[EN]

Uimhir 17 de 1964.


[EN]

AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA (LEASÚ), 1964.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961. [7 Iúil, 1964.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1961, Uimh. 41.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Phríomh-Acht” an tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961.

[EN]

Suimeanna nach mbeidh le háireamh nuair a bheifear ag measúnú damáistí (díobháil phearsanta nach cúis bháis).

2.—Nuair a bheifear ag measúnú damáistí i gcaingean chun damáistí a ghnóthú maidir le gníomh éagórach (lena n-áirítear coir) as ar tháinig díobháil phearsanta nár chúis bháis, ní chuirfear san áireamh—

[EN]

(a) aon suim is iníoctha i leith na díobhála faoi aon chonradh árachais,

[EN]

(b) aon phinsean, aisce nó sochar eile dá leithéid is iníoctha faoi reacht nó ar shlí eile mar gheall ar an díobháil.

[EN]

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.

3.—Déantar leis seo alt 27 den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

[EN]

“(5) Féadfar éileamh a dhéanamh nó fógra a sheirbheáil de bhun fho-alt (1) den alt seo d'ainneoin go séanann an duine ag a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh nó an fógra á sheirbheáil, nó nach n-admhaíonn sé, gurb éagóiritheoir é agus ní bheidh sé intuigthe as an éileamh a dhéanamh nó an fógra a sheirbheáil go bhfuil aon dliteanas á admháil aige.”

[EN]

Leasú ar alt 35(2) den Phríomh-Acht.

4.—Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 35 den Phríomh-Acht a leasú trí “faoi réir mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo,” a chur isteach ann roimh “urchosc”.

[EN]

Leasú ar alt 36 den Phríomh-Acht.

5.—Déantar leis seo alt 36 den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

[EN]

“(5) D'ainneoin aon ní in alt 62, i gcás ina ndéanfar éileamh i gcoinne duine a bheidh faoi árachas i leith dliteanais a líomhnaíodh san éileamh agus nach n-íocfaidh an t-árachóir an t-éileamh mar gheall ar é a fhritháireamh go hiomlán i gcoinne suime a bheidh dlite don duine árachaithe ón duine a rinne an t-éileamh sin, beidh an duine árachaithe nó aon duine a bheidh ag feidhmiú ar a shon nó a ghabhann teideal faoi i dteideal méid an éilimh sin a ghnóthú ó na hárachóirí.”

[EN]

Aisghairm.

6.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

7.—(1) Féadfar an tAcht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Dhliteanas Sibhialta, 1961 agus 1964, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

AN SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 6.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 6 de 1957.

Reacht na dTréimhsí, 1957.

Mír (a) d'fho-alt (4) d'alt 49.

Uimh. 41 de 1961.

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961.

Mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 40; mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 49.