[EN]

Uimhir 15 de 1973


[EN]

AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1968. [26 Iúil, 1973] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Miniú.

1968, Uimh. 25.

1.—San Acht seo ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968.

[EN]

Leasú ar alt 27 d'Acht 1968.

2.—Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1968 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ainmnithe”:

[EN]

“ciallaíonn ‘ainmnithe’ ainmnithe ag comhalta den Gharda Síochána;”.

[EN]

Leasú ar alt 30 d'Acht 1968.

3.—Leasaítear leis seo alt 30 d'Acht 1968—

[EN]

(a) trí “féadfaidh comhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin an tráth sin” i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(b) trí “féadfaidh comhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin” i bhfo-alt (2),

[EN]

agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) I gcás duine (dá ngairtear an duine gafa san alt seo) a gabhadh faoi alt 49 (4) den Phríomh-Acht nó faoi alt 28 (3) (a) den Acht seo a bheith tugtha go dtí stáisiún Garda, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) a cheangal ar an duine gafa sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a bheidh ceaptha chun an cion alcóil san anáil nó san fhuil a thaispeáint nó isteach i gcoimeádán a bheidh ceaptha chun an sampla a chaomhnú le haghaidh anailíse ina dhiaidh sin,

(b) a cheangal ar an duine gafa a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa nó, má roghnaíonn an duine gafa é, sampla d'fhual an duine ghafa a chur ar fáil, de réir an nós imeachta fhorordaithe, don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), nuair a mhainneoidh duine gafa sampla dá chuid fuail a chur ar fáil de réir an nós imeachta fhorordaithe tar éis dó an roghnú sin a dhéanamh, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a cheangal air a cheadú don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla d'fhuil an duine ghafa a thógáil ón duine gafa.

[EN]

Leasú ar alt 33 d'Acht 1968.

4.—Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1968—

[EN]

(a) trí “féadfaidh comhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin an tráth sin” i bhfo-alt (1),

[EN]

agus

[EN]

(b) trí “féadfaidh comhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin” i bhfo-alt (2),

[EN]

agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) I gcás duine (dá ngairtear an duine gafa san alt seo) a gabhadh faoi alt 50 (6) den Phríomh-Acht nó faoi alt 28 (3) (b) den Acht seo a bheith tugtha go dtí stáisiún Garda, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) a cheangal ar an duine gafa sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a bheidh ceaptha chun an cion alcóil san anáil nó san fhuil a thaispeáint nó isteach i gcoimeádán a bheidh ceaptha chun an sampla a chaomhnú le haghaidh anailíse ina dhiaidh sin,

(b) a cheangal ar an duine gafa a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa nó, má roghnaíonn an duine gafa é, sampla d'fhual an duine ghafa a chur ar fáil, de réir an nós imeachta fhorordaithe, don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), nuair a mhainneoidh duine gafa sampla dá chuid fuail a chur ar fáil de réir an nós imeachta fhorordaithe tar éis dó an roghnú sin a dhéanamh, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a cheangal air a cheadú don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla d'fhuil an duine ghafa a thógáil ón duine gafa.

[EN]

Leasú ar alt 36 d'Acht 1968.

5.—Leasaítear leis seo alt 36 d'Acht 1968 trí “deis ó chomhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “deis ón gcomhalta den Gharda Síochána a bhí an tráth sin a bhfeighil an stáisiúin” agus “ar chomhalta den sórt sin” a chur in ionad “ar an gcomhalta sin” i mír (a) d'fho-alt (1), agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) In aon ionchúiseamh i leith diúltú nó mainneachtain cead a thabhairt do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla fola a thógáil, is cosaint mhaith don chosantóir—

(a) a shuíomh nach bhfuair sé, nuair a tugadh é go dtí stáisiún an Gharda agus sular cuireadh ceanglas air faoi alt 30 (1) (b) nó faoi alt 33 (1) (b) deis ó chomhalta den Gharda Síochána (tar éis dó deis den sórt sin a iarraidh ar chomhalta den sórt sin) sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a ceapadh lena thaispeáint alcól a bheith san anáil, nó

(b) a shuíomh nach raibh, nuair a ceanglaíodh air a cheadú an sampla a thógáil, rabhadh tugtha dó sna téarmaí forordaithe ar an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith le diúltú nó mainneachain aige, nó

(c) an chúirt a shásamh go raibh cúis speisialta shubstaintiúil lena dhiúltú nó lena mhainneachtain.

[EN]

Leasú ar alt 43 d'Acht 1968.

6.—Leasaítear leis seo alt 43 d'Acht 1968 trí “don chomhalta den Gharda Síochána a chuir an ceanglas” a chur in ionad “don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh an tráth sin i bhfeighil an stáisiúin” i bhfo-alt (1) agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) Uair ar bith a bheidh lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe tar éis sampla fola a thógáil nó sampla fuail a fháil ó dhuine, tar éis ceanglas a bheith curtha faoi alt 30 nó faoi alt 33, deimhneoidh sé na sonraí forordaithe ar fhoirm fhorordaithe agus tabharfaidh sé an fhoirm sin don chomhalta den Gharda Síochána a chuir an ceanglas, agus cuirfear an sampla agus cóip den deimhniú ar aghaidh go dtí an Biúró de réir an nós imeachta fhorordaithe.

[EN]

Leasú ar alt 44 d'Acht 1968.

7.—Leasaítear leis seo alt 44 d'Acht 1968—

[EN]

(a) trí “ina leorfhianaise go dtí go suífear a mhalairt” a chur in ionad “ina fhianaise dhochloíte” i mír (a) d'fho-alt (2),

[EN]

(b) trí “fíorais eile ar gá taifid ina dtaobh a choimeád” a chur in ionad “fíorais eile a fuarthas ó thaifid is gá a choimeád” i mír (b) d'fho-alt (2), agus

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(3) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur lia-chleachtóir cláraithe duine a thóg ó dhuine, dá ngairtear an duine gafa in alt 30 nó 33 den Acht seo, sampla d'fhuil an duine ghafa, nó ar chuir an duine gafa sampla dá chuid fuail ar fáil dó.”,

[EN]

agus dá réir sin, beidh éifeacht ag an alt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

Forálacha a bhaineann le fianaise.

44.—(1) Aon deimhniú a déarfaidh é a bheith arna eisiúint faoi alt 43 (1) beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gurb é a shínigh an deimhniú nó gurbh é an duine sin an duine cuí chun é a shíniú, ina leorfhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú, go dtí go suífear a mhalairt.

(2) I gcás ina ndéarfaidh deimhniú é a bheith arna eisiúint faoi alt 43 (3), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gurb é a shínigh an deimhniú nó gurbh é an duine cuí é chun é a shíniú:

(a) i gcás ina luafar sa deimhniú go bhfuiltear tar éis a chinneadh go raibh i sampla fola cion sonraithe alcóil nó go raibh i sampla fuail cion alcóil comhionann le cion sonraithe alcóil san fhuil, ansin, in ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht, ach faoi réir alt 45 (4) den Acht seo, beidh an deimhniú ina leorfhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, gurbh é an cion sonraithe alcóil an cion alcóil a bhí, tráth an sampla a thógáil nó a chur ar fáil, i bhfuil an duine ónar tógadh an sampla nó a chuir an sampla ar fáil;

(b) i gcás ina luafar sa deimhniú fíorais eile ar gá taifid a choimeád ina dtaobh faoin gCuid seo, is leorfhianaise é in aon imeachtaí dlíthiúla ar fhírinne na bhfíoras sin go dtí go suífear a mhalairt.

(3) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur liachleachtóir cláraithe duine a thóg ó dhuine, dá ngairtear an duine gafa in alt 30 nó 33 den Acht seo, sampla d'fhuil an duine ghafa, nó ar chuir an duine gafa sampla dá chuid fuail ar fáil dó.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

8.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1973, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1973, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 agus 1968, le chéile.