[EN]

harp.jpg


Uimhir 18 de 2000


[EN]

AN tACHT UM ATHNUACHAN BAILE, 2000

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Tagairt don Acht in alt 372AA(2) d'Acht 1997.

3.

Pleananna athnuachana baile.

4.

Comhchomhairle ag an Aire.

5.

Moltaí i leith limistéar cáilitheach chun críocha faoiseamh cánach athnuachana baile.

6.

Limistéir cháilitheacha le haghaidh faoiseamh cánach athnuachana baile.

7.

Faoisimh áirithe a bheith ag brath ar fhoirgnimh, etc., a bheith i gcomhréir le plean athnuachana baile.

8.

Faireachán ar chur i ngníomh pleananna athnuachana baile.

9.

Caiteachais.

10.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Airgeadais, 1998

1998, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais, 2000

2000, Uimh. 3

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

harp.jpg


Uimhir 18 de 2000


AN tACHT UM ATHNUACHAN BAILE, 2000

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ NUA CHUN BAILTE ÁIRITHE, NÓ LIMISTÉAR NÓ LIMISTÉIR DE CHUID BAILTE ÁIRITHE, A ATHNUACHAN, CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE COMHAIRLÍ CONTAE D'ULLMHÚ PLEANANNA (AR A dTABHARFAR PLEANANNA ATHNUACHANA BAILE) I nDÁIL LEIS NA BAILTE SIN NÓ LEIS AN LIMISTÉAR NÓ LEIS NA LIMISTÉIR SIN AGUS DO CHUR NA bPLEANANNA SIN FAOI BHRÁID AN AIRE COMHSHAOIL AGUS RIALTAIS ÁITIÚIL, DO MHÍNIÚ FHEIDHMEANNA NA gCOMHAIRLÍ CONTAE I nDÁIL LEIS NA PLEANANNA SIN A ULLMHÚ AGUS A CHUR FAOI BHRÁID AN AIRE AGUS DE DHROIM AN CHÉANNA, DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE FEIDHM FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT COMHDHLÚITE CÁNACHA, 1997, A BHAINEANN LE FAOISIMH Ó CHÁIN IONCAIM AGUS Ó CHÁIN CHORPARÁIDE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [4 Iúil, 2000] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997;

[EN]

ciallaíonn “comhairle contae” comhairle contae riaracháin agus is é limistéar feidhme comhairle contae chun críocha an Achta seo an contae riaracháin;

[EN]

ciallaíonn “baile cáilithe” baile seachas baile—

[EN]

(a) arb amhlaidh ina leith go bhfuil aon chuid den bhaile sin—

[EN]

(i) laistigh de limistéar saoire cáilitheach de réir bhrí alt 351 d'Acht 1997,

[EN]

(ii) laistigh de limistéar a thuairiscítear mar limistéar cáilitheach in ordú arna dhéanamh faoi alt 372B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998) d'Acht 1997, nó

[EN]

(iii) laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach de réir bhrí alt 372L (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998) d'Acht 1997,

[EN]

[EN]

(b) laistigh de chontae riaracháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “purláin”, i ndáil le baile, purláin chun críocha an daonáirimh lena mbaineann;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

[EN]

ciallaíonn “Aire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;

[EN]

tá le “limistéar cáilitheach” an bhrí a shanntar dó le halt 372AA(1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 2000) d'Acht 1997;

[EN]

ciallaíonn “baile” baile, ar mhó ná 500 duine ach nár mhó ná 6,000 duine a dhaonra, lena n-áirítear daonra phurláin an bhaile sin, sa daonáireamh is déanaí a bheidh foilsithe sula mbeidh alt 3 le cur chun feidhme maidir leis an mbaile sin;

[EN]

tá le “plean athnuachana baile” an bhrí a shanntar dó le halt 3.

[EN]

(2) San Acht seo—

[EN]

(a) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír, is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(c) forléireofar tagairt d'aon achtachán, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin.

[EN]

Tagairt don Acht in alt 372AA(2) d'Acht 1997.

2.—Is é an tAcht seo an tAcht den Oireachtas dá dtagraítear in alt 372AA(2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 2000) d'Acht 1997, d'ainneoin aon neamhréireachta idir na téarmaí ina dtuairiscítear amhlaidh ann é agus téarmaí an Achta seo mar a achtaítear amhlaidh anois é.

[EN]

Pleananna athnuachana baile.

3.—(1) Féadfaidh comhairle contae, faoi réir fho-ailt (3) agus (4), plean amháin nó níos mó a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire (ar a dtabharfar, nó a dtabharfar ar gach ceann acu, agus dá ngairtear san Acht seo, “plean athnuachana baile”) i leith baile cháilithe, nó limistéir nó limistéar de bhaile cáilithe, atá laistigh de limistéar feidhme na comhairle contae agus, más cuí leis an gcomhairle contae agus faoi réir an fho-ailt sin, i leith limistéir dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

[EN]

(2) Maidir leis an limistéar a bhféadfar plean athnuachana baile a ullmhú ina leith, féadfar cuid nó codanna de limistéir fheidhme comhairle contae amháin eile nó níos mó a áireamh ann má thoilíonn an chomhairle contae nó na comhairlí contae sin leis an gcuid sin nó leis na codanna sin a áireamh.

[EN]

(3) Le linn baile cáilithe nó limistéar nó limistéir de bhaile cáilithe a roghnú d'fhonn plean athnuachana baile a ullmhú, beidh aird ag comhairle contae ar aon chritéir a shonróidh an tAire i scríbhinn mar chritéir ar a mbeidh aird ag comhairle contae le linn roghnú den sórt sin a dhéanamh agus, le linn na critéir sin a shonrú, beidh aird ag an Aire ar an ngá atá leis na nithe seo a leanas, agus air sin amháin—

[EN]

(a) athnuachan fhisiceach agus athfhuinnmhiú bailte a chur chun cinn,

[EN]

(b) bailte a chur chun cinn mar ionaid chultúir, tráchtála, shóisialta agus chónaithe,

[EN]

(c) patrúin forbartha inmharthana a chur chun cinn, agus

[EN]

(d) feabhas a chur ar thaitneamhachtaí, oidhreacht agus timpeallacht bailte.

[EN]

(4) Le linn plean athnuachana baile a ullmhú, beidh aird ag comhairle contae ar aon chritéir a shonróidh an tAire i scríbhinn mar chritéir ar a mbeidh aird ag comhairle contae le linn plean athnuachana baile a ullmhú agus, le linn critéir a shonrú amhlaidh, déanfaidh an tAire ag féachaint do na nithe dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) d'fho-alt (3), critéir le haghaidh na nithe seo a leanas a chur san áireamh—

[EN]

(a) formáid plean athnuachana baile agus na nithe a chuirfear ann,

[EN]

(b) cúinsí deartha,

[EN]

(c) roghnú foirgneamh agus limistéar chun faoiseamh ó cháin ioncaim agus ó cháin chorparáide, faoi Chaibidil 10 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 2000) de Chuid 10 d'Acht 1997, a chur chun feidhme, agus

[EN]

(d) an nós imeachta le haghaidh comhchomhairle ag comhairle contae i leith plean athnuachana baile a ullmhú.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire treoirlínte a thabhairt agus a fhoilsiú ó am go ham a mbeidh aird ag comhairle contae orthu le linn di a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh; beidh na critéir dá dtagraítear i bhfo-ailt (3) agus (4) ar áireamh sna treoirlínte sin.

[EN]

(6) Is é a bheidh i bplean athnuachana baile ráiteas scríofa agus plean ina léireofar na cuspóirí maidir leis na nithe seo a leanas—

[EN]

(a) athnuachan, ar bhonn inmharthana, ar limistéar arb éard é an baile cáilithe iomlán, nó cuid den bhaile cáilithe, lena mbaineann an plean athnuachana baile, agus

[EN]

(b) feabhsuithe ar thimpeallacht fhisiceach an limistéir arb éard é an baile cáilithe iomlán, nó cuid den bhaile cáilithe, lena mbaineann an plean athnuachana baile.

[EN]

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (6), féadfar, i gcás gur cuí sin, cuspóirí maidir leis na nithe seo a leanas a áireamh i bplean athnuachana baile, i ndáil leis an limistéar arb éard é an baile cáilithe iomlán, nó cuid den bhaile cáilithe, lena mbaineann an plean—

[EN]

(a) athnuachan, slánchoimeád, caomhnú, aisiriú, forbairt nó athfhorbairt bhailedhreach, leagan amach agus phatrún foirgníochta an limistéir sin, lena n-áirítear aghaidheanna foirgneamh agus éadanais siopaí,

[EN]

(b) creatlach tógála an limistéir a aisiriú, a athfheistiú, a chomhdhlúthú agus a fheabhsú,

[EN]

(c) an dlús forbartha agus an bhail a chuirfear ar spásanna idir foirgnimh,

[EN]

(d) slánchoimeád agus cosaint na hoidhreachta nádúrtha, ailtireachta agus seandálaíochta,

[EN]

(e) forbairt nó athfhorbairt ar na nithe seo a leanas le haghaidh úsáide cónaithe nó le haghaidh úsáide cuí eile—

[EN]

(i) láithreáin thréigthe nó fholmha, nó

[EN]

(ii) foirgnimh nó codanna d'fhoirgnimh,

[EN]

(f) cur chun cinn patrún forbartha inmharthana, lena n-áirítear an timpeallacht agus taitneamhachtaí a chosaint agus feabhas a chur orthu,

[EN]

(g) bacainní ar fhorbairt a dhíchur, agus

[EN]

(h) úsáid fheabhsaithe a bhaint as an gcumas bonneagair.

[EN]

(8) Le linn plean athnuachana baile a ullmhú, féadfaidh an chomhairle contae dul i gcomhairle le cibé daoine eile ar dealraitheach di gur daoine iad ar cúram dóibh an ní nó a bhfuil leas acu ann agus beidh aird aici ar aon aighneachtaí nó tuairimí a chuirfidh na daoine sin faoina bráid i gcúrsa na comhchomhairle sin.

[EN]

Comhchomhairle ag an Aire.

4.—(1) Féadfaidh an tAire, chun críocha an Achta seo, dul i gcomhairle le cibé daoine ar dealraitheach don Aire gur daoine iad a bhfuil saineolas iomchuí acu i leith athnuachana bailte agus comhairle a iarraidh orthu agus féadfaidh sé nó sí aird a thabhairt ar aon chomhairle a chuirfidh na daoine sin faoina bhráid nó faoina bráid i gcúrsa na comhchomhairle sin.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) féadfaidh an tAire dul i gcomhairle leis na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i leith plean athnuachana baile a chuirfear faoina bhráid nó faoina bráid faoin Acht seo.

[EN]

(3) Ní sholáthróidh aon duine dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) aon chomhairle don Aire den sórt dá dtagraítear sna fo-ailt sin má tá leas ag an duine sin sa ní is ábhar don chomhairle.

[EN]

Moltaí i leith limistéar cáilitheach chun críocha faoiseamh cánach athnuachana baile.

5.—(1) Féadfaidh moltaí ón gcomhairle contae lena mbaineann a bheith i bplean athnuachana baile a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi alt 3 nó a bheith ag gabháil leis an bplean sin, á mholadh—

[EN]

(a) gur chóir cuid nó codanna den limistéar lena mbaineann an plean athnuachana baile a bheith ina limistéar cáilitheach chun críocha alt amháin nó níos amháin de Chaibidil 10 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 2000) de Chuid 10 d'Acht 1997, nó

[EN]

(b) gur chóir an limistéar iomlán lena mbaineann an plean athnuachana baile a bheith ina limistéar cáilitheach chun críocha alt amháin nó níos mó de na hailt seo a leanas de Chaibidil 10 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 2000) de Chuid 10 d'Acht 1997, eadhon, ailt 372AF, 372AG agus 372AH a mhéid a bhaineann sé le hathfheistiú áitribh cháilithigh de réir bhrí an ailt sin.

[EN]

(2) Le linn aon mholadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith á dhéanamh, beidh aird ag an gcomhairle contae lena mbaineann ar na nithe seo a leanas—

[EN]

(a) an chomhsheasmhacht idir na cineálacha forbartha ar dóigh go ndéanfar iad sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann na moltaí (“na cineálacha iomchuí forbartha”) agus cuspóirí iomchuí an phlean athnuachana baile,

[EN]

(b) tábhacht na moltaí i dtaca le cuspóirí foriomlána an phlean athnuachana baile i gcoitinne,

[EN]

(c) dálaí an mhargaidh sa bhaile cáilithe nó sa limistéar nó sna limistéir den bhaile cáilithe lena mbaineann maidir le soláthar na gcineálacha iomchuí forbartha agus leis an éileamh reatha agus oirchilleach orthu, agus

[EN]

(d) cineál agus méid aon chonstaicí ó thaobh na cineálacha iomchuí forbartha a dhéanamh.

[EN]

Limistéir cháilitheacha le haghaidh faoiseamh cánach athnuachana baile.

6.—Féadfaidh an tAire, tar éis breithniú a dhéanamh ar phlean athnuachana baile a bheidh curtha faoina bhráid nó faoina bráid faoi alt 3, ar aon mholtaí dá dtagraítear in alt 5 atá sa phlean athnuachana baile nó a bhí ag gabháil leis agus ar chomhairlí a soláthraíodh faoi alt 4, a mholadh don Aire Airgeadais ordú, faoi mhír (a), (b) nó (c) d'alt 372AB(1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 2000) d'Acht 1997, a dhéanamh maidir leis na nithe lena mbaineann.

[EN]

Faoisimh áirithe a bheith ag brath ar fhoirgnimh, etc., a bheith i gcomhréir le plean athnuachana baile.

7.—(1) Ní fhéadfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim nó ó cháin chorparáide, de réir mar a bheidh, a dheonú faoi Chaibidil 10 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 2000) de Chuid 10 d'Acht 1997, i leith foirgniú, athfheistiú nó athchóiriú foirgnimh, déanmhais nó tí mura mbeidh an chomhairle contae a d'ullmhaigh an plean athnuachana baile lena mbaineann tar éis a dheimhniú i scríbhinn, ar mhodh a shonróidh an tAire, go bhfuil an foirgniú, an t-athfheistiú nó an t-athchóiriú sin i gcomhréir le cuspóirí an phlean athnuachana baile sin, arb é an plean áirithe lena mbaineann é a ndearna an tAire breithniú air le linn dó nó di na moltaí dá dtagraítear in alt 6 a dhéanamh chuig an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) San alt seo, ciallaíonn “plean athnuachana baile lena mbaineann” an plean athnuachana baile ar laistigh de theorainn an limistéir lena mbaineann an plean sin atá an foirgneamh, an déanmhas nó an teach iomchuí suite.

[EN]

Faireachán ar chur i ngníomh pleananna athnuachana baile.

8.—(1) I gcás go ndéanfaidh an tAire Airgeadais ordú faoi alt 372AB(1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 2000) d'Acht 1997, á ordú gur limistéar cáilitheach chun críocha alt amháin nó níos mó de Chaibidil 10 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 2000) de Chuid 10 d'Acht 1997 limistéar nó limistéir de bhaile cáilithe, déanfaidh an chomhairle contae lena mbaineann cibé socruithe is cuí léi sna himthosca ar leith chun faireachán a dhéanamh ar chur i ngníomh an phlean athnuachana baile lena mbaineann agus beidh aird ag an gcomhairle contae, le linn di déanamh amhlaidh, ar cibé treoirlínte a eiseoidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo.

[EN]

(2) Déanfaidh comhairle contae, i ndáil le gach bliain ina gcuirfidh sí faoi deara an faireachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhéanamh, tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire maidir le torthaí an fhaireacháin sin a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana sin.

[EN]

(3) Déanfar sna treoirlínte dá dtagraítear i bhfo-alt (1) critéir a shonrú chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, ag féachaint do na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (d) d'alt 3(3) agus i míreanna (a) go (h) d'alt 3(7).

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “comhairle contae lena mbaineann” an chomhairle contae a d'ullmhaigh an plean athnuachana baile lena mbaineann;

[EN]

ciallaíonn “plean athnuachana baile lena mbaineann” an plean athnuachana baile ar laistigh de theorainn an limistéir lena mbaineann an plean sin atá an limistéar nó na limistéir dá dtagraítear i bhfo-alt (1) suite.

[EN]

Caiteachais.

9.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

10.—(1) Féadfar an tAcht um Athnuachan Baile, 2000, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3)) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

[EN]

(3) Measfar gur tháinig ailt 3, 4, 5 agus 6 i ngníomh an 16 Feabhra, 1999.

[EN]

AN SCEIDEAL

Alt 1(1).

Contae riaracháin Fhine Gall

Contae riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas

Contae riaracháin Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin