Uimhir 16 de 1929.
ACHT LUCHT CLEACHTUITHE DLÍ (CÁILIOCHT), 1929.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “An Prímh-Bhreitheamh” Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann;
cialluíonn an abairt “Cólucht Ionchorparuithe na Dlí” Cólucht Ionchorparuithe na Dlí in Éirinn agus iad ag gníomhú fé sna cairteacha atá acu fé láthair no fé aon chairteacha a bheidh acu feasta; agus
cialluíonn an abairt “leor-eolas ar an nGaedhilg” an méid sin oilteachta i labhairt agus i scríobhadh na Gaedhilge agus is leor chun a chur ar chumas cleachtóra dhlí treoracha do ghlaca, comhairle do thabhairt do chliaintí, fínnéthe do cheistniú agus imeachta sa Ghaedhilg do thuigsint go héifeachtúil.
Daoine le n-a mbaineann an tAcht.
2.—Ní bhainfidh an tAcht so le haon duine a bhí os cionn cúig mblian déag d'aois an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1929, agus san Acht so léireofar an focal “duine” dá réir sin.
Cáilíocht i gcóir céime abhcóide dlí.
3.—Ní cheadóidh an Prímh-Bhreitheamh d'aon duine cleachta mar abhcóid dlí i gCúirteanna Shaorstáit Éireann maran rud é sara gceadófar don duine sin amhlaidh go mbeidh an Prímh-Bhreitheamh sásta, ó pé fianaise a ordóidh an Prímh-Bhreitheamh, go bhfuil leor-eolas ag an duine sin ar an nGaedhilg: Ach, san am chéanna, aon bhall go mbeidh trí bliana cleachta ag aon Bharra eile aige agus dá dtug na Benchers of the Honourable Society of King's Inns, Baile Atha Cliath, céim mar abhcóid dlí do réir chóshocruithe tré n-ar féidir a cheadú do bhaill de Bharra Shaorstáit Éireann a ngairm do chleachta ag an mBarra eile sin, ní dhéanfidh éinní atá san alt so an Prímh-Bhreitheamh do chosc ar a cheadú do bhall den tsórt san a ghairm do chleachta mar abhcóid dlí i gCúirteanna Shaorstáit Éireann.
Cáilíocht i gcóir deimhnithe ó Chólucht Ionchorparuithe na Dlí.
4.—(1) I dteanta na scrúduithe atá luaidhte in alt 8 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, údaruítear do Chólucht Ionchorparuithe na Dlí agus ceangaltar ortha leis seo céad-scrúdú in abhar teangan na Gaedhilge (dá ngairmtear san Acht so céadscrúdú sa Ghaedhilg) agus dara scrúdú in abhar teangan na Gaedhilge (dá ngairmtear san Acht so dara scrúdú sa Ghaedhilg) do chomóra uair amháin ar a laighead gach bliain, agus bainfidh na forálacha atá san alt san 8 le gach scrúdú den tsórt san in abhar teangan na Gaedhilge sa tslí chéanna 'na mbainid leis na scrúduithe atá luaidhte san alt san ach amháin ná déanfidh ach scrúdóirí a bheidh ceaduithe de thuras na huaire ag an Aire Oideachais na scrúduithe sin in abhar teangan na Gaedhilge do stiúra, agus fós go n-ordófar agus go stiúrófar gach dara scrúdú sa Ghaedhilg i slí go gcuirfar in áirithe go mbeidh leor-eolas ar an nGaedhilg ag daoine go n-eireoidh leo sa scrúdú san.
(2) D'ainneoin éinní atá san Solicitors (Ireland) Act, 1898, ní bheidh aon duine ionchurtha fé nasc dintiúirí príntíseachta chun fónamh mar phríntíseach d'atúrnae mara mbeidh deimhniú fachta aige ó Chólucht Ionchorparuithe na Dlí á rá gur eirigh leis i gcéad-scrúdú sa Ghaedhilg, agus ní ceadófar d'aon duine bheith ina atúrnae mara mbeidh deimhniú fachta aige ó Chólucht Ionchorparuithe na Dlí á rá gur eirigh leis i ndara scrúdú sa Ghaedhilg laistigh de bhliain roimh chríochnú téarma a phríntíseachta no laistigh de bhliain roimh é do cheadú amhlaidh.
Gearr-theideal.
5.—Féadfar an tAcht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht), 1929, do ghairm den Acht so.