[EN]

Uimhir 17 de 1928.


[EN]

ACHT AN OIREACHTAIS (BAILL D'ÍOC), 1928.


ACHT CHUN TUILLE SOLÁTHAIR DO DHÉANAMH MAIDIR LE SAORÁIDÍ DO BHAILL DEN OIREACHTAS CHUN TAISTEAL DO DHÉANAMH GAN ÍOC AS, AGUS CHUN ACHT AN OIREACHTAIS (BAILL D'ÍOC), 1923, DO LEASÚ CHUIGE SIN. [27adh Iúl, 1928.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Short title Leasú ar alt 6 d'Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923.

1.—Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 (Uimh. 18 de 1923) tríd an míniú atá anois ann ar an bhfocal “saoráidí taistil” do scriosa amach agus tríd an míniú so a leanas do chur isteach in ionad an mhínithe a scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá, cialluíonn an focal “saoráidí taistil”—

[EN]

(a) pé ní no nithe acu so a leanas is oiriúnach don chás, sé sin le rá:—

[EN]

(i) soláthar chun taisteal céad-ghráid do dhéanamh ar bhóithre iarainn gan íoc as, no

[EN]

(ii) aisíoc na táille do híocadh as taisteal in aon tram, omnibus, no char-a-banc puiblí no cóir iompair puiblí den tsaghas san, no

[EN]

(iii) costaisí taistil i ngluaisteán an taistealaí féin d'aisíoc sa mhéid a cheadóidh an tAire Airgid ach, i gcás in ar bhféidir aon chuid de thurus do tugadh sa ghluaisteán san do thabhairt ar bhóthar iarainn, gan an t-aisíoc san do bheith níos mo, maidir leis an gcuid sin den turus san, ná an costas taistil chéad-ghráid ar an mbóthar iarainn don chuid sin, agus

[EN]

(b) aisíoc pé costaisí taistil eile (más ann dóibh) gur deimhin leis an Aire Airgid gur go réasúnta a chuathas fútha

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

2.—Féadfar Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1928, do ghairm den Acht so agus féadfar Achtanna an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 agus 1928, do ghairm d'Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 (Uimh. 18 de 1923) agus den Acht so le chéile.