[EN]

harp.jpg


Uimhir 16 de 1984


[EN]

AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE (LEASÚ), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Pionóis áirithe faoi alt 102 den Phríomh-Acht a mhéadú.

3.

Pionóis áirithe eile faoin bPríomh-Acht a mhéadú, etc.

4.

Pionóis áirithe faoi Acht 1968 a mhéadú, etc.

5.

Pionóis áirithe faoi Acht 1978 a mhéadú.

6.

Cionta lena mbaineann ailt 2 go 5.

7.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968

1968, Uimh. 25

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978

1978, Uimh. 19

harp.jpg


Uimhir 16 de 1984


AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE (LEASÚ), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH PIONÓIS MHÉADAITHE I LEITH CIONTA ÁIRITHE FAOI NA hACHTANNA UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961 GO 1978, AGUS LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE TRÁCHT AR BHÓITHRE. [18 Iúil, 1984] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961.

[EN]

Pionóis áirithe faoi alt 102 den Phríomh-Acht a mhéadú.

2.—Leasaítear leis seo alt 102 den Phríomh-Acht ina bhfuil socrú le haghaidh pionóis mar gheall ar chionta áirithe faoin Acht sin—

[EN]

(a) trí “£150” a chur in ionad “fiche punt” i mír (a), agus

[EN]

(b) trí “£350” a chur in ionad “caoga punt” i míreanna (b) agus (c).

[EN]

Pionóis áirithe eile faoin bPríomh-Acht a mhéadú, etc.

3.—(1) Duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós in alt den Phríomh-Acht atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag uimhir thagartha áirithe dlífear, in ionad an phionóis airgid a fhoráiltear amhlaidh, an pionós atá sonraithe i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar na hailt atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin, agus beidh éifeacht leo, dá réir sin.

[EN]

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 12 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(4)  (a) Má sháraíonn duine fo-alt (3) den alt seo beidh sé féin agus, murab é féin úinéir na feithicle nó an chónaisc feithiclí, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion.

[EN]

(b) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”

[EN]

(3) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) d'alt 16 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(5) Aon duine a sháróidh ceanglas faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(3A) Tréimhse nach giorra ná bliain a bheidh sa tréimhse dícháiliúcháin a shonrófar in ordú dícháiliúcháin iarmartach i gcás an duine lena mbainfidh an t-ordú a chiontú i gcion faoi alt 56 den Acht seo.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) Tréimhse nach giorra ná sé mhí a bheidh sa tréimhse dícháiliúcháin a shonrófar in ordú dícháiliú cháin iarmartach i gcás nach dtagann faoi réim fho-alt (3) nó (3A) den alt seo.”.

[EN]

(5) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 48 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná £150 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.”.

[EN]

(6) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 51 (a cuireadh isteach le halt 48 d'Acht 1968) den Phríomh-Acht:

[EN]

“(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus—

[EN]

(a) más le feithicil ainmhí-tharraingthe a bhainfidh an cion, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £150 a chur air más é an chéad chion aige é nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, agus

[EN]

(b) más le rothar cos a bhainfidh an cion, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

[EN]

(7) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 112 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air;

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £2,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

[EN]

(8) Leasaítear leis seo alt 113 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “in áit phoiblí” a scriosadh i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

AN TÁBLA

Uimh. Thag.

Alt

Pionós

(1)

(2)

(3)

1.

53 (2) (a)

Fíneáil nach mó ná £3,000

2.

38 (5)

Fíneáil nach mó ná £1,000

3.

39 (2)

Fíneáil nach mó ná £1,000

4.

53 (2) (b)

Fíneáil nach mó ná £1,000

5.

56 (3)

Fíneáil nach mó ná £1,000

6.

64 (2)

Fíneáil nach mó ná £1,000

7.

106 (3) (a)

Fíneáil nach mó ná £1,000

8.

49 (4) (a) (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1978)

Fíneáil nach mó ná £1,000

9.

50 (4) (a) (ii) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1978)

Fíneáil nach mó ná £1,000

10.

18 (2)

Fíneáil nach mó ná £350

11.

20 (10) (a)

Fíneáil nach mó ná £350

12.

52 (2) (a cuireadh isteach le halt 50 d'Acht 1968)

Fíneáil nach mó ná £350

13.

54 (4)

Fíneáil nach mó ná £350

14.

55 (2) (a)

Fíneáil nach mó ná £350

15.

69A (5) (a cuireadh isteach le Rialachán 6 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trácht ar Bhóithre) (Arachas Éigeantach), 1975 (I.R. Uimh. 178 de 1975))

Fíneáil nach mó ná £350

16.

106 (3) (b)

Fíneáil nach mó ná £350

17.

107 (5)

Fíneáil nach mó ná £350

18.

115 (6)

Fíneáil nach mó ná £350

19.

50 (4) (a) (i) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1978)

Fíneáil nach mó ná £350

20.

55 (2) (b)

Fíneáil nach mó ná £150

[EN]

Pionóis áirithe faoi Acht 1968 a mhéadú, etc.

4.—(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 11 nó 12 d'Acht 1968, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1968:

[EN]

“(1) Baineann an t-alt seo le gach duine a bhfuil ar úinéireacht aige nó a oibríonn líon nach lú ná an líon forordaithe d'fheithiclí inneallghluaiste (is feithiclí ar mó ná 2,000 cileagram a meáchan neamhualaithe agus a úsáidtear in áiteanna poiblí) agus atá sonraithe chun críocha an ailt seo i rialacháin arna ndéanamh faoi.”.

[EN]

(3) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1968:

[EN]

“(1) Más rud é—

[EN]

(a) go ndéanfar feithicil ar mó ná 17,000 cileagram a meáchan ualaithe (de réir bhrí na rialachán iomchuí), nó cónasc feithiclí ar cuid de an fheithicil sin, a úsáid ar bhóthar poiblí,

[EN]

(b) go gciontófar an t-úinéir i gcion faoi alt 12 den Phríomh-Acht maidir leis an úsáid sin, agus

[EN]

(c) nár lú ná 1,000 cileagram an breis-mheáchan i gcaitheamh na húsáide sin,

[EN]

déanfaidh an chúirt a rinne an ciontú amhlaidh pionós arna shocrú de réir an Tábla a ghabhann leis an alt seo, i dteannta aon phionóis a fhéadfar a fhorchur faoi alt 12 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1984), a fhorchur ar an úinéir a chiontófar amhlaidh.”.

[EN]

(4) Déantar leis seo an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le halt 15 d'Acht 1968:

“AN TÁBLA

I gcás nach lú ná 1,000 cileagram an breis-mheáchan ach gur lú ná 2,000 cileagram é     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£50

I gcás nach lú ná 2,000 cileagram an breis-mheáchan ach gur lú ná 3,000 cileagram é     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£100

I gcás nach lú ná 3,000 cileagram an breis-mheáchan ach gur lú ná 4,000 cileagram é     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£250

I gcás nach lú ná 4,000 cileagram an breis-mheáchan ach gur lú ná 5,000 cileagram é     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£350

I gcás gur 5,000 cileagram nó níos mó an breis-mheáchan     ...     ...

£650”

[EN]

(5) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) d'alt 18 d'Acht 1968:

[EN]

“(7) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo a ndeirtear gur pian-rialachán é beidh sé ciontach i gcion agus, i gcás ina sárófar rialachán ag toirmeasc nó ag srianadh teagasc ar luaíocht a thabhairt ag duine seachas teagascóir tiomána ceadúnaithe nó ag toirmeasc duine den sórt sin a fhostú le teagasc a thabhairt ar luaíocht, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

[EN]

(6) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 23 d'Acht 1968:

[EN]

“(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

[EN]

Pionóis áirithe faoi Acht 1978 a mhéadú.

5.—Duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós in alt d'Acht 1978 atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag uimhir thagartha áirithe dlífear, in ionad an phionós airgid a fhoráiltear amhlaidh, an pionós atá sonraithe i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar na hailt atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin, agus beidh éifeacht leo, dá réir sin.

AN TÁBLA

Uimh. Thag.

Alt

Pionós

(1)

(2)

(3)

1.

12 (2)

Fíneáil nach mó ná £1,000

2.

13 (2)

Fíneáil nach mó ná £1,000

3.

13 (3)

Fíneáil nach mó ná £1,000

4.

14 (2)

Fíneáil nach mó ná £1,000

5.

14 (3)

Fíneáil nach mó ná £1,000

6.

15 (2) (a)

Fíneáil nach mó ná £1,000

7.

16 (3)

Fíneáil nach mó ná £350

8.

16 (6)

Fíneáil nach mó ná £1,000

9.

17 (2)

Fíneáil nach mó ná £1,000

10.

17 (5)

Fíneáil nach mó ná £1,000

11.

18 (3) (b)

Fíneáil nach mó ná £1,000

[EN]

Cionta lena mbaineann ailt 2 go 5.

6.—Beidh éifeacht le hailt 2 go 5 den Acht seo i ndáil le cionta a dhéanfar tar éis thosach feidhme an Achta seo.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

7.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1984, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1978, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984, a ghairm díobh le chéile.