Uimhir 16 de 1967
ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1967
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo ciallaíonn “Acht 1929” Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929, agus déanfar aon tagairt san Acht seo d'Acht 1929 a fhorléiriú mar thagairt don Acht sin arna leasú le haon achtachán eile.
(2) Forléireofar mar aon ní amháin Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1964, agus an tAcht seo.
Méid na Gaeltachta.
2.—Chun críocha Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1967, is í an Ghaeltacht, i dteannta na dtoghranna ceantair a luaitear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1929, cibé limistéir eile a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, gur limistéir Ghaeltachta iad.
Deontais maidir le tithe breise.
3.—Leasófar alt 3 d'Acht 1929 mar a leanas:
(a) déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):
“(7) (a) Más rud é, i gcás duine ar a bhfuil gnáthchónaí i limistéar ar ceann é de na limistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), gur limistéir Ghaeltachta iad agus nach áititheoir tí chónaithe, go gcruthóidh an duine sin chun sástacht an Aire gurb í an Ghaeilge a ghnáth-theanga, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin ach faoi réir forálacha an Achta seo agus forálacha na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas tógála freisin san Acht seo) a thabhairt don duine sin chun teach cónaithe a thógáil sa limistéar sin chun é féin á áitiú.
(b) I gcás ina mbeartóidh áititheoir tí chónaithe i limistéar is ceann de na limistéir a luaitear i mír (a) den fho-alt seo teach cónaithe nua a thógáil in aon limistéar den sórt sin ar shlí seachas in ionad an tí chónaithe chéadluaite, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin ach faoi réir forálacha an Achta seo agus forálacha na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas tógála freisin san Acht seo) a thabhairt don áititheoir sin chun an teach cónaithe nua a thógáil.”; agus
(b) déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):
“(9) I gcás ina gcruthóidh áititheoir tí chónaithe i limistéar is ceann de na limistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), don Aire go bhfuil sé i dteideal leasa thairbhiúil i seilbh i dteach cónaithe eile i limistéar den sórt sin is leas a mheasfaidh an tAire a bheith dóthanach chun críocha an fho-ailt seo, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin ach faoi réir forálacha an Achta seo agus forálacha na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, aon deontas nó gach deontas acu seo a leanas a thabhairt don áititheoir sin:
(a) deontas feabhsúcháin faoi fho-alt (2) den alt seo chun an teach cónaithe eile a fheabhsú nó a mhéadú, ar choinníoll gur deimhin leis an Aire gur inmhianaithe an feabhsú nó an méadú agus gur féidir an caiteachas a bhainfidh leis a thabhú go tíobhasach;
(b) deontas sláintíochta faoi fho-alt (5) den alt seo maidir leis an teach cónaithe eile, ar choinníoll gur deimhin leis an Aire go bhfuil an teach cónaithe eile i riocht gur cheart na saoráidí lena mbaineann an deontas sin a sholáthar nó a chur isteach nó a fheabhsú de réir mar is iomchuí;
(c) deontas méadaithe speisialta faoi fho-alt (6) den alt seo maidir leis an teach cónaithe eile, ar choinníoll gur deimhin leis an Aire gur inmhianaithe méadú, le haghaidh cóiríochta do chuairteoirí, ar an teach cónaithe sin agus, freisin, go bhfuil forálacha fhomhír (ii) de mhír (a) den fho-alt sin comhlíonta.”
Leasú ar Acht 1929.
4.—Leasófar mar a leanas Acht 1929:
(a) leasaítear leis seo alt 3A (3) trí “trí dheontas tógála sealla shaoire” a chur in ionad “deontas tógála sealla shaoire amháin”;
(b) aisghairtear leis seo “nó iasacht faoi fho-alt (1A) d'alt 8 den Acht seo” in alt 3 (8), alt 8 (1A) agus “nó faoi fho-alt (1A)” in alt 8 (2).
Gearrtheideal agus comhlua.
5.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1967, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1967, a ghairm d'Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1964, agus den Acht seo le chéile.