Uimhir 19 de 1925.
ACHT IASACHTAÍ TRÁDALÁ (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1925.
An Príomh-Acht.
1.—San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 (Uimh. 41 de 1924).
Leathnú ama d'urraíochtaí, etc., fén bPríomh-Acht.
2.—(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 1 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo ná tabharfar aon urraíocht fén alt san 1 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1926.
(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 2 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo ná deonfar aon iasacht agus ná tabharfar aon urraíocht fén alt san 2 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1926.
Ráiteas agus mioninnste do leaga fé bhráid an Oireachtais.
3.—An oblagáid a cuirtar ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála, le halt 6 den Phríomh-Acht, an ráiteas agus na mioninnste a luaidhtear san alt san do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, bainfe sí le gach ráithe, agus có-líonfar í maidir le gach ráithe, d'aon tréimhse ina bhféadfar urraíochtaí do thabhairt no iasachtaí do dheona fén bPríomh-Acht.
Gearr-theideal agus luadh.
4.—(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1925, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 agus 1925, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.