Uimhir 16 de 1941.
ACHT COMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ) , 1941.
[An tionntódh oifigeamhail.]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939).
An Príomh-Acht do bhuanú.
2.—(1) Mara gcuirtear deireadh le n-a ré feidhme roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1942, agus raghaidh in éag ansan mara gcinnidh an tOireachtas a mhalairt.
(2) Féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luatha ná an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1942, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.
An tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1940, d'athghairm.
3.—Athghairmtear leis seo an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1940 (Uimh. 18 de 1940).
Gearr-theideal.
4.—Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1941, do ghairm den Acht so.