Uimhir 15 de 1974
AN tACHT IN AGHAIDH IDIRDHEALÚ (PÁ), 1974
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “comhaontú comhchoiteann” comhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta arna dhéanamh idir páirtithe is fostóirí nó is ionadaithe d'fhostóirí agus páirtithe is fostaithe nó is ionadaithe d'fhostaithe;
ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Oibreachais;
ciallaíonn “fostaithe” a bheith fostaithe faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta nó faoi chonradh obair nó saothar a dhéanamh go pearsanta;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;
folaíonn “áit” cathair, baile nó ceantar;
folaíonn “luach saothair” aon chomaoin, in airgead nó ina ábhar, a fhaigheann fostaí, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith a fhostaíochta óna fhostóir.
(2) San Acht seo, aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.
Teideal chun pá chomhionainn.
2.—(1) Faoi réir an Achta seo, beidh sé ina théarma sa chonradh faoina mbeidh bean fostaithe in aon áit go mbeidh sí i dteideal an ráta chéanna luach saothair le fear a bheidh fostaithe san áit sin ag an bhfostóir céanna (nó ag fostóir i gcomhlachas leis má bhíonn na téarmaí agus na coinníollacha céanna fostaíochta ag fostaithe an dá fhostóir i gcoitinne nó ag aicme áirithe díobh) más ar an gcineál céanna oibre a bheidh siad araon fostaithe.
(2) Chun críocha an ailt seo measfar dhá fhostóir a bheith i gcomhlachas lena chéile más comhlacht corpraithe fostóir díobh atá faoi rialú an fhostóra eile (go díreach nó go neamhdhíreach) nó más comhlachtaí corpraithe an dá fhostóir atá faoi rialú ag tríú duine (go díreach nó go neamhdhíreach).
(3) Ní chuirfidh aon ní san Acht seo bac ar fhostóir rátaí éagsúla luach saothair a íoc ar fhoras seachas gnéas le fostaithe dá chuid atá fostaithe ar an gcineál céanna oibre san áit chéanna.
An cineál céanna oibre.
3.—Measfar beirt daoine a bheith fostaithe ar an gcineál céanna oibre—
(a) i gcás inarb í an obair chéanna a dhéanann gach duine acu agus sin sna dálaí céanna nó i ndálaí comhionanna, nó i gcás inarb inmhalartaithe ar a chéile iad ar gach slí maidir leis an obair, nó
(b) i gcás inarb ionann an obair a dhéanann duine acu agus an obair a dhéanann an duine eile agus gur go hannamh aon difríocht idir an obair a dhéanann duine acu agus an obair a dhéanann an duine eile nó idir na dálaí faoina ndéanann siad í nó gur beag é tábhacht na difríochta maidir leis an obair san iomlán, nó
(c) i gcás inarb ionann luach na hoibre a dhéanann duine acu agus luach na hoibre a dhéanann an duine eile ag féachaint dar gá chun a dhéanta ó thaobh nithe mar oilteacht, saothar coirp nó meabhrach, freagracht agus dálaí oibre.
Teideal chun pá chomhionainn intuigthe.
4.—I gcás bean a bheith fostaithe ar dhóigh seachas faoi chonradh, nó i gcás í a bheith fostaithe faoi chonradh nach gcuimsíonn (go sainráite nó faoi threoir comhaontú comhchoiteann nó eile) téarma a chomhlíonann alt 2, beidh ar théarmaí agus coinníollacha a fostaíochta téarma intuigthe ag tabhairt éifeachta don alt sin, agus i gcás an téarma intuigthe sin a bheith ar neamhréir le téarma sainráite sároidh sé é.
Comhaontuithe comhchoiteanna, etc., ag bunú luach saothair ar ghnéas na bhfostaithe.
5.—(1) I gcás ina mbeidh, tar éis tosach feidhme an Achta seo, i gcomhaontú nó in ordú lena mbaineann an t-alt seo foráil ina mbeidh eagsúlachtaí sna rátaí luach saothair bunaithe ar ghnéas na bhfostaithe nó bainteach leis, beidh an fhoráil sin ar neamhní.
(2) Baineann an t-alt seo—
(a) le comhaontú comhchoiteann a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo,
(b) le hordú rialaithe fostaíochta de réir brí Chuid IV den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo,
(c) le comhaontú fostaíochta cláraithe de réir brí Chuid III den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, a chlárófar sa Chlár de Chomhaontuithe Fostaíochta tar éis tosach feidhme an Achta seo, agus
(d) le hordú a dhéanfaidh an Bord Pá Talmhaíochta faoi alt 17 den Acht um Págh Talmhaíochta, 1936, tar éis tosach feidhme an Achta seo.
Oifigigh pá chomhionainn.
6.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCúirt agus le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh mar oifigigh pá chomhionainn don Chúirt agus oifigeach pá chomhionainn a thabharfar ar dhuine a cheapfar amhlaidh (agus a ghairtear de san Acht seo).
(2) Comhlíonfaidh oifigeach pá chomhionainn na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo agus sealbhóidh sé oifig ar cibé téarmaí agus gheobhaidh sé cibé luach saothair a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí.
(3) Féadfaidh oifigeach pá chomhionainn socrú a dhéanamh chun rialú a dhéanamh ar imeachtaí os a chomhair i ndáil le himscrúdú a dhéanfaidh sé faoin Acht seo.
(4) (a) Féadfaidh oifigeach pá chomhionainn, d'fhonn aon fhaisnéis a fháil a iarrfaidh sé lena fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh:
(i) dul isteach in áitreabh gach tráth réasúnach,
(ii) a iarraidh ar fhostóir nó ar a ionadaí aon taifid, leabhair nó doiciméid faoi chumhacht nó faoi rialú an fhostóra a thabhairt ar aird a mbeidh cúis réasúnach ag an oifigeach a chreidiúint faisnéis a bheith iontu den chineál a iarrfar amhlaidh, agus cibé faisnéis a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún i dtaobh aon ní a bheidh in aon taifid, leabhair nó doiciméid den sórt sin,
(iii) iniúchadh a dhéanamh ar aon taifid, leabhair nó doiciméid den sórt sin agus cóip a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,
(iv) iniúchadh a dhéanamh ar aon obair a bheidh á dhéanamh san áitreabh.
(b) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach pá chomhionainn agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo nó aon duine nach gcomhlíonfaidh aon iarratas ó oifigeach pá chomhionainn faoin bhfo-alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100, nó ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £1,000, a chur air.
(5) Is go príobháideach a sheolfar imscrúdú ag oiflgeach pá chomhionainn.
Imscrúdú ag oifigigh pá chomhionainn.
7.—(1) Aon díospóid idir fostóir agus fostaí maidir le téarma a bheith ann nó maidir le hoibriú téarma (dá ngairtear clásal pá chomhionainn san alt seo) a bheidh de bhua alt 2 i gconradh fostaíochta nó intuigthe de bhua alt 4 a bheith i dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta, féadfaidh páirtí sa díospóid í a tharchur chuig oifigeach pá chomhionainn lena himscrúdú agus le moladh a dhéanamh ina leith agus ar í a tharchur amhlaidh is de réir an Achta seo agus ní de réir aon fhorála nó comhshocraithe eile a imscrúdófar í.
(2) I gcás inar dóigh leis an Aire go bhfuil mainnithe ag fostóir clásal pá chomhionainn a chomhlíonadh ach nár tharla aon díospóid maidir leis sin nó nach réasúnach a bheith ag súil go dtarchuirfeadh an fostaí lena mbaineann díospóid maidir le clásal den sórt sin chuig oifigeach pá chomhionainn, féadfaidh an tAire an t-ábhar a tharchur chuig oifigeach pá chomhionainn agus air sin déileálfar leis an ábhar ionann is dá mba díospóid a tharchur faoi fho-alt (1) ag fostaí é.
(3) I gcás ina dtarchuirfear díospóid faoin alt seo chuig oifigeach pá chomhionainn imscrúdóidh sé an díospóid agus eiseoidh sé moladh ina leith.
(4) Cuirfear moladh faoin alt seo in iúl don Chúirt, do na páirtithe sa díospóid agus, i gcás díospóid dá dtagraítear i bhfo-alt (2), don Aire freisin.
Imscrúdú ag an gCúirt Oibreachais.
8.—(1) (a) Féadfaidh páirtí i ndíospóid a ndearna oifigeach pá chomhionainn moladh ina leith achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an mholta nó féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte le cinneadh a fháil nár cuireadh an moladh i bhfeidhm.
(b) Éistfidh agus cinnfidh an Chúirt achomharc faoin bhfo-alt seo agus cuirfidh sí a cinneadh in iúl do na páirtithe agus, i gcás díospóid a luaitear in alt 7 (2), don Aire freisin.
(c) (i) Is go príobháideach a sheolfar éisteacht faoin bhfo-alt seo, ach má iarrann páirtí sa díospóid ar an gCúirt é seolfaidh sí an éisteacht go poiblí.
(ii) I gcás ina mbeidh éisteacht faoin bhfo-alt seo á seoladh go poiblí, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi go mbaineann aon chuid den éisteacht le hábhar ar chóir, ar mhaithe le haon pháirtí sa díospóid, déileáil leis faoi rún, an chuid sin den éisteacht a sheoladh go príobháideach.
(d) Bainfidh ailt 14 agus 21 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, le hachomharc faoin alt seo.
(e) Déanfar achomharc faoin alt seo a thaisceadh sa Chúirt tráth nach déanaí ná 42 lá tar éis dáta an mholta ón oifigeach pá chomhionainn agus sonrófar forais an achomhairc san fhógra.
(2) Aon fhaisnéis a gheobhaidh oifigeach pá chomhionainn nó an Chúirt le linn imscrúdaithe nó achomhairc faoin Acht seo maidir le haon cheardchumann nó duine nó maidir le gnó aon duine agus nach bhfuil fáil uirthi thairis sin ní chuirfear í in aon mholadh ná cinneadh gan toiliú ón gceardchumann nó ón duine lena mbainfidh, ná ní dhéanfaidh aon duine a mbeidh baint aige le himeachtaí os comhair oifigigh pá chomhionainn nó na Cúirte aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh gan an toiliú sin.
(3) Féadfaidh páirtí i ndíospóid a chinn an Chúirt faoi fho-alt (1) achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí.
(4) (a) I gcás ina ngearánfaidh fostaí leis an gCúirt gur fhailligh nó gur mhainnigh fostóir cinneadh ón gCúirt faoin alt seo a chur i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(i) scrúdóidh an Chúirt an gearán agus éistfidh sí le gach duine ar dóigh leis an gCúirt gur duine leasmhar é agus ar mian leis go n-éistfí leis,
(ii) más deimhin leis an gCúirt tar éis an scrúdú sin a dhéanamh go bhfuil bonn leis an ngearán, féadfaidh an chúirt le hordú a threorú don fhostóir cibé nithe a dhéanamh a mbeidh de thoradh orthu, i dtuairim na Cúirte, an cinneadh a chur i bhfeidhm ag an bhfostóir.
(b) Más rud é, i gcás ordú a bheith déanta ag an gCúirt faoi mhír (a), nach ndéanfar an treoir a bheidh san ordú a chomhlíonadh laistigh de dhá mhí ó dháta an ordaithe a dhéanamh (nó, i gcás achomharc a dhéanamh faoi fho-alt (3), laistigh de dhá mhí ó dáta an ordaithe ón Ard-Chúirt ar an achomharc), beidh an duine dar tugadh an treoir ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100, agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.
(c) (i) Más rud é, tar éis ciontú i gcion faoin alt seo, gur deimhin leis an gcúirt go mbeadh duine (dá ngairtear an gearánaí sa mhír seo) i dteideal riaráiste luach saothair a ghnóthú i gcaingean shibhialta, féadfaidh an chúirt, más cuí léi, agus an gearánaí, agus í féin nó ionadaí uaithi i láthair, do thoiliú leis, fíneáil nach mó ná an méid is dóigh leis an gcúirt a bheadh an gearánaí i dteideal a ghnóthú in aghaidh an duine chiontaithe i leith an riaráiste luach saothair sin, a ghearradh ar an duine ciontaithe i dteannta aon phionóis eile.
(ii) Íocfar leis an ngearánaí méid aon fhíneála a ghearrfar faoi fhomhír (i).
(iii) Is cosaint mhaith in aon chaingean shibhialta a thionscnóidh an gearánaí i leith an riaráiste luach saothair dá dtagraítear i bhfomhír (i) fíneáil a gearradh faoin bhfomhír sin a bheith íoctha ag duine ciontaithe.
(iv) Gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheidh ag aon duine eile, beidh ceart achomhairc go feadh méid na fíneála ag an ngearánaí chun (de réir mar a bheidh) na hArd-Chúirte nó chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda arb ina chuaird atá dúiche (nó aon chuid de dhúiche) an Bhreithimh Chúirte Dúiche a ghearr an fhíneáil agus is cinneadh críochnaitheach an cinneadh ar achomharc den sórt sin.
(5) In aon imeachtaí a thionscnóidh duine chun riaráiste luach saothair a ghnóthú a mbeidh teideal aige chuige faoin Acht seo, ní bheidh an duine i dteideal go ndámhfaí aon íocaíocht dó i modh riaráiste den sórt sin i leith aon tréimhse ama is luaithe ná trí bliana roimh an dáta ar tarchuireadh an díospóid iomchuí chun oifigigh pá chomhionainn faoi alt 7.
Briseadh mar gheall ar éileamh ar phá comhionann.
9.—(1) Má éilíonn bean ar a fostóir an ráta céanna luach saothair le fear atá fostaithe ag an bhfostóir céanna (nó ag fostóir i gcomhlachas leis de réir brí alt (2) san áit chéanna ar an gcineál céanna oibre agus go ndéanfaidh an fostóir tar éis an t-éileamh sin a bheith déanta an bhean a bhriseadh as a fostaíocht ar an aonchúis nó ar an bpríomhchúis go ndearna sí an t-éileamh, beidh an fostóir ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100, nó ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £1,000, a chur air.
(2) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo beidh sé de dhualgas ar an bhfostóir a chruthú don chúirt nárbh é déanamh an éilimh an aonchúis nó an phríomhchúis a bhí leis an mbriseadh.
(3) (a) Más rud é, tar éis ciontú i gcion faoin alt seo, gur deimhin leis an gcúirt go mbeadh duine (dá ngairtear an gearánaí san fho-alt seo) i dteideal riaráiste luach saothair a ghnóthú i gcaingean shibhialta, féadfaidh an chúirt, más cuí léi, agus an gearánaí, agus í féin nó ionadaí uaithi i láthair, do thoiliú leis, fíneáil nach mó ná an méid is dóigh leis an gcúirt a bheadh an gearánaí i dteideal a ghnóthú in aghaidh an duine chiontaithe i leith an riaráiste luach saothair sin, a ghearradh ar an duine ciontaithe i dteannta aon phionóis eile.
(b) Íocfar leis an ngearánaí méid aon fhíneála a ghearrfar faoi mhír (a).
(c) Is cosaint mhaith in aon chaingean shibhialta a thionscnóidh an gearánaí i leith an riaráiste luach saothair dá dtagraítear i mír (a) fíneáil a gearradh faoin mír sin a bheith íoctha ag duine ciontaithe.
(d) Gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheidh ag aon duine eile, beidh ceart achomhairc go feadh méid na fíneála ag an ngearánaí chun (de réir mar a bheidh) na hArd-Chúirte nó chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda arb ina chuaird atá dúiche (nó aon chuid de dhúiche) an Bhreithimh Chúirte Dúiche a ghearr an fhíneáil, agus is cinneadh críochnaitheach an cinneadh ar achomharc den sórt sin.
Forálacha a bhaineann le briseadh mar gheall ar éileamh ar phá comhionann.
10.—(1) I gcás ina ndéanfaidh bean nár tionscnaíodh ionchúiseamh i gcion faoi alt 9 i leith í a bhriseadh gearán chun na Cúirte gur briseadh as a fostaíocht í ar an aonchúis nó ar an bpríomhchúis gur éiligh sí ar a hiar-fhostóir an ráta céanna luach saothair le fear a bhí fostaithe ag an bhfostóir céanna (nó ag fostóir i gcomhlachas leis de réir brí alt 2) san áit chéanna ar an gcineál céanna oibre, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(a) imscrúdóidh an Chúirt an gearán, agus éistfidh sí le gach duine ar dóigh leis an gCúirt gur duine leasmhar é agus ar mian leis go n-éistfí leis;
(b) Is go príobháideach a sheolfar imscrúdú faoin bhfo-alt seo, ach má iarrann páirtí sa díospóid ar an gCúirt é seolfaidh sí an t-imscrúdú go poibli;
(c) I gcás go mbeidh imscrúdú faoin bhfo-alt seo á sheoladh go poiblí, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi go mbaineann aon chuid den imscrúdú le hábhar ar chóir, ar mhaithe le haon pháirtí sa díospóid, déileáil leis faoi rún, an chuid sin den imscrúdú a sheoladh go príobháideach;
(d) más deimhin leis an gCúirt tar éis an t-imscrúdú sin a dhéanamh go bhfuil bonn leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt le hordú a threorú don fhostóir suim a íoc leis an mbean i modh cúitimh comhionann leis an luach saothair a bheadh faighte aici go dtí dáta an ordaithe ón gCúirt dá mba nár briseadh í, ach nach mó in aon chás den sórt sin ná luach saothair 104 sheachtain agus féadfaidh an Chúirt a mholadh í a chur ar ais sa phost a bhí aici.
(2) Faoi réir fho-alt (5), más rud é i gcás ordú a bheith déanta ag an gCúirt faoi fho-alt (1) nach ndéanfar an treoir a bheidh san ordú a chomhlíonadh laistigh de dhá mhí ó dháta an ordaithe a dhéanamh (nó, i gcás achomharc a dhéanamh faoi fho-alt (5) in aghaidh an ordaithe, laistigh de dhá mhí ó dháta an ordaithe ón gCúirt Chuarda ar an achomharc), beidh an duine dar tugadh an treoir ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomhair fíneáil nach mó ná £100, agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.
(3) (a) Más rud é, tar éis ciontú i gcion alt seo, gur deimhin leis an gcúirt go mbeadh duine (dá ngairtear an gearánaí sa mhír seo) i dteideal riaráiste luach saothair a ghnóthú i gcaingean shibhialta, féadfaidh an chúirt, más cuí léi, agus an gearánaí, agus í féin nó ionadaí uaithi i láthair, do thoiliú leis, fíneáil nach mó ná an méid is dóigh leis an gcúirt a bheadh an gearánaí i dteideal a ghnóthú in aghaidh an duine chiontaithe i leith an riaráiste luach saothair sin a ghearradh ar an duine ciontaithe i dteannta aon phionóis eile.
(b) Íocfar leis an ngearánaí méid aon fhíneála a ghearrfar faoi mhír (a).
(c) Is cosaint mhaith in aon chaingean shibhialta a thionscnóidh an gearánaí i leith an riaráiste luach saothair dá dtagraítear i mír (a) fíneáil a gearradh faoin mír sin a bheith íoctha ag duine ciontaithe.
(d) Gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheidh ag aon duine eile, beidh ceart achomhairc go feadh méid na fíneála ag an ngearánaí chun (de réir mar a bheidh) na hArd-Chúirte nó chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda arb ina chuaird atá dúiche (nó aon chuid de dhúiche) an Bhreithimh Chúirte Dúiche a ghearr an fhíneáil, agus is cinneadh críochnaitheach an cinneadh ar achomharc den sórt sin.
(4) Ach amháin i gcás nach féidir aon chúis réasúnach a shuíomh, ní foláir gearán faoin alt seo a thaisceadh tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dáta an bhriste.
(5) D'ainneoin alt 17 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, féadfaidh duine dá dtabharfar treoir in ordú faoi fho-alt (1) achomharc a dhéanamh in aghaidh an ordaithe chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda arb ina chuaird a sheolann an duine gnó.
Feidhm an Achta maidir le fir.
11.—Forléireofar ailt 2 (1), 4, 9 (1) agus 10 (1) mar ailt a bhaineann mar an gcéanna le fear, maidir lena luach saothair i gcomórtas le luach saothair mná, i gcás is athrach ar an gcás a luaitear sna hailt sin.
Caiteachais.
12.—Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Tosach feidhme.
13.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 31ú lá de Nollaig, 1975.
Gearrtheideal.
14.—Féadfar an tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974, a ghairm den Acht seo.