[EN]

Uimhir 16 de 1936.


[EN]

ACHT SIÚICRE (IOMPORTÁIL DO RIALÚ), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN IOMPORTÁLA SIÚICRE DO SHRIANADH AGUS DO RIALÚ.

[3adh Abrán, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt“ an tAire ”an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn an abairt“ an Chuideachta ”Cómhlucht Siúicre Éireann, Teoranta.

[EN]

Orduithe toirmeascacha

2.—(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, aon am agus o am go ham, le hordú (dá ngairmtear ordú toirmeascach san Acht so) a thoirmeasc siúicre ná dearnadh ná nár táirgeadh i Saorstát Éireann d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann le linn tréimhse áirithe (a thosnóidh tar éis dáta an orduithe sin) ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin fén Acht so.

[EN]

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú pé uair is ceart san dar leo, ordú toirmeascach do leasú no do cheiliúradh.

[EN]

Eifeacht agus ré orduithe toirmeascacha.

3.—(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so scuirfidh gach ordú toirmeascach d'éifeacht do bheith aige ar shé mhí do bheith caithte o dháta an orduithe sin mara n-aontuighidh Dáil Éireann leis tré rún a rithfear roimh an sé mhí sin do bheith caithte.

[EN]

(2) Pé uair a thárlóidh, maidir le hordú toirmeascach—

[EN]

(a) go gceiliúrfaidh an Ard-Chomhaírle é sara n-aontuighidh Dáil Éireann leis, no

[EN]

(b) go mbeidh sé tar éis scur, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, d'éifeacht do bheith aige,

[EN]

ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon ordú toirmeascach a déanfar laistigh de shé mhí tar éis an cheiliúrtha no an scurtha san (pe'ca aca é) mara n-aontuítear ná go dtí go n-aontófar leis tré rún ar n-a rith ag Dáil Éireann, agus, má haontuítear agus nuair a haontófar leis amhlaidh, ní bheidh éifeacht aige ach an lá a haontófar leis amhlaidh agus ón lá san amach no pé dáta agus o pé dáta is déanaí ná san (más aon dáta é) a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san.

[EN]

Toirmeasc ar iomportáil do dhéanamh contrárdha d'ordú toirmeascach.

4.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon tsiúicre d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann contrárdha d'ordú toirmeascach.

[EN]

(2) Tuigfear siúicre go mbeidh a iomportáil nea-dhleathach de bhuadh an ailt seo do bheith ar n-a hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san (mar atá san leasuithe no leathnuithe le hAchtanna ina dhiaidh sin) a bhaineann le hearraí d'iomportáil a toirmeasctar no sriantar beidh feidhm acu dá réir sin.

[EN]

A mbeidh in ordú toirmeascach.

5.—Féadfaidh an Ard-Chomhairle, in ordú toirmeascach agus leis, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) siúicre d'aon tsaghas áirithe do shaoradh ón toirmeasc a deintear leis an ordú san, pe'ca tré thagairt do cháilíocht, do chineál no d'airdhe eile d'airdheana an tsiúicre sin a tuairisceofar é no tré thagairt do sna crícheanna gur chúcha déanfar no don tslí no do sna cúrsaí ina ndéanfar an siúicre sin d'iomportáil, no tré thagairt d'éinní no d'aon rud eile;

[EN]

(b) aon tsaoirse den tsórt a luaidhtear sa mhír deiridh sin roimhe seo den alt so do thabhairt go díreach no tré údarás don Aire no do sna Coimisinéirí Ioncuim;

[EN]

(c) aon teora no coinníoll áirithe, maidir le caindíocht, am, cruthúnas, no eile, do chur ag gabháil le haon tsaoirse den tsórt san, agus go sonnrách coinníoll á cheangal an tAire no na Coimisinéirí Ioncuim do bheith sásta i dtaobh nithe áirithe sara dtéighidh an tsaoirse in éifeacht;

[EN]

(d) comhacht no dlighinse do thabhairt don Aire no do sna Coimisinéirí Ioncuim chun a chinneadh no a chur mar dhualgas air no ortha a chinneadh an mbeidh caind íochtaí no saghsanna áirithe siúicre i dteideal sochair aon tsaoirse áirithe den tsórt san no ná beidh;

[EN]

(e) a údarú don Aire no do sna Coimisinéirí Ioncuim coinniollacha (pe'ca roimh-choinníollacha no iar-choinníollacha iad) d'fhorchur a bheidh le cólíonadh ag daoine bheidh ag éileamh no ag fáil sochair aon tsaoirse den tsórt san.

[EN]

Eifeacht orduithe thoirmeascaigh maidir le hordú quota.

6.—(1) San alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt“ an tAcht san ”an tAcht chun Iomportálanna do Rialú, 1934 (Uimh. 12 de 1934);

[EN]

cialluíonn an abairt“ ordú quota ”ordú ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht san agus is ordú quota do réir bhrí an Achta san.

[EN]

(2) Oibreoidh gach ordú toirmeascach agus beidh éifeacht aige chun ceiliúradh do dhéanamh, o thosach na tréimhse le n-a mbainfidh an toirmeasc ar iomportáil a déanfar leis an ordú toirmeascach san, ar gach ordú quota bheidh i bhfeidhm le linn tosach na tréimhse sin i dtaobh siúicre le n-a mbainfidh an toirmeasc san ar iomportáil, ach ní dhéanfaidh an ceiliúradh san—

[EN]

(a) dochar ná deifir d'aon cheadúnas a bheidh tugtha amach fén Acht san roimh dháta an orduithe thoirmeascaigh sin, ná

[EN]

(b) d'ainneoin éinní atá san Acht san, a chosc ar an Ard-Chomhairle ordú quota do dhéanamh tráth ar bith alos an tsiúicre sin chun teacht in éifeacht tar éis na tréimhse sin do bheith caithte.

[EN]

An tAire do thabhairt deimhnithe amach.

7.—(1) Pé uair a déanfar ordú toirmeascach féadfaidh an tAire, más ceart agus pé uair is ceart dar leis déanamh amhlaidh agus ar n-a iarraidh sin air don Chuideachtain, ceadúnas do thabhairt amach don Chuideachtain chun iomportáil do dhéanamh, i rith na tréimhse le n-a mbaineann an toirmeasc ar iomportáil a deintear leis an ordú toirmeascach san, ar chaindíocht áirithe de shaghas áirithe siúicre le n-a mbaineann an toirmeasc san ar iomportáil.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha do chur ag gabháil le haon cheadúnas a bhéarfar amach fén alt so is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san agus go sonnrách coinníollacha i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na tráthanna gur laistigh díobh a féadfar agus na háiteanna ina bhféadfar siúicre d'iomportáil fén gceadúnas san;

[EN]

(b) ag teorannú an cheadúnais sin chun ná bainfidh ach le siúicre déanfar no táirgfear i dtír áirithe;

[EN]

(c) ag teorannú an cheadúnais sin chun ná bainfidh ach le siúicre consighneofar o thír áirithe;

[EN]

(d) an tslí ina ndéanfar agus na bealaigh tré n-a ndéanfar siúicre a hiomportálfar fén gceadúnas san do thabhairt go dtí Saorstát Éireann.

[EN]

(3) Gach ceadúnas a bhéarfar amach fén alt so oibreoidh sé chun a údarú don Chuideachtain siúicre d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir téarmaí an cheadúnais sin, ach san fé réir na Cuideachtan do dhéanamh go cuibhe do réir na dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le siúicre d'iomportáil agus go sonnrách maidir le híoc diúitéthe custum (más aon diúité é) is inéilithe ar an iomportáil sin.

[EN]

(4) Eileoidh an tAire agus íocfaidh an Chuideachta leis an Aire ar gach ceadúnas a bhéarfar amach fén alt so pé táillí a cheapfaidh an tAire o am go ham, le toiliú an Aire Airgid, agus féadfaidh an tAire táillí deifriúla do cheapadh alos ceadúnaisí bhainfidh le saghsanna deifriúla no caindíochtaí deifriúla siúicre.

[EN]

Ceadúnaisí do cheiliúradh.

8.—(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, aon cheadúnas a bheidh tugtha amach aige fén Acht so do cheiliúradh.

[EN]

(2) Pé uair a cheiliúrfaidh an tAire ceadúnas a bheidh tugtha amach aige fén Acht so déanfaidh an tAire—

[EN]

(a) mara ndearnadh aon tsiúicre d'iomportáil fén gceadúnas san roimh é cheiliúradh, aisíoc do dhéanamh leis an gCuideachtain in iomlán na táille d'íoc an Chuideachta ar an gceadúnas san do thabhairt amach, agus

[EN]

(b) má rinneadh cuid den tsiúicre le n-a mbaineann an ceadúnas san d'iomportáil fén gceadúnas san roimh é cheiliúradh, aisíoc do dhéanamh leis an gCuideachtain sa chuid sin den táille d'íoc an Chuideachta ar an gceadúnas san do thabhairt amach a bheidh, dar leis an Aire, cothromúil leis an méid siúicre le n-a mbaineann an ceadúnas san agus a bheidh coiscithe leis an gceiliúradh san a iomportáil fén gceadúnas san.

[EN]

Táille cheadúnais ar shiúcre easportálta d'aisíoc.

9.—Más deimhin leis an Aire, maidir le haon tsiúicre do hiomportáladh fé cheadúnas ar n-a thabhairt amach fén Acht so, go ndearnadh tar éis na hiomportála san lé d'easportáil as Saorstát Éireann no é d'úsáid chun aon earra eile bídh do dhéanamh i Saorstát Éireann a heasportáladh ina dhiaidh sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fé réir an easportálaí do chólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, íoc do dhéanamh le heasportálaí an tsiúicre no na hearra san (do réir mar bheidh) sa chuid sin den táille, d'íoc an Chuideachta ar an gceadúnas san do thabhairt amach, a bheidh, dar leis an Aire, cothromúil leis an méid a heasportáladh no a húsáideadh amhlaidh den tsiúicre le n-a mbaineann an ceadúnas san.

[EN]

Pionós i dtaobh coinníollacha do shárú.

10.—Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll—

[EN]

(a) a forchuirfear le hordú toirmeascach, no

[EN]

(b) a fhorchuirfidh an tAire no na Coimisinéirí Ioncuim fé údarás chuige sin ar n-a bhronnadh le hordú toirmeascach, no

[EN]

(c) a bheidh ag gabháil le ceadúnas ar n-a dheonadh fén Acht so no le saoirse fé ordú toirmeascach,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

[EN]

Táillí do bhailiú agus do chur de láimh.

11.—(1) Na táillí uile is iníoctha fén Acht so baileofar agus glacfar iad i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir ordú an Aire sin.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén Acht so.

[EN]

Costaisí

12.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

Gearr-theideal.

13.—Féadfar an tAcht Siúicre (Iomportáil do Rialú), 1936, do ghairm den Acht so.