Uimhir 18 de 1958.
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1958.
[An tiontó oifigiúil.]
Alt 20 den Acht Forbartha Móna, 1946, a leasú.
1.—Déantar leis seo alt 20 den Acht Forbartha Móna, 1946 (Uimh. 10 de 1946) (a bhaineas le cumhachta ginearálta áirithe de chuid an Bhoird) a leasú tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (1):
“(g) cathaoireacha agus léachtóireachtaí a bhunú agus a mhaoiniú, ina n-aonar nó i gcomhar le haon duine, in aon ollscoil nó coláiste sa Stát chun taighde a sheoladh d'fhonn feabhsú agus méadú a thabhairt ar tháirgeadh nó úsáid móna agus táirgí móna agus a seachtháirgí-sean, agus oideachas agus eolas i ndáil leis an táirgeadh nó an úsáid sin a chur ar aghaidh.”
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1958, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar na hAchta Forbartha Móna, 1946 go 1957, agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchta Forbartha Móna, 1946 go 1958, a ghairm díobh le chéile.