Uimhir 18 de 1971
AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1971
[An tiontú oifigiúil.]
Airleacain chun an Bhoird chun tuathlimistéir a leictriú.
1.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, airgead a airleacan chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis chun tuathlimistéir a leictriú.
(2) Ní rachaidh an méid iomlán a airleacfar chun an Bhoird faoin alt seo thar dheich milliún punt.
(3) Déanfar an t-airgead a airleacfaidh an tAire Airgeadais chun an Bhoird faoin alt seo a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas cibé tráth nó tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham.
Leasú ar alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954.
1954 Uimh. 17.
2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—
“(1) Ní rachaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun críocha ginearálta, is é sin le rá, chun na críocha ginearálta uile thar ceithre chéad agus caoga milliún punt.”, agus
(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (f) i bhfo-alt (2):
“(g) caiteachas chun tuathlimistéir a leictriú”.
Aisghairm.
3.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceidal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
4.—(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1971, a ghairm den Act seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1970, agus den Acht seo le chéile.
(3) Forléireofar mar aon Acht amháin na hAchtanna agus an tAcht seo.
AN SCEIDEAL
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Mód na haisghairme |
An tAcht Leicteachais (Soláthar), (Leasú), 1955. | Alt 2. | |
An tAcht Leictreachais (Soláthar), (Leasú), 1958. | Alt 2. | |
An tAcht Leictreachais (Soláthar), (Leasú), 1962. | Fo-ailt (1), (2) agus (3) d'Alt 5. |