidh sé ón deimhniú seirbhíse sin nach duine marbh (dá ngairmtear duine cáilithe san alt so) le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so an duine marbh san, an t-iarratas san do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean.
(3) Má deintear deimhniú seirbhíse, do tugadh amach alos duine mhairbh go ndearnadh iarratas ina thaobh ar liúntas chleithiúnaí, d'athscrúdú fé fho-alt (3) d'alt 8 d'Acht 1932, agus go n-atharófar é ar an athscrúdú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, nár dhuine cáilithe an duine marbh san agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar amhlaidh é, gur duine cáilithe an duine marbh san, ansan, beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (2) den alt so maidir leis an iarratas san fé is dá ndeallródh sé ón deimhniú seirbhíse sin, roimh é atharú amhlaidh, gur dhuine cáilithe an duine marbh san;
(b) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, gur dhuine cáilithe an duine marbh san agus gur deonadh liúntas cleithiúnaí dá réir sin alos an duine mhairbh sin agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar amhlaidh é, nach duine cáilithe an duine marbh san, déanfaidh an tAire, le hordú, an liúntas san do cheiliúradh o dháta an orduithe sin.
Liúntaisí cleithiúnaithe d'athscrúdú.
40.—(1) Beidh liúntas cleithiúnaí fé réir athscrúduithe thréimhsiúla (uair sa bhliain ar a mhinicí) ar pé ócáidí agus ar pé eatraimh a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgid agus má dheallruíonn sé de thoradh aon athscrúduithe den tsórt san go bhfuil an duine dar deonadh an liúntas san tar éis scur, de bhíthin a acfuinne bliantúla, de bheith i dteideal an liúntais sin no an liúntais sin do réir an ráta bheidh iníoctha an tráth san déanfar (fé mar is gá sa chás) deireadh do chur leis an liúntas go n-éifeacht o pé dáta chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgid no é do laigheadú go dtí an ráta oiriúnach o dháta an athscrúduithe.
(2) Má dheineann duine ar bith, o n-ar tarraigeadh siar liúntas cleithiúnaí fé fhorálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo no dá mbeidh liúntas cleithiúnaí iníoctha do réir ráta is lugha ná cúig scillinge déag sa tseachtain, a éileamh ina dhiaidh sin go bhfuil sé i dteideal liúntas, no liúntas a bheidh do réir ráta is aoirde ná an liúntas atá iníoctha leis cheana, do dheonadh dhó, féadfaidh an tAire, más dóich leis cúis mhaith do bheith ann chun san do dhéanamh, a chur fé ndeár an t-éileamh san d'athscrúdú (ach ní níos minicí ná uair sa bhliain) agus, má gheibhtear amach go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal liúntas cleithiúnaí no liúntas cleithiúnaí méaduithe d'fháil, beidh an liúntas no an liúntas méaduithe sin iníoctha ón dáta ar a bhfuighidh an tAire an t-éileamh no ón dáta ar a dtiocfaidh an t-éilitheoir chun bheith i dteideal an liúntais sin no an liúntais mhéaduithe sin d'íoc leis, pe'ca dáta acu san is déanaí.
Aiscí Speisialta.
Iocaíocht ex gratia le daoine áirithe do créachtadh no do gortuíodh.
41.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, aisce (dá ngairmtear aisce speisialta sa Chuid seo den Acht so) de pé méid (ná raghaidh thar céad punt) is dóich leis is ceart do dheonadh do dhuine ar bith go ndeintear do réir gach coinníll acu so leanas ina thaobh, sé sin le rá:—
(a) go bhfuair an duine sin créacht no gur gortuíodh é i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1916, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1923—
(i) de bhíthin an duine sin do bheith ag coimeád arm ba le haon chó-ghléasadh acu san, no
(ii) de bhíthin ball de cheann de sna có-ghléasanna san do bhí ag cur fé i dtigh an duine sin agus do bhí ag seachaint gabhála do lámhach an duine sin tré thionóisc;
(b) ná raibh an duine sin, an tráth do fuair sé an chréacht san no gortuíodh é amhlaidh, ina bhall d'aon cheann de sna có-ghléasanna le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932.
(2) Duine ar bith atá i dteideal pinsin, liúntais no aisce fé sna hAchtanna, no fé sna hAchtanna mar a leasuítear iad leis an Acht so, no fé aon Chuid eile den Acht so, ní bheidh sé i dteideal aisce speisialta d'iarraidh ná san do dheonadh dhó.
Iarrataisí ar aiscí speisialta.
42.—(1) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar aiscí speisialta, sé sin le rá:—
(a) beidh gach iarratas i pé fuirm agus beidh pé mion-innste ann éileoidh an tAire,
(b) déanfar gach iarratas roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938.
(2) Ní déanfar aon iarratas ar aisce speisialta dar diúltuíodh d'athscrúdú tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1938.
Iarrataisí ar aiscí speisialta do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean.
43.—Déanfaidh an tAire gach iarratas ar aisce speisialta do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean.
Forálacha i dtaobh Liúntaisí Cleithiúnaithe agus Aiscí Speisialta.
Tuarasgabháil o Bhord na nArm-Phinsean ar iarrataisí ar liúntaisí cleithiúnaithe agus ar aiscí speisialta.
44.—(1) Pé uair a déanfar iarratas ar liúntas cleithiúnaí no ar aisce speisialta do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean fén gCuid seo den Acht so, cuirfid tuarasgabháil chun an Aire i dtaobh pé nithe eireoidh as an iarratas san go n-iarrfaidh an tAire ortha tuarasgabháil do thabhairt ina dtaobh, agus chun crícheanna na tuarasgabhála san cuirfid fé ndeár an t-iarratas san do scrúdú i pé slí ordóidh an tAire.
(2) Chun na ndualgaisí forchuirtear ortha leis an alt so do chólíonadh féadfaidh Bord na nArm-Phinsean fiosruithe do dhéanamh, fínnéithe do ghairm agus fianaise do ghlacadh fé mhionn (agus tugtar údarás leis seo d'aon bhall acu daoine do chur fé mhionn), pé fiosruithe, fínnéithe agus fianaise is dóich leo is gá.
Feidhm do bheith ag ailt áirithe d'Achtanna 1923 agus 1927.
45.—(1) Beidh feidhm ag ailt 9, 10, 11, 12 agus 14 d'Acht 1923, agus ag alt 21 d'Acht 1927, maidir le liúntaisí cleithiúnaithe agus le haiscí speisialta, le daoine atá no adeir go bhfuilid i dteideal na liúntaisí agus na n-aiscí sin, le daoine dá ndeonfar na liúntaisí agus na haiscí sin agus le daoine iarrfaidh na liúntaisí agus na haiscí sin, fé is dá mb'iad na liúntaisí agus na haiscí sin na liúntaisí agus na haiscí luaidhtear sna hailt sin fé seach.
(2) Beidh feidhm ag alt 13 d'Acht 1923 maidir le haiscí speisialta fé is dá mb'iad na haiscí sin na haiscí luaidhtear san alt san.
(3) An tagairt atá in alt 21 d'Acht 1927 do dhaoine thiocfaidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar iarratasóirí no mar fhínnéithe os cóir Bhúird na nArm-Phinsean mar fhreagra ar ghairm ón mBord san léireofar í mar ní fholuíonn tagairt do dhaoine thiocfaidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar iarratasóirí no mar fhínnéithe os cóir an Bhúird Chlárathachta Sheirbhíse Míleata mar fhreagra ar ghairm ón mBord san.
CUID VIII.
Foralacha Ilghneitheacha.
Srian le haiscí fé sna hAchtanna d'iarraidh alos daoine marbha.
46.—I gcás ina ndearnadh aisce fé sna hAchtanna do mholadh (pe 'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) also duine mhairbh ní thabharfaidh an tAire áird ar aon iarratas eile ar aisce fé sna hAchtanna alos an duine mhairbh sin.
Breith-thortha áirithe o Bhord na nArm-Phinsean do bheith ina mbreith-thortha deiridh.
47.—(1) Na breith-thortha o Bhord na nArm-Phinsean, mar a bheid leagtha amach ina dtuarasgabháil (pe 'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin a bhéarfar í) fé sna hAchtanna no fén Acht so maidir leis na nithe seo leanas eireoidh alos aon iarratais fé sna hAchtanna no fén Acht so, beid, fé réir aon athscrúduithe dhéanfaidh Bord na nArm-Phinsean ar na breith-thortha san fé fho-alt (2) den alt so, ina mbreith-thortha deiridh agus ina gceangal ar gach duine agus ar gach bínse, sé sin le rá:—
(a) a mhéid atá créacht no galar ionchurtha i leith seirbhíse;
(b) a mhéid atá díth ionchurtha i leith créachta no galair is ionchurtha i leith seirbhíse;
(c) a mhéid atá méadú ar dhíth, gur galar is ionchurtha i leith seirbhíse fé ndeár é, ionchurtha i leith na seirbhíse sin;
(d) a mhéid atá bás ionchurtha i leith seirbhíse;
(e) a mhéid atá bás ionchurtha i leith créachta no galair is ionchurtha i leith seirbhíse;
(f) a mhéid atá bás ionchurtha i leith créachta no galair gur deonadh pinsean ina thaobh fé sna hAchtanna;
(g) a mhéid atá méadú olcais chréachta no ghalair ionchurtha i leith créachta no galair do fuarthas ina dhiaidh sin no i leith seirbhíse;
(h) a mhéid atá brostú no gríosadh galair ionchurtha i leith créachta no galair do fuarthas ina dhiaidh sin no i leith seirbhíse;
(i) an dáta ar ar léir i dtosach díth gurb é ba thrúig léi ná créacht no galar do chuaidh in olcas, do brostuíodh no do gríosadh tré chréacht, tré ghalar no tré sheirbhís;
agus déanfar tagairtí san alt so do thuarasgabháil do léiriú mar thagairtí do thuarasgabháil o Bhord na nArm-Phinsean sa mhéid a bhainfidh an tuarasgabháil sin le héinní acu san a luaidhtear sa bhfo-alt so.
(2) I gcás Bord na nArm-Phinsean do chur tuarasgabhála chun an Aire fé sna hAchtanna no fén Acht so féadfaidh an tAire, toisc fianaise ná raibh ar fáil roimh an tuarasgabháil sin do thabhairt amach do bheith ar fáil o shoin, a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean tráth ar bith a dtuarasgabháil d'athscrúdú agus leis sin déanfaidh Bord na nArm-Phinsean an tuarasgabháil sin d'athscrúdú agus féadfaid an tuarasgabháil sin do dhaingniú no d'atharú fé mar is oiriúnach leo.
(3) Má deintear tuarasgabháil o Bhord na nArm-Phinsean, alos iarratais o dhuine ar bith ag lorg pinsin no aisce no liúntais fé sna hAchtanna, d'athscrúdú fé fho-alt (2) den alt so agus go n-atharófar é ar an athscrúdú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) má dheallruigh sé ón tuarasgabháil sin, mar do rinneadh i dtosach í, nár dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa mhír seo) dá bhféadfaí pinsean, liúntas no aisce do dheonadh fé sna hAchtanna an duine sin, agus go ndeallróidh sé ón tuarasgabháil sin, mar a hatharófar í amhlaidh, gur duine cáilithe an duine sin, ansan, féadfaidh an tAire pé pinsean, liúntas no aisce (más aon cheann é) do dheonadh don duine sin a fhéadfaí dheonadh fé sna hAchtanna dá mb'í an tuarasgabháil sin, mar a hatharófar í amhlaidh, an tuarasgabháil bhunaidh, agus aon phinsean no liúntas den tsórt san a deonfar amhlaidh tosnóidh sé o pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire;
(b) má dheallruigh sé ón tuarasgabháil sin, mar do rinneadh i dtosach í, gur dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa mhír seo) dá bhféadfaí pinsean no liúntas do dheonadh fé sna hAchtanna an duine sin, agus gur deonadh pinsean no liúntas dó dá réir sin, agus go ndeallróidh sé ón tuarasgabháil sin, mar a hatharófar í amhlaidh, nach duine cáilithe an duine sin, déanfaidh an tAire, le hordú, an pinsean no an liúntas san do cheiliúradh o dháta an orduithe sin;
(c) má dheallruigh sé ón tuarasgabháil sin, mar do rinneadh i dtosach í, gur dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa mhír seo) dá bhféadfaí pinsean do dheonadh fé sna hAchtanna an duine sin, agus gur deonadh pinsean dó dá réir sin agus go ndeallróidh sé ón tuarasgabháil sin, mar a hatharófar í amhlaidh, gur duine cáilithe an duine sin agus go bhfuil méid an phinsin sin níos mó no níos lugha ná an méid chun a bhfuil teideal aige, ag féachaint do théarmaí na tuarasgabhála san mar a hatharófar í amhlaidh, déanfaidh an tAire, le hordú, an pinsean san do laigheadú no do mhéadú dá réir sin o pé dáta (nach luatha, i gcás an phinsin sin do laigheadú, ná dáta an orduithe sin no, i gcás an phinsin sin do mhéadú, dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.
(4) San alt so—
cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna mar a leasuítear iad le Cuid III agus le Cuid IV den Acht so;
cialluíonn an focal “seirbhís” seirbhís—
(a) is seirbhís sna fórsaí, no
(b) is seirbhís mhíleata do réir bhrí Coda II d'Acht 1932.
Iarratasóir ar phinsean no ar aisce d'fháil bháis tar éis don Aire é dheonadh ach roimh an Aire Airgid á cheadú.
48.—I gcás—
(a) an tAire á bheartú pinsean no aisce fé sna hAchtanna do dheonadh (roimh dháta an Achta so do rith no ar an dáta san no dá éis sin) no é á bheartú pinsean do dheonadh fé sna hAchtanna mar a leasuítear iad le Cuid III no le Cuid IV den Acht so, agus
(b) an duine dá mbeidh sé beartuithe ag an Aire an pinsean no an aisce sin do dheonadh d'fháil bháis tar éis an beartú san do chur fé bhráid an Aire Airgid ach sara mbeidh an beartú san ceaduithe aige, agus
(c) an duine sin do bheith ar dháta a bháis ina chomhnaí i dtigh na pearsan ag á raibh an duine sin á chothú i bpáirt no go hiomlán,
beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) i gcás aon phinsin den tsórt san, féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, le toiliú an Aire Airgid, suim d'íoc leis an bpearsain sin ná raghaidh thar an méid do bheadh, ar dháta bháis an duine sin, dlite ar scór an phinsin sin dá gceaduíodh an tAire Airgid deonadh an phinsin sin ar an dáta ar ar bheartuigh an tAire an pinsean san do dheonadh,
(ii) i gcás aon aisce den tsórt san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, le toiliú an Aire Airgid, suim d'íoc leis an bpearsain sin ná raghaidh thar an méid do bheadh iníoctha ar scór na haisce sin, dá gceaduíodh an tAire Airgid deonadh na haisce sin ar an dáta ar ar bheartuigh an tAire an aisce sin do dheonadh.
Fianaise i dtaobh iarrataisí ar phinsin, etc., do dhiúltú.
49.—Más rud é, roimh an Acht so do rith no dá éis sin—
(a) go ndearna no go ndéanfaidh duine ar bith iarratas ar phinsean no ar aisce no ar liúntas do dheonadh fé sna hAchtanna, no fé sna hAchtanna mar a leasuítear iad leis an Acht so, no fén Acht so, agus
(b) go ndearnadh no go ndéanfar fógra, agus é á thabhairt le tuisgint é bheith sighnithe ag oifigeach don Aire, do chur chun an duine sin á chur in úil dó gur diúltuíodh don iarratas san,
tuigfear chun críche na nAchtanna no an Achta so gur diúltuíodh don iarratas san ar an dáta ar ar cuireadh no ar a gcuirfear an fógra san chun an duine sin amhlaidh.
Teora ama maidir le cúisimh.
50.—In ainneoin éinní atá in alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar cúiseamh mar gheall ar chionta fé alt 12 d'Acht 1923 (le n-a n-áirmhítear an t-alt san mar a cuirtear i mbaint é tré Acht 1927, tré Acht 1932 agus tríd an Acht so) do bhunú laistigh de shé mhí tar éis an dáta ar ar thárla fianaise chun neartuithe leis an gcúiseamh do theacht fé bhráid an Aire, agus beidh deimhniú fé láimh an Aire, i dtaobh an dáta ar ar thárla fianaise chun neartuithe leis an gcúiseamh san do theacht fé n-a bhráid, beidh san, chun crícheanna an ailt seo, ina chruthú ná beidh dul thairis.
SCEIDEAL.
Ratai Pinsean fe Chuid VI.
Grád Díthe (1) | Pinsean (2) |
per cent. | per annum |
100 | £100 |
90 | 90 |
80 | 80 |
70 | 70 |
60 | 60 |
50 | 50 |
40 | 40 |
30 | 30 |
20 | 20 |