[EN]

Uimhir 17 de 1960.


[EN]

AN tACHT MADRAÍ (BEOSTOC A CHOSAINT), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN BEOSTOC A CHOSAINT AR A gCIAPADH AG MADRAÍ, 1960. [16 Meitheamh, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú

1.—San Acht seo—

[EN]

cialaíonn “talamh talmhaíochta” talamh a úsáidtear mar thalamh airiúil, mar thalamh móinéir nó mar thalamh féaraigh,

[EN]

ciallaíonn “beostoc” eallach, caoire, muca, éanlaith clóis nó capaill,

[EN]

folaíonn “áititheoir” duine is úinéir agus is áititheoir chomh mhaith le duine nach bhfuil ann ach áititheoir.

[EN]

Cion maidir le ciapadh beostoic ag madra.

2.—(1) I gcás ina gciapfaidh madra beostoc ar thalamh talmhaíochta, beidh úinéir an mhadra, agus, más duine seachas an t-úinéir a mbeidh an madra faoina chúram, beidh an duine sin freisin, ciontach i gcion, muran é an duine ar leis an madra nó a mbeidh an madra faoina chúram—

[EN]

(a) áititheoir na talún, duine dá líon tí nó duine a bheidh ar fostú aige, nó

[EN]

(b) úinéir an bheostoic, duine dá líon tí nó duine a bheidh ar fostú aige.

[EN]

(2) Is cosaint mhaith in ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo má chruthaíonn an cosantóir gur glacadh cúram réasúnach nach gcaipfaí an beostoc.

[EN]

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair—

[EN]

(a) ach amháin i gcás lena mbaineann mír (b) den fho-alt seo, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, agus

[EN]

(b) i gcás inar ciontaíodh an duine roimhe sin i gcion faoin alt seo i leith an mhadra chéanna, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

[EN]

Madra a bhí ag ciapadh beostoic a cheapadh.

3.—(1) Más rud é i gcás madra a gheofar ar thalamh talmhaíochta—

[EN]

(a) go raibh an madra ag ciapadh beostoic ar an talamh, agus

[EN]

(b) nach mbeidh aon duine i láthair a admhóidh gur leis an madra nó go bhfuil an madra faoina chúram,

[EN]

féadfaidh comhalta den Gharda Síochána an madra a cheapadh agus air sin beidh feidhm ag na forálacha d'ailt 3 agus 9 den Dogs Act, 1906, a bhaineann le madraí fáin ceaptha.

[EN]

(2) Más rud é, i gcás madra a gheofar ar thalamh talmhaíochta ag ciapadh beostoic a bheidh go dleathach ar an talamh, nach mbeidh aon duine i láthair a admhóidh gur leis an madra nó go bhfuil an madra faoina chúram, féadfaidh an fáltóir an madra a cheapadh agus é a sheachadadh do chomhalta den Gharda Síochana ag an stáisiún Garda Síochána is gaire do láthair, agus air sin beidh feidhm ag na forálacha d'ailt 3 agus 9 den Dogs Act, 1906, a bhaineann le madraí fáin ceaptha.

[EN]

Cosaint i gcaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach.

4.—In aon chaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach, is cosaint mhaith má chruthaíonn an cosantóir—

[EN]

(a) go ndearnadh an madra a lámhach agus é ag ciapadh beostoic ar thalamh talmhaíochta,

[EN]

(b) gur go dleathach a bhí an beostoc ar an talamh,

[EN]

(c) gurbh é an cosantóir—

[EN]

(i) áititheoir na talún, duine dá líon tí nó duine a bhí ar fostú aige, nó

[EN]

(ii) úinéir an bheostoic, duine dá líon tí nó duine a bhí ar fostú aige, agus

[EN]

(d) gur chuir an cosantóir an lámhach in iúl, laistigh d'ocht n-uaire a chloig is daichead, do chomhalta den Gharda Síochána ag an stáisiún Garda Síochána ba ghaire do láthair.

[EN]

Gearrtheideal.

5.—Féadfar an tAcht Madraí (Beostoc a Chosaint), 1960, a ghairm den Acht seo.