Uimhir 19 de 1941.
ACHT GÁRDA SÍOCHÁNA (CÚITEAMH), 1941.
[An tionntódh oifigeamhail.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlighidh agus Cirt;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.
Báis agus díobhála le n-a mbaineann an tAcht so.
2.—(1) Baineann an tAcht so—
(a) le bás baill den Ghárda Síochána éagfaidh tar éis dáta an Achta so do rith de dheascaibh díobhála do rinneadh dó go mailíseach (roimh an Acht so do rith no dá éis sin)—
(i) agus é ag cólíonadh a dhualgas mar bhall den tsórt san le linn dó bheith ar diúité, no
(ii) le linn dó bheith ag feidhmiú comhacht no ag gníomhú ar shlí eile ina fheadhmannas ghenerálta phóilín dó agus é o dhiúité no ar saoire no o dhiúité ar shlí eile, no
(iii) le linn dó bheith ar diúité no o dhiúité no ar saoire no tráth ar bith eile de bhíthin éinní do rinne sé (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) mar bhall den Ghárda Síochána no de bhíthin amháin é bheith ina bhall den Ghárda Síochána,
(b) le bás duine do bhí roimhe sin ina bhall den Ghárda Síochána ach a mbeidh scurtha aige, tráth a bháis, de bheith ina bhall amhlaidh (pé aca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thárla an scur san) agus a éagfaidh, tar éis dáta an Achta so do rith, de dheascaibh díobhála do rinneadh dó go mailíseach (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) de bhíthin éinní do rinne sé (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) mar bhall den Ghárda Síochána no de bhíthin amháin gur bhall den Ghárda Síochána é, agus
(c) le díobhála pearsanta (ná fuarthas bás dá ndeascaibh) do rinneadh, tar éis dáta an Achta so do rith, do bhall den Ghárda Síochána—
(i) le linn dó bheith ag cólíonadh a dhualgas mar bhall den tsórt san agus é ar diúité, no
(ii) le linn dó bheith ag feidhmiú comhacht no ag gníomhú ar shlí eile ina fheadhmanas ghenerálta phóilín dó agus é o dhiúité no ar saoire no o dhiúité ar shlí eile, no
(iii) le linn dó bheith ar diúité no o dhiúité no ar saoire no tráth ar bith eile de bhíthin éinní do rinne sé roimhe sin (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) mar bhall den Ghárda Síochána no de bhíthin amháin é bheith ina bhall den Ghárda Síochána, agus
(d) le díobhála pearsanta (ná fuarthas bás dá ndeascaibh) a déanfar go mailíseach, tar éis dáta an Achta so do rith, do dhuine do bhí roimhe sin ina bhall den Ghárda Síochána ach a mbeidh scurtha aige, tráth déanta na ndíobhála san, de bheith ina bhall amhlaidh (pé aca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thárla an scur san) más amhlaidh do rinneadh na díobhála san don duine sin de bhíthin éinní do rinne sé (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) mar bhall den Ghárda Síochána no de bhíthin amháin gur bhall den Ghárda Síochána é.
(2) Baineann an tAcht so freisin—
(a) le bás thárla an 1adh lá d'Eanar, 1940, no dá éis sin, agus roimh no ar dháta an Achta so do rith agus do bheadh, dá mba tar éis dáta an Achta so do rith do thárlódh sé, ina bhás le n-a mbaineann an tAcht so de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, agus
(b) le díobhála pearsanta (ná fuarthas bás dá ndeascaibh) do rinneadh do dhuine an 1adh lá d'Eanar, 1940, no dá éis sin, agus roimh no ar dháta an Achta so do rith agus do bheadh, dá mba tar éis dáta an Achta so do rith a déanfaí iad, ina ndíobhála le n-a mbaineann an tAcht so de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo.
Daoine dá bhféadfar cúiteamh fén Acht so do dheonadh.
3.—(1) Is do sna daoine seo leanas amháin is féidir cúiteamh fén Acht so do dheonadh mar gheall ar bhás dhuine:—
(a) baintreach an duine sin;
(b) clann no leas-chlann an duine sin;
(c) tuismitheoirí an duine sin;
(d) driotháracha, leas-driotháracha, driféaracha agus leasdriféaracha an duine sin;
(e) aithreacha móra agus máithreacha móra an duine sin;
(f) ucht-chlann don duine sin do bhí fé bhun bliain is fiche d'aois le linn a bháis agus do bhí á gcothabháil agus á n-oidiú go hiomlán no go leathrannach ag an duine sin.
(2) Ní féadfar cúiteamh fén Acht so alos díobhála pearsanta ná fuarthas bás dá ndeascaibh do dheonadh ach amháin don duine dá ndearnadh na díobhála san.
Ceart chun cúiteamh fén Acht so d'iarraidh ar an Aire.
4.—(1) Féadfaidh éinne adeir é bheith i dteideal cúitimh fén Acht so mar gheall ar bhás dhuine an cúiteamh san d'iarraidh ar an Aire do réir an Achta so.
(2) Féadfaidh éinne adeir é bheith i dteideal cúitimh fén Acht so alos díobhála pearsanta do rinneadh dhó an cúiteamh san d'iarraidh ar an Aire do réir an Achta so.
Iarratais chun an Aire ar chúiteamh fén Acht so.
5.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarratais chun an Aire ar chúiteamh fén Acht so, sé sin le rá:—
(a) i gcás iarratais alos báis a thárlóidh no díobhála déanfar tar éis dáta an Achta so do rith, déanfar an t-iarratas fé cheann trí mhí tar éis lá an bháis sin no lá déanta na ndíobhála san (do réir mar a bheidh) no fé cheann pé tréimhse, is sia ná san, tar éis an lae sin a cheadóidh an tAire (pé aca roimh an trí mhí sin do bheith caithte no dá éis sin é) in aon chás áirithe;
(b) i gcás iarratais alos báis do thárla no díobhála do rinneadh roimh no ar dháta an Achta so do rith, déanfar an t-iarratas fé cheann trí mhí tar éis dáta an Achta so do rith no fé cheann pé tréimhse, is sia ná san, tar éis an dáta san a cheadóidh an tAire (pé aca roimh an trí mhí sin do bheith caithte no dá éis sin é) in aon chás áirithe;
(c) is sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar an t-iarratas agus luadhfar ann na nithe sin go léir is gá do réir na fuirme orduithe sin do luadh ann;
(d) más mion-aoiseach an t-iarratasóir, isé a thuismitheoir, a chaomhnóir no a neas-chara dhéanfaidh an t-iarratas thar a cheann agus is tuigthe, chun crícheanna na míreanna ina dhiaidh seo den alt so, gurb é an tuismitheoir, an caomhnóir no an neas-chara san an t-iarratasóir;
(e) féadfaidh an tAire, má mheasann san do bheith ceart, a cheangal ar an iarratasóir aon eolas eile iarrfaidh an tAire do thabhairt maidir leis an iarratas;
(f) féadfaidh an tAire, má mheasann san do bheith ceart, a cheangal ar an iarratasóir an t-iarratas d'fhíorú le dearbhú reachtúil ón iarratasóir no o dhuine eile go n-eolas aige féin ar na fíorais iomchuibhe.
Comhachta an Aire maidir le hiarratais ar chúiteamh.
6.—(1) Pé uair a déanfar iarratas go cuibhe chun an Aire ag lorg cúitimh fén Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) más iarratas alos báis duine é, údaróidh an tAire don iarratasóir iarratas do dhéanamh chun na hArd-Chúirte do réir an Achta so ag lorg an chúitimh sin;
(b) más iarratas alos díobhála ná fuarthas bás dá ndeascaibh é, ansan—
(i) i gcás an tAire dá mheas gur mion-díobhála na díobhála san agus gur i gcúrsa dualgas do chólíonadh nár bhain fionntar speisialta leis do fulaingeadh iad, diúltóidh an tAire don iarratas,
(ii) i gcás an tAire dá mheas gur mion-díobhála na díobhála san ach gur i gcúrsa dualgas do chólíonadh le n-ar bhain fionntar speisialta do fulaingeadh iad agus fós gur leor suim nach mó ná céad punt mar chúiteamh ionta, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suim, nach mó ná céad punt, is dóich leis is ceart d'íoc leis an iarratasóir,
(iii) in aon chás eile, údaróidh an tAire don iarratasóir iarratas do dhéanamh chun na hArd-Chúirte do réir an Achta so ag lorg an chúitimh sin.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire cúiteamh alos díobhála pearsanta ná fuarthas bás dá ndeascaibh do dheonadh fén alt so maran deimhin leis go mbaineann an tAcht so leis na díobhála san agus gurb é neach iarrtha an chúitimh sin an duine dá ndearnadh na díobhála san.
(3) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an tAire fén alt so ar iarratas ar chúiteamh a déanfar chuige fén Acht so.
Iarratais chun na hArd-Chúirte ar chúiteamh fén Acht so.
7.—(1) Einne dhéanfaidh cúiteamh fén Acht so d'iarraidh ar an Aire fén Acht so agus dá n-údaróidh an tAire an cúiteamh san d'iarraidh ar an Ard-Chúirt, féadfaidh iarratas do dhéanamh chun na hArd-Chúirte do réir an údaráis sin agus an ailt seo.
(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach iarratas a déanfar fén alt so chun na hArd-Chúirte ag lorg cúitimh fén Acht so, sé sin le rá:—
(a) déanfar an t-iarratas fé cheann dhá mhí ón dáta ar a gcuirfear in úil don iarratasóir an t-údarás san do bheith aige ón Aire;
(b) is amhlaidh a déanfar an t-iarratas tré ghairm achmair no i naon tslí achmair eile bheidh orduithe le rialacha cúirte agus bunófar é ar dhearbhóid ina luadhfar na fíorais ar a mbeifear ag seasamh chun neartú leis an iarratas, agus isé an t-iarratasóir no duine de sna hiarratasóirí dhéanfaidh é no, más mion-aoiseach an t-iarratasóir, a thuismitheoir no a chaomhnóir no a neas-chara;
(c) ach amháin sa mhéid go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is viva voce bhéarfar an fhianaise go léir, seachas an dearbhóid sin, nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht:
(d) ní déanfar an duine dhéanfaidh an dearbhóid sin do chosc, toisc an dearbhóid sin do dhéanamh, ar fhianaise do thabhairt viva voce nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht;
(e) isé an tAire Airgeadais a hainmneofar mar chosantóir;
(f) is breitheamh den Ard-Chúirt éistfidh an t-iarratas agus a bhéarfaidh breith air agus ní bheidh dul thar a bhreithsean ná athchomharc ina coinnibh, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht seo;
(g) déanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte socrú o am go ham chun a áirithiú gurb é an t-aon bhreitheamh amháin, sa mhéid gur féidir é, a éistfidh gach iarratas fén alt so;
(h) pé aca eireoidh leis an iarratas no ná heireoidh íocfaidh an tAire Airgeadais (sa mhéid ná déanfaidh an breitheamh éistfidh an t-iarratas a mhalairt d'ordú, ar chúis) costais an iarratasóra nuair a bheid meas-iniúchta agus déanta amach, agus íocfaidh an tAire sin a chostais féin (sa mhéid adubhradh) agus forálfar dá réir sin leis an ordú a dhéanfaidh an breitheamh ar éisteacht an iarratais dó.
Comhachta na hArd-Chúirte maidir le hiarratais a déanfar chúichi.
8.—(1) Más deimhin leis an mbreitheamh a bheidh ag éisteacht iarratais chun na hArd-Chúirte ar chúiteamh fén Acht so alos báis duine—
(a) go mbaineann an tAcht so leis an mbás san, agus
(b) gur duine an t-iarratasóir dar féidir cúiteamh fén Acht so do dheonadh alos an bháis sin, agus
(c) go raibh an t-iarratasóir i gcleithiúnas an duine mhairbh ar fad no go leathrannach, agus
(d) gur fhulaing an t-iarratasóir caillteanas de dheascaibh an báis sin, agus
(e) go bhfuil údaruithe go cuibhe ag an Aire don iarratasóir an t-iarratas do dhéanamh,
deonfaidh an breitheamh don iarratasóir cúiteamh fén Acht so alos an bháis sin agus ceapfaidh méid an chúitimh sin do réir an Achta so agus ordóidh go ndéanfaidh an tAire Airgeadais an cúiteamh a deonfar agus a ceapfar amhlaidh d'íoc leis an iarratasóir.
(2) Más deimhin leis an mbreitheamh a bheidh ag éisteacht iarratais chun na hArd-Chúirte ar chúiteamh fén Acht so alos díobhála pearsanta ná fuarthas bás dá ndeascaibh—
(a) go mbaineann an tAcht so leis na díobhála san, agus
(b) gurb é an t-iarratasóir an duine dá ndearnadh na díobhála san, agus
(c) go bhfuil údaruithe go cuibhe ag an Aire don iarratasóir an t-iarratas do dhéanamh,
deonfaidh an breitheamh don iarratasóir cúiteamh fén Acht so alos na ndíobhála san agus ceapfaidh méid an chúitimh sin do réir an Achta so agus ordóidh go ndéanfaidh an tAire Airgeadais méid an chúitimh a deonfar agus a ceapfar amhlaidh d'íoc leis an iarratasóir.
Comhacht chun cás do ríomh chun na Cúirte Uachtaraighe.
9.—An breitheamh a bheidh ag éisteacht iarratais chun na hArd-Chúirte ar chúiteamh fén Acht so, féadfaidh, má mheasann san do bheith ceart, as a chomhairle féin no ar iarratas an iarratasóra no an Aire Airgeadais, cás do ríomh chun tuairim na Cúirte Uachtaraighe d'fháil ar aon cheist dlí eireoidh le linn an iarratais sin do bheith á éisteacht.
Forálacha generálta maidir le cúiteamh fén Acht so.
10.—(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach deonadh cúitimh fén Acht seo dhéanfaidh breitheamh den Ard-Chúirt alos báis, sé sin le rá:—
(a) nuair a bheidh méid an chúitimh á cheapadh ag an mbreitheamh—
(i) féachfaidh d'aon chostais sochraide fé n-a ndeachaidh an t-iarratasóir i dtaobh an duine mhairbh d'adhlacadh, agus d'aon chostais liaghachta no máinliaghachta fé n-a ndeachaidh an t-iarratasóir mar gheall ar na díobhála do rinneadh don duine sin agus ba thrúig bháis dó, agus
(ii) cuirfidh san áireamh na sochair airgeadais a saoilfí do réir réasúin a gheobhadh an t-iarratasóir sa todhachaidhe ón duine marbh dá mba ná héagfadh an duine sin an tráth d'éag, agus
(iii) má deonadh don duine mharbh, roimh a bhás, cúiteamh fén Acht so alos na ndíobhála ba thrúig bháis dó ina dhiaidh sin, cuirfidh san san áireamh agus cuirfidh méid an chúitimh (má b'ann dó) san áireamh freisin;
(b) má bhíonn níos mó ná aon iarratasóir amháin ann maidir leis an aon bhás amháin agus go ndeonfaidh an breitheamh cúiteamh do bheirt no níos mó de sna hiarratasóirí no dhóibh go léir, déonfa sé cúiteamh ar leithligh do gach duine fé leith de sna hiarratasóirí sin, pé aca iarratais ar leithligh no có-iarratas do rinneadar;
(c) má dheonann breitheamh den Ard-Chúirt cúiteamh d'iarratasóir is mion-aoiseach, déanfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, a ordú an cúiteamh san d'íoc le tuismitheoir, caomhnóir, no duine éigin eile chun sochair an iarratasóra san no a ordú an cúiteamh san d'íoc isteach sa Chúirt agus do chur chun tairbhe an iarratasóra san sa tslí ordóidh an Ard-Chúirt o am go ham;
(d) ar bhliain is fiche do shlánú do mhion-aoiseach dar deonadh cúiteamh fén Acht so alos báis duine tiocfaidh an méid sin den chúiteamh san a bheidh gan úsáid chun tairbhe dhó chun bheith dá chuid féin amháin aige;
(e) i gcás mion-aoiseach dar deonadh cúiteamh fén Acht so alos báis duine d'fháil bháis sar a mbeidh bliain is fiche slán aige, déanfar an méid sin den chúiteamh san a bheidh gan úsáid chun tairbhe dhó d'aisíoc, tar éis costais réasúnta sochraide an mhion-aoisigh sin do bhaint as, leis an Aire Airgeadais chun tairbhe an Stát-Chiste.
(2) Nuair a beifear ag ceapadh méid an chúitimh fén Acht so alos díobhála pearsanta ná fuarthas bás dá ndeascaibh, déanfaidh an tAire no an breitheamh, do réir mar a bheidh,—
(a) áird do thabhairt ar aon chostais liaghachta no máinliaghachta bhí no is dócha bheidh ar an iarratasóir alos no de dheascaibh na ndíobhála, agus
(b) áird do thabhairt ar an dochar a measfar do réir réasúin a dhéanfaidh na díobhála do chumas tuillimh thodhachaidhe an iarratasóra i gcoitinne agus, go sonnrách (mara gcoiscidh na díobhála an t-iarratasóir ar leanúint de bheith ina bhall den Ghárda Síochána), dá réimchúrsa todhachaidhe sa bhfórsa san, agus
(c) féachaint don phéin agus don phionós do chuir na díobhála ar an iarratasóir agus fós, i gcás ceart, d'aon ghalar no claonadh chun galair do tháinig de sna díobhála.
(3) I ngach cás ina ndeonfaidh an tAire no breitheamh den Ard-Chúirt cúiteamh fén Acht so is cnap-shuim a bheidh sa chúiteamh agus nuair a bheidh a mhéid á cheapadh ag an Aire no ag an mbreitheamh (do réir mar a bheidh)—
(a) cuirfidh san áireamh teideal do bheith (má bhíonn) ag an iarratasóir (fé sna reachta agus na horduithe agus rialacháin reachtúla bhaineann le pinsin do bhaill den Ghárda Síochána agus dá gcleithiúnaithe) chun pinsin no liúntais no aisce as cistí puiblí alos an bháis no na ndíobhála is abhar don iarratas, ach ní fhéachfaidh ar mhéid an phinsin no an liúntais no na haisce sin (más ann dó) mar thomhas no mar chaighdeán a mbeidh méid an chúitimh le ceapadh dá réir, agus
(b) má rinne an t-iarratasóir, roimh dháta an Achta so do rith, iarratas chun na Cúirte Cuarda fé alt 106 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836, maidir leis an mbás no na díobhála is abhar don iarratas fén Acht so, cuirfidh san áireamh na costais agus na caitheachais fé n-a ndeachaidh an t-iarratasóir, roimh dháta an Achta so do rith, alos no i dtaobh an iarratais sin chun na Cúirte Cuarda agus alos no i dtaobh aon athchomhairc chun na hArd-Chúirte i gcoinnibh an Orduithe (más aon cheann é) do rinne an Chúirt Chuarda ar éisteacht an iarratais sin.
Alt 106 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836, do leasú.
11.—(1) I ngach áit ina bhfuil an abairt “peace officer” in alt 106 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836, léireofar í mar abairt ná cialluíonn agus ná foluíonn ball den Ghárda Síochána, agus beidh srian dá réir sin le hoibriú an ailt sin.
(2) Gach iarratas fé alt 106 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836, maidir le dúnmharbhadh no martrú baill den Ghárda Síochána, atá ar feitheamh sa Chúirt Chuarda ar dháta an Achta so do rith agus fós gach athchomharc i gcoinnibh orduithe ón gCúirt Chuarda ar éisteacht aon iarratais den tsórt san fén alt san 106 atá ar feitheamh ar an dáta san, tuitfidh ar lár ar an Acht so do rith agus ní féadfar dul ar aghaidh leis a thuilleadh.
(3) Gach ordú do rinne an Chúirt Chuarda roimh dháta an Achta so do rith ar éisteacht iarratais fé alt 106 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836, agus le n-ar horduíodh do bhárdas chontae bhuirge no do chomhairle chontae no bhailecheanntair aon airgead d'íoc le duine ar bith mar gheall ar dhúnmharbhadh no martrú baill den Ghárda Síochána an 1adh lá d'Eanar, 1940, no dá éis sin, tiocfaidh, ar an Acht so do rith, chun a bheith agus beidh gan brí ar bith agus ní féadfar é fheidhmiú ná é fhoirfheidhmiú ar shlí eile maidir le híoc an airgid sin ná maidir le híoc aon chostas no caiteachas a mbeidh orduithe leis don bhárdas no don chomhairle sin iad díoc leis an duine sin.
Gan cúiteamh fén Acht so d'áireamh le linn pinsin, etc., d'uirmheas.
12.—Nuair a bheidh uirmheas á dhéanamh ar mhéid aon phinsin, liúntais, no aisce is iníoctha fé ordú ar n-a dhéanamh fé alt 13 d'Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925), no fé ordú no achtachán eile ar n-a bhuanú leis an alt san, le ball den Ghárda Síochána mar gheall ar dhíobháil, le n-a mbaineann an tAcht so, do rinneadh dó roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin no is iníoctha le baintrigh no duine clainne no cleithiúnaidhe baill den Ghárda Síochána mar gheall ar bhás an bhaill sin (más bás é le n-a mbaineann an tAcht so) roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin, ní dleathach agus, i gcás aon uirmheasa den tsórt san do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith, is tuigthe nár dhleathach riamh an cúiteamh (más ann dó) do deonadh no a deonfar fén Acht so don bhall san mar gheall ar an díobháil sin, no don bhaintrigh, don duine clainne no don chleithiúnaidhe sin mar gheall ar an mbás san (do réir mar a bheidh) do chur san áireamh ná féachaint dó.
Comhacht chun an Achta so do chur i mbaint le fórsaí eile póilíneachta.
13.—(1) Féadfaidh an tAire, pé uair a mheasfaidh san do bheith ceart, a dhearbhú le hordú, go mbainfidh an tAcht so le haon fhórsa póilíneachta áirithe luadhfar san ordú san, pé aca fórsa póilíneachta ar n-a bhunú roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin an fórsa póilíneachta san agus pé aca buan-fhórsa no fórsa sealadach é.
(2) Pé uair a mheasfaidh san do bheith ceart, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, no fén bhfo-alt so, do cheiliúradh no do leasú.
(3) Pé uair agus faid a bheidh ordú ar n-a dhéanamh fén gcéad fho-alt den alt so i bhfeidhm bainfidh an tAcht so (fé réir aon leasuithe bheidh déanta ar an ordú san fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so) leis an bhfórsa póilíneachta bheidh luaidhte chuige sin san ordú san chó maith leis an nGárda Síochána agus chuige sin, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm agus fé réir mar adubhradh, déanfar an abairt “Gárda Síochána”, i ngach áit ina bhfuil sí san Acht so (lasmuich den alt so), do léiriú mar abairt a fholuíonn an fórsa póilíneachta san a bheidh luaidhte amhlaidh agus beidh éifeacht ag an Acht so dá réir sin.
(4) San alt so ní fholuíonn an abairt “fórsa póilíneachta” fórsa ná tugann a bhaill de ghnáth ach cuid dá n-aimsir ag fónamh sa bhfórsa san, pé aca féadfar no ná féadfar a cheangal ortha a n-aimsir iomlán do thabhairt ag fónamh amhlaidh i gcásanna áirithe.
Cúiteamh agus costais eile d'íoc.
14.—Íocfar , as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, na suimeanna agus na costais seo leanas, sé sin le rá:—
(a) an cúiteamh uile dheonfaidh an tAire ar iarratas a déanfar chuige ag lorg cúitimh fén Acht so;
(b) gach suim is iníoctha (i leith cúitimh no costas) ag an Aire Airgeadais le héinne de bhun orduithe dhéanfaidh. breitheamh den Ard-Chúirt ar iarratas ar chúiteamh fén Acht so;
(c) costais (seachas íoc cúitimh) fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é;
(d) costais (seachas suimeanna is iníoctha i leith cúitimh no costas mar adubhradh) fé n-a raghaidh an tAire Airgeadais chun an Achta so do riaradh.
Rialacháin.
15.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.
Gearr-theideal.
16.—Féadfar an tAcht Gárda Síochána (Cúiteamh), 1941, do ghairm den Acht so.