[EN]

Uimhir 18 de 1926.


[EN]

ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1926.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEANN LE BREITHIÚNTAIS AGUS ORDUITHE CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS DO CHUR IN ÉIFEACHT AGUS D'FHEIDHMIÚ GO GENERÁLTA.

[29adh Bealtaine, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRA.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926, do ghairm den Acht so.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

cialluíonn agus foluíonn an focal “ordú feidhmiúcháin” aon rit, aithne, barántas, no scríbhinn eile pé ainm a tugtar uirthi, a thabharfidh cúirt amach i gcúis shíbhialta á ordú no á údarú ordú ón gcúirt d'fheidhmiú tré mhaoin duine do ghabháil agus do dhíol no tré dhuine do chur i seilbh tailte no áitribh no tré mhaoin áirithe do sheachada dho.

[EN]

CUID I.

Feidhmeanna agus Comhachta an Fho-Shirriaim.

[EN]

Feidhmiú orduithe feidhmiúcháin.

3.—(1) Fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialacha cúirte a bheidh déanta fén Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), feidhmeoidh an fo-shirriam gach ordú feidhmiúcháin ón Ard-Chúirt ar an gcuma gcéanna ina bhfeidhmíodh an fo-shirriam roimhe seo riteanna feidhmiúcháin den tsórt san ón Ard-Chúirt agus chuige sin beidh na comhachta, na cirt agus na húdaráis chéanna aige agus na dualgaisí agus na hoblagáidí céanna air.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialacha cúirte a bheidh déanta fén Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, feidhmeoidh an fo-shirriam gach ordú feidhmiúcháin ón gCúirt Chuarda agus (lasmuich de chásanna dá bhforáltar a mhalairt ina dhiaidh seo anso) ón gCúirt Dúithche ar an gcuma gcéanna ina bhfeidhmíodh an fo-shirriam roimhe seo riteanna feidhmiúcháin den tsórt san ón Ard-Chúirt agus chuige sin beidh na comhachta, na cirt agus na húdaráis chéanna aige agus na dualgaisí agus na hoblagáidí céanna air.

[EN]

(3) D'ainneoin forálacha an fho-ailt sin roimhe seo no forálacha an Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924, feidhmeoidh an Gárda Síochána orduithe feidhmiúcháin ón gCúirt Dúithche i gcásanna do bheadh, roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, laistigh d'údarás Giúistisí Síochána agus iad ina suidhe i nGearr-Shiosón no laistigh d'údarás Giúistís Roinne de Cheanntar Phóilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath (lasmuich de chásanna díshealbhaíochta agus d'imeachta chun rátaí is mó ná cúig púint do bhaint amach) agus feidhmeoid iad ar gach slí díreach mar d'fheidhmíodh an Gárda Síochána agus Póilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath fé seach orduithe feidhmiúcháin den tsórt san roimh thosach feidhme Chuid III. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924.

[EN]

(4) Le feidhmiú orduithe feidhmiúcháin ón gCúirt Chuarda ní bhainfidh aon fhoráil reachtúil ná riail chúirte a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme Chuid II. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, maidir le feidhmiú aitheanta no orduithe Cúirte Bille Shíbhialta (pe'ca i dtaobh fiacha no seilbh tailte no éinní eile iad).

[EN]

(5) Aon bhreithiúntas ón gCúirt Chuarda is ionchláruithe de bhua alt 59 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte, ar bheith cláruithe dho amhlaidh beidh sé, agus tuigfar go raibh sé riamh, ionchláruithe mar mhorgáiste breithiúntais más rud é agus sa mhéid go mbeadh sé ionchláruithe amhlaidh dá mba bhreithiúntas ón Ard-Chúirt é, ach lasmuich den chás roimhráite ní bheidh aon bhreithiúntas ón gCúirt Chuarda ionchláruithe mar mhorgáiste breithiúntais

[EN]

(6) Chun go mbeadh éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo ach ní chun a thuille ná chun éinní eile do dhéanamh, léireofar gach tagairt atá in alt 6 den Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850, do Her Majesty's Superior Courts at Dublin fé mar a bheadh tagairt inti don Chúirt Chuarda pe'ca i mBaile Atha Cliath no in áit eile a bheadh sí ina suidhe, agus beidh an Chúirt Chuarda ina Cúirt uachtaraigh do réir bhrí an ailt sin 6, agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

[EN]

(7) Aon fhoráil reachtúil no riail chúirte a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme Chuid III. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, maidir le feidhmiú aitheanta no orduithe Giúistísí Dúithche no Giúistísí Roinne de Cheanntar Phóilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, ní bhainfe sí le feidhmiú orduithe feidhmiúcháin ón gCúirt Dúithche atá le feidhmiú ag an bhfo-shirriam fén alt so, ach ní léireofar éinní san alt so fé mar a bheadh sé ag tabhairt comhachta chun aon bhreithiúntas, aithne no ordú ón gCúirt Dúithche do chlárú mar mhorgáiste breithiúntais.

[EN]

Teachtairí cúirte.

4.—(1) Fé réir aontú an Aire, ceapfidh gach fo-shirriam pé méid daoine (ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear ina dhiaidh seo anso, teachtairí cúirte) a cheadóidh an tAire chun gníomhuithe dho agus chun cabhruithe leis ar shlite eile i bhfeidhmiú orduithe feidhmiúcháin fén Acht so.

[EN]

(2) Má orduíonn an tAire é agus má thoilíonn an tAire Airgid chuige, féadfar pé tuarastal a shocróidh an tAire, le cead an Aire Airgid, d'íoc le haon teachtaire cúirte as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(3) Beidh gach teachtaire cúirte i seilbh a oifige faid is toil leis an Aire é agus féadfidh an tAire é chur as oifig ar iarratas an fho-shirriaim no más maith leis féin é.

[EN]

(4) Cuirfidh gach fo-shirriam fé ndeár liost ceart d'ainmneacha agus d'áiteanna comhnaithe na ndaoine a bheidh i seilbh oifige mar theachtairí cúirte ina bháillíocht de thurus na huaire do chimeád postálta suas ina oifig agus i ngach tigh cúirte ina bháillíocht.

[EN]

Barántaisí do thabhairt amach do theachtairí cúirte.

5.—(1) Nuair a bheidh sé ag cabhrú leis an bhfo-shirriam i bhfeidhmiú ordú feidhmiúcháin no nuair a bheidh sé ag feidhmiú ordú feidhmiúcháin d'fho-shirriam, beidh ag gach teachtaire cúirte ón bhfo-shirriam barántas i scríbhinn fé láimh an fhoshirriaim á údarú don teachtaire chúirte, tré n-a ainm do luadh, an t-ordú feidhmiúcháin áirithe sin d'fheidhmiú no cabhrú chun a fheidhmithe, agus ní fheidhmeoidh aon teachtaire cúirte aon ordú feidhmiúcháin ná ní thógfa sé páirt ina fheidhmiú mara n-údaruítear do go cuibhe le barántas den tsórt roimhráite é dhéanamh.

[EN]

(2) Gach teachtaire cúirte a bheidh ag feidhmiú ordú feidhmiúcháin no ag cabhrú chun a fheidhmithe, beidh sé de dhualgas air, aon uair tar éis dul isteach ar aon tailte no in aon áitreabh fén ordú feidhmiúcháin sin agus sara n-aistrighe sé aon mhaoin uatha, an barántas a thug an fo-shirriam do fén alt so do thaisbeáint don té a dheabhróidh bheith i seilbh na dtailte no an áitribh sin má héilítear san air.

[EN]

(3) Ag teachtaire cúirte a bheidh ag feidhmiú ordú feidhmiúcháin no ag cabhrú chun a fheidhmithe do réir barántais a tugadh amach do go cuibhe fén alt so beidh gach comhacht a bheadh dílsithe do réir dlí i mbáille a bheadh ar fostú ag foshirriam chun na críche sin.

[EN]

(4) Ní thiocfidh barántas a thug fo-shirriam amach fén alt so do thuitim ar lár ná dochar do dhéanamh do de bharr an foshirriam san do scur de bheith i seilbh oifige ach tuitfidh gach barántas den tsórt san ar lár agus beidh deire leis nuair a scuirfidh an teachtaire cúirte a hainmnítear ann de bheith i seilbh oifige.

[EN]

Cuntas ar áirnéis a gabhadh.

6.—Beidh sé de dhualgas ar gach fo-shirriam 'na ndéanfar fé n-a údarás feidhmiú ar earraí, ar ainmhithe, no ar áirnéis eile a chur fé ndeár go ndéanfar amach cuntas ítimithe ar an áirnéis a gabhadh agus laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis na gabhála agus, más féidir é, sara n-aistrítear éinní, a chur fé ndeár go dtabharfar don chosantóir (no neachtar acu don té dheabhruíonn bheith i seilbh na háirnéise sin) dúbláid don chuntas san agus í sighnithe ag an bhfo-shirriam no ag teachtaire cúirte ag gníomhú thar a cheann.

[EN]

Airnéis áirithe ná tógfar

7.—Maran fiú níos mó ná £15 ar fad cóir ghléasta agus cóir leapan riachtanach an té go ndéanfar feidhmiúchán ina choinnibh agus cóir ghléasta agus cóir leapan riachtanach a chúraim agus úirlisí agus fearaistí a chéirde, ní féadfar iad do ghabháil.

[EN]

Féadfidh fo-shirriam díol aon tráth.

8.—Aon fho-shirriam a thógfidh aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile i bhfeidhmiúchán fé ordú feidhmiúcháin beidh sé dleathach do na hearraí, na hainmhithe, no an áirnéis eile sin do dhíol ar cheant phuiblí aon tráth tar éis deire tréimhse ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis do iad do thógaint i bhfeidhmiúchán, ach san do dhéanamh gan aon mhoill mhí-réasúnta, agus ní gá don bhfo-shirriam a fhoillsiú ná a chraola gur díolachán ag fo-shirriam aon díolachán den tsórt san ná gur díolachán earraí, ainmhithe ná áirnéise a tógadh i bhfeidhmiúchán é.

[EN]

Féadfidh fo-shirriam díol lasmuich dá bháillíocht.

9.—(1) Aon fho-shirriam a thógfidh earraí, ainmhithe, no áirnéis eile i bhfeidhmiúchán fé aon ordú feidhmiúcháin, féadfa sé na hearraí, na hainmhithe, agus an áirnéis sin do dhíol ar cheant phuiblí i pé áit no áiteanna, laistigh no lasmuich dá bháillíocht, is tairbhí ina bhféadfar, dar leis, na hearraí, na hainmhithe, agus an áirnéis sin do dhíol, agus féadfa sé na hearraí, na hainmhithe, agus an áirnéis sin no aon chuid acu d'aistriú no a chur fá ndeár iad d'aistriú ón áit in ar gabhadh iad go dtí an áit no na háiteanna díolacháin sin.

[EN]

(2) Féadfidh fo-shirriam gach earra, ainmhí, agus áirnéis eile a thógfa sé i bhfeidhmiúchán fé aon ordú feidhmiúcháin do chur i bpóna, i stór agus i gcimeád i pé áit no áiteanna is oiriúnach leis go dtí go ndíolfar iad cé ná beidh sé ceaptha ná údaruithe do réir dlí an áit no na háiteanna san d'úsáid mar phónaí.

[EN]

(3) Is ag an bhfo-shirriam amháin a bheidh a rá cá háit no áiteanna is tairbhí ina bhféadfar aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile a thóg sé i bhfeidhmiúchán do dhíol agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh aon fho-shirriaim mar gheall ar é do dhíol aon earraí, ainmhithe, no áirnéis den tsórt san roimhráite lasmuich dá bháillíocht.

[EN]

Ceannach o fho-shirriam ina cheannach dhleathach.

10.—Gach duine a dhéanfidh aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile a thóg fo-shirriam i bhfeidhmiúchán do cheannach go macánta ar dhíolachán a cuireadh ar siúl ag an bhfo-shirriam san no fé n-a údarás beidh dea-theideal éifeachtúil aige i gcoinnibh gach n-aon chun na n-earraí, na n-ainmhithe agus na háirnéise a cheannóidh sé mar sin, in ainneoin aon neamh-éifeachta no nea-rialtachta i ngabháil no i ndíol no i dtaobh gabháil no díol na n-earraí, na n-ainmhithe, no na háirnéise sin, agus pe'ca is fíor no nách ea go raibh a fhios aige, no gur cheart do a fhios do bheith aige, no go bhféadfadh sé a fhios do bheith aige, no go bhfuair sé aon tsaghas fógra gur dhíolachán ag fo-shirriam, no fé n-a údarás, an díolachán san.

[EN]

Ní dochar don díol aon chur isteach a déanfar ar chimeád an fho-shirriaim.

11.—Ní dhéanfa sé dochar ná difríocht do chomhacht ná d'údarás fo-shirriaim chun aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile a thóg sé i bhfeidhmiúchán do dhíol, na hearraí, na hainmhithe, no an áirnéis sin do bheith as cimeád an fho-shirriaim no aon chur isteach do dhéanamh in aon tslí ar a chimeád ortha aon tráth no tráthanna idir am na gabhála agus am na n-earraí, na n-ainmhithe no na háirnéise sin do dhíol.

[EN]

Ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an fho-shirriaim mar gheall ar dhul no brise isteach in áitreabh.

12.—(1) I gcoinnibh fo-shirriaim a chólíon na coiníollacha atá leagtha amach ina dhiaidh seo anso ní luighfidh aon aicsean i dtaobh ná mar gheall ar é do dhul ná do bhrise isteach ar aon tailte, in aon tigh, in aon chlós ná in aon áitreabh eile, chun tógaint i bhfeidhmiúchán do dhéanamh ar aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile a bhí no d'fhéadfadh a bheith ar na tailte sin no sa tigh, sa chlós, no san áitreabh san, ná fós i dtaobh ná mar gheall ar aon díobháil a dineadh do sna tailte, don tigh no don áitreabh san leis an dul isteach no leis an mbrise isteach san no le n-a linn.

[EN]

(2) Isiad coiníollacha a luaidhtear anso roimhe seo ná:—

[EN]

(a) roimh bhrise isteach in aon tigh comhnaithe no foirgint eile, go ndéanfidh an fo-shirriam iarrachtaí réasúnta ar dhul isteach ann go síochánta agus gan fóiréigean, agus

[EN]

(b) má bhriseann agus má théigheann an fo-shirriam isteach in áitreabh éinne seachas an té gur glaodhadh air chun ordú feidhmiúcháin do chur i bhfeidhm air, beidh sé tar éis cúis réasúnta do bheith aige chun a chreidiúint go raibh san áitreabh san roinnt earraí, ainmhithe, no áirnéise leis an duine deiridh sin adubhradh no gheobha sé san áitreabh san roinnt earraí, ainmhithe no áirnéise den tsórt san.

[EN]

Ní luighfidh aicsean i gcoinnibh an fho-shirriaim mar gheall ar earraí thógaint a éilíonn bean, etc., an fhéichiún.

13.—(1) Ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh aon fho-shirriaim i dtaobh ná mar gheall ar gur thóg sé i bhfeidhmiúchán fé aon ordú feidhmiúcháin aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile a fuarthas sa tigh no sa tionóntachán ar a bhfuil an féicheamh ina shealbhaire, ina aonar no i dteanta duine no daoine eile no ar thailte an fhéichiún agus 'na n-éilítear no 'na ndeirtar ina dtaobh (pe'ca iompóidh no ná hiompóidh sé amach go raibh bunús maith leis an éileamh no leis an ráiteas san) gur le bean no le fear an fhéichiún gurb ea iad, no le hathair no le máthair an fhéichiún, no le haon duine cloinne dho, a bhí de thurus na huaire ina chomhnaí sa tigh no sa tionóntachán ar a bhfuil an féicheamh ina shealbhaire, ina aonar no i dteanta duine no daoine eile agus in ionad an t-aicsean san do thabhairt i gcoinnibh an fho-shirriaim beidh ag an té go mba leis dáiríribh na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis eile sin a tógadh amhlaidh i bhfeidhmiúchán (má iompuíonn sé amach nár leis an bhféichiúin na hearraí, na hainmhithe, no an áirnéis eile sin), beidh aige teideal chun luach na n-earraí, na n-ainmhithe, agus na háirnéise eile sin d'fháil ón bhféichiúin le haicsean, maraon le pé damáiste a dineadh air tríd na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis eile sin do thógaint amhlaidh i bhfeidhmiúchán.

[EN]

(2) Ní oibreoidh an fo-alt san roimhe seo chun a chur d'oblagáid ar aon fho-shirriam aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile den tsórt dá dtagartar sa bhfo-alt san do thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon ordú feidhmiúcháin.

[EN]

Ceapa na dtáillí a éileofar d'fho-shirriaim no acu.

14.—(1) Le toiliú an Aire Airgid féadfidh an tAire, le hordú, scálaí do cheapa mar leanas agus iad d'atharú o am go ham—

[EN]

(a) scálaí de tháillí agus de chostaisí a bheidh le héileamh ag fo-shirriaim agus le híoc leo ar son a seirbhísí i bhfeidhmiú no i dtaobh feidhmiú orduithe feidhmiúcháin, agus

[EN]

(b) scálaí de tháillí a bheidh le héileamh ag oifigigh áirithe d'aon chúirt agus le híoc leo in aghaidh cuntais an fho-shirriaim, agus

[EN]

(c) scálaí de tháillí agus de chostaisí a bheidh le héileamh ag baill den Ghárda Síochána agus le híoc leo mar gheall ar fheidhmiú orduithe feidhmiúcháin atá le feidhmiú acu fén Acht so.

[EN]

(2) Gach achtachán a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so maidir le híoc no le baint amach táillí is inéilithe ag fo-shirriaim, ag báillí, no ag daoine eile no is iníoctha leo mar gheall ar fheidhmiú orduithe feidhmiúcháin, bainfe sé leis na táillí agus leis na costaisí (más ann dóibh) a luaidhtear in aon scála de tháillí, no de tháillí agus de chostaisí, a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire de bhua an ailt seo maidir leis an bhfeidhmiú san.

[EN]

(3) Na táillí uile a bheidh ceaptha i scála a bheidh déanta fén Acht so de tháillí a bheidh le héileamh ag oifigeach áirithe do chúirt agus le híoc leis in aghaidh cuntais an fho-shirriaim éileoidh an t-oifigeach san agus íocfar leis iad pé tráthanna a bheidh ceaptha sa scála san agus íocfidh an t-oifigeach san leis an bhfo-shirriam iad no tabharfa sé cuntas do ionta.

[EN]

CUID II.

Scrudu Feichiun.

[EN]

Chun féicheamh do thabhairt i láthair chun é scrúdú i dtaobh acfuinne.

15.—(1) Má chuireann agus nuair a chuirfidh aon duine (dá ngairmtear fiach-éilitheoir sa Chuid seo den Acht so) os cóir Breithimh den Chúirt Dúithche fianaise prima facie

[EN]

(a) ar aon fhiacha bheith dlite don bhfiach-éilítheoir fé bhreithiúntas cúirte inniúla, agus

[EN]

(b) ar an té (dá ngairmtear an féicheamh sa Chuid seo den Acht so) 'na bhfuil na fiacha san iníoctha aige do bheith ina ghnáth-chomhnaí sa dúthaigh chúirte dá bhfuil an Breitheamh ina shuidhe an uair sin, agus

[EN]

(c) ar an bhféicheamh do bheith gan aon earraí dob fhéidir a thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon phróiseas de chuid na cúirte a thug an breithiúntas san,

[EN]

féadfidh an Breitheamh ordú (dá ngairmtear ordú scrúdúcháin sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh go dtiocfidh an féicheamh os a chóir ar dháta luaidhte chun go scrúdófaí é i dtaobh a acfuinne, agus fós go bhfágfa sé ag Cléireach na Cúirte Dúithche, seachtain ar a laighead roimh an dáta luaidhte sin, cuntas scríbhte (dá ngairmtear cuntas acfuinne sa Chuid seo den Acht so) ar a shócmhainní agus ar a fhiachaisí, ar a ioncum, tuillte agus nea-thuillte, agus ar an slí ina dtuilltear é no ar cad as go bhfachtar é, agus ar na daoine go bhfuil ceangal dlí no morálais air iad do chothú.

[EN]

(2) Beidh teideal ag an bhfiach-éilitheoir chun an cuntas acfuinne d'iniúcha agus cóipeanna dhe do dhéanamh no d'fháil aon uair tar éis é bheith lóisteálta do réir an fho-ailt sin roimhe seo.

[EN]

(3) San alt so foluíonn an focal “breithiúntas” aon ordú no aithne, agus sa Chuid seo den Acht so foluíonn an focal “fiacha” aon iarsma d'fhiacha a fhanfidh dlite tar éis cuid díobh bheith íoctha no bainte amach.

[EN]

An nósimeachta a leanfar i scrúdú an fhéichiún.

16.—(1) Nuair a bheidh an féicheamh á scrúdú i dtaobh a acfuinne do réir ordú scrúdúcháin, glacfar i bhfianaise an cuntas acfuinne a lóisteáil an féicheamh agus féadfidh an fiach-éilitheoir agus an féicheamh, gach duine fé leith acu, tuille fianaise do thabhairt i láthair ar acfuinn an fhéichiún, agus féadfidh an féicheamh féin, leis, fianaise do thabhairt fé mhionn agus pe'ca thabharfidh an féicheamh fianaise no ná tabharfidh, féadfidh an fiach-éilitheoir, no féadfar thar a cheann, an féicheamh do chros-cheistiú i dtaobh an chuntais acfuinne agus i dtaobh a fhianaise (más ann di).

[EN]

(2) Más deimhin leis an mBreitheamh ón bhfianaise a tabharfar sa scrúdú i dtaobh acfuinne an cuntas acfuinne a lóisteáil an féicheamh do bheith bréagach in aon phuínte táchtach go bhfios don bhféichiúin, féadfidh an Breitheamh a ordú láithreach go ngabhfar an féicheamh agus é dhaora chun príosúntachta, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí agus cuirfar an féicheamh i bpríosún dá réir sin.

[EN]

Ordú chun na fiacha d'íoc ina dtráth-choda.

17.—Más rud é ná lóisteálfidh an féicheamh cuntas acfuinne no ná tiocfa sé i láthair chun go scrúdófaí é do réir ordú scrúdúcháin no go ndiúltóidh sé do dhul fé chros-cheistiú ón bhfiachéilitheoir no o éinne eile thar a cheann, no ná cuirfe sé ina luighe ar an mBreitheamh sa scrúdú agus sa chros-cheistiú san (má bhíonn ann) go bhfuil sé gan bheith in án na fiacha d'íoc in aon tsuim amháin no ina dtráth-choda, ordóidh an Breitheamh don bhféichiúin, má iarrann an fiach-éilitheoir air é, na fiacha agus costaisí na n-imeacht sa Chúirt Dúithche d'íoc in aon tsuim amháin no i pé tráth-choda agus ar pé uaire is dó leis an mBreitheamh a bheith réasúnta tar éis gach taobh den scéal do bhreithniú.

[EN]

Príosúntacht don bhféichiúin mara n-íoca sé na tráth-choda.

18.—(1) Más rud é ná híocfidh an féicheamh na fiacha agus na costaisí, no aon tráth-chuid no tráth-choda áirithe dhíobh, san uair no sna huaire ar a mbeidh an céanna iníoctha do réir ordú fén gCuid seo den Acht so, féadfidh an Breitheamh, ar iarratas ón bhfiach-éilitheoir, a ordú go ngabhfar an féicheamh agus go gcuirfar i bpríosún é ar feadh aon tréimhse nách sia ná trí mhí, agus leis sin gabhfar an féicheamh agus cuirfar i bpríosún é dá réir sin.

[EN]

(2) Aon uair a déanfar féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún fén alt so beidh sé i dteideal é scaoile láithreach nuair a íocfa sé féin no a híocfar thar a cheann le Cléireach na Cúirte Dúithche no le Gobharnóir an Phríosúin thar ceann Cléirigh na Cúirte Dúithche an tsuim airgid (a luadhfar san ordú gabhála agus príosúntachta) a bheidh có-dhéanta den méid de sna fiacha agus de sna costaisí a bhí gan bheith íoctha ar dháta an orduithe (maraon leis na tráth-choda ná raibh dlite le n'íoc ar an dáta san) agus pé suim thairis sin (má bhíonn ann), ar scór costaisí an orduithe agus costaisí gabhála agus aistrithe an fhéiciún, is dó leis an mBreitheamh bheith réasúnta.

[EN]

(3) Gach airgead a íocfidh an féicheamh no a híocfar thar a cheann, fén alt so, le Cléireach na Cúirte Dúithche, íocfidh Cléireach na Cúirte Dúithche leis an bhfiach-éilitheoir é nuair a éileoidh sé é.

[EN]

Leanúint d'imeachta nár críochnuíodh.

19.—(1) Aon imeachta fé Chuid III. den Acht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924 (Uimh. 20 de 1924) a bhí gan críochnú sa Chúirt Dúithche díreach roimh dhul in éag don Acht san, féadfar leanúint díobh fén gCuid seo den Acht so, agus gach céim a tógadh go dleathach agus gach ní a dineadh go dleathach sna himeachta san roimh rith an Achta so tuigfar gur dineadh iad fén gCuid seo den Acht so fé is dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm nuair a tógadh na céimeanna san no a dineadh na nithe sin.

[EN]

(2) Ní oibreoidh éinní san alt so chun é dhéanamh dlite go gcuirfí aon phionós no fíneáil ar éinne mar gheall ar aon ghníomh a dhin sé no d'fhág sé gan déanamh sa tréimhse idir dul in éag don Acht san um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924. agus rith an Achta so, sé sin, gníomh a bheadh dleathach mara mbeadh gur hachtuíodh an t-alt so.

[EN]

Eisceacht i gcóir leighseanna eile.

20.—Má cuirtar féicheamh i bpríosún fén gCuid seo den Acht so, ní oibreoidh san mar shásamh ná mar ghlana amach ar na fiacha ná ar aon chuid díobh ná ní bhainfe sé den bhfiachéilitheoir aon cheartanna ná leighseanna eile chun iad do bhaint amach.

CUID III.

Ilghneitheach.

[EN]

Moill ar fheidhmiú i gcásanna áirithe.

21.—(1) Aon uair a dhéanfidh aon chúirt breithiúntas do thabhairt go n-íocfidh éinne (dá ngairmtear an féicheamh san alt so) aon tsuim airgid mar fhiacha no mar dhamáiste agus, le linn di an breithiúntas san do thabhairt gur deimhin leis an gcúirt—

[EN]

(a) go bhfuil an féicheamh gan bheith in án an tsuim airgid sin agus gach costas is iníoctha aige fén mbreithiúntas san d'íoc láithreach agus go hiomlán; agus

[EN]

(b) nách é iompar, gníomh ná failli an fhéichiún féin fé ndeár an neamh-ábaltacht san; agus

[EN]

(c) go bhfuil cúis réasúnta chun tuille aimsire do dheona don bhféichiúin chun an tsuim airgid agus na costaisí sin d'íoc,

[EN]

féadfidh an chúirt moill do chur ar fheidhmiú an bhreithiúntais go ceann pé aimsir agus ar pé coiníollacha a chífar don chúirt a bheith réasúnta.

[EN]

(2) Sna coiníollacha ar a bhféadfar moill ar fheidhmiú do dheona fén bhfo-alt san roimhe seo féadfar coiníoll do chur go n-íocfidh an féicheamh an tsuim airgid agus na costaisí sin i pé tráth-choda agus ar pé uaire a cheapfidh an chúirt, agus go mbeidh deire leis an moill nuair a fhágfidh an féicheamh tráthchuid gan íoc.

[EN]

(3) San alt so folóidh an focal “breithiúntas” aithne agus ordú.

[EN]

Eadarphléideáil i láthair na Cúirte Dúithche i gcásanna áirithe.

22.—(1) Féadfidh fo-shirriam imeachta eadarphléideála do bhunú i láthair na Cúirte Dúithche in aon chás in ar thóg an fo-shirriam i bhfeidhmiúchán no i bhfeidhmiúchán beartuithe aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile fé aon ordú feidhmiúcháin, agus gur duine éigin eile seachas an féicheamh a éilíonn na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis sin agus nách mó ná cúig púint fhichead luach na n-earraí, na n-ainmhithe no na háirnéise sin.

[EN]

(2) Ag éisteacht aon imeachta eadarphléideála fén alt so don Chúirt Dúithche beidh údarás ag an mBreitheamh chun gach ní a bheidh i gceist idir na páirtithe, ar a n-áireofar méid na gcostaisí agus cé íocfidh iad, d'éisteacht agus do shocrú, agus pé ordú a bheidh cóir do dhéanamh ina dtaobh.

[EN]

An Gárda Síochána do dhéanamh gach gabháil ar dhaoine.

23.—Is baill den Ghárda Síochána a fheidhmeoidh gach ordú o aon chúirt chun éinne do ghabháil, do thógaint, no do chur i bpríosún agus ní fheidhmeoidh fo-shirriam aon ordú den tsórt san feasta agus ní dhéanfidh éinne ach ball den Ghárda Síochána éinne do ghabháil ná do thógaint i gcimeád fé aon ordú den tsórt san.

[EN]

Ciontaí agus pionóisí.

24.—(1) Gach éinne a chuirfidh i gcoinnibh aon fho-shirriaim, teachtaire chúirte, no duine eile no a bhacfidh no a choiscfidh é agus é ag feidhmiú ordú feidhmiúcháin go dleathach, no a chuirfidh i gcoinnibh aon bhaill den Ghárda Síochána no a bhacfidh no a choiscfidh é agus feidhmiú dleathach aige á dhéanamh ar ordú feidhmiúcháin atá le feidhmiú fén Acht so ag ball den Ghárda Síochána, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá mhí dhéag no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(2) Gach duine a fhuasclóidh, a aistreoidh, no a cheilfidh aon earraí, ainmhithe, no áirnéis a tógadh i bhfeidhmiúchán fé ordú feidhmiúcháin (agus ordú feidhmiúcháin atá le feidhmiú fén Acht so ag ball den Ghárda Síochána d'áireamh), beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá mhí dhéag no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(3) Má cúisítear duine i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche in aon mhí-iompar dá luaidhtear san alt so agus más dó leis an mBreitheamh an méid a cruthuíodh i gcoinnibh an duine a cúisíodh amhlaidh do bheith ina mhion-chionta is intrialta ar an slí achmair agus mara gcuiridh an duine sin (ar a fhiafruighe sin de don Bhreitheamh) i gcoinnibh a thrialta amhlaidh, féadfidh an Breitheamh an cás d'éisteacht agus breith do thabhairt air ar an slí achmair ach ní chuirfe sé ar an duine sin príosúntacht (pe'ca i dteanta no d'éamais daor-oibre é no i dteanta no d'éamais fíneála) ar feadh téarma is sia ná sé mhí ná fíneáil (pe'ca i dteanta príosúntachta é no dá héamais) is mó ná caoga punt.

[EN]

Ath-shealbhú áitribh tar éis feidhmiúcháin.

25.—Má théigheann fo-shirriam isteach agus go dtógfa sé seilbh ar aon tailte no in aon áitreabh fé ordú feidhmiúcháin le n-a n-orduítear do éinne (dá ngairmtear “an t-únaer” san alt so) do chur i seilbh ar an gcéanna agus má thugann sé seilbh na dtailte agus an áitribh sin suas don únaer do réir an orduithe fheidhmiúcháin sin, beidh gach duine ciontach i gcionta fén alt so a raghaidh isteach ar na tailte agus san áitreabh san agus a thógfidh seilbh sa chéanna no in aon chuid de go síochánta agus gan fóiréigean, ach gan cead an únaera, laistigh de mhí tar éis seilbh do bheith tabhartha suas amhlaidh agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no an phríosúntacht san agus an fhíneáil sin le chéile.

[EN]

Rialacha Cúirte.

26.—Gach riail do dhin agus gach fuirm d'orduigh an tAire fé alt 28 den Acht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924 (Uimh. 20 de 1924) agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dhul in éag don Acht san ath-achtuítear leis seo iad agus leanfid i bhfeidhm agus bainfid le himeachta fén Acht so sa Chúirt Dúithche go dtí go dtiocfidh rialacha cúirte i bhfeidhm a bheidh déanta fé alt 91 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) agus a bhainfidh leis na himeachta san.

[EN]

Athghairm.

27.—Athghairmtear leis seo an tAcht do rith Páirlimint na hÉireann sa bhliain 1710 agus dar teideal “An Act for the better securing of rents and to prevent frauds committed by tenants” (9 Anne, Chap. VIII.).