Uimhir 17 de 1965.
AN tACHT UM EISEACHADADH, 1965
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Eiseachadadh, 1965, a ghairm den Acht seo.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Léiriú.
3.—(1) San Acht seo—
folaíonn “gníomh” neamhghníomh;
ciallaíonn “ordú coinneála”, maidir le tír eile, aon ordú a bhéarfadh cailleadh saoirse a bheidh déanta ag cúirt choiriúil sa tír sin i dteannta nó in ionad pianbhreithe príosúnachta;
ciallaíonn “gníomhaire taidhleoireachta” ambasadóir urghnách agus lánchumhachtach, toscaire urghnách agus aire lánchumhachtach nó chargé d'affaires;
ciallaíonn “eiseachadadh” duine a thabhairt suas faoi fhorálacha Chuid II do thír lena mbaineann an Chuid sin;
tá le “comhaontú um eiseachadadh” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 8;
ciallaíonn “forálacha um eiseachadadh” na forálacha i gcomhaontú um eiseachadadh nó in ordú faoi alt 8 a chuireann Cuid II chun feidhme ar dhóigh seachas de bhun comhaontú um eiseachadadh;
ciallaíonn “imeachtaí habeas corpus” imeachtaí (lena n-áirítear imeachtaí ar achomharc) faoi alt 4.2° d'Airteagal 40 den Bhunreacht;
folaíonn “príosúnacht”, maidir leis an Stát, pianseirbhís agus coinneáil i bhForas Naomh Pádraig agus, maidir le haon tír eile, folaíonn sé cailleadh saoirse faoi ordú coinneála;
folaíonn “breitheamh den Chúirt Dúiche” Uachtarán na Cúirte Dúiche;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;
ciallaíonn “duine a éilítear” duine a n-iarrtar a eiseachadadh;
ní fholaíonn “cion polaitiúil” Ceann Stáit nó duine dá theaghlach a mharú nó tabhairt faoina mharú;
ciallaíonn “foras athchuir” foras (seachas príosún) de réir bhrí an Achta um Dhlínse Choiriúil, 1960;
ciallaíonn “tír iarrtha” tír a n-iarrtar uirthi duine a thabhairt suas don Stát lena ionchúiseamh nó lena phionósú i gcion;
ciallaíonn “tír iarrthach” tír a iarrann eiseachadadh;
ciallaíonn “cion ioncaim”, maidir le haon tír nó áit lasmuigh den Stát, cion i ndáil le cánacha, dleachtanna nó rialú malairte, ach ní fholaíonn sé cion ina ndéantar forneart a úsáid nó a bhagairt, ná mionnú éithigh ná brionnú doiciméid a eisíodh faoi údarás reachtúil ná cion a líomhnaítear é a bheith déanta ag oifigeach ioncaim de chuid na tíre nó na háite sin ina cháil mar oifigeach den sórt sin;
tá le “Foras Naomh Pádraig” an bhrí a thugtar dó san Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960;
folaíonn “pianbhreith” ordú coinneála.
(2) Baineann an tAcht seo, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, le cion cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis a rinneadh nó a líomhnaítear a rinneadh é.
Orduithe a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais.
4.—Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Caiteachas.
5.—Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Aisghairm.
R. & O.R.
Uimh. 431 de 1947.
6.—(1) Déantar leis seo gach ceann de na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm sa mhéid atá leagtha amach sa tríú colún den Sceideal sin.
(2) Scoirfidh riail 74 (3) de na Rialacha Cúirte Dúiche, 1948, d'éifeacht a bheith aici.
Forálacha sealadacha.
1870, c. 52.
7.—(1) Aon ordú a rinneadh faoi alt 2 den Extradition Act, 1870, agus a bhí i bhfeidhm roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige agus measfar gurb ordú é a rinneadh faoi fho-alt (1) d'alt 8 agus measfar gur comhaontú um eiseachadadh an chomhshocraíocht lena mbaineann sé.
(2) Rachaidh ordú lena mbaineann fo-alt (1), mura mbeidh sé cúlghairthe roimhe sin faoi alt 8, in éag an 1ú lá d'Eanáir, 1972.
CUID II
Eiseachadadh i gCoitinne
Feidhm Chuid II.
8.—(1) Más rud é, trí aon chomhaontú nó coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh an Stát ina pháirtí ann, go ndéanfar comhshocraíocht (dá ngairtear comhshocraíocht um eiseachadadh san Acht seo) le tír eile chun go dtabharfaidh an dá thír suas dá chéile daoine a bhfuil lorg orthu lena n-ionchúiseamh nó lena bpionósú, nó más deimhin leis an Rialtas go gcuirfidh tír eile saoráidí cómhalartacha leis an éifeacht sin ar fáil, féadfaidh an Rialtas, le hordú, an Chuid seo a chur chun feidhme maidir leis an tír sin.
(2) Má dhéanann an Rialtas comhshocraíocht ag leasú comhaontú um eiseachadadh, féadfaidh an Rialtas, le hordú, é sin a dhearbhú agus air sin beidh éifeacht ag an gcomhaontú um eiseachadadh arna leasú amhlaidh.
(3) Déanfar in ordú a bhaineann le comhaontú um eiseachadadh, nó le leasú air, téarmaí an chomhaontaithe nó an leasaithe a aithris nó a chorprú agus beidh an t-ordú ina fhianaise go ndearnadh an comhaontú nó an leasú agus ar a théarmaí.
(4) Féadfaidh ordú a chuirfidh an Chuid seo chun feidhme maidir le haon tír ar dhóigh seachas de bhun comhaontú um eiseachadadh, a bheith faoi réir cibé coinníollacha, eisceachtaí agus cáilithe a shonrófar san ordú.
(5) Gach comhaontú um eiseachadadh, agus gach ordú a chuirfidh an Chuid seo chun feidhme ar dhóigh seachas de bhun comhaontú um eiseachadadh, beidh éifeacht dlí acu de réir a dtéarmaí, faoi réir forálacha na Coda seo.
(6) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.
(7) Ar ordú a chuireann an Chuid seo chun feidhme maidir le haon tír a chúlghairm, scoirfidh an Chuid seo d'fheidhm a bheith aici maidir leis an tír sin.
(8) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo, foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir.
Oibleagáid chun eiseachadadh a dhéanamh.
[Airt. 1]
9.—Má dhéanann tír a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir léi iarratas go cuí go dtabharfaí suas duine a bhfuil imeachtaí ina choinne á dtionscnamh sa tír sin i leith ciona, nó a bhfuil an tír sin á lorg chun pianbhreith a chur i gcrích, déanfar, faoi réir agus de réir forálacha na Coda seo, an duine sin a thabhairt suas don tír sin.
Cionta ineiseachadta.
[Airt. 2]
10.—(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dheonófar eiseachadadh ach amháin i leith ciona atá inphionóis faoi dhlíthe na tíre iarrthaí agus an Stáit le príosúnacht ar feadh uastréimhse bliana ar a laghad nó le pionós is déine ná sin agus a ndearnadh ina leith, má rinneadh ciontú agus gur tugadh pianbhreith sa tír iarrthach, príosúnacht ar feadh ceithre mhí ar a laghad nó pionós is déine ná sin a ghearradh.
(2) Má dhéantar iarraidh ar eiseachadadh i leith ciona lena mbaineann fo-alt (1) agus go n-áireofar freisin san iarraidh aon chion eile atá inphionóis faoi dhlíthe na tíre iarrthaí nó an Stáit ach nach gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha maidir leis an tréimhse phríosúnachta is inghearrtha, nó a gearradh, ansin féadfar, faoi réir forálacha na Coda seo, eiseachadadh a dheonú freisin i leith an chiona deiridh sin.
(3) San alt seo déanfar tagairtí do chion atá inphionóis faoi dhlíthe an Stáit a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do ghníomh ar chion den sórt sin a bheadh ann dá mba sa Stát a rinneadh é.
Cionta polaitiúla.
Airt. 3]
11.—(1) Ní dheonófar eiseachadadh i leith ciona is cion polaitiúil nó is cion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil.
(2) Beidh feidhm ag an riail chéanna má bhíonnn fáthanna substaintiúla ann chun a chreidiúint gur chun duine a ionchúiseamh nó a phionósú mar gheall ar a chine, a chreideamh, a náisiúntacht nó a thuairimí polaitíochta a iarradh eiseachadadh i leith gnáthchiona choiriúil nó go bhféadfadh dochar a bheith ann do chás an duine sin ar aon chúis acu sin.
Cionta míleata,
[Airt. 4]
12.—Ní dheonófar eiseachadadh i leith cionta faoin dlí míleata nach cionta faoin ngnáthdhlí coiriúil.
Cionta ioncaim.
[Airt. 5]
13.—Ní dheonófar eiseachadadh i leith cionta ioncaim.
Saoránaigh Éireannacha.
[Airt. 6.1 (a)]
14.—Ní dheonófar eiseachadadh i gcás inar saoránach d'Éirinn duine a éilítear, mura bhforálann na forálacha iomchuí um eiseachadadh a mhalairt.
An áit a ndearnadh an cion.
[Airt. 7]
15.—Ní dheonófar eiseachadadh má mheastar faoi dhlí an Stáit gur sa Stát a rinneadh an cion a bhfuil an t-eiseachadadh á iarraidh ina leith.
Imeachtaí ar feitheamh i leith an chiona chéanna.
[Airt. 8]
16.—Ní dheonófar eiseachadadh má bhíonn ionchúiseamh ar feitheamh sa Stát i gcoinne an duine a éilítear mar gheall ar an gcion a n-iarrtar eiseachadadh ina leith.
Non bis in idem.
Airt. 9]
17.—(1) Ní dheonófar eiseachadadh má bhítear tar éis breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa Stát nó i dtríú tír ar an duine a éilítear mar gheall ar an gcion a n-iarrtar eiseachadadh ina leith.
(2) Féadfaidh an tAire eiseachadadh a dhiúltú i leith ciona is cion faoi dhlí an Stáit freisin, má bhíonn an tArd-Aighne tar éis a chinneadh gan imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an duine a éilítear mar gheall ar an gcion nó tar éis deireadh a chur le himeachtaí ina choinne.
Imeacht aimsire.
[Airt. 10]
18.—Ní dheonófar eiseachadadh má bhíonn an duine a éilítear tar éis teacht, de réir dlí na tíre iarrthaí nó an Stáit, chun bheith díolmhaithe mar gheall ar imeacht aimsire ó ionchúiseamh nó ó phionós.
Pionós báis.
[Airt. 11]
19.—Ní dheonófar eiseachadadh i leith ciona atá inphionóis le bás faoi dhlí na tíre iarrthaí ach atá d'earnáil nach bhforáiltear pionós an bháis di de réir dlí an Stáit, nó nach gnáth é a chur i bhfeidhm, mura dtabharfaidh an tír iarrthach cibé deimhniú is leor leis an Aire nach gcuirfear an pionós báis i bhfeidhm.
Riail na speisialtachta.
[Airt. 14]
20.—(1) Ní dheonófar eiseachadadh mura bhforáiltear le dlí na tíre iarrthaí nó leis an gcomhaontú um eiseachadadh—
(a) nach ndéanfar imeachtaí a shaothrú i gcoinne an duine a éilítear, ná pianbhreith a chur air ná é a choinneáil d'fhonn pianbhreith nó ordú coinneála a chur i gcrích, ná é a shrianadh ar dhóigh eile ina shaoirse phearsanta, mar gheall ar aon chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas seachas an cion a n-iarrtar a eiseachadadh ina leith, ach amháin sna cásanna seo a leanas—
(i) le toiliú an Aire, nó
(ii) i gcás caoi a bheith ag an duine sin críoch na tíre sin a fhágáil agus nach mbeidh sin déanta aige laistigh de chúig lá is daichead óna scaoileadh críochnaitheach i leith an chiona ar mar gheall air a eiseachadadh é, nó go mbeidh sé tar éis filleadh ar chríoch na tíre sin tar éis í a fhágáil, agus
(b) i gcás tuairisc an chiona inar cúisíodh duine sa tír iarrthach a athrú i gcúrsa imeachtaí, nach saothrófar imeachtaí ina choinne ná nach dtabharfar pianbhreith air ach amháin sa mhéid go dtaispeánfaidh comhábhair an chiona faoina thuairisc nua gur cion é ar cead eiseachadadh ina leith.
(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), más rud é go gceadaíonn dlí na tíre iarrthaí aon bhearta is gá a dhéanamh chun an duine a aistriú amach as a críoch nó aon bhearta is gá faoina dlí, lena n-áirítear imeachtaí trí mhainneachtain, chun cosc a chur le haon éifeachtaí dlíthiúla a thiocfadh as imeacht aimsire, ní chuirfidh sé sin ann féin cosc lena eiseachadadh.
(3) Ní thabharfar toiliú an Aire mura n-iarrfaidh an tír iarrthach a thoiliú, agus go gcuirfear mar thaca leis an iarraidh na doiciméid a luaitear in alt 25 agus taifead dlíthiúil d'aon ráiteas a rinne an duine eiseachadta i leith an chiona a bheidh i gceist.
(4) Tabharfar toiliú an Aire má bhíonn an cion a n-iarrtar an toiliú ina leith ina chion a bhfuil sé d'oibleagáid eiseachadadh a dheonú ina leith.
Ath-eiseachadadh go dtí an tríú tír.
[Airt. 15]
21.—(1) Ní dheonófar eiseachadadh mura mbeidh foráil déanta le dlí na tíre iarrthaí nó leis an gcomhaontú um eiseachadadh nach dtabharfaidh an tír sin suas do thír eile duine a tugadh suas don tír iarrthach agus atá á lorg ag an tír eile mar gheall ar chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas don tír iarrthach, ach amháin sna cásanna seo a leanas—
(a) le toiliú an Aire, nó
(b) i gcás caoi a bheith ag an duine sin críoch na tíre sin a fhágáil agus nach mbeidh sin déanta aige laistigh de chúig lá is daichead óna scaoileadh críochnaitheach i leith an chiona ar mar gheall air a eiseachadadh é, nó go mbeidh sé tar éis filleadh ar chríoch na tíre sin tar éis í a fhágáil.
(2) Sula ngéillfidh an tAire d'iarraidh ar thoiliú le heiseachadadh duine lena mbaineann fo-alt (1), féadfaidh sé a iarraidh go dtabharfar ar aird na doiciméid a luaitear in alt 25.
(3) Ní dhéanfar duine a bheidh tugtha suas don Stát ag tír iarrtha a thabhairt suas don tríú tír mar gheall ar chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas, ach amháin sna cásanna seo a leanas—
(a) le toiliú na tíre iarrtha arna chur in iúl faoi shéala aire stáit de chuid na tíre sin, agus tabharfar aird bhreithiúnach ar an séala sin, nó
(b) i gcás caoi a bheith ag an duine sin an Stát a fhágáil agus nach mbeidh sin déanta aige laistigh de chúig lá is daichead óna scaoileadh críochnaitheach i leith an chiona ar mar gheall air a tugadh suas don Stát é, nó go mbeidh sé tar éis filleadh ar an Stát tar éis é a fhágáil.
Fianaise go ndearna an duine a éilítear an cion.
22.—I gcás ina gceanglaítear leis na forálacha iomchuí um eiseachadadh go dtabharfaidh an tír iarrthach ar aird fianaise go ndearna an duine a éilítear an cion a n-iarrtar eiseachadadh ina leith, ní dheonófar eiseachadadh mura dtabharfar leorfhianaise ar aird chun an ceanglas a shásamh.
Iarraidh ar eiseachadadh.
[Airt. 12.1]
23.—Is i scríbhinn a dhéanfar iarraidh chun aon duine a eiseachadadh agus cuirfear in iúl é—
(a) trí ghníomhaire taidhleoireachta don tír iarrthach, atá creidiúnaithe don Stát, nó
(b) ar aon dóigh eile a fhoráiltear sna forálacha iomchuí um eiseachadadh.
Iarrthaí codarsnacha.
[Airt. 17]
24.—Má dhéanann níos mó ná tír amháin eiseachadadh a iarraidh i gcomhthráth, i leith an chiona chéanna nó i leith cionta éagsúla, cinnfidh an tAire cé acu iarraidh acu, más aon cheann é, a rachfar chun cinn leis faoin gCuid seo, ag féachaint do na himthosca go léir agus go speisialta do thromchúiseacht chomparáideach na gcionta agus d'áit a ndéanta, do dháta gach iarraidh faoi seach, do náisiúntacht an duine a éilítear, agus don chosúlacht atá ann go mb'fhéidir go dtabharfaí suas é ina dhiaidh sin do thír eile.
Doiciméid mar thaca le hiarraidh.
[Airt. 12.2]
25.—Tabharfar na doiciméid seo a leanas mar thaca le hiarraidh ar eiseachadadh—
(a) scríbhinn bhunaidh, nó cóip fhíordheimhnithe de scríbhinn bhunaidh, an ordaithe ciontaithe agus pianbhreithe nó coinneála is inchurtha i bhfeidhm láithreach nó, de réir mar a bheidh, an bharántais ghabhála, nó an ordaithe eile leis an éifeacht chéanna, a eisíodh de réir an nós imeachta atá leagtha síos i ndlí na tíre iarrthaí;
(b) ráiteas faoi gach cion a bhfuiltear ag iarraidh eiseachadadh ina leith a sonrófar ann, chomh cruinn agus is féidir, am agus áit a dhéanta, a thuairisc dhlíthiúil agus tagairt do na forálacha iomchuí de dhlí na tíre iarrthaí;
(c) cóip d'achtacháin iomchuí na tíre iarrthaí nó, i gcás nach féidir sin, ráiteas faoin dlí iomchuí;
(d) tuairisc chomh cruinn agus is féidir ar an duine a éilítear agus aon eolas eile a chabhróidh chun a chéannacht agus a náisiúntacht a shuíomh, agus
(e) aon doiciméad eile is gá faoi na forálacha iomchuí um eiseachadadh.
Barántas gabhála.
26.—(1) Má fhaigheann an tAire iarraidh arna déanamh de réir na Coda seo chun aon duine a eiseachadadh, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, cuirfidh sé in iúl, le hordú, do bhreitheamh den Chúirt Dúiche go bhfuiltear tar éis an iarraidh a dhéanamh agus eiseoidh an breitheamh barántas chun an duine sin a ghabháil.
(2) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas a eiseofar faoin alt seo a fhorghníomhú in aon chuid den Stát.
(3) Más é tuairim an Aire nach leor an t-eolas a tugadh dó de bhun ailt 25, féadfaidh sé a iarraidh ar an tír iarrthach cibé eolas breise is cuí leis a thabhairt agus féadfaidh sé teorainn ama a cheapadh chun é sin a fháil.
(4) Féadfaidh an tAire eiseachadadh a dhiúltú más é a thuairim gur cás é ina dtoirmisctear eiseachadadh faoi aon fhoráil den Chuid seo nó faoi na forálacha iomchuí um eiseachadadh.
(5) Déanfar duine a ghabhfar faoi bharántas arna eisiúint faoin alt seo a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, nó os comhair cibé breithimh eile a ordóidh an tAire faoi alt 28.
Gabháil shealadach.
[Airt. 16]
27.—(1) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche más cuí leis é, gan ordú ón Aire faoi alt 26, barántas a eisiúint chun aon duine a ghabháil ar fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire go ndearnadh iarraidh chun an duine sin a ghabháil go sealadach, ar an bhforas go mbaineann práinn leis, thar ceann tíre a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir léi, agus ar a bheith deimhin dó go gcomhlíonann an iarraidh ceanglais an ailt seo.
(2) San iarraidh chun aon duine a ghabháil go sealadach—
(a) luafar go bhfuil ceann de na doiciméid a luaitear i mír (a) d'alt 25 ar fáil maidir leis an duine sin agus go bhfuiltear ar intinn iarraidh ar a eiseachadadh a chur ar aghaidh,
(b) sonrófar cineál an chiona agus an t-am agus an áit a líomhnaítear a rinneadh an cion, agus
(c) tabharfar tuairisc an duine a bhfuil a ghabháil á lorg.
(3) Féadfar iarraidh ar ghabháil shealadach a chur ar aghaidh leis an bpost nó le teileagraf nó ar aon dóigh eile a thabharfaidh fianaise i scríbhinn.
(4) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas a eiseofar faoin alt seo a fhorghníomhú in aon chuid den Stát.
(5) Nuair a eiseoidh breitheamh barántas faoi fho-alt (1) cuirfidh sé in iúl láithreach don Aire gur eisíodh an barántas, agus féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a ordú an barántas a chealú agus an duine a gabhadh faoi a scaoileadh saor.
(6) Aon duine a ghabhfar faoi bharántas arna eisiúint faoin alt seo, déanfar, mura gcealaítear an barántas faoi fho-alt (5), é a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, nó os comhair cibé breithimh eile a ordóidh an tAire faoi alt 28, agus déanfaidh an breitheamh an duine sin a athchur, i gcoimeád nó faoi bhannaí, go dtí go bhfaighidh sé ordú ón Aire á chur in iúl go bhfuarthas go cuí an iarraidh ar eiseachadadh, nó go dtí go scaoilfear an duine sin faoi alt 35, agus chuige sin beidh cumhachtaí ag an mbreitheamh maidir le hathchur ionann is dá mb'amhlaidh a tugadh an duine sin os a chomhair agus é cúisithe i gcion indíotáilte.
(7) Más rud é, laistigh de thréimhse ocht lá dhéag tar éis an duine sin a ghabháil, nach bhfaighfear aon ordú den sórt sin, scaoilfear saor é.
(8) Ní dhéanfaidh scaoileadh aon duine faoi fho-alt (5) nó (7) dochar dá athghabháil agus dá eiseachadadh má dhéantar iarraidh ar a eiseachadadh ina dhiaidh sin.
Feidhmiú dhlínse na Cúirte Dúiche.
28.—Nuair a bheifear tar éis duine a ghabháil de bhun barántais arna eisiúint faoi alt 26 nó 27, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go n-éistfear an cás os comhair breithimh a bheidh sannta don dúiche a ainmneofar san ordú agus, sa chás sin, déanfar an duine a gabhadh a thabhairt os comhair an bhreithimh sin.
Cimiú nó scaoileadh duine a n-iarrtar a eiseachadadh.
29.—(1) I gcás ina mbeidh duine os comhair na Cúirte Dúiche faoi alt 26 nó 27 agus gur deimhin leis an gCúirt—
(a) go bhfuiltear tar éis eiseachadadh an duine sin a iarraidh go cuí, agus
(b) go bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis an tír iarrthach, agus
(c) nach dtoirmisctear leis an gCuid seo, ná leis na forálacha iomchuí um eiseachadadh, eiseachadadh an duine a éilítear, agus
(d) go bhfuiltear tar éis na doiciméid is gá mar thaca le hiarraidh ar eiseachadadh faoi alt 25 a thabhairt ar aird,
déanfaidh an Chúirt ordú ag cimiú an duine sin chun príosúin (nó, mura bhfuil sé os cionn bliain is fiche d'aois, chun forais athchuir) le feitheamh ansin ar ordú an Aire chun é a eiseachadadh.
(2) Féadfaidh an Chúirt, más é a tuairim nach leor an t-eolas a tugadh faoi alt 25 chun go bhféadfar cinneadh a dhéanamh, an éisteacht a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt ionas go bhféadfar tuilleadh faisnéise a thabhairt ar aird, agus fad a bheifear ag feitheamh ar bhreithniú an cháis beidh cumhachtaí ag an gCúirt maidir le hatráthú agus le hathchur ionann is dá mb'amhlaidh a tugadh an duine a éilítear os a comhair agus é cúisithe i gcion indíotáilte.
(3) Ar ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) don Chúirt—
(a) cuirfidh sí i bhfios don duine lena mbaineann sé nach dtabharfar suas é, ach amháin lena thoiliú, go dtí go mbeidh cúig lá dhéag caite ó dháta a chimithe, agus cuirfidh sí i bhfios dó freisin forálacha alt 4.2° d'Airteagal 40 den Bhunreacht (a bhaineann le gearán a dhéanamh ag duine ar bith nó thar a cheann leis an Ard-Chúirt á rá go bhfuil an duine sin á choinneáil ina bhrá go haindleathach), agus
(b) cuirfidh sí faoi deara go gcuirfear deimhniú an chimithe ar aghaidh láithreach chun an Aire.
(4) I gcás nach ndéanfar faoi fho-alt (1) an duine a éilítear a chimiú, ordóidh an Chúirt é a scaoileadh saor.
(5) Ní bheidh aon achomarc indéanta chun na Cúirte Cuarda in aghaidh ordú ón gCúirt faoin alt seo.
(6) Bainfidh ailt 10 agus 11 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960, le duine a chimeofar chuig foras athchuir faoin alt seo.
Duine cimithe a aistriú go dtí ospidéal nó áit eile.
30.—Féadfaidh an tAire, le hordú, a chur faoi deara go ndéanfar duine a cimíodh faoi alt 29 a aistriú go dtí ospidéal nó áit ar bith eile más dóigh leis an Aire gur gá sin ar mhaithe lena shláinte, agus fad a bheidh an duine sin á choinneáil san ospidéal nó san áit sin beidh sé i gcoimeád dleathach.
Imeacht aimsire roimh dhuine a thabhairt suas.
31.—Duine a chimeofar faoi alt 29, ní thabharfar suas é, ach amháin lena thoiliú, arna thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche, don tír iarrthach go dtí go mbeidh cúig lá dhéag caite ó dháta a chimithe nó go dtí go gcríochnófar aon imeachtaí habeas corpus a thionscnóidh sé nó a thionscnófar thar a cheann, cibé ní acu sin is déanaí.
Tabhairt suas a chur siar.
[Airt. 19.1]
32.—Féadfaidh an tAire tabhairt suas duine a éilítear a chur siar ionas go bhféadfar imeachtaí a shaothrú ina choinne sa Stát, nó (má táthar tar éis é a chointú cheana féin) ionas go bhféadfaidh sé aon phianbhreith a tugadh air sa Stát a chur isteach, mar gheall ar chion seachas an cion a bhfuil a eiseachadadh á iarraidh ina leith.
Príosúnach a thabhairt suas faoi ordú ón Aire.
[Airt. 21.6]
33.—(1) Faoi réir ailt 31 agus 32, féadfaidh an tAire, mura ndéantar an duine a cimíodh a scaoileadh saor le breith na hArd-Chúirte in imeachtaí habeas corpus, a ordú, le hordú, an duine sin a thabhairt suas do cibé duine eile is dóigh leis an Aire a bheith údaraithe go cuí ag an tír iarrthach chun é a ghlacadh, agus tabharfar suas é dá réir sin.
(2) Aon duine a n-ordófar le hordú faoi fho-alt (1) duine a thabhairt suas dó, féadfaidh sé an duine a thabharfar suas amhlaidh a ghlacadh, a choinneáil i gcoimeád, agus a thabhairt amach as an Stát, agus má éalaíonn an duine a tugadh suas amhlaidh as aon choimeád inar seachadadh é de bhun an ordaithe sin dlífear é a athghabháil sa dóigh chéanna le haon duine a d'éalódh as coimeád dleathach.
(3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) más é a thuairim go dtiocfaidh d'eiseachadadh an duine a n-iarrtar é a thabhairt suas go mbeadh air gabháil trí aon chríoch a bhfuil cúis ann chun a chreidiúint go mbeadh a bheo nó a shaoirse i mbaol ann mar gheall ar a chine, a chreideamh, a náisiúntacht nó a thuairimí polaitíochta.
Príosúnach a scaoileadh saor mura n-aistrítear amach as an Stát é.
[Airt 18, cuid]
34.—(1) Faoi réir alt 32 agus fho-alt (2) den alt seo, mura ndéantar aon duine atá ag feitheamh ar a thabhairt suas faoin gCuid seo a thabhairt suas agus a thabhairt amach as an Stát laistigh de mhí tar éis a chimithe, nó laistigh de mhí tar éis críochnú imeachtaí habeas corpus a thionscain sé nó a tionscnaíodh thar a cheann, cibé acu sin is deanaí, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón duine sin nó thar a cheann agus ar a chruthú gur tugadh fógra réasúnach don Aire go mbeadh an t-iarratas á dhéanamh, a ordú an duine a scaoileadh as coimeád.
(2) Más deimhin leis a Ard-Chúirt, de thoradh iarratais chuici faoi fho-alt (1)—
(a) nárbh fhéidir an duine a éilítear a thabhairt amach as an Stát mar gheall ar a shláinte nó ar imthosca eile nach raibh neart ag an Stát nó ag an tír iarrthach orthu, agus
(b) gur dócha laistigh d'am réasúnach nach mbeidh na himthosca sin ina gcosc a thuilleadh ar é a aistriú, féadfaidh an Chúirt tréimhse a shocrú chun é a thabhairt suas, agus scaoilfear saor é mura dtugtar amach as an Stát é laistigh den tréimhse sin.
Cumhacht ghinearálta an Aire chun duine a scaoileadh saor.
35.—(1) Aon uair is dóigh leis an Aire, maidir le duine atá de thuras na huaire ar athchur nó ag feitheamh ar a thabhairt suas faoin gCuid seo, go dtoirmisctear eiseachadadh faoi aon fhoráil den Chuid seo nó de na forálacha iomchuí um eiseachadadh, féadfaidh an tAire tráth ar bith eiseachadadh a dhiúltú, agus air sin, má tá an duine i gcoimeád, ordóidh sé é a scaoileadh saor.
(2) Má fheictear don Aire nach bhfuiltear ag dul chun cinn leis an iarraidh, nó leis an iarraidh bheartaithe ar eiseachadadh, féadfaidh an tAire a ordú an duine sin a scaoileadh saor, má tá sé i gcoimeád.
Maoin a urghabháil agus a thabhairt suas.
[Airt. 20]
36.—(1) Féadfaidh comhalta don Gharda Síochána a mbeidh barántas faoi alt 26 nó 27 á fhorghníomhú aige aon mhaoin a urghabháil agus a choinneáil—
(a) más dóigh leis í a bheith ag teastáil de réir réasúin mar fhianaise chun an cion a líomhnaítear a chruthú, nó
(b) más dóigh leis gur de thoradh an chiona a líomhnaítear a fuarthas í agus—
(i) más maoin í a gheofar tráth na gabhála i seilbh an duine a ghabhtar faoin mbarántas, nó
(ii) má fhionntar í ina dhiaidh sin.
(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcas aon mhaoin a urghabháil faoi fho-alt (1), déanfar, má eisíonn an tAire ordú faoi alt 33 chun an duine a éilítear a thabhairt suas, í a thabhairt ar láimh aon duine is dóigh leis an Aire atá údaraithe go cuí ag an tír iarrthach chun í a fháil, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a eisiúint, agus tabharfar an mhaoin sin ar láimh amhlaidh d'ainneoin nach féidir an t-eiseachadadh áirithe a chur i gcrích toisc an duine a éilítear d'fháil bháis nó d'éalú.
(3) Aon mhaoin a urghabhfar amhlaidh, féadfar, má bhíonn aon imeachtaí coiriúla lena mbaineann an mhaoin ar feitheamh sa Stát, í a choimeád sa Stát de réir dlí go dtí go gcríochnófar na himeachtaí sin, nó féadfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, í a thabhairt ar laimh ar choinníoll go gcuirfidh an tír iarrthach ar ais í.
(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'aon chearta, ná ní bhainfidh sé ó aon chearta, a bheidh faighte go dleathach ag an Stát nó ag aon duine sa Stát in aon mhaoin a bheidh le tabhairt ar láimh faoin alt seo, agus má bhíonn aon chearta den sórt sin ann ní thabharfar an mhaoin ar láimh ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh an tír iarrthach ar ais í a luaithe is féidir tar éis triail an duine a tugadh suas agus gan aon íocaíocht a bheith ar an Stát nó ar an duine a bhfuil na cearta sin aige.
Fianaise doiciméad.
37.—Déanfar doiciméad a bheidh ina thaca le hiarraidh ar eiseachadadh a ghlacadh i bhfianaise gan a thuilleadh cruthúnais má airbheartaíonn sé a bheith sínithe nó deimhnithe ag breitheamh, giúistís nó oifigeach don tír iarrthach agus a bheith fíordheimhnithe faoi mhionn finné éigin nó a bheith séalaithe le séala oifigiúil aire stáit de chuid na tíre sin agus tabharfar aird bhreithiúnach ar an séala sin.
Cionta ar an gcoigrích ag saoránaigh Éireannacha.
[cf. Airt. 6.2]
38.—(1) Má dhéanann aon saoránach d'Éirinn aon ghníomh lasmuigh den Stát ar cion é a ndlífí a eiseachadadh mar gheall air mura mbeadh gur saoránach d'Éirinn é, beidh sé ciontach sa chion céanna, agus ar a chiontú ann dlífear an pionós céanna a chur air, agus dá mba sa Stát a rinneadh an gníomh.
(2) Ní thionscnófar aon imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1) ach amháin ar ordú ón Ard-Aighne, arna thabhairt tar éis iarraidh dá réir sin arna déanamh mar a fhoráiltear in alt 23 ag an tír ar laistigh dá críoch a líomhnaítear a rinneadh an gníomh.
(3) Ní bhainfidh an t-alt seo ach amháin le gníomartha a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo.
(4) Chun dlínse a fheidhmiú, maidir le cion lena mbaineann fo-alt (1), ag aon chúirt dlínse inniúla, measfar an gníomh arb é an cion é a bheith déanta laistigh de cheantar Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.
Riail na speisialtachta á cur chun feidhme ag an Stát.
[Airt. 14]
39.—(1) Baineann an t-alt seo le duine a bheidh tugtha suas don Stát ag tír iarrtha.
(2) Ní shraothrófar imeachtaí ina choinne, ná ní thabharfar pianbhreith air ná ní phríosúnófar é, ná ní shrianfar ar dhóigh eile é ina shaoirse phearsanta, mar gheall ar aon chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas seachas an cion ar mar gheall air a tugadh suas é, ach amháin sna cásanna seo a leanas—
(a) le toiliú na tíre iarrtha, arna chur in iúl faoi shéala aire stáit de chuid na tíre sin, agus tabharfar aird bhreithiúnach ar an séala sin, nó
(b) i gcás caoi a bheith ag an duine sin an Stát a fhágáil agus nach mbeidh sin déanta aige lasistigh de chúig lá is daichead óna scaoileadh críochnaitheach i leith an chiona ar mar gheall air a tugadh suas é nó go mbeidh sé tar éis filleadh ar an Stát tar éis é a fhágáil.
(3) I gcás tuairisc an chiona inar cúisíodh duine a athrú i gcúrsa imeachtaí, ní shaothrófar imeachtaí ina choinne ná ní thabharfar pianbhreith air ach amháin sa mhéid go dtaispeánfaidh comhábhair an chiona faoina thuairisc nua gur cion é a ndlífí é a thabhairt suas don Stát mar gheall air.
Idirthuras.
[Airt. 21]
40.—(1) Féadfaidh an tAire, i gcás duine a bheidh á thabhairt ó thír go tír eile ar é a thabhairt suas de bhun comhaontú de chineál comhaontú um eiseachadadh, gabháil an duine sin ar idirthuras tríd an Stát a cheadú, faoi réir aon chionníollacha iomchuí um eiseachadadh agus faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, má dhéanann an tír a bhfuil sé á thabhairt chuici iarraidh dá réir sin.
(2) Féadfaidh an tAire a shrocrú go ndéanfaidh an Garda Síochána maoirseacht ar an idirthuras sin agus measfar an duine a bheidh i gceist a bheith i gcoimeád aon chomhalta den Gharda Síochána a bheidh á thionlacan de bhun an tsocraithe sin.
CUID III
Formhuiniú agus Forghníomhú Barántas Áirithe
Áiteanna lena mbaineann Cuid III.
41.—Baineann an Chuid seo le gach áit acu seo a leanas, eadhon, Tuaisceart Éireann, Sasana agus an Bhreatain Bheag, Albain, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.
Mínithe.
42.—Sa Chuid seo—
folaíonn “Coimisinéir an Gharda Síochána” agus “Coimisinéir” Leas-Choimisinéir agus Coimisinéir Cúnta;
ciallaíonn “dúiche” dúiche chúirte dúiche;
ní fholaíonn “cion indíotáilte,” maidir le cion faoi dhlí áite lena mbaineann an Chuid seo, cion nach bhfuil intriailte ar díotáil ach amháin ar thionscnamh, nó le toiliú, an chúisí;
folaíonn “toghairm” aon ghairm nó ordú a chuirfear an dhuine a chúisítear i gcion chun láithriú os comhair cúirte in aon áit lena mbaineann an Chuid seo chun an cúiseamh a fhreagairt.
Barántais a fhormhuiniú.
43.—(1) Más rud é—
(a) go mbeidh údarás breithiúnach tar éis barántas a eisiúint in áit lena mbaineann an Chuid seo chun duine a ghabháil atá á chúiseamh, nó a ciontaíodh, i gcion faoi dhlí na háite sin, ar cion indíotáilte é nó cion atá inphionóis ar dhuine a chiontú ann go hachomair le príosúnacht ar feadh uastréimhse sé mhí ar a laghad, agus
(b) ar an mbarántas a thabhairt ar aird do Choimisinéir an Gharda Síochána gur dóigh leis an gCoimisinéir go bhféadfaí an duine atá ainmnithe nó tuairiscithe ann a fháil sa Stát,
déanfaidh an Coimisinéir, faoi réir forálacha na Coda seo, an barántas a fhormhuiniú lena fhorghníomhú.
(2) Is san fhoirm seo a leanas a bheidh an formhuiniú:
“Mise, A.B. Coimisinéir [nó Leas-Choimisinéir nó Coimisinéir Cúnta] an Gharda Síochána, údaraím leis seo forghníomhú an bharántais seo sa Stát ag aon chomhalta den Gharda Síochána.
Síniú | ________________________ |
Dáta | ________________________” |
(3) Ní dhéanfar barántas chun duine a ghabháil a ciontaíodh i gcion faoi dhlí áite lena mbaineann an Chuid seo a fhormhuiniú faoin alt seo murab é cuspóir na gabhála—
(a) é a thabhairt os comhair cúirte san áit sin le haghaidh pianbhreithe i leith an chiontaithe, nó
(b) é a thabhairt go dtí áit a mbeidh sé le bheith faoi phríosúnacht ann faoin bpianbhreith sin, nach príosúnacht as neamhíoc fíneála nó suime eile.
Srianta le formhuiniú.
44.—(1) Ní dhéanfar barántas a fhormhuiniú lena fhorghníomhú faoin gCuid seo, más rud é, go dtabharfaidh an tAire, nó an Ard-Chúirt ar an gceist a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte ag an Aire, ordú, de réir an ailt seo, gan é a fhormhuiniú amhlaidh.
(2) Féadfar ordú faoin alt seo a thabhairt más é tuairim an Aire nó na Cúirte, cibé acu é, go bhfuil an cion lena mbaineann an barántas—
(a) ina chion polaitiúil nó ina chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil, nó
(b) ina chion faoin dlí míleata nach cion faoin ngnáthdhlí coiriúil, nó
(c) ina chion ioncaim,
nó go bhfuil fáthanna substaintiúla ann chun a chreidiúint go ndéanfar an duine atá ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas, má aistrítear amach as an Stát é faoin gCuid seo, a ionchúiseamh nó a choinneáil mar gheall ar chion polaitiúil nó ar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil nó ar chion faoin dlí míleata nach cion faoin ngnáthdhlí coiriúil.
Barántais a fhorghníomhú.
45.—(1) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas a fhormhuineofar faoi alt 43 a fhorghníomhú in aon chuid den Stát.
(2) Ar an duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas a ghabháil, tabharfar é os comhair breithimh den Chúirt Dúiche don dúiche inar gabhadh é, má bhíonn breitheamh ar fáil láithreach.
(3) Mura mbíonn, déanfar, a luaithe is féidir, é a thabhairt os comhair feidhmeannaigh shíochána sa dúiche sin.
Duine gafa a athchur chun na Cúirte Dúiche.
46.—(1) Déanfaidh feidhmeannach síochána a dtabharfar duine gafa os a chomhair faoi alt 45 é a athchur, i gcoimeád nó faoi bhannaí, chuig an suí is luaithe is féidir den Chúirt Dúiche sa dúiche ina bhfuil sé ag gníomhú, ar suí é a chuirfear ar bun laistigh d'ocht lá tar éis na gabhála.
(2) Má mhainníonn duine a athchuireadh faoi bhannaí faoi fho-alt (1) láithriú mar a bheidh ceangailte air lena chúirtbhanna, féadfaidh an breitheamh a shuífidh ag an gcúirt ar ceanglaíodh air láithriú os a comhair barántas a eisiúint chun é a ghabháil; agus ar é a ghabháil déileálfar leis amhail is dá mba faoin mbarántas faoinar gabhadh é roimhe sin a gabhadh é an uair sin.
Imeachtaí os comhair na Cúirte Dúiche.
47.—(1) Más rud é go mbeidh duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe i mbarántas os comhair na Cúirte Dúiche de bhun na Coda seo, déanfaidh an Chúirt sin, faoi réir forálacha na Coda seo, ordú chun é a sheachadadh ag pointe caothúil éigin imeachta ón Stát i gcoimeád comhalta d'fhórsa póilíneachta ón áit inar eisíodh an barántas, lena thabhairt go dtí an áit sin, agus é a athchur go dtí go seachadfar amhlaidh é.
(2) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (1) más dóigh leis an gCúirt nach bhfuil an cion a shonraítear sa bharántas ag comhfhreagairt d'aon chion faoi dhlí an Stáit ar cion indíotáilte é nó cion atá inphionóis ar dhuine a chiontú ann go hachomair le príosúnacht ar feadh uastréimhse sé mhí ar a laghad.
(3) In aon chás nach ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi fho-alt (1), ordóidh an Chúirt an duine atá ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas a scaoileadh saor.
(4) Beidh cumhachtaí ag an gCúirt maidir le hatráthú agus le hathchur ionann is dá mb'amhlaidh a tugadh an duine a bheidh i gceist os comhair na Cúirte agus é cúisithe i gcion indíotáilte.
(5) Ní bheidh aon achomharc indéanta chun na Cúirte Cuarda i gcoinne ordú ón gCúirt faoin alt seo.
Imeacht aimsire roimh dhuine gafa a sheachadadh.
48.—(1) Ní dhéanfar duine lena mbaineann ordú faoi alt 47, ach amháin lena thoiliú, arna thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche nó feidhmeannaigh shíochána, a sheachadadh faoin ordú go dtí go mbeidh cúig lá dhéag caite ó dháta an ordaithe.
(2) Más rud é, laistigh den tréimhse sin, go ndéanfaidh sé féin, nó go ndéanfar thar a cheann, iarratas ar ordú habeas corpus chun é a scaoileadh saor faoi alt 50, ní sheachadfar é fad a bheidh an t-iarratas ar feitheamh.
(3) Nuair a dhéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 47, cuirfidh sí i bhfios don duine lena mbainfidh an t-ordú go bhfuil sé de cheart aige an t-iarratas sin a dhéanamh agus nach seachadfar é i rith na tréimhse cúig lá dhéag sin, ach amháin lena thoiliú, ná fad a bheidh aon iarratas den sórt sin ar feitheamh.
(4) Áireofar iarratas chun na hArd-Chúirte mar iarratas atá ar feitheamh go dtí go mbeidh aon achomharc sna himeachtaí curtha i gcrích, agus measfar achomharc a bheith curtha i gcrích i ndeireadh na tréimhse le haghaidh achomhairc más rud é nach mbeidh aon achomharc déanta.
Barántais shealadacha.
49.—(1) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire—
(a) go bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil barántas eisithe ag údarás breithiúnach in áit lena mbaineann an Chuid seo chun duine a ghabháil atá cúisithe, nó a ciontaíodh, i gcion indíotáilte faoi dhlí na háite sin, ach nach bhfuil an barántas ina sheilbh fós, agus
(b) go bhfuil sé tar éis iarraidh a fháil, a rinneadh ar an bhforas gur bhain práinn leis, ó fhórsa póilíneachta san áit sin, nó thar a cheann, chun barántas a eisiúint sa Stát leis an duine sin a ghabháil, agus
(c) go bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhféadfaí an duine sin a fháil sa Stát,
barántas (dá ngairtear barántas sealadach san alt seo) a eisiúint chun an duine sin a ghabháil.
(2) I gcás an barántas a eisíodh san áit sin a bheith ina bharántas chun duine ciontaithe a ghabháil, ní eiseofar barántas sealadach mura ndéarfaidh an comhalta den Gharda Síochána, faoi mhionn, go bhfuil cúis aige chun a chreidiúint gur comhlíonadh ceanglais fho-alt (3) d'alt 43.
(3) Ar an duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas sealadach a ghabháil, tabharfar é os comhair breithimh den Chúirt Dúiche don dúiche inar gabhadh é, má bhíonn breitheamh ar fáil láithreach.
(4) Mura mbíonn, déanfar, a luaithe is féidir, é a thabhairt os comhair feidhmeannaigh shíochána sa dúiche sin.
(5) Má thugtar ar aird don bhreitheamh nó don fheidhmeannach síochána an barántas a eisíodh chun é a ghabháil in áit lena mbaineann an Chuid seo, agus é formhuinithe de réir alt 43, rachaidh an breitheamh nó an feidhmeannach síochána ar aghaidh ionann is dá mb'amhlaidh a gabhadh é an tráth sin faoin mbarántas sin.
(6) In aon chás eile, féadfaidh an breitheamh nó an feidhmeannach síochána é a athchur, i gcoimeád nó faoi bhannaí, go ceann trí lá ar a mhéad.
(7) Más rud é, tráth ar bith, go dtabharfar ar aird don duine a mbeidh duine a athchuireadh faoin alt seo ina choimeád an barántas a eisíodh i leith an duine sin in áit lena mbaineann an Chuid seo, agus é formhuinithe de réir alt 43, beidh deireadh le tréimhse a athchurtha, agus déileálfar leis as sin amach ionann is dá mb'amhlaidh a gabhadh é an tráth sin faoin mbarántas sin.
Mura dtabharfar an barántas ar aird amhlaidh i rith tréimhse a athchurtha, scaoilfear saor an duine a athchuireadh.
(8) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas sealadach a fhorghníomhú in aon chuid den Stát, ach ní bheidh an barántas sin ina údarás chun duine a ghabháil breis is cúig lá tar éis dáta a eisithe.
Daoine a gabhadh a scaoileadh saor.
50.—(1) Déanfar duine a gabhadh faoin gCuid seo a scaoileadh saor má ordaíonn an Ard-Chúirt nó an tAire amhlaidh de réir an ailt seo.
(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt ordú faoin alt seo a thabhairt, más é tuairim na Cúirte—
(a) go bhfuil an cion lena mbaineann an barántas—
(i) ina chion polaitiúil nó ina chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil, nó
(ii) ina chion faoin dlí míleata nach cion faoin ngnáthdhlí coiriúil, nó
(iii) ina chion ioncaim, nó
(b) go bhfuil fáthanna substaintiúla ann chun a chreidiúint go ndéanfar an duine atá ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas, má aistrítear amach as an Stát é faoin gCuid seo, a ionchúiseamh nó a choinneáil mar gheall ar chion polaitiúil nó ar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil nó ar chion faoin dlí míleata nach cion faoin ngnáthdhlí coiriúil, nó
(c) nach bhfuil an cion a shonraítear sa bharántas ag comhfhreagairt d'aon chion faoi dhlí an Stáit ar cion indíotáilte é nó cion atá inphionóis ar dhuine a chiontú ann go hachomair le príosúnacht ar feadh uastréimhse sé mhí ar a laghad.
(3) Féadfar ordú ón gCúirt faoin alt seo a thabhairt ar iarratas ón duine a bheidh i gceist, nó thar a cheann, nó ar an gceist a chur faoi bhráid na Cúirte ag an Aire.
(4) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt faoin alt seo ar aon fhoras dá bhfuil leagtha amach i mír (a) nó (b) d'fho-alt (2).
Forálacha speisialta maidir le cionta achomaire.
51.—(1) Ní dhéanfar barántas chun duine a ghabháil a bheidh cúisithe i gcion is cion achomair faoi dhlí na háite a bheidh i gceist, cibé acu is cion indíotáilte é freisin nó nach ea, a fhormhuiniú faoin gCuid seo mura rud é—
(a) gur mhainnigh sé láithriú mar fhreagra ar thoghairm á cheangal air teacht os comhair cúirte san áit sin chun an cion a thriail agus, tráth nach 1ú ná ceithre lá dhéag roimh an dáta a ainmníodh sa toghairm lena láithriú, go ndearna comhalta den Gharda Síochána an toghairm a sheirbheáil air go pearsanta san áit sin nó fógra gur eisíodh an toghairm, mar aon le cóip den toghairm, a sheirbheáil air go pearsanta, nó
(b) tar éis dó dul faoi chúirtbhanna, nó faoi bhanna, go láithreodh sé os comhair cúirte san áit sin chun an cion a thriail, gur mhainnigh sé láithriú de bhun an chúirtbhanna, nó an bhanna, nó
(c) tar éis dó láithriú os comhair cúirte san áit sin chun an cion a thriail, gur mhainnigh sé ina dhiaidh sin láithriú ar aon dáta ar cuireadh na himeachtaí ar atráth chuige.
(2) (a) Ní foláir fógra faoi mhír (a) d'fho-alt (1) a bheith sínithe ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire.
(b) Déanfar an fógra a sheirbheáil trí chóip den fhógra a sheachadadh don chúisí.
(c) Beidh dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, arna fhormhuiniú ar chúl an fhógra bhunaidh, ina fhianaise gur seirbheáladh é.
(d) San alt seo, folaíonn “triail” aon imeachtaí i ndáil leis an gcion.
Athchur.
52.—(1) Féadfar duine a athchuirfear i gcoimeád faoin gCuid seo a choinneáil i bpríosún (nó, mura bhfuil sé thar bliain is fiche d'aois, i bhforas athchuir) nó, ar feadh tréimhse nach mó ná ocht n-uaire is daichead, i stáisiún Garda Síochána.
(2) I gcás cumhacht a bheith ag breitheamh den Chúirt Dúiche nó ag feidhmeannach síochána, faoi fho-alt (1) d'alt 47 nó fo-alt (6) d'alt 49, duine a athchur faoi bhannaí, féadfaidh sé—
(a) cúirtbhanna a ghlacadh uaidh, le hurraí nó gan urraí, faoi choinníollacha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), nó
(b) méid an chúirtbhanna a shocrú lena ghlacadh níos déanaí, agus idir an dá linn é a chur i gcoimeád comhalta den Gharda Síochána atá i gceannas stáisiúin Gharda Síochána.
(3) Cuirfear le cúirtbhanna a ghlacfar ó dhuine faoin alt seo coinníoll go dtabharfaidh sé é féin suas do chomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas stáisiúin shonraithe den Gharda Síochána an tráth a luafar i bhfógra i scríbhinn a bheidh le seirbheáil air ag an gcomhalta sin nó thar a cheann, ach ní bheidh an tráth a luafar i bhfógra a sheirbheálfar amhlaidh níos faide ná ceithre huaire is fiche a chloig roimh an am is dóigh leis an gcomhalta sin a bheidh deireadh leis an tréimhse athchuir.
(4) I gcaitheamh na tréimhse idir an tráth a thabharfaidh duine é féin suas mar a dúradh agus deireadh na tréimhse athchuir, déileálfar leis amhail is dá mbeadh sé curtha i gcoimeád an chomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin sin, ach más dóigh leis an gcomhalta sin go mbainfidh moill gan choinne le deireadh na tréimhse athchuir, scaoilfidh sé saor é ar é a dhul faoi chúirtbhanna, le hurraí nó gan urraí, lena ngabhfaidh coinníoll mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3).
(5) Más rud é go mainneóidh duine é féin a thabhairt suas mar a dúradh, agus go sáróidh sé amhlaidh cúirtbhanna a glacadh uaidh faoin alt seo, ansin, gan dochar do chur i bhfeidhm an chúirtbhanna, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche barántas a eisiúint chun é a ghabháil; agus ar é a ghabháil faoin mbarántas beidh feidhm ag fo-alt (4) amhail is dá mbeadh sé tar éis é féin a thabhairt suas don chomhalta den Gharda Síochána i gceannas an staisiúin Gharda Síochána a sonraíodh sa chúirtbhanna, ach ní scaoilfidh an comhalta sin saor é mar a fhoráiltear leis an bhfo-alt sin mura deimhin leis gur cuí é sin a dhéanamh.
Daoine nach n-aistrítear amach as an Stát a scaoileadh saor.
53.—(1) Más rud é nach ndéanfar an duine a ndearnadh ordú ina leith faoi alt 47 a sheachadadh faoin ordú laistigh de mhí tar éis a dhéanta, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón duine sin nó thar a cheann, a ordú é a scaoileadh saor, mura suífear cúis réasúnach leis an moill.
(2) Más rud é, i gcás duine a ndearnadh ordú ina leith faoi alt 47, go bhfeicfear do bhreitheamh den Chúirt Dúiche don dúiche ina ndearnadh an t-ordú nach dteastaíonn a thuilleadh ar chúis ar bith ó fhórsa póilíneachta na háite inar eisíodh an barántas gabhála go ndéanfaí an duine sin a sheachadadh ina gcoimeád, ordóidh sí é a scaoileadh saor.
Glacadh doiciméad ag Coimisinéir an Gharda Síochána.
54.—(1) Nuair a gheobhaidh an Coimisinéir doiciméad a dhealróidh a bheith ina bharántas a d'eisigh údarás breithiúnach in áit lena mbaineann an Chuid seo, mar aon le mionnscríbhinn ag fíorú an tsínithe ar an mbarántas a dhealróidh a bheith arna mionnú i láthair duine a bhí údaraithe go cuí chun mionnscríbhinní a ghlacadh de réir dlí na háite sin, féadfaidh an Coimisinéir, gan a thuilleadh fianaise, glacadh leis an doiciméad mar bharántas den sórt sin agus mar dhoiciméad a síníodh agus a eisíodh go cuí ag údarás breithiúnach de réir dlí na háite sin agus mar fhianaise gur cion faoi dhlí na háite sin an cion ar eisíodh an barántas ina leith agus gur mionnaíodh an mhionnscríbhinn go cuí os comhair duine a bhí údaraithe mar a dúradh.
(2) Aon deimhniú a dhealróidh a bheith tugtha ag an údarás nó ag cléireach nó oifigeach eile an údaráis a d'eisigh barántas, agus a dheimhneoidh gur cion indíotáilte, de réir dlí na háite atá i gceist, an cion lena mbaineann sé, agus nach cion achomair é freisin, nó gur cion achomair é atá inphionóis le huastréimhse shonraithe príosúnachta, féadfaidh an Coimisinéir, gan a thuilleadh fianaise, glacadh leis mar fhianaise ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh.
(3) Aon doiciméad a dhealróidh a bheith ina chóip de thoghairm lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 51 agus a bheith deimhnithe ag an údarás a d'eisigh é nó ag cléireach nó oifigeach eile an údaráis sin, agus aon doiciméad a dhealróidh a bheith ina chóip de mhionnscríbhinn nó de dhearbhú eile gur seirbheáladh aon toghairm den sórt sin, agus aon mhionnscríbhinn nó ráiteas eile i scríbhinn a airbheartóidh a bheith mionnaithe ag cléireach nó oifigeach eile na cúirte a mbeidh ceangailte ar dhuine láithriú os a comhair, cibé acu mar fhreagra ar aon toghairm den sórt sin nó de bhun cúirtbhanna é nó ar aon dáta ar cuireadh na himeachtaí chun cion a thriail ar atráth chuige, á rá gur mhainnigh an duine sin láithriú amhlaidh, féadfaidh an Coimisinéir glacadh leo, gan a thuilleadh fianaise, mar fhianaise ar an toghairm, an tseirbheáil agus an mhainneachtain sin faoi seach.
Fianaise in imeachtaí.
55.—(1) In aon imeachtaí, mura léir don Chúirt go bhfuil cúis mhaith lena mhalairt—
(a) féadfar doiciméad a dhealróidh a bheith ina bharántas a d'eisigh údarás breithiúnach in áit lena mbaineann an Chuid seo chun duine a ghabháil mar gheall ar chion, má bhíonn an síniú ar an mbarántas fíoraithe mar a chuirtear in iúl i bhfo-alt (1) d'alt 54, a ghlacadh i bhfianaise mar bharántas den sórt sin agus é arna shíniú agus arna eisiúint go cuí ag údarás breithiúnach de réir dlí na háite sin;
(b) féadfar doiciméad a dhealróidh a bheith ina chóip de thoghairm lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 51, agus a bheith deimhnithe de réir fho-alt 3 d'alt 54, a ghlacadh mar fhianaise ar an toghairm sin, agus féadfar doiciméad a dhealróidh a bheith ina chóip de mhionnscríbhinn nó de dhearbhú eile gur seirbheáladh an toghairm a ghlacadh mar fhianaise ar a seirbheáil;
(c) féadfar deimhniú a dhealróidh a bheith arna thabhairt de réir fho-alt (2) d'alt 54 a ghlacadh mar fhianaise ar na nithe a bheidh deimhnithe ann,
flan a thuilleadh fianaise.
(2) In aon imeachtaí, measfar, mura gcruthaítear a mhalairt, barántas a airbheartóidh a bheith arna fhormhuiniú ag Coimisinéir an Gharda Síochána a bheith formhuinithe go cuí, gan cruthúnas ar shíniú an duine a n-airbheartóidh sé a bheith formhuinithe aige, ná cruthúnas gurb é an Coimisinéir sin é nó, roimh é a fhormhuiniú, gur tugadh ar aird dó an mhionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 54.
AN SCEIDEAL
Aisghairm
Seisiún agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
11 & 12 Vict. c. 42. | Indictable Offences Act, 1848. | Ailt 12 agus 15. |
11 & 12 Vict. c. 43. | Summary Jurisdiction Act, 1848. | Alt 3. |
12 & 13 Vict. c. 69. | Indictable Offences (Ir.) Act, 1849. | Ailt 12, 13, 14 agus 15. |
14 & 15 Vict. c. 93. | Petty Sessions (Ir.) Act, 1851. | Fo-alt (3) d'alt 27; alt 29. |
31 & 32 Vict. c. 107. | Indictable Offences Act Amendment Act, 1868. | An tAcht iomlán. |
33 & 34 Vict. c. 52. | Extradition Act, 1870. | An tAcht iomlán, ach amháin alt 24. |
36 & 37 Vict. c. 60. | Extradition Act, 1873. | An tAcht iomlán, ach amháin alt 5. |
36 & 37 Vict. c. 88. | Slave Trade Act, 1873. | Alt 27. |
44 & 45 Vict. c. 69. | Fugitive Offenders Act, 1881. | An tAcht iomlán. |
58 & 59 Vict. c. 32. | Extradition Act, 1895. | An tAcht iomlán. |
6 Edw. 7 c. 15. | Extradition Act, 1906. | An tAcht iomlán. |
5 & 6 Geo. 5 c. 39. | Fugitive Offenders (Protected States) Act, 1915. | An tAcht iomlán. |