[EN]

Uimhir 18 de 1969


[EN]

AN tACHT UM OIFIG AN PHOIST (LEASÚ), 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE POIST AGUS TELEGRAFA, LE TOILIÚ AN AIRE AIRGEADAIS I dTOSCA ÁIRITHE, RIALACHÁIN PHOIST (LENA nÁIRÍTEAR RIALACHÁIN AG CEAPADH RÁTAÍ POSTAIS AGUS POST-TÁILLÍ EILE) A DHÉANAMH, DO LEASÚ AN POST OFFICE ACT, 1908, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[22 Iúil, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1908, c. 48,.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1908” an Post Office Act, 1908;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Poist agus Telegrafa.

[EN]

Cumhacht an Aire chun rátaí postais a cheapadh le toiliú an Aire Airgeadais, agus socrú a dhéanamh le haghaidh nithe áirithe eile.

2.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le barántas, rialacháin a dhéanamh do dhéanamh socrú le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

[EN]

(a) rátaí postais agus suimeanna eile a cheapadh a mhuirearófar i leith pacáidí poist agus rialáil a dhéanamh ar na scálaí meáchain agus na tosca ar dá réir a mhuirearófar na rátaí agus na suimeanna sin;

[EN]

(b) aon ráta nó suim den sórt sin a mhaitheamh;

[EN]

(c) post-phacáidí d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe a chur ar aghaidh gan táille leis an bpost agus an tslí ina gcuirfear ar aghaidh amhlaidh aon phost-phacáid den sórt sin;

[EN]

ar choinníoll nach rachaidh an ráta postais is airde, nuair a réamhíocfar é i leith pacáide intíre dhá nuachtán chláraithe nó níos mó, agus forlíonadh nó forlíontaí leo nó gan bheith leo, thar an bpostas réamhíoctha i leith pacáide clóite intíre a cómheáchan.

[EN]

(2) Ní foláir toiliú an Aire Airgeadais a bheith le haon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt 1 (a) den alt seo.

[EN]

Cumhacht an Aire rialacháin a dhéanamh faoi ailt 4 agus 82 d'Acht 1908.

3.—Aistrítear leis seo chun an Aire na cumhachtaí atá dílsithe don Aire Airgeadais rialacháin a dhéanamh faoi ailt 4 agus 82 d'Acht 1908 le barántas, ar choinníoll nach foláir d'aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire amhlaidh de bhua an ailt seo toiliú an Aire Airgeadais a bheith leo a mhéid go mbeidh socrú iontu i dtaobh muirear, táillí nó scálaí meáchain nó i dtaobh cuntas a thabhairt in aon airgead a bheidh an tAire tar éis a fháil agus aon airgead den sórt sin a ioc le haon stát coigríche.

[EN]

Leasú ar alt 15 d'Acht 1908.

1920, c. 40

4.—Déantar leis seo alt 15 d'Acht 1908, arna leasú le halt 1 (2) den Post Office and Telegraph Act, 1920, a leasú trí “any postal packets other than letters, those packets” agus “any despatch or delivery” a chur in ionad “book packets, pattern or sample packets, and post cards, or any of them, those packets, or cards” agus “the despatch or delivery next”, faoi seach.

[EN]

Léiriú tagairtí áirithe in Acht 1908.

5.—Déanfar aon tagairt in Acht 1908, seachas in ailt 4, 82 agus 83 de, do bharántas a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bharántas arna dhéanamh faoi réim nó de bhua an Achta seo.

[EN]

Rialacháin do leanúint i bhfeidhm.

6.—Gach rialachán a rinneadh faoi alt 2 (1) d'Acht 1908 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith leanfaidh sé i bhfeidhm agus féadfar aon rialachán den sórt sin agus aon rialachán eile a rinneadh faoi Acht 1908 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith a leasú nó a chúlghairm ionann is dá mba faoi réim nó de bhua an Achta seo a rinneadh an céanna.

[EN]

Aisghairm.

7.—Aisghairtear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1908.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

8.—(1) Féadfar an tAcht um Oifig an Phoist (Leasú), 1969, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969, a ghairm de na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1951, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1908 mar aon Acht amháin.