Uimhir 16 de 1925.
ACHT UM FHEIDHMIÚ DLÍ (COMHACHTA OCÁIDEACHA) (BUANÚ), 1925.
Buanú an Achta Shealadaigh.
1.—Leanfidh an tAcht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924 (Uimh. 20 de 1924), i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1926, agus ragha sé in éag ansan.
Buanú rialacha agus fuirmeacha a dineadh agus a horduíodh fén Acht Sealadach.
2.—Gach riail a dineadh agus gach fuirm a horduíodh fén Acht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924 (Uimh. 20 de 1924), agus a bheidh i bhfeidhm an 24adh lá de Mheitheamh, 1925, leanfid i bhfeidhm (fé réir aon atharú no leasú a dineadh ortha fén Acht san) go dtí go gceiliúrfar iad fén Acht san no go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1926, pe'ca aca is túisce thiocfidh.
Gearr-theideal.
3.—Féadfar an tAcht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha) (Buanú), 1925, do ghairm den Acht so.