Uimhir 19 de 1971
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA (EUROCONTROL), 1971
[An tiontú oifigiúil]
[21 Iúil, 1971.]
Muirir i leith seirbhisí aerloingseoireachta.
1.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 12 den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 (Uimh. 15 de 1963):
“12. (1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a cheangal go n-íocfar leis an Eagraíocht nó leis an Aire muirir, agus cibé méid iontu, agus i cibé airgid reatha a fhorordófar leis na rialacháin, i leith seirbhísí aerloingseoireachta a bheidh, de bhun comhshocraíochtaí idirnáisiúnta nó eile, arna soláthar ag an Eagraíocht nó ag an Aire d'aerárthaí; agus féadfaidh socrú a bheith i rialacháin faoin alt seo le haghaidh muirir is iníoctha de bhua na rialachán a bheith iníoctha amhlaidh in áit seachas sa Stát agus a bheith inghnóthaithe sa Stát cibé áit inarb iníoctha iad (gan dochar dá a ngnóthú in áit eile) agus féadfaidh cibé socruithe teagmhasacha, forlíontachta a bheith iontu is iomchuí leis an Aire chun críocha na rialachán.
(2) Féadfar an dliteanas i leith muirir is iníoctha de bhua rialacháin faoin alt seo a fhorchur ar oibritheoirí nó ar úinéirí aerárthach dá mbeidh na saoráidí sin ar fáil (cibé acu a úsáideadh iad iarbhír nó a d'fhéadfaí iad a úsáid leis an trealamh a bheidh feistithe san aerárthach) nó ar na hoibritheoirí agus ar na húinéirí sin nó go páirteach ar na hoibritheoirí agus na húinéirí sin nó ar bhainisteoirí aerodróm a úsáidtear ag aerárthaí den sórt sin nó go páirteach ar na hoibritheoirí nó ar na húinéirí sin nó ar na hoibritheoirí agus ar na húinéirí sin agus go páirteach ar na bainisteoirí sin.
(3) Na muirir a fhorordófar le haon rialacháin mar a dúradh—
(a) i gcás muirir is iníoctha leis an Eagraíocht, is muirir iad de réir cibé rátaí a chinnfidh an tAire de bhun taraifí a ceadaíodh faoi aon chomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát, agus
(b) i gcás muirir is iníoctha leis an Aire, is muirir iad de réir cibé rátaí a chinnfidh an tAire,
agus féadfaidh na rialacháin muirir éagsúla a fhorordú i leith aerárthaí d'aicmí nó de thuairiscí éagsúla nó i leith aerárthaí a úsáidtear in imthoscaí éagsúla, foráil a bheith iontu le go n-íocfar, i dteannta aon mhuirir nó ar leithligh, ús ar na muirir in aghaidh aon tréimhse a raibh na muirir dlite ach nár íocadh iad, agus na muirir a ligean thar ceal i cibé cásanna a fhorordófar leis na rialacháin nó a chinnfear fúthu.
(4) Le measúnú agus bailiú muirir is iníoctha de bhua rialacháin faoin alt seo a éascú, féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin lena cheangal ar oibritheoirí aerárthach nó ar bhainisteoirí aerodróm—
(a) na taifid sin a dhéanamh ar ghluaiseachtaí aerárthach, agus ar na sonraí eile sin a bhaineann le haerárthaí, a fhorordófar leis na rialacháin, agus na taifid sin a bhuanchoimeád ar feadh cibé tréimhse a fhorordófar amhlaidh;
(b) aon taifid a cheanglóidh na rialacháin sin ar na hoibritheoirí nó ar na bainisteoirí sin a bhuanchoimeád a thabhairt ar aird lena n-inúchadh cibé tráthanna agus ag cibé oifigigh don Eagraíocht nó don Aire a fhorordófar amhlaidh,
(c) cibé sonraí d'aon taifid den sórt sin a fhorordófar amhlaidh a thabhairt don Eagraíocht nó don Aire.
(5) (a) In aon imeachtaí lena mbaineann an fo-alt seo, aon taifead a dhéanfaidh aon duine den sin a ainmneofar chun críocha an fho-ailt seo, nó a dhéanfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú faoi rialú an duine sin, is taifead a airbheartaíonn go dtaispeáineann sé—
(i) ionad aon aerárthaigh aon tráth ábhartha, nó
(ii) téarmaí nó brí aon teachtaireachta nó comhartha chun aon aerárthaigh, ina haonar nó chuici féin agus chun aerárthaí eile, a fuair an duine céadluaite, nó a fuair duine a bhí ag gníomhú faoi rialú an duine sin, ó aon aerárthach,
beidh sé, má thugtar ar aird é as coinneáil an duine sin, ina fhianaise ar na hábhair a léireofar ón taifead.
(b) Baineann an fo-alt seo le himeachtaí chun aon mhuirir a ghnóthú is iníoctha de bhua rialacháin faoin alt seo nó de dhroim ciona faoin Acht seo is sárú ar rialacháin a rinneadh de bhua fho-alt (4) den alt seo nó de dhroim ciona faoin Acht seo is sárú ar rialacháin a rinneadh de bhua fho-alt (4) den alt seo agus déanfar na daoine a ainmneofar chun críocha mhír (a) den fho-alt seo a ainmniú, maidir leis na himeachtaí sin, le rialacháin faoin alt seo.
(c) Na tagairtí atá i mír (a) den fho-alt seo do thaifead a rinne aon duine nó a rinneadh faoina rialú folóidh siad tagairtí do dhoiciméad nó d'airteagal a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead a rinneadh amhlaidh, agus a bheidh deimhnithe ag an duine sin nó thar a cheann gur fíorchóip í; agus maidir le cóip den sórt sin beidh éifeacht ag an mír sin ionann is dá bhfágfaí ar lár na focail ‘má thugtar ar aird é as coinneáil an duine sin’.
(6) Aon duine a sharóidh rialachán a rinneadh de bhua fho-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh teárma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil agus an phríosúnacht a chur air.
(7) Aon duine a choiscfidh nó bhacfaidh oifigeach don Eagraíocht nó don Aire nuair a bheidh sé ag feidhmiú cumhachta a thugtar le rialachán a rinneadh de bhua fho-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.
(8) Feádfar dliteanas i leith aon mhuirir is iníoctha de bhua rialacháin faoin alt seo agus na ceanglais a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a fhorchur cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-aerárthach cláraithe sa Stát, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sí os cionn an Stáit nó ann an t-am a bheidh na seirbhísí lena mbainfidh na muirir á soláthar agus cibé acu ar ó áit sa Stát nó nach ó áit sa Stát a bheidh na seirbhísí sin á soláthar.
(9) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le muirir is iníoctha leis an Aire faoi rialacháin faoin alt seo:
(i) is in airgead a bhaileofar iad agus glacfar iad i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Státchiste iad nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad de réir orduithe an Aire Airgeadais,
(ii) ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir leo.
(10) San alt seo—
folaíonn ‘seirbhísí aerloingseoireachta’ eolas, treoracha agus saoráidí a thugtar, a eisítear nó sholáthraítear chun críocha nó le haghaidh loingseoireacht nó gluaiseacht aerárthach;
ciallaíonn ‘oibritheoir’, maidir le haerárthach, an duine ag a bhfuil de thuras na huaire bainistíocht an aerárthaigh sin;
folaíonn ‘taifead’, i dteannta taifead i scríbhinn—
(a) aon diosca, téip, fuaimrian nó feiste eile ina bhfuil fuaimeanna nó comharthaí deilfe ionas gur féidir (le cúnamh nó gan cúnamh gléis éigin eile) iad a atáirgeadh as,
(b) aon scannán, téip nó feiste eile ina bhfuil íomhánna radhairc deilfe ionas gur féidir (le cúnamh nó gan cúnamh gléis éigin eile) iad a atáirgeadh as, agus
(c) aon ghrianghraf.
agus folaíonn aon tagairt do chóip de thaifead, i gcás taifead lena mbaineann mír (a), agus mír (a) amháin, den mhíniú seo, athleagan ar na fuaimeanna nó ar na comharthaí atá deilfe ann, i gcás lena mbaineann mír (b), agus mír (b) amháin den mhíniú seo, atáirgeadh neabheo ar íomhánna atá deilfe ann, agus i gcás taifead lena mbaineann an dá mhír sin, athleagan den sórt sin mar aon le atáirgeadh neabheo den sórt sin.”
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1971, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 agus 1971, a ghairm den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963, agus den Acht seo le chéile.