Uimhir 15 de 1938
ACHT UM AN gCOIMISIÚN PRAGHSANNA (FEIDHMEANNA DO LEATHNÚ), 1938.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
cialluíonn an abairt “an Coimisiún” an Coimisiún Praghsanna.
Oibriú diúitéthe custum agus srianta iomportála eile d'ath-bhreithniú ar iarratas ón Aire.
2.—(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, a iarraidh ar an gCoimisiún ath-bhreithniú do dhéanamh, maidir le haon tsaghas no cineál earraí (is earraí do bheadh, dá n-iomportáltaí iad, ionchurtha fé dhiúité chustum ar iad d'iomportáil), ar oibriú an diúité chustum is iníoctha ortha.
(2) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, a iarraidh ar an gCoimisiún ath-bhreithniú do dhéanamh, maidir le haon tsaghas no cineál earraí (is earraí go dtoirmeasctar no go sriantar do réir dlí de thurus na huaire iad d'iomportáil), ar oibriú na srianta bheidh le n-a n-iomportáil.
(3) Pé uair iarrfaidh an tAire ar an gCoimisiún fén alt so athbhreithniú do dhéanamh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an Coimisiún, do réir téarmaí an iarratais sin, an t-ath-bhreithniú san agus, chun crícheanna an athbhreithnithe sin, beidh feidhm ag forálacha alt 10, 14, 17, 18, 19 agus 20 den Acht chun Praghsanna do Rialú, 1937 (Uimh. 26 de 1937), fé is dá mba fiosrúchán fén Acht san an t-ath-bhreithniú san;
(b) ar an ath-bhreithniú san do bheith críochnuithe cuirfidh an Coimisiún tuarasgabháil chun an Aire i dtaobh a n-imeacht agus beidh sa tuarasgabháil sin molta an Choimisiúin i dtaobh na ndiúitéthe custum no na srianta ar iomportáil gurb é a n-oibriú is abhar don iarratas san.
(4) Má bhíonn ath-bhreithniú á dhéanamh fén alt so ag an gCoimisiún maidir le hearraí de shaghas no de chineál áirithe agus go mbeidh leas pearsanta ag aon bhall den Choimisiún in aon ghnó díolta earraí den tsaghas no den chineál san, cuirfidh an ball san in úil don Aire cadé saghas agus méid a leasa agus, mara n-údaruighidh an tAire dhó san do dhéanamh, ní ghníomhóidh mar bhall den Choimisiún chun crícheanna an athbhreithnithe sin.
(5) Féadfaidh an Coimisiún, chun crícheanna aon athbhreithnithe fén alt so, a nós imeachta féin do rialáil.
Costaisí.
3.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.
Gearr-theideal.
4.—Féadfar an tAcht um an gCoimisiún Praghsanna (Feidhmeanna do Leathnú), 1938, do ghairm den Acht so.