Uimhir 16 de 1927.
ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927.
[20adh Bealtaine, 1927.]
ROIMHRA.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, do ghairm den Acht so.
Tosach feidhme an Achta.
2.—Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta a ceapfar chuige sin le haon ordú no orduithe ón Ard-Chomhairle, go generálta no maidir le haon Chuid áirithe den Acht so, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapa chun Codacha deifriúla den Acht so do theacht i bhfeidhm, ach gan aon lá acu do bheith níos déanaí ná sé mhí tar éis rithte an Achta so.
Mínithe.
3.—San Acht so—
cialluíonn an focal “paitinn” leitreacha paitinne do chumadóireacht;
cialluíonn an focal “paitinn Bhriotáineach” paitinn do dheon Oifig na bPaitinneacha i Lundain;
cialluíonn an focal “paitinní” an té a bheidh de thurus na huaire iontrálta ar an gclár mar dheonaí no mar dhílseánach don phaitinn;
cialluíonn an focal “cumadóireacht” aon ealadha, próiseas, meaisín, déantús no cumasc abhair, nua agus áiseach, no aon fheabhas nua áiseach in aon ealadhain, próiseas, meaisín, déantús no cumasc abhair, agus foluíonn sé rud go ndeirtar gur cumadóireacht é;
fé réir forálacha an Achta so, foluíonn na focail “cumadóir” agus “iarratasóir” fé seach ionadaí dlí cumadóra no iarratasóra atá tar éis bháis;
ní chialluíonn an focal “pátrún” ach an crot, an fíoghar, an samhlachas, no an órnáid a cuirtar ar aon earra le haon phróiseas no meadhon céirde, de láimh, no meceaniciúil, no ceimiciúil, fé leith no le chéile, agus a thaithneann agus a meastar leis an súil amháin san earra chríochnuithe, ach ní fholuíonn sé aon mhodh ná prinsiobal déanmhachta, ná éinní ná fuil ann go substainteach ach seift mheceaniciúil;
cialluíonn an focal “earra” (maidir le pátrúin) aon déantús agus aon tsubstaint, saordha no aiceanta no i bpáirt saordha agus i bpáirt aiceanta;
nuair a húsáidtear an focal “cóipcheart” maidir le pátrún atá cláruithe fé Chuid III. den Acht so, cialluíonn sé an t-aon-cheart chun an pátrún do chur ar aon earra in aon tsaghas ina bhfuil an pátrún cláruithe;
maidir leis an bhfocal “dílseánach pátrúin nua no bunphátrúin”—
(a) cialluíonn sé, i gcás ina ndineann údar an phátrúin an pátrún do dhuine éigin eile ar dhea-chomhaoin, an té dá ndintear an pátrún amhlaidh, agus
(b) i gcás ina ndineann éinne an pátrún no ceart curtha an phátrúin ar aon earra d'fháil do féin amháin no eile, cialluíonn sé, i dtaobh na slí agus sa mhéid go bhfuiltar tar éis an pátrún no an ceart d'fháil amhlaidh, an té ag a bhfuil an pátrún no an ceart fachta amhlaidh, agus
(c) in aon chás eile, cialluíonn sé údar an phátrúin,
agus i gcás dílse an phátrúin no ceart curtha an phátrúin do bheith aistrithe ón mbun-dílseánach chun éinne eile, foluíonn sé an duine eile sin;
cialluíonn an focal “ag obair ar scála tráchtála” an earra no an próiseas a tuairiscítear agus a héilítear in áireamhacht i gcóir paitinne do bheith á dhéanamh no á chur i ngníomh i mbunaíocht no tré chó-ghléasa chinnte shubstainteach, agus ar scála is leor agus is réasúnta do réir a mbaineann leis an gcás;
foluíonn an focal “marc” suaitheantas, comhartha, mírcheann, duillín, ticeud, ainm, sighniú, focal, leitir, uimhir, no aon chinn acu le chéile;
cialluíonn an focal “marc trádála” marc a húsáidtear no atáthar ar aigne d'úsáid ar earraí no maidir le hearraí chun a thaisbeáint gurb iad earraí dílseánach an mhairc thrádála san iad de bhua a ndéanta, a dtoghtha amach, a ndeimhnithe, deighleála leo, no a dtairgthe chun a ndíolta;
cialluíonn an focal “ceannasaí” an Ceannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála a bheidh ceaptha fén Acht so;
cialluíonn an focal “an Oifig” an Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála a bheidh bunuithe do réir an Achta so;
cialluíonn an focal “Irisleabhar” an tIrisleabhar Oifigiúil um Mhaoin Tionnscail agus Tráchtála a bheidh á thabhairt amach ag an gceannasaí do réir an Achta so;
cialluíonn an focal “an clár” an clár oiriúnach a bheidh á chimeád do réir an Achta so;
cialluíonn an focal “clár Briotáineach” an clár oiriúnach atá á chimeád in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir na reacht a bhaineann leis an Oifig sin;
cialluíonn an focal “Oifig na bPaitinneacha i Lundain” an oifig i Lundain dá ngairmtear an Patent Office agus a cimeádtar ar siúl fé sna reachtanna bhaineann le paitinneacha do dheona i gcóir cumadóireachtaí agus le pátrúin agus marcanna trádála do chlárú sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí agus sa Bhreatain Mhóir;
cialluíonn an focal “an Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí” Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí;
cialluíonn agus foluíonn an focal “tiarnaisí Briotáineacha féinrialtacha” Tiarnas Chanada, an Astráil, Tiarnas Zéalann Nua, Aondacht na hAifrice Theas, agus Tír an Eisc;
foluíonn an focal “tiarnaisí Briotáineacha” an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann agus (lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt) na tiarnaisí Briotáineacha féinrialtacha;
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
cialluíonn an focal “Dlí-Oifigeach” Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacha generálta a bheidh déanta fén Acht so;
cialluíonn an focal “cúirt” an Ard-Chúirt Bhreithiúnais i Saorstát Éireann.
Athghairmeacha.
4.—Na hAchtanna a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so athgairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
CUID I.
OIFIG CHLARATHACHTA MHAOINE TIONNSCAIL AGUS TRACHTALA DO BHUNU.
Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála do bhunú.
5.—(1) Bunófar Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála chun crícheanna an Achta so agus chun pé crícheanna eile a cheapfidh an tOireachtas di ina dhiaidh seo.
(2) Beidh an Oifig roinnte ina dhá brainse, eadhon—
(a) Brainse Phaitinneacha, ina ndéanfar gach gnó, ní, agus rud den tsórt a horduítear leis an Acht so no ar shlí eile le dlí do dhéanamh san Oifig i dtaobh paitinneacha;
(b) Brainse Phátrún agus Mharcanna Trádála, ina ndéanfar gach gnó, ní, agus rud den tsórt a horduítear leis an Acht so no ar shlí eile le dlí do dhéanamh san Oifig i dtaobh pátrún no i dtaobh marcanna trádála;
(3) Beidh an Oifig fé ghar-smacht an Cheannasaí Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála agus gníomhóidh sé sin fé mhaoirseacht agus fé stiúrú ghenerálta an Aire.
Ceannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála do cheapa.
6.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so agus ina dhiaidh sin fé mar is gá é ceapfidh an Ard-Chomhairle duine oiriúnach chun oifige an Cheannasaí Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála, agus beidh sé sin i seilbh oifige ar feadh pé aimsire agus ar pé téarmaí a cheapfidh an Ard-Chomhairle.
(2) Gach éinne a ceapfar chun bheith ina cheannasaí fén Acht so gheobha sé pé luach saothair a shocróidh an tAire Airgid.
(3) Má bhíonn sé i ndea-shláinte le linn a cheaptha agus más go buan a ceapfar é tuigfar an ceannasaí do bheith ar fostú i Stát-Sheirbhís bhuain Shaorstáit Éireann d'ainneoin a cheaptha gan deimhniú o Choimisinéiri na Stát-Sheirbhíse, agus féadfar pé aois-liúntas no liúntas eile no aisce do dheona dho féin ar imeacht as oifig do no dá ionadaí phearsanta dhlíthiúil ar fháil bháis do d'fhéadfaí a dheona, fé sna hAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, dá mbeadh sé i Stát-Sheirbhís bhuain Shaorstáit Éireann.
(4) Pé uair a bheidh an ceannasaí go sealadach gan bheith ábalta ar aire do thabhairt dá dhualgaisí, no a bheidh a oifig folamh, féadfidh an tAire duine oiriúnach do cheapa chun dualgaisí an cheannasaí do chólíona fén Acht so faid a mhairfidh an neamh-ábaltacht no an folúntas san, agus gach duine a ceapfar amhlaidh beidh aige, le linn a bheith ceaptha, comhachta uile an cheannasaí fén Acht so agus gheobha sé, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair a ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.
Beidh an ceannasaí ina chorparáid agus beidh séala oifigiúil aige.
7.—(1) Beidh an Ceannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála ina chorparáid aon-fhir fén ainm sin agus beidh síor-chomharbas agus séala oifigiúil aige, agus féadfa sé dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis fén ainm roimhráite.
(2) Tabharfar áird, i gcúrsaí breithiúntais, ar chomharthaí a déanfar le séala oifigiúil an Cheannasaí Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála agus glacfar i bhfianaise iad.
Oifigigh don cheannasaí do cheapa.
8.—(1) Ceapfidh an tAire, chun bheith ina n-oifigigh don cheannasaí, pé daoine is dó leis is gá chun crícheanna an Achta so, ach ceadú an Aire Airgid do bheith aige chuige maidir le n-a líon, agus beidh na hoifigigh sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus gheobhaid luach saothair do réir pé rátaí agus ar pé slí a cheadóidh an tAire Airgid.
(2) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar tuarastail no luach saothair an cheannasaí agus a chuid oifigeach agus pé costaisí eile a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht agus a cheadóidh an tAire Airgid.
Na táillí a éileoidh an ceannasaí.
9.—(1) Eileoidh an ceannasaí agus íocfar maidir le deona paitinneacha agus le clárú pátrún, marcanna trádála agus oibreacha ealadhanta, agus le hiarrataisí ortha san agus maidir le nithe eile a bhaineann le paitinneacha, le pátrúin, le marcanna trádála agus le hoibreacha ealadhanta fén Acht so, pé táillí a ordóidh an tAire o am go ham le ceadú an Aire Airgid, ach san i slí ná beidh na táillí a hordófar maidir leis na hinstruimidí agus leis na nithe a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so níos mó ná na táillí fé seach a luaidhtear sa Sceideal san.
(2) Gach táille a éileoidh an ceannasaí fén alt so, is i pé slí a ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, a baileofar í agus a tabharfar cuntas uirthi.
Foillseoidh an ceannasaí Irisleabhar Oifigiúil agus scríbhinní eile.
10.—(1) Tabharfidh an ceannasaí amach go tréimhsiúil irisleabhar maisithe cumadóireachtaí paitinnithe, pátrún gcláruithe, agus marcanna trádála cláruithe dá ngairmfar an tIrisleabhar Oifigiúil um Mhaoin Tionnscail agus Tráchtála, agus foillseoidh sé ann gach ní a horduítear leis an Acht so no ar shlí eile le dlí d'fhoillsiú ann agus pé nithe agus eolas eile a dheabhróidh bheith áisiúil no táchtach do dhílseánaigh phaitinneacha, phátrún, mharcanna trádála, no chóipchirt do deonadh, do cláruíodh, no atá ar bith i Saorstát Éireann.
(2) Féadfidh an ceannasaí tuarasgabhála do thabhairt amach go tréimhsiúil san Irisleabhar no mar aguisín do no mar fhoillsiúchán ar leithligh—
(a) ar chásanna a bhaineann le paitinneacha, le pátrúin, le marcanna trádála no le cóipcheart agus ar ar tugadh breith ag cúirteanna breithiúnais i Saorstát Éireann, agus
(b) ar pé cásanna a bhaineann le paitinneacha, le pátrúin, le marcanna trádála, no le cóipcheart agus ar ar tugadh breith ag cúirteanna breithiúnais lasmuich de Shaorstát Éireann agus is dó leis an gceannasaí bheith áisiúil no táchtach do dhílseánaigh phaitinneacha, phátrún, mharcanna trádála, no chóipchirt do deonadh, do cláruíodh, no atá ar bith i Saorstát Éireann.
(3) Féadfidh an ceannasaí cláir innste, achmaireachtaí ar áireamhachtaí, catalóga agus oibreacha eile bhaineann le cumadóireachtaí, le paitinneacha, le pátrúin, agus le marcanna trádála d'ullamhú agus d'fhoillsiú.
(4) Déanfidh an ceannasaí socrú chun go gcimeádfar ar díol cóipeanna de gach scríbhinn, a horduítear no a húdaruítear leis an alt so dho do thabhairt amach no d'fhoillsiú, agus fós de sna háireamhachtaí iomlána go léir (maraon le haon tarraiceoireachtaí a ghabhann leo) ar phaitinneacha a bheidh i bhfeidhm lasmuich de Phaitinneacha Briotáineacha a tuigtar de bhua an Achta so do bheith ina bpaitinneacha do deonadh fén Acht so.
CUID II.—PAITINNEACHA.
Iarratas ar phaitinn go generálta.
11.—(1) Einne adeir gurb é féin is fíor-chumadóir agus is céad-chumadóir do chumadóireacht áirithe, féadfa sé paitinn d'iarraidh pe'ca coigríoch é no nách ea agus pe'ca in aonar a iarrfa sé í no i bpáirt le duine eile.
(2) Ní foláir an t-iarratas do dhéanamh sa bhfuirm orduithe, agus ní foláir é d'fhágaint san Oifig no é do chur tríd an bpost chun na hOifige sa tslí orduithe.
(3) Ní foláir dearbhú no (má orduítear amhlaidh) dearbhú reachtúil do bheith san iarratas á rá go bhfuil an t-iarratasóir i seilbh chumadóireachta dar mian leis paitinn d'fháil agus, chó fada agus is eol don iarratasóir no chó fada agus dob fhéidir do a fháil amach, gurb é féin no, i gcás có-iarratais, gurb éinne amháin ar a laighead de sna hiarratasóirí is fíor-chumadóir agus is céadchumadóir don chumadóireacht san.
(4) Ní foláir áireamhacht shealadach no áireamhacht iomlán do bheith i dteanta gach iarratais ar phaitinn.
(5) I gcás có-iarratais ní foláir do sna hiarratasóirí uile an dearbhú is gá do réir an ailt seo do dhéanamh.
Iarratas ar phaitinn i gcásanna áirithe.
12.—(1) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine d'iarr paitinn no cosaint maidir le cumadóireacht tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann, beidh sé i dteideal paitinn maidir leis an gcumadóireacht chéanna d'iarraidh fén Acht so laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar dháta an iarratais a céad-luaidhtear a dineadh é, agus san chun tosaíochtaí fé seach an iarratais sin fén Acht so agus aon iarratais eile do shocrú agus chun an dáta a bheidh ar aon phaitinn a deonfar do réir an iarratais sin fén Acht so do cheapa agus chun a shocrú cé'ca do foillsíodh an chumadóireacht i Saorstát Éireann no sa Bhreatain Mhóir cheana no nár foillsíodh.
(2) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do fuair, idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so, cosaint do chumadóireacht in aon tiarnais Briotáineach (seachas an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann) no stát coigríoch go ndéanfar, le hordú a déanfar fé alt 152 (alt a bhaineann le socruithe idirnáisiúnta) den Acht so, forálacha an ailt sin do chur i mbaint leis no a fhaisnéis go bhfuil na forálacha san ionchurtha i mbaint leis, beidh sé i dteideal paitinn maidir leis an gcumadóireacht chéanna d'iarraidh fén Acht so laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus beidh sé i dteideal go ndéanfaí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar an dáta ar ar hiarradh cosaint don chumadóireacht sa tiarnas Bhriotáineach no sa stát choigríoch san a dineadh é, agus san chun tosaíochtaí fé seach an iarratais sin fén Acht so agus aon iarratais eile do shocrú agus chun an dáta a bheidh ar aon phaitinn a deonfar do réir an iarratais sin fén Acht so do cheapa agus chun a shocrú ce'ca do foillsíodh an chumadóireacht i Saorstát Éireann no sa Bhreatain Mhóir cheana no nár foillsíodh.
(3) Aon duine a iarrfidh paitinn fé fhorálacha an ailt seo, féadfa sé, aon uair roimh dheona na paitinne sin (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an chéad phaitinn a luaidhtear) no laistigh de pé aimsir tar éis an deonta san a lomhálfidh an ceannasaí, a iarraidh ar an gceannasaí ceiliúra do dhéanamh ar aon phaitinn (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an dara paitinn a luaidhtear) go dtuigtar, de bhua an Achta so, í bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so agus ar a mbeidh, mar dháta dhi, aon dáta idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so agus gur paitinn í don chumadóireacht chéanna go mbeifear ad' iarraidh na céad phaitinne a luaidhtear maidir léi, agus féadfa sé an ceiliúra san d'iarraidh ar an scór go raibh an dáta ar ar hiarradh an dara paitinn a luaidhtear ní ba dhéanaí ná an dáta ar ar dhin iarratasóir na céad phaitinne a luaidhtear paitinn no cosaint don chumadóireacht chéanna d'iarraidh ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann no in aon tiarnas Briotáineach no stát coigríoch den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus ar cheiliúra d'iarraidh ar an gcuma san féadfidh an ceannasaí an dara paitinn a luaidhtear do cheiliúra ar an scór roimhráite ach ní har aon scór eile.
(4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh gach breithe a thabharfidh an ceannasaí ar iarratas ar cheiliúra fén bhfo-alt san roimhe seo.
(5) Is sé bliana déag o dháta thosach feidhme na Coda so den Acht so a ceapfar, i bpaitinn a deonfar do réir iarratais a déanfar fé fhorálacha fo-alt (1) den alt so, mar théarma fheidhme don phaitinn sin agus chun na gcrícheanna bhaineann leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur i mbaint leis an bpaitinn sin tuigfar gurb é dáta an tosaigh fheidhme sin is dáta don phaitinn sin.
(6) Ní bheidh aon táillí iníoctha fén Acht so ar aon phaitinn a deonfar do réir iarratais a déanfar fé fhorálacha fo-alt (2) den alt so ar son éinní a dineadh ná ar son aon tréimhse aimsire d'imigh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so.
Aireamhachtaí cumadóireacht.
13.—(1) Ní foláir teideal na cumadóireachta do chur i bhfíorthosach áireamhachta sealadaighe agus tuairisc do thabhairt inti ar chineál na cumadóireachta.
(2) Ní foláir teideal na cumadóireachta do chur i bhfíor-thosach áireamhachta iomláine agus ní foláir tuairisc chruinn do thabhairt agus deimhniú beacht do dhéanamh inti ar chineál na cumadóireachta agus ar an slí ina bhfuil an céanna le cur i ngníomh agus ní foláir cuntas soiléir do thabhairt ina deire ar an gcumadóireacht a héilítear.
(3) Pé uair is dó leis gur mhaith an rud é dhéanamh féadfidh an ceannasaí a éileamh go soláthrófí tarraiceoireachtaí oiriúnacha i dteanta na háireamhachta (pe'ca áireamhacht shealadach no áireamhacht iomlán í) no aon uair sara nglactar léi, agus nuair a bheidh na tarraiceoireachtaí sin soláthruithe tuigfar gur cuid den áireamhacht iad.
(4) Pé uair is cumadóireacht cheimiceach an chumadóireacht go mbeifear ad' iarraidh paitinne maidir léi, déanfar, sara nglactar leis an áireamhacht iomláin, pé fíor-shomplaí a hordófar do thabhairt don cheannasaí más dó leis gur mhaith an rud san d'éileamh in aon chás áirithe.
Imeachta tar éis iarratas d'fháil.
14.—(1) Cuirfidh an ceannasaí gach iarratas ar phaitinn fé bhráid scrúdóra.
(2) Má thuairiscíonn an scrúdóir nách tuairisc cheart chothrom an tuairisc do tugadh ar chineál na cumadóireachta no nách sa tslí orduithe do hullamhuíodh an t-iarratas, an áireamhacht, no na tarraiceoireachtaí, no nách leor an méid atá sa teideal chun abhar na cumadóireachta do chur in úil, féadfidh an ceannasaí diúltú do ghlaca leis an iarratas no a éileamh go leasófí an t-iarratas, an áireamhacht, no na tarraiceoireachtaí roimh dhul ar aghaidh leis an iarratas do; agus sa chás deiridh sin, má orduíonn an ceannasaí é, isé am cólíonta an éilimh a cuirfar mar dháta ar an iarratas.
(3) Má dhiúltuíonn an ceannasaí do ghlaca le hiarratas no má éilíonn sé leasú, féadfidh an t-iarratasóir athchomharc i gcoinnibh a bhreithe do dhéanamh chun an dlí-oifigigh, agus éistfe sé sin an t-iarratasóir agus an ceannasaí má héilítear san air, agus féadfa sé ordú do dhéanamh á shocrú ce'ca glacfar leis an iarratas no ná glacfar agus má glactar cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) ar a nglacfar leis.
(4) Nuair a bheidh glactha le hiarratas tabharfidh an ceannasaí fógra ina thaobh san don iarratasóir.
Cosaint shealadach.
15.—Má glactar le hiarratas ar phaitinn maidir le cumadóireacht, féadfar, i rith na tréimhse idir dáta an iarratais agus dáta séaluithe na paitinne sin, an chumadóireacht d'úsáid agus d'fhoillsiú gan dochar don phaitinn a bheidh le deona i gcóir na cumadóireachta; agus cosaint shealadach a gairmtear san Acht so de chosaint den tsórt san ar a dtiocfadh as úsáid agus as foillsiú.
An t-am chun áireamhacht iomlán d'fhágaint.
16.—(1) Mara bhfágaidh an t-iarratasóir áireamhacht iomlán i dteanta a iarratais féadfa sé í d'fhágaint aon uair ina dhiaidh sin laistigh de naoi mí o dháta an iarratais: Ach má iarrtar faidiú ar an aimsir chun áireamhacht iomlán d'fhágaint déanfidh an ceannasaí, ar íoc na táille orduithe, faidiú aimsire, an méid do hiarradh, do dheona ach gan an faidiú san do bheith níos sia ná mí.
(2) Mara bhfágtar áireamhacht iomlán amhlaidh tuigfar an t-iarratas do bheith tréigthe.
Compráid idir áireamhacht shealadaigh agus áireamhacht iomláin.
17.—(1) Má fágtar áireamhacht iomlán tar éis áireamhacht shealadach d'fhágaint, cuirfidh an ceannasaí an dá áireamhacht fé bhráid scrúdóra.
(2) Má thuairiscíonn an scrúdóir nách sa tslí orduithe do hullamhuíodh an áireamhacht iomlán, féadfidh an ceannasaí diúltú do ghlaca leis an áireamhacht iomláin go dtí go mbeidh sí leasuithe chun a shástachta.
(3) Má thuairiscíonn an scrúdóir nách mar a chéile go substainteach an chumadóireacht ar a dtugtar tuairisc chruinn san áireamhacht iomláin agus an chumadóireacht a tuairiscítear san áireamhacht shealadaigh féadfidh an ceannasaí—
(a) diúltú do ghlaca leis an áireamhacht iomláin go dtí go mbeidh sí leasuithe chun a shástachta; no
(b) (le toil an iarratasóra) an áireamhacht shealadach do chur ar nea-mbrí agus an t-iarratas d'áireamh mar iarratas do dineadh ar an dáta ar ar fágadh an áireamhacht iomlán, agus beidh éifeacht ag an iarratas fé is dá mb'ar an dáta san a déanfí é:
Ach má bhíonn san áireamhacht iomláin cumadóireacht ná fuil san áireamhacht shealadaigh, féadfidh an ceannasaí a lomháil don bhun-iarratas dul ar aghaidh chó fada is bhaineann leis an gcumadóireacht atá san áireamhacht shealadaigh agus san áireamhacht iomláin, agus a lomháil iarratas i dtaobh na cumadóireachta breise atá san áireamhacht iomláin do dhéanamh agus d'áireamh mar iarratas do dineadh i dtaobh na cumadóireachta san ar an dáta ar ar fágadh an áireamhacht iomlán.
(4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so agus éistfidh an dlí-oifigeach an t-iarratasóir agus an ceannasaí má héilítear san air, agus féadfa sé ordú do dhéanamh á shocrú ce'ca glacfar leis an áireamhacht iomláin no ná glacfar agus má glactar cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) ar a nglacfar léi.
An t-am chun glaca le háireamhacht iomláin.
18.—(1) Mara nglactar le háireamhacht iomláin laistigh de thréimhse chúig mí dhéag o dháta an iarratais no, má faidítear an tréimhse sin fén alt so, roimh dheire an fhaidithe dheiridh ar an tréimhse sin, raghaidh an t-iarratas ar nea-mbrí ar bheith caithte don tréimhse sin no don fhaidiú san uirthi (pe'ca aca é).
(2) In aon chás ina raibh iarratas ar phaitinn Bhriotáinigh ar feitheamh nuair do fágadh an áireamhacht iomlán féadfidh an ceannasaí, gan íoc aon táille, pé faidiú no sreath d'fhaidithe ar an tréimhse sin chúig mí dhéag is oiriúnach leis do dheona, ach ní deonfar aon fhaidiú den tsórt san mara n-iarrtar é roimh dheire na tréimhse sin no an fhaidithe dheiridh roimhe sin uirthi (pe'ca aca é).
(3) In aon chás ná tagann fén bhfo-alt san roimhe seo déanfidh an ceannasaí, ar a iarraidh sin air agus ar íoc na táille orduithe roimh dheire na tréimhse sin chúig mí dhéag, pé faidiú ar an tréimhse sin chúig mí dhéag a hiarrfar amhlaidh do dheona ach gan a bheith níos sia ná trí mhí.
(4) I gcás athchomharc i gcoinnibh breithe a thug an ceannasaí maidir leis an áireamhacht iomláin do bheith ar feitheamh ar bheith caithte don tréimhse sin chúig mí dhéag no d'aon fhaidiú uirthi do dineadh fén alt so, deonfidh an ceannasaí ar a iarraidh sin air aon uair, agus gan íoc aon táille, faidiú no ath-fhaidiú (pe'ca aca é) ar an tréimhse sin go ceann lá is fiche tar éis na breithe deiridh ar an athchomharc san.
Scríbhinní bheidh i dteanta áireamhacht.
19.—(1) Ní foláir ráiteas do bheith i dteanta gach áireamhachta sealadaighe i dtaobh ce'ca d'iarr an t-iarratasóir paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht a tuairiscítear san áireamhacht san no nár iarr agus, marar iarr, ráiteas eile i dtaobh ce'ca tá sé chun san d'iarraidh no ná fuil.
(2) Ní foláir ráiteas do bheith i dteanta gach áireamhachta iomláine i dtaobh ce'ca d'iarr an t-iarratasóir paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht a héilítear san áireamhacht no nár iarr agus, má iarr, ráiteas eile i dtaobh ce'ca do géilleadh don iarratas san no tá sé ar feitheamh fós no do diúltuíodh do ghéille dho.
(3) Aon áireamhacht iomlán go mbeidh ráiteas ina teanta á rá nár hiarradh paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht, beidh ina teanta, leis, dearbhú reachtúil do dhin duine atá cláruithe sa chlár de ghníomhairí paitinne a bheidh á chimeád fén Acht so no sa chlár de ghníomhairí paitinne atá á chimeád i Lundain no sa chlár de chléirigh a bheidh á chimeád fén Acht so á rá gur dhin sé cuardach agus fiosrú san Oifig no in Oifig na bPaitinneacha i Lundain, no in áit éigin eile a bhí údaruithe chuige sin de thurus na huaire le rialacha do dineadh fén Acht so, chun a fháil amach ar dineadh an chumadóireacht a héilítear san áireamhacht iomláin d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht (seachas áireamhacht shealadach nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh) do foillsíodh roimh dháta an iarratais agus do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir iarratais, ar phaitinn sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí, do dineadh i rith na tréimhse dar thosach caoga bliain roimh an iarratas fén Acht so agus dar chríoch dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so, agus gur deimhin leis, de bharr an chuardaigh agus an fhiosruithe sin nár dineadh an chumadóireacht san d'éileamh ná do thuairisciú i bpáirt ná go hiomlán in aon áireamhacht den tsórt san do foillsíodh agus do fágadh mar adubhradh.
(4) Aon áireamhacht iomlán go mbeidh ráiteas ina teanta á rá gur hiarradh agus gur deonadh paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht a héilítear san áireamhacht, beidh ina teanta cóip dheimhnithe den áireamhacht iomláin, gur dá druim a deonadh an phaitinn Bhriotáineach san, agus fós an cruthúnas orduithe gur ghlac Comptroller-General Oifig na bPaitinneacha i Lundain leis an áireamhacht deiridh sin a luaidhtear.
(5) Pé uair a bheidh ráiteas i dteanta áireamhachta iomláine á rá gur hiarradh paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht agus go bhfuil an t-iarratas san ar feitheamh fós, ansan, má ghlacann Comptroller-General Oifig na bPaitinneacha i Lundain leis an áireamhacht iomláin do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir an iarratais ar an bpaitinn Bhriotáinigh, déanfidh an t-iarratasóir cóip dheimhnithe den áireamhacht iomláin deiridh sin a luaidhtear, maraon leis an gcruthúnas orduithe gur ghlac an Comptroller-General san leis an áireamhacht san, do lóisteáil laistigh de mhí tar éis an ghlactha san.
(6) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo (nuair a bhainid leis an gcás) ní ghlacfidh an ceannasaí le háireamhacht shealadaigh ná le háireamhacht iomláin mara mbeidh ná go dtí go mbeidh forálacha na bhfo-alt san roimhe seo den alt so cólíonta (sa mhéid go mbainid leis an gcás).
(7) I gcás—
(a) ina mbeidh ráiteas in áireamhacht iomláin á rá gur hiarradh paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht agus go bhfuil an t-iarratas san ar feitheamh fós, agus
(b) ina ndiúltófar do ghéille don iarratas san,
tabharfidh an t-iarratasóir fógra don cheannasaí i dtaobh an diúltuithe sin agus leis sin diúltóidh an ceannasaí do ghlaca leis an iarratas mara gcruthuighidh agus go dtí go gcruthóidh an t-iarratasóir—
(i) leis an bhfianaise orduithe gur tugadh an diúltú san ar scóranna eile seachas ar an scór gur dineadh an chumadóireacht a héilítear san áireamhacht iomláin d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht (seachas áireamhacht shealadach nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh) do foillsíodh roimh dháta an iarratais agus do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir iarratais, ar phaitinn sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí, do dineadh i rith na tréimhse dar thosach caoga bliain roimh an iarratas agus dar chríoch dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so, agus
(ii) le dearbhú reachtúil den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt so, nár dineadh an chumadóireacht d'éileamh i bpáirt ná go hiomlán in aon áireamhacht den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (i) roimhe seo.
(8) Má dhiúltuíonn an ceannasaí fén bhfo-alt san roimhe seo do ghlaca le hiarratas féadfar athchomharc do dhéanamh chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh an diúltuithe sin.
Fiosrú maidir le háireamhachtaí do foillsíodh roimh iarratas.
20.—(1) Má dintar iarratas ar phaitinn agus má fágtar áireamhacht iomlán, ansan, i dteanta na bhfiosruithe eile a orduíonn an tAcht so dho do dhéanamh, déanfidh an scrúdóir fiosrú eile chun a fháil amach ar dineadh an chumadóireacht a héilítear san áireamhacht d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht (seachas áireamhacht shealadach nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh) do foillsíodh roimh dháta an iarratais agus do fágadh do réir aon iarratais ar phaitinn do dineadh i Saorstát Éireann fén Acht so.
(2) Má chítar de bharr fiosruithe gur dineadh an chumadóir eacht d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht den tsórt san, cuirfar san in úil don iarratasóir, agus féadfidh an t-iarratasóir, laistigh de pé aimsir a hordófar, a áireamhacht do leasú, agus déanfar fiosrú maidir leis an áireamhacht leasuithe fé mar a dineadh maidir leis an mbun-áireamhacht.
(3) Más deimhin leis an gceannasaí ná fuil agóid i gcoinnibh na háireamhachta ar an scór gur dineadh an chumadóireacht a héilítear inti d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in áireamhacht roimhe sin mar adubhradh cheana, glacfa sé leis an áireamhacht mara mbeidh aon scór dleathach eile ann chun cur ina coinnibh.
(4) Maran deimhin leis an gceannasaí an méid sin déanfa sé, mara gcuirtar an agóid ar neamh-ní tríd an áireamhacht do leasú chun sástachta an cheannasaí, a shocrú ar cheart tagairt do dhéanamh san áireamhacht d'aon áireamhachtaí roimhe sin mar fhógra don phuiblíocht agus, más ceart, cadiad na háireamhachtaí iad:
Ach más deimhin leis an gceannasaí gur dineadh an chumadóireacht a héilítear d'éileamh go hiomlán agus ar leithligh in aon áireamhacht le n-ar bhain an fiosrú, féadfa sé diúltú do phaitinn do dheona in ionad a cheangal go ndéanfaí tagairtí in áireamhacht an iarratasóra mar adubhradh.
(5) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so.
Fiosrú maidir le háireamhachtaí do foillsíodh tar éis iarratais.
21.—(1) I dteanta an fhiosruithe fén alt dheiridh sin roimhe seo, déanfidh an scrúdóir fiosrú chun a fháil amach ar dineadh an chumadóireacht a héilítear d'éileamh i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht do foillsíodh ar dháta an iarratais no ina dhiaidh sin agus do lóisteáladh do réir iarratais roimh an iarratas san.
(2) Má chítar de bharr an fhiosruithe bhreise sin gur dineadh an chumadóireacht a héilítear d'éileamh i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht den tsórt san, tabharfar don iarratasóir, pe'ca dineadh no nár dineadh glaca le n-a áireamhacht no paitinn do dheona dho, pé saoráidí a hordófar chun a áireamhacht do leasú, agus má theipeann air san do dhéanamh déanfidh an ceannasaí, do réir pé nós-imeachta a hordófar, a shocrú cadé an tagairt ba cheart, más ceart aon tagairt, do dhéanamh ina áireamhacht d'áireamhachtaí eile mar fhógra don phuiblíocht.
(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar iarratas do theacht roimh iarratas eile más rud é go mbeadh ar an bpaitinn a hiarradh, nuair a deonfí í, dáta roimh dháta na paitinne do deonfí do réir an iarratais eile sin.
(4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so.
(5) Na fiosruithe agus na tuarasgabhála is gá do réir an ailt seo agus an ailt dheiridh sin roimhe seo ní tuigfar go ndinid urraíocht in aon tslí ar dhleathacht aon phaitinne, agus ní raghaidh an tAire ná an ceannasaí ná aon oifigeach don Aire no don cheannasaí fé aon fhiachas de bhíthin ná i dtaobh aon fhiosruithe ná tuarasgabhála den tsórt san ná de bhíthin ná i dtaobh aon imeachta a thiocfidh asta.
Fógairt ar ghlaca le háireamhacht iomláin.
22.—Ar ghlaca leis an áireamhacht iomláin fógróidh an ceannasaí an glaca; agus beidh an t-iarratas agus na háireamhachtaí. maraon leis na tarraiceoireachtaí (más ann dóibh), le feiscint ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha.
An éifeacht a bheidh le glaca le háireamhacht iomláin.
23.—Tar éis glaca le háireamhacht iomláin, agus go dtí dáta séaluithe paitinne maidir léi no go dtí go mbeidh an aimsir chun séaluithe caithte, beidh ag an iarratasóir na pribhléidí agus na cirt chéanna do bheadh aige dá séaluítí paitinn don chumadóircacht ar an dáta ar ar glacadh leis an áireamhacht iomláin Ach ní bheidh iarratasóir i dteideal aon imeachta do bhunú mar gheall ar shárú go dtí go ndeonfar paitinn don chumadóireacht do.
Cur i gcoinnibh paitinn do dheona.
24.—(1) Aon uair laistigh de dhá mhí ón dáta ar a bhfógrófar go bhfuil glactha le háireamhacht iomláin féadfidh éinne fógra do thabhairt san Oifig ar fhreasabhra i gcoinnibh deona na paitinne ar aon scór acu so a leanas ach ní har aon scór eile:—
(a) go bhfuair an t-iarratasóir an chumadóireacht ón bhfreasabhraí, no o dhuine darb ionadaí dlíthiúil é; no
(b) gur foillsíodh an chumadóireacht in aon áireamhacht iomláin, no in aon áireamhacht shealadaigh gur tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh, a lóisteáladh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir iarratais do dineadh san Oifig sin laistigh de thréimhse dar thosach caoga bliain roimh dháta an iarratais ar an bpaitinn 'na bhfuiltar ag cur i gcoinnibh í do dheona agus dar chríoch dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so; no
(c) gur dineadh, roimh dháta an iarratais, an chumadóireacht d'fhoillsiú, i n-aon áireamhacht iomláin, no in aon áireamhacht shealadaigh gur tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh, a lóisteáladh san Oifig do réir iarratais do dineadh fén Acht so. no gur cuireadh ar fáil don phuiblíocht í tré n-a foillsiú, roimh dháta an iarratais, in aon scríbhinn (seachas aon áireamhacht den tsórt a luaidhtear sa chlás so no aon áireamhacht Bhriotáineach do foillsíodh roim thosach feidhme na Coda so den Acht so) do foillsíodh i Saorstát Éireann no do foillsíodh, roimh bhunú Shaorstáit Éireann, sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí; no
(d) gur héilíodh an chumadóireacht in aon áireamhacht iomláin ar phaitinn i Saorstát Éireann agus, cé ná raibh an áireamhacht foillsithe ar dháta an iarratais ar an bpaitinn 'na bhfuiltar ag cur i gcoinnibh í do dheona, gur lóisteáladh í do réir iarratais ar phaitinn ar a bhfuil no ar a mbeidh dáta is luatha ná dáta na paitinne sin; no
(e) nách leor no nách ceart cothrom an tuairisc agus an deimhniú a tugtar san áireamhacht iomláin ar chineál na cumadóireachta no ar an slí ina bhfuil sí le cur i ngníomh; no
(f) gur cumadóireacht eile seachas an ceann a tuairiscítear san áireamhacht shealadaigh an chumadóireacht a tuairiscítear no a héilítear san áireamhacht iomláin agus go bhfuil an chumadóireacht eile sin ina habhar d'iarratas do dhin an freasabhraí san am idir fágaint na háireamhachta sealadaighe agus fágaint na háireamhachta iomláine; no
(g) i gcás iarratais ar phaitinn do dineadh fé fhorálacha fo-alt (1) no fo-alt (2) d'alt 12 (alt a bhaineann le hiarrataisí ar phaitinneacha i gcásanna áirithe) den Acht so, nách ionann an chumadóireacht a héilítear no a tuairiscítear san áireamhacht iomláin agus an chumadóireacht dob abhar don iarratas chun an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála do Shaorstát Éireann no dob abhar don chosaint sa tiarnas Bhriotáineach no sa stát choigríoch (pe'ca aca é); no
(h) i gcás iarratais fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le paitinneacha coigríocha agus le paitinneacha i dtiarnaisí Briotáineacha, gur cumadóireacht eile seachas an ceann dar hiarradh cosaint sa stát choigríoch no sa tiarnas Bhriotáineach an chumadóireacht a tuairiscítear no a héilítear san áireamhacht agus go bhfuil an chumadóireacht eile sin ina habhar d'iarratas do dhin an freasabhraí san am idir fágaint an iarratais sa stát choigríoch no sa tiarnas Bhriotáineach agus fágaint an iarratais i Saorstát Éireann.
(2) Má tugtar fógra den tsórt san tabharfidh an ceannasaí fógra don iarratasóir ar an bhfreasabhra agus, ar bheith caithte don dá mhí sin, tar éis an t-iarratasóir agus an freasabhraí d'éisteacht más mian leo go n-éistfí iad, tabharfa sé breith ar an gcás.
(3) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí agus, má héilítear san ar an dlí-oifigeach, éistfe sé an t-iarratasóir agus an freasabhraí, más dó leis gur duine é an freasabhraí atá i dteideal go n-éistfí é i gcoinnibh na paitinne do dheona, agus tabharfa sé breith ar an gcás; agus féadfidh an dlí-oifigeach, más oiriúnach leis é, congnamh d'fháil o eolgach agus íocfar leis an eolgach san pé luach saothair a shocróidh an dlí-oifigeach le toiliú an Aire Airgid.
Deona agus séalú paitinne.
25.—(1) Mara mbeidh aon fhreasabhra ann no más rud é, i gcás freasabhra do bheith ann, go mbeidh an socrú i bhfabhar do phaitinn do dheona, déanfar, ar íoc na táille orduithe, paitinn do dheona don iarratasóir no, i gcás có-iarratais, do sna hiarratasóirí le chéile, agus cuirfidh an ceannasaí fé ndeár an phaitinn do shéalú le n-a shéala oifigiúil:
Ach—
(a) má chó-aontuigh iarratasóir i scríbhinn paitinn do shanna do pháirtí eile no do chó-iarratasóir nuair a deonfí í, agus má dhiúltuíonn sé do dhul ar aghaidh leis an iarratas; no
(b) má eiríonn aighnis idir có-iarratasóirí i dtaobh dul ar aghaidh le hiarratas;
féadfidh an ceannasaí, ar an gcó-aontú san do bheith cruthuithe chun a shástachta no más deimhin leis gur cheart leigint do chóiarratasóir no do chó-iarratasóirí dhíobh san dul ar aghaidh go haonaránach leis an iarratas, leigint don pháirtí eile sin no don chó-iarratasóir sin dul ar aghaidh leis an iarratas, agus féadfa sé paitinn do dheona dho, ach san i slí ámh go mbeidh ag gach páirtí le n-a mbaineann an scéal teideal chun éisteacht d'fháil i láthair an cheannasaí, agus luighfidh athchomharc chun an dlíoifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén bprovísó so.
(2) Séalófar paitinn chó luath agus is féidir é, agus ní tar éis ocht mí dhéag o dháta an iarratais:
Ach—
(a) má lomháil an ceannasaí faidiú ar an aimsir in ar féidir áireamhacht iomlán d'fhágaint no glaca léi, lomhálfar, chun an phaitinn do shéalú, faidiú eile de cheithre mhí tar éis an ocht mí dhéag san;
(b) má moillítear an séalú tré athchomharc chun an dlíoifigigh no tré freasabhra i gcoinnibh deona na paitinne, féadfar an phaitinn do shéalú pé uair a ordóidh an dlí-oifigeach no an ceannasaí, pe'ca aca é, chuige sin;
(c) má deontar an phaitinn d'ionadaí dhlíthiúil iarratasóra do fuair bás roimh dheire na haimsire do lomhálfí, mara mbeadh san, chun an phaitinn do shéalú, féadfar an phaitinn do shéalú aon uair laistigh de bhliain tar éis dáta a bháis;
(d) má bhí iarratas ar phaitinn Bhriotáinigh ar feitheamh nuair do lóisteáladh an áireamhacht iomlán, féadfidh an ceannasaí, gan íoc aon táillí d'éileamh, pé tréimhse no tréimhsí is oiriúnach leis do chur leis an aimsir a lomháltar leis an alt so chun an phaitinn do shéalú,
(e) más rud é, ar aon chúis, nách féidir paitinn do shéalú laistigh den tréimhse a lomháltar leis an alt so féadfar, ar íoc na táille orduithe agus ar chólíona na gcoiníollacha orduithe, pé méid a hordófar do chur leis an tréimhse sin.
Iarratas do tréigeadh no do chuaidh ar nea-mbrí.
26.—Má dineadh iarratas ar phaitinn do thréigint no má chuaidh sé ar nea-mbrí, ansan, na háireamhachtaí agus na tar raiceoireachtaí (más ann dóibh) do bhí i dteanta an iarratais sin no do fágadh mar gheall air, ní bheid le feiscint aon uair ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha ná ní fhoillseoidh an ceannasaí iad ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so.
Dáta paitinne.
27.—Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, dátófar agus séalófar paitinn fé dháta an iarratais: Ach ní bunófar aon imeachta mar gheall ar shárú do dineadh sarar glacadh leis an áireamhacht iomláin.
Eifeacht agus fuirm paitinne.
28.—(1) Gach paitinn a deonfar fén Acht so agus a séalófar le séala oifigiúil an cheannasaí oibreoidh sí agus beidh éifeacht aici, agus déarfa sí go n-oibreoidh sí agus go mbeidh éifeacht aici, fé réir forálacha an Achta so—
(a) chun an ceart, an comhacht agus an t-údarás iomlán, aonda agus ar leithligh do bhronna ar an té dá ndeontar an phaitinn, ar a sheiceadúirí, ar a riarthóirí agus ar a shannaithe (dá ngairmtear le chéile sa bhfo-alt so an deonaí) maidir leis an gcumadóireacht go bhfuil an phaitinn á deona ina taobh do dhéanamh, d'úsáid, d'fheidhmiú agus do dhíol i Saorstát Éireann ag an deonaí féin no tré n-a ghníomhairí no a cheadúnaithe agus san gach tráth faid a leanfidh an phaitinn i bhfeidhm;
(b) chun an ceart aonda do bhronna ar an deonaí chun an phroifit agus an bhuntáiste ar fad a thiocfidh o am go ham de bharr na cumadóireachta san do bheith aige chun tairfe dho féin i rith pé tréimhse a leanfidh an phaitinn i bhfeidhm;
(c) chun gach duine pé hé féin i Saorstát Éireann do chosc faid a leanfidh an phaitinn i bhfeidhm ar an gcumadóireacht san no aon chuid di d'úsáid no do chur i ngníomh, no ar aithris do dhéanamh ar an gcéanna in aon tslí, no ar a rá no a leigeant air in aon tslí gurb é féin a dhin an chumadóireacht san do chuma no an chumadóireacht san fé aon bhreisiú no fé aon laigheadú do chuma gan cead, ceadúnas no aontú an deonaí do bheith aige chuige sin i scríbhinn fé láimh agus fé shéala an deonaí;
(d) chun gach duine a dhéanfidh, i Saorstát Éireann, faid a leanfidh an phaitinn i bhfeidhm, sárú in aon tslí ar aon cheart, comhacht no údarás adeirtear sa phaitinn a bheith bronnta tríthi ar an deonaí no a dhéanfidh aon ghníomh, rud no ní adeirtear sa phaitinn a bheith toirmiscithe tríthi a dhéanamh, chun gach duine den tsórt san do dhéanamh freagarthach do réir dlí don deonaí sa sárú san no i ndéanamh an ghnímh, an ruda no an ní sin.
(2) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach paitinn agus is i gcóir aon chumadóireachta amháin a deonfar í, ach féadfidh níos mó ná aon éileamh amháin a bheith san áireamhacht; agus ní bheidh sé i gcumas éinne in aicsean no in imeacht eile aon agóid do dhéanamh maidir le paitinn ar an scór gur i gcóir níos mó ná aon chumadóireacht amháin do deonadh í.
Eifeacht phaitinneacha Briotáineacha atá ar bith.
29.—(1) Beidh ag gach paitinn do deonadh ag Oifig na bPaitinneacha i Lundain roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus tuigfar go raibh riamh aici, i Saorstát Éireann, ar feadh na tréimhse idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, no dáta na paitinne sin (pe'ca aca is déanaí) agus tosach feidhme na Coda so den Acht so, an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bhí ag an bpaitinn sin ar feadh na tréimhse sin sa Bhreatain Mhóir, ach o thosach feidhme na Coda so den Acht so amach tuigfar gach paitinn den tsórt san (d'ainneoin dáta roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do bheith uirthi) do bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so fén dáta atá ar an bpaitinn sin agus beidh aici i Saorstát Éireann, ar theacht i bhfeidhm don Chuid seo den Acht so, an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bhí ag an bpaitinn sin sa Bhreatain Mhóir díreach roimh an tosach feidhme sin agus beidh aici agus beidh uirthi as san amach gach pribhléid, fiachas, agus fo-rud a bronntar no a forchuirtar leis an Acht so, no ar aon tslí eile le dlí, ar phaitinneacha a deonfar fén Acht so.
(2) Ní bheidh aon táillí iníoctha fén Acht so, ar aon phaitinn den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, in aghaidh éinní do dineadh ná aon tréimhse aimsire do bhí caithte roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ach ar gach paitinn den tsórt san, in aghaidh gach ní do dineadh agus gach tréimhse aimsire a bheidh caithte tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, beidh na táillí céanna-iníoctha do bheadh iníoctha dá mba phaitinn a deonfí fén Acht so ar an dáta atá uirthi an phaitinn sin agus san d'ainneoin an dáta san do theacht roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so.
(3) Gach paitinn a deonfar ag Oifig na bPaitinneacha i Lundain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus dáta lae éigin roimh an tosach feidhme sin mar dháta uirthi tuigfar (d'ainneoin dáta roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do bheith uirthi) gur paitinn í do deonadh fén Acht so fén dáta atá ar an bpaitinn sin agus dá réir sin beidh ag gach paitinn den tsórt san, i Saorstát Éireann, an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bheadh aici dá mba fén Acht so, fén dáta atá uirthi, a deonfí í ach beidh aici agus beidh uirthi gach pribhléid, fiachas, agus fo-rud a bronntar no a forchuirtar leis an Acht so ar phaitinneacha a deonfar fén Acht so.
(4) Ní bheidh aon táillí iníoctha fén Acht so, ar aon phaitinn den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san atá díreach roimhe seo, in aghaidh éinní do dineadh ná aon tréimhse aimsire do bhí caithte sarar deonadh an phaitinn go hachtúil, ach ar gach paitinn den tsórt san, in aghaidh gach ní do dineadh agus gach tréimhse aimsire a bheidh caithte tar éis deona achtúil na paitinne sin, beidh na táillí céanna iníoctha do bheadh iníoctha ar an bpaitinn sin dá mba phaitinn a deonfí fén Acht so ar an dáta atá uirthi an phaitinn sin agus san d'ainneoin an dáta san do theacht roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so.
(5) I ngach cás in ar ghlac Comptroller-General Oifig na bPaitinneacha i Lundain le háireamhacht iomláin roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so (pe'ca roimh rith an Achta so e no dá éis sin) agus nár dineadh an phaitinn dá réir do shéalú agus ná beidh an aimsir chun an séaluithe sin caithte i dtosach feidhme na Coda so den Acht so beidh ag iarratasóir na paitinne sin, ar feadh na haimsire idir dáta an ghlactha sin no an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921 (pe'ca dáta acu is déanaí) agus séalú na paitinne no deire na haimsire chun séaluithe, agus tuigfar go raibh riamh aige, na pribhléidí agus na cirt chéanna i Saorstát Éireann do bheadh aige dá ndeontí paitinn i gcóir na cumadóireachta dho fén Acht so ar an dáta ar ar iarr sé an phaitinn sin ar Oifig na bPaitinneacha i Lundain agus san d'ainneoin an dáta deiridh sin a luaidhtear do theacht roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ach ní bheidh an t-iarratasóir sin i dteideal aon imeachta do bhunú i Saorstát Éireann mar gheall ar shárú go dtí go ndeonfar do i gcóir na cumadóireachta paitinn a tuigtar, de bhua an ailt seo, do bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so.
(6) Ní bheidh aon táillí ionfhálta san Oifig maidir le haon phaitinn den tsórt a luaidhtear san alt so mara ndintar ná go dtí go ndéanfar cóipeanna deimhnithe de sna hiontrála sa chlár Bhriotáineach a bhaineann leis an bpaitinn do thabhairt don cheannasaí chun a gcláruithe agus cóip den áireamhacht iomláin ar ar deonadh an phaitinn Bhriotáineach do lóisteáil leis an gceannasaí ach má dintar teip i lóisteáil na gcóipeanna san ní shaorfidh an teip sin an t-iarratasóir o oblagáid íoctha aon táillí ná o n-a dtiocfadh de dheascaibh a neamh-íoctha.
(7) An té is sealbhóir paitinne a tuigtar, de bhua an ailt seo, do bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so ní bheidh sé i dteideal aon phaitinn eile d'iarraidh, ná í do dheona dho, fén Acht so i gcóir na cumadóireachta gur deonadh ina cóir an chéad phaitinn sin a luaidhtear.
Iarrataisí calaoiseacha ar phaitinneacha.
30.—(1) Aon phaitinn do deonadh don té is fíor-chumadóir agus is céad-chumadóir ní déanfar nea-dhleathach í tré iarratas a déanfar tré chalaois air, ná tré chosaint shealadach do fuarthas de bharr an iarratais sin, ná tríd an gcumadóireacht d'úsáid no d'fhoillsiú ar aon tslí tar éis an iarratais chalaoisigh sin i rith tréimhse na cosanta sealadaighe.
(2) Má dhineann an chúirt paitinn do cheiliúra ar an scór gur tré chalaois ar an té is fíor-chumadóir agus is céad-chumadóir do fuarthas í, no má diúltuíodh d'í do dheona no má ceiliúradh an deona ar an scór go bhfuair an t-iarratasóir no an paitinní an chumadóireacht o dhuine eile, féadfidh an ceannasaí, ar iarratas do dhéanamh don fhíor-chumadóir do réir forálacha an Achta so, paitinn do dheona dho i gcóir na cumadóireachta go hiomlán no i gcóir aon pháirte dhi in ionad agus fé dháta na paitinne do ceiliúradh amhlaidh, no fén dáta do bheadh ar an bpaitinn dá mba ná diúltófí d'í do dheona:
Ach ní bunófar aon aicsean mar gheall ar aon tsárú ar an bpaitinn do deonadh amhlaidh más roimh an dáta achtúil ar ar deonadh an phaitinn sin do dineadh an sárú.
Aon phaitinn amháin do chumadóireachtaí gaolmhara.
31.—(1) Má bhíonn an t-aon iarratasóir amháin tar éis dhá áireamhacht shealadacha no níos mó do chur isteach do chumadóireachtaí atá gaolmhar le n-a chéile no ná fuil ionta ach atharuithe ar a chéile, agus tar éis cosaint shealadach chó-reathach d'fháil dóibh sa tslí sin, agus gur dó leis an gceannasaí na cumadóireachtaí sin go hiomlán do bheith de shaghas go ndinid suas aon chumadóireacht amháin agus gur féidir, le ceart, iad do chur in aon phaitinn amháin, féadfa sé glaca le haon áireamhacht iomláin amháin in aghaidh iomlán na n-iarratas san agus aon phaitinn amháin do dheona dá réir.
(2) Beidh an phaitinn sin fé dháta an iarratais is luatha acu san ach, ag breithniú dleathacht na paitinne sin agus ag socrú ceisteanna eile fén Acht so dhóibh, déanfidh an chúirt no an ceannasaí, pe'ca aca é, aire do thabhairt do dhátaí fé seach na n-áireamhacht sealadach a bhaineann leis na nithe uile agus fé seach a tuairiscítear sa phaitinn sin.
Téarma paitinne.
32.—Isé téarma feidhme a ceapfar i ngach paitinn don phaitinn sin ná sé bliana déag o n-a dáta ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so.
Cad a thiocfidh as neamh-íoc táillí.
33.—(1) D'ainneoin éinní in aon phaitinn áirithe no san Acht so, raghaidh an phaitinn sin in éag má theipeann agus pé uair a theipfidh ar an bpaitinní táille bheidh orduithe ina taobh d'íoc laistigh den aimsir orduithe no, má faidítear an aimsir sin fén alt so, laistigh den fhaidiú san na haimsire sin.
(2) Ar a iarraidh sin air aon uair don phaitinní fé phaitinn Bhriotáinigh go dtuigtar, de bhua an Achta so, gur fén Acht so do deonadh í, agus gan íoc aon táille breise, féadfidh an ceannasaí aon tréimhse nách sia ná sé mhí o thosach feidhme na Coda so den Acht so do chur leis an aimsir orduithe chun íoctha na céad tháille a thiocfidh chun bheith iníoctha fén Acht so maidir leis an bpaitinn Bhriotáinigh sin.
(3) In aon chás ná bainfidh an fo-alt san roimhe seo leis déanfidh an ceannasaí, ar a iarraidh sin don phaitinní aon uair agus tar éis don phaitinní pé táille bhreise a hordófar d'íoc, pé tréimhse nách sia ná ráithe agus a hiarrtar amhlaidh do chur leis an aimsir orduithe chun íoctha aon táille bheidh orduithe maidir le haon phaitinn.
(4) Má bunuítear aon imeacht mar gheall ar shárú do dineadh ar an bpaitinn tar éis a theip ar an bpaitinní aon táille áirithe d'íoc laistigh den aimsir orduithe, agus sarar dineadh aon mhéadú ar an aimsir sin, féadfidh an chúirt go mbunófar an imeacht ina láthair diúltú, más oiriúnach léi é, d'aon damáistí de mhola in éiric an tsáruithe sin.
Téarma paitinne d'fhaidiú.
34.—(1) Tar éis do phaitinní a fhógairt sa tslí a foráltar le rialacha na cúirte go bhfuil sé chun a dhéanta féadfa sé achuinge do thíolaca don chúirt á iarraidh go bhfaideofí tréimhse a phaitinne go ceann téarma eile, ach ní foláir an achuinge sin do thíolaca sé mhí ar a laighead roimh an am a bheidh ceaptha chun an phaitinn do dhul in éag:
Ach féadfidh an chúirt, más rogha léi é, an tréimhse sin d'fhaidiú gur féidir a leithéid sin d'achuinge do thíolaca laistigh di.
(2) Féadfidh éinne fógra do thabhairt don chúirt i dtaobh agóide maidir leis an bhfaidiú.
(3) Ar éisteacht aon achuinge fén alt so déanfar páirtithe chun na himeachta den phaitinní agus d'éinne do thug fógra den tsórt san i dtaobh agóide, agus beidh an ceannasaí i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil, agus tiocfa sé i láthair má orduíonn an chúirt do é.
(4) Ag breithniú a breithe don chúirt tabharfa sí aire do chineál agus do mhaitheas na cumadóireachta maidir leis an bpuiblíocht, do sna proifití do dhin an paitinní mar phaitinní, agus do gach ní a bhaineann leis an gcás.
(5) Má chítar don chúirt nách leor an luach saothair do fuair an paitinní de bharr a phaitinne, féadfidh an chúirt, le hordú, téarma na paitinne d'fhaidiú go ceann téarma eile nách sia ná cúig bliana no, i gcásanna nea-ghnáthacha, deich mbliana, no féadfa sí a ordú go ndeonfar paitinn nua ar feadh pé téarma a luadhfar san ordú agus aon tsriantacht, coiníollacha, agus forálacha inti is oiriúnach leis an gcúirt.
Paitinneacha breisiúcháin.
35.—(1) Nuair a déanfar paitinn do chumadóireacht d'iarraidh no do dheona fén Acht so no a tuigfar, de bhua an Achta so, paitinn do bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so, agus a dhéanfidh an t-iarratasóir no an paitinní, pe'ca aca é, paitinn eile maidir le haon fheabhsú no atharú ar an gcumadóireacht d'iarraidh, féadfa sé, más oiriúnach leis é, a iarraidh, ina iarratas ar an bpaitinn eile sin, gurb é téarma feidhme a ceapfar sa phaitinn sin di ná téarma feidhme na bun-phaitinne no pé méid de a bheidh gan caitheamh.
(2) Má dintar iarratas ina mbeidh a leithéid sin á iarraidh féadar paitinn (dá ngairmtear paitinn bhreisiúcháin anso ina dhiaidh seo) do dheona ar feadh téarma den tsórt san roimhráite.
(3) Fanfidh paitinn bhreisiúcháin i bhfeidhm faid fhanfidh an phaitinn don bhun-chumadóireacht i bhfeidhm, ach ní níos sia ná san, agus maidir le paitinn bhreisiúcháin ní bheidh aon táillí iníoctha ar son a hathnuachainte:
Ach má dintar an phaitinn don bhun-chumadóireacht do cheiliúra, ansan, má orduíonn an chúirt no an ceannasaí é, déanfidh paitinn fé leith den phaitinn bhreisiúcháin, agus is do réir a dáta a socrófar cadiad na táillí is iníoctha agus cadiad na dátaí ar a dtiocfid chun bheith iníoctha, ach ní mhairfe sí níos sia ná a mbeidh gan caitheamh de théarma na paitinne don bhunchumadóireacht.
(4) Beidh deona paitinne breisiúcháin ina fhianaise dhochlaoite gur rud gur ceart paitinn bhreisiúcháin do dheona ina chóir an chumadóireacht agus ní cuirfar dleathacht na paitinne in amhrus ar an scór gur rud gur cheart paitinn fé leith do dheona ina chóir an chumadóireacht.
Paitinneacha a raghaidh i nea-mbrí d'aithbheochaint.
36.—(1) I gcás ina mbeidh aon phaitinn imithe i nea-mbrí de dheascaibh a theipthe ar an bpaitinní aon táille orduithe áirithe d'íoc laistigh den aimsir orduithe, féadfidh an paitinní ordú d'iarraidh ar an gceannasaí sa tslí orduithe chun an phaitinn d'aithbheochaint.
(2) Beidh i ngach iarratas den tsórt san ráiteas ar na nithe as a dtáinig an táille orduithe d'fhágaint gan íoc.
(3) Má dheabhruíonn sé ón ráiteas san gur go nea-thoiliúil do fágadh an táille sin gan íoc agus nár bhain aon mhoill nea-chuibhe leis an iarratas do dhéanamh, fógróidh an ceannasaí an t-iarratas sa tslí orduithe, agus laistigh de pé aimsir a hordófar féadfidh éinne fógra freasabhra do thabhairt san Oifig.
(4) Má tugtar fógra den tsórt san cuirfidh an ceannasaí in úil don iarratasóir é.
(5) Tar éis an tréimhse orduithe do bheith caithte éistfidh an ceannasaí an cás agus tabharfa sé ordú amach ag aithbheochaint na paitinne no ag caitheamh an iarratais amach: Ach cuirfar isteach i ngach ordú fén alt so ag aithbheochaint phaitinne pé forálacha a hordófar chun daoine do chosaint do dhin úsáid d'abhar na paitinne tar éis a bheith craolta san Irisleabhar go raibh an phaitinn gan brí.
(6) Luighfidh athchomharc chun na cúirte i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so.
An ceannasaí do leasú áireamhachta.
37.—(1) Féadfidh iarratasóir no paitinní aon uair, tré iarratas i scríbhinn d'fhágaint san Oifig, cead d'iarraidh chun a áireamhacht, maraon le tarraiceoireachtaí a dhineann cuid di, do leasú tré shéana, tré cheartú, no tré mhíniú, ag luadh cineál an leasuithe atá beartuithe agus na réasún atá leis.
(2) Fógrófar sa tslí orduithe an t-iarratas agus cineál an leasuithe atá beartuithe, agus aon uair laistigh de mhí ón gcéad uair a fógrófar é féadfidh éinne fógra freasabhra i dtaobh an leasuithe do thabhairt san Oifig.
(3) Má tugtar fógra den tsórt san déanfidh an ceannasaí fógra i dtaobh an fhreasabhra do thabhairt don té bheidh ag déanamh an iarratais, agus an cás d'éisteacht agus breith do thabhairt air.
(4) Mara dtugtar aon fhógra freasabhra, no mara dtagaidh an duine i láthair do thug fógra freasabhra amhlaidh, socróidh an ceannasaí ce'ca ba cheart no nár cheart, agus más ceart cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) fé n-ar cheart, an leasú do lomháil.
(5) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí i gceachtar den dá chás agus, má héilítear san ar an dlí-oifigeach, éistfe sé an té bheidh ad' iarraidh ceada chun an leasú do dhéanamh agus, i gcás fógra freasabhra do bheith tugtha, an té do thug an fógra san, más dó leis an dlí-oifigeach teideal do bheith ag an duine sin chun go n-éistfí é i gcoinnibh an iarratais, agus, i gcás gan aon fhreasabhra do bheith ann, an ceannasaí, agus féadfa sé ordú do dhéanamh á shocrú ce'ca ba cheart no nár cheart, agus más ceart cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) fé n-ar cheart, an leasú do lomháil.
(6) Ní lomhálfar aon leasú do bhéarfadh go dtuairisceofí leis an áireamhacht, mar do leasuíodh í, cumadóireacht do bheadh níos mó go mór ná an chumadóireacht do tuairiscíodh leis an áireamhacht mar a bhí sí sarar leasuíodh í no do bheadh ana-neachosúil leis an gcumadóireacht san.
(7) Beidh cead chun leasú do dhéanamh ina fhianaise dhochlaoite, ach amháin i gcás calaoise, ar cheart do bheith ag an bpáirtí an leasú do lomháladh do dhéanamh; agus fógrófar an leasú sa tslí orduithe, agus i ngach cúirt agus chun gach críche tuigfar gur cuid den áireamhacht é:
Ach beidh teideal ag cúirt, le linn di áireamhacht mar do leasuíodh í do léiriú, tagairt don áireamhacht mar do glacadh léi agus mar do foillsíodh í.
(8) Ní bhainfidh an t-alt so leis an scéal nuair a bheidh agus faid a bheidh aon aicsean mar gheall ar shárú no aon imeacht a bheidh os cóir cúirte chun paitinn do cheiliúra ar feitheamh.
An chúirt do leasú áireamhachta.
38.—In aon aicsean mar gheall ar shárú phaitinne no in aon imeacht os cóir cúirte chun paitinn do cheiliúra, féadfidh an chúirt, le hordú, a lomháil don phaitinní a áireamhacht do leasú tré shéana, tré cheartú, no tré mhíniú i pé slí, agus ar pé téarmaí i dtaobh costaisí, fógrán, no nithe eile, is oiriúnach leis an gcúirt:
Ach ní lomhálfar amhlaidh aon leasú do bhéarfadh go dtuairisceofí leis an áireamhacht, mar do leasuíodh í, cumadóireacht do bheadh níos mó go mór ná an chumadóireacht do tuairiscíodh leis an áireamhacht mar a bhí sí sarar leasuíodh í no do bheadh ana-nea-chosúil leis an gcumadóireacht san, agus i gcás ina n-iarrfar ordú den tsórt san ar an gcúirt tabharfar fógra don cheannasaí i dtaobh an iarratais, agus beidh ceart ag an gceannasaí teacht i láthair agus éisteacht d'fháil, agus tiocfa sé i láthair má orduíonn an chúirt do é.
Srian le damáistí do thabhairt i gcás ina leasófar áireamhacht.
39.—Má lomháltar fén Acht so leasú do dhéanamh ar áireamhacht tré shéana, tré cheartú, no tré mhíniú, ní tabharfar aon damáistí in aon aicsean mar gheall ar úsáid do dhéanamh den chumadóireacht roimh dháta na breithe le n-a lomháltar an leasú, mara gcuiridh an paitinní ina luighe ar an gcúirt gur go macánta agus le hoilteacht agus eolas réasúnta do dreachtuíodh a bhun-tuairise.
Forálacha i dtaobh paitinneacha fén gcúl-scríbhinn “ceadúnaisí mar cheart.”
40.—(1) Aon uair tar éis paitinn do bheith séaluithe cuirfidh an ceannasaí fé ndeár, má iarrann an paitinní é, na focail “ceadúnaisí mar cheart” do chur i gcúl-scríbhinn ar an bpaitinn agus iontráil dá réir do dhéanamh sa chlár, agus leis sin—
(a) beidh mar cheart ag éinne aon uair ina dhiaidh sin teideal chun ceadúnais fén bpaitinn ar pé téarmaí a shocróidh an ceannasaí ar iarratas ón bpaitinní no ón iarratasóir mara gcó-aontuítear ina dtaobh:
Ach mara bhforáltar a mhalairt go soiléir tuigfar, maidir le haon cheadúnas 'na socrófar a théarmaí tré chó-aontú, go bhfoluíonn sé na téarmaí agus na coiníollacha a luaidhtear i míreanna (c) agus (d) den fho-alt so fé is dá bhforchuireadh an ceannasaí fén bhfo-alt so iad díreach fé is dá mb'é an ceannasaí do shocródh na téarmaí;
(b) ag socrú téarmaí aon cheadúnais den tsórt san do, beidh na nithe seo a leanas mar threoir ag an gceannasaí—
(i) ar thaobh amháin den scéal tabharfa sé fé n-a chur in áirithe go ndéanfar an chumadóireacht d'úsáid i Saorstát Éireann chó foirleathan agus is féidir é gan cur isteach ar an bpaitinní d'fháil bhuntáiste réasúnta as a chirt phaitinne,
(ii) ar an dtaobh eile den scéal tabharfa sé fé n-a chur in áirithe don phaitinní an buntáiste is mó is féidir d'fháil gan cur isteach ar an gceadúnaí d'oibriú na cumadóireachta, le proifit réasúnta dho féin, i Saorstát Éireann,
(iii) tabharfa sé fé n-a chur in áirithe leis, go mbeidh có-ionannas buntáiste imeasc na gceadúnaithe uile agus fé seach, agus chuige sin féadfa sé, ar chruthú leor-chúise chuige, na cánacha údair no na híocaíochtaí eile a thagann chun an phaitinní fé aon cheadúnas do deonadh roimhe sin do laigheadú:
Ach ag breithniú na ceiste sin có-ionannas buntáiste dho, cuirfidh an ceannasaí san áireamh aon obair do dhin no aon chostas fé n-ar chuaidh aon tseanacheadúnaí d'fhonn luach tráchtála na cumadóireachta do thástáil no d'fhonn a chur in áirithe go n-oibreofí ar scála tráchtála i Saorstát Éireann í;
(c) aon cheadúnas den tsórt san gurb é an ceannasaí a shocróidh a théarmaí, féadfar é do dhreachtú i dtreo go gcoiscfe sé an ceadúnaí ar aon earraí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann gur shárú ar an bpaitinn iad d'iomportáil dá mba dhaoine eile seachas an paitinní no daoine ag éileamh fén bpaitinní do dhéanfadh amhlaidh agus ina leithéid sin de chás tuigfar cumhnant do bheith déanta le n-a chéile ag an bpaitinní agus ag na ceadúnaithe uile fén bpaitinn i gcoinnibh iomportála den tsórt san;
(d) beidh teideal ag gach ceadúnaí den tsórt san glaoch ar phaitinní imeachta do bhunú chun cosc do chur le sárú na paitinne, agus má eitíonn an paitinní no má thugann sé faillí maidir leis an ní sin do dhéanamh laistigh de dhá mhí tar éis an ghlaoigh sin air, féadfidh an ceadúnaí imeachta do bhunú ina ainm féin mar gheall ar an sárú fé is dá mb'é an paitinní é, agus cosantóir do dhéanamh den phaitinní. Ní bheidh fiachas aon chostaisí ar phaitinní a luadhfar amhlaidh mar chosantóir bhreise mara ndine sé fógra teachti-láthair d'iontráil agus páirt do thógaint sna himeachta. Féadfar an rit do sheirbheáil air tré n-a fágaint ag a sheola chun seirbheála a bheidh curtha síos ar an gclár;
(e) más rud é, in aon aicsean mar gheall ar shárú phaitinne atá fé chúl-scríbhinn amhlaidh, go mbeidh an cosantóir do dhin an sárú ullamh agus toilteanach ar cheadúnas do ghlaca ar théarmaí a bheidh le socrú ag an gceannasaí, ní déanfar aon chosc air do mhola, agus an tsuim is ionbhainte dhe mar dhamáistí (más ann dóibh) ní ragha sí thar dúbailt na suime dob ionbhainte dhe mar cheadúnaí dá mba dháta roimh dháta an tsáruithe ba thúisce thárla do bheadh ar an gceadúnas:
Ach ní bhainfidh an mhír seo leis an gcás más sárú tré iomportáil earraí sáruitheacha an sárú do dineadh;
(f) na táillí athnuachainte is iníoctha ag paitinní paitinne a cuirtar fé chúl-scríbhinn amhlaidh ní bheidh ionta, o dháta na cúl-scríbhinne, ach leath amháin de sna táillí do bheadh iníoctha ina mhalairt sin de chás.
(2) Sara ndinidh an ceannasaí éinní i dtaobh an iarratais ón bpaitinní fén alt so ar phaitinn do chur fé chúl-scríbhinn fógróidh sé an t-iarratas san san Irisleabhar, agus déanfa sé deimhin do féin de ná fuil an paitinní coiscthe le connra ar an iarratas san do dhéanamh agus chuige sin ceanglóidh sé ar an bpaitinní pé fianaisc is dó leis is gá do thabhairt do tré dhearbhú reachtúil no ar shlí eile:
Ach ní tuigfar paitinní do bheith coiscthe amhlaidh de bhíthin ceadúnas do bheith deonta aige fén bpaitinn agus dá bhíthin sin amháin mara gcuireann an ceadúnas teora le n-a cheart chun ceadúnaisí eile do dheona.
(3) Einne adéarfidh gur contrárdha do chonnra éigin le n-a bhfuil baint aige do dineadh iarratas fén alt so, féadfa sé iarratas do dhéanamh chun an cheannasaí laistigh den aimsir orduithe agus sa tslí orduithe agus déanfidh an ceannasaí, más deimhin leis gur fíor an ní adeir an duine sin, diúltú don phaitinn do chur fé chúl-scríbhinn do réir an iarratais no, má bhíonn an chúlscríbhinn déanta cheana féin, a chur fé ndeár an chúl-scríbhinn do chur ar nea-mbrí.
Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon ordú fén bhfo-alt so.
(4) Iontrálfar ar chlár na bpaitinneacha na cúl-scríbhinní uile a cuirfar ar phaitinneacha fén alt so agus foillseofar iad san Irisleabhar agus ar pé slí eile is dó leis an gceannasaí is oiriúnach chun an chumadóireacht do chur in úil do dhéantóirí.
(5) Má dheabhruíonn sé aon uair, i gcás paitinne a bheidh fé chúl-scríbhinn amhlaidh, ná fuil aon cheadúnas ar bith féadfidh an ceannasaí, más oiriúnach leis é agus tar éis fógra cuibhe do thabhairt uaidh, an chúl-scríbhinn do chur ar nea-mbrí ar iarratas an phaitinní agus nuair a íocfa sé sin an leath a bheidh gan íoc de gach táille athnuachainte a bheidh tagtha chun bheith dlite o dineadh an chúl-scríbhinn, agus sa chás san beidh cirt agus fiachaisí an phaitinní díreach mar a bheidís dá mba ná déanfí aon chúl-scríbhinn den tsórt san.
An chúirt do cheiliúra paitinneacha.
41.—(1) Féadfar ceiliúra paitinne d'fháil tré achuinge chun na cúirte.
(2) Gach scór ar a bhféadfí roimhe seo, do réir na dlí comónta, paitinn d'athghairm le scire facias féadfar feidhm do bhaint as mar chosaint ar aicsean mar gheall ar shárú agus fós beidh sé ina scór chun ceiliúra d'fháil fén alt so.
(3) Féadfar achuinge chun ceiliúra paitinne do thíolaca—
(a) ag an dlí-oifigeach no ag éinne go mbeidh údarás aige uaidh; no
(b) ag éinne adéarfidh—
(i) gur tré chalaois i gcoinnibh a cheart, no i gcoinnibh ceart éinne fé no tré n-a n-éilíonn sé, gurb ea a fuarthas an phaitinn, no
(ii) gurb é féin, no gurb éinne fé no tré n-a n-éilíonn sé, dob fhíor-chumadóir d'aon chumadóireacht áirithe a foluítear sa phaitinn, no
(iii) go raibh sé féin, no éinne fé no tré n-a n-éilíonn sé leas in aon trádáil, gnó, no déantóireacht, tar éis aon rud áirithe a éilíonn an paitinní mar chumadóireacht leis féin do dhéanamh, d'úsáid no do dhíol go puiblí, laistigh de Shaorstát Éireann, roimh dháta na paitinne.
An ceannasaí do cheiliúra paitinneacha.
42.—(1) Einne do bheadh i dteideal cur i gcoinnibh paitinn do dheona, no is comharba i leas do dhuine do bhí i dteideal amhlaidh, féadfa sé, laistigh de bhliain o dheona na paitinne, ordú ag ceiliúra na paitinne d'iarraidh ar an gceannasaí ar aon scór no scóranna acu súd ar a bhféadfí cur i gcoinnibh an phaitinn do dheona:
Ach nuair a bheidh aicsean mar gheall ar shárú no imeachta chun an phaitinn do cheiliúra ar feitheamh in aon chúirt ní déanfar iarratas fén alt so ach le cead na cúirte.
(2) Tabharfidh an ceannasaí fógra i dtaobh an iarratais don phaitinní, agus tar éis na páirtithe d'éisteacht, más mian leo go n-éistfí iad, féadfa sé ordú do dhéanamh ag ceiliúra na paitinne, no á éileamh go ndéanfaí an áireamhacht a bhaineann léi do leasú tré shéana, tré cheartú, no tré mhíniú, no ag caitheamh an iarratais amach; ach ní dhéanfidh an ceannasaí ordú ag ceiliúra na paitinne mara mbeidh a mbaineann leis an scéal i slí do bhéarfadh ceart do bheith aige diúltú don phaitinn do dheona dá mb'imeachta i bhfreasabhra i gcoinnibh deona paitinne na himeachta.
(3) Tré fhógra do thabhairt sa tslí orduithe don cheannasaí féadfidh paitinní aon uair a thairisgint a phaitinn do thabhairt suas, agus tar éis fógra do thabhairt uaidh i dtaobh na tairisginte agus tar éis gach páirtí d'éisteacht gur mian leis go n-éistfí é féadfidh an ceannasaí, más oiriúnach leis é, glaca leis an tairisgint, agus ansan ordú do dhéanamh chun an phaitinn do cheiliúra.
(4) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon bhreithe a thabharfidh an ceannasaí fén alt so.
Cosc le cirt aon-tseilbhe do mhí-úsáid.
43.—(1) Féadfidh éinne le n-a mbaineann an scéal iarratas do dhéanamh chun an cheannasaí aon uair á rá, i gcás aon phaitinne, gur dineadh mí-úsáid de sna cirt aon-tseilbhe fúithi agus ag iarraidh faoisimh fén alt so.
(2) Tuigfar mí-úsáid do bheith déanta de sna cirt aon-tseilbhe fé phaitinn in aon chás acu so a leanas:—
(a) más rud é, aon uair tar éis trí bliana do bheith caithte o thosach feidhme na Coda so den Acht so, i gcás paitinne Briotáinighe 'na dtuigtar de bhua an Achta so gur fén Acht so do deonadh í, no o dháta iarrtha na paitinne, i gcás aon phaitinne eile, ná beidh an chumadóireacht phaitinnithe (eadhon, ceann is féidir d'oibriú i Saorstát Éireann) á hoibriú laistigh de Shaorstát Éireann ar scála tráchtála agus nách féidir aon chúis shásúil do thabhairt leis an neamh-oibriú san:
Ach má tíolaictear iarratas don cheannasaí ar an scór so agus gur dó leis an gceannasaí, maidir leis an aimsir d'imigh o dháta na paitinne, nár leor í, mar gheall ar chineál na cumadóireachta no ar aon chúis eile, chun go bhféadfí an chumadóireacht d'oibriú laistigh de Shaorstát Éireann ar scála tráchtála, féadfidh an ceannasaí an t-iarratas do chur ar athló go ceann pé tréimhse is dó leis is leor chun na críche sin;
(b) má bhíonn oibriú na cumadóireachta laistigh de Shaorstát Éireann ar scála tráchtála á chosc no á thoirmeasc tríd an earra phaitinnithe do bheith á hiomportáil ag an bpaitinní no ag daoine a éilíonn fé, no ag daoine a cheannuíonn uaidh iad féin no tré dhaoine eile, no ag daoine eile ná fuil aon imeachta mar gheall ar shárú á bhunú ag an bpaitinní ina gcoinnibh no nár bhunuigh sé aon imeachta den tsórt san ina gcoinnibh;
(c) más rud é ná beidh an t-éileamh ar an earra phaitinnithe i Saorstát Éireann á leor-fhreagairt agus san ar théarmaí réasúnta, ag cuimhneamh, imeasc nithe eile, ar an éileamh d'fhéadfadh teacht dá ndíoltí an earra phaitinnithe ní ba shaoire;
(d) má bhíonn an praghas ar a ndíoltar an earra phaitinnithe ró-mhór ar fad, agus gach ní sa scéal d'áireamh, i gcomórtas leis an bpraghas ar a ndíoltar an earra i dtíortha eile;
(e) más rud é, de dheascaibh diúltú an phaitinní do cheadúnas no ceadúnaisí do dheona ar théarmaí réasúnta, go mbeidh dochar á dhéanamh do thrádáil no do cheárdas Shaorstáit Éireann no do thrádáil aon duine no aon aicme daoine a dhineann trádáil i Saorstát Éireann, no maidir le haon trádáil no ceárdas nua do bhunú i Saorstát Éireann, agus gurb é leas na puiblíochta go ndeonfí ceadúnas no ceadúnaisí;
(f) má bhíonn aon trádáil no ceárdas i Saorstát Éireann, no aon duine no aicme daoine a bheidh ag gabháil don trádáil no don cheárdas san, fé leath-chumaidh de dheascaibh na gcoiníoll do chuir an paitinní, roimh rith an Achta so no dá éis sin, leis an earra phaitinnithe do cheannach, do thógaint ar cíos, do cheadúnú, no d'úsáid no leis an bpróiseas paitinnithe d'úsáid no d'oibriú:
Ach chun a shocrú ce'ca dineadh aon mhí-úsáid de sna cirt aontseilbhe fé phaitinn no nár dineadh, tuigfar nách amháin chun daoine do sprioca chun cumadóireachta a deontar paitinneacha do chumadóireachtaí nua ach fós chun a chur in áirithe go ndéanfar, sa mhéid gur féidir é, cumadóireachtaí nua d'oibriú ar scála tráchtála i Saorstát Éireann gan mhoill ró-mhór.
(3) Ar bheith sásta don cheannasaí go bhfuil sé cruthuithe gur dineadh mí-úsáid de sna cirt aon-tseilbhe fé phaitinn, féadfa sé aon chomhacht acu so a leanas is dó leis is oiriúnach sa chás d'fheidhmiú:—
(a) féadfa sé a ordú na focail “ceadúnaisí mar cheart” do chur i gcúl-scríbhinn ar an bpaitinn agus, leis sin, bainfidh leis an gcás na rialacha céanna a foráltar san Acht so maidir le paitinneacha fé chúl-scríbhinn den tsórt san, agus de bharr an cheannasaí d'fheidhmiú na comhachta so beidh gach seana-cheadúnaí i dteideal ordú d'iarraidh ar an gceannasaí ag tabhairt teidil do a cheadúnas do thabhairt suas mar mhalairt ar cheadúnas a shocróidh an ceannasaí díreach fé is dá mb'ar iarratas an phaitinní a cuirfí an chúl-scríbhinn ar an bpaitinn amhlaidh, agus féadfidh an ceannasaí an t-ordú san do dhéanamh; agus féadfar ordú chun paitinn do chur fé chúl-scríbhinn amhlaidh do dhéanamh d'ainneoin có-aontú do bheith ann do choiscfadh cúl-scríbhinn do chur ar an bpaitinn ar iarratas an phaitinní;
(b) féadfa sé a ordú go ndeonfí ceadúnas don iarratasóir ar pé téarmaí is dó leis an gceannasaí is oiriúnach agus ortha san téarma á chosc ar an gceadúnaí aon earraí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann gur shárú ar an bpaitinn iad d'iomportáil dá mba dhaoine eile seachas an paitinní no daoine ag éileamh fén bpaitinní do dhéanfadh amhlaidh, agus ina leithéid sin de chás tuigfar cumhnant do bheith déanta le n-a chéile ag an bpaitinní agus ag gach éinne bheidh ina cheadúnaí de thurus na huaire i gcoinnibh iomportála den tsórt san. Beidh teideal ag ceadúnaí fén mhír seo glaoch ar an bpaitinní imeachta do bhunú chun cosc do chur le sárú na paitinne, agus má eitíonn an paitinní no má thugann sé faillí maidir leis an ní sin do dhéanamh laistigh de dhá mhí tar éis an ghlaoigh sin air, féadfidh an ceadúnaí imeachta do bhunú ina ainm féin mar gheall ar shárú fé is dá mb'é an paitinní é, agus cosantóir do dhéanamh den phaitinní. Ní bheidh fiachas aon chostaisí ar phaitinní a luadhfar amhlaidh mar chosantóir bhreise mara ndine sé fógra teacht-iláthair d'iontráil agus páirt do thógaint sna himeachta. Féadfar an rit do sheirbheáil air tré n-a fágaint ag a sheola chun seirbheála a bheidh curtha síos ar an gclár. Ag socrú téarmaí ceadúnais fén mír seo dho beidh mar threoir ag an gceannasaí, sa mhéid gur féidir é, na nithe céanna a luaidhtear san Acht so chun a threoruithe agus é ag socrú ceadúnaisí fé phaitinneacha 'na mbeidh “ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scríbhinn ortha;
(c) más deimhin leis an gceannasaí ná fuil an chumadóireacht á hoibriú ar scála tráchtála laistigh de Shaorstát Éireann agus gur saghas í nách féidir d'oibriú amhlaidh gan caipital do chaitheamh nách mór seasamh ar an aon-tseilbh phaitinne chun é chruinniú, ansan, mara ndinidh an paitinní no na daoine a éilíonn fén bpaitinní a thógaint ortha féin an caipital san d'fháil, féadfidh an ceannasaí a ordú go ndeonfí don iarratasóir, no d'éinne eile no, neachtar acu, don iarratasóir agus d'aon duine no daoine eile le chéile, má bhíd ábalta agus toilteannach ar an gcaipital san do sholáthar, ceadúnas aon-tsealbhach ar pé téarmaí is dó leis an gceannasaí is ceart, ach fé réir a bhforáltar anso ina dhiaidh seo;
(d) más deimhin leis an gceannasaí nách féidir cuspóirí an ailt seo d'aimsiú tré fheidhmiú aon chomhachta acu san a luaidhtear anso roimhe seo, féadfa sé a ordú an phaitinn do cheiliúra, láithreach no tar éis pé aimsir réasúnta a luadhfar san ordú, mara gcólíontar idir an dá linn pé coiníollacha a hordófar san ordú d'fhonn cuspóirí an ailt seo d'aimsiú, agus, ar thaisbeáint chúise réasúnta in aon chás féadfidh an ceannasaí, tré ordú ina dhiaidh sin, an aimsir do luadhadh amhlaidh do chur i bhfaid:
Ach ní dhéanfidh an ceannasaí aon ordú ceiliúrtha a bheidh buiniscionn le haon chonnra, convensiún, socrú, no marga atá ann le haon tír iasachta no tiarnas Briotáineach agus a dineadh ag Saorstát Éireann no atá ina cheangal air;
(e) más dó leis an gceannasaí gurb é slí is fearr chun cuspóirí an ailt seo d'aimsiú ná gan aon ordú do dhéanamh fé sna forálacha san thuas den alt so, féadfa sé ordú do dhéanamh ag diúltú don iarratas agus deighleáil le haon cheist i dtaobh costaisí an iarratais fé mar is ceart dar leis.
(4) Nuair a beifear ag socrú téarmaí aon cheadúnais aontsealbhaigh den tsórt dá bhforáltar i mír (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo tabharfar aire chuibhe don chontabhairt atá á tarrac ag an gceadúnaí air féin ag soláthar an chaipitail agus ag oibriú na cumadóireachta, ach, fé réir an méid sin, dreachtófar an ceadúnas—
(a) i slí is go gcuirfar in áirithe don phaitinní an cháin údair mhaximum do bheith aige as an gceadúnaí d'oibriú na cumadóireachta laistigh de Shaorstát Éireann ar scála tráchtála agus le proifit réasúnta;
(b) i slí is go n-urrófar don phaitinní suim bhliantúil mhinimum mar cháin údair do bheith aige, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh sé réasúnta san do dhéanamh, ag cuimhneamh ar an gcaipital is gá chun an chumadóireacht d'oibriú sa cheart agus ar gach a mbaineann leis an gcás;
agus, i dteanta aon chomhacht eile a bheidh ráite sa cheadúnas no san ordú, déanfar an ceadúnas agus ordú deonta an cheadúnais do bheith incheiliúrtha do réir tola an cheannasaí má theipeann ar an gceadúnaí an tsuim do chaitheamh a bheidh luaidhte sa cheadúnas mar shuim go bhfuil sé ábalta agus toilteanach ar í do sholáthar chun an chumadóireacht d'oibriú ar scála tráchtála laistigh de Shaorstát Éireann, no má theipeann air an chumadóireacht d'oibriú amhlaidh laistigh den aimsir a bheidh luaidhte san ordú.
(5) A shocrú don cheannasaí cé dho go bhfuil a leithéid sin de cheadúnas aon-tsealbhach le deona déanfa sé, mara dtaisbeántar cúis mhaith ina choinnibh, tosach do thabhairt do sheana-cheadúnaí ar dhuine ná fuil aon leas cláruithe aige sa phaitinn.
(6) An t-ordú le n-a ndeonfar ceadúnas aon-tsealbhach fén alt so oibreoidh sé chun aon cheart do bhaint den phaitinní a bheidh aige mar phaitinní chun an chumadóireacht d'oibriú no d'úsáid, agus fós chun gach seana-cheadúnas do cheiliúra, mara bhforáltar a mhalairt san ordú, ach, ar dheona ceadúnais aon-tsealbhaigh, féadfidh an ceannasaí, más dó leis gur rud cóir cothrom é, a chur mar choiníoll go ndéanfidh an ceadúnaí cúiteamh ceart a shocróidh an ceannasaí do thabhairt in aon airgead no saothar do chaith an paitinní no aon tseana-cheadúnaí ag saothrú na cumadóireachta no á cur ar aghaidh.
(7) I ngach iarratas a tíolaicfar don cheannasaí fén alt so ní foláir cuntas iomlán do thabhairt ar cadé an saghas é leas an iarratasóra agus ar na dátáin ar a bhfuil a chás bunuithe ag an iarratasóir agus fós ar an bhfaoiseamh atá aige á lorg. Ní foláir dearbhuithe reachtúla do bheith i dteanta an iarratais ag deimhniú leasa an iarratasóra agus na ndátán atá curtha síos san iarratas.
(8) Breithneoidh an ceannasaí na nithe adeirtar san iarratas agus sna dearbhuithe agus, más deimhin leis leas bonâ fide do bheith ag an iarratasóir agus cás primâ facie do bheith déanta amach chun faoiseamh d'fháil, ordóidh sé don iarratasóir cóipeanna den iarratas agus de sna dearbhuithe do sheirbheáil ar an bpaitinní agus ar aon daoine eile gur léir ón gclár leas do bheith acu sa phaitinn, agus fógróidh sé an t-iarratas san Irisleabhar.
(9) Más mian leis an bpaitinní no le héinne cur i gcoinnibh aon fhaoiseamh do dheona fén alt so, seachadfa sé don cheannasaí, laistigh de pé aimsir a hordófar no laistigh de pé aimsir bhreise a lomhálfidh an ceannasaí ar a hiarraidh air, frith-ráiteas a bheidh deimhnithe le dearbhú reachtúil agus na scóranna ar a gcuirfar i gcoinnibh an iarratais curtha síos ann go hiomlán.
(10) Breithneoidh an ceannasaí an frith-ráiteas agus na dearbhuithe a neartuíonn leis agus leis sin féadfa sé an t-iarratas do chaitheamh amach más deimhin leis leor-fhreagra do bheith tugtha ar na nithe adeirtar san iarratas, mara n-iarraidh éinne de sna páirtithe éisteacht no mara gceapfidh an ceannasaí féin éisteacht. In aon chás féadfidh an ceannasaí a éileamh ar éinne de sna dearbhthóirí teacht ina láthair chun cros-cheistiú no tuille ceistiúcháin do dhéanamh air i dtaobh nithe a bhaineann leis na ceisteanna d'eirigh san iarratas agus sa bhfrith-ráiteas, agus féadfa sé, tar éis aire chuibhe do thabhairt ná nochtfar eolas d'iomathóirí trádála, a éileamh go ndéanfaí leabhair agus scríbhinní a bhaineann leis an ní atá i gceist do thabhairt ina láthair.
(11) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh orduithe uile an cheannasaí fén alt so, agus ar aon athchomharc den tsórt san beidh ag an dlí-oifigeach, no ag pé abhcóide eile a cheapfidh seisean, teideal chun teacht i láthair agus éisteacht d'fháil.
(12) In aon chás ná caithfidh an ceannasaí iarratas amach mar a foráltar anso roimhe seo, agus—
(a) má thoilíonn na páirtithe 'na bhfuil leas acu sa scéal chuige; no
(b) más gá sna himeachta aon scrúdú fada ar scríbhinní no aon fhiosrú eolaíochtach no áitiúil nárbh uiriste, dar leis an gceannasaí, a dhéanamh ina láthair;
féadfidh an ceannasaí a ordú aon uair na himeachta go léir no aon cheist fhírinne d'eirigh fútha do chur fé bhráid eadarscánaí ar a gcó-aontóidh na páirtithe no, mara ndinid có-aontú, a cheapfidh an ceannasaí agus má cuirtar na himeachta go léir fé bhráid eadarscánaí ní bheidh dul thar mola an eadarscánaí sin má thoilíonn na páirtithe uile chuige, ach mara dtoilíd amhlaidh féadfar athchomharc do dhéanamh ina choinnibh fé mar is féidir athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so agus má cuirtar ceist fhírinne fé bhráid eadarscánaí tuairisceoidh an t-eadarscánaí a bhreith-thora don cheannasaí.
(13) Chun crícheanna an ailt seo, foluíonn an focal “earra phaitinnithe” earraí a dintar le próiseas paitinnithe.
Oibriú ordú chun ceadúnas do dheona.
44.—Gan dochar d'aon tslí eile feidhmiúcháin, oibreoidh aon ordú chun ceadúnas do dheona fén Acht so fé is dá mba chuid é de dhintiúir deonta ceadúnais do chríochnódh an paitinní agus gach páirtí eile ba ghá.
Clár na bpaitinneacha.
45.—(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na bpaitinneacha, agus ina n-iontrálfar ainmneacha agus seolta na ndeonaithe dar deonadh paitinneacha fén Acht so, fógraí i dtaobh sannaithe agus tarchurtha ar na paitinneacha san, i dtaobh ceadúnaisí fé sna paitinneacha san, agus i dtaobh leasuithe, faidithe, agus ceiliúrtha ar na paitinneacha san, agus pé nithe eile a dhineann deifir do dhleathacht no do dhílseánacht na bpaitinneacha san agus a hordófar.
(2) Beidh clár na bpaitinneacha ina fhianaise primâ facie ar gach ní a horduítear no a húdaruítear leis an Acht so a chur isteach ann.
(3) Ní foláir cóipeanna de dhintiúirí, de cheadúnaisí, agus d'aon scríbhinní eile a dhineann deifir don dílseánacht in aon phaitinn no in aon cheadúnas fén bpaitinn sin do thabhairt don cheannasaí sa tslí orduithe chun a gcurtha i dtaisce san Oifig.
(4) Tabharfar don cheannasaí agus iontrálfar i gclár na bpaitinneacha fén Acht so cóipeanna deimhnithe de sna hiontrála uile sa chlár Bhriotáineach i dtaobh paitinneacha Briotáineacha go dtuigtar de bhua an Achta so gur paitinneacha do deonadh fén Acht so iad, ach ní bheidh sé oblagáideach na hiontrála san do dhéanamh sa chlár go dtí an chéad uair a bheidh sé riachtanach, do réir an Achta so no fé, cóipeanna deimhnithe de sna hiontrála san sa chlár Bhriotáineach do thabhairt don cheannasaí.
Féadfidh cumadóir no paitinní tairbhe do shanna d'Aire.
46.—(1) Féadfidh aon chumadóir no paitinní an tairbhe go léir as cumadóireacht agus as aon phaitinn a fuarthas no a bheidh le fáil don chumadóireacht do shanna (ar chomaoin luachmhair no dá héamais) d'Aire thar ceann an Stáit.
(2) San alt so cialluíonn an focal “Aire” Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh fén Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924).
Cumadóireachtaí a bhaineann le hinstruimidí no muinisin chogaidh.
47.—(1) Féadfidh an té is cumadóir d'aon fheabhsú ar instruimidí no muinisin chogaidh an tairbhe go léir as an gcumadóireacht agus as aon phaitinn a fuarthas no a bheidh le fáil don chumadóireacht do shanna (ar chomaoin luachmhair no dá héamais) don Aire Cosanta thar ceann an Stáit.
(2) Déanfidh an sanna tairbhe na cumadóireachta agus na paitinne do dhílsiú go héifeachtúil san Aire Cosanta thar ceann an Stáit, agus gach cumhnant agus có-aontú ann chun an chumadóireacht do chimeád fé rún agus i gcóir nithe eile beid dleathach agus éifeachtúil (d'ainneoin aon easba comaoine luachmhaire) agus féadfidh an tAire Cosanta iad do chur i bhfeidhm dá réir sin.
(3) I gcás ina mbeifear tar éis aon tsanna den tsórt san roimhráite do dhéanamh féadfidh an tAire Cosanta, aon uair roimh fhoillsiú na háireamhachta iomláine, a dheimhniú don cheannasaí gur cheart, ar mhaithe leis an seirbhís phuiblí, na mion-innste ar an gcumadóireacht agus ar an slí ina bhfuil sí le hoibriú do chimeád fé rún.
(4) Má dheimhníonn an tAire Cosanta amhlaidh déanfar, in ionad an t-iarratas agus na háireamhachtaí, maraon leis na tarraiceoireachtaí (más ann dóibh) agus le haon leasú ar an áireamhacht iomláin, agus aon chóipeanna de sna scríbhinní agus de sna tarraiceoireachtaí sin d'fhágaint san Oifig sa ghnáth-shlí, iad do sheachada don cheannasaí i bpacáid a bheidh séaluithe tré údarás an Aire Chosanta.
(5) Go dtí deire an téarma a bheidh paitinn don chumadóireacht i bhfeidhm, cimeádfidh an ceannasaí an phacáid roimhráite fé shéala agus ní hosclófar í ach fé údarás ordú ón Aire Cosanta no ón dlí-oifigeach.
(6) Aon uair le linn an phaitinn do bheith i bhfeidhm seachadfar an phacáid shéaluithe roimhráite d'éinne go mbeidh údarás aige ón Aire Cosanta í do ghlaca agus má tugtar thar n-ais don cheannasaí í cimeádfa sé sin fé shéala arís í.
(7) Ar bheith caithte do théarma na paitinne seachadfar an phacáid shéaluithe don Aire Cosanta.
(8) Má dheimhníonn an tAire Cosanta mar adubhradh tar éis iarratas ar phaitinn do bheith fágtha san Oifig, ach roimh fhoillsiú na háireamhachta iomláine, déanfar láithreach an t-iarratas agus na háireamhachtaí, maraon leis na tarraiceoireachtaí (más ann dóibh), do chur i bpacáid a séalófar tré údarás an cheannasaí, agus beidh an phacáid fé réir na bhforálacha san roimhe seo i dtaobh pacáide a bheidh séaluithe tré údarás an Aire Chosanta.
(9) Ní luighfidh aon imeacht, tré achuinge ná ar aon tslí eile, chun paitinn do cheiliúra do deonadh i gcóir cumadóireachta go mbeidh an tAire Cosanta tar éis deimhniú den tsórt san roimhráite ina taobh do thabhairt uaidh.
(10) Ní déanfar ar aon tslí in aon chor aon chóip d'aon áireamhacht no d'aon scríbhinn eile no d'aon tarraiceoireachtaí is gá do réir an ailt seo a chur i bpacáid shéaluithe d'fhoillsiú ná do nochta don phuiblíocht chun a hiniúchta, ach, lasmuich de chás dá n-orduítear a mhalairt san alt so, bainfidh forálacha an Achta so le haon chumadóireacht agus paitinn den tsórt san roimhráite.
(11) Féadfidh an tAire Cosanta aon uair tairbhe an ailt seo maidir le haon chumadóireacht áirithe do leigint uaidh agus leis sin déanfar as san amach na háireamhachtaí, na scríbhinní, agus na tarraiceoireachtaí a bhaineann leis an gcumadóireacht san do chimeád sa ghnáth-shlí agus deighleáil leo amhlaidh.
(12) Má dintar aon chumadóireacht i gcóir aon fheabhais ar instruimidí no muinisin chogaidh do chur in úil don Aire Cosanta no d'aon duine no daoine ag á mbeidh údarás ón Aire Cosanta chun fiosrú do dhéanamh i dtaobh na cumadóireachta san no i dtaobh a maitheasa, ní tuigfar gurb ionann san, ná éinní a déanfar chun crícheanna an fhiosruithe, agus an chumadóireacht san d'úsáid no d'fhoillsiú i slí is go ndéanfadh sé dochar do dheona no do dhleathacht aon phaitinne ina cóir.
(13) Tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Cosanta féadfidh an tAire rialacha do dhéanamh fén Acht so chun a chur in áirithe go gcimeádfar rún maidir le paitinneacha le n-a mbaineann an t-alt so, agus féadfar, leis na rialacha san, atharú do dhéanamh ar aon cheann d'fhorálacha an Achta so ina mbaint le paitinneacha den tsórt san roimhráite sa mhéid go ndeabhróidh sé bheith riachtanach chun na críche roimhráite.
Cás d'éisteacht le congnamh meastóra.
48.—(1) In aicsean no imeacht mar gheall ar shárú no cheiliúra phaitinne, féadfidh an chúirt, más oiriúnach léi é, agus déanfa sí, ar iarratas o gach páirtí chun na n-imeacht, meastóir ag á mbeidh cáilíocht speisialta do ghlaoch isteach chun conganta, agus an cás do thriail i bpáirt no go hiomlán le n-a chongnamh, agus má dintar amhlaidh trialfar an t-aicsean gan giúiré mara n-orduighidh an chúirt a mhalairt.
(2) Féadfidh an Chúirt Uachtarach, más oiriúnach léi é, in aon imeacht a bheidh os a cóir meastóir do ghlaoch isteach chun conganta mar adubhradh.
(3) Isí an chúirt no an Chúirt Uachtarach, do réir mar bheidh, a shocróidh cadé an luach saothair, más ann do, a híocfar le meastóir fén alt so, agus is mar chuid de chostaisí feidhmithe an Achta so a híocfar é.
Frith-éileamh ar cheiliúra phaitinne.
49.—Má bhíonn cosantóir, in aicsean mar gheall ar shárú phaitinne, i dteideal achuinge do thíolaca don chúirt chun an phaitinn do cheiliúra, féadfa sé, gan a leithéid d'achuinge do thíolaca, ceiliúra na paitinne d'iarraidh do réir rialacha na cúirte mar fhrith-éileamh san aicsean.
Comhacht ag an gcúirt faoiseamh do dheona maidir le héilithe áirithe.
50.—(1) D'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá in alt 39 (alt a bhaineann le srian le damáistí do thabhairt i gcás ina leasófar áireamhacht) den Acht so, má gheibheann an chúirt, in aon aicsean mar gheall ar shárú phaitinne, gur dleathach aon cheann no cinn de sna héilithe san áireamhacht go ndeirtar gur dineadh sárú ina taobh, déanfa sí faoiseamh maidir le haon éilithe den tsórt san do sáruíodh do dheona gan cuimhneamh ar nea-dhleathacht aon éilimh eile san áireamhacht ach féadfa sí déanamh do réir mar is rogha léi féin i dtaobh costaisí agus i dtaobh an dáta o n-ar cheart damáistí d'áireamh, agus an deona do dhéanamh ar pé téarmaí maidir le leasú is dó léi is oiriúnach.
(2) Le linn di an rogha a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo d'fheidhmiú, féadfidh an chúirt a chur san áireamh conus a thárla gur chuir na páirtithe na héilithe nea-dhleathacha isteach san áireamhacht no gur leigeadar do sna héilithe sin fanúint inti.
Duine a sháruíonn tré neamh-urchóid do shaora o fhiachas damáistí.
51.—Ní bheidh paitinní i dteideal aon damáistí, mar gheall ar aon tsárú ar phaitinn, do bhaint d'aon chosantóir a chruthóidh ná raibh aige, ar dháta an tsáruithe, eolas ná aon tslí réasúnta chun eolas d'fháil ar an bpaitinn do bheith ann, agus ní tuigfar gurb ionann earra do mharcáil, tríd an bhfocal “paitinn,” “paitinnithe,” no aon fhocal no focail a chuireann in úil no o n-a dtuigfí paitinn do bheith fachta don earra do stampáil, do ghreana, do mhúnlú no do chur ar aon tslí eile ar an earra, ní tuigfar gurb ionann san agus fógra do thabhairt i dtaobh an phaitinn do bheith ann mara mbeidh bliain agus uimhir na paitinne i dteanta an fhocail no na bhfocal:
Ach ní dhéanfidh éinní san alt so deifir d'aon imeachta chun cosc d'fháil.
Ordú chun cosc d'fháil no chun iniúchta.
52.—In aicsean mar gheall ar shárú phaitinne, beidh teideal ag an ngearánaí chun faoisimh i bhfuirm coisc agus damáistí d'fháil ach ní chun cuntais ar phroifití d'fháil, ach fé réir an méid sin féadfidh an chúirt, ar iarratas o cheachtar de sna páirtithe, pé ordú do dhéanamh chun coiscthe no chun iniúchta agus pé téarmaí agus pé orduithe d'fhorchur agus do thabhairt maidir leis an gcéanna agus leis na himeachta ina thaobh is oiriúnach leis an gcúirt.
Paitinn do dheona do bheirt no níos mó.
53.—I gcás ina ndeonfar paitinn do bheirt no níos mó le chéile, mara leagtar amach a mhalairt sa phaitinn déanfar, chó fada is bhaineann le cé chuige go dtuitfidh na leasanna dlíthiúla sa phaitinn, na daoine sin d'áireamh mar chó-thionóntaí ach, fé réir aon chonnartha ina choinnibh sin, beidh gach duine fé leith acu san i dteideal an chumadóireacht d'úsáid chun proifite dho féin gan cuntas do thabhairt do sna daoine eile, ach ní bheidh sé i dteideal ceadúnas do dheona gan cead uatha, agus, má gheibheann éinne den tsórt san bás tuitfidh an leas-chun-tairbhe do bhí aige sa phaitinn chun a ionadaithe dlíthiúla mar chuid dá estát phearsanta.
Coiníollacha áirithe a cuirfar le díol, etc., earraí paitinnithe, beid gan éifeacht.
54.—(1) Ní bheidh sé dleathach, maidir le haon chonnra i dtaobh aon earra no próiseas fé chosaint phaitinne do dhíol no do chur fé léas no i dtaobh ceadúnais chun an céanna d'úsáid no d'oibriú, coiníoll do chur isteach sa chonnra san 'na dtiocfidh as—
(a) an ceannuitheoir, an léasaí, no an ceadúnaí do thoirmeasc ar úsáid no do shriana o úsáid do dhéanamh d'aon earra no d'aon tsaghas earraí, paitinnithe no nea-phaitinnithe, no d'aon phróiseas paitinnithe, do sholáthruigh éinne no is le héinne seachas an díoltóir, an léasóir, no an ceadúnóir no a ainmnithe sin; no
(b) a cheangal ar an gceannuitheoir, ar an léasaí, no ar an gceadúnaí aon earra no aon tsaghas earraí ná fuil fé chosaint na paitinne do cheannach ón díoltóir, ón léasóir, ón gceadúnóir, no o n-a ainmnithe sin;
agus beidh aon choiníoll den tsórt san gan brí gan éifeacht mar gur coiníoll é a chuirfadh srian le trádáil agus a bheadh contrárdha don pholasaí phuiblí:
Ach ní bhainfidh an fo-alt so leis an gcás—
(i) má chruthuíonn an díoltóir, an léasóir, no an ceadúnóir go raibh cead ag an gceannuitheoir, ag an léasaí, no ag an gceadúnaí, am déanta an chonnartha, an earra do cheannach no léas no ceadúnas d'fháil ar théarmaí réasúnta, gan coiníollacha den tsórt san roimhráite; agus
(ii) má thugann an connra teideal don cheannuitheoir, don léasaí, no don cheadúnaí é féin do shaora o n-a fhreagarthacht in aon choiníoll den tsórt san do chólíona tré fhógra ráithe i scríbhinn do thabhairt don pháirtí eile agus, i gcás ceannaigh, tré íoc suime mar chúiteamh sa saoirse sin no, i gcás léasa no ceadúnais, tré íoc cíosa no cánach údair mar chúiteamh inti ar feadh iarsma téarma an chonnartha, pé suim, cíos no cáin údair a shocróidh eadarscánaí a bheidh ceaptha ag an Aire.
(2) In aon aicsean, iarratas, no imeachta fén Acht so ní stopfar éinne ar shaoirse d'iarraidh no d'fháil de bhíthin aon admhála do dhin sé i dtaobh réasúntacht na dtéarmaí do tairgeadh do fé mhír (i) den fhoráil a ghabhann le fo-alt (1) den alt so.
(3) Aon chonnra a bhaineann le léas aon earra paitinnithe no próisis phaitinnithe no le ceadúnas chun an céanna d'úsáid no d'oibriú, féadfidh ceachtar de sna páirtithe, tré fhógra ráithe i scríbhinn do thabhairt uaidh don pháirtí eile, deire do chur leis aon uair tar éis don phaitinn no do sna paitinneacha uile le n-a raibh an earra no an próiseas cosanta am déanta an chonnartha scur de bheith i bhfeidhm, agus san d'ainneoin éinní ina choinnibh sa chonnra san no in aon chonnra eile.
(4) Má chuireann an paitinní isteach i gconnra aon choiníoll atá gan brí gan éifeacht de bhua an ailt seo féadfar feidhm do bhaint as san mar chosaint in aicsean a bunófar, le linn an connra san do bheith i bhfeidhm, mar gheall ar shárú na paitinne le n-a mbaineann an connra.
(5) Maidir le héinní san alt so—
(a) ní dhéanfa sé deifir d'aon choiníoll i gconnra le n-a dtoirmiscthear ar dhuine aon earraí do dhíol seachas earraí duine áirithe; ná
(b) ní léireofar é mar ní a thugann dleathacht d'aon chonnra do bheadh nea-dhleathach gan an t-alt so; ná
(c) ní dhéanfa sé deifir d'aon cheart chun deire do chur le connra no le coiníoll i gconnra is infheidhmithe gan cead ón alt so; ná
(d) ní dhéanfa sé deifir d'aon choiníoll i gconnra i gcóir léasa ar earra phaitinnithe no ceadúnais chun a húsáidthe, coiníoll le n-a gcimeádann an léasóir no an ceadúnóir do féin no dá ainmnithe an ceart chun pé páirteanna nua den earra phaitinnithe do sholáthar is gá chun í do dheisiú no do chimeád deisithe.
Tortha agus substaintí ceimiciúla atá ceaptha mar bhia no mar chógaisí.
55.—(1) I gcás cumadóireachtaí a bhaineann le substaintí a hullamhuítear no a dintar tré phróiseasaí ceimiciúla no atá ceaptha mar bhia no mar chógaisí, ní bheidh éilithe ar an substaint féin san áireamhacht, ach amháin nuair a hullamhuítear no a dintar í tríd na modhna no tríd na próiseasaí déantóireachta a tuairiscítear agus a héilítear no tré n-a gcó-shamhla ceimiciúla soiléire: Ach in aicsean mar gheall ar shárú phaitinne i gcás ina mbaineann an chumadóireacht le substaint nua do dhéanamh, má bhíonn cruthúnas ar a mhalairt ar iarraidh tuigfar gur tríd an bpróiseas paitinnithe a dineadh aon tsubstaint ina bhfuil an có-mhianachas agus an có-dhéantús ceimiciúil céanna atá sa tsubstaint nua.
(2) I gcás aon phaitinne do chumadóireacht a bheidh ceaptha chun no is féidir d'úsáid chun bia no cógaisí d'ullamhú no do dhéanamh, deonfidh an ceannasaí d'éinne a iarrfidh é, maran léir do cúis mhaith ina choinnibh sin, ceadúnas chun an chumadóireacht d'úsáid chun bia no cógaisí d'ullamhú no do dhéanamh agus chuige sin amháin ach ní chun éinní eile; agus ag socrú téarmaí an cheadúnais sin do agus ag ceapa méid na cánach údair no na comaoine eile a bheidh iníoctha, cuimhneoidh an ceannasaí ar a thairbhí do bheadh sé an bia no na cógaisí do chur ar fáil don phuiblíocht ar an bpraghas ba lú ar ar bhféidir iad do dhíol tar éis luach saothair cuibhe do thabhairt don chumadóir as ucht na lorgaireachta as a dtáinig an chumadóireacht.
Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon bhreithe a thabharfidh an ceannasaí fén bhfo-alt so.
Gníomhartha nách ionann iad agus teacht roimh chumadóireacht.
56.—(1) Ní tuigfar i dtaobh cumadóireachta fé phaitinn do deonadh no do cláruíodh i Saorstát Éireann go dtánathas roimhe tré n-a foillsiú—
(a) in áireamhacht do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir iarratais do dineadh san Oifig sin caoga bliain ar a laighead roimh dháta iarrtha na paitinne, no
(b) in áireamhacht shealadaigh do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh, no
(c) in áireamhacht shealadaigh do fágadh san Oifig agus nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh.
(2) Ní tuigfar paitinn do bheith nea-dhleathach mar gheall ar gur dineadh an chumadóireacht no aon pháirt den chumadóireacht dar deonadh an phaitinn d'fhoillsiú roimh dháta na paitinne agus mar gheall air sin amháin, má chruthuíonn an paitinní chun sástachta na cúirte gur uaidh a tháinig no a fuarthas an t-abhar do foillsíodh, agus gur i ngan fhios do agus gan cead uaidh do dineadh an foillsiú, agus, má fuair sé eolas ar an bhfoillsiú roimh an dáta ar ar iarr sé an phaitinn, gur iarr agus go bhfuair sé cosaint dá chumadóireacht le gach dícheall réasúnta tar éis eolas d'fháil ar an bhfoillsiú:
Ach an chosaint a tugtar leis an bhfo-alt so ní shroichfe sé paitinní d'oibrigh a chumadóireacht ar nós tráchtála i Saorstát Éireann ar shlí eile seachas chun triail réasúnta do bhaint as an gcumadóireacht sara n-iarrfadh sé an phaitinn.
Deifríochtaí idir áireamhacht shealadaigh agus áireamhacht iomláin.
57.—Ní tuigfar paitinn do bheith nea-dhleathach ar an scór go dtuairiscítear leis an áireamhacht iomláin cumadóireacht eile seachas an ceann atá san áireamhacht shealadaigh no ceann atá deifriúil leis an gceann san más rud é go raibh an chumadóireacht a tuairiscítear inti, sa mhéid ná fuil sí le fáil san áireamhacht shealadaigh, go raibh an chumadóireacht san nua ar an dáta ar ar cuireadh isteach an áireamhacht iomlán, agus gurb é an t-iarratacóir ba chéad-chumadóir agus dob fhíor-chumadóir di.
Cirt ionadaí cumadóra mhairbh.
58.—(1) I gcás an té adeir gurb é do chum cumadóireacht d'fháil bháis gan paitinn d'iarraidh don chumadóireacht, féadfidh a ionadaí dlíthiúil paitinn d'iarraidh don chumadóireacht agus féadfar í do dheona dho san.
(2) Ní foláir dearbhú ón ionadaí dlíthiúil do bheith i ngach iarratas den tsórt san á rá go gcreideann sé gurb é an duine marbh dob fhíor-chumadóir agus ba chéad-chumadóir don chumadóireacht.
Cailliúint no díthiú paitinne.
59.—Má cailltear no má díthítear paitinn, no má tugtar cuntas a shásóidh an ceannasaí ar conus ná fuil sí le fáil, féadfidh an ceannasaí aon uair dúbláid di do shéalú.
Cumadóireacht d'fhoillsiú ag taisbeántaisí áirithe.
60.—(1) Má taisbeántar cumadóireacht ag taisbeántas ceárdasúil no eadarnáisiúnta, a bheidh deimhnithe ag an Aire mar thaisbeántas den tsórt san, no má foillsítear aon tuairisc ar an gcumadóireacht le linn an taisbeántas do bheith ar siúl, no má úsáidtear an chumadóireacht chun críche an taisbeántais san áit ina bhfuil an taisbeántas ar siúl, no má úsáideann éinne an chumadóireacht in aon áit eile i ngan fhios don chumadóir agus gan cead uaidh le linn an taisbeántas do bheith ar siúl, no má léigheann cumadóir páipeur os cóir cumainn léigheanta no má foillsítear an páipeur in imeachta an chumainn, ní dhéanfidh san dochar do cheart an chumadóra chun paitinn d'iarraidh agus d'fháil don chumadóireacht ná do dhleathacht aon phaitinne a deonfar de bharr an iarratais: Ar choiníoll—
(a) go ndéanfidh an taisbeántóir, sara dtaisbeánfa sé an chumadóireacht, no an té a léighfidh an páipeur san no a cheadóidh an foillsiú san, an fógra orduithe do thabhairt don cheannasaí go bhfuil sé chun san do dhéanamh; agus
(b) go n-iarrfar an phaitinn roimh an dáta no laistigh de shé mhí ón dáta ar a ndéanfar an taisbeántas d'oscailt no an páipeur san do léighe no d'fhoillsiú.
(2) Féadfidh an Ard-Chomhairle, le hOrdú, an t-alt so do chur i mbaint le haon taisbeántas a bheidh luaidhte san Ordú fé is dá mba thaisbeántas ceárdasúil no eadarnáisiúnta é do bheadh deimhnithe ag an Aire mar thaisbeántas den tsórt san agus féadfar a shocrú le haon Ordú den tsórt san go bhfuasclófar an taisbeántóir ón gcoiníoll san fógra do thabhairt don cheannasaí go bhfuil sé chun taisbeáint do dhéanamh, agus déanfar é d'fhuascailt amhalaidh gan aon choiníoll no ar pé téarmaí agus coiníollacha a bheidh ráite san Ordú.
Cumadóireacht d'úsáid ar árthach choigríche ar uiscí cois baile.
61.—(1) Ní choiscfidh paitinn cumadóireacht d'úsáid chun crícheanna stiúrtha árthaigh choigríche laistigh de líomatáiste údaráis Rialtais Shaorstáit Éireann, ná cumadóireacht d'úsáid in árthach choigríche laistigh den líomatáiste sin, mara n-úsáidtear ann é chun no i dtaobh aon rud do dhéanamh no d'ullamhú atá ceaptha le díol i Saorstát Éireann no le heasportáil amach as.
(2) Ní shroichfidh an t-alt so árthaí le haon stát coighríche ná bronntar le n-a dhlithe cirt den tsaghas chéanna maidir le cumadóireachtaí d'úsáid in árthaí le Saorstát Éireann le linn iad do bheith i bpuirt an stáit sin, no ar na huiscí laistigh de líomatáiste údaráis a chúirteanna.
(3) Chun crícheanna an ailt seo foluíonn an focal “árthach coigríche” long atá cláruithe i dtiarnas Briotáineach agus foluíonn an focal “stát coigríche” tiarnas Briotáineach.
Clárófar gníomhairí paitinne.
62.—(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na ngníomhairí paitinne, agus ní chleachtfidh éinne mar ghníomhaire phaitinne ná ní dhéanfa sé ná ní cheadóidh sé gníomhaire paitinne do thabhairt air féin ná a chur in úil gur gníomhaire paitinne é, maran rud é—
(a) i gcás duine aonair, go mbeidh sé cláruithe mar ghníomhaire phaitinne i gclár na ngníomhairí paitinne;
(b) i gcás tighe gnótha, go mbeidh an tigh gnótha agus gach páirtnéir sa tigh ghnótha cláruithe amhlaidh;
(c) i gcás cuideachtan, go mbeidh an chuideachta agus gach stiúrthóir ar an gcuideachtain agus a bainisteoir (más ann do) cláruithe amhlaidh.
(2) Má orduíonn agus nuair ordóidh an tAire amhlaidh cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na gcléireach agus ina n-iontrálfar ainmneacha cléireacha ceaduithe do ghníomhairí paitinne a bheidh cláruithe.
(3) Má sháruíonn éinne forálacha an ailt seo aon uair tar éis ráithe o thosach feidhme an Achta so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air, agus i gcás cuideachtan beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, no oifigeach eile don chuideachtain a bheidh páirteach go feasach sa tsárú ciontach i gcionta den tsort chéanna agus dlighfar fíneáil den tsórt chéanna do chur air.
(4) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an focal “gníomhaire paitinne” duine, tigh gnótha, no cuideachta ag á mbeidh ar siúl i Saorstát Éireann chun proifite an gnó san paitinneacha i Saorstát Éireann no in aon áit eile d'iarraidh no d'fháil.
(5) Ní tuigfar éinní san alt so do bheith á thoirmeasc ar atúrnaethe páirt do thógaint den tsórt do thógaidís go dtí so in imeachta cosúil le haon imeachta fén Acht so.
(6) Ní clárófar aon choigríoch mar ghníomhaire phaitinne.
Clár na ngníomhairí paitinne do bhainistí.
63.—(1) Einne—
(a) a chomhnuíonn no go bhfuil áit ghnótha aige i Saorstát Éireann, agus
(b) nách coigríoch, agus
(c) go bhfuil na cáilíochtaí orduithe oideachais agus gairme aige, agus
(d) a chólíonfidh na coiníollacha orduithe,
beidh sé ionchláruithe i gclár na ngníomhairí paitinne agus ar a iarraidh sin sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar íoc na táille orduithe dho clárófar amhlaidh é.
(2) Einne a bheidh cláruithe i gclár na ngníomhairí paitinne agus—
(a) a scuirfidh de bheith ionchláruithe amhlaidh, no
(b) go gcruthófar chun sástacht an Aire gur ciontuíodh é ina leithéid sin de chionta no go raibh sé ciontach ina leithéid sin de mhí-iompar agus a dhineann é gan bheith oiriúnach, dar leis an Aire, chun bheith ina ghníomhaire phaitinne, no
(c) a iarrfidh go dtógfí as an gclár é,
féadfidh an tAire é do thógaint as clár na ngníomhairí paitinne, ach ní tógfar éinne as amhlaidh (ach ar a iarratas féin) gan caoi do thabhairt do ar éisteacht d'fháil.
(3) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacha do dhéanamh chun clár na ngníomhairí paitinne do bhainistí agus leis na rialacha san féadfa sé éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud orduithe, agus féadfa sé go sonnrách a ordú amhlaidh cadiad na cáilíochtaí oideachais agus gairme agus na coiníollacha is gá chun bheith ionchláruithe sa chlár san, agus cadiad na táillí maximum a fhéadfidh éinne a bheidh cláruithe i gclár na ngníomhairí paitinne no aon atúrnae d'éileamh ar son pé seirbhísí a bheidh luaidhte sna rialacha san maidir le paitinneacha d'iarraidh no d'fháil.
(4) Má bunuítear clár de chléirigh fén Acht so féadfidh an tAire, le hordú, rialacha do dhéanamh chun an clár san do bhainistí agus leis na rialacha san féadfa sé a ordú cadiad na cáilíochtaí agus na coiníollacha is gá chun bheith ionchláruithe sa chlár san agus cadiad na táillí a íocfidh duine ar a chlárú ann.
(5) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacha a bheidh déanta fén alt so.
CUID III.—PATRUIN.
Clárú pátrún go generálta.
64.—(1) Ar a iarraidh sin sa bhfuirm agus sa tslí orduithe d'éinne adeir gurb é is dílseánach d'aon phátrún nua no bun-phátrún nár foillsíodh, roimh bhunú Shaorstáit Éireann, sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí, agus nár foillsíodh cheana i Saorstát Éireann, féadfidh an ceannasaí (fé réir forálacha an ailt seo) an pátrún san do chlárú fén Acht so.
(2) I gcás ina mbeidh cóipcheart ar bith fé Chodacha VI. agus VII. den Acht so san obair ealadhanta a mhíníonn pátrún, ní clárófar an pátrún san fén gCuid seo den Acht so gan toiliú únaera an chóipchirt sin.
(3) Féadfar an t-aon phátrún amháin do chlárú i níos mó ná aon tsaghas amháin, agus má bhíonn amhrus ann i dtaobh ce'ca saghas inar cheart pátrún do chlárú féadfidh an ceannasaí an cheist do shocrú.
(4) Féadfidh an ceannasaí, más oiriúnach leis é, diúltú d'aon phátrún áirithe do chlárú a tíolacfar do chun a chláruithe, ach féadfidh éinne ar a ngoillfidh aon diúltú den tsórt san athchomharc do dhéanamh chun na cúirte (ach amháin i gcás ina luigheann athchomharc fén Acht so chun an dlí-oifigigh) agus tar éis don chúirt an t-iarratasóir d'éisteacht agus fós an ceannasaí, más gá san, déanfa sí ordú á shocrú ce'ca tá no ná fuil agus má tá cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) ar a bhfuil clárú le ceadú.
(5) Tuigfar iarratas do bheith tréigthe a bheidh, mar gheall ar aon éislis no faillí ar thaobh an iarratasóra, gan bheith críochnuithe i slí is gur féidir clárú do dhéanamh laistigh den aimsir orduithe.
(6) Nuair a clárófar pátrún is fé dháta iarrtha a chláruithe a clárófar é.
Pátrúin do chlárú i gcásanna áirithe.
65.—(1) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do dhin, tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, a iarraidh ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann pátrún do chlárú, beidh sé i dteideal a iarraidh fén Acht so, laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go gclárófí an pátrún céanna agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar dháta an iarratais a céad-luaidhtear a dineadh é, agus san chun tosaíochtaí fé seach an iarratais sin fén Acht so agus aon iarratais eile do shocrú agus chun an dáta fé n-a gclárófar an pátrún do cheapa agus chun a shocrú ce'ca do foillsíodh an pátrún i Saorstát Éireann cheana no nár foillsíodh.
(2) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do fuair, idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so, cosaint do phátrún in aon tiarnas Briotáineach (seachas an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann) no stát coigríoch go ndéanfar, le hordú a déanfar fé alt 152 (alt a bhaineann le socruithe idirnáisiúnta) den Acht so, forálacha an ailt sin do chur i mbaint leis no a fhaisnéis go bhfuil na forálacha san ionchurtha i mbaint leis, beidh sé i dteideal a iarraidh fén Acht so, laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go gclárófí an pátrún céanna agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar an dáta ar ar hiarradh cosaint don phátrún san sa tiarnas Bhriotáineach no sa stát choigríoch san a dineadh é, agus san chun tosaíochtaí fé seach an iarratais sin fén Acht so agus aon iarratais eile do shocrú agus chun an dáta fé n-a gclárófar an pátrún do cheapa agus chun a shocrú ce'ca do foillsíodh an pátrún i Saorstát Éireann cheana no nár foillsíodh.
(3) Aon duine a iarrfidh fé fhorálacha an ailt seo go gclárófí pátrún, féadfa sé, aon uair roimh chríochnú an chláruithe sin (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an chéad chlárú a luaidhtear), a iarraidh ar an gceannasaí nea-mbríochaint do dhéanamh ar aon chlárú (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an dara clárú a luaidhtear) a dineadh ar an bpátrún gcéanna fé alt 66 (alt a bhaineann le pátrúin a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú) den Acht so agus ar a mbeidh, mar dháta dho, aon dáta idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so, féadfa sé an nea-mbríochaint sin d'iarraidh ar an scór go raibh an dáta ar ar hiarradh an dara clárú a luaidhtear ní ba dhéanaí ná an dáta ar ar dhin iarratasóir an chéad chláruithe a luaidhtear a iarraidh ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann no in aon tiarnas Briotáineach no stát coigríoch den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo an pátrún céanna do chlárú agus ar nea-mbríochaint d'iarraidh ar an gcuma san féadfidh an ceannasaí an dara clárú a luaidhtear do chur ar nea-mbrí ar an scór roimhráite ach ní har aon scór eile.
(4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh gach breithe a thabharfidh an ceannasaí ar iarratas ar neambríochaint fén bhfo-alt san roimhe seo.
Pátruin a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú.
66.—(1) An té a bheidh cláruithe de thurus na huaire in Oifig na bPaitinneacha i Lundain mar dhílseánach pátrúin a bheidh cláruithe san Oifig sin i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, ar íoc na táille orduithe dho agus nuair a thabharfa sé don cheannasaí le clárú cóipeanna deimhnithe den phátrún san agus de sna hiontrála ina thaobh sa chlár Bhriotáineach beidh teideal aige, aon uair laistigh de shé mhí tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go ndéanfí dho an pátrún san do chlárú fén Acht so i gclár na bpátrún san Oifig sna saghsanna céanna agus fé réir na bhfógraí gcéanna agus na nithe gcéanna eile go mbeidh an pátrún san cláruithe ionta agus fé n-a réir in Oifig na bPaitinneacha i Lundain ar dháta iarrtha a chláruithe fén Acht so.
(2) Chun gach críche fén Acht so tuigfar, i dtaobh pátrúin a bheidh cláruithe do réir an ailt seo, gur ar an dáta ar ar céadchláruíodh an pátrún san in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do céad-chláruíodh fén Acht so é, d'ainneoin an dáta san do bheith roimh rith an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus (pé uair a bheidh sé oiriúnach) tuigfar gur dineadh tréimhse an chóipchirt sa phátrún san d'fhaidiú fén Acht so ar an dáta no ar na dátaí fé seach ar ar dineadh agus go ceann na haimsire no na n-aimsear fé seach gur ina cóir no ina gcóir a dineadh an tréimhse sin d'fhaidiú in Oifig na bPaitinneacha i Lundain roimh chlárú an phátrúin sin do réir an ailt seo pe'ca roimh rith an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so no d'éis ceachtar den dá am san do bhí an dáta san no na dátaí sin fé seach.
Pátrúin do chlárú i saghsanna nua.
67.—I gcás pátrún do bheith cláruithe i saghas no i saghsanna carraí ní diúltófar do ghéille d'iarratas o dhílseánach an phátrúin ar é chlárú i saghas no i saghsanna éigin eile, ná ní bheidh a chlárú nea-dhleathach—
(a) ar an scór nách pátrún nua ná bun-phátrún an pátrún, mar gheall ar gur cláruíodh amhlaidh cheana é agus mar gheall air sin amháin; ná
(b) ar an scór gur foillsíodh an pátrún i Saorstát Éireann cheana, mar gheall ar gur cuireadh é ar earraí d'aon tsaghas inar cláruíodh amhlaidh cheana é agus mar gheall air sin amháin:
Ach ní dhéanfidh an clárú iar-ré sin tréimhse an chóipchirt sa phátrún d'fhaidiú thar an tréimhse a thagann as an gclárú do dineadh roimhe sin.
Deimhniú clárathachta.
68.—(1) Deonfidh an ceannasaí deimhniú clárathachta do dhílseánach an phátrúin nuair a bheidh an pátrún cláruithe.
(2) I gcás an bun-deimhniú do chailliúint no in aon chás eile gur oiriúnach leis é féadfidh an ceannasaí cóip no cóipeanna den deimhniú do thabhairt uaidh.
Clár na bpátrún.
69.—(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na bpátrún agus ina n-iontrálfar ainmneacha agus seolta dílseánacha pátrún cláruithe, fógraí i dtaobh sannaithe agus tarchurtha pátrún cláruithe, agus pé nithe eile a hordófar.
(2) Beidh clár na bpátrún ina fhianaise primâ facie ar gach ní a horduítear no a húdaruítear leis an Acht so a chur isteach ann.
Cóipcheart i bpátrúin chláruithe.
70.—(1) Nuair a clárófar pátrún beidh cóipcheart ag dílseánach cláruithe an phátrúin sa phátrún ar feadh cúig mblian o dháta an chláruithe fé réir forálacha an Achta so agus fé réir an chóipchirt agus gan dochar don chóipcheart a bronntar le Cuid VII. den Acht so maidir le hoibreacha ealadhanta áirithe a mhíníonn pátrúin.
(2) Más rud é, laistigh den aimsir orduithe roimh dheire na gcúig mblian san, go n-iarrfar ar an gceannasaí sa tslí orduithe tréimhse an chóipchirt d'fhaidiú, déanfidh an ceannasaí, ar íoc na táille orduithe, tréimhse an chóipchirt d'fhaidiú go ceann na dara tréimhse de chúig bliana o dheire na bun-tréimhse de chúig bliana.
(3) Más rud é, laistigh den aimsir orduithe roimh dheire na dara tréimhse sin de chúig bliana, go n-iarrfar ar an gceannasaí sa tslí orduithe tréimhse an chóipchirt d'fhaidiú, féadfidh an ceannasaí, fé réir aon rialacha fén Acht so agus ar íoc na táille orduithe, tréimhse an chóipchirt d'fhaidiú go ceann na tríú tréimhse de chúig bliana o dheire na dara tréimhse de chúig bliana.
Nithe le cólíona sara seachadtar earraí tar éis a ndíolta.
71.—(1) Sara seachadfar, tar éis a ndíolta, aon earraí ar ar cuireadh pátrún cláruithe, déanfidh an dílseánach—
(a) (marar soláthruíodh samhla cruinne ná samplaí ar an gclárú d'iarraidh), an líon orduithe de shamhla cruinne no de shamplaí den phátrún do thabhairt don cheannasaí; agus má theipeann air san do dhéanamh féadfidh an ceannasaí a ainm do scrios amach as an gclár, agus leis sin beidh deire leis an gcóipcheart sa phátrún; agus
(b) a chur fé ndeár an marc orduithe, no na focail no na figiúirí orduithe a thaisbeánann go bhfuil an pátrún cláruithe do mharcáil ar gach earra den tsórt san; agus má theipeann ar an dílseánach san do dhéanamh ní bheidh sé i dteideal aon phionós ná damáistí do bhaint amach in éiric aon tsárú ar a chóipcheart sa phátrún mara dtaisbeána sé gur dhin sé gach ní ba cheart chun a chur in áirithe go marcálfí an earra, no mara dtaisbeána sé gur dineadh an sárú tar éis don té ba chiontach ann fios no fógra d'fháil go raibh an cóipcheart sa phátrún ar bith.
(2) Má dintar ag lucht aon trádála no ceárdais no thar a gceann a chur os cóir an Aire go bhfuil sé oiriúnach chun leasa na trádála no an cheárdais éinní dá n-éilítear leis an alt so i dtaobh marcála do leigint ar lár no d'atharú maidir le haon tsaghas no sórt áirithe earraí, féadfidh an tAire más oiriúnach leis é, tré rialacha generálta do dhéanamh fén Acht so, na nithe sin do leigint ar lár no d'atharú, maidir le haon tsaghas no sórt earraí mar sin, chó mór agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis.
Ní foillsiú ar phátrún é do nochta fé rún.
72.—Má dhineann an dílseánach pátrún do nochta d'éinne eile i slí is go mbeadh sé mí-mhacánta don duine eile sin an pátrún d'úsáid no d'fhoillsiú, agus má dhineann éinne seachas dílseánach pátrúin an pátrún do nochta contrárdha don mhacántacht, agus má glactar céad-ordú fé rún ar earraí ar a mbeidh pátrún nua no bun-phátrún fíodóireachta a beifear ar aigne a chlárú, ní tuigfar gur foillsiú ar an bpátrún é is leor chun cóipcheart an phátrúin do dhéanamh nea-dhleathach má fachtar clárú air tar éis an nochttha no an ghlactha san.
Pátrúin chláruithe d'iniúcha.
73.—(1) Ar feadh téarma cóipchirt i bpátrún, no ar feadh pé tréimhse níos giorra a hordófar agus nách giorra ná dhá bhliain o chlárú an phátrúin, ní bheidh an pátrún le feiscint chun a iniúchta ach ag an dílseánach no ag duine go mbeidh údarás i scríbhinn aige uaidh, no ag duine go mbeidh údarás aige ón gceannasaí no ón gcúirt, agus a thabharfidh uaidh pé eolas a chuirfidh ar chumas an cheannasaí an pátrún d'aithint, agus ní bheidh sé le feiscint chun a iniúchta ag éinne ach amháin i láthair an cheannasaí, no i láthair oifigigh a bheidh ag gníomhú fé, agus ar íoc na táille orduithe; agus an té dhéanfidh an t-iniúcha ní bheidh sé i dteideal aon chóip do thógaint den phátrún ná d'aon chuid de:
Ach má diúltuítear do phátrún do chlárú ar an scór gur mar a chéile é agus pátrún atá cláruithe cheana féin, beidh iarratasóir an chláruithe i dteideal an pátrún atá cláruithe amhlaidh d'iniúcha.
(2) Tar éis dul in éag don chóipcheart i bpátrún no tar éis tréimhse níos giorra ná san mar adubhradh, beidh an pátrún le feiscint chun a iniúchta, agus ar íoc na táille orduithe féadfidh éinne cóipeanna do thógaint de.
(3) Féadfar tréimhsí deifriúla d'ordú fén alt so do shaghsanna deifriúla earraí.
Eolas i dtaobh clárú do bheith ann.
74.—Ar a iarraidh sin d'éinne a thabharfidh uaidh pé eolas a chuirfidh ar chumas an cheannasaí an pátrún d'aithint, agus ar íoc na táille orduithe, cuirfidh an ceannasaí in úil don duine sin ce'ca tá an pátrún ar clárú fós no ná fuil agus, má tá, cadiad na saghsanna earraí atá ar clárú, agus inneosa sé dáta an chláruithe agus ainm agus seola an dílseánaigh chláruithe.
Clárú pátrúin do chur ar nea-mbrí.
75.—(1) Aon uair tar éis pátrún do bheith cláruithe féadfidh éinne le n-a mbaineann an scéal a iarraidh ar an gceannasaí clárú an phátrúin do chur ar nea-mbrí, ar cheachtar de sna scóranna so a leanas:—
(a) gur dineadh, roimh dháta cláruithe an phátrúin, an pátrún d'fhoillsiú sa Ríocht Aontuithe, a bhí ann le déanaí, sarar bunuíodh Saorstát Éireann, no i Saorstát Éireann;
(b) go gcuirtar an pátrún ar aon earra i dtír choigríche tré dhéantóireacht, agus ná dintar san i Saorstát Éireann tré dhéantóireacht chó foirleathan is tá réasúnta do réir chúrsaí an cháis:
Ach más ar an scór deiridh sin a luaidhtear a déanfar an t-iarratas agus gur deimhin leis an gceannasaí nách leor an aimsir d'imigh o dháta an chláruithe chun an pátrún do chur ar earra tré dhéantóireacht i Saorstát Éireann, féadfidh an ceannasaí an t-iarratas do chur ar athló go ceann pé aimsire is dó leis is leor chun na críche sin; agus in ionad nea-mbríochaint do dhéanamh, féadfidh an ceannasaí a ordú go ndeonfí ceadúnas éigeanta ar pé téarmaí is cóir dar leis.
(2) Luighfidh athchomharc chun na cúirte i gcoinnibh aon ordú a dhéanfidh an ceannasaí fén alt so, agus féadfidh an ceannasaí aon uair aon iarratas den tsórt san do chur chun na cúirte chun a thrialta.
Pátrúin d'fhoillsiú ag taisbeántaisí áirithe.
76.—Má dintar pátrún no aon earra ar a mbeidh pátrún curtha do thaisbeáint ag taisbeántas ceárdasúil no eadarnáisiúnta, a bheidh deimhnithe ag an Aire mar thaisbeántas den tsórt san, no é thaisbeáint in aon áit eile i ngan fhios don dílseánach agus gan cead uaidh le linn an taisbeántais do bheith ar siúl no tuairisc ar phátrún d'fhoillsiú le linn aon taisbeántais den tsórt san do bheith ar siúl, ní chuirfidh san cosc leis an bpátrún do chlárú ná ní dhéanfa sé a chlárú do bheith nea-dhleathach: Ar choiníoll—
(a) go ndéanfidh an taisbeántóir, sara dtaisbeánfa sé an pátrún no an earra, no sara bhfoillseoidh sé tuairisc ar an bpátrún, an fógra orduithe do thabhairt don cheannasaí go bhfuil sé chun san do dhéanamh; agus
(b) go n-iarrfar an clárú roimh dháta oscailte an taisbeántais no laistigh de shé mhí ón dáta san.
(2) Féadfidh an Ard-Chomhairle, le hOrdú, an t-alt so do chur i mbaint le haon taisbeántas a bheidh luaidhte san Ordú fé is dá mba thaisbeántas ceárdasúil no eadarnáisiúnta é do bheadh deimhnithe ag an Aire mar thaisbeántas den tsórt san agus féadfar a shocrú le haon Ordú den tsórt san go bhfuasclófar an tais beántóir ón gcoiníoll san fógra do thabhairt don cheannasaí go bhfuil sé chun taisbeáint do dhéanamh, agus déanfar é d'fhuascailt amhlaidh gan aon choiníoll no ar pé téarmaí agus coiníollacha a bheidh ráite san ordú.
Féadfidh Airí pátrúin d'fháil.
77.—(1) Beidh sé dleathach d'aon Aire pátrún d'fháil, tré n-a cheannach no ar shlí eile, o dhílseánach an phátrúin sin (pe'ca bheidh sé cláruithe i Saorstát Éireann no in aon áit eile no ná beidh) agus beidh sé dleathach don dílseánach san an pátrún san no aon cheart, saoirse, no príbhléid a bhaineann leis do dhíol leis an Aire sin no d'aistriú chuige ar shlí eile ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar idir an Aire agus an dílseánach agus a cheadóidh an tAire Airgid.
(2) Féadfidh aon Aire a thabhairt chun críche go ndéanfar (fé réir forálacha an Achta so) aon phátrún do fuair sé no do dílsíodh ann fén alt so no ar shlí eile do chlárú sa chlár oiriúnach a bheidh bunuithe fén Acht so, agus féadfa sé a thabhairt chun críche go gclárófar aon phátrún den tsórt san in aon chlár a bheidh á chimeád in aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann má ceaduítear agus sa mhéid go gceaduítear agus fé pé cioníollacha fé n-a gceaduítear clárú den tsórt san leis an dlí a rialálann an clár san, agus in aon chás den tsórt san féadfa sé a thabhairt chun críche go n-iontrálfar é féin mar dhílseánach d'aon phátrún a clárófar amhlaidh.
(3) Beidh sé dleathach d'Aire ceadúnas do dheona d'éinne chun aon phátrún dá mbeidh an tAire sin ina dhílseánach chláruithe d'úsáid agus do chur ar aon earraí agus pé táillí a cheadóidh an tAire Airgid d'éileamh ar cheadúnaisí den tsórt san.
(4) Féadfidh forálacha bheith i ngach ceadúnas a dheonfidh Aire fén bhfo-alt san roimhe seo á chur in áirithe gur ar earraí d'fhás no do dineadh no do saothruíodh i Saorstát Éireann agus ortha san amháin a chuirfidh an ceadúnaí an pátrún le n-a mbaineann an ceadúnas san agus, fós, féadfidh forálacha, coiníollacha agus sriantachtaí bheith in aon cheadúnas den tsórt san fé mar is dó leis an Aire is ceart chun a chur in áirithe gur ar earraí de cháilíocht no de shórt áirithe agus ortha san amháin a chuirfidh an ceadúnaí an pátrún le n-a mbaineann an ceadúnas san.
(5) Féadfidh Aire aon uair pé nithe dleathacha is dó leis is ceart do dhéanamh, pe'ca tré aicsean no tré chúiseamh sa dlí no ar shlí eile é, chun srian de chur le sáruithe ar an gcóipcheart in aon phátrún dá mbeidh sé ina dhílséanach chláruithe fén alt so no chun pionós do chur i bhfeidhm mar gheall ortha no chun an cóipcheart san do chosaint in aon tslí eile, agus féadfa an tAire sin na nithe sin do dhéanamh i Saorstát Éireann no in aon tír no áit eile ina mbeidh sé cláruithe amhlaidh.
(6) San alt so cialluíonn an focal “Aire” Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh fén Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924).
Sárú cóipchirt i bpátrún do thoirmeasc.
78.—Ar feadh téarma chóipchirt in aon phátrún ní bheidh sé dleathach d'éinne—
(a) an pátrún ná aon aithris chalaoiseach no shoiléir air do chur, ná a chur fé ndeár san do chur, chun crícheanna díola, ar aon earra in aon tsaghas earraí ina mbeidh an pátrún cláruithe, ach amháin le ceadúnas no le toiliú i scríbhinn ón dílseánach cláruithe, ná éinní do dhéanamh chun go bhféadfar an pátrún do chur ar earra amhlaidh; ná
(b) aon earra d'fhoillsiú no do thaisbeáint chun a díolta no a chur fé ndeár í do dhíol no do thaisbeáint chun a díolta agus a fhios aige go bhfuil an pátrún no aon aithris chalaoiseach no shoiléir air curtha ar an earra san gan toiliú ón dílseánach cláruithe.
(2) Má dhineann éinne sárú ar an alt so dlighfar air, in aghaidh gach sáruithe, suim ná raghaidh thar caoga punt d'íoc le dílseánach cláruithe an phátrúin, suim a bheidh ionbhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha, no más rogha leis an dílseánach aicsean do bhunú chun damáistí do bhaint amach mar gheall ar an sárú san agus chun cosc d'fháil i gcoinnibh a dhéanta arís, dlighfar air pé damáistí a molfar d'íoc agus srian do chur leis tré chosc dá réir sin:
Ach an tsuim iomlán is ionbhainte amach mar fhiacha gnáthchonnartha maidir le haon phátrún aonair ní ragha sí thar céad punt.
Iarrataisí a tréigfar no 'na ndiúltófar do ghéille dhóibh.
79.—Má dineadh iarratas ar phátrún do thréigint no diúltú do ghéille dho, ansan, an t-iarratas agus aon tarraiceoireachtaí, grianghrafanna, riantarraiceoireachtaí, samhla no samplaí do fágadh mar gheall ar an iarratas, ní bheid le feiscint aon uair ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha ná ní fhoillseoidh an ceannasaí iad.
CUID IV.—MARCANNA TRADALA.
Clár na marcanna trádála.
80.—(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na marcanna trádála agus ina n-iontrálfar na marcanna trádála uile a bheidh cláruithe, maraon le hainmneacha agus seolta a ndílseánach, fógra i dtaobh sannaithe agus tarchurtha, séanta, coiníollacha, teoranta agus pé nithe eile den tsórt san a bhaineann leis na marcanna trádála san agus a hordófar o am go ham.
(2) Cimeádfar clár na marcanna trádála fé smacht agus fé bhainistí an cheannasaí.
(3) Beidh clár na marcanna trádála roinnte ina dhá chuid dá ngairmfar Cuid A agus Cuid B, agus beidh sna codacha san fé seach na marcanna trádála a horduítear leis an Acht so do chlárú ionta fé seach.
Ní foláir marc trádála do bheith i gcóir carraí áirithe.
81.—Ní foláir marc trádála do chlárú maidir le hearraí áirithe no saghsanna áirithe earraí.
Nithe is gá chun clárú do dhéanamh i gCuid A.
82.—(1) I dtreo go bhféadfar marc trádála do chlárú i gCuid A den chlár, ní foláir ceann amháin ar a laighead de sna nithe riachtanacha so a leanas do bheith ann no é bheith có-dhéanta dhe.—
(a) ainm cuideachtan, duine aonair, no tighe ghnótha agus í ar taisbeáint ar shlí speisialta no áirithe;
(b) sighniú iarratasóra an chláruithe, no sighniú roimhshealbhadóra éigin ina ghnó;
(c) focal no focail do cumadh;
(d) focal no focail ná tagrann díreach do chineál ná do cháilíocht na n-earraí, agus nách ainm gheografach ná sloinne é do réir a ghnáth-bhrí;
(e) aon mharc idirdhealuitheach eile, ach ní bheidh ainm, sighniú, ná focal no focail, seachas iad so a foluítear fé sna tuairiscí sna míreanna san thuas (a), (b), (c) agus (d), ionchláruithe fé fhorálacha na míre seo ach amháin de bharr fianaise ar a idirdhealuitheacht.
(2) D'ainneoin forálacha an fho-ailt sin roimhe seo, aon fhocal no focail, leitir, uimhir, no aon chnuasach de leitreacha no d'uimhreacha, speisialta no idirdhealuitheach, do húsáideadh mar mharc thrádála ag an iarratasóir no ag á roimh-shealbhadóirí gnótha roimh an tríú lá déag de Lúnasa míle ocht gcéad seachtó a cúig, agus gur leanadh d'é d'úsáid (ina bhun-fhuirm no maraon le breiseanna leis no atharuithe air nár bhain puinn o n-a sho-aitheantacht) anuas go dtí dáta an iarratais ar chlárú, beidh sé ionchláruithe mar mharc thrádála fén Acht so.
(3) Chun crícheanna an ailt seo ciallóidh “idirdhealuitheach” oiriúnach chun idirdhealú do dhéanamh idir earraí dílseánaigh an mhairc thrádála agus earraí daoine eile, agus nuair a bheidh an bínse á shocrú ce'ca tá marc trádála oiriúnach amhlaidh no ná fuil féadfa sé, i gcás mairc thrádála in úsáid achtúil, a chur san áireamh a mhéid do dhin an úsáid sin an marc trádála san do bheith idirdhealuitheach dáiríríbh do sna hearraí go bhfuil sé cláruithe no go bhfuiltear chun a chláruithe ina dtaobh.
Dath marcanna trádála.
83.—Féadfar teora dhatha no dhathanna áirithe do cheapa do mharc thrádála i bpáirt no go hiomlán, agus ina leithéid sin de chás aon bhínse ar a mbeidh breith do thabhairt ar chineál idirdhealuitheach an mhairc thrádála san cuirfe sé san áireamh go bhfuil an marc san teoranta amhlaidh. Má dintar agus sa mhéid go ndéanfar marc trádála do chlárú gan teora dhatha do cheapa dho tuigfar é do bheith cláruithe fé gach dath.
Marcanna trádála mealltacha no mí-threoracha.
84.—Aon abhar is dóichí a chuirfadh duine amú agus, mar gheall air sin no mar gheall ar éinní eile, ná beifí i dteideal cosaint dá úsáid d'fháil i gcúirt bhreithiúnais, ní bheidh sé dleathach é do chlárú mar mharc thrádála ná mar chuid de mharc thrádála.
Iarratas ar chlárú i gCuid A.
85.—(1) Einne adeir gurb é féin is dílseánach do mharc thrádála agus 'nar mian leis an marc san do chlárú i gCuid A den chlár ní foláir do iarratas i scríbhinn do dhéanamh chun an cheannasaí sa tslí orduithe.
(2) Fé réir forálacha an Achta so féadfidh an ceannasaí diúltú do ghlaca leis an iarratas san, no féadfa sé glaca leis gan aon choiníoll no fé réir coiníollacha, leasuithe no atharuithe, no fé réir pé teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile a cheapfa sé bheith ceart a fhorchur.
(3) Má dhineann an ceannasaí aon diúltú no aon ghlaca coiníollach den tsórt san déarfa sé i scríbhinn, má éilíonn an t-iarratasóir air é, na scóranna ar ar bhunuigh sé a bhreith agus na habhair d'úsáid sé ag teacht ar an mbreith sin do, agus féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Aire no chun na cúirte, fé mar is rogha leis an iarratasóir, i gcoinnibh na breithe sin.
(4) Is sa tslí orduithe a déanfar athchomharc fén alt so, agus ar athchomharc den tsórt san déanfidh an tAire no an chúirt, pe'ca aca é, an t-iarratasóir agus an ceannasaí d'éisteacht más gá san, agus déanfid ordú á shocrú ce'ca glacfar leis an iarratas no ná glacfar agus má glactar cadiad na coiníollacha, na leasuithe, no na hatharuithe, más ann dóibh, no cadiad na teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile, gur fé n-a réir a glacfar leis.
(5) Is do réir na n-abhar adéarfidh an ceannasaí amhlaidh d'úsáid sé ag teacht ar an mbreith a thug sé uaidh a héistfar athchomhairc fén alt so, agus ní ceadófar don cheannasaí aon scóranna eile seachas na cinn a bheidh ráite aige do thabhairt anuas i gcoinnibh glaca leis an iarratas, ach amháin le cead an bhínse a bheidh ag éisteacht an athchomhairc. Nuair a tabharfar anuas aon scóranna eile i gcoinnibh glactha amhlaidh beidh an t-iarratasóir i dteideal a iarratas do tharrac siar, gan costaisí d'íoc, ar fhógra do thabhairt mar a horduítear.
(6) Féadfidh an ceannasaí no an tAire no an chúirt, pe'ca aca é, aon uair, pe'ca roimh an nglaca é no dá éis sin, aon earráid san iarratas no maidir leis do cheartú, no féadfid a cheadú don iarratasóir a iarratas do leasú ar pé téarmaí is oiriúnach leo.
Iarratas ar chlárú i gCuid B.
86.—(1) I gcás aon mharc do bheith dhá bhliain ar a laighead á úsáid bonâ fide i Saorstát Éireann ar aon carraí no maidir le haon earraí (pe'ca chun a ndíolta i Saorstát Éireann iad no chun a n-easportálta i gcéin) chun a thaisbeáint gurb iad earraí dílseánaigh an mhairc iad de bhua a ndéanta, á dtoghtha amach, a ndeimhnithe, deighleála leo no a dtairgthe chun a ndíolta, féadfidh an té adeir gurb é féin dílseánach an mhairc a iarraidh i scríbhinn ar an gceannasaí sa tslí orduithe go ndéanfaí an marc d'iontráil do mar mharc thrádála chláruithe is leis i gCuid B den chlár maidir leis na hearraí sin.
(2) Breithneoidh an ceannasaí gach iarratas den tsórt san ar mharc thrádála do chlárú i gCuid B den chlár, agus más léir do, tar éis pé cuardach, más ann do, is dó leis is gá, go dtoirmiscthear leis an Acht so an marc trádála do chlárú no maran deimhin leis gur húsáideadh an marc amhlaidh mar adubhradh no gur féidir don mharc earraí an iarratasóra d'idirdhealú, féadfa sé diúltú do ghlaca leis an iarratas, no féadfa sé glaca leis fé réir coiníollacha, leasuithe na atharuithe i dtaobh na n-earraí no na saghsanna earraí dá mbeidh an marc le clárú, no fé réir pé teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile a cheapfa sé bheith ceart a fhorchur, agus in aon chás eile glacfa sé leis an iarratas, ach beidh gach glaca le haon iarratas den tsórt san fé réir forálacha an Achta so.
(3) Beidh i dteanta gach iarratais den tsórt san dearbhú reachtúil ag deimhniú na húsáide, maraon le dáta na céad úsáide, agus iontrálfar an dáta san ar an gclár.
(4) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon diúltú no aon ghlactha coiníollach den tsórt san agus, más nea-dhóthanacht fianaise i dtaobh úsáide an scór ar ar tugadh an diúltú, beidh an diúltú san gan dochar d'aon iarratas ar an marc trádála do chlárú i gCuid A den chlár.
(5) Féadfar marc do chlárú i gCuid B den chlár d'ainneoin aon chlárú do dhin an dílseánach céanna ar an marc gcéanna no ar aon chuid no codacha dhe i gCuid A den chlár.
Iarratas d'aistriú o Chuid A go dtí Cuid B.
87.—Má iarrann éinne go gclárófí marc trádála i gCuid A den chlár, féadfidh an ceannasaí, in ionad diúltú do ghlaca leis an iarratas, é d'áireamh mar iarratas ar chlárú do dhéanamh i gCuid B den chlár, má bhíonn an t-iarratasóir toilteanach chuige, agus deighleáil leis an iarratas dá réir sin.
Marcanna trádála do chlárú i gcásanna áirithe.
88.—(1) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do dhin, tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, a iarraidh ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann marc trádála do chlárú, beidh sé i dteideal a iarraidh fén Acht so, laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go gclárófí an marc trádála céanna agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar dháta an iarratais a céadluaidhtear a dineadh é agus san chun gach críche maraon leis an dáta fé n-a bhfuil an marc trádála le clárú.
(2) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do fuair, idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so cosaint do mharc thrádála in aon tiarnas Briotáineach (seachas an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann) no stát coigríoch go ndéanfar, le hordú a déanfar fé alt 152 (alt a bhaineann le socruithe idirnáisiúnta) den Acht so, forálacha an ailt sin do chur i mbaint leis no a fhaisnéis go bhfuil na forálacha san ionchurtha i mbaint leis, beidh sé i dteideal a iarraidh fén Acht so, laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go gclárófí an marc trádála céanna agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar an dáta ar ar hiarradh cosaint don mharc thrádála san sa tiarnas Bhriotáineach no sa stát choigríoch san a dineadh é agus san chun gach críche maraon leis an dáta fé n-a bhfuil an marc trádála le clárú.
(3) Aon duine a iarrfidh fé fhorálacha an ailt seo go gclárófí marc trádála (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an chéad mharc trádála a luaidhtear) féadfa sé, aon uair roimh chríochnú an chláruithe sin, a iarraidh ar an gceannasaí go dtógfí amach as an gclár aon mharc trádála (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an dara marc trádála a luaidhtear) a bheidh cláruithe fé alt 89 (alt a bhaineann le marcanna trádála a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú) den Acht so fé aon dáta idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so ach tar éis an dáta fé n-a bhféadfí an chéad mharc trádála a luaidhtear do chlárú agus ar a iarraidh sin air féadfidh an ceannasaí an dara marc trádála a luaidhtear do thógaint amach as an gclár ar aon scór ar a bhféadfadh an té d'iarr an tógaint-amach san cur i gcoinnibh clárú an dara mairc thrádála san a luaidhtear agus buachtaint ach ní har aon scór eile.
(4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh gach breithe a thabharfidh an ceannasaí ar iarratas ar thógaintamach fén bhfo-alt san roimhe seo.
Marcanna trádála a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú.
89.—(1) An té a bheidh cláruithe de thurus na huaire in Oifig na bPaitinneacha i Lundain mar dhílseánach do mharc thrádála a bheidh cláruithe san oifig sin i dtosach feidhme na Coda so den Acht so (agus marc a bheidh cláruithe fé alt 62 den Trade Marks Act, 1905, d'áireamh), ar íoc na táille orduithe dho agus nuair a thabharfa sé don cheannasaí le clárú cóipeanna deimhnithe den mharc thrádála san agus de sna hiontrála ina thaobh sa chlár Bhriotáineach, beidh teideal aige, aon uair laistigh de shé mhí tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go ndéanfí dho an marc trádála san do chlárú fén Acht so i gclár na marcanna trádála san Oifig sa chuid chéanna den chlár agus maidir leis na hearraí céanna no na saghsanna céanna earraí agus fé réir na bhfógraí gcéanna agus na nithe gcéanna eile go mbeidh an marc trádála san cláruithe inti agus fé n-a réir in Oifig na bPaitinneacha i Lundain ar dháta iarrtha a chláruithe fén Acht so agus fós fé réir aon teoranta eile a forchuirtar leis an Acht so agus a bhaineann leis an marc trádála san.
(2) Chun gach críche fén Acht so tuigfar, i dtaobh mairc thrádála a bheidh cláruithe do réir an ailt seo, gur ar an dáta ar ar céad-chláruíodh an marc trádála san in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do céad-chláruíodh fén Acht so é, d'ainneoin an dáta san do bheith roimh rith an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus (pé uair a bheidh sé oiriúnach) tuigfar gur dineadh clárú an mhairc thrádála san d'athnuachaint fén Acht so ar an dáta no ar na dátaí fe seach ar ar dineadh agus go ceann na tréimhse no na dtréimhsí fé seach gur ina cóir no ina gcóir a dineadh clárú an mhairc thrádála san in Oifig na bPaitinneacha i Lundain d'athnuachaint san Oifig sin roimh chlárú an mhairc thrádála san do réir an ailt seo pe'ca roimh rith an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so no d'éis ceachtar den dá am san do bhí an dáta san no na dátaí sin fé seach.
Iarratas d'fhógairt.
90.—(1) Nuair a glacfar le hiarratas ar mharc thrádála do chlárú, pe'ca gan coiníoll é no fé réir choiníollacha agus teoranta, déanfidh an ceannasaí, chó luath agus is féidir é tar éis an ghlactha san, a chur fé ndeár an t-iarratas, mar a bhí nuair a glacadh leis, d'fhógairt sa tslí orduithe, agus luadhfar i ngach fógrán den tsórt san gach coiníoll agus teora gur fé n-a réir a glacadh leis an iarratas.
(2) I n-aon chás in ar dó leis an gceannasaí go bhfuil sé oiriúnach san do dhéanamh féadfa sé a chur fé ndeár iarratas ar mharc thrádála do chlárú d'fhógairt sara nglacfar leis, agus pé uair a fógrófar iarratas amhlaidh ní bheidh sé riachtanach an fhógairt is gá do réir fo-alt (1) den alt so do dhéanamh.
(3) Ní bhainfidh an t-alt so le hiarratas ar mharc thrádála do chlárú a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain agus do céad-chláruíodh amhlaidh i dtosach feidhme na Coda so den Acht so.
Cur i gcoinnibh marc trádála do chlárú.
91.—(1) Féadfidh éinne fógra do thabhairt don cheannasaí laistigh den aimsir orduithe o dháta fógartha iarratais ar mharc thrádála do chlárú, go bhfuil sé chun cur i gcoinnibh an chláruithe sin.
(2) Is i scríbhinn sa tslí orduithe a tabharfar an fógra san, agus beidh ráiteas ar scóranna an churtha i gcoinnibh ann.
(3) Cuirfidh an ceannasaí cóip den fhógra san chun an iarratasóra agus, laistigh den aimsir orduithe tar éis an fógra san d'fháil do, cuirfidh an t-iarratasóir chun an cheannasaí sa tslí orduithe frith-ráiteas ar na scóranna ar a seasuíonn sé maidir le n-a iarratas agus, mara ndine sé amhlaidh, tuigfar a iarratas do bheith tréigthe aige.
(4) Má chuireann an t-iarratasóir an frith-ráiteas san chuige, tabharfidh an ceannasaí cóip de do lucht fógartha an churtha i gcoinnibh agus, tar éis do na páirtithe d'éisteacht más gá san, agus an fhianaise do bhreithniú, socróidh sé ce'ca ceadófar clárú do dhéanamh no ná ceadófar agus má ceaduítear cadiad na coiníollacha no cadiad na teoranta i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile gur fé n-a réir a ceadófar san.
(5) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh breithe an cheannasaí.
(6) Is sa tslí orduithe a déanfar athchomharc fén alt so agus ar athchomharc den tsórt san éistfidh an chúirt na páirtithe agus an ceannasaí más gá san agus déanfa sí ordú á shocrú ce'ca ceadófar clárú do dhéanamh no ná ceadófar agus má ceaduítear cadiad na coiníollacha, más ann dóibh, no cadiad na teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile, gur fé n-a réir a ceadófar san.
(7) Ar éisteacht aon athchomhairc den tsórt san féadfidh aon pháirtí, sa tslí orduithe no le cead speisialta ón gcúirt, tuille abhair do thabhairt ar aghaidh chun go mbreithneoidh an chúirt é.
(8) In imeachta fén alt so ní lomhálfar don fhreasabhrach ná don cheannasaí aon scóranna eile do chur i gcoinnibh marc trádála do chlárú seachas na cinn a bheidh ráite ag an bhfreasabhrach mar a foráltar thuas ach amháin le cead ón gcúirt. Má cuirtar aon scóranna eile i gcoinnibh an chláruithe beidh an t-iarratasóir i dteideal a iarratas do tharrac siar, gan costaisí an fhreasabhraigh d'íoc, ar fhógra do thabhairt mar a horduítear.
(9) In aon athchomharc fén alt so maidir le clárú i gCuid A den chlár, féadfidh an chúirt, tar éis an ceannasaí d'éisteacht, a cheadú go ndéanfar an marc trádála atáthar ar aigne a chlárú d'atharú in aon tslí ná bainfidh puinn o sho-aitheantacht an mhairc thrádála san, ach ina leithéid sin de chás déanfar an marc trádála, agus é atharuithe amhlaidh, d'fhógairt sa tslí orduithe sara gclárófar é.
Codacha neamhidirdhealuitheacha do shéana.
92.—Má bhíonn i marc trádála 'na n-iarrfar go n-iontrálfí é no a bheidh iontrálta i gCuid A den chlár codacha ná beidh cláruithe ar leithligh ag an dílseánach mar mharcanna trádála, no má bhíonn ann abhar atá có-choitiann don trádáil no ná fuil agus is de chineál neamh-idirdhealuitheach, ansan, nuair a bheid á shocrú ce'ca déanfar an marc trádála san d'iontráil no do chimeád ar an gCuid sin den chlár no ná déanfar, féadfidh an ceannasaí no an tAire no an chúirt a cheangal ar an dílseánach, mar choiníoll ar a mbeidh an marc san ar an gCuid sin den chlár, go séanfadh sé aon cheart chun é féin amháin do dhéanamh úsáide d'aon chuid no codacha den mharc thrádála san no de gach cuid no d'aon chuid den abhar san gur dó leo ná fuil teideal aige chun iad do bheith aige féin amháin le húsáid, no féadfid a cheangal air aon tséana eile do dhéanamh is dó leo is gá chun a chirt fén gclárú san do mhíniú: Ach ní dhéanfidh aon tséana a bheidh ar an gclár deifir d'aon chirt a bheidh ag dílseánach mhairc thrádála lasmuich díobh san a thagann as clárú an mhairc thrádála gur ina thaobh a déanfar an séana.
Dáta an chláruithe.
93.—Nuair a glacfar le hiarratas ar mharc thrádála do chlárú agus ná beidh curtha ina choinnibh agus a bheidh an aimsir chun fógra curtha i gcoinnibh caithte no, tar éis curtha ina choinnibh, nuair is i bhfabhar don iarratasóir a tabharfar breith ar an gcur i gcoinnibh, cláróidh an ceannasaí an marc trádála san maran tré earráid do glacadh leis an marc no mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, agus nuair a bheidh an marc trádála á chlárú is fé dháta an iarratais ar chlárú a clárófar é, agus tuigfar chun críche an Achta so gurb é an dáta san dáta an chláruithe.
Deimhniú ar chlárú.
94.—Ar bheith cláruithe do mharc thrádála tabharfidh an ceannasaí amach don iarratasóir deimhniú sa bhfuirm orduithe ar chlárú an mhairc thrádála san fé láimh an cheannasaí agus é séaluithe le séala an cheannasaí.
Moill ar chlárú do chríochnú.
95.—Más rud é, tré fhaillí ar thaobh an iarratasóra, ná críochnófar clárú mairc thrádála laistigh de bhliain o dháta an iarratais, féadfidh an ceannasaí, tar éis do fógra do thabhairt i scríbhinn sa tslí orduithe don iarratasóir i dtaobh an neachríochnuithe, deighleáil leis an iarratas mar iarratas thréigthe mara gcríochnuítear é laistigh den aimsir a bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san.
Marcanna trádála atá mar a chéile.
96.—Ach amháin le hordú na cúirte no i gcás marcanna trádála do bhí in úsáid roimh an tríú lá déag de Lúnasa míle ocht gcéad seachtó a cúig, ní clárófar maidir le haon earraí ná saghas earraí aon mharc trádála gur mar a chéile é agus ceann is le dílseánach eile agus a bheidh ar an gclár cheana féin maidir leis na hearraí no leis an saghas earraí sin, no a bheidh chó cosúil sin le marc trádála den tsórt san gur dócha go gcuirfadh sé duine amú.
Freas-éilithe ar mharcanna atá mar a chéile.
97.—Má deir gach duine de roinnt daoine gurb é féin is dílseánach don mharc thrádála chéanna, no do mharcanna trádála is mar a chéile nách mór maidir leis na hearraí céanna no leis an saghas céanna earraí, agus gur cheart é do chlárú mar dhílseánach den tsórt san, féadfidh an ceannasaí diúltú d'éinne acu do chlárú go dtí go mbeidh a gcirt socair ag an gcúirt no réitithe tré chó-aontú i slí a ceadófar aige no (ar athchomharc) ag an Aire.
Usáid chomhaimseardha.
98.—I gcás úsáide comh-aimseardha macánta no nithe eile fé leith a dhéanfidh é bheith ceart le déanamh dar leis an gcúirt no leis an gceannasaí, féadfidh an chúirt no an ceannasaí a cheadú do níos mó ná aon dílseánach amháin an marc trádála céanna, no marcanna trádála is mar a chéile nách mór, do chlárú maidir leis na hearraí céanna no leis an saghas céanna earraí, fé réir pé coiníollacha agus teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile, a cheapfidh an chúirt no an ceannasaí, pe'ca aca é, a bheith ceart a fhorchur.
Marcanna trádála do shanna agus do tharchur.
99.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, nuair a bheidh marc trádála cláruithe ní déanfar é do shanna agus do tharchur ach amháin i dteanta na dea-thola sa ghnó a bheidh i gceist sna hearraí dar cláruíodh an marc agus féadfar deire do chur leis in éineacht leis an dea-thoil sin.
(2) Ní tuigfar go ndineann éinní atá san alt so deifir don cheart a bheidh ag dílseánach mairc thrádála chláruithe sanna do dhéanamh ar an gceart an marc san d'úsáid in aon tiarnas Briotáineach no tír fé chomairce Briotáinigh no in aon tír choigríche, maidir le haon earraí dá mbeidh sé cláruithe, maraon leis an dea-thoil sa ghnó ann sna hearraí sin, agus má sanntar an ceart san an marc san d'úsáid déanfidh san dílseánach do mharc thrádála fé leith den tsannaí chun críche an ailt deiridh roimhe seo, fé réir pé coiníollacha agus teoranta a forchuirfar fén alt san.
Marcanna trádála do chion-roinnt ar scur páirtnéireachta.
100.—(1) In aon chás ina n-eireoidh duine as gnó ar aon chúis, pe'ca de bhíthin páirtnéireacht do scur é no éinní eile, agus, in ionad dea-thoil an duine sin do dhul chun aon chomharba amháin, go roinnfar í, féadfidh an ceannasaí (fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le marcanna trádála cóluite), ar iarratas na bpáirtithe le n-a mbaineann, a cheadú go ndéanfar marcanna trádála cláruithe an duine do chion-roinnt ar na daoine a bheidh dáiríribh ag leanúint den ghnó, agus san fé réir pé coiníollacha agus atharuithe, más ann dóibh, agus fé réir pé teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide a cheapfa sé is gá ar mhaithe leis an bpuiblíocht.
(2) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh gach breithe a thabharfidh an ceannasaí fén alt so.
Marcanna trádála cóluite.
101.—Má iarrtar go ndéanfí clárú i gCuid A den chlár ar mharc thrádála gur mar a chéile é agus marc trádála leis an iarratasóir a bheidh ar an gCuid sin den chlár cheana do sna hearraí céanna no don tsaghas chéanna earraí no a bheidh chó cosúil sin leis an gcéanna gur dócha go gcuirfadh sé duine amú no go gcuirfadh sé mearbhall air dá n-úsáideadh éinne ach an t-iarratasóir é, féadfidh an bínse a éistfidh an t-iarratas a cheangal mar choiníoll chun cláruithe gur mar mharcanna trádála cóluite a hiontrálfar na marcanna trádála san ar an gclár.
Marcanna trádála có-cheangailte.
102.—Má deir dílseánach mairc thrádála a bheidh cláruithe i gCuid A den chlár go bhfuil sé i dteideal aon chuid den mharc thrádála san do bheith aige féin amháin le húsáid ar leithligh féadfa sé a iarraidh go gclárófí an céanna sa Chuid sin A mar mharc thrádála fé leith. Ní foláir gach marc trádála fé leith acu san do bheith do réir na gcoiníoll go léir a bhaineann le marc trádála nea-spleách agus beidh ag gabháil leis gach fo-ní a ghabhann le marc trádála nea-spleách, ach amháin, ar bheith cláruithe dho, go dtuigfar gur marcanna trádála cóluite é féin agus an marc trádála dar cuid é agus iontrálfar ar an gclár iad mar mharcanna trádála den tsórt san, ach tuigfar chun crícheanna an Achta so gur mar a chéile an marc trádála iomlán d'úsáid agus na marcanna trádála cláruithe sin is leis an dílseánach céanna agus a bheidh mar chuid den mharc san d'úsáid chó maith.
Sreath de mharcanna trádála.
103.—(1) Nuair iarrfidh duine adeir gurb é féin is dílseánach do roinnt marcanna trádála don tsaghas chéanna earraí, agus na marcanna san cosúil le n-a chéile maidir le n-a mion-innste táchtacha ach deifriúil le n-a chéile maidir le—
(a) ráitisí ar cadiad na hearraí dá n-úsáidtear iad fé seach no dá bhfuil sé beartuithe iad fé seach d'úsáid; no
(b) ráitisí ar uimhir, ar phraghas, ar cháilíocht, no ar ainmneacha áiteanna; no
(c) habhar eile neamh-idirdhealuitheach ná baineann puinn o sho-aitheantacht an mhairc thrádála; no
(d) dath;
nuair iarrfa sé go gclárófí na marcanna trádála san, féadfar iad do chlárú mar shreath in aon chlárú amháin.
(2) Más i gCuid A den chlár a clárófar na marcanna trádála uile a bheidh i sreath de mharcanna trádála a clárófar fén alt so tuigfar gur marcanna trádála cóluite iad agus clárófar mar mharcanna den tsórt san iad.
Marcanna trádála cóluite do shanna agus d'úsáid.
104.—Is i dteanta a chéile agus ní har leithligh a bheidh marcanna trádála cóluite iontsannta no iontarchurtha, ach chun gach críche eile tuigfar gur mar mharcanna trádála fé leith do cláruíodh iad: Ach i gcás in ar gá fé fhorálacha an Achta so a chruthú chun aon chríche gur húsáideadh marc trádála cláruithe féadfidh an bínse, más dó leis agus sa mhéid gur dó leis gur ceart é, a áireamh gur có-ionann leis an úsáid sin úsáid do dhéanamh de mharc thrádála chláruithe chóluithe no den mharc thrádála agus breiseanna curtha leis no atharuithe déanta air ná baineann puinn o n-a sho-aitheantacht.
Buaine an chláruithe.
105.—Mairfidh clárú mairc thrádála ar feadh tréimhse cheithre bliana déag, ach féadfar é d'athnuachaint o am go ham do réir forálacha an Achta so.
Clárú d'athnuachaint.
106.—Ar iarratas do dhéanamh do dhílseánach chláruithe mhairc thrádála sa tslí orduithe agus laistigh den tréimhse orduithe, athnuadhfidh an ceannasaí clárú an mhairc thrádála san go ceann tréimhse cheithre bliana déag o dhul in éag don bhunchlárú no don athnuachaint deiridh ar chlárú, pe'ca aca é, dáta ar a dtugtar san Acht so “dul in éag don chlárú dheiridh.”
An nósimeachta a leanfar ar dhul in éag do thréimhse an chláruithe.
107.—Ar an am orduithe roimh dhul in éag don chlárú dheiridh ar mharc thrádála, cuirfidh an ceannasaí fógra sa tslí orduithe chun an dílseánaigh chláruithe go dtí a sheola cláruithe i dtaobh an dáta ar a raghaidh an seana-chlárú in éag agus i dtaobh na gcoiníollacha maidir le táillí d'íoc agus eile ar a bhféadfar athnuachaint ar an gclárú san d'fháil, agus más rud é, ar dhul in éag don aimsir a bheidh orduithe chuige sin, ná beidh na coiníollacha san cólíonta go cuibhe, féadfidh an ceannasaí an marc trádála san do thógaint amach as an gclár, fé réir pé coiníollacha (más ann dóibh) i dtaobh a churtha thar n-ais ar an gclár a hordófar.
Status mairc thrádála neamhathnuaite.
108.—Má dintar marc trádála a bheidh cláruithe i gCuid A den chlár do thógaint amach as an gclár mar gheall ar nár híocadh an táille athnuachainte, tuigfar, dá ainneoin sin, chun críche aon iarratais ar chlárú a déanfar laistigh de bhliain tar éis an dáta ar ar dineadh an tógaint-amach san, gur marc trádála atá cláruithe cheana an marc trádála san mara gcuirtar ina luighe ar an gceannasaí nár dineadh aon úsáid trádála bonâ fide den mharc trádála san i rith an dá bhlian díreach roimh an tógaintamach san.
Focalmharcanna trádála a húsáidtear mar ainm ar earraí do thógaint amach as an gclár.
109.—(1) I gcás earra no substainte a dintar fé aon phaitinn a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme na Coda so den Acht so no a deonfar ina dhiaidh sin, más focal-mharc trádála, cláruithe fén Acht so, is ainm don earra no don tsubstaint a dintar amhlaidh no má sé an t-aon ainm phraiticiúil amháin uirthi é, beidh deire le gach ceart chun úsáid aon-tsealbhach an mhairc thrádála san, pe'ca ceart fén dlí choitinn é no ceart o chlárú, ar dhul in éag don phaitinn no ar dheire do bheith curtha léi, agus ina dhiaidh sin ní tuigfar gur marc idirdhealuitheach an focal san, agus féadfidh an chúirt é do thógaint amach as an gclár ar iarratas éinne ar a ngoillfe sé.
(2) Ní clárófar mar mharc thrádála aon fhocal gurb é an t-aon ainm no tuairisc phraiticiúil amháin é ar aon dúil cheimiciúil aonair no cumasc ceimiciúil aonair, ar leith o mheascán, agus féadfidh an chúirt aon fhocal den tsórt san do thógaint amach as an gclár ar iarratas éinne ar a ngoillfe sé:
Ach ní bhainfidh forálacha an fho-ailt seo le cás ina n-úsáidfar an marc chun cineál no déantús na substainte sin mar a dhineann an dílseánach í, ar leith ón substaint mar a dhineann daoine eile í, agus san amháin, do chur in úil, agus i dteanta ainme oiriúnaí praiticiúla is féidir don phuiblíocht d'úsáid.
(3) An chomhacht a bronntar leis an alt so chun marc trádála do thógaint amach as an gclár beidh sé mar bhreis, agus ní mar laigheadú, ar aon chomhachta eile a bheidh ag an gcúirt maidir le marcanna trádála do thógaint amach as an gclár.
(4) Más rogha leis an iarratasóir é, féadfar iarratas fén alt so do dhéanamh chun an cheannasaí sa chéad dul síos agus ina leithéid sin de chás beidh ag an gceannasaí na comhachta uile a bheidh ag an gcúirt fén alt so, ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh a bhreithe.
Marc trádála cláruithe d'atharú.
110.—Féadfidh dílseánach cláruithe aon mhairc thrádála cead d'iarraidh ar an gceannasaí sa tslí orduithe cur leis an marc trádála san no é d'atharú in aon tslí ná bainfidh puinn o sho-aitheantacht an mhairc sin, agus féadfidh an ceannasaí an cead san do dhiúltú no é do dheona ar pé téarmaí agus fé réir pé teoranta i dtaobh modh no áit úsaide a cheapfa sé bheith oiriúnach ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh aon diúltú no ceada choiníollaigh den tsórt san. Má deontar cead, fógrófar sa tslí orduithe an marc trádála mar a bheidh sé atharuithe.
Neamh-úsáid mhairc thrádála.
111.—(1) Ar iarratas chun na cúirte o éinne ar a ngoillfidh féadfar marc trádála cláruithe do thógaint amach as an gclár maidir le haon chuid de sna hearraí dá mbeidh sé cláruithe, ar an scór gur dhin an dílseánach no roimh-shealbhadóir teidil do é do chlárú gan aon intinn bonâ fide aige é d'úsáid maidir leis na hearraí sin agus nár dineadh dáiríribh aon úsáid bonâ fide dhe maidir leo, no ar an scór nár dineadh aon úsáid bonâ fide den mharc thrádála san maidir leis na hearraí sin i rith na gcúig mblian do tháinig díreach roimh an iarratas, maran rud é, i gceachtar den dá chás go dtaisbeánfar gur nithe speisialta sa trádáil gurbh ea fé ndeár an neamh-úsáid sin, agus nách aon intinn an marc trádála san d'fhágaint gan úsáid no do thréigean maidir leis na hearraí sin fé ndeár é.
(2) Más rogha leis an iarratasóir é, féadfar aon iarratas fén alt so do dhéanamh chun an cheannasaí sa chéad dul síos agus ina leithéid sin de chás beidh ag an gceannasaí na comhachta uile a bheidh ag an gcúirt fén alt so, ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh a bhreithe.
Comhachta dílseánaigh chláruithe.
112.—Fé réir forálacha an Achta so—
(a) an té bheidh iontrálta sa chlár de thurus na huaire mar dhílseánach do mharc thrádála, beidh aige, fé réir aon cheartanna is léir ón gclár san a bheith dílsithe in éinne eile, comhacht chun an marc san do shanna agus chun admhála éifeachtúla do thabhairt ar aon chomaoin ar son an tsannta san;
(b) féadfar aon chothromaí i dtaobh mairc thrádála do chur i bhfeidhm sa tslí chéanna ina gcuirfí i bhfeidhm i dtaobh aon mhaoine pearsanta eile iad.
Cirt dílseánaigh chláruithe.
113.—(1) Fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le clárú marcanna trádála is mar a chéile no is mar a chéile nách mór, agus fé réir aon teoranta agus coiníollacha a bheidh iontrálta ar an gclár, beidh ag duine, de bharr a chláruithe i gCuid A den chlár mar dhílseánach do mharc thrádála, más clárú dleathach é, an t-aon-cheart chun an marc trádála san d'úsáid ar na hearraí no i dtaobh na n-earraí dá mbeidh sé cláruithe.
(2) I gcás ina gclárófar beirt no níos mó daoine in aon Chuid den chlár mar dhílseánaigh don mharc thrádála chéanna (no do mharcanna is ionann nách mór) maidir leis na hearraí céanna, ní bhfuighidh éinne acu seachas a chéile, de bharr clárú an mhairc thrádála san, aon chirt chun an marc san do bheith le húsáid aige féin amháin (ach amháin sa mhéid go mbeidh a gcirt fé seach mínithe ag an gcúirt), ach lasmuich de sin beidh ag gach éinne fé leith de sna daoine sin na cirt chéanna do bheadh aige dá mb'é féin amháin ba dhílseánach cláruithe don mharc san.
Eifeacht chláruithe i gCuid B.
114.—Beidh clárú duine mar dhílseánach do mharc thrádála i gCuid B den chlár ina fhianaise primâ facie go bhfuil ag an duine sin an t-aon-cheart chun an marc trádála san d'úsáid, ach in aon aicsean mar gheall ar shárú mhairc thrádála a bheidh iontrálta i gCuid B den chlár, ní deonfar aon chosc ná faoiseamh eile d'únaer an mhairc thrádála maidir leis an gclárú san má chruthuíonn an cosantóir chun sástacht na cúirte nách dócha go ndéanfadh an úsáid ar a bhfuil an gearánaí ag gearán duine do chur amú ná é do thabhairt chun a chreidiúint gurbh earraí do dineadh, do toghadh amach, do deimhníodh, le n-ar deighleáladh, no do tairgeadh le díol ag dílseánach an mhairc thrádála na hearraí ar ar húsáideadh an marc san amhlaidh.
Clárú a bheith ina fhianaise primâ facie ar dhleathacht.
115.—I ngach imeacht dlí a bhaineann le marc trádála cláruithe (agus iarrataisí ar cheartú an chláir d'áireamh) beidh sé ina fhianaise primâ facie ar dhleathacht bhun-chlarú an mhairc thrádála san, agus ar gach sanna agus tarchur ina dhiaidh sin air, duine do bheith cláruithe mar dhílseánach don mharc thrádála san.
Clárú a bheith do-chlaoidhte tar éis seacht mblian.
116.—(1) I ngach imeacht dlí a bhaineann le marc trádála a bheidh cláruithe i gCuid A den chlár (agus iarrataisí ar cheartú an chláir d'áireamh) tuigfar bun-chlárú an mhairc thrádála san, tar éis deire seacht mblian o dháta an bhun-chláruithe sin, do bheith dleathach ar gach slí maran tré chalaois a fuarthas an bun-chlárú san, no maran marc trádála é an marc trádála 'na dtoirmiscthear a chlárú le halt 84 (alt a bhaineann le marcanna trádála mealltacha no mí-threoracha) no le halt 138 (alt a bhaineann le cumadóireachtaí, etc., contrárdha don dlí no don mhorálas) den Acht so.
(2) Ní dhéanfidh éinní san Acht so dílseánach do mharc thrádála a bheidh cláruithe in aon Chuid den chlár do chur i dteideal cur isteach ar éinne do dhéanamh úsáide ná srian do chur le héinne do dhéanamh úsáide de mharc thrádála den tsórt chéanna ar earraí no i dtaobh earraí go raibh an marc trádála san in úsáid ortha no ina dtaobh ag an duine sin féin no ag roimhshealbhadóirí a ghnótha go leanúnach o dháta roimh an am do húsáideadh no roimh an am do cláruíodh an marc trádála céadluaidhte ag dílseánach an mhairc sin no ag roimh-shealbhadóirí a ghnótha, pe'ca am acu is luatha, ná (ar chruthú na húsáide sin) cur i gcoinnibh an duine sin do chur ar an gclár maidir leis an marc trádála san den tsórt chéanna i dtaobh na n-earraí sin fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le clárú marcanna trádála is mar a chéile no is mar a chéile nách mór.
Marc trádála nea-chláruithe.
117.—(1) Ní bheidh éinne i dteideal aon imeachta do bhunú chun cosc do chur le sárú mairc thrádála nea-chláruithe ná chun damáistí d'fháil mar gheall ar an sárú san maran rud é go raibh an marc trádála san in úsáid roimh an tríú lá déag de Lúnasa míle ocht gcéad seachtó a cúig, agus gur dineadh diúltú d'é do chlárú fén Acht so no diúltú, roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, d'é do chlárú in Oifig na bPaitinneacha i Lundain.
(2) Féadfidh an ceannasaí, ar a iarraidh san air, deimhniú do dheona gur diúltuíodh do chlárú fén Acht so do dheanamh.
Fianaise ar nósa trádála do cheadú.
118.—In aon aicsean no imeacht a bhaineann le marc trádála no ainm thrádála ceadóidh an bínse fianaise ar nósa na trádála a bheidh i gceist agus ar aon mharc trádála no ainm no déanamhsuas trádála a bhaineann leis an gcás agus a úsáideann daoine eile go dlisteanach.
Ní cuirfar isteach ar dhuine do dhéanamh úsáide dá ainm féin, etc.
119.—Ní dhéanfidh aon chlárú fén Acht so cur isteach ar dhuine do dhéanamh aon úsáide bonâ fide dá ainm no dá áit ghnótha féin no d'ainm no d'áit ghnótha éinne de roimhshealbhadóirí a ghnótha, ná ar éinne do dhéanamh úsáide d'aon tuairisc bonâ fide ar chineál no ar cháilíocht a chuid earraí.
Ní bainfar le leighseanna mar gheall ar earraí do dhíol fé riocht bhréagach.
120.—Ní tuigfar go ndineann éinní atá san Acht so deifir do chirt chun aicsin i gcoinnibh éinne mar gheall ar earraí do dhíol mar earraí de chuid duine eile ná do sna leighseanna air sin.
Clárú marcanna ag Airí.
121.—(1) Féadfidh aon Aire a thabhairt chun críche go gclárófar i gCuid A den chlár marc a bheidh ceaptha chun a chur in úil cad as d'earraí ar a mbeidh sé curtha no chun a n-abhar, modh a ndéanta, a gcáilíocht, a gcruinneas no ceann eile dá n-airdheana do chur in úil agus tuigfar, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, gur marc trádála cláruithe ar gach slí gach marc den tsórt san ar bheith cláruithe dho agus an tAire do thug chun críche é do chlárú isé a bheidh, agus clárófar é, mar dhílseánach do.
(2) Is sa tslí orduithe a iarrfidh Aire go gclárófí marc fén bhfo-alt san roimhe seo, agus beidh clárú an mhairc fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le marc trádála do chlárú i gCuid A den chlár ach amháin sa mhéid go bhfuil na forálacha san buiniscionn le forálacha an ailt seo.
(3) Féadfidh aon Aire a thabhairt chun críche go gclárófar in aon chlár a bheidh á chimeád ar siúl in aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann marc (pe'ca cláruithe dho no gan clárú fé sna forálacha san roimhe seo den alt so) a bheidh ceaptha chun a chur in úil cad as d'earraí no chun a n-abhar, modh a ndéanta, a gcáilíocht, a gcruinneas no ceann eile dá n-airdheana do chur in úil más rud é agus sa mhéid go gceaduítear agus fé réir pé coiníollacha fé n-a gceaduítear clárú den tsórt san leis an dlí a rialálann an clár san, agus in aon chás den tsórt san féadfa sé a thabhairt chun críche go n-iontrálfar é féin sa chlár san mar dhílseánach don mharc san.
(4) Féadfidh Aire is dílseánach cláruithe d'aon mharc den tsórt a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so ceadúnas do dheona d'éinne chun an marc san d'úsáid agus chun é chur ar gach ceann no aon cheann de sna hearraí no de sna saghsanna earraí dá mbeidh an marc san cláruithe ach, i gcás mairc a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á chimeád ar siúl in áit lasmuich de Shaorstát Éireann, ní fhéadfa sé déanamh amhlaidh ach amháin más rud é agus sa mhéid go gceaduítear deona ceadúnais den tsórt san leis an dlí a rialálann an clár san.
(5) Beidh éifeacht do réir a théarmaí ag gach ceadúnas a dheonfidh Aire fén bhfo-alt san roimhe seo agus beidh forálacha ann chun a chur in áirithe ná déanfidh an ceadúnaí an marc le n-a mbaineann an ceadúnas do chur ach ar earraí d'fhás no do dineadh no do saothruíodh i Saorstát Éireann, agus fós féadfidh a bheith in aon cheadúnas den tsórt san pé téarmaí agus forálacha is dó leis an Aire a dheonfidh é do bheith ceart agus go háirithe forálacha chun a chur in áirithe ná déanfar an marc le n-a mbaineann an ceadúnas do chur ach ar earraí de cháilíocht no de shaghas áirithe.
(6) Féadfidh Aire is dílseánach cláruithe d'aon mharc den tsórt san roimhráite a cheangal ar an gceannasaí na focail “ní hionchláruithe ceadúnaisí” d'iontráil sa chlár no do thógaint amach as maidir leis an marc san agus, pé uair agus faid a bheidh na focail sin iontrálta sa chlár amhlaidh ní déanfar ná ní féadfar (d'ainneoin forálacha alt 127 (alt a bhaineann le sannaithe, etc., do chlárú) den Acht so) ceadúnaisí a dheonfidh an tAire fén alt so maidir le marcanna den tsórt san d'iontráil sa chlár ná ní diúltófar d'iad do cheadú mar fhianaise in aon chúirt mar gheall ar gan iad do bheith iontrálta sa chlár agus mar gheall air sin amháin.
(7) Féadfidh Aire is dílseánach cláruithe d'aon mharc den tsórt san roimhráite pé nithe dleathacha is dó leis is ceart do dhéanamh aon uair, pe'ca tré aicsean é no tré chúiseamh fén dlí no ar aon tslí eile, chun cosc no srian do chur le sáruithe ar an marc san no chun pionós do chur i bhfeidhm mar gheall ortha no chun an marc san do chosaint ar aon tslí eile agus féadfa sé na nithe sin do dhéanamh i Saorstát Éireann no in aon tír eile ina mbeidh sé cláruithe mar dhílseánach den tsórt san.
(8) Tuigfar marc a bheidh cláruithe fén alt so do bheith ina mharc thrádála do réir bhrí aon achtacháin do rith an tOireachtas go dtí so i dtaobh clárú marcanna trádála ag Airí.
(9) San alt so cialluíonn an focal “Aire” Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh fén Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924).
Mí-úsáid do dhéanamh de mharcanna trádála a thaisbeánann gur as Éirinn d'earraí.
122.—Beidh sé dleathach don Aire pé nithe dleathacha is dó leis is ceart do dhéanamh in aon tír no áit lasmuich de Shaorstát Éireann, pe'ca tré aicsean é no tré chúiseamh fén dlí no ar aon tslí eile, chun cosc no srian do chur le haon mharc trádála no marc no tuairisc eile, a thaisbeánann no a thugann le tuisgint no is dócha do thabharfadh duine chun a chreidiúint gur in Éirinn d'fhás no do dineadh no do saothruíodh na hearraí 'na mbeidh an marc trádála, an marc no an tuairisc sin á úsáid ina dtaobh no ar a mbeidh sé curtha, do chlárú no d'úsáid i dtaobh earraí no do chur ar earraí nár fhás ná nár dineadh ná nár saothruíodh in Éirinn, no chun pionós do chur i bhfeidhm mar gheall air sin.
Marcanna trádála ná húsáidtear ach mar dheimhnithe cáilíochta, etc.
123.—(1) Má thógann aon chomhlachas no duine air féin deimhniú do dhéanamh ar cad as d'aon earraí no ar a n-abhar, ar mhodh a ndéanta, ar a gcáilíocht, ar a gcruinneas, no ar cheann eile dá n-airdheana tré mharc d'úsáid ar na hearraí sin no ina dtaobh, féadfidh an tAire, má bhíonn agus faid a bheidh sé sásta go bhfuil an comhlachas no an duine sin inniúil ar dheimhniú do dhéanamh mar adubhradh, a cheadú don chomhlachas no don duine sin, más dó leis an Aire go ragha sé chun leasa don phuiblíocht, an marc san do chlárú mar mharc thrádála maidir leis na hearraí sin, pe'ca is comhlachas trádála no trádála an comhlachas no an duine sin no nách ea no pe'ca atá sé i seilbh dea-thola maidir leis an deimhniú san no ná fuil. Ar bheith cláruithe dho amhlaidh tuigfar an marc trádála san do bheith ina mharc thrádála chláruithe ar gach slí agus tuigfar gurb é an comhlachas no an duine sin is dílseánach do, ach amháin ná beidh an marc trádála san iontarchurtha ná iontsannta ach le cead ón Aire.
(2) An té is dílseánach do mharc a bheidh cláruithe fén alt so no do mharc do cláruíodh ar dtúis in Oifig na bPaitinneacha i Lundain fé alt 62 den Trade Marks Act, 1905, agus do cláruíodh ina dhiaidh sin fé alt 89 (alt a bhaineann le marcanna trádála a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú) den Acht so i gclár na marcanna trádála san Oifig, féadfa sé an marc san do shanna don Aire agus féadfidh an tAire sanna air do ghlaca, agus ar bheith déanta don tsanna san bainfidh alt 121 (alt a bhaineann le clárú marcanna ag Airí) den Acht so leis an marc san chó hiomlán is dá dtugadh an tAire chun críche é do chlárú fén alt san 121.
CUID V.
FORALACHA GENERALTA I dTAOBH PAITINNEACHA, PATRUN AGUS MARCANNA TRADALA.
Ní hiontrálfar iontaobhaisí i gcláir.
124.—Ní hiontrálfar in aon chlár a bheidh á chimeád fén Acht so, ná ní hionghlactha ag an gceannasaí, aon fhógra i dtaobh aon iontaobhais ráite no iontuigthe no inléirithe.
Cláir d'iniúcha agus sleachta do bhaint asta.
125.—Gach clár a bheidh á chimeád fén Acht so beidh sé le feiscint ar gach am oiriúnach ag an bpuiblíocht chun é d'iniúcha, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir pé rialachán a hordófar, agus ar íoc na táille orduithe déanfar cóipeanna deimhnithe d'aon iontráil in aon chlár den tsórt san, agus iad séaluithe le séala an cheannasaí, do thabhairt d'éinne a éileoidh iad.
Beidh tuarasgabhála oifigeach fé phríbhléid.
126.—Ní foillseofar in aon chás tuarasgabhála a dhéanfidh scrúdóirí agus oifigigh eile fén Acht so ná ní bheid in aon chás le feiscint ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha, agus ní dlíghfar iad do thaisbeáint ná d'iniúcha, agus ní dlighfar iad do thaisbeáint ná d'iniúcha in aon imeacht dlí, mara ndinidh an chúirt no an t-oifigeach ag á mbeidh comhacht chun a ordú go ndéanfar nochta san imeacht dlí sin a dheimhniú gur mhaith an rud é ar son an chirt iad do thaisbeáint no d'iniúcha amhlaidh, agus gur cheart san do lomháil:
Ach ar a iarraidh d'éinne sa bhfuirm orduithe, féadfidh an ceannasaí a nochta cad ba thora do chuardach do dineadh fé alt 19 (alt a bhaineann le scríbhinní a bheidh i dteanta áireamhacht) no fé alt 20 (alt a bhaineann le fiosrú maidir le háireamhachtaí do foillsíodh roimh iarratas) no fé alt 21 (alt a bhaineann le fiosrú maidir le háireamhachtaí do foillsíodh tar éis iarratais) den Acht so maidir le haon iarratas áirithe ar phaitinn do dheona.
Sannaithe, etc., do chlárú.
127.—(1) I gcás duine do theacht i dteideal paitinne no an chóipchirt i bpátrún cláruithe no mairc trádála chláruithe tré shanna, tré tharchur, no tré oibriú eile dhlí, iarrfa sé ar an gceannasaí a theideal do chlárú, agus déanfidh an ceannasaí, ar fháil an iarratais sin do agus ar chruthú teidil chun a shástachta, an duine sin do chlárú mar dhílseánach don phaitinn, don phátrún, no don mharc thrádála san, agus a chur fé ndeár an sanna, an tarchur, no an instruimid eile a dhineann deifir don teideal d'iontráil sa tslí orduithe ar an gclár oiriúnach.
(2) I gcás éinne do theacht i dteideal aon leasa i bpaitinn no i bpátrún mar mhorgáistí, mar cheadúnaí, no eile, no i dteideal aon leasa i marc trádála mar mhorgáistí no eile, iarrfa sé ar an gceannasaí a theideal do chlárú, agus déanfidh an ceannasaí, ar fháil an iarratais sin do agus ar chruthú teidil chun a shástachta, a chur fé ndeár fógra i dtaobh an leasa d'iontráil sa tslí orduithe sa chlár oiriúnach maraon le mion-innste ar instruimid chruthnuithe an leasa san (más ann di).
(3) Fé réir forálacha an Achta so agus fé réir aon cheartanna is léir ón gclár a bheith dílsithe in éinne eile, beidh ag an té a bheidh cláruithe mar dhílseánach do phaitinn, do phátrún, no do mharc thrádála, comhacht nea-theoranta chun an phaitinn, an pátrún, no an marc trádála do shanna no chun deighleáil leis in aon tslí eile (agus, i gcás paitinne no pátrúin, chun ceadúnaisí do dheona maidir leis), agus chun admhála éifeachtúla do thabhairt ar aon chomaoin ar son aon tsanna, ceadúnais, no deighleála den tsórt san.
(4) Féadfar aon chothromaí i dtaobh paitinne, pátrúin no mairc thrádála do chur i bhfeidhm sa tslí chéanna ina gcuirfí i bhfeidhm i dtaobh aon mhaoine pearsanta eile iad.
(5) Lasmuich de chásanna athchomharc fén alt so agus de chásanna iarratas agus athchomharc á ghearán nár cuireadh isteach i gclár, no gur fágadh amach as, iontráil i dtaobh scríbhinne no instruimide, ní déanfar scríbhinn ná instruimid nár dineadh aon iontráil ina taobh sa chlár do réir forálacha an ailt seo do cheadú mar fhianaise in aon chúirt mar chruthúnas ar an teideal chun paitinne, no chun cóipchirt i bpátrún, no chun mairc thrádála, no chun aon leasa in aon cheann acu, mara n-orduighidh an chúirt a mhalairt.
(6) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon bhreithe a thabharfidh an ceannasaí fén alt so.
Comhacht an cheannasaí chun an clár do leasú.
128.—Ar a iarraidh sin sa tslí orduithe do dhílseánach chláruithe paitinne no pátrúin no mairc thrádála, no do dhuine éigin a bheidh do réir dlí i dteideal chun gníomhú ina ainm, féadfidh an ceannasaí—
(a) ceartú do dhéanamh ar aon earráid chléireachais in iarratas ar phaitinn, no ina thaobh san, no in aon phaitinn no in aon áireamhacht no in aon chlár a bheidh á chimeád do réir aon Choda roimhe seo den Acht so;
(b) aon atharú in ainm no i seola éinne a bheidh iontrálta ar chlár a bheidh á chimeád do réir aon Choda roimhe seo den Acht so d'iontráil;
(c) clárú pátrúin no mairc thrádála do chur ar nea-mbrí ar fad no sa mhéid go mbaineann an clárú san le haon earraí no saghas earraí ina mbeidh no dá mbeidh an pátrún no an marc trádála san cláruithe;
(d) séana no memorandum d'iontráil a bhaineann le pátrún no marc trádála agus ná leathnuíonn in aon tslí na cirt a tugtar le seana-chlárú an phátrúin no an mhaire thrádála san.
Comhacht na cúirte chun clár do leasú.
129.—(1) Ar iarratas sa tslí orduithe o éinne ar a ngoilleann aon iontráil do bheith gan cur isteach in aon chlár a bheidh á chimeád do réir aon Choda roimhe seo den Acht so no do bheith fágtha amach as, no aon iontráil do dineadh in aon chlár den tsórt san gan leor-chúis, no aon iontráil d'fhanúint ar aon chlár den tsórt san go héagcórach no earráid no easnamh in aon iontráil in aon chlár den tsórt san, féadfidh an chúirt, fé réir forálacha an Achta so, pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh chun an iontráil sin do dhéanamh no do scrios amach no d'atharú.
(2) Féadfidh an chúirt, in aon imeacht fén alt so, breith do thabhairt ar aon cheist 'na mbeidh sé riachtanach no oiriúnach breith do thabhairt uirthi maidir le ceartú aon chláir den tsórt san.
(3) Tabharfar don cheannasaí an fógra orduithe i dtaobh aon iarratais fén alt so agus beidh sé de cheart aige teacht i láthair agus éisteacht d'fháil ina thaobh, agus tiocfa sé i láthair má orduíonn an chúirt do é.
(4) I gcás calaoise i gclárú no i dtarchur paitinne no pátrúin chláruithe no mairc thrádála chláruithe féadfidh an ceannasaí féin iarratas do dhéanamh chun na cúirte fé fhorálacha an ailt seo.
(5) Le haon ordú a dhéanfidh an chúirt ag ceartú aon chláir den tsórt san ordófar fógra i dtaobh an cheartuithe do sheirbheáil ar an gceannasaí sa tslí orduithe agus déanfidh seisean, ar fháil an fhógra san do, an clár do cheartú dá réir sin.
(6) Más rogha leis an iarratasóir é féadfar aon iarratas fén alt so (lasmuich d'iarratas ón gceannasaí) do dhéanamh chun an cheannasaí sa chéad dul síos, agus ina leithéid sin de chás beidh ag an gceannasaí na comhachta uile a bheidh ag an gcúirt fén alt so, ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh a bhreithe.
(7) In aon imeacht fén alt so maidir le clár na marcanna trádála féadfidh an chúirt a ordú go ndéanfí marc trádála a bheidh cláruithe i gCuid A den chlár san d'aistriú go dtí Cuid B den chlár san.
Cirt an Stáit maidir le cumadóireachtaí paitinnithe agus le pátrúin chláruithe.
130.—(1) Chun gach intinne beidh ag paitinn agus ag clárú pátrúin fé seach maidir leis an Stát an éifeacht chéanna atá acu maidir le saoránach:
Ach féadfidh aon Aire is ceann ar Roinn Stáit, uaidh féin no tré pé duine dá ghníomhairí, dá chonnarthóirí, no eile dá dtabharfa sé údarás i scríbhinn aon uair tar éis an iarratais, an chumadóireacht do dhéanamh, d'úsáid, no d'fheidhmiú, no an pátrún d'úsáid no do chur i mbaint, chun seirbhísí an Stáit, ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar, roimh a úsáid no dá éis sin, idir an Aire sin agus an dílseánach le haontú an Aire Airgid no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, ar pé téarmaí a socrófar sa tslí a foráltar anso ina dhiaidh seo, agus na téarmaí bheidh in aon chó-aontú no ceadúnas a críochnófar idir an dílseánach agus éinne nách Aire beid neamh-oibritheach chó fada is théigheann an chumadóireacht do dhéanamh, d'úsáid, no d'fheidhmiú no an pátrún d'úsáid no do chur i mbaint chun seirbhíse an Stáit:
Agus fós, i gcás inar dhin aon aire den tsórt san cumadóireacht is abhar d'aon phaitinn no aon phátrún cláruithe do chur ar breaca go cuibhe i scríbhinn, no inar dhin sé féin no éinne thar a cheann é do thriail, roimh dháta na paitinne no an chláruithe (agus an chumadóireacht no an pátrún san gan bheith curtha in úil, go díreach ná go nea-dhíreach, ag an iarratasóir ná ag an dílseánach), féadfidh aon Aire, no pé duine dá ghníomhairí, dá chonnarthóirí, no eile dá dtabharfa sé údarás i scríbhinn, an chumadóireacht do cuireadh ar breaca no do trialadh amhlaidh do dhéanamh, d'úsáid, agus d'fheidhmiú no an pátrún do cuireadh ar breaca no do trialadh amhlaidh d'úsáid no do chur i mbaint chun seirbhíse an Stáit, saor o aon cháin údair no íocaíocht eile d'íoc leis an dílseánach, d'ainneoin an phaitinn no an clárú do bheith ann, agus más dó leis an Aire sin go ndéanfadh sé dochar do leas na puiblíochta an scríbhinn ina mbeidh an chumadóireacht no an pátrún ar breaca, no an fhianaise ar thriail an chéanna, do nochta don iarratasóir no don dílseánach, pe'ca aca é, féadfar an nochta san do dhéanamh fé rún d'abhcóide thar ceann an iarratasóra no an dílseánaigh no d'aon eolgach neaspleách ar a gcó-aontófar.
(2) Má bhíonn aon aighneas ann i dtaobh cumadóireacht do dhéanamh, d'úsáid, no d'fheidhmiú, no pátrún d'úsáid no do chur i mbaint, fén alt so, no i dtaobh na dtéarmaí ina chóir sin, no i dtaobh aon bhreacachán den tsórt san roimhráite do bheith ann no i dtaobh scóipe aon trialach den tsórt san roimhráite, cuirfar an cás chun na cúirte chun breith do thabhairt air, agus beidh comhacht ag an gcúirt an cás go léir no aon cheist fhírinne a eireoidh as do chur chun a thrialta i láthair eadarscánaí ar pé téarmaí a ordóidh sí. Féadfidh an chúirt no an t-eadarscánaí, pe'ca aca é, le toiliú na bpáirtithe, dleathacht na paitinne no an chláruithe do chur san áireamh chun na gcrícheanna san amháin a bhaineann leis na ceisteanna idir an iarratasóir agus an Aire sin do chur fé bhreithniú agus do shocrú. Ag socrú na dtéarmaí mar adubhradh, beidh teideal ag an gcúirt no ag an eadarscánaí aon tairbhe no cúiteamh do chur san áireamh do fuair an dílseánach, no éinne eile go mbeidh leas aige sa phaitinn no sa phátrún, go díreach no go nea-dhíreach ón Stát no o aon Aire no o aon Roinn Rialtais maidir leis an bpaitinn no leis an bpátrún san.
(3) Leis an gceart chun cumadóireacht no pátrún d'úsáid chun seirbhíse an Stáit fé fhorálacha an ailt seo gheobhaidh an chomhacht chun aon earraí do dhíol do dineadh do réir an chirt sin agus nách gá chun seirbhíse an Stáit a thuille.
(4) Ní dhéanfidh éinní san alt so deifir don cheart a bheidh ag an Stát, no a bheidh ag éinne go mbeidh teideal aige go díreach no go nea-dhíreach ón Stát, chun aon earraí, do geallbhruideadh fé sna dlithe a bhaineann le custuim no le mál, do dhíol no d'úsáid.
(5) San alt so cialluíonn an focal “iarratasóir” iarratasóir ar phaitinn no iarratasóir ar chlárú pátrúin, pe'ca aca is gá sa chás, agus cialluíonn an focal “dílseánach” cumadóir no paitinní, no dílseánach cláruithe pátrúin, pe'ca aca is gá sa chás.
Leigheas i gcás ina mbagrófar imeachta dlí gan leor-chúis.
131.—(1) I gcás ina ndéanfidh éinne adeir go bhfuil leas aige i bpaitinn, i bpátrún cláruithe, no i marc trádála cláruithe, aon imeachta dlí no fiachas do bhagairt tré chearcaláin, tré fhógráin, no tré éinní eile, ar éinne eile mar gheall ar aon tsárú adeirtar a dineadh ar an bpaitinn, no ar an gcóipcheart sa phátrún no ar an marc trádála, féadfidh éinne ar a ngoillfidh san aicsean do bhunú i gcoinnibh an duine sin, agus féadfa sé cosc d'fháil i gcoinnibh leanúint de sna bagartha san, agus féadfa sé pé damáiste (más ann do) do dineadh do dá dheascaibh sin do bhaint amach marar shárú dáiríribh ar an bpaitinn, ar an gcóipcheart ná ar an marc trádála an sárú adubhradh a dineadh agus le n-ar bhain na bagartha.
(2) Ní bhainfidh an t-alt so leis an gcás má dintar aicsean mar gheall ar shárú na paitinne, an chóipchirt sa phátrún, no an mhairc thrádála (pe'ca aca é) do thosnú agus do chur ar aghaidh le dícheall cuibhe.
Deimhniú ar dhleathacht do theacht i gceist agus costaisí ina thaobh san.
132.—(1) In aicsean mar gheall ar shárú phaitinne féadfidh an Chúirt a dheimhniú go dtáinig dleathacht aon éilimh in áireamhacht na paitinne i gceist, agus má dheimhníonn an Chúirt amhlaidh, ansan, in aon aicsean ina dhiaidh sin mar gheall ar shárú an éilimh sin, mara n-orduítear a mhalairt ag an gCúirt a thrialfidh an t-aicsean deiridh sin gheobhaidh an gearánaí san aicsean deiridh sin, ar fháil ordú no breithiúntais dheiridh ina fhabhar do, a chostaisí agus a chaithteachaisí iomlána, mar a bheid idir atúrnae agus cliant, sa mhéid go mbainid leis an éileamh san.
(2) In aicsean mar gheall ar shárú an chóipchirt i bpátrún chláruithe féadfidh an Chúirt a dheimhniú go dtáinig dleathacht chlárú an phátrúin sin i gceist, agus má dheimhníonn an Chúirt amhlaidh, ansan, in aon aicsean ina dhiaidh sin mar gheall ar shárú an chóipchirt sin, mara n-orduítear a mhalairt ag an gCúirt a thrialfidh an t-aicsean deiridh sin gheobhaidh an gearánaí san aicsean deiridh sin, ar fháil ordú no breithiúntais dheiridh ina fhabhar do, a chostaisí agus a chaithteachaisí iomlána mar a bheid idir atúrnae agus cliant.
(3) In aon imeacht dlí ina dtiocfidh dleathacht chlárú mairc thrádála chláruithe i gceist agus gur i bhfabhar do dhílseánach an mhairc thrádála san a bheidh an bhreith, féadfidh an Chúirt an dleathacht san do dheimhniú, agus má dheimhníonn sí amhlaidh, ansan, in aon imeacht dlí ina dhiaidh sin ina dtiocfidh an dleathacht san i gceist, mara n-orduítear a mhalairt ag an gCúirt a thrialfidh an imeacht dlí dheiridh sin gheobhaidh dílseánach an mhairc thrádála san, ar fháil ordú no breithiúntais dheiridh ina fhabhar do, a chostaisí agus a chaithteachaisí iomlána mar a bheid idir atúrnae agus cliant.
An nós-imeachta a bhainfidh le hathchomhairc chun an dlíoifigigh.
133.—Féadfidh an dlí-oifigeach fínnéithe do scrúdú fé mhionn agus daoine do chur fé mhionn chuige sin, agus féadfa sé rialacha do dhéanamh chun ceisteanna a curfar fé bhráid an dlí-oifigigh agus athchomhairc a déanfar chuige agus an cleachta agus an nós-imeachta ina láthair fén Acht so do rialáil; agus in aon imeacht i láthair an dlí-oifigigh fén Acht so féadfidh an dlioifigeach a ordú do cheachtar de sna páirtithe costaisí d'íoc agus féadfar riail ón gcúirt do dhéanamh d'aon ordú den tsórt san.
An ceannasaí d'fheidhmiú comhachta discréidighe.
134.—I gcás ina mbeidh aon chomhacht discréidighe tugtha don cheannasaí leis an Acht so no fé, ní fheidhmeoidh sé an chomhacht san i gcoinnibh iarratasóra ar phaitinn, no ar leasú áireamhachta, no ar chlárú phátrúin no mhairc thrádála, ná i gcoinnibh dílseánaigh chláruithe paitinne, pátrúin, no mairc thrádála, gan caoi do thabhairt don iarratasóir no don dílseánach chláruithe éisteacht d'fháil (má éilíonn an t-iarratasóir no an dílseánach cláruithe san air laistigh den aimsir orduithe).
Costaisí agus urrús ar chostaisí.
135.—(1) Beidh ag an gceannasaí agus ag an Aire fé seach, in aon imeachta i láthair ceachtar acu fén Acht so, comhacht chun pé costaisí is réasúnta dar leis do mhola d'aon pháirtí, tré ordú, agus a ordú conus a híocfar agus cé hiad na páirtithe a íocfidh na costaisí sin, agus féadfar riail ón gcúirt do dhéanamh d'aon ordú den tsórt san.
(2) Má bhíonn aon pháirtí a thabharfidh fógra i dtaobh aon fhreasabhra fén Acht so, no a iarrfidh ceiliúra paitinne ar an gceannasaí, no a thabharfidh fógra athchomhairc i gcoinnibh aon bhreithe ón gceannasaí fén Acht so, gan bheith ina chomhnuí ná ag déanamh gnótha i Saorstát Éireann, féadfidh an ceannasaí, no i gcás athchomhairc chun an Aire, chun an dlí-oifigigh, no chun na cúirte, an tAire, an dli-oifigeach no an chúirt, a cheangal ar an bpáirtí sin urrús do thabhairt ar chostaisí na n-imeacht no an athchomhairc agus, mara dtugtar an t-urrús san, féadfa sé deighleáil leis na himeachta no leis an athchomharc mar rud do tréigeadh.
Féadfidh an ceannasaí dul i gcomhairle leis an dlí-oifigeach.
136.—In aon chás ina n-eireoídh amhrus no deacracht i riara aon cheann d'fhorálacha an Achta so féadfidh an ceannasaí treoracha ina thaobh d'iarraidh ar an dlí-oifigeach.
Gníomhairí d'admháil.
137.—(1) Pé uair a bheidh aon ghníomh le déanamh ag éinne no le héinne fén Acht so maidir le paitinn, le pátrún no le marc trádála, no maidir le haon nós-imeachta a bhaineann le paitinn no le fáil phaitinne, no le pátrún no le marc trádála no le clárú ceachtar acu, ansan, fé rialacha agus do réir rialacha a bheidh déanta fén Acht so no, i gcásanna áirithe, le cead speisialta ón Aire, féadfar an gníomh san do dhéanamh ag no le gníomhaire don duine sin 'na mbeidh údarás cuibhe fachta sa tslí orduithe.
(2) Féadfar, le rialacha fén Acht so, a údarú don cheannasaí diúltú d'éinne d'admháil mar ghníomhaire maidir le haon ghnó fén Acht so más rud é, tar éis a ainm do bheith iontrálta i gclár na ngníomhairí paitinne fén Acht so, gur dineadh í do thógaint amach as.
(3) Féadfar, le rialacha fén Acht so, a údarú don cheannasaí diúltú do chuideachta no do thigh gnótha d'admháil mar ghníomhaire maidir le haon ghnó fén Acht so má tá ar an gcuideachtain no ar an tigh ghnótha san aon stiúrthóir no bainisteoir no aon pháirtnéir (pe'ca aca é) is duine go bhféadfadh an ceannasaí diúltú d'é d'admháil mar ghníomhaire.
(4) Diúltóidh an ceannasaí d'éinne a bheidh gan comhnaí air ná áit ghnótha aige i Saorstát Éireann d'admháil mar ghníomhaire maidir le haon ghnó fén Acht so.
Cumadóireachtaí, etc., contrárdha don dlí no don mhorálas.
138.—(1) Féadfidh an ceannasaí diúltú do phaitinn do dheona i gcóir cumadóireachta no do phátrún no marc trádála do chlárú go mbeadh a úsáid, dar leis, contrárdha don dlí no don mhorálas.
(2) Luighfidh athchomharc chun na cúirte i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so.
Tabharfidh an ceannasaí tuarasgabhála bliantúla uaidh.
139.—Déanfidh an ceannasaí, roimh an gcéad lá de Mheán Fhomhair gach bliain, a chur fé ndeár go leagfar fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais tuarasgabháil ar an bhfeidhmiú do dineadh aige no fé ar an Acht so i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta roimhe sin, agus cuirfe sé isteach inti, in aghaidh na bliana le n-a mbaineann an tuarasgabháil, gach riail ghenerálta do dineadh an bhliain sin fén Acht so no chun crícheanna an Achta so, maraon le cuntas ar gach táille, tuarastal, agus liúntas, agus airgead eile do fuarthas agus do híocadh fén Acht so.
Féadfidh an tAire athchomhairc do chur chun na cúirte.
140.—Pé uair a déanfar athchomharc chun an Aire fén Acht so, féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-athchomharc san do chur chun na cúirte in ionad é d'éisteacht agus breith do thabhairt air é féin ach, mara gcuiridh an tAire an t-athchomharc chun na cúirte, déanfidh an tAire é d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus ní bheidh dul thar breith an Aire.
Féadfidh an tAire a dhualgaisí fén Acht so do leigint chun daoine eile.
141.—Gach ní gur gá no go bhfuil sé údaruithe fén Acht so go ndéanfí é ag an Aire no leis no ina láthair féadfidh rúnaí no rúnaí conganta don Aire, no éinne go mbeidh údarás chuige sin aige ón Aire, é do dhéanamh no féadfar é do dhéanamh leis no ina láthair.
Fianaise i láthair an cheannasaí.
142.—(1) Fé réir rialacha generálta a bheidh déanta fén Acht so, is tré dhearbhú reachtúil a tabharfar an fhianaise in aon imeacht fén Acht so i láthair an cheannasaí no an Aire mara mbeidh orduithe ann ina choinnibh sin; ach in aon chás in ar dó leis an gceannasaí gur cheart é dhéanamh, féadfa sé fianaise do thógaint vivâ voce in ionad no i dteanta fianaise tré dhearbhú no a lomháil go ndéanfí aon dearbhthóir do chros-cheistiú i dtaobh a dhearbhuithe. I gcás athchomhairc féadfar aon dearbhú reachtúil den tsórt san d'úsáid i lathair na cúirte in ionad fianaise tré mhionn-scríbhinn, ach má úsáidtear amhlaidh é beidh ag gabháil leis agus ag eirghe as gach a ngabhann le agus a eiríonn as fianaise tré mhionn-scríbhinn.
(2) Má dintar aon chuid den fhianaise do thógaint vivâ voce beidh an ceannasaí, maidir le n-a cheangal ar fhínnéithe teacht i láthair agus le fianaise do thógaint fé mhionn agus le scríbhinní do nochta agus do thaisbeáint, ar aon dul, ar gach slí, le breitheamh den Ard-Chúirt.
An ceannasaí do theacht i láthair in imeachta a bhaineann le ceartú.
143.—In aon imeacht dlí ina mbeidh mar chuid den fhaoiseamh a loirgeofar atharú no ceartú do dhéanamh ar chlár a bheidh á chimeád do réir an Achta so, beidh sé de cheart ag an gceannasaí teacht i láthair agus éisteacht d'fháil, agus tiocfa sé i láthair má orduíonn an chúirt do é. Mara n-orduighidh an chúirt a mhalairt, féadfidh an ceannasaí, in ionad teacht i láthair agus éisteacht d'fháil, ráiteas i scríbhinn fé n-a láimh do chur fé bhráid na cúirte, agus mion-innste ann ar na himeachta a bhí ar siúl ina láthair i dtaobh an ní a bheidh i gceist no ar na scóranna ar ar thug sé aon bhreith a dhineann deifir don ní sin no ar chleachta na hoifige i gcásanna den tsórt san, no ar pé nithe eile is oiriúnach leis agus a bhaineann leis na ceisteanna i dtreis agus a bheidh ar eolas aige mar cheannasaí, agus tuigfar gur cuid den fhianaise san imeacht an ráiteas san.
Costaisí an cheannasaí in imeachta cúirte.
144.—I ngach imeacht i láthair na cúirte fén Acht so beidh costaisí an cheannasaí do réir mar is rogha leis an gcúirt, ach ní hordófar don cheannasaí costaisí aon pháirtí eile d'íoc.
Deimhniú an cheannasaí do bheith ina fhianaise.
145.—Deimhniú a thugann le tuisgint é bheith fé láimh an cheannasaí agus a bhaineann le haon iontráil, ní, no rud a húdaruítear don cheannasaí, leis an Acht so no le haon rialacha generálta a bheidh déanta fén Acht so, do dhéanamh, beidh sé ina fhianaise primâ facie ar an iontráil do dhéanamh agus ar a mbeidh san iontráil sin, no ar an ní no an rud do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh.
Cóipeanna séaluithe de scríbhinní san oifig do bheith ina bhfianaise.
146.—Cóipeanna no sleachta, clóbhuailte no scríbhte, a thugann le tuisgint go bhfuilid deimhnithe ag an gceannasaí no ag oifigeach don cheannasaí agus atá séaluithe le séala an cheannasaí, de phaitinneacha, d'áireamhachtaí, de phátrúin, de mharcanna trádála, agus de scríbhinní eile san Oifig, agus de chláir agus de leabhair eile a cimeádtar ansan, ceadófar iad mar fhianaise i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí gan aon chruthú eile do thabhairt ná na bun-abhair do thaisbeáint.
Féadfar fógraí do chur tríd an bpost.
147.—Aon iarratas, fógra, no scríbhinn eile a húdaruítear no is gá d'fhágaint no do dhéanamh no do thabhairt san Oifig no don cheannasaí, no d'éinne eile fén Acht so, féadfar é chur tríd an bpost.
Laetheanta neamhionáirithe.
148.—I gcás an lá deiridh a socruítear leis an Acht so chun éinní do dhéanamh fén Acht so do thuitim ar aon lá a bheidh luaidhte i rialach generálta a bheidh déanta fén Acht so mar lá neamh-ionáirithe, féadfar a shocrú leis na rialacha gur ar an gcéad lá ina dhiaidh sin nách lá neamh-ionáirithe a déanfar an ní.
Dearbhuithe o mhionaoisigh, o gheilteanna, etc.
149.—(1) Má bhíonn éinne, de bhíthin mionaoise, gealtachta, no mí-ábaltachta eile, gan bheith ábalta ar aon dearbhú no éinní do dhéanamh is gá do réir an Achta so no fé no a ceaduítear leis no fé, féadfidh an caomhnóir no an coiste más ann do don té a bheidh fén mí-ábaltacht no, marab ann do san, féadfidh éinne a ceapfar ag aon chúirt go mbeidh údarás maidir le n-a mhaoin aici an dearbhú san do dhéanamh no dearbhú chó mór deabhramh leis agus is féidir sa chás, agus an ní sin do dhéanamh in ainm agus thar ceann an té a bheidh fén mí-ábaltacht.
(2) Féadfidh an chúirt ceapachán do dhéanamh chun críchcanna an ailt seo ar achuinge éinne a bheidh ag gníomhú thar ceann an té a bheidh fén mí-ábaltacht no ar achuinge éinne eile le n-a mbaineann déanamh an dearbhuithe no an ní.
Ciontaí.
150.—(1) Má dhineann éinne no má chuireann sé fé ndéar go ndéanfar iontráil bhréagach in aon chlár a bheidh á chimeád fén Acht so, no scríbhinn a thabharfidh le tuisgint, go bréagach, gur cóip d'iontráil in aon chlár den tsórt san í, no má dhineann sé no má chuireann sé fé ndeár aon scríbhinn den tsórt san do thaisbeáint no do thairisgint i bhfianaise agus a fhios aige an iontráil no an scríbhinn do bheith bréagach, beidh sé ciontach i mí-iompar.
(2) Má thugann éinne le tuisgint go bréagach aon earra a dhíolann sé do bheith ina hearra phaitinnithe, no má deir sé go bréagach aon phátrún a bheidh curtha ar aon earra a dhíolann sé do bheith cláruithe, no má thugann sé le tuisgint go bréagach marc trádála do bheith cláruithe, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(3) Má dhíolann éinne earra go mbeidh stampálta, greanta, no múnluithe uirthi, no curtha uirthi ar aon tslí eile, an focal “paitinn,” “paitinnithe,” no “cláruithe,” no aon fhocal eile adeir no a chialluíonn an earra do bheith paitinnithe no an pátrún atá curtha uirthi no an marc trádála uirthi do bheith cláruithe, tuigfar chun crícheanna an ailt seo é do bheith á thabhairt le tuisgint gur earra phaitinnithe an earra, no gur pátrún cláruithe an pátrún atá curtha uirthi, no gur marc trádála cláruithe an marc trádála uirthi.
(4) Einne a dhéanfidh, tar éis an cóipcheart i bpátrún do bheith imithe in éag, an focal “cláruithe” no aon fhocal no focail a chialluíonn go bhfuil cóipcheart sa phátrún fós, do chur no a chur fé ndeár é do chur ar aon earra ar a mbeidh an pátrún curtha, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(5) Má úsáideann éinne ar a áit ghnótha, no ar aon scríbhinn a thabharfa sé amach, no ar aon tslí eile, aon fhocail a thugann le tuisgint go bhfuil baint oifigiúil ag á áit ghnótha leis an Oifig no gurb í an Oifig í, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.
Leabhrúin Stáit d'úsáid gan údarás.
151.—Einne a dhéanfidh gan údarás dleathach, maidir le haon ghnó, trádáil, slí bheatha no gairm, úsáid do bhaint as aon leabhrún, suaitheantas, comhartha, no bratach a bheidh curtha ar leithligh do réir dlí le haghaidh úsáide, no a úsáidtear do ghnáth, ag an Stát no ag aon oifigeach don Stát no ag aon Roinn Rialtais (no aon leabhrún, suaitheantas, comhartha, no bratach chó cosúil sin leis an gcéanna gur dócha go gcuirfadh sé duine amú) i slí is gur dócha go dtiocfadh as go gcreidfí gur duine é go bhfuil údarás cuibhe aige an leabhrún, an suaitheantas, an comhartha, no an bratach san d'úsáid, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta.
Socruithe idirnáisiúnta.
152.—(1) Má dineadh no má dintar le rialtas aon stáit choigríche aon tsocrú atá no a bheidh ina cheangal ar Shaorstát Éireann (pe'ca mar gheall ar an Seanascal á dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle é no ar aon chúis eile) chun cóchosanta cumadóireachtaí no pátrún no marcanna trádála, ansan, éinne d'iarr cosaint d'aon chumadóireacht, pátrún, no marc trádála sa stát san, no ionadaí dlíthiúil no sannaí an duine sin, beidh sé i dteideal paitinne dá chumadóireacht no clárú a phátrúin no a mhairc thrádála fén Acht so roimh iarratasóirí eile; agus beidh ar an bpaitinn no ar an gclárú an dáta céanna a bheidh ar an iarratas sa stát choigríche, ach go gcólíonfar go cuibhe pe'ca coiníoll acu so a leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—
(a) i gcás paitinne, déanfar an t-iarratas ar chosaint i Saorstát Éireann laistigh de bhliain tar éis dáta an iarratais ar chosaint sa stát choigríche no, i gcás an t-iarratas deiridh sin a luaidhtear do bheith ar feitheamh i dtosach feidhme Chuid II. den Acht so, laistigh de bhliain tar éis dáta an tosaigh fheidhme sin, agus
(b) i gcás pátrúin, déanfar an t-iarratas ar chosaint i Saorstát Éireann laistigh de cheithre mhí tar éis dáta an iarratais ar chosaint sa stát choigríche no, i gcás an t-iarratas deiridh sin a luaidhtear do bheith ar feitheamh i dtosach feidhme Chuid III. den Acht so, laistigh de cheithre mhí tar éis dáta an tosaigh fheidhme sin, agus
(c) i gcás mairc thrádála, déanfar an t-iarratas ar chosaint i Saorstát Éireann laistigh de cheithre mhí tar éis dáta an iarratais ar chosaint sa stát choigríche no, i gcás an t-iarratas deiridh sin a luaidhtear do bheith ar feitheamh i dtosach feidhme Chuid IV. den Acht so, laistigh de cheithre mhí tar éis dáta an tosaigh fheidhme sin.
(2) Ní dhéanfidh éinní san alt so an paitinní fé phaitinn ná dílseánach pátrúin no mairc thrádála do chur i dteideal damáistí do bhaint amach in éiric sáruithe a thárlóidh roimh an dáta ar a nglacfar leis an áireamhacht iomláin don phaitinn no ar a gcríochnófar clárú an phátrúin no an mhairc thrádála (pe'ca aca é).
(3) Ní bheidh an phaitinn a deonadh don chumadóireacht ná clárú an phátrúin ná an mhairc thrádála nea-dhleathach—
(a) i gcás paitinne, mar gheall ar thuairisc ar an gcumadóireacht d'fhoillsiú no an chumadóireacht d'úsáid agus mar gheall air sin amháin; ná
(b) i gcás pátrúin, mar gheall ar an bpátrún do thaisbeáint no d'úsáid, no tuairisc air no samhail de d'fhoillsiú agus mar gheall air sin amháin; ná
(c) i gcás mairc thrádála, mar gheall ar an marc trádála d'úsáid agus mar gheall air sin amháin,
i Saorstát Éireann i rith na tréimhse a luaidhtear san alt so mar thréimhse inar féidir an t-iarratas do dhéanamh laistigh di.
(4) Ní foláir an t-iarratas ar dheona phaitinne no ar chlárú phátrúin no ar chlárú mhairc thrádála fén alt so do dhéanamh sa tslí chéanna ina ndéanfí gnáth-iarratas fén Acht so:
Ach—
(a) i gcás paitinneacha beidh áireamhacht iomlán i dteanta an iarratais agus mara nglactar léi laistigh den bhliain ón iarratas ar chosaint sa stát choigríche no o thosach feidhme Chuid II., den Acht so (pe'ca aca is gá sa chás) beidh sí féin, maraon leis na tarraiceoireachtaí (más ann dóibh), le feiscint ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha ar bheith caithte don tréimhse sin; agus
(b) i gcás marcanna trádála, aon mharc trádála gur hiarradh go cuibhe sa tír gurb as do go gclárófí é, féadfar é do chlárú fén Acht so.
(5) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo ach le cás na stát gcoigríche sin 'na bhfaisnéisfidh an Seanascal tré ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, go mbainid le n-a gcás agus san, i gcás gach stáit fé leith, chó fada san amháin is leanfidh an t-ordú i bhfeidhm maidir leis an stát san.
(6) I gcás ina ndéanfar soiléir don tSeanascal go bhfuil lucht reachtúcháin aon tiarnais Bhriotáinigh, tíre fé chomairce Briotáinighe no críche Briotáinighe tar éis socrú sásúil do dhéanamh chun cumadóireachtaí, pátrúin, no marcanna trádála atá paitin nithe no cláruithe i Saorstát Éireann do chosaint, beidh sé dleathach don tSeanascal, tré ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, forálacha an ailt seo do chur i mbaint leis an tiarnas, leis an tír fé chomairce no leis an gcrích sin agus pé atharuithe ortha no nithe curtha leo, más ann dóibh, a bheidh ráite san ordú.
Féadfidh an tAire rialacha generálta, etc., do dhéanamh.
153.—(1) Féadfidh an tAire pé rialacha generálta agus pé nithe is dó leis is oiriúnach do dhéanamh, fé réir forálacha an Achta so—
(a) chun an cleachta a bhaineann le clárú fén Acht so do rialáil;
(b) chun earraí do shaghsú chun crícheanna pátrún agus chun crícheanna marcanna trádála;
(c) chun dúbláidí d'áireamhachtaí, de phátrúin, de mharcanna trádála, de tharraiceoireachtaí, agus de scríbhinní eile do dhéanamh no d'éileamh;
(d) chun a chur in áirithe go bhfoillseofar agus go ndíolfar, ar pé praghsanna agus i pé slí is oiriúnach leis, cóipeanna d'áireamhachtaí, de phátrúin, de mharcanna trádála, de tharraiceoireachtaí agus de scríbhinní eile agus chun an foillsiú agus an díol san do rialáil;
(e) chun rialáil do dhéanamh (le haontú an Aire Airgid) ar fhoillsiú, ar thabhairt amach, agus ar dhíol an Irisleabhair agus gach aguisín do, na dtuarasgabhála, agus na scríbhinní eile a ceangailtear ar an gceannasaí no a húdaruítear do leis an Acht so d'fhoillsiú no do thabhairt amach agus chun na nithe a bheidh le foillsiú san Irisleabhar agus sna haguisíní, sna tuarasgabhála, agus sna scríbhinní eile sin fé seach do rialáil;
(f) chun a chur in áirithe go ndéanfar, go gclóbhuailfar, go bhfoillseofar, agus go ndíolfar treoracha d'áireamhachtaí, do phátrúin, do mharcanna trádála agus do scríbhinní eile san Oifig, agus fós giorraithe dhíobh, agus chun na gníomhartha san do rialáil, agus chun socrú i gcóir iniúcha na dtreoracha agus na ngiorraithe agus na scríbhinní eile sin;
(g) chun rialáil do dhéanamh (le haontú an Aire Airgid) ar chóipeanna d'fhoillsiúcháin a bheidh déanta fén Acht so do thíolaca do phaitinnithe agus d'údaráis, do chóluchtaí, agus d'fhundúireachtaí puiblí i mbaile is i gcéin;
(h) chun rialáil do dhéanamh ar chimeád na gcláracha uile agus fé seach a bheidh le cimeád do réir an Achta so;
(i) chun éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú;
(j) chun éinní do dhéanamh a húdaruítear no a héilítear leis an Acht so do dhéanamh, no dá dtagartar san Acht so mar ní á dhéanamh no le déanamh, le rialacha generálta a bheidh déanta fén Acht so;
(k) chun rialáil do dhéanamh go generálta ar ghnó na hOifige agus ar gach ní a cuirtar tríd an Acht so fé stiúrú no fé smacht an cheannasaí no an Aire.
(2) Rialacha generálta a déanfar fén alt so beidh acu faid a bheid i bhfeidhm an éifeacht chéanna do bheadh acu dá mba gur san Acht so a bheidís.
(3) Na rialacha uile a déanfar do réir an ailt seo fógrófar iad fé dhó san Irisleabhar, agus leagfar iad fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den chéad dhachad lá tar éis aon rialacha do bheith leagtha fé bhráid an Tighe sin amhlaidh, a bheartú le rún gur cheart na rialacha no aon chinn díobh do chur ar nea-mbrí, beidh na rialacha no an chuid díobh le n-a mbaineann an rún gan aon éifeacht acu tar éis dáta an rúin sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh idir dhá linn fé sna rialacha ná do dhéanamh aon rialacha nua.
CUID VI.—COIPCHEART.
Cóipcheart.
154.—(1) Fé réir forálacha an Achta so mairfidh cóipcheart i Saorstát Éireann, ar feadh an téarma a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, i ngach bun-obair litríochta, dhrámaíochta, cheoil agus ealadhan más rud é—
(a) i gcás oibre foillsithe, gur laistigh de Shaorstát Éireann do céad-fhoillsíodh an obair; agus
(b) i gcás oibre neamh-fhoillsithe, go raibh an t-údar ina shaoránach de Shaorstát Éireann no ina chomhnaí laistigh de Shaorstát Éireann ar dháta déanta na hoibre;
ach ní hin aon oibreacha eile, ach amháin sa mhéid go ndéanfar an chosaint a bronntar leis an Acht so do leathnú le hOrduithe a déanfar fén Acht so agus a bhainfidh le tiarnaisí Briotáineacha agus le tíortha coigríche:
Ach tré Ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle féadfidh an Seanascal, maidir le cóipcheart, a mhaireann i Saorstát Éireann fé fhorálacha an fho-ailt seo, in oibreacha 'na raibh a n-údair, ar dháta déanta na hoibre, ina saoránaigh de thír a bheidh ainmnithe san Ordú agus ná beidh aon chonvensiún déanta léi a bhaineann le cóipcheart agus a cheanglann Saorstát Éireann agus nár dineadh aon Ordú ina taobh fé fhorálacha alt 175 (alt a bhaineann le comhacht chun tairbhe na Coda so den Acht so do thabhairt d'oibreacha do céad-fhoillsíodh i dtiarnas Briotáineach no i dtír choigríche) den Acht so, féadfa sé a ordú go mbeidh an cóipcheart san fé réir pé coiníollacha no fuirmeáltachtaí (más ann dóibh) a bheidh orduithe leis an Ordú agus fé réir pé atharuithe, i dtaobh únaeracht an chóipchirt no éinní eile, a chífar a bheith riachtanach de bhíthin dlí na tíre sin.
(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, cialluíonn “cóipcheart” an t-aon-cheart chun an obair no aon pháirt shubstainteach di do thabhairt amach no d'ath-thabhairt amach in aon fhuirm abhardha in aon chor, agus chun an obair no aon pháirt shubstainteach di do léiriú no, i gcás léigheachta, í do thabhairt go puiblí; agus chun an obair no aon pháirt shubstainteach di d'fhoillsiú mara mbeidh an obair foillsithe; agus folóidh sé an t-aon-cheart—
(a) chun aon aistriú ar an obair do thabhairt amach, d'ath-thabhairt amach, do léiriú, no d'fhoillsiú: ach scuirfidh an ceart san de bheith ann maidir le haistrithe go Gaedhilg mara ndinidh údar na hoibre no a ionadaí dlíthiúil, laistigh de thréimhse deich mblian o dháta céad-fhoillsithe na hoibre, aistriú Gaedhilge ar an obair d'fhoillsiú i Saorstát Éireann no a chur fé ndeár é sin do dhéanamh;
(b) i gcás oibre drámaíochta, chun úirscéal no saghas eile oibre nách obair dhrámaíochta do dhéanamh di;
(c) i gcás úirscéil no oibre eile nách obair dhrámaíochta, no oibre ealadhanta, chun obair dhrámaíochta do dhéanamh di, tré n-a léiriú go puiblí no ar aon tslí eile;
(d) i gcás oibre litríochta, drámaíochta, no ceoil, chun aon recórd, rolla pollta, scannán cinematografach, no gléas eile do dhéanamh le n-a bhféadfar an obair do léiriú no do thabhairt amach go meceaniciúil,
agus chun aon ghníomhartha den tsórt san roimhráite d'údarú.
(3) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, cialluíonn foillsiú, maidir le haon obair, cóipeanna den obair do thabhairt amach don phuiblíocht, agus ní fholuíonn sé obair dhrámaíochta no cheoil do léiriú go puiblí, léigheacht do thabhairt go puiblí, obair ealadhan do thaisbeáint go puiblí, ná obair ealadhan ailtireachta do dhéanamh, ach, chun crícheanna na forála so, ní tuigfar gurb ionann grianghrafanna agus greanta d'oibreacha snoigheadóireachta agus d'oibreacha caladhan ailtireachta do thabhairt amach agus na hoibreacha san d'fhoillsiú.
(4) D'ainneoin éinní atá in alt 174 (alt a bhaineann le seanachóipchirt do chimeád i bhfeidhm) den Acht so, bainfidh mír (a) d'fho-alt (2) den alt so le cóipcheart do fuarthas roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, chó maith le cóipcheart do fuarthas tar éis an dáta san fén Acht so.
Sárú cóipchirt.
155.—(1) Tuigfar cóipcheart in obair do bheith sáruithe ag éinne a dhéanfidh, gan cead o únaer an chóipchirt, éinní go mbronntar aon-cheart a dhéanta ar únaer an chóipchirt leis an gCuid seo den Acht so: Ach ní sárú cóipchirt na gníomhartha so a leanas:—
(i) aon deighleáil chothrom le haon obair chun stuidéir phríobháidigh, lorgaireachta, no léirmheasa, no chun achmaireacht do dhéanamh uirthi i bpáipeur nuachta;
(ii) i gcás nách le húdar oibre ealadhanta an cóipcheart san obair sin, an t-údar do dhéanamh úsáide d'aon mhúnla, teilgint, dreachtán, plean, deilbheán no stuideur do chum sé chun críche na hoibre ach gan príomhphátrún na hoibre sin d'ath-chuma ná aithris do dhéanamh air tríd an úsáid sin;
(iii) péinteála, tarraiceoireachtaí, greanta, no grianghrafanna d'obair shnoigheadóireachta no cheárdaíochta ealadhanta do dhéanamh no d'fhoillsiú, má bhíonn an obair sin suidhte go buan in áit no i bhfoirgint phuiblí, no péinteála, tarraiceoireachtaí, greanta, no grianghrafanna (nách de shaghas tarraiceoireachtaí no pleananna ailtireachta) d'aon obair ealadhan ailtireachta do dhéanamh no d'fhoillsiú;
(iv) ionaid nách sia ná céad líne i ngach cás as oibreacha liteardha foillsithe nách le haghaidh scoileanna do céad-fhoillsíodh iad agus ina maireann cóipcheart, d'fhoillsiú i gcnuasach de phrós no d'fhilíocht no díobh araon, a bheidh ceaptha bonâ fide le haghaidh scoileanna agus a bheidh tuairiscithe amhlaidh sa teideal agus in aon fhógráin a thabharfidh an foillsitheoir amach: Ach ní bheidh ar na hionaid sin ionaid do tógadh as oibreacha cóipchirt laistigh de chúig bliana o dháta a gcéad-fhoillsithe agus ní fhoillseoidh an t-aon fhoillsitheoir amháin san aon leabhar amháin níos mó ná dhá ionad den tsórt san as oibreacha leis an aon údar amháin, agus admhófar cad as gur tógadh na hionaid sin;
(v) tuarasgabháil ar léigheacht a tabharfar go puiblí d'fhoillsiú i bpáipeur nuachta, mara dtoirmiscthear an tuarasgabháil le fógra so-fheicse, scríbhte no clóbhuailte, a cuirfar suas roimh an léigheacht, agus a cimeádfar amhlaidh le linn na léigheachta, ag príomhdhoras no in aice príomh-dhorais na foirginte ina dtabharfar an léigheacht agus, lasmuich den am a bheidh an fhoirgint á húsáid chun Dia d'adhra go puiblí, in ionad in aice an léigheachtaí; ach ní dhéanfidh éinní sa mhír seo deifir do sna forálacha i mír (i) i dtaobh achmaireachtaí i bpáipéirí nuachta;
(vi) lasmuich de chás oibre do céad-fhoillsíodh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, éinne amháin do léigheamh no d'aithris aon tsleachta réasúnta as aon obair fhoillsithe go puiblí;
(vii) i gcás oibre do céad-fhoillsíodh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, aon tsliocht réasúnta as an obair do léigheamh no d'aithris go puiblí mar chuid de léigheacht, de dhileagra, de sheanmóin, no d'óráid.
(2) Tuigfar fós cóipcheart in obair do bheith sáruithe ag éinne—
(a) a dhíolfidh no a chuirfidh ar cíos no, mar thrádáil, a thaisbeáinfidh no a thairgfidh le díol no le cur ar cíos; no
(b) a scaipfidh, chun crícheanna trádála no chó flúirseach san go ndéanfí dochar d'únaer an chóipchirt; no
(c) a thaisbeáinfidh go puiblí mar thrádáil; no
(d) a iomportálfidh isteach i Saorstát Éireann le díol no le cur ar cíos;
aon obair is eol do a sháruíonn cóipcheart no do sháródh cóipcheart dá mba laistigh de Shaorstát Éireann a déanfí í.
(3) Lasmuich de chás oibre do céad-fhoillsíodh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, tuigfar fós cóipcheart in obair do bheith sáruithe ag éinne a cheadóidh, chun proifite dho féin, amharclann no áit eile chun siamsa d'úsáid chun an obair do léiriú go puiblí gan cead únaera an chóipchirt, maran rud é ná raibh a fhios aige agus ná raibh aon chúis réasúnta aige chun bheith amhrusach go mbeadh an léiriú ina shárú ar chóipcheart.
(4) I gcás oibre do céad-fhoillsíodh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, tuigfar fós cóipcheart do bheith sáruithe ag éinne a cheadóidh amharclann, halla, seomra, no áit eile d'úsáid chun an obair do léiriú go puiblí chun proifite gan cead únaera an chóipchirt, maran rud é ná raibh a fhios ag an duine sin agus ná raibh aon chúis réasúnta aige chun bheith amhrusach go mbeadh an léiriú ina shárú ar chóipcheart.
(5) Gach éinne a cheadóidh amharclann, halla, seomra, no áit eile d'úsáid chun léiriú do dhéanamh is sárú cóipchirt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.
(6) D'ainneoin éinní atá in alt 174 (alt a bhaineann le seanachóipchirt do chimeád i bhfeidhm) den Acht so, bainfidh mír (iv) d'fho-alt (1) den alt so le cóipcheart do fuarthas roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, chó maith le cóipcheart do fuarthas tar éis an dáta san fén Acht so.
Téarma an chóipchirt.
156.—Isé téarma a mhairfidh cóipcheart, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, ná i rith saoil an údair agus tréimhse de chaoga bliain tar éis a bháis:
Ach aon uair tar éis cúig bliana fichead no, i gcás oibre ina raibh cóipcheart ar marthain an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1911, tar éis triocha bliain o bhás údair oibre foillsithe, ní tuigfar cóipcheart san obair do bheith sáruithe de dhruim an obair d'ath-thabhairt amach chun í do dhíol má chruthuíonn an té bheidh á hath-thabhairt amach go bhfuil sé tar éis an fógra ceaptha i scríbhinn do thabhairt i dtaobh é bheith chun an obair d'ath-thabhairt amach, agus go bhfuil sé tar éis cánacha údair ar scór na gcóipeanna uile den obair a dhíol sé d'íoc sa tslí cheaptha le húnaer an chóipchirt, no chun tairbhe dho, do réir ráta deich per cent. den phraghas ar a bhfoillsíonn sé an obair; agus, chun crícheanna an phrovísó so, féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ceapa an mhodha ar a dtabharfar fógraí agus ag ceapa na mion-innste a tabharfar sna fógraí sin agus modh, am, agus minicíocht íoctha cánacha údair, agus ortha san (más oiriúnach leis é) beidh rialacháin á éileamh go n-íocfar cánacha údair roimh ré no á chur in áirithe ar aon tslí eile go n-íocfar iad.
Ceadúnaisí éigeanta.
157.—Más rud é, aon uair tar éis bháis d'údar oibre litríochta, drámaíochta, no ceoil do foillsíodh no do léiríodh go puiblí, go ndéanfar gearán leis an Aire gur dhiúltuigh únaer an chóipchirt san obair don obair d'ath-fhoillsiú ná do n-a lomháil an obair d'ath-fhoillsiú no gur dhiúltuigh sé do n-a lomháil an obair do léiriú go puiblí agus go bhfuil an obair á chimeád siar ón bpuiblíocht de dheascaibh an diúltuithe sin, féadfar a ordú d'únaer an chóipchirt ceadúnas do dheona chun an obair d'ath-thabhairt amach no chun an obair do léiriú go puiblí, pe'ca aca é, ar pé téarmaí agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an Aire.
Unaereacht chóipchirt, etc.
158.—(1) Fé réir forálacha an Achta so, isé an té is údar d'obair is céad-únaer ar an gcóipcheart inti:
Ach—
(a) más rud é, i gcás greanta, grianghraif, no portráide, gur duine éigin eile d'orduigh an pláta no an bun-abhar eile agus gur dineadh é ar chomaoin luachmhair do réir an orduithe sin, ansan, mara mbeidh aon chó-aontú ann ar a mhalairt, isé an té d'orduigh an pláta no an bun-abhar eile sin is céad-únaer ar an gcóipcheart; agus
(b) má bhí an t-údar ar fostú ag duine éigin eile fé chonnra sheirbhíse no phrintíseachta agus gur dineadh an obair i gcúrsa a fhostaíochta ag an duine sin, ansan, mara mbeidh aon chó-aontú ann ar a mhalairt, isé an té ag á raibh an t-údar ar fostú is céad-únaer ar an gcóipcheart, ach más aiste no abhar eile do pháipeur, do mheaigisín, no do thréimhseachán den tsórt san an obair, tuigfar, mara mbeidh aon chó-aontú ann ar a mhalairt, go bhfuil ceart curtha ar cosnamh don údar srian do chur leis an obair d'fhoillsiú ar aon tslí eile seachas mar chuid de pháipeur nuachta, de mheaigisín, no de thréimhseachán den tsórt san.
(2) Féadfidh únaer an chóipchirt in aon obair an ceart do shanna, i bpáirt no go hiomlán, agus go generálta no fé choiníoll maidir le háit no eile, agus ar feadh lán-téarma an chóipchirt no ar feadh aon choda den téarma san, agus féadfa sé aon leas sa cheart do dheona le ceadúnas, ach ní bheidh aon tsanna ná deona den tsórt san dleathach mara mbeidh sé i scríbhinn fé láimh únaera an chirt 'na ndéanfar an sanna no an deona ina thaobh, no fé láimh a ghníomhaire chuibhe-údaruithe:
Ach má sé an té is údar d'obair is céad-únaer ar an gcóipcheart inti, ansan, aon tsanna ar an gcóipcheart no aon deona ar aon leas ann a dhéanfa sé ar aon tslí (seachas le huacht) tar éis rithte an Achta so, ní oibreoidh sé chun aon chirt do dhílsiú sa tsannaí no sa deonaí maidir leis an gcóipcheart san obair níos sia amach ná cúig bliana fichead o bhás an údair agus, d'ainneoin aon chó-aontú ar a mhalairt, tuitfidh an frith-leas feitheamhach, a bheidh sa chóipcheart i gcionn na tréimhse sin, chun ionadaithe pearsanta dlíthiúla an údair mar chuid dá estát ar fháil bháis don údar, agus aon chó-aontú do dhin sé i dtaobh conus deighleáil leis an bhfrith-leas san beidh sé gan brí gan éifeacht, ach ní léireofar éinní sa phrovísó so mar ní a bhaineann leis an gcóipcheart i gcnuas-obair do shanna no le ceadúnas chun obair no cuid d'obair d'fhoillsiú mar chuid de chnuas-obair.
(3) Más rud é, fé aon tsanna leathrannach ar chóipcheart, go dtiocfidh an sannaí i dteideal aon chirt a bheidh foluithe i gcóipcheart, déanfar chun crícheanna an Achta so an sannaí d'áireamh, chó fada leis an gceart do sannadh amhlaidh, agus an sannóir d'áireamh, chó fada leis na cirt nár sannadh, mar únaer ar an gcóipcheart agus beidh éifeacht ag forálacha an Achta so dá réir sin.
Leighseanna síbhialta ar shárú chóipchirt.
159.—(1) Má dintar cóipcheart in aon obair do shárú beidh únaer an chóipchirt, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, i dteideal gach leighis i riocht coisc, damáistí, cuntaisí agus eile, a bronntar no a bronnfar le dlí in aghaidh sárú ar cheart.
(2) Is do réir toil na cúirte amháin a bheidh costaisí na bpáirtithe uile in aon imeachta mar gheall ar shárú chóipchirt.
(3) In aon aicsean mar gheall ar shárú chóipchirt in aon obair, tuigfar gur obair ina bhfuil cóipcheart ar marthain an obair agus tuigfar gur leis an ngearánaí an cóipcheart, mara gcuiridh an cosantóir i gceist an cóipcheart do bheith ann in aon chor no teideal chuige do bheith ag an ngearánaí, pe'ca aca é, agus má bhíonn éinní den tsórt san i gceist, ansan—
(a) má bhíonn clóbhuailte no taisbeánta ar aon tslí eile ar an obair ar an ngnáth-chuma ainm a thugann le tuisgint gurb í ainm údair na hoibre í, tuigfar, mara gcruthuítear a mhalairt, gurb é an té go mbeidh a ainm clóbhuailte no taisbeánta amhlaidh is údar don obair;
(b) mara mbeidh aon ainm clóbhuailte ná taisbeánta amhlaidh, no marab í fíor-ainm an údair ná an ainm a tugtar air do ghnáth an ainm a bheidh clóbhuailte no taisbeánta amhlaidh, agus má bhíonn clóbhuailte no taisbeánta ar aon tslí eile ar an obair ar an ngnáth-chuma ainm a thugann le tuisgint gurb í ainm fhoillsitheora no dhílseánaigh na hoibre í, tuigfar, mara gcruthuítear a mhalairt, gurb é an té go mbeidh a ainm clóbhuailte no taisbeánta amhlaidh is únaer ar an gcóipcheart san obair chun crícheanna imeachta mar gheall ar shárú chóipchirt san obair.
Cirt maidir le cóipeanna sáruitheacha, etc.
160.—Gach cóip sháruitheach d'aon obair ina mbeidh cóipcheart ar marthain, no d'aon pháirt shubstaintigh di, agus gach pláta a húsáidfar no a bheidh ceaptha le húsáid chun cóipeanna sáruitheacha den tsórt san do dhéanamh, tuigfar gur le húnaer an chóipchirt iad, agus féadfidh seisean dá réir sin imeachta do bhunú chun seilbh d'fháil ortha no mar gheall ar iad do chlaon-chasa.
Duine a sháruíonn tré neamh-urchóid do shaora o fhiachaisí áirithe.
161.—Má bunuítear imeachta mar gheall ar shárú an chóipchirt in aon obair agus go ndéarfidh an cosantóir ina chosaint ná raibh a fhios aige cóipcheart do bheith san obair, ní bheidh an gearánaí i dteideal aon leighis eile ach cosc maidir leis an sárú má chruthuíonn an cosantóir go raibh sé ar dháta an tsáruithe gan a fhios aige agus gan aon chúis réasúnta aige chun bheith amhrusach go raibh cóipcheart ar marthain san obair.
Srian le leighseanna i gcás ailtireachta.
162.—(1) Má bhíonn tosnuithe ar thógáil fhoirginte no dhéanmhachta eile a sháruíonn, no do sháródh dá gcríochnuítí í, an cóipcheart in obair éigin eile, ní bheidh únaer an chóipchirt i dteideal cosc d'fháil chun srian do chur le tógáil na foirginte no na déanmhachta san ná chun a ordú go leagfí i.
(2) Pé cinn d'fhorálacha eile an Achta so le n-a bhforáltar go dtuigfar gur le húnaer an chóipchirt cóip sháruitheach d'obair, no le n-a bhforchuirtar pionóisí ar an slí achmair, ní bhainfid le haon chás le n-a mbaineann an t-alt so.
Teora le haicsin.
163.—Ní déanfar aicsean mar gheall ar shárú chóipchirt do thosnú tar éis trí mblian ó am an tsáruithe.
Pionóisí mar gheall ar dheighleail le cóipeanna sáruitheacha.
164.—(1) Má dhineann éinne go feasach—
(a) aon chóip sháruitheach d'obair ina mbeidh cóipcheart ar marthain do chuma, le díol no le cur ar cíos; no
(b) aon chóip sháruitheach d'aon obair den tsórt san do dhíol no do chur ar cíos no, mar thrádáil, í do thaisbeáint no do thairisgint le díol no le cur ar cíos; no
(c) cóipeanna sáruitheacha d'aon obair den tsórt san do scaipe chun crícheanna trádála no chó flúirseach san go ndéanfí dochar d'únaer an chóipchirt; no
(d) aon chóip sháruitheach d'aon obair den tsórt san do thaisbeáint go puiblí mar thrádáil; no
(e) aon chóip sháruitheach d'aon obair den tsórt san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann le díol no le cur ar cíos;
beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur air in aghaidh gach cóipe le n-ar deighleáladh contrárdha don alt so, ach gan dul thar caoga punt maidir leis an aon ghnó-bheart amháin; no, i gcás an dara cionta no cionta ina dhiaidh sin, an fhíneáil sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá mhí.
(2) Má dhineann éinne no má bhíonn ar seilbh aige, go feasach, aon phláta chun cóipeanna sáruitheacha d'aon obair ina mbeidh cóipcheart ar marthain do dhéanamh, no má dhineann sé, go feasach, agus chun proifite dho féin, a chur fé ndeár aon obair den tsórt san do léiriú go puiblí gan cead únaera an chóipchirt, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, i gcás an dara cionta no cionta ina dhiaidh sin, an fhíneáil sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá mhí.
(3) An chúirt gur ina láthair a bunófar aon imeachta den tsórt san, féadfa sí, pe'ca ciontófar an té adeirtar do chiontuigh no ná ciontófar, a ordú go ndítheofar no go dtabharfar suas d'únaer an chóipchirt ná cóipeanna uile den obair no na plátaí uile a bheidh i seilbh an té adeirtar do chiontuigh, agus a chífar don chúirt a bheith ina gcóipeanna sáruitheacha no ina bplátaí chun cóipeanna sáruitheacha do dhéanamh, no a ordú go ndeighleálfar leo ar aon tslí eile is oiriúnach leis an gcúirt.
(4) Ní dhéanfidh éinní san alt so deifir d'fhorálacha Chuid VII. den Acht so chó fada is théigheann oibreacha ceoil.
Cóipeanna d'iomportáil.
165.—(1) Cóipeanna a déanfar lasmuich de Shaorstát Éireann d'aon obair ina mbeidh cóipcheart ar marthain agus do sháródh cóipcheart dá mba i Saorstát Éireann a déanfí iad agus 'na dtabharfidh únaer an chóipchirt fógra i scríbhinn ina dtaobh, uaidh féin no tré n-a ghníomhaire, do sna Coimisinéirí Ioncuim gur mian leis ná hiomportálfí na cóipeanna san isteach i Saorstát Éireann ní hiomportálfar amhlaidh iad, agus, fé réir forálacha an ailt seo, tuigfar iad do bheith áirmhithe sa táible de thoirmisc agus de shriantachtaí atá in alt a dó is dachad den Customs Consolidation Act, 1876, agus bainfidh an t-alt san leis an gcás dá réir sin.
(2) Sara ndéanfid aon chóipeanna den tsórt san do choinneáil ná aon imeachta breise do bhunú d'fhonn a ngeallbruidthe fén dlí a bhaineann leis na Custuim, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim a cheangal go gcólíonfar na rialacháin fén alt so, pe'ca i dtaobh scéala no coiníollacha no nithe eile é, agus féadfid deimhin do dhéanamh dóibh féin de, do réir na rialachán san, go bhfuil na cóipeanna den tsaghas a toirmiscthear leis an alt so d'iomportáil.
(3) Féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin, generálta no speisialta, do dhéanamh i dtaobh coinneáil no geallbhruide cóipeanna a toirmiscthear leis an alt so d'iomportáil agus i dtaobh na gcoiníollacha, más ann dóibh, a bheidh le cólíona roimh an gcoinneáil agus an geallbhruide sin, agus féadfid, leis na rialacháin sin, a shocrú cadé an scéala, cadiad na fógraí, agus cadé an t-úrrus a tabharfar, agus cadé an fhianaise is gá chun aon chríche de chrícheanna an ailt seo, agus cadé an modh ar a ndeimhneofar an fhianaise sin.
(4) Féadfidh na rialacháin baint le cóipeanna de sna hoibreacha uile go dtoirmiscthear leis an alt so cóipeanna dhíobh d'iomportáil, no féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh i dtaobh saghsanna deifriúla de sna hoibreacha san.
(5) Féadfar a shocrú leis na rialacháin go ndéanfidh an scéalaí suas do sna Coimisinéirí Ioncuim gach costas agus damáiste fé n-ar chuathas maidir le haon choinneáil do dineadh de dhruim an scéala a thug sé uaidh agus maidir le haon imeachta de dhruim na coinneála san, agus féadfar socrú leis na rialacháin i dtaobh fógraí fé aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht so d'áireamh mar fhógraí do tugadh fén alt so.
(6) Beidh éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den alt so fé is dá mba chuid den Customs Consolidation Act, 1876, iad.
Oibreacha có-údar.
166.—(1) I gcás oibre có-údar, mairfidh cóipcheart le saol an údair is túisce éagfidh agus go ceann téarma caoga bliain tar éis a bháis, no le saol an údair is déanaí éagfidh, pe'ca tréimhse acu is sia, agus léireofar tagairtí san Acht so don tréimhse tar éis deire aon mhéid áirithe blian o bhás an údair mar thagairtí don tréimhse tar éis deire an méid céanna blian ó bhás an údair is túisce éagfidh no tar éis bháis an údair is déanaí éagfidh pe'ca tréimhse acu is giorra, agus sna forálacha den Acht so a bhaineann le deona ceadúnaisí éigeanta déanfar tagairt do dháta bháis an údair is déanaí éagfidh do chur in ionad na tagartha do dháta bháis an údair.
(2) I gcás oibre có-údar, má bhíonn duine no daoine éigin de sna có-údair gan na coiníollacha do chólíona le n-a mbronntar cóipcheart agus a leagtar amach leis an Acht so, deighleálfar leis an obair chun crícheanna an Achta so fé is dá mbé an t-údar no na húdair eile amháin dob údar no dob údair di:
Ach beidh téarma an chóipchirt díreach mar a bheadh sé dá gcólíonadh na húdair uile na coiníollacha san mar adubhradh.
(3) Chun crícheanna an Achta so cialluíonn “obair chó-údar” obair do dineadh tré chó-obair bheirt údar no níos mó agus ná fuil cion aon údair amháin di idirdhealuithe o chion an údáir no na n-údar eile.
(4) Más có-údair oibre bean phósta agus a céile is leis an mnaoi phósta san ar leithligh a leas san obair sin.
Oibreacha iarmbáis.
167.—(1) I gcás oibre litríochta, drámaíochta, no ceoil, no greanta, ina mbeidh cóipcheart ar marthain ar dháta bháis an údair no, i gcás oibre có-údar, ar no díreach roimh dháta bháis an údair is déanaí éagfidh, ach nár foillsíodh, ná i gcás oibre drámaíochta no ceoil, nár léiríodh go puiblí, ná, i gcás léigheachta, nár tugadh go puiblí, roimh an dáta san, mairfidh cóipcheart inti go dtí n-a follisiú, no a léiriú no a tabhairt go puiblí, pe'ca aca is túisce thárlóidh, agus go ceann téarma caoga bliain ina dhiaidh sin, agus i gcás oibre den tsórt san bainfidh an proivísó a ghabhann le halt 156 (alt a bhaineann le téarma an chóipchirt) den Acht so leis an scéal fé is dá mb'ar dháta an fhoillsithe no an léirithe no na tabhartha puiblí sin mar adubhradh d'éagfadh an t-údar.
(2) Beidh únaeracht láimhscríbhinne údair tar éis bháis an údair ina cruthúnas primâ facie ar an gcóipcheart do bheith ag únaer na láimhscríbhinne má fuarthas an únaeracht san fé uacht do dhin an t-údar agus gur láimhscríbhinn oibre nár foillsíodh ná nár léiríodh go puiblí ná nár tugadh go puiblí an láimhscríbhinn.
Cóipcheart i bhfoillsiúcháin Rialtais.
168.—(1) An cóipcheart i ngach obair do hullamhuíodh no do foillsíodh ag Rialtas Sealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ag aon Aire dho no Roinn de no fé stiúrú no fé smacht ceachtar acu is le Rialtas Shaorstáit Éireann é fé réir aon chó-aontú leis an údar agus mairfe sé go ceann tréimhse chaoga bliain o dháta céad-fhoillsithe na hoibre.
(2) An cóipcheart i ngach obair do hullamhuíodh, do clóbhuaileadh, no do foillsíodh (pe'ca roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so é no dá éis sin) ag Rialtas Shaorstáit Éireann no ag aon Aire dho no Roinn de no fé stiúrú eachtar acu, no ag Oifig an tSoláthair no fé n-a maoirseacht no fé n-a húdarás, is le Rialtas Shaorstáit Éireann é fé réir aon chó-aontú le húdar na hoibre, agus mairfe sé go ceann tréimhse chaoga bliain o dháta céad-fhoillsithe na hoibre.
Cóipcheart in instruimidí meceaniciúla ceoil.
169.—(1) Beidh cóipcheart ar marthain i recórdaí, i rollaí pollta, agus i ngléasanna eile le n-ar féidir foghair d'ath-thabhairt amach go meceaniciúil fé is dá mb'oibreacha ceoil na gléasanna san, ach isé is téarma don chóipcheart ná caoga bliain o dhéanamh an bhun-phláta o n-ar tháinig an gléas, díreach no nea-dhíreach, agus an té dob únaer ar an mbun-phláta san am déanta an phláta san tuigfar gurb é is údar don obair agus, más cólucht corparáideach an t-únaer sin, tuigfar, chun crícheanna an Achta so, é do bheith ina chomhnaí laistigh de Shaorstát Éireann má bhíonn áit ghnótha bunuithe aige laistigh de Shaorstát Éireann.
(2) Ní tuigfar gur sárú ar chóipcheart in aon obair cheoil éinne do dhéanamh laistigh de Shaorstát Éireann recórdaí, rollaí pollta, no gléasanna eile le n-ar féidir an obair do léiriú go meceaniciúil má chruthuíonn an duine sin—
(a) gur dineadh gléasanna den tsórt san cheana ag únaer an chóipchirt san obair no le n-a thoiliú no le n-a aontú; agus
(b) go bhfuil sé tar éis an fógra orduithe do thabhairt i dtaobh é bheith chun na gléasanna do dhéanamh, agus go bhfuil sé tar éis cánacha údair ar na gléasanna uile den tsórt san a dhíol sé d'íoc sa tslí orduithe le húnaer an chóipchirt san obair, no chun tairbhe dho, do réir an ráta a luaidhtear anso ina dhiaidh seo:
Ach—
(i) ní údaróidh éinní sa bhforáil seo aon atharuithe do dhéanamh ar an obair a hath-thabharfar amach ná éinní do leigint ar lár inti, marar dineadh cheana, ag únaer an chóipchirt, no le n-a thoiliú no le n-a aontú, gléasanna ag ath-thabhairt amach na hoibre agus atharuithe uirthi agus nithe ar lár inti den tsaghas chéanna, no mara mbeidh gá réasúnta leis na hatharuithe sin do dhéanamh no leis na nithe sin do leigint ar lár chun an obair do chur in oiriúint do sna gléasanna a bheidh i gceist; agus
(ii) chun crícheanna na forála so, tuigfar go bhfoluíonn obair cheoil aon fhocail chó dlúth san baint léi gur cuid den obair chéanna iad, ach ní tuigfar go bhfoluíonn sí gléas le n-ar féidir foghair d'ath-thabhairt amach go meceaniciúil.
(3) Isé ráta gur dá réir a háireofar cánacha údair den tsórt san roimhráite ná cúig per cent. de ghnáth-phraghas mhiondíola an ghléis agus é áirmhithe sa tslí orduithe, ach san i slí ná beidh an cháin údair is iníoctha ar ghléas níos lú in aon chás ná leathphinge in aghaidh gach oibre ceoil fé leith ina mbeidh cóipcheart ar marthain agus a hath-thabharfar amach ar an ngléas san, agus, má bhíonn codán d'fheoirling sa cháin údair a háireofar mar adubhradh, áireofar an codán san mar fheoirling:
Ach má chítear don Aire, aon uair tar éis seacht mblian o thosach feidhme na Coda so den Acht so, ná fuil an ráta san roimhráite cothrom a thuille, féadfidh an tAire, tar éis fiosrú puiblí do chur ar bun, ordú do dhéanamh ag laigheadú no ag méadú an ráta san oiread agus a dheabróidh bheith cóir sa chás, ach aon ordú a déanfar amhlaidh ní bheidh sé ach sealadach agus ní bheidh aon éifeacht aige mara ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le rún a rithfidh gach Tigh den Oireachtas; ach má dintar agus má daingnítear amhlaidh ordú ag ceartú an ráta ní déanfar aon cheartú eile go ceann ceithre mblian ndéag o dháta an cheartuithe dheiridh.
(4) Má dintar aon ghléas den tsórt san chun dhá obair dheifriúla no níos mó ina mbeidh cóipcheart ar marthain d'ath-thabhairt amach agus nách le héinne amháin an cóipcheart ionta, déanfar na suimeanna is iníoctha mar chánacha údair fén alt so do chionroinnt ar únaerí uile agus fé seach an chóipchirt do réir pé coinúireachtaí a socrófar le headarascán mara gcó-aontuítear ortha.
(5) Nuair a déanfar aon ghléasanna den tsórt san le n-ar féidir obair cheoil a léiriú go meceaniciúil, ansan, chun crícheanna an ailt seo, tuigfar gur dhin únaer an chóipchirt san obair, maidir le héinne a dhéanfidh na fiosruithe ceaptha, a thoiliú chun na gléasanna san do dhéanamh má theipeann air freagra do thabhairt ar na fiosruithe sin laistigh den aimsir cheaptha.
(6) Chun crícheanna an ailt seo féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ceapa éinní a bheidh le ceapa fén alt so agus ag ceapa an mhodha ar a dtabharfar fógraí agus ag ceapa na mioninnste a tabharfar sna fógraí sin agus modh, am, agus minicíocht íoctha cánacha údair, agus ortha san, más oiriúnach leis an Aire é, beidh rialacháin á éileamh go n-íocfar cánacha údair roimh ré no á chur in áirithe ar aon tslí eile go n-íocfar iad.
(7) I gcás oibreacha ceoil do foillsíodh roimh an gcéad lá d'Iúl, 1912, beidh éifeacht ag an forálacha san roimhe seo, fé réir na n-atharuithe agus na mbreiseanna so a leanas:—
(a) na coiníollacha i dtaobh gléasanna do bheith déanta cheana ag únaer an chóipchirt san obair no le n-a thoiliú no le n-a aontú, agus na sriantachtaí i dtaobh atharuithe ar an obair no nithe ar lár inti, ní bhainfid leis an gcás;
(b) cuirfar ráta dó go leith per cent. in ionad ráta cúig per cent. mar ráta gur dá réir a háireofar cánacha údair;
(c) d'ainneoin aon tsanna do dineadh roimh an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1911, ar an gcóipcheart in obair cheoil, is leis an údar no le n-a ionadaithe pearsanta dlíthiúla agus ní leis an sannaí aon chirt a bronntar leis an Copyright Act, 1911, no leis an Acht so maidir le gléasanna do dhéanamh le n-ar féidir an obair do léiriú go meceaniciúil no maidir leis an déanamh san d'údarú, agus beidh na cánacha údair roimhráite iníoctha le húdar na hoibre no le n-a ionadaithe pearsanta dlíthiúla agus chun tairbhe don údar no do sna hionadaithe sin;
(d) más obair ar a mbronnfar cóipcheart le hordú a déanfar fén gCuid seo den Acht so agus a bhaineann le tiarnas Briotáineach no le tír choigríche an obair, ní fholóidh an cóipcheart a bronnfar amhlaidh, ach amháin sa mhéid go bhforálfar leis an ordú é, aon chirt maidir le recórdaí, rollaí pollta, no gléasanna eile do dhéanamh le n-ar féidir an obair do léiriú go meceaniciúil.
(8) D'ainneoin éinní san Acht so, más roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do dineadh recórd, rolla pollta, no gléas eile le n-ar féidir foghair d'ath-thabhairt amach go meceaniciúil, mairfidh cóipcheart ann ón tosach feidhme sin sa tsli chéanna agus ar feadh an téarma chéanna 'na mairfeadh sé ann dá mbeadh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm ar dháta déanta an bhunphláta o n-a dtáinig an gléas díreach no nea-dhíreach:
Ach—
(i) an té gur leis an bun-phláta san i dtosach feidhme na Coda so den Acht so isé is céad-únaer ar an gcóipcheart san; agus
(ii) ní léireofar éinní sa bhforáil seo mar ní a bhronnann cóipcheart in aon ghléas den tsórt san más rud é go sáródh sé cóipcheart i ngléas éigin eile den tsórt san é dhéanamh, dá mbeadh an fhoráil seo i bhfeidhm am déanta an ghléis a céad-luaidhtear.
Tuarasgabhála ar óráideacha polaitíochta.
170.—D'ainneoin éinní san Acht so, ní sárú ar chóipcheart i ndileagra de shaghas pholaiticiúil a tugadh ag cruinniú puiblí tuarasgabháil air d'fhoillsiú i bpáipeur nuachta.
Cóipcheart i ngrianghrafanna.
171.—Isé téarma a mhairfidh cóipcheart i ngrianghrafanna ná caoga bliain o dhéanamh an bhun-chlaonchló o n-a dtáinig an ghrianghraf, díreach no nea-dhíreach, agus an té dob únaer ar an gclaonchló san am déanta an chlaonchló san tuigfar gurb é is údar don obair agus más cólucht corparáideach an t-únaer sin tuigfar, chun crícheanna an Achta so, é do bheith ina chomhnaí laistigh de Shaorstát Éireann má bhíonn áit ghnótha bunuithe aige laistigh de Shaorstát Éireann.
Baint na Coda so den Acht so le pátrúin chláruithe.
172.—(1) Bainfidh an Chuid seo den Acht so le pátrúin ná beidh á n-úsáid ná ceaptha le húsáid mar dheilbheáin no samplaí le hiomadú le haon phróiseas céirde bíodh go bhfuil na pátrúin sin ionchláruithe fé Chuid III. den Acht so, agus leis na rialacha generálta a dhéanfidh an tAire fé Chuid V. den Acht so féadfar a shocrú cadiad na coiníollacha fé n-a dtuigfar pátrún do bheith á úsáid chun crícheanna den tsórt san roimhráite.
(2) Fé réir forálacha an fho-ailt sin roimhe seo agus lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt i gCuid VII. den Acht so, ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so le pátrúin is ionchláruithe fé Chuid III. den Acht so.
Oibreacha údar gcoigríche.
173.—Más léir do Sheanascal Shaorstáit Éireann, ag gníomhú dho ar chomhairle na hArd-Chomhairle, ná tugann tiarnas Briotáineach no tír choigríche no nár thóg sé air féin go dtabharfadh sé leor-chosaint d'oibreacha le húdair o Shaorstát Éireann, beidh sé dleathach don tSeanascal, tré Ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, a ordú, maidir le pé cinn d'fhorálacha na Coda so den Acht so a bhronnann cóip cheart ar oibreacha do céad-fhoillsíodh laistigh de Shaorstát Éireann, ná bainfid le hoibreacha a foillseofar tar éis an dáta a bheidh luaidhte san Ordú agus 'na mbeidh a n-údair ina ngéilliúnaigh no ina saoránaigh den tiarnas Bhriotáineach no den tír choigríche sin agus gan comhnaí ortha i Saorstát Éireann, agus leis sin ní bhainfidh na forálacha san leis na hoibreacha san.
Seana-chóipchirt do chimeád i bhfeidhm.
174.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir sa Chuid seo den Acht so ní dhéanfidh an athghairm a dintar leis an Acht so ar an Copyright Act, 1911, cur le haon chóipcheart ná ceart eile do fuarthas roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, fén Copyright Act, 1911, no dá bhua no fé aon ordú no de bhua aon ordú a dineadh fén Acht san, ná ní bhainfe sí uaidh ná ní dhéanfa sí deifir do ar aon tslí eile.
(2) Sa mhéid go mbaineann sé le hathghairm an Copyright Act, 1911, tuigfar feidhm agus éifeacht do bheith ag alt 4 (alt a bhaineann le hathghairmeacha) den Acht so ón 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tuigfar feidhm agus éifeacht do bheith ag an gCuid seo den Acht so ón dáta san: Ach—
(i) d'ainneoin éinní atá in alt 163 (alt a bhaineann le teora le haicsin) den Acht so féadfar aicsean mar gheall ar shárú chóipchirt idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so do thosnú laistigh de thrí bliana tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so ach ní níos déanaí ná san, agus
(ii) ní bheidh feidhm agus éifeacht ag forálacha alt 172 (alt a bhaineann le baint na Coda so den Acht so le pátrúin chláruithe) den Acht so go dtí tosach feidhme na Coda so den Acht so.
Comhacht chun tairbhe na Coda so den Acht so do thabhairt d'oibreacha do céad-fhoillsíodh i dtiarnas Briotáineach no i dtír choigríche.
175.—(1) Féadfidh an Seanascal, tré Ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, a ordú go mbainfidh an Chuid seo den Acht so (ach amháin pé codacha dhi, más ann dóibh, a bheidh luaidhte san Ordú)—
(a) le hoibreacha do céad-fhoillsíodh i dtiarnas Briotáineach no i dtír choigríche le n-a mbaineann an tOrdú, díreach fé is dá mba laistigh de Shaorstát Éireann do céad-fhoillseofí iad;
(b) le hoibreacha litríochta, drámaíochta, ceoil, agus ealadhan no le haon tsaghas acu san, 'na raibh a n-údair, ar dháta déanta na hoibre, ina ngéilliúnaigh no ina saoránaígh de thiarnas Bhriotáineach no de thír choigríche le n-a mbaineann an tOrdú, díreach fé is dá mba shaoránaigh de Shaorstát Éireann na húdair;
(c) maidir le comhnaí i dtiarnas Briotáineach no i dtír choigríche le n-a mbaineann an tOrdú, díreach fé is dá mba chomhnaí laistigh de Shaorstát Éireann an comhnaí sin;
agus leis sin, fé réir forálacha na Coda so den Acht so agus an Orduithe, bainfidh an tAcht so dá réir sin:
Ach—
(i) sara ndéanfa sé ordú fén alt so maidir le tiarnas Briotáineach no le tír choigríche (nách tiarnas ná tír go mbeidh convensiún déanta leis a bhaineann le chóipcheart agus a cheangalann Saorstát Éireann ní foláir don tSeanascal, ag gníomhú dho ar chomhairle na hArd-Chomhairle, bheith sásta gur dhin an tiarnas Briotáineach no an tír choigríche sin no gur thóg sé air féin go ndéanfadh sé pé socruithe, más ann dóibh, is léir don tSeanascal, ag gníomhú dho ar chomhairle na hArd-Chomhairle, bheith oiriúnach le héileamh chun cosanta oibreacha i dteideal cóipchirt fé fhorálacha na Coda so den Acht so;
(ii) féadfar a fhoráil leis an ordú go mbeidh seilbh na gceart a bronntar leis an gCuid seo den Acht so fé réir chólíona pé cioníollacha agus fuirmeáltachtaí (más ann dóibh) a bheidh orduithe leis an ordú;
(iii) i gcur na bhforálacha den Chuid seo den Acht so i dtaobh únaereachta cóipchirt i bhfeidhm, féadfar, leis an ordú, pé atharuithe do dhéanamh uirthi a dheabhróidh bheith riachtanach mar gheall ar dhlí na tíre coigríche;
(iv) i gcur na bhforálacha den Chuid seo den Acht so i dtaobh sean-oibreacha i bhfeidhm, féadfar, leis an ordú, pé atharuithe do dhéanamh ortha a dheabhróidh bheith riachtanach, agus a shocrú ná déanfar éinní sna forálacha san, mar a bheid curtha i bhfeidhm amhlaidh, do léiriú mar ní a dhineann aithbheochaint ar aon cheart chun cosc do chur le haon aistriú do thabhairt amach no d'iomportáil in aon chás ina mbeidh deire leis an gcart de bhua alt 5 den International Copyright Act, 1886.
(2) Féadfidh ordú fén alt so baint le gach ceann de sna tíortha uile agus fé seach a bheidh ainmnithe no tuairiscithe ann.
Cirt fén dlí choitiann do chur ar ceal.
176.—Ní bheidh éinne i dteideal cóipchirt ná aon chirt dá shórt in aon obair litríochta, drámaíochta, cheoil, ná ealadhan, foillsithe no neamh-fhoillsithe, ach amháin fé fhorálacha agus do réir fhorálacha an Achta so no aon achtacháin reachtúla eile a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, ach ní léireofar éinní san alt so mar ní a chuireann ar ceal aon cheart no údarás chun srian do chur le sárú iontaoibhe no muiníne.
Mínithe agus léiriú.
177.—(1) Sa Chuid seo den Acht so, mara n-éilíonn an cóthéacs a mhalairt—
foluíonn “obair litríochta” mapaí, cairteacha, pleananna, táiblí, agus díoghloma;
foluíonn “obair dhrámaíochta” aon dréacht le haithris, obair chorégrafach, no siamsa geáitsíochta go bhfuil riara na radharc no fuirm na haicteála ann socruithe i scríbhinn no ar aon tslí eile, agus aon tabhairt-amach chinematografach 'na dtugann an riara no fuirm na haicteála ann no cóshnadhma na n-eachtraí a taisbeántar ann dreach bunaidh don obair;
foluíonn “obair ealadhan” oibreacha péintéireachta, tarraiceoireachta, snoigheadóireachta, agus ceárdaíochta ealadhanta, agus oibreacha ealadhan ailtireachta agus greanta agus grianghrafanna;
foluíonn “obair shnoigheadóireachta” teiligintí agus deilbheáin;
cialluíonn “obair ealadhan ailtireachta” aon fhoirgint no déanmhacht de dhreach no de phátrún ealadhanta, chó fada is théigheann an dreach no an pátrún san, no aon deilbheán don fhoirgint no don déanmhacht san, ach an chosaint a tugtar leis an Acht so ní bhainfe sí ach leis an dreach agus an pátrún ealadhanta, agus ní bhainfe sí le próiseasaí ná le modhna déanmhachta;
foluíonn “greanta” eitseála, liagrafanna, gearrtha adhmaid, priontaí, agus oibreacha eile den tsórt san nách grianghrafanna;
foluíonn “grianghraf” fóto-liagraf agus aon obair a dintar le haon phróiseas atá cosúil le grianghrafaíocht;
foluíonn “cinematograf” aon obair a dintar le haon phróiseas atá cosúil le cinematografacht;
cialluíonn “cnuas-obair”—
(a) encyclopædia, foclóir, leabhar cinn bliana, no obair den tsórt san, agus
(b) páipeur nuachta, irisleabhar léirmheasa, meaigisín, no tréimhseachán den tsórt san, agus
(c) aon obair do scríobhadh ina codacha idirdhealuithe ag údair dheifriúla no ina bhfuil oibreacha no codacha d'oibreacha le húdair dheifriúla ionchorparuithe;
nuair a húsáidtear “sáruitheach” i dtaobh cóipe d'obair ina bhfuil cóipcheart ar marthain, cialluíonn sé aon chóip, agus aon aithris dheabharthach d'áireamh, do dineadh no do hiomportáladh contrárdha d'fhorálacha an Achta so;
cialluíonn “léiriú” aon léiriú fuaimiúil ar obair agus aon léiriú feicseanach ar aon ghníomh drámúil in obair, agus léiriú den tsórt san le haon instruimid mheceaniciúil d'áireamh;
foluíonn “tabhairt” maidir le léigheacht tabhairt amach le haon instruimid mheceaniciúil;
foluíonn “pláta” aon chlóphláta no pláta eile, cloch, bloc, múnla, matrix, priont aistriúcháin, no claonchló a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun cóipeanna d'aon obair do chlóbhuala no do dhéanamh, agus aon mhatrix no fearas eile le n-a ndintar recórdaí, rollaí pollta no gléasanna eile chun an obair do léiriú go fuaimiúil no 'na bhfuil sé ceaptha iad do dhéanamh leis;
foluíonn “léigheacht” dileagra, óráid, agus seanmóin.
(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so (lasmuich de sna crícheanna a bhaineann le sáruithe cóipchirt), ní tuigfar obair do bheith foillsithe no léirithe go puiblí, agus ní tuigfar léigheacht do bheith tugtha go puiblí, de dhruim í d'fhoillsiú, í do léiriú go puiblí, no í do thabhairt go puiblí, gan toiliú no aontú an údair, a sheiceadúirí, a riarthóirí, no a shannaithe.
(3) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, tuigfar gur laistigh de Shaorstát Éireann do céad-fhoillsíodh obair d'ainneoin gur foillsíodh in áit éigin eile san am gcéanna í, maran rud é ná beidh an foillsiú i Saorstát Éireann ach in ainm bheith ina fhoillsiú agus ná beidh sé ceaptha chun riachtanaisí réasúnta na puiblíochta do shásamh, agus tuigfar gur foillsíodh obair i dhá n-áit san am gcéanna maran sia an tréimhse idir an foillsiú in áit amháin acu agus an foillsiú san áit eile ná ceithre lá déag no pé tréimhse is sia ná san agus a bheidh socruithe de thurus na huaire le hordú ón Ard-Chomhairle.
(4) Más rud é, i gcás oibre neamh-fhoillsithe, go raibh an obair á déanamh ar feadh tréimhse fada, tuigfar na coiníollacha den Chuid seo den Acht so le n-a mbronntar cóipcheart do bheith cólíonta má bhí an t-údar ar feadh aon chuid mhaith den tréimhse sin ina shaoránach de Shaorstát Éireann no ina chomhnuitheoir laistigh de Shaorstát Éireann.
(5) Chun crícheanna na bhforálacha den Chuid seo den Acht so maidir le comhnaí, tuigfar údar oibre do bheith ina chomhnuitheoir i Saorstát Éireann má bhíonn buan-chomhnaí air i Saorstát Éireann, agus é do bheith ina chomhnuitheoir in aon stát no tír eile má bhíonn buan-chomhnaí air sa stát no sa tír sin.
CUID VII.
FORALACHA ILGHNEITHEACHA I dTAOBH COIPCHIRT.
Leabhair do sheachada do leabharlanna.
178.—(1) Laistigh de mhí tar éis foillsiú gach leabhair a céadfhoillseofar i Saorstát Éireann, seachadfidh a fhoillsitheoir ar a chostas féin cóip den leabhar d'iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, cóip den leabhar don údarás a bheidh i gcúram Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath, trí cóipeanna den leabhar i gcóir no do réir threoracha an údaráis a bheidh i gcúram Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann le haghaidh leabharlanna fé seach na dtrí gColáistí dá bhfuil an Phríomh-Scoil sin có-dhéanta, agus cóip den leabhar d'iontaobhaithe an British Museum, agus tabharfidh na hiontaobhaithe agus an t-údarás san fé seach uatha admháil i scríbhinn ar gach leabhar a seachadfar dóibh amhlaidh:
Ach ar a iarraidh sin d'iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, no don údarás a bheidh i gcúram Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath, no d'aon cheann de sna húdaráis fé seach a bheidh i gcúram na dtrí gColáistí dá bhfuil Príomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann có-dhéanta, no d'iontaobhaithe an British Museum, féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun foillsiúcháin a bheidh ar fad no nách mór ar fad ina bhfógráin trádála, no pé saghsanna de sna foillsiúcháin sin a bheidh luaidhte sna rialacháin, do shaora o fhorálacha an fho-ailt seo chó fada leis na hiontaobhaithe no leis an údarás a bheidh ag déanamh an iarratais, agus leis sin ní bheidh sé riachtanach d'fhoillsitheoir aon fhoillsiúcháin a saorfar amhlaidh an foillsiúchán do sheachada do sna hiontaobhaithe no don údarás san, ná do sna hiontaobhaithe no don údarás san admháil do thabhairt air, maran rud é, maidir le haon fhoillsiúchán áirithe, go ndéanfidh na hiontaobhaithe no an t-údarás san éileamh i scríbhinn é do sheachada.
(2) Déanfa sé fós, má dintar éileamh i scríbhinn laistigh de bhliain tar éis an fhoillsithe, cóip den leabhar do sheachada, laistigh de mhí tar éis an t-éileamh san i scríbhinn d'fháil do, no, má dintar an t-éileamh roimh an bhfoillsiú, í do sheachada, laistigh de mhí tar éis an fhoillsithe, ag seola éigin i mBaile Atha Cliath a bheidh luaidhte san éileamh i gcóir, no do réir threoracha, an údaráis a bheidh i gcúram gach leabharlainne fé leith acu so a leanas, eadhon: an Bodleian Library, Oxford, an University Library, Cambridge, an National Library of Scotland, agus an National Library of Wales. I gcás encyclopædia, páipéir nuachta, irisleabhair léirmheasa, meaigisín, no oibre a foillsítear ina shreath d'uimhreacha no de chodacha, féadfar gach uimhir no cuid den obair a foillseofar ina dhiaidh sin do chur san áireamh san éileamh i scríbhinn.
(3) Isí cóip a seachadfar d'iontaobhaithe an British Museum ná cóip den leabhar iomlán maraon le gach mapa agus maisiú a bhaineann leis, agus í críochnuithe agus daithte sa tslí chéanna ina mbeidh na cóipeanna is fearr den leabhar foillsithe agus beidh sí ceangailte no fuaighte le chéile agus ar an bpáipeur is fearr ar a mbeidh an leabhar clóbhuailte.
(4) An chóip a seachadfar i gcóir na n-údarás eile a luaidhtear san alt so beidh sí ar an bpáipeur ar a mbeidh an líon is mó de chóipeanna den leabhar clóbhuailte chun a ndíolta, agus beidh sí ar an staid chéanna ar a mbeidh na leabhair a hullamhófar chun a ndíolta.
(5) Má theipeann ar fhoillsitheoir an t-alt so do chólíona, dlighfar, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint agus luach an leabhair do chur air, agus íocfar an fhíneáil leis na hiontaobhaithe no leis an údarás gur chóir an leabhar do sheachada dhóibh.
(6) Chun crícheanna an ailt seo, foluíonn an focal “leabhar” gach cuid no roinn de leabhar, de phaimfléid, de leathán chló, de leathán cheoil, de mhapa, de phlean, de chairt, no de tháible a foillsítear ar leithligh, ach ní fholóidh sé aon dara heagrán no eagrán ina dhiaidh sin de leabhar mara mbeidh san eagrán san breisithe no atharuithe sa chló no neachtar acu sna mapaí, sna priontaí, no sna greanta eile a bhaineann leis.
Obair ealadhanta a mhíníonn pátrún do chlárú.
179.—(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfear clár na n-oibreacha ealadhanta agus ina n-iontrálfar ainmneacha agus seolta dílseánacha an chóipchirt in oibreacha ealadhanta cláruithe, fógraí i dtaobh sannta agus tarchurtha ar an gcóipcheart san, agus pé nithe eile a hordófar.
(2) Beidh clár na n-oibreacha ealadhanta ina fhianaise primâ facie ar gach ní a horduítear no a húdaruítear leis an Acht so d'iontráil ann.
(3) Ar a iarraidh sin sa bhfuirm agus sa tslí orduithe d'éinne is údar d'obair ealadhanta a mhíníonn pátrún, féadfidh an ceannasaí (fé réir forálacha an ailt seo) an obair ealadhanta san do chlárú i gclár na n-oibreacha ealadhanta.
(4) Ní clárófar obair ealadhanta fén alt so maran rud é, i gcás oibre foillsithe, gur tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do céad-fhoillsíodh an obair no, i gcás oibre neamh-fhoillsithe, gur tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do dineadh an obair.
(5) Aon obair ealadhanta a clárófar i gclár na n-oibreacha ealadhanta leanfa sí de bheith cláruithe amhlaidh faid a mhairfidh cóipcheart inti fén Acht so agus ar dhul in éag don chóipcheart san tógfidh an ceannasaí amach as an gclár í.
(6) Féadfidh an ceannasaí, más oiriúnach leis é, diúltú d'aon obair ealadhanta do chlárú a tíolacfar do chun a chláruithe agus féadfa sé go sonnrach diúltú d'aon obair ealadhanta den tsórt san do chlárú go mbeadh a húsáid dar leis contrárdha don dlí no don mhorálas.
(7) Einne ar a ngoillfidh diúltú ón gceannasaí d'obair ealadhanta do chlárú, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an dlí-oifigigh más ar an scór go mbeadh sé contrárdha don dlí no don mhorálas an obair ealadhanta d'úsáid do dineadh an diúltú, no féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte in aon chás eile.
(8) Ar a iarraidh sin sa tslí orduithe do dhílseánach chláruithe oibre ealadhanta no do dhuine éigin a bheidh i dteideal do réir dlí chun gníomhuithe ina ainm sin, féadfidh an ceannasaí aon earráid chléireachais i gclárú na hoibre ealadhanta san no ina thaobh do cheartú, no aon atharú d'iontráil sa chlár san ar ainm no ar sheola éinne go mbeidh a ainm no a sheola iontrálta sa chlár san maidir leis an obair ealadhanta san, no clárú na hoibre ealadhanta san do chur ar nea-mbrí.
(9) Bainfidh alt 129 (alt a bhaineann le comhacht na cúirte chun clár do leasú) den Acht so le clár na n-oibreacha ealadhanta ar gach slí díreach mar a bhaineann sé le clár na bpátrún.
Baint Cuid VI. den Acht so le hobair ealadhanta a mhíníonn pátrún.
180.—(1) Bainfidh Cuid VI. den Acht so le hobair ealadhanta a mhíníonn pátrún, más rud é, i gcás oibre foillsithe, gur tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do céad-fhoillsíodh an obair sin no, i gcás oibre neamh-fhoillsithe, gur tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do dineadh an obair sin.
(2) Chun na críche a bhaineann le Cuid VI. den Acht so do chur i mbaint, fén alt so, le hobair ealadhanta a mhíníonn pátrún, folóidh “cóipcheart” an t-aon-cheart—
(a) chun an pátrún a mínítear san obair d'fhoillsiú,
(b) chun a údarú go n-úsáidfí an pátrún i gcúrsaí ceárdais.
(3) Más rud é, i gcás oibre ealadhanta a mhíníonn pátrún agus le n-a mbaineann Cuid VI. den Acht so de bhua an ailt seo, go raibh an t-údar ar fostú ag duine éigin eile fé chonnra sheirbhíse no phríntíseachta agus gur dineadh an obair i gcúrsa a fhostaíochta ag an duine sin agus go mbeidh an pátrún a mínítear san obair in úsáid no ceaptha le húsáid chun críche ceárdais, tuigfar, mara mbeidh aon chó-aontú ann ar a mhalairt, go bhfuil ceart curtha ar cosnamh don údar srian do chur leis an bpátrún d'úsáid chun aon chríche ceárdais eile.
(4) Na forálacha uile de Chuid VI. den Acht so a bhaineann le pionóisí mar gheall ar chóipeanna sáruitheacha d'oibreacha ina mbeidh cóipcheart ar marthain, bainfid le cóipeanna sáruitheacha d'oibreacha ina mbeidh cóipcheart ar marthain de bhua an ailt seo.
Cimeádfidh dílseánaigh amharclann, etc., clár.
181.—(1) Beidh sé de dhualgas ar dhílseánach gach amharclainne, halla, seomra, no áite eile, ina mbíonn siamsa puiblí ar siúl clár, sa bhfuirm a ordóidh an tAire, de gach siamsa puiblí a bheidh ar siúl san amharclainn, sa halla, sa tseomra, no san áit sin do chimeád, no a chur fé ndeár é do chimeád, san amharclainn, sa halla, sa tseomra, no san áit sin agus fós, laistigh de dhá uair dhéag a'chluig tar éis gach siamsa puiblí den tsórt san, pé mion-innste ar an siamsa agus ar an té go raibh an siamsa ar siúl aige a hordófar le rialacháin a bheidh déanta ag an Aire fén alt so d'iontráil sa chlár san no a chur fé ndeár iad d'iontráil ann.
(2) Féadfidh aon oifigeach don Aire go mbeidh údarás cuibhe aige chuige sin ón Aire, no éinne is údar no is únaer don chóipcheart in aon obair fhoillsithe, gach clár a bheidh á chimeád do réir an ailt seo d'iniúcha gach tráth réasúnta.
(3) Féadfidh an tAire, le hOrdú, rialacháin do dhéanamh ag ordú gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—
(a) fuirm an chláir a bheidh le cimeád do réir an ailt seo,
(b) na mion-innste a hiontrálfar sa chlár ar gach siamsa agus ar an té go mbeidh an siamsa ar siúl aige,
(c) á mhíniú cé hé, go dtuigfar, maidir le haon tsiamsa áirithe, an siamsa san do bheith ar siúl aige.
(4) Más rud é, maidir le héinne ar a gceangailtear leis an alt so aon chlár den tsórt san roimhráite do chimeád no a chur fé ndeár é do chimeád—
(a) go dteipfidh air an clár san do chimeád no a chur fé ndeár é do chimeád, no
(b) go dteipfidh air aon iontráil do dhéanamh no a chur fé ndeár í do dhéanamh sa chlár san laistigh den am a horduítear leis an alt so, iontráil a héilítear leis an alt so no fé do dhéanamh ann, no
(c) go dteipfidh air an clár san do thaisbeáint chun go n-iniúchfadh éinne é 'na mbeidh teideal aige fén alt so é d'iniúcha, no go gcuirfe sé bac no cosc le héinne den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san, no
(d) go ndéanfa sé, no go gcuirfe sé fé ndeár no go gceadóidh sé go ndéanfí, sa chlár san, agus san go toiliúil no go faillitheach, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air.
(5) Chun crícheanna an ailt seo—
(a) foluíonn clár d'iniúcha cóipeanna do dhéanamh de no d'aon chuid de, agus
(b) cialluíonn “siamsa” aon obair dhrámaíochta do léiriú mar a mínítear san i gCuid VI. den Acht so no léigheacht do thabhairt mar a mínítear san amhlaidh: Ach chun crícheanna an ailt seo ní fholóidh “léigheacht” seanmóin.
Coipeanna píoráidithe d'oibreacha ceoil do ghabháil, etc.
182.—Féadfidh an Chúirt Dúithche, ar iarratas únaer an chóipchirt in aon obair cheoil, gníomhú mar leanas: Más deimhin léi o fhianaise go bhfuil cúis réasúnta ann chun a chreidiúint go bhfuil cóipeanna píoráidithe den obair cheoil sin á mangaireacht, á mbreith timpeal, á ndíol no á dtairisgint chun a ndíolta, féadfa sí, le hordú, a údarú do bhall den Ghárda Síochána na cóipeanna san do ghabháil gan barántas agus do thabhairt os cóir na cúirte, agus ar a bheith cruthuithe gur cóipeanna píoráidithe na cóipeanna féadfidh an chúirt a ordú go ndítheofí iad no go dtabharfí d'únaer an chóipchirt iad má iarrann sé é sin.
Cóipeanna píoráidithe do ghabháil ar iarratas únaer an chóipchirt.
183.—Má dhineann éinne aon chóip phíoráidithe d'aon obair cheoil do mhangaireacht, do bhreith timpeal, do dhíol, no do thairisgint chun a díolta, féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána gach cóip phíoráidithe den tsórt san do ghabháil gan barántas ar a iarraidh sin i scríbhinn don té a dheabhróidh bheith ina únaer ar an gcóipcheart san obair sin, no dá ghníomhaire agus údarás aige chuige sin i scríbhinn, agus ar fhreagarthacht an únaera san.
Ar ghabháil aon chóipeanna den tsórt san do, tabharfidh an ball san den Ghárda Síochána os cóir na Cúirte Dúithche iad agus, ar a bheith cruthuithe gur sáruithe cóipchirt iad, geallbhruidfar no dítheofar iad no deighleálfar leo ar aon tslí eile is oiriúnach leis an gcúirt.
Pionóisí mar gheall ar bheith i seilbh chóipeanna píoráidithe.
184.—(1) Gach éinne a chlóbhuailfidh, a dhéanfidh, no a dhíolfidh, no a thaisbeánfidh, a thairgfidh, no 'na mbeidh ar seilbh aige chun a ndíolta, aon chóipeanna píoráidithe d'aon obair cheoil, no 'na mbeidh ar seilbh aige aon phlátaí chun cóipeanna píoráidithe d'aon obair cheoil do chlóbhuala no do dhéanamh, beidh sé (mara gcruthuighe sé gur tré neamh-urchóid do ghníomhuigh sé) ciontach i gcionta fén alt so is inphionósuithe ar a chiontú ann ar an slí achmair agus dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, ar a chiontú ann an dara huair no aon uair ina dhiaidh sin, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá mhí no fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint: Ach duine a ciontófar i gcionta fén alt so agus nár ciontuíodh roimhe sin ina leithéid de chionta agus a chruthóidh go raibh i gcló ar an leathanach teidil ar na cóipeanna den obair cheoil 'nar dineadh an cionta ina taobh ainm agus seola is ainm agus seola don chlódóir no don fhoillsitheoir do réir dheabhraimh, ní dlighfar aon phionós do chur air fén alt so mara gcruthuítear gur chóipeanna píoráidithe na cóipeanna go bhfios do.
(2) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána, gan barántas, éinne do ghabháil a dhíolfidh, no a thaisbeánfidh, a thairgfidh, no 'na mbeidh ar seilbh aige chun a ndíolta, in aon tsráid no áit phuiblí, aon chóipeanna píoráidithe d'aon obair cheoil den tsórt a bheidh luaidhte in aon údarás scríbhte generálta a bheidh dírithe chun cheannphuirt an Ghárda Síochána don cheanntar le n-a mbaineann an t-údarás agus a bheidh sighnithe ag an té a dheabhróidh bheith ina únaer ar an gcóipcheart san obair sin, no ag á ghníomhaire agus údarás aige chuige sin i scríbhinn, á íarraidh go ngabhfí, ar fhreagarthacht an únaera san, gach duine a gheobhfar ag déanamh ciontaí fén alt so maidir leis an obair sin, no a dhéanfidh aon chóipeanna píoráidithe d'aon obair cheoil a bheidh luaidhte amhlaidh do thairisgint chun a ndíolta tré thathant phearsanta no tré fhógráin no cearcaláin do sheachada go pearsanta.
(3) Beidh cóip de gach údarás scríbhte a bheidh dírithe chun ceannphuirt don Ghárda Síochána fén alt so le feiscint ag éinne chun a hiniúchta gach tráth réasúnta gan aon táille d'íoc, agus féadfidh éinne cóipeanna do dhéanamh d'aon údarás den tsórt san no sleachta do thógaint as.
Ceart ag póilíní dul isteach in áitreabh chun an Chuid seo den Acht so do chur i bhfeidhm.
185.—(1) Más deimhin leis an gCúirt Dúithche o scéala fé mhionn go bhfuil cúis réasúnta ann chun a bheith amhrasach go bhfuil cionta i gcoinnibh na Coda so den Acht so á dhéanamh in aon áitreabh, féadfidh an chúirt barántas cuardaigh do dheona á údarú don bhall den Ghárda Síochána a bheidh ainmnithe ann dul isteach san áitreabh idir a sé a chlog ar maidin agus a naoi a chlog tráthnóna agus, más gá é, fóirneart do chur i bhfeidhm chun dul isteach amhlaidh, pe'ca tré dhóirse do bhrise ar oscailt é no ar aon tslí eile, agus gabháil do dhéanamh ar aon chóipeanna d'aon obair cheoil no ar aon phlátaí 'na mbeidh cúis réasúnta aige chun a bheith amhrasach go bhfuil cionta i gcoinnibh na Coda so den Acht so á dhéanamh ina dtaobh.
(2) Tabharfar os cóir na Cúirte Dúithche na cóipeanna uile d'aon obair cheoil agus na plátaí uile a gabhfar fén alt so, agus má cruthuítear gur cóipeanna píoráidithe na cóipeanna no gur plátaí atá ceaptha le húsáid chun cóipeanna píoráidithe do chlóbhuala no do dhéanamh na plátaí, geallbhruidfar agus dítheofar iad no deighleálfar leo ar aon tslí eile is oiriúnach leis an gcúirt.
Pionós mar gheall ar chiontaí áirithe.
186.—(1) Einne a dhéanfidh no a chuirfidh fé ndeár go ndéanfar aon ghníomh acu so a leanas, sé sin le rá:—
(a) aon ainm, inisealacha, no monogram do shighniú no do chur ar aon tslí eile go calaoiseach, no a chur fé ndeár go calaoiseach san do shighniú no do chur ar aon tslí eile, ar aon phéinteáil, tarraiceoireacht, no grianghraf ina mbeidh cóipcheart ar marthain; no
(b) aon phéinteáil, tarraiceoireacht, no grianghraf do dhíol, d'fhoillsiú, do chur ar taisbeáint, no do chur dá láimh, no do thairisgint chun a díolta, chun a curtha ar taisbeáint, no chun a scaipthe, agus san go calaoiseach, agus ainm, inisealacha, no monogram duine uirthi nár dhin an phéinteáil, an tarraiceoireacht, ná an ghrianghraf san; no
(c) aon chóip d'aon phéintéail, tarraiceoireacht, no grianghraf (pe'ca bheidh cóipcheart ar marthain inti no ná beidh) no aon aithris dheabharthach ar a leithéid do thairsigint, do chur dá láimh, no do chur anonn ar dhuine go calaoiseach, no a chur fé ndeár go calaoiseach í do thairisgint no do chur dá láimh, mar rud do dhin údar no déantóir na bun-phéinteála, na bun-tarraiceoireachta, no na bun-ghrianghraife o n-ar dineadh an chóip sin no ar ar dineadh an aithris sin; no
(d) i rith saoil agus gan cead údair no déantóra aon phéinteála, tarraiceoireachta, no grianghraife do dhíol no le n-ar scar an t-údar no an déantóir sin, aon phéinteáil, tarraiceoireacht, no grianghraf den tsórt san, no aon chóip di, do dhéanamh, no í do dhíol no d'fhoillsiú no do thairisgint chun a díolta go feasach, mar obair neamh-atharuithe an údair no an déantóra san, agus aon atharú (pe'ca cur leis é no a mhalairt) déanta ar an bpéinteáil, ar an tarraiceoireacht, no ar an ngrianghraif sin, atharú do dineadh uirthi ag éinne seachas a húdar no a déantóir tar éis don údar no don déantóir í do dhíol no scarúint léi,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.
(2) Ar chiontú éinne i gcionta fén alt so déanfar an phéinteáil, an tarraiceoireacht, no an ghrianghraf, no na cóipeanna dhi, ar a mbeidh an ainm, na hinisealacha, no an monogram curtha, no an chóip den phéinteáil, den tarraiceoireacht, no den ghrianghraif, no an aithris dheabharthach uirthi, no an phéinteáil, an tarraiceoireacht, no an ghrianghraf atharuithe (pe'ca aca é) do gheallbhruide agus do sheachada don té ag á mbeidh an cóipcheart (más ann do) ar marthain sa phéinteáil, sa tarraiceoireacht, no sa ghrianghraif sin ar dháta an chiontuithe.
(3) San alt so foluíonn an focal “grianghraf” fóta-liagraf agus aon obair a dintar le haon phróiseas atá cosúil le grianghrafaíocht agus foluíonn sé claonchló grianghrafach chó maith le díorchló grianghrafach.
Mínithe.
187.—Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an focal “obair cheoil” aon chó-nasca fuinn agus cócheoil, no ceachtar acu, clóbhuailte, curtha i scríbhinn, no tabhartha amach no ath-thabhartha amach go grafach ar aon tslí eile; cialluíonn na focail “obair cheoil phíoráidithe” agus “cóipeanna píoráidithe” fé seach aon obair cheoil, do scríobhadh, do clóbhuaileadh, no do hath-thugadh amach ar aon tslí eile, gan cead do bheith tugtha go dleathach chuige sin ag únaer an chóipchirt san obair cheoil sin;
foluíonn an focal “plátaí” aon chlóphlátaí no plátaí eile, clocha, matrices, priontaí aistriúcháin, no claonchlódhanna a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun cóipeanna d'aon obair cheoil do chlóbhuala no do dhéanamh: Ach ní tuigfar, chun crícheanna na Coda so den Acht so, go bhfoluíonn na focail “cóipeanna píoráidithe” agus “plátaí” ceol-rollaí pollta a húsáidtear chun instruimidí meceaniciúla do sheinm, ná recórdaí a húsáidtear chun tonn-fhuaimeanna d'ath-thabhairt amach, ná na matrices ná na gléasanna eile le n-a ndintar na rollaí no na recórdaí sin fé seach;
an focal “obair ealadhanta” agus an focal “foillsiú” maidir le haon obair agus an focal “sáruitheach” nuair a húsáidtear iad i dtaobh cóipe d'obair ina bhfuil cóipcheart ar marthain, cialluíd na nithe céanna a chialluíd fé seach i gCuid VI. den Acht so.
CEAD SCEIDEAL.
ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.
Siosón agus Caibideal | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
25 & 26 Vict. c. 68 | Fine Arts Copyright Act, 1862. | An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. |
2 Edw. VII. c. 15 | Musical (Summary Proceedings) Copyright Act, 1902. | An tAcht iomlán. |
5 Edw. VII. c. 15 | Trade Marks Act, 1905 | An tAcht iomlán. |
6 Edw. VII. c. 36. | Musical Copyright Act, 1906. | An tAcht iomlán. |
7 Edw. VII. c. 29 | Patents and Designs Act, 1907 | An tAcht iomlán. |
1 & 2 Geo. V. c. 46 | Copyright Act, 1911. | An tAcht iomlán. |
4 & 5 Geo. V. c. 16 | Trade Marks Act, 1914. | An tAcht iomlán. |
4 & 5 Geo. V. c. 18 | Patents and Designs Act, 1914. | An tAcht iomlán. |
5 & 6 Geo. V. c. 38 | Copyright (British Museum) Act, 1915. | An tAcht iomlán. |
9 & 10 Geo. V. c. 79. | Trade Marks Act, 1919 | An tAcht iomlán. |
9 & 10 Geo. V. c. 80. | Patents and Designs Act, 1919. | An tAcht iomlán. |
DARA SCEIDEAL.
TAILLI MAXIMUM.
A.
PAITINNEACHA.
B.
MARCANNA TRADALA.
£ | s. | d. | |
1. Ar iarratas, ná beidh fé aon mhuirear eile, ar mharc trádála do chlárú d'earra no d'earraí a háireofar i saghas amháin ... | 1 | 0 | 0 |
1a. Ar iarratas, ná beidh fé aon mhuirear eile, ar shreath de mharcanna trádála do chlárú d'earra no d'earraí a háireofar i saghas amháin ... ... ... ... ... ... | 1 | 0 | 0 |
1b. Ar iarratas fé Alt 123 ar chead chun marc do chlárú d'earraí i saghas amháin ... ... ... ... ... ... | 1 | 0 | 0 |
1c. Ar iarratas fé Alt 123 ar chead chun marc do chlárú d'earraí i níos mó ná saghas amháin— | |||
In aghaidh gach saghas fé leith ... ... ... | 1 | 0 | 0 |
Ní raghaidh an táille iomlán in aon chás thar £20 ar aon mhéid saghsanna. | |||
2. Ar mharc trádála do chlárú d'earra no d'earraí a háireofar i saghas amháin ... ... ... ... ... ... | 2 | 0 | 0 |
2a. Ar shreath de mharcanna trádála do chlárú d'earra no d'earraí a háireofar i saghas amháin— | |||
Ar an gcéad mharc ... ... ... ... ... | 2 | 0 | 0 |
Agus ar gach marc eile fé leith den tsreath ... | 0 | 5 | 0 |
2b. Ar mharc do chlárú fé Alt 123 d'earraí i níos mó ná saghas amháin— | |||
In aghaidh gach saghas fé leith ... ... ... | 2 | 0 | 0 |
Ní raghaidh an táille iomlán in aon chás thar £40 ar aon mhéid saghsanna. | |||
3. Ar chlárú mairc d'athnuachaint ar dhul in éag don chlárú dheiridh ... ... ... ... ... ... ... | 2 | 0 | 0 |
3a. Ar chlárú sreatha de mharcanna d'athnuachaint ar dhul in éag don chlárú dheiridh— | |||
Ar an gcéad mharc den tsreath ... ... ... | 2 | 0 | 0 |
Agus ar gach marc eile fé leith den tsreath ... | 0 | 2 | 6 |
3b. Ar athnuachaint mhairc a bheidh cláruithe fé Alt 123 d'earraí i níos mó ná saghas amháin— ... ... ... ... | |||
In aghaidh gach saghas fé leith ... ... ... | 2 | 0 | 0 |
Ní raghaidh an táille iomlán in aon chás thar £40 ar aon mhéid saghsanna. |
C.
PATRUIN.
£ | s. | d. | |
1. Ar iarratas ar phátrún a bheidh le cur ar aon earra amháin i saghas áirithe do chlárú ... ... ... ... ... | 0 | 10 | 0 |
2. Ar iarratas ar phátrún a bheidh le cur ar shreath d'earraí i saghas áirithe do chlárú ... ... ... ... ... | 1 | 0 | 0 |
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.
* Ní bheidh ach leath aon táille acu so iníoctha ar Phaitinneacha ar a mbeidh “Ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scribhinn.